Silíní  Searbha

Silíní Searbha

Silíní Searbha

Peadar Bairéad

(“It’s not whether you win or lose, it’s how you play the game”)

Scores count too!

Caithfidh mé a admháil dhuit anois gur chuir mé fhéin suim inár gcluichí náisiúnta ó thús, nó is cuimhin liom bheith ag éisteacht le tráchtaireachtaí ar na cluichí céanna sin breis is seachtó bliain ó shoin, taobh amuigh de shiopa an Bhreathnaigh, ar Chnoc na Droime, in Iorras. Ach is féidir liom a rá, nach cuimhin liom cluiche ar bith de na cluichí sin uilig a bheith chomh corraitheach, greamaitheach, spéisiúil, le cluichí na bliana reatha seo, 2014, agus ní beag ná suarach an focal é sin. Ba mhaith liom bhur n-aire a dhíriú i dtosach, ar na cluichí Leathcheannais sa Pheil, Mhaigh Eo v Ciarraí, agus Áth Cliath v Dún na nGall. Ní go minic a d’fheicfeá cluichí a imríodh chomh dian, calma, fearúil, leis na cluichí sin, agus bíodh gur fágadh mám maith daoine díomách, croíbhriste, ina ndiaidh, ag an am gcéanna, fágadh mám maith eile gliondrach, éadromchroíoch.

Níl fúm tagairt a dhéanamh, san alt seo, do na cluichí iománaíochta a imríodh i mbliana, nó scríobh mé píosa anseo, cupla seachtain ó shoin faoin eipic iománaíochta úd, a imríodh idir Chill Chainnigh agus Luimneach, sa Chluiche Leathcheannais i gCraobh na hÉireann, agus d’dhéadfadh sé tarlú go scríobhfainn píosa eile, ar ball, faoi’n gcluiche atá le himirt fós, má fheictear dom, go bhfuil gá lena leithéid, ach idir an dá linn, ba mhaith liom labhairt go macánta faoin chaoi a dtéann na cluichí uilig seo i bhfeidhm orm fhéin.

Ar Chipíní!

Sul chaitear an sliotar, nó an chaid, isteach, le tús a chur leis an lascadh, is leis an leadradh, bím fhéin suite go deas socair os comhair an teilifíseáin agus mé ag fanacht go foighdeach le tús an chluiche. Ní gá a rá, go mbím ag súil go mbeidh an bua ag ceann áirithe de na foirne a bheidh páirteach sa choimeascar, ach chomh luath is a chuireann an moltóir tús leis an ngleáradh, tagann athrú mór ar mo dhearcadh ar an gcluiche céanna sin, nó in ionad bheith im iománaí neodrach ar an gclaí, ag baint taitnimh as scil agus clisteacht na himeartha, éiríonn mé leataobhach ar fad ar thaobh na foirne úd a roghnaigh mé. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, bíonn chuile shórt ag iarraidh mí-ádh agus díomua a tharraingt anuas ar m’fhoireann-sa! Fiú, ní éalaíonn an moltóir bocht fhéin saor ó cháineadh ach oiread. Tá sé an-deacair sásamh ceart a bhaint as cluiche agus mé i ngreim na mímhacántachta sin. Breathnaigh orm, agus mé suite ansin im chathaoir, mé ar chipíní, agus gan fonn ar bith orm Cothrom na Féinne a thabhairt d’éinne, taobh amuigh dem’ fhoireann tofa fhéin. Anois, tar éis tamaill, nuair a fheictear dom, nach bhfuilim ag baint taitnimh nó toit’ as an gcluiche, éiríonn liom, greim scóige a bhrieth orm fhéin, agus éiríonn liom ansin, iachall a chur orm fhéin breathnú ar chúrsaí go fuarciseach. Uaireannta ní tharlaíonn sin go dtí go mbíonn an cluiche thart, agus ansin, bíonn ar mo chumas scannán na cuimhne a ath-thochrais, agus ansin, agus teannas an chluiche scaoilte, bíonn ar mo chumas lán-taitneamh a bhaint as scileanna agus as cumas iontach na n-imreoirí. Ansin bainim taitneamh agus sásamh as an gcluiche corraitheach, taitneamhach, sin.

Bua nó Díomua?

Bhain mé taitneamh faoi leith as an gCluiche Leathcheannais sa Pheil idir Maigh Eo agus Ciarraí, i mbliana, ach nuair a bhí an cluiche faoi lántseoil, b’fhacthas dom go raibh leathchuma á dhéanamh ag an moltóir ar bhuachaillí Mhaigh Eo, agus go raibh feall i ndiaidh feille á dhéanamh orthu ag buachaillí na Ríochta, ach ansin, agus an cluiche thart, bhí ar mo chumas comhghairdeas a dhéanamh le foireann Chiarraí tar eis a mbua sa Chluiche Leathchainnais sin.

Le críoch a chur le hiarracht na seachtaine seo, ba mhaith liom a rá, go bhfuil an t-ádh dearg orainne sa tír seo go bhfuil Peileadóirí agus Iománaithe den scoth againn, lenár gcroí a thógáil, deireadh seachtaine i ndiaidh dheireadh seachtaine. Nár laga an Rí fhéin iad, agus gura seacht fearr a bheas siad uilig bliain ó inniu.

.

Silíní  Searbha

Sport How Are yeh 2006

I mBéal an Phobail

.

(Athfhoilsiú ar phíosa a scríobh mé anseo, píosa maith ó shoin, le léiriú, gur beag athrú a tháinig ar thuiscint daoine ar “Fair Play” san idirlinn…..B’fhéidir freisin, nárbh olc an smaoineamh é, súil a chaitheamh ar iompar na n-imreoirí gairmiúla, agus a dtuiscint siúd ar na rialacha, a chuireann Cothrom na Féinne in áirithe dá gcéilí imeartha)

Peadar Bairéad

.

Sport! “How Are yeh ?”

Istigh sa chistin a bhí mé nuair ba bheag nár tógadh den chathaoir mé le raic amuigh ag an doras tosaigh. Sea! ár seanchara, Séimí an Droichid, ‘sé a bhí ann. Thuig mé láithreach go raibh scéal mór eicínt ag dó na geirbe ag Séimí bocht s’againne.

“Do chéad fáilte isteach, a Shéimí.” arsa mé fhéin, “Tar isteach agus suigh síos ansin, go bhfaighe mé braoinín uisce as an gcuinneog dhuit.”

“Nár laga an Rí fhéin thú, tógfaidh mé oiread na fríde den uisce céanna sin.” Thóg Séimí na mire an ghloine, a raibh taoscán maith den stuif chrua inti agus lig le fána é.

That game again!

“Aon scéal nua agat?” arsa mé fhéin

Nach bhfuil a fhios ag an saol Fodlach nach bhfuil ach scéal amháin i mbéal gach éinne, an lá beannaithe seo.”

“Agus cé’n scéal é fhéin?” arsa mise.

“An é nach raibh tú ag breathnú ar an dara cluiche peile sa tSraith Idirnáisiúnta idir na hAstrálaigh agus na hÉireannaigh?”

Ar an drochuair, tharla go raibh.

“Agus an é nár thaitin an cluiche céanna sin leat, a Shéimí?”

“Conas a thaitneodh a leithéid de scliúchas le fear spóirt ar bith?”

“Ach a Shéimí, ní raibh ann ach piosa spóirt, níor maraíodh éinne, agus bhí roinnt mhaith peile, den scoth, le feiceáil sa chluiche céanna sin.”

“Píosa spóirt! an ea? Nach bhfuil a fhios ag an saol go dtógann spórt an croí, agus go dtugann sé seal faoisimh agus caitheamh aimsire don lucht féachana, ach, chomh fada is a bhaineann sé liomsa, tá teorainn chaol, chinnte, idir spórt agus troid nó cogaíocht, agus dár liomsa, chuaigh na hAstrálaigh de rúid, thar an teorainn chéanna sin, sa chaoi nach raibh sa seó ar fad ach ainm cluiche, a thug deis dóibhsean srian a ligean lena meon bagrach, trodach. Sea, b’fhéidir nár maraíodh éinne, ach nach raibh an baol ann i gcónaí go dtarlódh a leithéid?”

You didn’t like it then?

“ Agus an bhfuil tú ag rá liom nár thaitin an cluiche sin in aon chor leat?”

Tá! Chomh fada is a bhain sé liomsa, is amhlaidh a chuir an cluiche céanna sin déistean, fearg, agus náire orm.”

“Ach, a Shéimí, nach raibh scileanna iontacha peile ag na hAstrálaigh chéanna sin?”

“D’aontóinn leat sa mhéid sin, agus de bharr na scile céanna sin, ní raibh gá ar bith leis an bhfearg, nó leis an dímheas a léirigh siad dá gcéilí imeartha.”

“Fan ort nóiméad amháin ansin, a Shéimí, ach nach bhfeicfeá an cineál céanna ionsaithe á ndéanamh ar imreoirí i bpáirceanna imeartha, anseo i dtír bhán na hÉireann freisin?”

I said it all before!

Bhuel, sin agat cuid den phíosa a scríobh mé anseo, tamall ó shoin anois, tar éis do na hAstrálaigh imreoirí na hÉireann a leadradh is a leonadh, ar mhaithe le bua a fháil orthu.Tá súil agam áfach, go mbainfear leas as an mí-iompar sin anois, le srian a chur feasta, leis an mbullaíocht, agus leis an imeaglú, atá tar éis sleamhnú isteach inár gcluichí Gaelacha fhéin le scathamh, faoi mar ba iompar inghlactha i gcúrsaí spóirt é. Níor chóir dúinn deis buaite, nó buailte, a thabhairt riamh don bhullaí, nó is duine é nach dtuigeann céard is spórt ann. Tá súil agam freisin, go mbeifear sásta, agus ábalta, srian a choinneáil ar bhullaíocht agus ar imeaglú i Sraith Chluichí Idirnáisiúnta na bliana seo, a imreofar anseo in Éirinn, in eireaball na bliana seo, agus tá súil agam, go mbainfear taitneamh, agus sásamh, as bheith á n-imirt agus as bheith ag breathnú orthu, freisin.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Silíní  Searbha

T a l b o t v T a l b o t

T a l b o t v T a l b o t ( 1 8 5 6 .)

.

********************************

.

My Dream of You………………………………………………………………………2001.

le

Nuala O’Faolain……………………………………………………………….£12.99 (€16.49)

.

*****************************************

.

Ní gá dhom a rá, gur bhain Nuala Ó Faoláin clú agus cáil amach di fhéin lena dírbheathaisnéis, “Are You Somebody?” nó tá a fhios sin ag madraí an bhaile fhéin, faoin am seo. D’fhan an leabhar céanna sin ar bharr liosta na leabhar mór-ráchairte, anseo in Éirinn, ar feadh sé sheachtain is fiche, agus d’fhan ar liosta na ndeich leabhar ab fhearr, ar an New York Times, ar feadh ceithre mhí, agus tar éis di an t-éacht sin a dhéanamh, seo anois í, agus a céad úrscéal ag sciobadh na craoibhe leis, i bhfad agus i ngearr. Geallaimse dhuit é, gur beag údar a bhaineann clú agus cáil amach chomh sciobtha sin. Anois, caithfidh mé a admháil, ag an bpointe seo, nár léigh mé fhéin an chéad leabhar sin uaithi, an dírbheathaisnéis, “Are You Somebody?” agus ba de thaisme a tháinig mé trasna ar an dara leabhar seo, “My dream of You,” agus ó tharla go raibh an oiread sin cainte faoin gcéad leabhar, shocraigh mé ar thriall a bhaint as an dara ceann! Ní raibh aiféala ar bith orm gur dhein, nó caithfidh mé a rá, gur bhain mé taitneamh nár bheag as léamh an leabhair chéanna sin. Leabhar sách mór atá ann, nó tá 447 leathanach le fáil idir a chlúdaigh istigh. De ghnáth, bheadh leabhar den fhaid sin ró-fhada domsa, ach eisceacht ba ea an ceann seo. Ach, nár chóir dom iompu ar an leabhar fhéin anois?

.

Ar bhealach, cheapfá gur dírbheathaisnéis eile atá anseo againn, nó insíonn an príomhcharachtar a scéal dúinn, agus ag an am gcéanna, í ag déanamh chuile iarracht ar fhadhb Talbot v Talbot a scaoileadh. Téann sí ó cheann go ceann den dá ábhar sin, go réidh, nádúrtha, inchreidte. Caitlín, an t-ainm atá ar an bpríomhcharachtar seo, Caitlín de Búrca, nó Kathleen Bourke. Rugadh in Éirinn í, ach níor ró-gheal a bhí ag éirí lena clann abhus, agus ba bheag grá a teaspáineadh do Chaitlín, nó do bhaill eile na clainne sin. Ba é toradh a bhí ar sin, nó gur thug Caitlín Sasana uirthi fhéin, le linn a hóige, agus le linn di bheith ansin, casadh Hugo uirthi, agus chuaigh sí in éintíos leis, fad is a bhí sise ag staidéar le bheith ina hiriseoir, agus bhí Hugo, ag an am gcéanna, ag gabháil don dlí, agus ag staidéar ceird na hiriseoireachta freisin. De réir cosúlachata, ní raibh an oiread sin grá i gceist i cibé gaol a bhí eatarthusan, ach oiread, nó má bhí, ní raibh sé buan. Ar aon chuma, ba le linn na tréimhse sin a chaitheadar i bhfochair a chéile, a thug Hugo fótachóip de chúis cholscartha, a leagadh os comhair Theach na dTiarnaí, i Sasana, sa bhliain 1856, ina raibh “Mr Talbot of Talbot House in Ireland” ag iarraidh ar an Teach sin colscaradh a thabhairt dó óna bhean, Marianne, toisc gur dhein sí adhaltranas le fear oibre ar Eastát an Talbóidigh, fear dárb ainm dó William Mullan. Chuir Caitlín suim, agus dhá shuim, sa chúis sin, agus choinnigh sí i ngiorracht fhad láimhe di é, go ceann i bhfad ina dhiaidh sin.

“ kept the pages of the Talbot Judgement safe, and even before I read the whole thing properly, I could always have put my hand on it in the dark.”

Tugann sí an t-eolas sin go léir dúinn sa Réamhrá, nó is dócha go bhfuil dúshraith an scéil le fáil sa mhéid a thugann sí dúinn sa “Prologue” céanna sin.

Mar adúradh thuas, d’fhág Caitlín an tír seo agus í an-óg fós. B’as Kilcrennan di, áit a raibh cónaí uirthi, i Shore Road, giota taobh amuigh den bhaile sin. Tar éis di tamall a chaitheamh i Sasana, d’éirigh idir í fhéin agus Hugo, agus fágadh lei fhéin í. Tháinig a cara, Caroline, ábhar múinteora, i gcabhair uirhi áfach, agus ar ball, fuair sí post mar iriseoir, ag obair ar Travel/Write. Thug an post sin deis di an domhan a thaisteal, ag fáil amach faoi ionaid éagsúla, a gcuirfeadh léitheoirí na hirise sin spéis iontu. Thaitin an obair go mór lei, agus bhain sí ard-ghradam amach di fhéin, sa phost sin. Ba é Alex, a bhí i mbun na hirise sin, agus bhí meas an domhain ag Caitlín air, cé go mba fhear é, nár éirigh leis éaló fós ó thionchar a mhamaí, dár lei. Faoin am sin áfach, bhí an mam céanna sin i mbéal an bháis. Sea, agus fuair cara eile lei, Jimmy, puncán homaighnéasach, bás obann freisin. Tríd is tríd, ag an am áirithe sin, bhí an tóin ag titim as an saol sámh a bhí tógtha aici, thall.

.

Ag an am sin, thosaigh sí ag smaoineamh arís ar an Judgement úd, Talbot v Talbot, agus ba é deireadh na mbeart é, nó gur shocraigh sí ina haigne, filleadh ar Éirinn, agus tamall a chaitheamh, thíos i “Ballygall”, le taighde a dhéanamh ar an scéal a bhí taobh thiar den cholscaradh úd, a raibh trácht air sa bhfótachóip, a thug a leannán, Hugo, di, blianta fada roimhe sin, toisc go mba sa dúiche sin a tharla eachtraí na cúise réamhráite.

Ballygall being, according to the Ordnance Survey map of 1842, the name of the small town at the gates of the Mount Talbot estate.”

Bhí breis is triocha bliain caite ag Caitlín thall, ag an am sin, agus í in aois a leathchéad. Ar deireadh thiar, bhuail sí bóthar, agus d’fhill ar thír a dúchais, le taighde a dhéanamh, nó le bheith i measc a muintire, nó…b’fhéidir nach raibh fios fátha a cuairte aice fhéin fiú, ach ba é deireadh na mbeart é, ghur thuirling a heitleán ag Aerfort na Sionainne. Fuair sí gluaisteán ar chíos ansin, agus thug a bóthar ó thuaidh, go Ros Comáin, uirthi fhéin. B’ait lei na comharthaí bóthair a fheiceáil i nGaeilge, ach thaitin sin lei, ar bhealach eicínt.

“The road signs brought a sting to my eyes. Aerphort. Lár an Cathair. An Tuaisceart.

Now, wait a minute? You can’t even speak Irish.

Yes, I can, a little bit. I know a lot of words. I know songs.

I began to sing – Anois teacht an Earraigh –“

B’fhéidir nach raibh “Lár an Cathair”, thar mholadh beirte, ó thaobh na Gaeilge de, ó iriseoir oilte, ar chóir di comharthaí bóthair a bhreacadh síos, go cruinn, cúramach, ach scaoilimis tharainn é, nó don chuid is mó, tá na giotaí Gaeilge a úsáideann an t-údar sa scéal seo, thar a bheith cruinn.

I ndeireadh na dála, shroich sí “The Talbot Arms”, teach ósta sa mbaile sin, Ballygall. Chuir sí aithne ar lucht an tí ósta sin, agus chuir siad, go háirithe an t-únaeir, Bertie, ar an eolas í. “The Talbot Arms” a bhí uaithi, ach tugadh le fios di nárbh é sin an t-ainim a thugadh na dúchasaigh air, a thuilleadh.

“But nobody calls it The Talbot Arms – it’s Bertie’s place.”

Tugadh bheith istigh di, agus ba ghearr go raibh sí i mbun oibre. Is dócha go raibh ar intinn aice leabhar a scríobh ar scéal úd na dTalbóideach, ach cá bhfaigheadh sí an t-eolas a bhí ag teastáil chomh géar sin uaithi, le feoil a chur ar chnámharlach na nótaí úd, a fuair sí ó Hugo, blianta fada roimhe sin. Chuir sí aithne ar Miss Leech iarleaharlannaí an bhaile, agus ba mhór go deo an méid eolais a bhí aicese ar chúrsaí na dúiche sin, sea, agus d’éirigh lei freisin, “the Paget Pamphlet”, a chur ar fáil di sa leabharlann. B’in leabhrán a scríobh gaol le Marianne, dárb ainm dó Paget, á cosaint ar chúisimh a naimhde. Bhí sé ag éirí níos deacra, agus níos deacra, fios fátha gach scéil a fháil, de réir mar a chuaigh sí ar aghaidh lena cuid taighde. Agus gan dabht ar domhan, bhí dhá thaobh ar an scéal seo, faoi mar a tharlaíonn go minic, i gcás scéalta casta dá leithéid. Seo mar a chonaic Caitlín an scéal, i dtosach….

Richard and Marianne T. and their daughter came to Mount Talbot in 1847 or 8. William Mullan came to household as groom in 1849. Three years later, Richaard T. sought first a separation in the Ecclesiastical Court in Dublin, and then a full divorce in the House of Lords. The Judgement is the account of what the three Law Lords said about the evidence, and their verdict, in the divorce case. The testimonies they based their decision on are as follows….”

Agus thug sí ansin an fhianaise a bhí i gcoinne Marianne, sa chúis dlí sin, i dTeach na dTiarnaí.

.

Bhuel, níl fúm anois an scéal ar fad a insint duit anseo. Tá faitíos orm, go gcaithfidh tú fhéin an leabhar a léamh duit fhéin, ach ba chóir dom, ag an bpointe seo, tagairt a dhéanamh do rud amháin eile, a chuireann casadh neamhghnách sa scéal casta seo.

Fad is a bhí Caitlín i mbun a cuid taighde i “Ballygall”, casadh leannán nua uirthi, agus Shay an t-ainm a bhí air. D’éirigh siad an-mhór le chéile, ach dár ndóigh, bhí Shay chomh pósta, cheana, agus a d’fhéadfadh sé a bheith, ach mar sin fhéin, bhí sé sásta ceangal de chineál eicínt a shnaidhmeadh idir é fhéin agus Caitlín. Is dócha go bhfeiceann an t-údar gaol idir scéal Chaitlín, agus scéal Mharianne, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, agus caithfidh sí críoch amháin, nó críoch eile a chur leis an gceangal sin, ar ball.

.

Rud eile a thugann tú faoi deara sa scéal seo, nó chomh héasca agus a shleamhnaíonn an t-údar, óna bhfuil ag tarlú thart uirthi i “Ballygall”, go dtí an saol eile, a chaith sí thall i Londain, nó i measc a muintire fhéin, ar Shore Road, agus siar ansin sa stair lei babhta eile, go dtí laethe Mharianne Talbot, díreach i ndiaidh an Ghorta mhóir.

Bhuel, tá faitíos orm, go gcaithfidh mé thú a fhágáil ansin, ach mé ag súil go bhfaighidh tú an leabhar duit fhéin, agus go ndéanfaidh tú é a léamh, ar do sháimhín só, mar tá mé beagnach cinnte go mbainfidh tú taitneamh as, nó gan dabht ar domhan, is sciliúil an píosa oibre é, agus is taitneamhach, spreagúil, spéisiúil an sceal é.

Go dtí an chéad uair eile.

Slán.

*******************

Peadar Bairéad

*******************

  .

Silíní  Searbha

The curious incident of the dog in the night-time.

I m B é a l a n P h o b a i l .

***************************************************

.

“The Curious Incident of the Dog in the Night-time”……………………….2003.

by…………………………………………………………………………………………………………….

Mark Haddon………………………………………………………………………………£10.99.

.

****************************************

Leabhar an-neamhghnách isea é seo, ina léiríonn an t-údar, Mark Haddon, a thuiscint agus a shuim in aigne agus i gcroí an ghasúir seo, Christopher John Francis Boone, a bhfuil cineál Autism, ar a dtugtar Asperger’s, air. Leabhar Lorgaireachta, scríofa agus curtha inár láthair, ag an ngasúr céanna sin, atá leagtha os ár gcomhair anseo, ag an údar ildánach seo. Léiríonn an t-údar dúinn an taighde agus an dian-staidéar atá déanta aige ar mheon an té atá gafa in eangach aisteach, neamhghnách, an ghalair seo. Féach mar a chuireann an t-údar óg seo tús lena scéal……

“It was 7 minutes after midnight. The dog was lying on the grass in the middle of the lawn in front of Mrs Shears’ house. It’s eyes were closed. It looked as if it was running on its side, the way dogs run when they think they are chasing a cat in a dream. But the dog was not running or asleep. The dog was dead. There was a garden fork sticking out of the dog….”

Sin an tús, agus nuair a scrúdaíonn an gasúr seo, Christopher Boone, an scéal, tuigtear dó, gur deineadh an madra bocht seo a dhúnmharú, agus teastaíonn uaidh dul ar thóir an dúnmharfóra, nó chomh fada is a bhaineann sé leis-sean, tá an té sin chuile phioc chomh holc leis an té a mharódh duine daonna.

An exciting opening!

Bhuel, tá an Leabhar Lorgaireachta seo á scríobh ag Christopher anois, agus chomhairligh Siobhán, duine dá chomhairleorí, dó, tosú le heachtra a chuirfeadh a léitheoirí faoi gheasa, agus dár leis fhéin, sin an fáth ar thosaigh sé le marú an ghadhair. Ach teastaíonn uaidh anois, é fhéin a chur in aithne dá léitheoirí, agus seo mar a dhein sé é…..

My name is Christopher John Francis Boone. I know all the countries of the world and their capital cities and every prime number up to 7507.

Feictear dúinn anseo, go bhfuil a aigne an-fhoirfe i réimsí áirithe léinn. Tá an-ghreim go deo aige ar Mhatamaitic, agus ar Eolaíocht, ach tá sé lag go maith ina thuiscint ar chúrsaí daonna. Ní chuireann sé stró ar bith air “Leibhéal A” a bhaint amach sa Mhatamaitic, agus tá’s ag an lá nach aon ribín réidh é sin, ach ag an am gcéanna, ní thuigeann sé céard is greann ann! agus ní bhainfeadh sé adhmad ar bith as scéal grinn. Ach fillimis ar an scéal…..

Fad is a bhí Christopher ansin, agus an madra marbh ina bhrosna aige, tháinig úinéir an ghadhair, Mrs Sears, ar an bhfód, agus í ag béiceach in ard a cinn is a gutha. leag Christopher an madra ar an dtalamh, agus ansin chuir Mrs Sears fios ar na Póilíní.

Arrested!

Ar ball, tháinig na póilíní ar an láthair agus cheistigh siad é.

‘How old are you?’ he asked.

I replied. ‘I am 15 years and 3 months and 2 days.’

‘And what, precisely were you doing in the garden?’ he asked.

‘I was holding the dog,’ I replied.

‘And why were you holding the dog?’ he asked.

Chuir na ceisteanna uilig sin isteach go mór ar mo dhuine, agus cé gur mhaith leis madraí, agus póilíní, níor tugadh a dhóthain ama dó le freagra sásúil a chumadh, agus ba é a rinne sé, i ndeireadh na dála, nó luí ar an dtalamh agus tosú ag cneadach, ag iarraidh é fhéin a shuaimhniú agus torann bodhrach na hócáide a chur ar neamhní. Níor thaitin sin leis na póilíní, agus rinne fear acu iarracht Christopher a chur ar a chosa arís….

“The policeman took hold of my arm and lifted me onto my feet.

I didn’t like him touching me like this.

And this is when I hit him.

The policeman looked at me for a while without speaking. Then he said, ‘I am arresting you for assaulting a police officer.’

This made me feel a lot calmer because it is what policemen say on television and in films.”

Ní call dom a rá, gur ligeadh amach ar ball é, agus go ndeachaigh sé ar aghaidh lena chuid lorgaireachta.

The killer confesses.

Píosa maith amach sa scéal, admhaíonn athair Christopher dó, gurbh eisean a rinne an beart, le dioltas a dhéanamh as Mrs Sears, ar chúiseanna áirithe pearsanta. Bhuel, chuir sin an lasair sa bharrach, agus ba é críoch na mbeart é nó gur thug Christopher aghaidh ar chathair mhór Londain, agus é ag iarraidh teacht ar a mháthair, a bhí ag cur fúithi sa chathair sin lena leannán, Mr Sears, fear céile Mrs Sears, ar lei an madra. Chuirfeadh an chuid sin den scéal an croí trasna ionat, nuair a fheiceann tú na deacrachtaí uilig a bhí le sárú ag Christopher bocht, fan na slí. Chuaigh sé ar an traein, é fhéin agus a pheata, francach beag ceansaithe, agus chomh maith le sin, bhí “Swiss Army Knife” ina phóca aige, len é fhéin a chosaint, in am an ghátair. Bhainfeadh an méid a d’fhulaing sé, fan an aistir sin, deoir asat, ach ar deireadh thiar, bhain sé ceann a scríbe amach, agus chuir an eachtra céanna sin cor ina chinniúint, agus i gcinniúint a thuismitheoirí freisin.

More than detection.

Éiríonn leis an údar seo dán an ghasúir seo a chur in ár láthair agus é ag iomrascáil leis an saol, le saol mór millteach nach dtuigeann sé, agus saol mór freisin, nach dtuigeann eisean. Agus bíodh gur thosaigh an leabhar mar Leabhar Lorgaireachta, d’éirigh leis an údar ildánach seo, saol Christopher fhéin, agus scéal a thuismitheoirí freisin, a leagan os ár gcomhair amach, agus chomh maith le sin arís, éiríonn leis na deacrachtaí, agus na fadhbanna, a bhí le scaoileadh acu triúr, agus iad ag iarraidh teacht ar réiteach eicínt ar a gcás, agus ar a ngaol lena chéile, a chur ar phár. Caithfear a admháil nach chuile lá a chasfadh leabhar dá leithéid seo id’ líon, agus bheadh ionadh orm mura dtaitneodh an scéal seo le léitheoirí an cholúin seo. Mar sin, má chastar ort é, bí cinnte go mbainfidh tú chuile dheoir tuisceana as, sul má chuireann tú uait é!

An-leabhar, an-scéal, an-sheans ar scéal lucht “Autism” a thuiscint, agus nach fearrde chuile dhuine againn an tuiscint chéanna sin a bheith aige ar an ngalar neamhghnách seo?

****************

Peadar Bairéad.

****************

  .

.

.

.

Silíní  Searbha

The Whistler..

An Feadaire

TheWhistler……..….... le…………. John Grisham

Ceadchlo……………….2016……………….. 17.99

.

(This week we review another book by that master storyteller, John Grisham)

Grisham arís!

Seo Grisham chugainn le húrscéal eile, tar éis dó brosna úrscéalta a chur de cheana féin, agus geallaimse dhuit é nach den díogha é an ceann nua seo, ach oiread. Tar éis dúinn an t-úrscéal, ‘Rogue Lawyer’, a scaoil sé chugainn bliain ó shoin, a léamh, tuigeadh do roinnt mhaith daoine go raibh an tseandraíocht á chailliúint aige, ach tar éis dúinn an scéal nua seo, The Whistler, a léamh, cuireadh ina luí orainn nach bhfuil tada den tseandraíocht caillte aige, ach i ndáiríre, gur i bhfeabas atá a scileanna ag dul, nó is leabhar é seo, ‘The Whistler’, a chuireann an léitheoir faoi gheasa, ó thús deireadh. Tá cumas scéalaíochta ag Grisham ar dheachair é a shárú. Nach maith is cuimhin linn fós draíocht na scéalta a chuir sé ar fáil dúinn cheana, leabhair ar nós, The Runaway Jury, The Last Juror, The Litagators, Syamore Row, agus tuilleadh dá leithéid, leabhair nárbh éasca iad a leagan uainn, Bhail! sílim fhéin, go sciobann an t-úrscéal áirithe seo an chraobh uathu uilig, ar a scéalaíocht, ar a scleondar, ar a chorraítheacht.

An Scéal fhéin

Ach, le filleadh ar an scéal fhéin…..

Mar is gnách le Grisham, suíonn sé a scéal ar laigí a fheictear dó a bheith i gcóras dlí na Stát Aontaithe, agus tá mé cinnte, go bhfuil gar ar leith á dhéanamh aige don chóras céanna sin, trína thaighde, agus trína staidéar, ar na cúrsaí céanna sin. Sa scéal seo, dírionn sé tóirse a thaighde ar iompar breithiúnach na mbreithiúna i Stát ollmhór ‘Florida’. Agus le haird faoi leith a dhíriú ar an iompar céanna sin, tá Bord faoi leith acu, an Bord um Iompar Breithiúnach, nó, ‘The Board on Judicial Conduct’ faoi mar a thugtar air i mBéarla. Is baill den Bhord sin iad, Lacy Stoltz, agus Hugo Hatch, agus ní ró-fhada isteach sa scéal thú, nuair a chuirtear in iúl do na hoifigigh sin, go raibh gearán á dhéanamh ag saoránach áirithe, ag Greg Myers, -iarchoirpeach- i gcoinne Bhreithimh áirithe sa Stát sin, Florida. Anois, níorbh é Greg Myers fhéin, a bhí ag déanamh an ghearáin seo, nó mhínigh sé don bheirt oifigeach sin, go raibh sé ag feidhmiú thar cheann duine eile, duine nár ainmnigh sé, ach ar ‘whistle blower’ a raibh lánmuinín aige as, agus bhí sé sásta doiciméad a shíniú, ag dearbhú, go raibh an Breitheamh áirithe seo, an Breitheamh Claudia McDover, ag obair i gcomhar le drongaire aithnidiúil, Vonn Dubose, agus trí hIonad Cearrbhachais a bhunú ar Chaomhnú Indiach, bhí ag éirí leo beirt, ualach asail d’airgead a chur in áirithe dóibh fhéin, maraon le glac maith airgid a chur ar fáil don Treabh, -an ‘ Tappacola’, ar leo an ‘Caomhnú’ sin.

Ag fiosrú an scéil

Ní gá a rá, gur aontaigh an bheirt oifigeach sin an scéal a fhiosrú agus gheall siad go dtógfaidís cúis i gcoinne an Bhreithimh, dá mbeidís sásta go raibh substaint sa ghearán sin. Chuaigh an bheirt i gcionn oibre láithreach, agus thosaigh siad ag fiosrú an scéil agus ag pointe áirithe, tugadh cuireadh dóibh casadh le duine áirithe ag cúl an Chaomhnaithe, le faisnéis áirithe a chlos. Ghlacadar leis an gcuireadh sin, agus ar ball, fuair siad amach go mba ghaiste a bhí sa gcuireadh céanna sin, agus ba é toradh a bhí air nó nach raibh éinne ansin leis an scéal a phlé leo. Nuair a bhíodar ar a mbealach amach as an ngaiste sin, deineadh iad a ionsaí agus marodh Hugo san ionsaí sin, agus gortaíodh Lacy go dona. Tuigeadh dóibh láithreach go raibh idir bhreitheamh agus drongaire lom dáiríre ina gcath i gcoinne fórsaí an BJC (The Board of Judicial Conduct).

Diaidh ar ndiaidh, tháinig feabhas ar Lacy, agus ba ghearr go raibh sí ar a sainléim arís, agus í fhéin agus oifigeach nua, go géar sa tóir ar an mbreitheamh Claudia agus ar Vonn Dubose, a bhí ina cheannaire ar an mbuíon bithiúnach, agus diaidh ar ndiaidh freisin, d’éirigh leo fianaise a bhailiú, go dtí sa deireadh…….

Bhuel, b’fhéidir gur leor sin uaimse an babhta seo, nó níor mhaith liom an scéal a mhilleadh ortsa. Ar éirigh leo an buíon bithiúnach úd, agus Claudia, a shacadh isteach i bpríosún, nó ar éirigh leosan éaló as gaiste an BJC.

Bhuel! le fios fátha gach scéil a fháil, níl le déanamh agat ach an leabhar seo, le John Grisham, a fháil is a léamh! Tá mé cinnte nach mbeid a chathú ort má dhéanann……….  

.

gaGaeilge