le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Is sleamhain iad Leacracha an Tí Mhóir!
.
Peadar Bairéad
Eorpaigh Mhaithe
“In am an ghátair a aithnítear na cairde”, agus “Is sleamhain iad leacracha an Tí Mhóir”. Nach deacair na seanfhocla a shárú? Agus i gcás an phéire thuas, is é atá idir chamáin acu, nó chomh deacair is atá sé deighleáil le boic mhóra, an tsaoil seo. Nach orainn uilig a bhí an deifir fáil isteach san Aonas Eorpach, a chéaduair? Tuigeadh dúinn, nach bhfeicfeadh muid lá bocht arís go brách, ach ceangal a dhéanamh le boic mhóra an Aontais sin.
Sea, agus sin mar a tharla i dtosach báire. D’Infheistigh na hEorpaigh na billiúin punt sa tír bhocht ársa seo. Rinneamar chuile iarracht ar bheith inár nEorpaigh mhaithe, sea, agus níor chaitheamar na puint Eorpacha sin go fánach, faoi mar a tharla i gcás tíortha áirithe eile. Ach, le scéal gairid a dhéanamh de, chuaigh eacnamaíocht na tíre seo chun tosaigh de ruaig reatha dá bharr, agus ba ghearr an mhoill go raibh muid feistithe thuas i measc tíortha saibhre an domhain.
Cár imigh an sioc?
Anois, b’fhéidir gur tuigeadh dúinn, nach bhfeicfeadh muid braon fearthainne, nó drochshíon, arís go Lá Philip a’ Chleite. Chaitheamar go rábach, flaithiúil, agus d’éirigh muid leithleach agus gar dúinn fhéin. Rinneamar dearmad ar an gcine ar díobh sinn, agus nuair a tháinig an cúlú eacnamaíochta aniar aduaidh orainn, fágadh muid ar an mblár folamh, agus muid ag fiafraí dá chéile, Cár imigh an sioc? Ach, bhí leá chúr na habhann tar éis teacht ar an saibhreas uilig, a cheapamar a bheith curtha i dtaisce againn le haghaidh lá na coise tinne.
Cairde móra, adeir tú!
Cá raibh na cairde móra a bhí ag baint na sál dá chéile bheith inár gcomhluadar, tráth raibh muid ar dhruim na muice? Glanta leo, faoi mar a d’imeodh slam de cheo. Bhí orainn cúbadh chugainn, agus bhí orainn tosú ag comhaireamh na bpingneacha arís. Sea, bhí muid bancbhriste, agus na billiúin Euró ag Bainc agus ag Boic mhóra an domhain orainn. An raibh leigheas ar ár ngéirchéim? Nuair a shuigh an Rialtas s’againne síos, leis an scéal sin a scrúdú agus a fhiosrú, ba ghearr an mhoill gur tuigeadh dóibh, nach raibh an dara suí sa bhuaile acu, ach dul, ina maoil, agus iasacht a lorg ar Bhanc Láir an Aontais Eorpaigh, agus ón IMF. Bhí go maith! agus ar feadh tamaill, ligeadar orthu fhéin nach raibh fúthu an beart sin a dhéanamh, ach i ndeireadh na dála, b’éigean dóibh an cat a ligint as an mála, agus ansin tuigeadh do mhadraí an bhaile, fiú, go raibh an tír s’againne sáite go dtí na cluasa i bhfiacha, agus ar an drochuair, nach raibh ar ár gcumas airgead a fháil ar iasacht ó na gnáthfhoinsí feasta. Thosaigh an mhargántaíocht, agus thosaigh na ráflaí ag dul sa timpeall ina loscadh sléibhe. Bhí ár neamhspleáchas i ndáil le bheith caillte againn. Bheadh cigirí ón ECB agus ón IMF ag scrúdú na leabhar dúinn feasta, agus ní bheadh ionainne ach sclábhaithe dóibh siúd a thug an t-airgead ar iasacht dúinn, agus gan á shaothrú againn ach pingneacha fánacha, rua. Dúradh seo, agus dúradh siúd, ach i ndeireadh na dála, tugadh na billiúin ar iasacht dúinn, ar choinníollacha dochta, daingne, agus gheall an Rialtas s’againne, thar ár gceann, go gcoimhlíonfaí na coinníollacha crua sin, go cruinn ceart, thar thréimhse cheithre bliana.
In am an ghátair…..
Tosaíodh ansin ar na coinníollacha sin, agus an margadh a rinneadh, a scrúdú, agus a pharsáil go mion cúramach, agus ba é an chiall a bhain na saineolaithe as an obair sin go léir, nó go n-aithnítear na cairde in am an ghátair. Agus ag baint úsáide as an seanfhocal sin mar shlat tomhais, bhí le tuiscint againn, go mba chairde idir dhá shíon iad, na cairde móra a bhí againn san Aontas, nó ní raibh aon chuid den arán saor le fáil againn sa mhargadh a rinneadar linn. Ghearradar ús sách ard ar na hiasachtaí a ghealladar dúinn, sa chaoi go mbeadh sochar á dhéanamh ag an Aontas as cruachás, agus as céasadh, na tíre seo. Ní beart ró-chairdiúil é sin! Sea, agus chuathas níos faide ná sin, nó ba é an port a bhí ag cuid de na cairde móra sin, nó go gcaithfí deireadh a chur leis an gcáin íseal chorporáideach a ghearrtar anseo in Éirinn, cé gur thugadar geallúint dúinn agus muid ag ullmhú don dara vóta anseo ar Chonradh Lisboa, nach dtarlódh a leithéid. Ach tá mé cinnte, go gcuirfear sin in iúl dóibh, go neamhbhalbh, amach anseo! Agus ní gá a rá, go dtabharfaidh lucht an Tí Mhóir sin aird orainn sna cúrsaí sin! Sea, agus b’fhéidir go mbeidh mótair fós ag bacaigh! Anois ní ag lochtú an Aontais chéanna sin atá mé, ach ba mhaith liom a chur i gcuimhne do dhaoine, go mbíonn gá le spúnóg fhada, más uait dul ag ragairne le h-éanacha na ngob fada!
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
A Phádraig, a chara,
B’fhéidir nach bhfuair tú an píosa seo uaim an babhta deiridh. Ach ar eagla na heagla, seo chugat arís é!
ó
Peadar Bairéad.
*****************************************
Is túisce deoch ná scéal!
.
Thíos i lár na cathrach anseo i gCill Chainnigh a bhí mé, an lá faoi dheireadh, nuair a chuala mé an scread caol, ard, taobh thiar díom.
Thuig mé ar an toirt, go mba é mo sheanchara, Séimí a’ Droichid, a bhí ann, agus gur chosúil go raibh scéal mór, scannraitheach, ag teacht idir é fhéin agus codladh na hoíche…
“Go réidh ansin” ar seisean, “agus nach ort atá an deifir, chomh luath seo sa lá. N’fheadar an mbeadh an tart ag cur as duit, agus tú ag réabadh leat trí na sráideanna, faoi mar ba bhuachaill óg thú!”
“An tú fhéin atá ann,” arsa mise, á fhreagairt. “Eachtra siopadóireachta a bhí idir lámha agam fhéin, agus mé ag iarraidh an gnó a dhéanamh, sára mbeadh an áit plódaithe le idir thurasóirí agus dúchasaigh. Ach le filleadh ar do cheist. Bhuel, anois, ó chuir tú im’ cheann é, déarfainn, le fírinne, go bhfuil ábhairín beag, bídeach, den tart diabhalta céanna sin, ag triomú cúl mo sceadamáin.”
Is túisce deoch na scéal
“Más mar sin atá an scéal agat, b’fhéidir go mbeadh tú sásta seal gearr a chaitheamh, in éineacht liom, istigh anseo sa Smugairle Róin, mar a dhéanfaidh Tóin Mhór fhéin freastal fial orainn, fad is atá cúrsaí an tsaoil mhóir á gcíoradh againne.!”
Isteach linn go díscréideach, agus, nach orm a bhí an t-ionadh, nuair a chonaic mé go raibh an áit istigh dubh le daoine chomh luath sin sa lá. Isteach sa Chailleach a chuamar, nó theastaigh uainn beirt, ár gcomhrá a dhéanamh, gan éinne bheith ag éisteacht linn, nó ag cur isteach orainn.
“Aon scéal nua agat, A Shéimí, a chara?”
arsa mé fhéin, go deas réidh, chomh luath is a bhí dhá ghloine ghealgháireacha ag spréacharnach, is ag miongháirí, os ár gcomhair amach, ar bhoirdín dea-dheartha na Caillí.
“Diabhal scéal nua ar bith agam, ach tá an seanscéal céanna ag dó na geirbe fós agam!”
Páirceáil sa Chathair!
“Agus cén scéal é fhéin?” arsa mise arís, agus mé ag iarraidh scéal a mhealladh uaidh.
“Cén scéal? adeir tú. Cén scéal, an ea? Nár léigh tú i Kilkenny People na seachtaine seo caite, faoi chúrsaí páirceála, anseo sa Chathair Álainn?”
“Níor léigh, muis! nó tharla go raibh muid as baile, ar saoire, le scathamh anuas anois, ach céard a bhí le léamh i ‘People’ na seachtaine seo caite?”
“Cúrsaí Páirceála a bhí idir chamáin arís ag lucht an Bhardais s’againne.”
“Ach nach gnáth-scéal é sin, ag an dream céanna?”
“Tá an ceart agat sa mhéid sin, ach an babhta seo, chuaigh siad thar fóir ar fad. An bhfuil a fhios agat céard tá molta acu anois?”
“Níl, muis!”
Crúite, sniogtha!
“Bhuel, tá molta acu anois, go ndéanfaí iarracht eile ar ghluaisteánaithe na dúiche seo a chrú tuilleadh. Agus nach bhfuil a fhios ag an Lá, go bhfuil siad crúite go bun na dúide, cheana féin, ag chuile údarás sa tír gortach seo, a dteastaíonn pingneacha breise uathu, le seo a dhéanamh, nó le siúd a dheisiú. Crúnn an Stát iad, nuair a cheanaíonn siad an carr, agus chuile bhliain ina dhiaidh sin, trí cháin bóthair a ghearradh orthu, agus lena chois sin ar fad, nach sacann siad a lámh ina bpóca arís, chuile bhabhta a chuireann siad braoinín peitril isteach in umar a gcairr, agus fiú, nuair a chuireann siad an carr isteach sa gharáiste, lena dheisiú, nó le caoi a chur air, nach mbíonn an Stát ag fanacht ansin, lena cháin bhreisluacha fhéin a ghearradh ar an mbille sin freisin. Sea, agus crúnn na hÚdaráis Áitiúla iad freisin, am ar bith a dteastaíonn pingneacha breise uathusan, agus déanann siad sin, trí táille pháirceála a ghearradh orthu, am ar bith a ndéanann siad a gcarr a pháirceáil ar shráid, nó in ionad poiblí páirceala.”
Imithe thar fóir?
“Ach a Shéimi, nach gnáthrud é sin, agus nach ndéantar amhlaidh i mbailte agus i gcathracha, ó cheann ceann na tíre?”
“Déantar, ach dúirt mé go ndeachaigh siad thar fóir ar fad, an babhta seo, nuair a mhol duine eicínt go sacfaí an gluaisteánaí isteach i bpríosún, mura mbeadh sé toilteanach an táille páirceála sin a íoc!! Ar chuala éinne riamh a leithéid?”
Ag an bpointe sin, bhí sé soiléir go raibh mo Shéimí bocht an-chorraithe, agus bhí an dá mhuc ghránna úd ar a mhalainn chomh dearg le fuil, agus bhí faitíos orm fhéin go dtitfeadh mo chara bocht gan aithne, gan urlabhra, istigh ansin i gCailleach an Smugairle Róin.
Níor thit, áfach, ach is amhlaidh a sheas sé, shloig a raibh fágtha ina ghloine, agus amach an doras leis, faoi mar ba chat scólta é! gan fiú beannú roimhe nó ina dhiaidh.
Caithfhidh mé a admháil áfach, gur fhág sé ábhar smaointe agam fhéin, sea, agus ábhar freisin don alt seo.
Peadar Bairéad
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
“Rogha na Réanna”
Peadar Bairéad
(This week we take a look at our democracy)
.
“It was the best of Times”
“It was the best of times, it was the worst of times,
it was the age of wisdom, it was the age of foolishness,
it was the epoch of belief, it was the epoch of incredulity.”
.
B’in mar a chuir Charles Dickens tús lena úrscéal spreagúil, cáiliúil, A Tale of Two Cities, agus dár le daoine áirithe, d’fheilfeadh an cur síos céanna sin go seoigh mar chur síos ar an ré seo ina bhfuilimid ag maireachtaint i dtír seo na hÉireann, sa lá atá inniu ann. Nach deacair a chreidiúint go bhfeilfeadh an ráiteas frithráiteach thuas le ré ar bith, gan trácht in aon chor ar an ré cantalach, crosta, dothuigthe, seo ina bhfuilimidne sáinnithe anois. Ach, nuair a scrúdaíonn tú an ráiteas faoi mhicreascóp na staire, tuigfidh tú ansin go bhfuil, ar a laghad, síol na fírinne folaithe ann.
Conas a d’fhéadfaí a leithéid a rá, an ea?
Bhuel, breathnaigh ar an saol atá á chaitheamh ag lucht an airgid, agus ag lucht na cumhachta, sa ré iarthíogaireach seo. Tá airgead ina mhúrtha acu, agus chuile shórt a cheannaíonn an t-airgead céanna sin, earraí cosúil le stádas, compord agus sólás. Chomh fada is a bhaineann sé leis an dream sin, nach é an Nollaig ó Shamhain go Samhain acu é! Ach tá taobh eile ar an scéal freisin, agus sé sin, taobh na mbocht, taobh na ndaoine úd nach bhfuil acu ach ón lámh go dtí san béal, gan díon, gan dídean, ag roinnt mhaith acu anois, agus lucht an ghaimbín anuas sa mhullach orthu Luan, Satharn agus Domhnach, ag iarraidh a bhfuil acu a bhaint díobh. I gcás na ndaoine sin, nach é díogha gach séasúir acu é. Sea…..
It is the best of times, it is the worst of times…
Daonlathaigh! An ea?
Agus muidinne ag ligint orainn gur daonlathaigh sinn! Daonlathaigh? adeir tú! Nach é bun agus barr an daonlathais go gcaitear go cothrom macánta le chuile shaoránach, nó mar adeir Forógra na Poblachta s’againne…
To cherish all the children of the nation equally.
Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa, dá bhféadfaí sin a dhéanamh, déantar roinnt na caillí ar chúrsaí, nuair a bhíonn buntáistí le bronnadh ar a chúram ag ár ndaonlathas, ach, nuair a bhíonn mí-bhuntáistí le bronnadh, ní hiad lucht an airgid, nó lucht na cumhachta, a bhíonn faoi’n ruball, an babhta seo. Ní hiad muis! ach an dream gan airgead, gan chumhacht, gan stádas, arís, faoi mar a tharrlaíonn chuile bhabhta.
Anois, nílim ag maíomh gurb é sin mo leagan fhéin ar chúrsaí, ach gan dabht ar domhan, táid ann a chreideann gur mar sin atá in Éirinn na linne seo, agus chomh fada is atá, ní bheidh pobal aontaithe, comharsanúil, daonna, againn sa tír seo. Le daonlathas ceart, cóir, cothrom, a chur ar bun anseo, caithfear na míbuntáistí a roinnt go cothrom, macánta, ar chuile shaoránach, chomh fada agus is féidir a leithéid a dhéanamh, sa chaoi go mbeadh chuile dhuine ag iompar a chuid cothrom fhéin den ualach, agus ar an dtaobh eile de’n scéal ansin, go gcaithfí go macánta, cothrom, cóir, leis-sean freisin, i roinnt na mbuntáistí.
An bhfuil a leithéid indéanta? Ar bhealach, nach cuma faoi sin? chomh fada is atá an Stát ar a dhícheall ag iarraidh an sprioc sin a bhaint amach, mar sa chás sin, tuigfidh an saoránach nach bhfuiiltear ag iarraidh leatrom a dhéanamh airsean, ach go háirithe.
Fút fhéin atá sé
Fágfaidh mé an chuid eile de ráiteas Dickens fút fhéin. An n-aontófása leis an ráiteas, gurbh í ré na heagna agus ré na haimidí a bhí ann in aimsir an údair cháiliúil sin? Agus le dul píosa eile leis an scéal, céard faoi’n aois seo ‘gainne?
Sea, agus céard faoi thréimhse an chreidimh agus tréimhse na dícreidmheachta? An bhfeilfeadh na téarmaí sin d’aois Dickens nó don aois s’againne?
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
.
Leabhar Spreagúil
J O H N
by
Niall Williams
.
Ar na mallaibh a tháinig mé ar an leabhar seo, ‘JOHN’, le Niall Williams, agus caithfidh mé a rá, gur chuir mé suim ann ó thús. Mar a mhínigh mé go minic cheana, léann an tsagairt, a cuireadh ormsa, le linn m’óige, agus dá bharr sin, bhí cúlra eicínt agam i gcúrsai bíobalta, rud a chiallaigh go gcuirfinn spéis, agus b’fhéidir dhá spéis, i leabhar faoin tSoiscéalaí, Eoin, mac Seibidí, an deisceabal úd ar ghráigh Íosa é.
Cé scríobh an leabhar seo, an ea?
Niall Williams a chuir an leabhar i dtoll a chéile, agus a d’fhoilsigh é i mbliain seo an Tiarna, 2008. I mBaile Átha Cliath a rugadh é agus is drámadóir é, chomh maith le bheith ina úrscéalaí. Cónaí air fhéin, ar a bhean is ar a chúram, faoi láthair, i gContae an Chláir. Clú agus cáil tuillte aige cheana mar údar mór-ráchairte.
Ach le filleadh ar an leabhar seo, ‘JOHN’, ba é an chaoi ar spreagadh an t-údar leis an scéal seo a scríobh, nó, tharla go raibh roinnt taighde ar siúl aige do leabhar eile, nuair a dúisíodh an cheist seo i ngort a aigne.
Cén cheist, an ea?
Tá seo, gur theastaigh uaidh buille faoi thuairim a thabhairt ar a raibh ar siúl ag Eoin, Soiscéalaí, an lá sular scríobh sé a Shoiscéal. Anois níor leabhar spioradálta, nó tada dá leithéid, a bhí idir chamáin aige, ag an am, agus chuile sheans nach raibh aon staidéar ró-dhoimhin déanta aige ar Eoin, nó ar a chuid scríbhinní, ach ba é toradh a bhí ar a fhiosracht nó gur chaith sé thart ar bhliain iomlán, ag déanamh taighde ar an scéal, ag léamh a raibh le léamh faoin ábhar, agus é ag iarraidh an fhadhb sin a scaoileadh. B’in a spreag é le tabhairt faoi Scéal Eoin Soiscéalaí, a ríomh, ach ní i bhfoirm staire, nó i bhfoirm dhírbheathaisnéise a chuir sé roimhe é a dhéanamh, ach i bhfoirm úrscéil. Is soiléir ón leabhar, gur dhein sé staidéar grinn, cruinn, ar scríbhinní uilig Eoin, agus éiríonn leis cuid de na carachtair as a Litreacha, nó as a Eipistilí, a shníomh isteach san úrscéal seo freisin. Déanann sé tagairt do Gaius, do Demetrius, beirt a bhí ar thaobh na n-aingeal, agus tagairt déanta aige freisin do Diotrephes, a d’fhógair nár Mhac Dé in aon chor é Íosa, ach go mba fháidh den scoth é, agus tuilleadh eile freisin chomh maith leis, a bhí go láidir ar an dtaobh eile, ar thaobh na bhfrithchríostanna, faoi mar a chuirfeadh Eoin Soiscéalaí fhéin é.
Tosaíonn an scéal le hEoin, agus buíon bheag dá dheisceabail, ina ndeoraithe, ruaigthe ag an Impireacht Rómhánach go hOileán Patmos. Ní raibh ina gcónaí ar an oileán céanna sin, ag an am, ach fíorbheagán daoine, agus bunaíonn Eoin agus a chomhluadar Pobal beag Críostaí dóibh fhéin ansin, agus maireann siad faoi smacht an chloig agus na nAithne, agus iad ag fanacht go foighdeach ar lá a bhfuascailte. Faoin am seo, bhí Eoin ina sheanfhear liath, dall, agus é ag brath ar chabhair Phapias, lena shlí a dhéanamh ó áit go háit ar an oileán. Ní gá a rá anseo, go raibh tuiscint ag na luath-Chríostuithe sin nach bhfaigheadh Eoin, Soiscéalaí, bás, riamh, nó choíche, go dtiocfadh an Slánaitheoir an dara huair.
Leanadar leo ar an oileán sin, go sítheach, sásta, cheapfadh duine. Ach bheadh breall ort, nó tharla éirí-amach ansin ar ball, nuair a mheall Deisceabal darb ainm Matthias, roinnt áirithe den phobal beag sin, agus thréigeadar Eoin agus a lucht leanúna-san.
Ar deireadh thiar, cuireadh a ndíbirt ar ceal, agus thug Eoin agus a chomhluadar aghaidh ar chathair Ephesus. Is dócha gur cheapadar, go mbeadh comhluadar fairsing láidir Críostaí forbartha rompu in Ephesus, faoin am sin, ach nuair a shroicheadar an chathair cháiliúil sin, ba ghearr gur cuireadh ar a súile dóibh, nach mar a shíltear a bhítear, go minic, agus níor thaise don bhabhta seo é, ach oiread, nó ba bheag Críostaí a fuaireadar rompu in Ephesus, ní bhfuair siad rompu ach easaontas, cur i gcéill, agus namhadas. Bhí roinnt bheag Giúdach ann a bhí fábhrach go maith don Deascéal, ach go raibh faitíos orthu é sin a admháil os ard, ar eagla go ruaigfí as na Sionagóga iad. Bhí ann freisin, Matthias, an té úd ar deineadh tagairt dó thuas, agus an té a thréig iad, tráth raibh siad ina ndeoraithe ar Oileán Patmos, agus é anois ina cheannaire ar bhuíon láidir, a raibh cineál eaglaise bunaithe acu i gcathair Ephesus. Ach chuir Eoin agus a chuid deisceabail chun oibre, chomh maith is a d’fhéadfaidís, ach ní raibh mórán díobh ann, agus chomh maith le sin, bhí siad uilig imithe anonn sna blianta faoin am sin, agus mar bharr ar an gclampar, bhí Eoin fhéin ag druidim chun deireadh a laethe. An té ba thaca dó, Papias, tholg seisean lobhra, agus tar éis dó argóint a bheith aige le Matthias, d’imigh sé leis ón gcomhluadar le bás a fháil, ar an iargúil, leis fhéin. Chuir na cúrsaí sin isteach go mór ar Eoin, Soiscéalaí, agus ba é deireadh an scéil é nó gur iarr sé ar dhuine dá lucht leanúna a shoiscéal a bhreacadh ar phár dó…
“ ‘I would that one of you would write these words,’ he says.
Startled, as if from dream into the thing dreamt, the disciples bestir themselves. Danil lights a candle, Lemuel brings papyrus and stylus, offers these to Meletios, whose hand is fairest.”
Chuireadar chun oibre agus níor tharraingíodar srian go dtí go raibh an t-iomlán dá Shoiscéal curtha ar phár acu. Bhuel, suas go dtí an t-aonú caibidil fichead, ar a laghad.
Is dócha go bhfuair an t-údar, Niall Williams, freagra ar a cheist fhéin faoina raibh ar siúl ag Eoin, an lá sular scríobh sé a shoiscéal, agus déanann sé iarracht freisin, ar spléachadh a fháil, trí mheán a úrscéil, ar ar tharla i ndiaidh dó an saothar sin a chur ar bruach. Is dócha gurb é an ‘second coming’ atá i gceist aige i bhfocail deiridh an scéil…
“He sees the tomb opened and he cannot keep himself from joy. His hands he brings to his mouth. He would cry out. He would cry out with joy for ever now. The light fills in him as pure water that flows and flows. Love is resurrected.
He is risen. He is risen. He is risen.
My Lord you are come.”
Sular cailleadh an Soiscéalaí áfach, deineadh roinnt dá dheisceabail a raibh an lobhra á gcriogadh, deineadh iad a leigheas. Sea, tháinig an Slánaitheoir ar chuairt ar a phobal, faoi mar a rabhthas ag súil, le breis is trí scór bliain, ó tráth a aiséirithe, ach tháinig sé ar bhealach nach rabhthas ag súil leis.
An-scéal. É spreagúil, misniúil, corraitheach, go háirithe, nuair a bhreatnaítear air, trí shúile an chreidmhigh.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
.
I mBéal an Phobail
Judge & Jury
by
James Patterson
.
Patterson strikes again
Seo scéal eile chugainn ó pheann líofa an údair cháiliúil, ildánaigh, Mheiriceánaigh seo, leabhar a chuir sé i dtoll a chéile i gcomhar le Meiriceánach eile, Andrew Gross. Cuireann Patterson faoi i bhFlorida agus i Nua Eabhrac, agus is dócha go bhfuil sé ar dhuine de na scríbhneoirí is bisiúla, i mbun pinn, sa lá atá inniu ann. Ní hé seo an chéad leabhar dá chuid ar dhein mé tagairt dó sa cholún seo, agus is dócha gur cuimhin le cuid agaibh mé ag caint cheana faoi leabhair eile dá chuid, leabhair ar nós……
The Beach House, The Lake House, Third Degree, The Fifth Horseman, agus The Big Bad Wolf.
Ní hé amháin anois gur scríbhneoir bisiúil é, ach ag an am gcéanna, is scríbhneoir cáiliúil é, a bhfuil a ainm in airde ó cheann ceann na cruinne mar scéinscéalaí den scoth. Ní gá a rá, gur bhuaigh cuid dá leabhair duaiseanna gradamacha, agus ní gá a rá, ach oiread, gur bunaíodh scannáin ar chuid eile acu.
Gangster Trial
Ach le filleadh ar an gceann seo atá idir chamáin againn, i láthair na huaire seo. Bunaíonn na húdair a scéal anseo ar thriail cáiliúil sna Stáit, ina raibh an drongaire míchlúiteach, Don Dominic Cavello, os comhair na cúirte thall, agus ualach asail de choireanna míofara, gránna, curtha ina leith. Níorbh é sin amháin é, ach bhíothas cinnte, go bhféadfaí a chiontacht a chruthú os comhair na cúirte céanna gan mórán dua, agus go bhféadfaí, sa tslí sin, é a chur as an mbealach, go ceann scathaimh mhaith, ach go háirithe.
Roghnaíodh an Giúiré, agus tharla gur piocadh, Andie deGrasse, mar ghiúróir a haon dhéag, agus ba é, Nick Pellisante, an lorgaire sinsearach den FBI a bhí i mbun an Chúisithe.
Chuaigh cúrsaí chun cinn go seoigh an chéad lá, agus an oíche sin, nuair a bhí an Giúiré á dtabhairt chun a dTí Ósta, bhí ar chumas an drongaire, Don Dominic, trí choirpeach drochchroíoch idirnáisiúnta, Richard Nordeshenko, a fhostú, coirpeach ar éirigh leis bunús an ghiúire a chuir dá gcois in aon phléisc amháin. Tháinig Andie deGrasse saor, ar éigean, ach maríodh a haonmhac, agus fágadh croíbhriste, amach is amuigh, í.
Case Collapsed
Thit an chúis dlí as a chéile, beagnach, ach trí dhúthracht an FBI agus a cuid gníomhairí, d’éirigh leo an drongaire a thabhairt os comhair na cúirte arís. An babhta seo, áfach, d’fhostaigh an Don Dominic an coirpeach drochchroíoch céanna arís, agus trína chleasanna siúd, trína chruálacht, agus trína scileanna mar choir-eagraí , chuir sé ar chumas an drongaire, Cavello, éaló glan uathu siúd a bhí á ghardáil, agus níos measa fós, d’éirigh leis éaló, scun scan, as na Stáit Aontaithe ar fad, agus fágadh an FBI, agus na Cúirteanna, buailte, náirithe, os comhair an tsaoil mhóir.
The World’s End
Ar ball, chuaigh Andie deGrasse agus Nick Pellisante i gcomhar le chéile, le dul ar thóir an fhir ghunna, ar Richard Nordeshenko. Theastaigh uathu teacht suas leis an bhfear sin, nó tuigeadh dóibh, go mbeadh ar chumas an fhir sin seoladh Cavello a thabhairt dóibh, nó b’eisean an té a bhí uathu, i ndáiríre.
Bhuel, sin an áit a éiríonn an scéal suimiúil, spéisiúil, lan teannas, nó níorbh aon ribín réidh iad na coirpigh úd a rabhthas sa tóir orthu, ach níl fúm an scéal ar fad a insint duit anseo, nó is scéal é seo a mbainfidh tú taitneamh agus sásamh as. Leor a rá, go raibh orthu dul go dtí “El Fin del Mundo”, nó go hImeall na Cruinne, sára bhféadfaidís a bheith sásta, go raibh an láimh in uachtar faighte acu ar an amhas míthrócaireaach, droch-chroíoch sin, Don Dominic Cavello. Más duine thú, atá tugtha do scéalta James Patterson, tá mé cinnte, go mbainfidh tú taitneamh agus toit as an scéal seo is déanaí óna chleite.
.
.