le Peter Barrett | 2017/04/09 | Gan Chatagóir
Saolaíodh Áilleacht Uafar 4
.
Peadar Bairéad
(This week we consider The Language and The Rising)
.
The Irish Mode
o tharla go bhfuil comóradh an Éiri Amach le ceiliúradh ó cheann ceann na tíre seo, i mbliana, is dócha go bhfuil sé in am againn anois breathnú siar ar an eachtra sin, agus chuile shórt a chur sa mheá arís. Is dócha gur chóir dúinn aire faoi leith a thabhairt do fhís lucht eagraithe an Éiri Amach céanna sin. De ghnáth, dírítear ar thrí aidhm faoi leith a chuireadar rompu, agus b’in iad, Poblacht saor, gaelach, agus aontaithe, a bhaint amach dá muintir anseo in Éirinn, agus sin a dhéanamh trí neart airm. An babhta seo, áfach, díreoidh mé ár n-aire ar…Éire Ghaelach, mar chuspóir…
Nuair a smaoinimid ar chúrsaí na teanga, faoi mar a bhí, an tráth úd, tuigtear dúinn, nár ró-bhuacach a bhí an teanga chéanna anseo ag an am. Is cinnte go raibh Gaeltacht i bhfad níos leithne agus níos fairsinge acu ansin ná mar atá againne, sa lá atá inniu ann, agus is cinnte freisin, go raibh roinnt mhaith daoine ann ar mhór acu an teanga chéanna sin. Ach faoi bheith ag caint ar athbheochaint na teanga sin, mar ghnáth theanga labhartha na ndaoine, is dócha nár tuigeadh cé chomh deacair is a bheadh sé cuspóir dá leithéid a bhaint amach, ach gan dabht ar domhan, bhí an fhís sin coitianta i measc náisiúntóirí an tráth sin.
Ach céard faoi lucht eagraithe an Éirí Amach? An raibh siadsan meáite ar an teanga a chur i mbéal an phobail arís, mar a dteanga laethúil?
Is dócha gur tuigeadh do roinnt mhaith acu, go raibh cath le troid i dtosach, ach chomh luath is a bheadh an cath sin buaite, bhuel! ansin d’fhéadfaí tabhairt faoi na cúrsaí sin i ndáiríre. I gcás an Phiarsaigh áfach, is dócha go raibh seisean den tuairim, go bhféadfaí a leithéid a dhéanamh, nó chonaic seisean céard a d’féadfaí a dhéanamh tríd an teanga a mhúineadh don óige. Ach caithfimid a thabhairt faoi deara, go mba scoláirí faoi leith a bhí ag freastal ar scoil an Phiarsaigh, Scoil Éanna, agus chomh maith le sin, bhí staidéar déanta aige fhéin ar chóras dhátheangach faoi mar a oibríodh é i dtíortha eile, sa Bheilg, mar shampla, agus tríd an modh sin, d’éirigh leis an teanga, maraon le Gaelachas, a mhúineadh dá dhaltaí, agus sa tslí sin, tuigeadh dó, céard a d’fhéadfaí a dhéanamh nuair a bheadh inneallra an Stáit taobh thiar d’iarracht ar an nGaeilge a athbheochan agus a chur á labhairt ó cheann ceann na tíre arís. Ach, déarfadh duine anois, b’fhéidir, go mba fhís inmholta í an fhís chéanna sin, agus fís a bhí an-oiriúnach mar chuspóir don Éiri Amach. Bhí dearcadh eile ag daoine eile, áfach. I gcás Thomáis Mhic Dhonncha mar shampla, bhí dearcadh difriúil aigesean. Ag caint dó ar an ’Irish Mode’, – sin filíocht scríofa ar bhealach Éireannach, bealach a léireodh smaointe, dearcadh, agus ceol agus rithim an chine, ba é a theastaigh uaidhsean nó go gcoinneofaí an Ghaeilge beo sa Ghaeltacht. Shásódh sin é, sílim, agus ba leor é freisin, mar bheadh tobar fíor-ghlan agus síor-ghlan na nGael ansin i gcónaí le Béarla Gall-Ghaelach na nÉireannach a leasú agus a shaibhriú. Níor ghnáth-athbheochantóir é Tomás. Thiocfadh an náisiún i dtír ar Bhéarla, ar choinníoll go mbeadh an tobar fíor-ghlan sin ar fáil ag domhan an Ghall-Ghaelachais. Is dócha gurbh é sin an fáth ar tuigeadh dó, nach raibh gá feasta le Conradh na Gaeilge sa Ghalltacht, nó ba sna bólaí sin a d’fhásfadh an teanga speisialta nua seo, an teanga Angla-Éireannach, agus san idirlinn, bheadh gá le haistriúcháin, le saibhreas na Gaeilge a chur ar fáil dóibh siúd a bhí ina héagmais. Chuige sin, agus le dea-shampla a thabhairt, thug sé fhéin faoi aistriú a dhéanamh ar dhánta aithnidiúla Gaeilge. Nach cuimhin libh a aistriú ar ‘An Bonnán Buí’…
The yellow bittern that never broke out
In a drinking bout, might as well have drunk;
His bones are thrown on a naked stone
Where he lived alone like a hermit monk
O yellow Bittern! I pity your lot,
Though they say that a set, like myself is curst –
I was sober a while, but I’ll drink and be wise
For I fear I should die in the end of the thirst.
Féach nár bhac sé le meadaracht na filíochta Béarla san aistriúchán seo, ach rinne sé aithris ar an mheadaracht a d’úsaid Cathal Buí fhéin. B’in sampla den ‘Irish Mode’, dár le Tomás.
.
Tuilleadh le teacht.
le Peter Barrett | 2017/04/09 | Gan Chatagóir
.
Súnaimí an Áir
.
Maidhm mhór mhara ar ligeadh srian lei,
Iar chrith dian talún i dtóin poill thíos,
Ina rás nós lasrach thar Mhuir na nIndiach,
Ar chapaill Mhanannáin is a moing le gaoth.
.
Ina thonn mhór mhillteach do sheol an tubaist’
Aniar aduaidh ar fhir is ar mhná,
Gur tháinig i dtír i ngan fhios d’éinne,
Is gur threascair roimpi a raibh ar thrá.
.
Ar theacht i ngar don chósta croíúil,
Chruinnigh a fórsaí is bhailigh a slua,
Gur éirigh in airde ina sliabh ard uisce,
Le bás is bascadh a imirt gan trua.
.
Bhuail an cósta mar a phléascfadh sliogán,
Is leag go faonlag a raibh sa tslí,
Ní raibh tada roimpi a stopfhadh a ruathar
Go ndearna sléacht is gur scrios gach ní.
.
Na fir is na mná, na sean is na páistí,
A bhí ag déanamh spóirt dóibh fhéin gan chrá,
Bascadh ina mbruscar na créatúir bhochta
is fágadh ar lár iad ar chiumhais na trá.
.
An Súnaimí gránna mar ruathar mharcshlua,
Do bhris is threascair idir fhir is mhná,
Scuab sé roimhe idir dhaoine is tithe,
Is leag go fann iad sa mbruth le trá.
.
Uimhir gan áireamh a treascradh sa seársa,
Gan deis ag éinne acu ealó ón dtonn,
Is d’fhág Clann Éabha go deorach cráite,
Ag silt gan faoiseach, is ag gol le fonn.
.
Ach níor treascradh fós an spiorad daonna,
Nó chruinnigh sé a neart abhus agus thall,
Gur gineadh madhmanna do-stoptha cúnaimh,
A d’imigh ina rás chuig a raibh faoi chrá.
.
Maidhm mhór trua ina ruathar chucu,
Is maidhm mhór airgid mar thonn sa rás,
Comhar na gcomharsan le cóir á seoladh,
Maidhmeanna a chlaoifidh Súnaimí an Áir.
.
Cé gur leagadh faonlag na pobail chlaoite,
Is go gceapfadh éinne gur bhocht a gcás,
Ardóidh Súnaimí an Dóchais a misneach,
Is tógfaidh a gcroí siúd nár thit san ár.
.
Guigh orthu siúd a thit sa tubaist’,
Solas na soilse go raibh acu go brách,
Áit go deo ag Bord an Tiarna,
Dóibh siúd a threascair Súnaimí an Áir.
.
*******************************
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/09 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Fís na Ríochta
Nach minic an Críostaí ag caint faoi ‘Theacht na Ríochta’. Úsáideann sé an téarma sin chuile uair a ghuíonn sé ‘An Phaidir’, nó an Pater, faoi mar a thugann daoine eile air, nó sa phaidir chéanna sin, guíonn sé ‘go dtaga do Ríocht’ nó fiú, ‘go dtige do Ríocht’ faoi mar a chuireann an Connachtach é.
N’fheadar cén Ríocht a bhíonn i gceist acu sa phaidir sin?
Ríocht Dé, céard eile a bheadh i gceist acu, agus iad ag labhairt díreach leis an Athair fhéin?
Sea, ach céard é go díreach a bhíonn i gceist acu nuair adeir siad, ‘go dtaga do Ríocht’.
Guíonn an Críostai, sa Phaidir, go gcruthófar sochaí, ar an saol seo, a ghlacfadh le hAtharthacht Dé, agus a bheadh sásta ansin a thoil a dhéanamh abhus, faoi mar a tharlaíonn thall. Agus nuair a smaoiníonn tú air, nach é an dearcadh sin atá taobh thiar de chuile iarracht a dhéantar, ar an saol seo, ar dhán an daonnaí a fheabhsú abhus. B’fhéidir anois, nach mbeifí ag smaoineamh i gcónaí ar na fíricí atá taobh thiar d’fhealsúnacht na Paidre sin, ach ag an am gcéanna, b’aisti a d’fhás, agus a d’fhorbair, an fonn a bhíonn ar an ndaonnaí a chinniúint a fheabhsú abhus is thall.
Feabhsúcháin
B’fhéidir nárbh olc an tseift í anois, dearcadh ar feadh meandair, ar chuid de na hiarrachtaí a deineadh na feabhsúcháin sin a chur i gcrích.
Is dócha go bhféadfá a rá, go mba iarracht sa treo sin, chuile chreideamh, agus chuile chóras rialaithe, a cuireadh sa tsiúl ar an saol seo, ó laethe Ádhaimh agus Éabha i leith, fiú i gcás an chumannachais, ach i gcás na feallsúnachta sin, fágadh as an áireamh, ar fad, toise spioradálta an daonnaí, agus dá bharr sin, níor leagadh béim ar bith ar an saol thall. Dhírigh an córas sin iomlán a aire ar chruthú na ríochta abhus, mar a bhfaigheadh chuile dhaonnaí ar theastaigh uaidh, agus ag an am gcéanna, mar a mbronnfadh seisean, de réir a chumais, ar an ríocht chéanna sin. Ní call dom a rá, go mba é an Stát Cumannach réaladh na físe sin ar thalamh.
Ach i gcás na bpríomhchreideamh daonna, bíodh go mbaineann tábhacht leis an Ríocht ar thalamh, is tábhachtaí go mór fada dóibh, an Ríocht sa toise thall. Dhealródh sé, go bhfuil creideamh dá leithéid, de dhlúth agus d’inneach, san anam daonna.
Ó Ghlún go Glún
Breathnaigh ar an gcaoi ar síneadh an creideamh sin anuas chugainn, ó na glúnta a d’imigh romhainn. Mhúineadar córas iompair dúinn, córas a bhí bunaithe ar fhís úd na Ríochta. Ní call dom a rá, go raibh an córas iompair sin bunaithe ar dhá chloch bhoinn na Críostaíochta, sé sin, Grá Dé agus Grá na gComharsan. Déan an rud ceart. Ach, conas a aithnítear an ceart? Bhail, tabharfaidh do chroí istigh, nó do choinsias fhéin, freagra na ceiste sin dhuit. Tugadh le fios dúinn freisin, go mbeadh an Fear Thuas ag breathnú anuas orainn, agus go gcoinneodh seisean áireamh ár ngníomhartha i leabhar mór na gcuntas, agus go mbainfeadh sé úsáid as an leabhar céanna sin, Lá na Lice. Go bunúsach mar sin, ba é a bhí taobh thiar den gcóras sin uilig, nó Fís na Ríochta.
Clocha Boinn
Breathnaigh freisin mar a tharlaíonn inár scoileanna. Nach é an scéal céanna arís é? Grá Dé, agus Grá na gComharsan, mar chlocha boinn faoi eitic agus faoi fhealsúnacht oideachais pholasaí na scoileanna. Moltar an té a dhéanann dá réir sin, agus gearrtar pionós eigin ar an té a leanann iompar ar bith eile. Nach soiléir do chuile dhuine, go bhfuil difir mhór idir an saol a mholann na múinteoirí dá ndaltaí, ar thaobh amháin, agus an cineál saoil atá rompu amach, taobh amuigh de bhallaí na scoile, ar an dtaobh eile. Paidreacha; dea-iompar; Cothrom na Féinne; déan an mhaith agus séan an t-olc; á moladh mar bhóthar a leasa, don dalta, agus ag an am gcéanna, déantar chuile iarracht ar shochaí na scoile a fhorbairt ar na clocha boinn sin. D’fhéadfá a rá, go bhfuil Fís na Ríochta, mar fhórsa tiomána, taobh thiar de pholasaí úd na scoileanna. Nach ’in í sáinn an mhúinteora? É ag ullmhú an dalta do shaol amháin, agus gan fáil ar an gcineál sin saoil, sa domhan mór abhus, ach ag an am gcéanna, ullmhaíonn an t-ullmhúchán sin an dalta d’fhís na Ríochta.
Tír na nÓg
Is dócha go bhféadfá a rá freisin, go bhfuil saothair áirithe litríochta bunaithe, a bheag, nó a mhór, ar an bhFís chéanna sin, nó samhlaítear don údar, sochaí in a mbeadh chuile shórt de réir mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith. Saol gan deora, gan anró, gan chruatan; saol gan aois, gan éagóir, gan mháchail. Breathnaigh ar Thír na nÓg, i litríocht an Ghaeil, sa bhFiannaíocht, agus breathnaigh arís, ar Útóipe Sir Thomas More, agus feicfidh tú claonadh chun na Físe ag soilsiú trí na hAistí litríochta úd, bíodh nach ionann an dá rud, Fís na Ríochta, ar thaobh amháin, agus fís na n-údar éagsúil, a lean tóirse a gcoinsiasa fhéin, ar an dtaobh eile, ach ag an am gcéanna, seolann siad beirt fan bhóthar ár leasa sinn.
Nach breá an phaidir í….Go dtaga do Ríocht………….
le Peter Barrett | 2017/04/09 | Gan Chatagóir
C Á B H F U I L Á R d T R I A L L F E A S T A ?
.
Caithfear a admháil nach bhfuil an saol chomh bog, réidh, ag an Eaglais Chaitliceach is a bhíodh, cupla scór bliain ó shoin. Ní thugtar an aird chéanna ar dhearcadh na n-easpag is na sagart is a dhéantaí blianta ó shoin. Agus ní hé sin amháin é, ach le tamall de bhlianta anois, tá tobar na ngarimeacha crábhaidh ag dul i ndísc, ó bhliain go chéile. Má chuireann tú leis an méid sin, na scanaill uilig a chráigh an Eaglais sin le suim de blianta anuas, tuigfidh tú an cruachás ina bhfuil an Eaglais chéanna sin i láthair na huaire seo. Ní haon ionadh go bhfuil daoine áirithe á thuar, go bhfuil a caiscín meilte, agus go bhfuil muid in ár gcónaí anois ar thairseach na ré iarchríostaí, sé sin, mura bhfuil muid inti, cheana féin, agus cé thógfadh orthu é, a leithéid de thuairim a chaitheamh, nó ní comharthaí fáis in aon chor iad na comharthaí sin, a luaigh mé thuas. Ach caithfear a chur san áireamh, sa cheist seo, gur minic cheana adúradh an rud céanna faoin Eaglais chéanna sin, agus féach í beo beathaíoch fós inár measc. I rith a tréimhse ar an saol seo, tháinig impirachtaí, agus d’imigh impireachtaí, d’fhorbair náisiúin agus mheath rnáisiúin, tháinig ríochtaí ar an saol agus shéathlaigh ríochtaí, ach má dhein fhéin, tá sise fós ar mairthean. Duine ar bith a dhéanfadh staidéar ar an eagraíocht chéanna sin, bheadh air a admháil nár ghnátheagraíocht saolta a bhí i gceist anseo, agus go raibh chuile chosúlacht ar an scéal, go raibh cumhacht eicínt osnádúrtha i mbun oibre anseo, nó murach sin, bheadh a cosa nite na céadta bliain ó shoin, agus cos i bpoll curtha lei ag dream eicínt dá naimhde. Ach
bíodh nach bhfuil sí i mbarr na sláinte, faoi láthair, mar sin fhéin, maireann sí.
.
Céard a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, adéarfadh duine, b’fhéidir?
Bhuel, ba é ba chúis leis, i ndáiríre, nó píosa a léigh mé ar an Western People, dár dáta 16 Bealtaine, 2001, píosa leis an sagart cáiliúil sin, Fr. Brendan Hoban, fear a mbíonn píosa breá uaidh ar an nuachtán céanna sin, chuile sheachtain. Cúrsaí creidimh, nó cúrsaí sóisialta , nó fiú cúrsaí poilitíochta, a bhíonn ar an inneoin aige, seachtain i ndiaidh seachtaine, agus caithfidh mé a admháil, go mbainimse idir thaitneamh agus tairbhe as a cholún a léamh, go rialta. Ach san eagrán áirithe atá i gceist agam anseo, tá a aird dírithe aige ar thodhchaí na hEaglaise Caitlicí, i bhfianaise na ndeacrachtaí úd atá luaite agam fhéin thuas. Féach mar a chuireann sé tús lena phíosa ..…
“It’s no secret that this is a very fragile time for priesthood. Ordinations are few and far between. Priests are leaving the ministry. Few are entering seminaries. The status of religion in Irish life has declined. Fewer practice, in the sense of church attendance. The clerical sexual abuse scandals have traumatised priests. There is a sense, that for priests, we’re several goals behind and we’re facing into a stiffening breeze in the second half. Little wonder that in such circumstances there is talk of declining morale among priests.”
Sea, mh’anam, tá sé uilig ráite aige ansin, agus níor chuir sé fiacail ann, ach oiread. Nach gcuireann na fíricí sin uilig sinn ag smaoineamh ar chéard tá i ndán dúinn, sa todhchaí. “Cá bhfuil ár dtriall feasta?”, a déarfadh duine ar bith, tar éis dó a leithéid a léamh. Nó nach bhfuil chuile chosúlacht ar an scéal go bhfuil tobar na ngairmeacha crábhaidh beagnach imithe i ndísc ar fad orainn. I gcás deoisias Chill Alaidh, abraimis, deir an tAthair Brendan linn go raibh dáréag ábhar sagairt acu, nuair a bhí seisean sa Chliarscoil, agus sa lá atá inniu ann, níl ach fear amháin acu i mbun na hoibre sin! Sea, agus i ndeoise átha Cliath, níl ach fear amháin le hoirniú I mbliana. Nach leor sin le cruachás seo na hEaglaise a léiriú go soiléir dúinn?
Is dócha go bhféadfaí ceisteanna áirithe a chur i dtaobh na gcúrsaí sin. Céard is cúis leis an athrú ollmhór seo i gcás na ngairmeacha crábhaidh? D’fhéadfadh duine a rá go bhfuil na saolta ag athrú, agus go gcaithfimidne athrú leo. Nó d’fhéadfadh duine eile a rá, go bhfuil ré an chreidimh caite, geall leis, agus go gcaithfear tabhairt faoi athchraoibhscaoileadh an chreidimh chéanna sin arís, ach é a dhéanamh ar bhealach eile ar fad, sé sin, go gcaithfimid dul siar go dtí na préamhacha arís, agus tosú as an nua. Táid ann freisin adeir, nach bhfuil tada cearr le cúrsaí, agus nach bhfuil ann ach go bhfuil an Spiorad ag iarraidh sinn a threorú treo eile ar fad,, agus gurb é seo a bhealach, le sin a chur in iúl dúinn.
Ní gá a rá, go bhfuil daoine ansin, ag iarraidh a chur ina luí orainn, gurb é leigheas ár ngarla nó fáil réidh le riail na haontumhachta, scun scan, agus go mbeadh chuile short ceart arís. B’fhéidir go dtabharfadh socrú dá leithéid réidhe an achair dúinn, ar feadh scathaimh, ach i ndáiríre, is dócha nach mbeadh ann ach ón bhfuacht go dtí an teas. An bhfuil leigheas i ndán dár ngalar, mar sin? Bí cinnte go bhfuil, agus níl le déanamh againn ach teacht air! B’fhéidir gurb é socrú atá I ndán dúinn, i ndeireadh na feide, nó go dtabharfaí deis do chaitliceach ar bith, fear nó bean, a mbeadh na cáilíochtaí cuí, agus na tréithe riachtanacha aige nó aice, seal a chaitheamh le sagartóireacht. Ansin, nuair a cheapfadh sé nó sí go raibh a chion féin déanta aige, nó aice, don Eaglais, d’fhéadfadh siad filleadh arís ar shaol an tuata. D’fhágfadh sin go mbeadh bansagairt againn, taobh istigh de thréimhse áirithe, nó chaithfí spriocdhátaí a leagan síos i dtosach báire, i dtreo is go mbeadh deis ag daoine dul i gcleachtadh an leagain amach sin. Ar an dtaobh eile den scéal, d’fhéadfaí glacadh le socrú eile ar fad, sé sin, go leanfadh cúrsaí sagartachta díreach faoi mar atá i láthair na huaire, ach amháin go nglacfaí feasta le mná mar ábhair sagairt, ach go gcaithfeadh siad cloí leis na coiníollacha atá I bhfeidhm faoi láthair, i gcás na bhfear. Ach, i ndáiríre, ní fúmsa atá sé tuairimí dá leithéid a chaitheamh, caithfimid an scéal a fhágáil faoin Spiorad,fhéin, agus séidfidh seisean faoi mar is rogha leis.
Sa ghearrthéarma áfach, caithfidh muid glacadh leis, go mbeidh ganntanas sagart ann, gan aon ró-mhoill, agus dá thairbhe sin, nach mbeidh an oiread céanna Aifrinntí á cheiliúradh inár n-eaglaisí . Beidh an t-ádh linn, má bhíonn Aifreann Domhnaigh amháin á léamh dúinn, inár bparáiste fhéin. Féach mar a chuireann an tAthair Brendan é….
Again, if present patterns continue, we’ll be doing well if in 10 years time we have one weekend Mass in each church.
In future, when a priest dies or a priest is changed, the question we’ll be asking is will we get a priest at all and if we do how many other parishes will we have to share him with?
Is dócha, adeir sé, go bhfuil an Fear Thuas ag iarraidh sinn a ullmhú don chineál sagartachta a bheidh riachtanach, san aois, agus sa mhílaois, atá ag breacadh rómhainn, sna laethe atá le teacht
Ach is dócha, gurb é is riachtanaí dúinn uilig, i láthair na huaire seo, nó cúrsaí a ghlacadh go réidh, nó má tá an creideamh againn, tuigtear dúinn go bhfuil lámh láidir, chinnte ar an roth stiúrach, agus nach baol dúinn, ach ag an am gcéanna, tuigtear dúinn freisin, go bhfuil orainn uilig ár gcion fhéin a dhéanamh i ngnó seo ár slánaithe.
D’fhéadfadh muid trácht ar roinnt mhaith ábhar eile in alt mar seo, ach, b’fhéidir gur leor sin do thuras na huaire seo, agus fillfidh mé ar na cúrsaí céanna, amach anseo arís.
Go dtí sin, …Slán……..
.
Peadar Bairéad.
.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/09 | Gan Chatagóir
An Teachta Dála agus Scéalta eile
le
Brighid Uí Mhonacháin
**************************
Peadar Bairéad
Cnuasach Gearrscéalta
Brighid Uí Mhonacháin a chuir na scéalta seo ar fáil dúinn sa chnuasach beag néata seo. Cúig scéal déag ar fad atá le léamh againn anseo. Is áisiúil, amach is amuigh, an cnuasach é seo, nó tharlaíonn amannta nach mbíonn mórán ama le spáráil ag an léitheoir, agus sa chás sin, oireann gearrscéal go seoigh dá chás. Anois, caithfidh mé a admháil, nach bhfuil mé fhéin ró-thugtha do ghearrscéalta, nó b’fhearr liom greim a fháil ar scéal fada toirtiúil gur féidir liom tamall fada a chaitheamh ina bhun, ach ag an am gcéanna, tharlaíonn, amanna, nach mbíonn an méid sin ama agam do scéal fada dá leithéid, agus ansin, oireann an gearrscéal go seoigh dom, agus lena chois sin, tugann sé deis dom taitneamh a bhaint as píosa breá Gaeilge a léamh sa ghearrthréimhse atá ar fáil agam chuige. Ach, le filleadh ar an gCnuasach Gearrscéalta seo:-
Ba í Brighid Uí Mhonacháin a scríobh, bean a rugadh i mBéal Feirste, ach a bhfuil cónaí uirthi faoi láthair i nGaoth Dobhair.
Caithfidh mé a rá, gur bhain mé taitneamh as chuile cheann de na scéalta a leagtar os ár gcomhair sa leabhar seo, nó tá bua na scéalaíochta ag an údar seo, agus chomh maith le sin, tá éagsúlacht ábhair agus carachtair á léiriú aici ó scéal go scéal. Breathnaigh ar an gcéad scéal, mar shampla, ‘An Teachta Dála’, scéal dea-scríofa, cliste, inchreidte. Tá a lán le léamh tríd an scéal seo, a thabharfadh leide don léitheoir fadcheannach, faoi’na bhfuil ag tarlú idir an lanúin seo tríd an scéal suimiúil seo. Níl an bhean, Helen, sásta dul lena céile chuig cruinniú Dáilcheantair, cé go bhfuil a céile ag cur brú chuige sin uirthi, ach nuair atá sé imithe, tá sí lántsásta lei fhéin, agus áthas uirthi gur fhan sí sa bhaile. Arís, ní mó ná sásta atá sí gur imigh a fear le polaitíocht, a chéaduair, nó ní raibh an dúil sin aige sa cheird sin sular phós siad, ach, ar sise,”má tá dúil aige sa charn aoiligh glacadh sé leis na priompalláin” Ach, mar sin fhéin, d’fhan sí ina suí ag fanacht go dtiocfadh sé abhaile ón gcruinniú Dáilcheantair, agus í ag ceapadh go mb’fhéidir go mbeadh braon sa chorraicín aige, rud nár réitigh lena aingíne, agus rud freisin, a mhúsclódh an iaróg ann. “Ghní sé Jekyll den Hyde a phós sí.” Tháinig sé abhaile déanach go maith, ach fuair Helen amach ar maidin go raibh a céile fir mín marbh sa leaba taobh lei. Rinneadh é a thórramh go dóighiúil agus tháinig na sluaite le slán a fhágáil lena dTeachta dílis Dála. Ar ball, nuair a chuaigh Helen chuig a seomra le dreas codlata a dhéanamh :-
“Shuigh Helen os comhair a tábla maisiúcháin agus bhain di. Bhreathnaigh sí na balscóidí gorma a d’fhág na buillí ar a sciatháin. Lig sí osna. Bhreathnaigh sí rian na gciceanna ar a loirgní.”
Ach, i ndiaidh chuile shórt, níor mhúch na buillí nó na ciceanna tine an ghrá a fadaíodh idir an bheirt áirithe seo, agus féach mar a chuireann an t-údar críoch lena scéal:-
“ ‘Val bocht,’ ar sise. ‘An t-ól bradach!’
Agus ghoil Helen chéad deora an lae.”
B’fhéidir gur chaith mé an iomarca ama ag gabháil don chéad scéal sin, ach ní hionann sin is a rá nár chuir mé suim ar bith sna scéalta breátha eile atá le fáil idir chlúdaigh an leabhair seo, nó bhain mé taitneamh agus toit as chuile cheann acu. Dhírigh mé ar an gcéad scéal úd le blas eicínt den iomlán a thabhairt duit, sa phíosa seo. Ba bhreá ar fad liom scéalta ar nós, ‘An Spideog’, ‘An Plastrálaí’, ‘Segovia’, ‘GYP’, agus ‘Sophie’. Sea, agus cá bhfágfá an scéal breá, tíriúil, sin, ‘Cumarsáid’, ina léirítear an chaoi ar cothaíodh comharsanúlacht idir an Bráthair de Brún agus Mr Robert McCracken, fear gnó, nuair a bheifeá ag súil lena mhalairt. Ach níor bheag an chabhair chuige sin an tseanteanga agus braoinín de Johnny Walker, nó Seáinín Mac Siúlaí, faoi mar a bhaist an Bráthair air!
Tá mé ag ceapadh, mo dhála fhéin, go mbainfidh tú taitneamh agus toit as an gcnuasach gearrscéalta seo freisin.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.