le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Ar thóir na Gréine bui
Na Cnoic Ghlasa úd!
.
Ní dóigh liom gur inis mé dhaoibh faoin saoire a chaith mé, ar na mallaibh, i bhfad ó bhaile, amuigh i bhFuerteventura, ceann de na hOileáin Chanáireacha. Sin an fear de na hOileáin Chanáireacha is cóngaraí do chósta na hAfraice. Tá a shliocht sin air, nó bíodh go bhfuil sé suite roinnt mhaith mílte amach ón gcósta sin, ag an am gcéanna, éiríonn leis na stoirmeacha geimhriúla gaineamh geal ón Sahára a shéideadh trasna na farraige chuige, sa chaoi go bhfuil limistéar fairsing den oileán sin clúdaithe le dumhchanna geala gainimhe, dumhchanna atá chomh geal, d’fhéadfa a rá, leis na dumhchanna a gheofá fan chósta an Mhuirthead, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo. Sea, agus féach ar an ainm a baisteadh ar an bhfoirgneamh ina raibh muid lonnaithe fad a bhíomar ag cur fúinn ansin, “Oasis Dunas”, sea, tugann sin le fios do dhuine go raibh na dumhchanna gainimhe sa chuid sin den oileán, agus tá na hÁrasáin sin suite ar imeall an Ionaid Saoire sin Corralejo.
Turas Tionlactha
Ar ar mbealach, ar bhus, ón Aerfort go Corralejo, bhí deis ag ár dTreoraí ualach asail de scéalta faoin oileán a insint dúinn, agus chomh maith le sin, bhí deis aice ár n-aire a dhíriú ar fhear eile de na hOileáin Chanáireacha, ar Lanzarote, a bhí le feiceáil go taibhsiúil ar thaobh na láimhe deise, agus cuma draíochta air faoi ghrian scaltach róstach an mheánlae. Chuamar thar roinnt bailte poirt, agus míníodh dúinn, go mba thogha ionaid iascaigh iad na bailte céanna sin, ach chuir sí fainic na bhfainic orainn ag rá go raibh de nos ag na dúchasaigh, i gcuid acu, an iascaireacht sin a dhéanamh gan snáithe éadaigh orthu, taobh amuigh de hata agus stocaí, b’fhéidir!
Chonaiceamar freisin sléibhte agus cnoic den uile dhéanamh, cuid acu maol, cuid acu beannach, agus cuid eile fós nach raibh maol nó beannach, ach iad ait, iontach, dodhearmadtha.
Caisleán sa Spáinn ?
Ar ár mbealach freisin, chuamar thar áras nua a bhí á thógáil ar thaobh an bhóthair, é ollmhór, míofar, neamhghnách, ach míníodh dúinn go raibh sé fágtha sa tslí sin le tamall anois.
Cé a mba leis é, an ea?
Luadh Posh agus Becks leis.
Agus tuige nár críochnaíodh é?
Ní raibh freagra na ceiste sin ag éinne, a dúradh linn, ach go raibh an chuma ar an scéal nach bhféadfadh an bheirt sin teacht ar aon fhocal, faoin chaoi ab fhearr le críoch oiriúnach a chur ar a “gCasa Grande” i bhFuerteventura. Minic a chualamar faoi chaisleáin sa Spáinn a bheith á thógáil ag duine! bhuel, is dócha go bhfuil ceann de na caisleáin sin á thógáil ag an lánú seo i gcúige iargúlta de Ríocht sin na Spáinne, agus má éiríonn leo riamh é a chríochnú, tá mé cinnte go mbeidh “Casa” ar dóigh acu amuigh ansin, é suite in áit chomh halainn is a d’fhéadfá a fháil, agus é feistithe ansin, ag breathnú amach ar an bhfarraige agus ar Oileán álainn Lanzarote.
Moill gan choinne!
Ar deireadh thiar, shroicheamar ár gceann scríbe, agus muid tuirseach, traochta. lag leis an ocras. Thugamar aghaidh ar an gcúntar, áit a raibh orainn dul trí na gnáthchúrsaí cláraithe. Ach bhí ceataí sa scéal inár gcásna, áfach. Ní dóigh liom gur mhínigh mé, i dtosach báire, go raibh dhá ghrúpa dínn ann, mé fhéin is mo bhean i dtosach báire,, agus in éineacht linn, bhí ár n-iníon, a céile, agus a mbeirt páistí siúd. Bhuel, ní raibh tásc nó tuairisc fúinne le fáil sna leabhair s’acusan. Bhí orainn fanacht ansin, fad is bhí siad ag cuartú anseo, is ag ransú ansiúd. Chuireadar fios ar an mbainisteoir, agus ba é an scéal céanna aigesan é, ní raibh ar a chumas faisnéis ar bith a fháil go raibh muid cláraithe acusan don tsaoire sin, olc, maith, nó dona. Lean an scéal mar sin ar feadh uair a chloig, ar a laghad, agus ansin, tháinig duine eicínt ar chuntas, i leabhar eicínt, go raibh árasáin curtha in áirithe don dhá ghrúpa dínn.
Míle buíochas do Dhia, arsa sinne, d’aon ghuth, ach ar an droch uair, ní raibh árasáin ar bith réidh le sinn a shacadh isteach iontu. An mbeadh muid sásta fanacht cupla uair a chloig, le deis a thabhairt don bhfoireann glanta, árasáin a ghlanadh agus a ullmhú dúinn? Bhuel, bí ag caint ar rogha an dá dhíogha! Nó ní raibh le déanamh againn, ach fanacht an dá uair a chloig, sin nó bóthar a bhualadh, agus árasán a lorg áit eicínt eile, bíodh go raibh díolta againne as dhá árasán san Ionad sin. Shocraiomar ar fanacht, agus ar ball, tar éis trí huaire a chloig, insíodh dúinn go raibh ár n-árasáin réidh dúinn agus bronnadh na heochracha orainn!
Ar Deireadh Thiar!
Faoin am sin, ba bheag nach raibh muid gan aithne gan urlabhara, ach ar aon nós, tar éis dúinn ár málaí taistil a shocrú sna hárasáin, thugamar an baile mór orainn fhéin, agus muid stiúctha leis an ocras agus spalptha leis an tart. Anois, is féidir liom a rá nach raibh ganntanas bia nó dí san Ionad Saoire céanna sin Corralejo, nó bhí Proinntithe agus Óstáin den uile chineál le fáil ina múrtha ó cheann ceann an bhaile poirt álainn céanna sin. Chuireamar chuige sin, le flosc agus le fonn, agus i ndeireadh na dála, chuireamar cúl ar ár n-ocras agus ar ár dtart, agus chaitheamar an chuid eile den tráthnóna sin ag guairdeall timpeall, ag baint taitnimh as chuile shórt a bhí le feiceáil agus le cloisteáil i mbaile mór Corralejo.
Ar thaitin an tsaoire sin i bhFuerteventura linn, an ea?
Ar ár Sáimhín Só
Bhuel, tríd is tríd, bhaineamar taitneamh agus tairbhe as an tréimhse a chaitheamar ar an oileán neamhaí céanna sin. Is dócha gurb é an bua is mó a bhaineann le saoire dá leithéid nó go mbíonn ar dhuine maireachtáil scathamh, gan ghluaisteán, gan fón, gan teilifís, d’fhéadfá a rá, agus go mbíonn air freisin, saol simplí a chaitheamh, saol a chuireann iachall air, scaití a chaitheamh ag smaoineamh, agus bíonn air freisin a mharana a dhéanamh ar an gcineál saoil atá á chaitheamh aige sa mbaile. Tugann sin uilig sos iontach ó chúramaí an tsaoil chráite, chéasta seo, don duine. Bhuel, b’in mar a mhothaíomar, ar aon nós, agus ní call dom a rá, gur bhaineamar taitneamh as saol an Oileáin iontaigh, neamhaí sin. Ar an dtaobh eile den scéal, áfach, caithfidh mé a admháil, go raibh an áit beagáinín ró-the domsa, nó déarfainn go raibh cineál brothaill agus tonn teasa ann, le linn dúinne bheith ansin, nó bhí an teocht sna triochaidí, i rith an ama sin. Sea, agus caithfidh mé a admháil, go bhfuil an teocht céanna sin beagáinín ró-the domsa, sea, agus sin gan tagairt ar bith a dhéanamh anseo do na diabhail corrmhíolta, a bhí flúirseach go maith ar an oileán ag an am sin, rud a chuir iachall ar dhaoine, bealadh, nó ungadh, speisialta frithchorrmhíolta a chaitheamh, leis na gadaithe beaga sin a choinneáil i bhfad uait!
Ar aon nós, taobh amuigh de sin ar fad, bhaineamar taitneamh as ár dtréimhse ansin, agus thaitin cuma scéirdiúil, feannta, fásúil an oileáin linn, ach, ag an am gcéanna, níor shil mé deoir ar bith nuair a bhí deireadh leis an tsaoire sin, agus muid ar ár mbealach ar ais abhaile go hÉirinn iathghlas oileánach, nó nach mbeadh sé deacair áit níos taitneamhaí, níos ilchineálaí, níos áille, ní í, a fháil faoi luí na gréine.
An mbeidh mé ag dul ar ais go Fuerteventura ar saoire arís? N’fheadar, ach tá mé ag ceapadh, go bhféadfainn níos mó taitnimh a bhaint as saoire anseo i measc Bhánchnoic Éireann Ó, agus téadh an aimsir tigh an diabhail!!!
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Lá Breithe faoi shéan is faoi mhaise do
an tUltach
Peadar Bairéad
.
Go maire AN tULTACH an céad, agus tuilleadh
Nárbh inmholta an saothar é, Iris Ghaeilge a bhunú agus a choinneáil sa tsiúl ar feadh nócha bliain? Agus dá chruthú sin, tá os mo chomhair amach anois cóip d’eagrán na Samhna den Iris chéanna sin, agus ar chlúdach tosaigh an eagrán sin tá an ráiteas…”90 Bliain Slán in Ultaibh”, agus le cur leis an ráiteas céanna sin, tá alt breá le Pádraig Mac Congáil, ar leathanach a hocht, faoin teideal “90 bliain ar an fhód” Sea, mh’anam! nuair a smaoiníonn tú air, nár gheall le miorúilt é go rabhthas in ann Iris Léannta dá leithéid a bhunú i saol corraitheach na bliana sin 1924, agus nuair a chuireann tú san áireamh nach raibh an Stát s’againne ach ina bhunóc ag an am, agus a aird uilig dírithe, d’fhéadfá a rá, ar theacht slán agus ar theacht i dtír, agus é tar éis fáil réidh le cumhacht agus le máistreacht Gall, ach b’in mar a tharla. Nuair a smaoiníonn tú ar na deacrachtaí a bhí le sárú acu an tráth úd, agus an chaoi ar éirigh le bunaitheoirí ‘An tUltach’ na deacrachtaí sin uilig a shárú, nach dtugann sin misneach dúinne, faoi láthair, tabhairt faoi na deacrachtaí atá le sárú againne, faoin am seo, agus nuair a smaoiníonn tú air, nach inmholta an fiontar é, iarracht a dhéanamh ar Iris chomh léannta, tarraingteach, dúchasach, a choinneáil sa tsiúl agus a fhágáil le huacht dóibh siúd a thiocfas inár ndiaidh i nGort seo Choinn agus Eoin? Agus faoi mar adeirtear in Eagarfhocal eagrán seo na Samhna…”Is boichte a bheas an tír, agus saol na Gaeilge, má imíonn irisí amhail an tUltach ón tsaol.” Luaitear freisin san Eagarfhocal céanna sin, an chaoi a gcaillfeadh scríbhneoirí nua, léitheoirí na teanga, agus mic léinn, go gcaillfeadh siadsan ardán le dul i dteangmháil le spiorad agus le dearcadh a gcine trí mheán na teanga a mhúnlaigh, a d’aclaigh, agus a spreag, aigne a gcine le sinsearacht, agus ní beag nó suarach an focal é sin.
Eagrán na Samhna, 2014
Ach le hiompó arís ar eagrán seo na Samhna, agus ar na hailt éagsúla atá le fáill ann, caithfidh mé a admháil gur thaitin an píosa atá ag Úna Ultach ar leathanach a cúig. Siopadóireacht na Nollag atá idir chamáin aici, earra a chuireann creatha strus ag rith síos a cnámh droma, an créatúr! Sea, agus ní le háthas é, nó is fuath lei a gcaitear ar bronntanaisí seafóideacha, costasacha, le bronnadh ar ghaolta agus ar chairde nach mbainfidh úsáid riamh as na féiríní céanna sin. Tá bealaí eile, dár le hÚna, le do mheas a chur in iúl dóibh. Coinnigh ort Una! nó bhí gá géar le halt dá leithéid uainn, an tráth seo bliana.
Tá píosaí breátha le léamh in eagran seo na Samhna agus tá mé cinnte, go mbainfear taitneamh agus toit astu. Chuir mé fhéin spéis in alt faoin chaoi ar thug an Chatalóin dúshlan Rialtas na Spáinne, píosa a chuirfeadh duine ag smaoineamh ar an chaoi ar chuir ár gcairde in Albain a gcosa uathu, ar na mallaibh, agus iad ag dul ar thóir na saoirse polaitíochta dóibh fhéin. Súil againn go mbeidh lá eile acu thall. Ailt bhreátha freisin ó Phádraic Ó Siadhail, ó Chiarán Ó Choigligh, agus tuilleadh. Ní gá a rá, go léim saothar Ghuaire chuile bhabhta, nó is spéisiúil an píosa é i gcónaí. An turas seo díríonn sé a aire ar an Oireachtas agus ar chomóradh 90 bliain de an tUltach. Tá píosa suimiúil freisin ó Phádraig Mac Congáil faoi’n mbliain 1924 agus bunú an tUltach. Luann sé liosta de na tarluithe a bhain leis an bhliain sin ó bhunú Fórsaí Cosanta an tSaorstáit (Óglaigh na hÉireann) i ndeireadh na bliana sin go dtí gur deineadh ábhar éigeantach den Ghaeilge sna scoileanna, sa bhliain chéanna sin, agus ó fhoilsiú “The Hidden Ireland” le Dónall Ó Corcora go bunú an tUltach le Lorcán Ó Muireadhaigh. Is soiléir ón méid sin, go raibh an saol Gaelach ag déanamh tinnis dá lán, ag an am sin.
Fás agus Fómhar flaithiúil
Bhí an talamh á rómhar agus an síol á chur, agus súil acu le fás agus fómhar flaithiúil, ar ball. Agus féach, nach bhfuil píosa beag uaim fhéin le léamh ann freisin faoi dhearcadh dhaoine ar nós Hanrahan a luaitear sa dan “Said Hanrahan,” Agus tá súil agam nach mbuailfidh Galar Hanrahan lucht na nIrisí Gaeilge agus nach mbacfaidh siad le deilín Hanrahan..
“We’ll all be rooned,” said Hanrahan,
“Before the year is out.”
Bíodh misneach agus cur le chéile againn feasta, agus éireoidh linn. Sea, agus fear na bó faoin ruball!
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Cuairt Phapuil eile ?
Peadar Bairéad
(This week we consider another Papal Visit to Ireland)
Bliain an Phápa
Bratacha geala in airde,
Is Crois ard an Phápa go buach
Ar thulach geal aerach an Aifrinn,
Nuair a thiocfaidh a Naofacht ar chuairt.
Scéal an Phápa scéal gach éinne, na laethe seo, agus ní taise dúinn fhéin é, nó nach cuimhin le roinnt mhaith daoine fós, 1979, ‘Bliain an Phápa’, , nuair a thug a Naofacht, Eoin Pól a Dó, cuairt ar Oileán seo na Naomh is na nOllamh. Fanann cuimhne na cuairte sin glé, glan, im chuimhne fhéin fós, nó nach raibh sé de phribhléid agam Comaoin Naofa a ghlacadh ó láimh an Phápa fhéin, i bPáirc an Fhionnuisce, ar an ócáid stairiúil chéanna sin.
Tháinig na cuimhní sin thar nais ina rabharta chugam, nuair a léigh mé gur dhearbhaigh an Pápa Proinsias, go dtionólfaí an chéad chruinniú eile de ‘Chruinniú Domhanda na gClann’, i gCathair Átha Cliath, i gcionn trí bliana eile, sa bhliain 2018. Anois, glactar leis, go bhfuil sé de nós ag an bPápa bheith i láthair ag ócáidí dá leithéid, agus dá bharr sin, táthar den tuairim, go bhfuil socruithe ag an bPápa Proinsias, bheith i láthair ag an gcéad chruinniú eile den eagraíocht sin, i gCathair Átha Cliath, sa bhliain 2018. Cuireadh ceist ar Dhiarmaid Mairtin, Ardeaspag Átha Cliath, faoi chuairt sin an Phápa, ach ba é adúirt seisean mar fhreagra ar an gceist sin, nó go raibh sé ró-luath fós le socrú dá leithéid a dhearbhú, nó nach ndéanfaí socruithe dá leithéid go dtí go mbeifí i bhfad níos cóngaraí don sprioc-dháta, ach, i ndiaidh an iomláin, is léir, go bhfuiltear i ngeall le bheith cinnte, go bhfuil an Pápa fhéin meáite ar chuairt a thabhairt ar Éirinn, thart ar an am sin, más é toil Dé é. Níl dabht ar domhan ach go mbeidh aird an tsaoil mhóir dírithe ar thír seo na hÉireann, má tharlaíonn a leithéid.
An Pápa sna Stáit
Breathnaigh ar ar tharla le linn a chuairte ar na Stáit Aontaithe. Chuir Meáin chumarsáide an domhain suim, agus dhá shuim, sa chuairt chéanna sin, agus bhí le tuigbheáil ón aischothú go raibh lucht éisteachta, ‘thar a bheith aireach’, ag éisteacht le chuile cheo dá ndúirt sé. Féach ar an éisteacht a thug Seanad agus Comhdháil Mheiriceá dó, nuair a tháinig an dá Theach sin le chéile, le deis a thabhairt dó labhairt le ceannairí polaitíochta Mheiriceá. Tuigeadh dóibh uilig, go raibh siad ag éisteacht le fear a raibh machtnamh doimhin déanta aige ar chúrsaí domhanda. Cuireadh spéis in a raibh le rá aige faoi thruailliú ár dtimpeallachta, faoi na hathruithe atá á ndéanamh ar ár dtuiscint ar ábhair, cosúil le pósadh, géilleagar, dídean, pionós an bháis, agus tuilleadh d’ábhair thromchúiseacha dá leithéid. Tugadh cluas aireach dá raibh le rá aige, agus tógadh na gártha molta lena spreagadh agus a mhisniú, nuair a léirigh sé go raibh sé ag tochrais ar an gceirtlín céanna lena bPáirtí fhéinig. I Philadelphia dó, chuaigh sé chun cainte le roinnt daoine ar thug baill den chléir mí-úsáid ghnéis dóibh, le linn a n-óige. Ba sa chathair sin freisin, a dhein sé tagairt don chéad chruinniú eile de ‘Chruinniú na gClann’ sa bhliain 2018, agus shocraigh sé, go dtionólfaí an cruinniú sin in Áth Cliath. Níl dabht dá laghad, ach go raibh sé ag tabhairt leide do na ‘cognoscenti’, go raibh sé meáite ar chuairt a thabhairt ar Éirinn don Chruinniú céanna sin, agus tráthúil go leor, tá Ambasáid na hÉireann chun na Vatacáine i mbun gnó arís, le freastal ar fhiontar dá leithéid sin. Ba mhór an onóir don tír seo, dá dtarlódh a leithéid, nó faoin am sin, beidh an Pápa ag sleamhnú iseach sna hochtóidí, ach tá sé beo, bríomhar, fós, bail ó Dhia air.
Mar phobal an Silva Focluti,
Ag glaoch ar Phádraig trí shuan,
Impímis ar Pápa na Róimhe
Filleadh, is siúl linn, athuair.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Oirniú Easpaig
.
Fáilte romhat, a Easpaig
.
Fáiltíonn Osraí romhat, a Easpaig,
Go Suí Chiaráin, cois Feoire glé,
Fáiltíonn do phobal romhat abhaile
Ón Róimh anoir mar Aoire Dé.
.
Bronnadh cumhacht trí leagan lámh ort,
Glacaimidne led mhisean chugainn,
Is guímid rath is séan ort feasta,
Grásta ó Dhia duit is dúinn.
.
Nár laga Dia do mhisneach choíche,
Go neartaí sé do chroí ‘s do lámh,
Go n-éirí leat trí dheonú Chríosta
Teaghlach Chiaráin a sheoladh slán.
.
Failte romhat abhaile
Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis an Monsignor Séamus Freeman, Easpag nua Osraí, agus fáiltím roimhe go croíúil, agus é ag dul i gcomharbacht ar Chiarán Chléire mar Easpag, ar Shuí ársa Osraí.
Éist le Cling an Chloig
Dúisíonn ócáid dá leithéid fonn ionainn, dul siar bóithrín na smaointe, ag tabhairt glóir na laethe a bhí, chun cuimhne arís. Smaoiníonn muid ar an saol mar a bhí, an tráth úd, nuair a thosaigh Ciarán Chléire fhéin ar a thuras go hOsraí, i ndeireadh an cheathrú haois. Is dócha go bhfuil scéal a chloigín cloiste ag chuile dhuine againn, faoin am seo. Dhealródh sé, go ndeachaigh Ciarán ag taisteal roimhe, agus é ina fhear óg. Chuaigh sé chomh fada ó bhaile leis an Róimh, an tráth sin, agus ba é deireadh an scéil é nó gur oirníodh ina Easpag é. Thart ar an am seo dá shaol, is cosúil gur casadh Pádraig s’againne air, agus thug Pádraig cloigín coisricthe dó, agus dúirt leis, a chill a thógáil, cibé áit a chlingfeadh an cloigín, as a stuaim fhéin. Bhí go maith, is ní raibh go holc. D’fhill Ciarán ar Éirinn, agus ba ghearr go ndeachaigh sé ar a mhisean, ag craoibhscaoileadh an Chreidimh Chríostaí, roimhe is ina dhiaidh.
Cloigín Phádraig
Tharla, lá, agus é ag taisteal trí Shaighir, áit atá suite i gContae Ua bhFáighle, agus do bharúil? nár chling cloigín Phádraig. Stop Ciarán, agus shocraigh sé ar cheanncheathrú dá mhisean i measc na nOsraíoch a bhunú ar an lathair sin. D’éirigh go seoigh leis ina chuid oibre, agus d’fhás agus d’fhorbair an creideamh i gcliabhán úd na Críostaíochta, gur leath sé, le himeacht aimsire, ar fud Ríochta ársa Osraí. D’fhan Saighir Chiaráin mar lár-ionad na deoise sin Osraí, an deoise is sine in Éirinn, go dtí gur aistríodh, ar ball é, go hAchadh Bó, mar a raibh a Mainistir ag Cainneach agus ag Fearghail, agus ar deireadh thiar, sa dara haois déag, aistríodh ceanncheathrú na deoise sin go Cill Chainnigh fhéin, mar a bhfuil sé suite, go dtí an lá atá inniu fhéin ann.
An Ceathrú Easpag is Nócha
Ach nach fada go deo an an t-achar siar é go ré Chiaráin, agus nach iomaí sin Easpag a tháinig i gcomharbacht air, ón am sin anuas. Trí dhuine is nócha díobh, adeir lucht léinn linn, agus cé chuirfeadh ina gcoinne siúd? agus anois, tá an ceathrú duine is nócha díobh, oirnithe, coisricthe, beannaithe, réidh ullamh le dul i mbun oibre anseo in Achadh Chiaráin, áit a ndéanfaidh sé a dhícheall ar mhisean Chiaráin a choinneáil sa tsiúl.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Tadhg an dá Thaobh
Breis is mí ó shoin anois, bhí píosaí le léamh ar pháipéar áirithe, faoi ísliú pá agus an Garda Síochána.
Céard a bhí i gceist sna píosaí céanna sin, an ea?
Bhail! Bhí seo. Dúradh go raibh an ísliú pá sin ag cur as go mór do bhaill an Gharda Síochána, go háirithe do na baill óga, a bhí ar phá íseal go maith, cheana féin, agus dá leanfaí leis an bpolasaí míchiallmhar sin, go bhféadfaí a bheith cinnte de, go mbeadh baol ann, go bhféadfadh coirpigh ghairmiúla fábhar na mball sin a cheannacht, trí bhreabaireacht.
Caithfidh mé a admháil gur bheag nár bhain an raiteas céanna sin an anáil díom! agus níos measa fós, ba cheannairí cheardchumainn na ngardaí a dhearbhaigh a leithéid, de réir an nuachtáin chéanna sin.
Céard a bhí i gceist sa dearcadh sin, an ea?
Go dtí na Cluasa!
Bhail! Bhí seo. Ó tharla go raibh cúrsaí eacnamaíochta na tíre seo sáite go dtí na cluasa i dtrioblóid, agus ó tharla go raibh ar an Rialtas chuile iarracht a dhéanamh le sinn a thabhairt i dtír slán sábháilte as an bpuiteach maraitheach sin, ní raibh an dara rogha acu, ach pá agus liúntais na n-oibrithe a ísliú. Agus i ndáiríre, más uainn talamh slán a shroichint go luath, caithfidh chuile dhuine againn a chion fhéin a dhéanamh, ar mhaithe leis an bpobal frí chéile. Arbh é a bhí á rá sa ráiteas úd, nó nach raibh na Gardaí sásta a gcion fhéin a dhéanamh i gcosaint an phobail s’againne? Mar, dá mba ea, cé bhronn an tseamair Mhuire orthusan? Nó cé dúirt leo taobhú le taobh amháin, seachas an taobh eile, sa chogaíocht bhuan idir dhlí agus cheart, ar thaobh amháin, agus coirpeacht agus fealltacht, ar an dtaobh eile.
An i ndáiríre atá siad?
Ag cogaíocht le Coirpigh
Déarfainn nárbh ea, nó an bhfuil aon dream sa tír seo, a chaitheann a laethe agus an n-oícheanta,dá ndéarfainn é, ag cogaíocht le coirpigh, agus iad ag iarraidh Cothrom na Féinne a chur ar fáil do chuile shaoránach. An gceapann tú go bhféadfadh duine dá leithéid, seal a chaitheamh, ag taobhú leis an dtaobh eile?
Ní chreidfinn é, agus chomh fada is a d’fheicfidís go raibh an Stát ag tabhairt Cothrom na Féinne dóibh fhein, agus go raibh an t-ualach céanna á iompar ag chuile shaoránach eile, bhail, ní chreidfinn go bhféadfadh garda ar bith a phost a thréigint sa chogaíocht i gcoinne na gcoirpeach.
Ach céard faoi na cinnlínte ar an nuachtán úd, má sea?
Diabhal a bhí iontu ach, cinnlínte ar nuachtán, agus ní cinnlínte a dhréachtann polasaí an Gharda Síochána.
Sea, agus taobh amuigh de na cinnlínte céanna sin, tá scéal eile a sníomhtar isteach sna nuachtáin, ó am go chéile, freisin, faoi chúrsaí ioncaim.
Agus céard é fhéin, an ea?
Bhail, tá daoine áirithe sa tír seo, a shaothraíonn lab mór airgid, in aghaidh na bliana, agus is é a theastaíonn uathusan, nó greim dúide a choinneáil ar an airgead céanna sin, agus cé go mbíonn ar an gcosmhuintir glacadh le hísliú pá, le fadhb airgid na tíre a leigheas, tuigtear do na daoine saibhre seo, nach bhfuil dualgas ar bith orthusan a gcion fhéin a dhéanamh, leis an ngéirchéim sin a shárú, agus níl a leath fhéin sásta dul i gcomhar leis an bpobal sagainne, leis an bpoll dubh sin in ár mbuiséad a líonadh.
Ag cruinniú na Leithscéal
Agus an bhfuil leithscéal ar bith ag na daoine seo as gan a gcion fhéin a dhéanamh i ré seo ár nganntain?
Tá, mh’anam, agus dhá leithscéal! Ach arís, is leithscéal é a bhfuil a thóin leis! Nó maíonn siad i dtosach, go mbeadh an baol ann, go ndéanfadh tír éigin eile iad a phóitseáil uainn, mura mbeadh an phingin is airde á fháil acu uainne! Sin, nó ar an dara dul síos, dár le roinnt eile de na daoine cumhachtacha seo, go mbeadh an baol ann, go nglacfadh roinnt áirithe da mbaill breabanna, go háirithe, breabanna ó choirpigh. Is beag uisce a choinneodh ceachtar den dá leithscéal sin, dá mba shoithigh iad. Má tharlaíonn go bhfuil postanna den scoth acu, agus má íoctar go maith iad as dualgaisí an phoist sin a choimhlíonadh, bhail! nach é is lú is gann dúinn a bheith ag súil uathu, nó go nglacfadh siad go fonnmhar le hísliú pá, chomh maith le duine, agus gan a bheith ag cruinniú na leithscéal roimh ré, ar eagla go n-iarrfaí orthu a ndea-shaorántacht a chruthú in am an ghátair. B’fhéidir gur leor sin do thuras na huaire seo, nó ní tráth cainte é, ach tráth dáiríreachta agus gnímh.