le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Nollaig ‘07
Nollaig eile chugainn faoi dheifir,
Gearróga dubha linn, dár reo,
Ach cuimhní geala mar ré dár seoladh
Siar faoi ghradam go Ríocht na n-íg.
.
Ré gan fearthainn, gan sioc, gan sneachta,
Taitneamh gréine as spéartha glé,
Gaineamh leata ar chuile urlár
Ag fáiltiú roimh bhreithlá Mhac Dé.
.
Coinle geala mar chuireadh uainne
Don Mhaighdean óg is dá céile chaoin,
Teacht ar chuairt chugainn ó fhuacht na hoíche
Le foscadh fíor a thabhairt don Naí.
.
Maidin Nollag is sioc ar thalamh,
Spéir go drithleach, in omós don Rí,
Pobal tuaithe ag triall ar Aifreann
Le breithlá sona a ghuí don Naí.
.
D’imigh sin is shíothlaigh m’aisling,
Is táim anois ar ais im aois,
Ach fanfaidh fís gheal, ghlé, na hóige
Le teas is dóchas a adhaint im’ chroí.
.
Nollaig 2007.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Nollaig eile dár spreagadh
.
Nollaig eile ag múscailt ’nainn cuimhní
Ar laethe is ar chairde a bhí,
Is a dhúisíonn ’nár gcroí istigh cumha,
Mar nach bhfillfidh a sárú arís.
.
Ach stiúraíonn céasadh na gcuimhní
Ár gcoiscéim go Beithil na nUamh,
le sólás a chuartú sa Stábla,
Mar a chodlaíonn an Naí i dtromshuan.
.
Is tógann an Mhaighdean ár gcroí istigh
Lena suantraí lán áthais is bróid
Is í ag bogchanadh fuascailt ár gcine
Ó dhlúthgheataí Ifreann na nDeor.
.
Is cuirtear go glé ar ár súile
Go bhfuil dhá thaobh ar bhonn úd na rún
Is nach féidir bheith ag súil leis an sólás
Gan an dólás a fháil ar a chúl.
.
Glac misneach mar sin ar do thuras,
Nó saolaíodh an Naí sin fadó,
Le sinne a fhuascailt ó pheannaid,
Is lenár gcroí ‘stigh a shaoradh ó bhrón.
.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
For Chloe………
Sorry Chloe I couldn’t get up to give you a hand with your Irish Essay. So here are a few ideas that you might like to try out when putting your Essay together…….You might get some vocabulary in it too!!!!!
All the best
from
Dada…………
.
Nollaig in ár dTeach. or (i mo theach)
Tosaíonn muid ag smaoineamh ar an Nollaig inár dteach-na, ar an ochtú lá de Mhí na Nollag, chuile bhliain. Ar an lá sin, cuireann muid an Crann Nollag ina sheasamh i gcúinne sa Phárlús agus maisíonn muid é. Chomh maith le sin, maisíonn Mam agus Daid an teach ar fad le maisiúcháin Nollag. Bíonn an teach go hálainn, agus cruthaíonn na maisiúcháin atmosféar breá Nollaigiúil dúinn.
Ón lá sin amach, bímse ar chipíní ag fanacht leis an Nollaig, nó dár liomsa, is í an Nollaig an Fhéile is mó, agus is taitneamhaí, sa bhliain. Ní gá a rá, go mbím ag súil freisin leis na laethe saoire on scoil, agus leis na féiríní a bhronntar go fial orm Oíche Nollag. Ní gá dhom a rá, ach oiread, nach gcreidim i nDaidí na Nollag a thuilleadh! Ach mar sin féin, bím ag súil le féiríní ó mo thuismitheoirí. Is dócha go bhfágann siad na féiríní sin faoin gCrann Nollag tar éis dom dul a chodladh Oíche Nollag, agus nuair a dhúisím Maidin Lae Nollag, is é an chéad rud a dhéanaim nó rith síos staighre, le breathnú faoin gCrann Nollag, agus tógtar mo chroí le háthas, i gcónaí, nuair a fheicim an carn féiríní socraithe go deas néata ansin faoin gCrann.
Níorbh aon eisceacht í an Nollaig seo chuaigh tharainn. Rinneadh mar a dhéantar chuile bhliain, ach amháin go bhfuair mé fhéin rothar breá, gleoite, mar bhronntanas, i mbliana. Ach sula raibh am agam spórt agus spraoi a bhaint as mo bhronntanaisí, bhí sé in am dúinn dul ar an Aifreann. Bhain mé taitneamh faoi leith as an Aifreann, an mhaidin sin, nó nárbh é breithlá Íosagán fhéin é, agus ghuigh mé breithlá sona dó.
I ndiaidh an Aifrinn, chaith mé an mhaidin ag súgradh le mo chuid féiríní, agus níor mhothaigh mé an t-am ag sleamhnú gur glaodh isteach chun an dinnéir mé. Bí ag caint ar fhéasta! Bhí chuile shórt níos fearr ná a chéile againn don dinnéar sin, bhí nua gach bídh, agus sean gach dí, ar bord againn, don bhéile speisialta sin.
Lá an Dreoilín a thugtar ar an lá i ndiadh Lae Nollag, agus thugamar cuairt ar an gCom, i gContae Chiarraí, an lá sin, agus nach orm a bhí an t-áthas, nuair a thug Foireann an Dreoilín cuairt ar ár dteach ansin. Sheinn siad ceol, chan siad amhrán, agus rinne siad dreas rince dúinn.
Caithfidh mé a rá, gur bhain mé an-taitneamh as Nollaig 2005, in ár dteach-na, agus ní call dom a rá, go bhfuil mo rothar breá, gleoite, nua, agam fós, agus rothaím chun na scoile air, chuile lá scoile. Sea, is fada liom uaim an chéad Nollaig eile, nó cá bhfios cén bronntanas breá a thabharfaí dom, don chéad Nollaig eile sin!
.
******************
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Nollaig Shona Dhaoibh Uilig
Ó tharla go bhfuil sé de nós agam píosa faoi leith a scríobh sa cholún seo don Nollaig, tuigeadh dom, nár chóir dom nós a bhriseadh, an babhta seo, mar sin, seo chugaibh píosa speisialta do Nollaig na bliana seo Dhá Mhíle is a Deich. Agus ó tharla arís go bhfuil sé de nós agam, le tamall anuas, súil a chaitheamh siar fan bhóithrín na gcuimhní, tá mé réidh anois le tamall a chaitheamh, thiar ansin, i measc chuimhní geala meanmnacha na hóige.
Tá cuimhne ghlé, gheal, ghrinn, agamsa ar Nollaigí thriochaidí an ocrais, in óige an fhichiú haois, agus ní inné ná inniu a ceiliúramar na Nollaigí céanna sin, agus fiú, dá gcuirfí chuige mé, déarfainn go mbeadh lag-chuimhne agam ar Nollaigí deireannacha fhichidí na haoise céanna sin.
Agus conas a bhí againn na laethe úd?
.
Scothchuimhní
Bhuel! Is féidir liom a rá anois, i ndiaidh na mblianta sin uilig, nach bhfanann liom ach scoth-chuimhní geala, croíléiseacha. Cuimhnigh ar an gcineál saoil a bhí thart orainn, an tráth úd. Bhí cónaí orm i mbaile beag, mar a raibh aithne ag chuile dhuine ar na daoine a mhair sna bólaí sin, agus níorbh é sin amháin é, ach d’fhéadfá dánacht a dhéanamh ar dhuine ar bith acu. Ba chomharsanna iad uilig, daoine a d’ithfeadh béile i do theachsa lá meithle, agus daoine a thiocfadh i gcabhair ort in am an ghátair, agus ní gá dhom a rá, go n-íocfása an comhar leo, ar do sheal. Ach conas mar a bhí ag an bpobal thart orainn, an tráth úd? Le scéal gairid a dhéanamh de, go hainnis, nó mar is cuimhin le chuile dhuine anois, ba iad sin laethe an Great Depression, nó Cúlú Eacnamaíochta na bliana 1929.
Cleasa an Aosa Óig
Ach ní hé seo ach é siúd, conas mar a bhí ag daoine óga sa sochaí sin?
Mar a bhíonn ag an aos óg i gcónaí, seal i mbun poistíneachta, agus seal i bhfad níos faide i mbun cleasanna agus caitheamh aimsire.
Cén cineál poistíneachta atá i gceist agam, an ea?
Ag brath ar a aois, agus ar a neart, bhíodh a graithí fhéin leagtha amach do chuile dhuine den chlann. Ach, de ghnáth, b’iad na ‘jabanna’ a thit ar chrann an aosa óig nó, cannaí uisce a iompar abhaile ón dtobar, brosna móna a thabhairt isteach ón gcruach mhóna, seal a chaitheamh ag buachailleacht bó, seal eile a chaitheamh ag déanamh teachtaireachtaí, agus a leithéid.
Ach inis dom faoi shaol na hóige, teacht na Nollag.
Bheul! Thosaíodh an t-aos óg ag ullmhú don Nollaig i dtús Mhí na Nollag, nó bhíodh nós acu an tráth úd cúig mhíle Áibhé a rá idir sin agus Oíche Nollag, agus don té a dhéanfadh a leithéid, bheadh a mhian le fáil aige Lá Nollag, agus dár ndóigh, bheadh ar chumas duine an mian sin a bhronnadh ar chara, nó ar ghaol, dá mba mhaith leat a leithéid a dhéanamh.
Tús an Scleondair
Ach, níor thosaigh an scleondar ar fad go dtí cupla lá roimh an Nollaig fhéin, mar ansin chuirtí na daoine óga amach, ar fud na bhfud, ar thóir eidhinn agus craobhacha glasa de chineál ar bith, agus geallaimse dhuit é, gur bheag earra dá leithéid a bhí le fáil, thart orainne, in Iorras na nIontas, an tráth úd, nó ní bhíodh crann nó tor, nó mórán bláthanna fiú, ag fás thiar an t-am sin. Ach sin ráite, b’annamh a thagadh muid abhaile gan ábhar oiriúnach de chineál eicínt ar láimh againn. Faoi’n am sin, bhíodh an teach aol-daite ag na daoine fásta, agus chrochtaí na craobhacha glasa thart faoin teach, maraon le slabhraí de pháipéar daite, agus nuair a bhíodh an gnó ar fad críochnaithe, bhíodh cuma geal, aerach, Nollaigiúil, ar an teach, agus leis an sméar mhullaigh a chur ar chúrsaí ansin, dhéanfadh Mam coineall mhór dhaite na Nollag, a fheistiú ar fhuinneog na cistine. Ina dhiaidh sin, dhéantaí tine mhór na Nollag a adhaint agus ba chomhartha é sin go raibh na hullmhúcháin don Nollaig críochnaithe, agus ag an bpointe sin, théadh an t-aos óg i mbun a gcleas fhéin, ó cheann ceann an tí agus théidís i mbun cleasa ar nós, Dallóg, Lúrapóg Larapóg, Tomhaiseanna, agus tuilleadh dá leithéid. Ní bhíodh féasta ar bith againn an oíche sin, ach tar éis gnáth shuipéir, roinntí cuid de chiste risíneach na Nollag orainn, le blas beag den Nollaig a thabhairt dúinn.
Fear na Feasóige Léithe
Ansin, thagadh am codlata, agus idir sin agus maidin, thagadh fear mór na féasóige léithe fhéin ar a chuairt. Ní hé anois go mbíodh an oiread sin fanta ina mhála dúinne, ach d’fhágadh sé tomhaisín milseán, cupla úll, agus dá mbeadh an t-ádh i do chaipín, b’fhéidir go bhfagfadh sé féirín beag ón siopa i do stoca freisin, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh an oiread céanna fáilte againne roimh na féiríní céanna sin, is a bhíonn ag aos óg an lae inniu roimh ríomhaire, nó roimh rothar, nó roimh féirín costasach ar bith eile dá shórt.
Maidin Lae Nollag bhíodh muid inár suí le giolc an ghealbhain, nó roimhe fiú, agus muid ag ullmhú dAifreann luath na Nollag. D’fhágadh muid an teach i ndorchadas na maidine, agus d’fheiceadh muid solas na Nollag ar dearglasadh i bhfuinneog chuile theach sa mbaile. Ar ár mbealach chun an tséipéil chasadh comharsanna orainn, agus ‘Nollaig Shona’ ar bharr a ghoib ag chuile dhuine acu. B’aoibhinn bheith beo ar a leithéid de mhaidin. Aifreann, Laidin, Lampa fearraibín, Éadach bán ar na ráillí thart ar an Altóir. Draoícht na Laidine ó bhéal an tsagairt. Cráifeacht phobal Dé ag éirí mar thúis os comhair na hAltóra. Seanmóir na Nollag agus liosta na ndaoine a thug airgead do bhailiúchán Nollag na sagart. ‘Ite Missa Est’. Deireadh an Chláir, a chairde.
Ag Dul sa Dreoilín
D’fhanadh na daoine fásta taobh amuigh den tséipéal seal ag déanamh a gcomhrá, agus ag guí ‘Nollaig Shona’ ar a chéile, ach chomh fada is a bhain sé linne, gasúir, bhí gnó tábhachtach le déanamh againne, nó bhí muid meáite ar dhul amach ar thóir an dreoilín, nó nárbh é amáireach ‘Lá ‘le Stiofáin’, agus nach raibh socraithe againne dul sa Dreoilín go breá luath an lá sin. Nuair a bheadh an gnó sin curtha i gcrích againn, bheadh dinnéar mór na Nollag ullamh dúinn, agus ní call dom a rá, go mbainimis taitneamh agus sásamh as an dinnear céanna sin, agus as an ngé bhreá phlucach a bhí ullmhaithe inár gcomhair ag Mam. Beannacht Dé lena hanam, agus leo siúd uilig atá imithe romhainn ar Shlí na Fírinne.
.
Nollaig Shona d’ár Léitheoirí uilig
agus
Go mbeirimid beo ar an am seo arís.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
N O L L A I G Í M ’ Ó I G E .
Peadar Bairéad
(This week I give you, again, a piece I wrote, quite a few years ago) Deireadh na bhFichidí
Nuair a smaoiním anois ar Nollaigí fadó, tagann na cuimhní chugam go mall, doiléir, i dtosach, ach tar éis tréimhse bheag a chaitheamh ag iascaireacht i loch doimhin na mblianta, tagann na cuimhní céanna ar ais chugam ansin ina rabharta cruinn, soiléir. Rabharta cuimhní a chuireann an t-anam ag rince ar lic sa chroí istigh ionam.
Tar liom, mar sin, siar go deireadh na bhfichidí, go tír álainn ghlé m’óige, go hIorras na nIontas. Is iad na cuimhní a shnámhann isteach chugam anois, ar thonn úd na gcuimhní, nó páirceanna loma, scéirdiúla. Ar scáileán na cuimhne, feicim coinlíní geala aníos trí chré dhubh, bhriosc, Iorrais, mar a gcaithimisne, gasúir, ár laethe réamhNollaigeacha ag tóraíocht an dreoilín – agus caithfidh mé a admháil anois, nach mbíodh mórán dreoilíní le fáil againn sna páirceanna scéirdiúla céanna sin. Ba é a cheapainnse fhéin nó go dtéadh dreoilíní Iorrais i bhfolach, an tráth sin bliana, ar eagla na heagla! Bhíodh éanacha eile flúirseach go maith, druideanna, gealbhain, céirseacha, agus a leithéid. Annamh mar sin, a d’éiríodh linne teacht ar dhreoilín, in am do Lá ’le Stiofáin, agus ar deireadh thiar, ní bhíodh de rogha againn ach dul amach le laindéar, oíche Lae Nollag, le breith ar shean-ghealbhan codlatach, sa bhundlaoi.
Gealbhan nó Dreoilín?
Is soiléir a thagann cuimhní an ullmhúcháin do Lá an Dreoilín chugam anois. Aighthe fidil á ndéanamh agus á ndathú. Bataí, boscaí, agus buataisí á gcuardach. Amhráin, ranna, agus damhsaí á gcleachtadh. Ó, sea, agus gúnaí, hataí, agus bibeanna ár ndeirfiúracha, á dtógáil ar iasacht, do Lá draíochta an Dreoilín!
Bhímis ar ar gcois le moiche na maidine, agus bóthar buailte againn sula mbeadh deis ag gasúir eile na háite, airgead, uibheacha, nó ollmhaitheas, na comharsanachta a bhailiú chucu fhéin, mar chreach Nollaigiúil. Bhíodh tús bóthair againne orthu, agus bhímis sásta i gcónaí lenár gcreach, i ndeireadh an lae thiar. Nach ait an scéal é, ach i scannán sin an Dreoilín, ní airímse aon fhuacht, nó sioc, nó sneachta, riamh. Boige, úire, agus Earrachas, a shníonn chugam isteach ar thonn na cuimhne anois, i gcás an Dreoilín chéanna sin
Ach scaoilimis tharainn é mar scéal, agus fillimis ar Nollaigí sin na cuimhne, Nollaigí na mbrionglóidí, mar b’orthu a tharraing mé an scéal, i dtosach báire. Nuair a smaoiním anois orthu, smaoiním i dtosach ar Shéasúr na Nollag. Thosaigh an séasúr sin, dúinne, ar an gcéad lá de Mhí na Nollag. Ar an lá sin, thosaíomar ar shean-nós Iorrasach, nós na n-Áibhéanna. Chreideamarna go mbeadh a mhian le fáil ag an té a déarfadh cúig mhíle “Áibhé” idir sin is Lá Nollag. Bhímis á rá mar sin i ngach áit, ar scoil, is sa bhaile, ar bhóthar is ar bhealach, sea, agus thugaimis an mhian sin, mar bhronntanas do Mham, Oíche Nollag, agus í tuirseach, traochta, tar éis cheannach agus ghléasadh na Nollag dúinne.
Cuimhní ag filleadh
Cuimhní eile a thagann chugam anois is ea:-
• Aonach Mór na Nollag i mBéal an Mhuirthead, ar an 15ú Nollaig.
• Margadh Mór na Nollag, ar an Satharn roimh Nollaig, ’chuile bhliain.
• Tine Mhór na Nollag, b’in an tine mhór a lastaí Oíche Nollag.
• Cácaí na Nollag, na cácaí a dhéanadh Mam a fhuint is a bhruith don Nollaig, cácaí ina mbíodh rísíní, spíosraí, agus deasa deasa eile, lenár gcroí a thógáil, i séasúr beannaithe na Nollag.
• Teas na cistine, maisiúcháin, carthannacht, agus thar aon rud eile, coinneal mhór daite na Nollag.
• Bhí nós beag eile againne, páistí, in Iorras freisin, an t-am sin. Gheobhadh muid boscaí beaga stáin, agus dhéanaimis iad a ghlanadh is a sciúradh, ansin thugadh Mam giota beag taois dúinn as a cáca mór Nollag, agus chuireadh muidinne na giotaí sin á mbácáil dúinn fhéin sa ghríosach. Sa tslí sin, bhíodh ár gcácaí beaga Nollag fhéin againn!
Tuilleadh fos, an tseachtain seo chugainn…..