TURLOUGH.

TURLOUGH.

A N C I A N Á N A C H C H U G A I N N A R Í S .

********************************

T U R L O U G H ……………………………………………….……2000.

L e

B R I A N K E E N A N ………………………………………….£16.99.

Mar is eol do chách, faoi seo, ní hé seo an chéad leabhar againn ó pheann an údair cháiliúil seo, nó is cuimhin liom, gur scríobh mé píosa anseo daoibh faoina chéad leabhar, “AN EVIL CRADLING”, leabhar inar chuir sé síos dúinn ar a phríosúntacht fhada, tráth gabhadh ina ghiall é ag mílístigh Shi’ite, sa Liobáin Choinnigh na Muslamaigh fréamhaithe sin é, i gcarcair dhubh dhorcha, ón mbliain 1986 ar feadh ceithre bliana go leith, síoraíocht, d’fhéadfá a rá, faoi na coinníollacha cráite sin, ach tháinig an t-údar slán, sábháilte, as an ngábh sin, agus san idirlinn, d’éirigh leis leas a bhaint as na heachtraí a bhain dó i rith na mblianta fada sin, le litríocht chruthaíoch a ghaibhniú ar inneoin a chuimhne. Ceann de na rudaí a choinnigh ar a chiall é i rith bhlianta a phríosúntachta ba ea an meas a bhí aige ar an gcláirseoir, agus ar an bhfile, Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin, a mhair sa seachtú haois déag. Ba é an Toirdhealbhach sin a shábháil ar ghealtachas é, i rith a phríosúntachta, agus ba é an rud ba mhó a chuir ionadh orainn, tar éis dó a shaoirse a fháil, i ndeireadh na dála, nó an chaoi ar mhaith sé a gcionta dóibh siúd a rinne a leithéid d’éagóir air.

Sa bhliain 1950 a rugadh Brian, agus ba i mBéal Feirste a rugadh é, rud a fhágann go bhfuil an leathchéad saothraithe anois aige. Bhain sé Ceimeanna amach i mBéarla agus i Litríocht Angla-Éireannach. Chaith sé seal ina mhúinteoir agus seal mar oibrí sóiosialta. Ansin, ghlach sé le post in Ollscoil Bheiriút na Liobáine, agus le linn dó bheith i mbun an phoist sin ba ea a ghabhadh ina ghiall é. Ní gá dhom trácht anseo ar an gcineál saoil a chaith sé ar feadh na gceithre bliana go leith ina dhiaidh sin, ach ar bhealach, d’ullmhaigh an saol sin é don taighde a bhí le déanamh aige ar shaol agus ar shaothar an chláirseora agus an fhile cháiliúil sin, Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin, nó b’éigean do Thoirdhealbhach freisin a laethe a chaitheamh i gcarcair dhubh dhorcha a dhaille. Ach leor sin de chúlra don léirmheas seo, agus tá sé in am agam anois rud eicínt a rá faoin leabhar iontach, corraitheach, seo, TURLOUGH.

Sa leabhar seo, déanann an t-údar iarracht ar shaol agus ar shaothar Thoirdhealbhaigh a athchruthú, trí shleachta as dhialanna a phatrúin, Mrs.McDermott-Roe, a athlua, agus trí chuimhní daoine a raibh aithne acu ar an gcláirseoir dall, a shníomh isteach i muabhrat na beathaisnéise seo. Chomh maith leo siúd, tugann an t-údar deis do Thoirdhealbhach fhéin a ladar a chur sa scéal freisin, agus mar sméar mhullaigh, usáidtear litreacha cuí freisin, le blas na haimsire sin a chur ar an iomlán.

Tosaíonn sé an leabhar le sleachta as dialann Mrs. McDermott-Roe, cara saoil, patrún agus anamchara an chláirseora, a leagan os ár gcomhair amach. Féach mar a chuireann sé tús lena scéal…

From the journal of Mrs McDermott-Roe, lifelong friend, patron and confidante of the renowned harper, Turlough Carolan..

January 4th 1738.

There is great consolation to be had from Religion and so I write these words in my journal to comfort me in the days ahead: ‘For death is the destiny of every man; the living should take this to heart.’

Since Turlough arrived with us and his sickness filled the house, I have been reading through these yellowing pages to find some nemories to comfort him. But it seems his memory is clearer than all my scribbling.

It has been more than fifty years since I began this journal and in that time I have witnessed too many deaths. Our nation’s history has given death a hideoous face, but since I have been nursing Turlough I find that the true face of death is infinitely loving.

Tugann an t-údar roinnt mhaith eolais dúinn sa phíosa beag sin. Insíonn sé dúinn, ar dtús, go bhfuil dialann a choinneáil ag Mrs McDermott-Roe ar feadh leathchéad bliain anois, agus gur thosaigh sí ar an obair sin, thart ar an mbliain 1688. Mar sin, bhí an gnó sin idir lámha aice trí thréimhse mhíshocair, anróiteach, i stair na tíre seo. Sin an fáth go ndeir sí, go bhfuair an iomarca daoine bás i rith an ama sin. Feiceann muid freisin, gur thóg an bhean uasal seo an cláirseoir dall isteach ina teach fhéin, le díon agus carthannacht a thabhairt dó i laethe deiridh a shaoil, nó ag an am áirithe seo, bhí sé ag saothrú an bháis. Sa dialann freisin, tugtar le fios don léitheoir, go raibh níos mó na pátrúntacht i gceist idir an ceoltóir dall agus Mrs McDermott-Roe fhéin.

His name appears in too many of these pages. Reading them again has exposed emotions that an old woman should not have. I am glad no one else will read them! Less than a decade in years divide us.

Tá sé soiléir ón méid sin go raibh an bhean uasal seo i ngrá lena cláirseoir dall. Tugann an t-údar roinnt mhaith eile sleachta as an dialann dúinn, tríd an leabhar ar fad, nó nach raibh an dialann á coimeád aice thar thréimhse caoga bliain, agus trí húsáid chliste a bhaint as an dialann chéanna sin, éiríonn leis an údar beogacht, dáiríreacht agus inchreidteacht, a instealladh isteach go díreach i gcroí a scéil.. Feiceann muid Mrs McDermott-Roe ag léamh na salm do Thoirdhealbhach, go rialta, nó bhain an cláirseoir taitneamh agus tairbhe as na sailm chéanna sin, mar, cé gur chaith sé a shaol go ragairneach, ar uairibh, ag an am gcéanna, ba fhear é, a raibh an creideamh neadaithe i smior na gcnámh ann. Thug sé cupla cuairt ar Loch Deirg, mar oilithreach, agus níl dabht ar domhan ann, ach go ndeachaigh na turasanna céanna sin go smior na gcnámh ann, agus dhealródh sé, go raibh físeanna de chineál eicínt aige san ionad beannaithe sin

Bhí meas thar na bearta ag an gcláirseoir ar a phátrún freisin. Féach ar an iontráil seo sa dialann, faoin dáta …

February 16th 1738.

An exhausting day, listening can be more demanding than doing.

When I entered his room he had managed to raise himself on the pillows. He was holding a statue of the blessed Virgin. His fingers were gently caressing the statue’s eyes. I wanted to leave but he insisted that I remain.

He asked me how many years he had been coming to the house. Before I could answer, he said it was a gracious and kindly refuge. I answered him telling him that this was his home not a refuge!

Tuigeann muid ón iontráil sin cé chomh gar is a bhí an gaol idir an bpátrún agus an cláirseoir.

Glacann an t-údar páirt sa scéal freisin, mar scéalaí, nó mar aithriseoir, agus é ag cur síos ar eachtraí áirithe sa scéal. Cuireann sé síos ar bhreith an cheoltóra, agus ar ar dhein a athair leis naíonán, i dtús a shaoil. Thóg sé leis amach faoin aer é, lena bhaisteadh i ndúlra Dé. Ní gá a rá gur dhein sé sin ar iarratas a mhná…

The father knelt by the poolside,cradling his son, and dipped his hands in the water. Gently he touched the head, then the eyes, nose and ears of the softly whimpering child. Dipping again, he carefully washed his feet and hands, then stood and held the naked child to the heavens….Whatever words he spoke only the wind received.

Baisteadh neamhghnách go maith, in aois ar bith, ach caithfidh go raibh sé thar a bheith neamhghnách ag Caitliceach ar bith an tráth áirithe úd.

Chaill Toirdhealbhach radharc na súl de dheasca na bolgaí, agus uaidh sin amach, mhair sé I gcillín dorcha a bheithe féin. Ar ball, d’fhoghlaim sé ceol na cláirsí, agus ba mhall, tuirsiúil, cruógach, an turas dó é, ach trí dhiansaothar d’éirigh leis máistreacht a fháil ar an uirlis tofa sin, agus ar chuireadh ó Mrs McDermott-Roe, ghlac sé lena pátrúntacht siúd, agus ón am sin amach, bhí lánchead aige cur faoi in Alderford House,Keadue, teach na mná uaisle sin.

Over the months following Turlough’s decision, Alderford House became his second home. He forged an uneasy friendship with his new patrons and more often than not he took himself to the kitchen.

De réir mar a mhéadaigh ar a scil sa cheol, chuaigh ina luí ar a phátrún gur chóir di deis a thabhairt do na tithe móra eile, sa timpeall, éisteacht leis an gcláirseoir draíochta seo, a bhí glactha faoina coimirce aice. B’in mar a tharla go raibh deis ag Turlough taisteal chomh héasca sin, ó áit go háit, agus ó theach mór amháin go teach mór eile. Breathnaigh ar iontráil eile as dialann a phátrúin..

September 23rd, 1866

Today I made up my mind and told Turlough of my plans to have him travel to the homes of my friends and entertain them. I am determined to send him to Squire Reynolds…

Ní hé sin amháin é, ach bhí giolla dá chuid fhéin, Séamus Brennan, in éindigh leis, le súil a choimeád air, fan an bhealaigh, nó níor ró-oilte an marcach é.

Ní raibh sa mhéid sin ach an tús, agus de réir a chéile chuaigh a cháil ó cheann ceann na tíre, agus níos fuide ó bhaile, fiú.

Insíonn Toirdhealbhach fhéin cuid dá scéal dúinn, agus tógann an t-údar carachtair eile isteach sa scéal freisin, daoine a raibh an-aithne acu ar an gcláirseoir, le cur le beocht agus le hinchreidteacht na hinsinte, agus caithfidh mé a rá, gur éirigh leis sa mhéid sin, nó de thoradh na gcleas litríochta uilig a úsáideann sé, éiríonn leis, an ceoltóir, Turlough O Carolan, a chur ina sheasamh, ina steillebheatha, os ár gcomhair amach. Agus caithfear a admháil freisin, go n-éiríonn leis, scéal corraitheach, suimiúil, inchreidte a chruthú dúinn, scéal a mhúsclaíonn ár spéis i nduine de cheoltóirí móra na hEorpa sa seachtú haois déag, agus tugann an léitheoir faoi deara freisin, go n-éiríonn leis an bhfathach cláirseora seo dul i gcionn, ní hamháin ar an uasaicme, ach ag an am gcéanna, éiríonn leis áit faoi leith a bhaint amach i gcroí na cosmhuintire.

An-leabhar, sár-léamh, agus éacht taighde agus scoláireachta, gan tagairt a dhéanamh in aon chor do cheann de na stíleanna is éifeachtaí, agus is greamaithí, in Éirinn na linne seo.

B’fhéidir gur chóir athlua amháin eile a leagan os bhur gcomhair, le sampla de chumhacht stíl an údair chumasaigh seo a thabhairt duit. Easpag atá ag labhairt anseo ag adhlacadh an chláirseora i ndeireadh thiar…

The Holy Father himself has called Ireland the mother of sweet fingers and none was sweeter, none more loving than the hand of Turlough Carolan. He is first among the musical genius of our age, a self-created phenomenon in the cultivation of his chosen art. Let us, then, who are gathered here commemorate him as a chieftain of our race.

Leor sin do thuras na huaire seo.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

TURLOUGH.

Calico Joe

Grisham chugainn arís

.

Calico Joe…………céadchló..……….2012

By

John Grisham.……..………………..€20.40

.

Cúis Ríméid

Ní raibh mé ag súil le leabhar eile ón údar ildánach seo chomh luath sin, agus mar sin, nach orm a bhí an ríméad nuair a chonaic mé an leabhar nua seo, Calico Joe, ar sheilp an tsiopa leabhar, an lá cheana, agus bíodh go raibh mo dhóthain d’ábhar léitheoireachta i mo leabhragán agam, cheana féin, ag an am gcéanna, ní fhéadfainn dul thar an leabhar seo gan é a cheannacht, sa chaoi go mbeadh lón léitheoireachta agam do lá na coise tinne. Ba é cúis a bhí le sin nó gur tharla go bhfuil chuile leabhar leis an nGrishamach léite agam, go nuige seo, agus toisc nach maith liom nós a dhéanamh, nó nós a bhriseadh, agus freisin, ó tharla go raibh lacáiste de bhreis is ceithre Euro le fáil sa tsiopa áirithe sin, cheannnaigh mé ar an toirt é. Chuir mé an leabhar, a bhí idir chamáin agam ag an am, ar leataobh, agus dhírigh mé ar ‘Chalico Joe’, láithreach bonn.

Cúrsaí Dlí agus Cúirteanna

Anois, mar is eol daoibh uilig, bunaíonn Grisham a leabhair uilig, geall leis, ar chúrsaí dlí agus cúirteanna, agus ní théann sé thar na teorainneacha sin amach, ach go fíorannamh. Rinne sé sin i gcás cupla leabhar, leabhair ar nós A Painted House, Playing for Pizza agus Skipping Christmas freisin, is dócha. Seo ceann eile de na heisceachtaí suimiúla sin, nó cúrsaí Baseball atá ag dó na geirbe aige san úrscéal taitneamhach, inchreidte, seo. Cuireann an t-údar tús lena leabhar le ceacht a thabhairt dá léitheoirí uilig ar dlíthe agus ar nósanna an chluiche chéanna sin. Féach mar a chuireann an t-údar fhéin é ina réamhrá mínithe….

“Over a long publishing lunch in London, I realised that my British friends, while enjoying the story of Calico Joe and grasping most of it, did not understand the game of baseball and were baffled by its terminology.”

Leis an scéal sin a leigheas, scríobh an t-údar aiste de 5,000 focal, ag iarraidh an bhearna sin a líonadh dúinn agus tar éis dúinn an aiste sin a léamh, ba chóir go dtuigfimis téarmaí ar nós, home plate, pitcher’s mound, a bunt, home run, bean ball’, agus tuilleadh mór eile lena gcois sin.

Calico Joe

Cuireann an t-údar a phríomhcharachtar, Joe Castle, laoch na coitiantachta, i mBaseball, sa bhliain 1973, in aithne dúinn. Bí ag caint ar imreoir den scoth, b’fhearr go mór fada ná sin é, Joe Castle, nó Calico Joe, faoi mar a thugtaí air, ag an am, toisc gurbh as Calico Rock dó, baile beag gleoite in Arkansas . Ba bheag imreoir baseball riamh a d’fhéadfá a chur i gcomórtas le Joe s’againne, de réir an scéil seo.

Trí Phaul Tracy a chuirtear bunús an scéil in ár láthair, agus ba é, mac Warren Tracy an Paul sin. Imreoir aitheanta eile baseball ba ea an Warren sin, ag an am. An bhliain sin bhí Calico Joe ag buachan thall agus abhus, roimhe agus ina dhiaidh, agus bhí cosúlacht ar an scéal go mbuafadh a fhoireann, na ‘Cubs’ chraobh na bliana sin. Imreoir órga ag foireann na ‘Cubs’ ba ea Joe. Anois, tharla an bhliain chéanna sin, go raibh athair Phaul, sé sin Warren Tracy ag imirt, mar theilgeoir, nó ‘Pitcher’, leis na New York ‘Mets’, agus faoi mar a tharlaíonn in úrscéalta, tharla i ndeireadh na dála, go raibh an bheirt chéanna seo ag imirt i gcoinne a chéile, nuair a bhí Joe ina shlacaí agus Warren ina theilgeoir. Ag pointe áirithe, tuigeadh do Warren go raibh sé in am aige ceacht a mhúineadh don ngasúr óg, leithleach, seo, a raibh a ainm inairde i measc lucht leanúna Baseball, ar fud na tire, agus nuair a fuair sé an deis chuige, chaith sé an ‘Bean Ball’. Anois, séard tá sa Bean Ball’ nó liathróid Baseball a chaithtear, agus luas lasrach faoi, d’aon ghnó, leis an slacaí a bhuaileadh san aghaidh, lena chur ó rath, sa chluiche sin. Caitheadh an Bean Ball’ agus leis an liathróid sin, cuireadh críoch obann le réim ghlórmhar Chalico Joe mar imreoir, agus chomh maith le sin, cuireadh críoch obann freisin, le cáil Warren Tracy, mar teilgeoir Baseball leis na Mets.

Tar éis triocha bliain…..

Anois, triocha bliain níos déanaí, tá Warren i mbéala báis, ailse air, agus ó tharla nár labhair sé fhéin agus Calico Joe focal lena chéile i rith an achair fhada sin, déantar iarracht ar an mbeirt sin a thabhairt le chéile, le críoch a chur leis an bhfaltanas a tharla eatarthu i Séasúr glórmhar Baseball úd na bliana 1973. Anois, níl fúm dul níos fuide leis mar scéal, agus má theastaíonn uaitse a fháil amach céard a tharla ina dhiaidh sin, caithfidh tú an leabhar spéisiúil seo a fháil, is a léamh, féachaint ar tháinig an bheirt úd le chéile, i ndeireadh na dála, agus cén chaoi ar éirigh leo críoch inchreidte a chur lena scéal céasta, brónach, daonna. Tá mé cinnte, go mbainfidh tú taitneamh agus pléisiúr as an scéal corraitheach, dosháraithe seo.   

Sárscéal eile ó chleite ildánach an mháistir………………..          

.

                

TURLOUGH.

I mBéal an Phobai.rtfEdna O Brien.

I mBéal an Phobail

.

“Wild Decembers”…….by…….Edna O’Brien…….£16.99……

Peadar Bairéad

.

Ní leabhar nua é seo, ach leabhar a cuireadh i gcló a chéaduair sa bhliain 1999, agus bíodh go bhfuil roinnt mhaith scríofa ag an údar seo, san idirlinn, níor tháinig mé fhéin ar an leabhar seo, go dtí le déanaí. Ní call dom a rá, gur léigh mé é, agus caithfidh mé a admháil, go ndeachaigh sé i bhfeidhm go mór orm. Emily Bronte a thug an teideal di, de réir deallraimh, nó luaitear na línte seo, le Bronte, i dtús an leabhair…

…fifteen wild Decembers

From those brown hills

Have melted into spring –

Faithful indeed is the spirit that remembers.

Ní call dom a rá, nach é seo an chéad saothar leis an údar seo a léigh mé, nó is cuimhin liom fós an chaoi a ndeachaigh Country Girls, agus August is a Wicked Month, i bhfeidhm orm, blianta fada ó shoin anois. D’fhás agus d’fhorbair an t-údar san idirlinn, agus sa lá atá inniu ann, d’dfhéadfá a rá, go bhfuil sí ar dhuine de mhórscríbhneoirí na tíre seo. Úsáideann sí stíl atá foirfe, corraitheach, snasta, stíl a théann i gcionn ar an léitheoir, agus a chuireann faoi gheasa é chomh luath is a mhealltar isteach i ngréasán a scéil é. Ní taise ar bith don leabhar seo atá idir chamáin againn anois é.

Féach mar a chuireann sí an scéal inár láthair sa réamhscéal…

Cloontha it is called – a locality within the bending of an arm. A few scattered houses, the old fort, lime-dank and jabbery and from the great whooshing belly of the lake between grassland and callow land a road, sluicing the little fortresses of ash and elder, a crooked road to the mouth of the mountain. Fields that mean more than fields, more than life and more than death too,

Sa dúiche sin a shuíonn an t-údar ildánach seo a scéal, agus isteach sa taobh tíre sin, tagann fear chucu ón iasacht, fear de phór na háite sin, ach fear a chaith seal i gcéin agus a thug leis anois, blas an fichiú haois, isteach sa dúiche iargúlta sin, nó cuirtear inár láthair i dtosach báire é, in airde ar a tharracóir, beithíoch nach bhfacthas a leithéid, riamh cheana, sa taobh sin tíre. Féach mar a chuireann sí duine dá príomhcharachtair in aithne dúinn, i dtús an leabhair…….

Heraldic and unflagging it chugged up the mountain road, the sound, a new sound jarring in on the profoundly pensive landscape. A new sound and a new machine, its squat front and colour of baked brick, the ridges of the big wheels scummed in muck, wet muck and dry muck, leaving their maggoty trails.

Is dócha go dtugann na línte sin blas eicínt de stíl an údair seo dúinn, ach sa diallait ar an mbeithíoch iasachta seo, bhí Michael Bugler suite, agus stop an tarracóir i ngarraí a chomharsan, Joseph Brennan. Ní raibh máisteacht ar an dtarracóir faighte fós ag Bugler, agus d’iarr sé ar an mBraonánach cead a thabhairt dó an tarracóir a fhágáil mar a raibh, go bhfaigheadh sé máistracht ar na giaranna. Bhí Joe sásta. Bhailigh na comharsanna, le radharc a fháil ar an meaisín nua-aoiseach seo.

Anois, tharla go raibh deirfiúr ag Joe, agus Breege, ab ainm di, agus ní gá a rá, gur éirigh sí fhéin agus Bugler mór le chéile, rud nár thaitin, olc, maith, nó dona, le Joe, nó tuigeadh dósan, go raibh an Bugler seo tagtha ar ais chuig dúichí a shinsir, le greim a fháil ar sheilbh, agus ar ghabhaltas, na mBraonánach, nó nach raibh litir faighte cheana féin ag Joe ó dhlíodóir Bhugler, ag fógairt treaspais air…….

We have instructions from your neighbour, Mr. Michael Bugler, to write to you regarding the continued trespass of your cows on his field of four acres…..

D’fhás an grá idir Bugler agus Breege, agus ag an am gcéanna, lean Bugler ag leathnú a éilimh ar thailte, a tuigeadh don Bhraonánach a bheith mar pháirt dílis den ghabhaltas a fágadh mar oidhreacht aige fhéin. Tarraingíonn an t-údar na comharsanna, go cliste, nádúrtha, isteach sa scéal, ach diaidh ar ndiaidh, leathnaítear an bhearna easaontais idir Joe agus Bugler, agus ag an bpointe seo, feictear cosúlacht idir an scéal seo agus an dráma cáiliúil sin, The Field, le John B, Keane, agus is dócha go bhféadfá a rá, go raibh an chríoch chéanna ar an scéal seo le Edna O’Brien.

Éiríonn leis an údar mám maith mothúcháin a chorraí, sa chroí istigh ionainn agus ábhar an scéil seo á láimhseáil aici, agus fágann sí i ndeireadh anála muid, leis an gcaoi a chuireann sí críoch lena scéal.

An-leabhar, agus é gaibhnithe i stíl fhoirfe, shnasta, sciliúil, spreagúil.

TURLOUGH.

My Lady Judge…

.

Leabhar do-dhearmadta

…..My Lady Judge…..

.

My Lady Judge…..An chéad chló……….2007

le

Cora Harrison…………………… £15.99

.

.

.

I mBoireann an Chláir

Seo leabhar ar tháinig mé trasna air, ar na mallaibh. Thíos sa Leabharnann, sa Loch Buí a bhí mé maidin, agus mé ag guairdeall thart i measc na leabhar ansin, féachaint an bhféadfainn teacht ar leabhar eicínt, a chorródh an croí istigh ionnam, is a thabharfadh pléisiúr dom, fad is a bheinn sáite go dtí an dá chluas ann. Bhuel, tháinig mé ar an leabhar thuasluaite, agus tuigeadh dom láithreach, go bhféadfainn seal a chaitheamh leis, ‘á chrú’, mar adéarfá.

Tuige? adéarfadh duine liom, b’fhéidir.

Bhuel, ar an gcéad dul síos, suíonn an t-údar, Cora Harrison, a scéal i gcuid den tír, a chuaigh i gcionn go mór orm blianta ó shoin anois, agus dár ndóigh, tá sár-aithne ag an údar ar an dtaobh sin tíre, nó nach bhfuil cónaí uirthi, thiar ar bhruach na tíre sin.

Tír Álainn

Cén chuid den tír atá i gceist agam, an ea?

Boireann an Chláir, gan dabht ar domhan, nó cá bhfaighfeá áit ar bith, ó cheann ceann na cruinne, gan trácht ar ó cheann ceann na tíre seo, cá bhfaighfeá áit inchurtha le Boireann an Chláir, ar a fhiántas, ar a áilleacht, ar a éagsúlacht, nó ar a iargúltacht. Sea, agus sa scéal seo, faigheann muid trácht ar ionaid aithnidiúla, cosúil le Mullaghmore, Poulnabrone, agus Kilfenora. Sea, agus suítear an scéal i bhfad siar i stair na dúiche sin, nó ba sa bhliain 1509 a tharla eachtraí an scéil seo. Ba é Turlough Donn O’Brien, a bhí ina Rí ar “Thomand,” ar an “Burren,” agus ar “Corcomroe,” freisin, ag an am, agus ba í, Mara, Breitheamh, (nó Brehon i mBéarla,) na Dúiche céanna sin, an t-aon bhean a bhí ag feidhmiú mar bhreitheamh in Éirinn, ag an am, agus ba é Turlough a cheap sa phost sin í.

Brehon na Boirne

Is í Mara an príomhcharachtar sa scéal, agus déanann an t-údar iarracht ar bhrat grá a shníomh thart uirthi fhéin agus an Rí, Turlough Donn, Ach ba dhuine an-neamhspleách í an Breitheamh, Mara. Ag an am áirithe sin, thart ar Fhéile mhór na Bealtaine, bhí an Rí ar a chuairt ríoga ar Ríocht na Boirne, agus é mar aoi ag a Bhreitheamh, Mara, ina teach fhéin i gCahermacnaghten, mar a raibh Scoil Dlí á seoladh ag Mara, le blianta fada. Féach mar a chuirtear síos ar an ionad ársa sin, Cahermacnaghten, sa Réamhrá…

“On the west side of the kingdom was Cahermacnaghten whose great stone walls, ten foot wide and twenty foot high, enclosed a law school. The exquisitely written documents penned within its walls tell the story of a community, living by the ancient laws of their forebears in the stony kingdom of the Burren.”

Féile na Bealtaine

Anois, bhí de nós ag daonra na Boirne Féile na Bealtaine a cheiliúradh, trí bhailiú ina slua, ar bharr “Mullaghmore”, agus Tine Cnámh a lasadh ansin, um mheánoíche, ar Oíche Bhealtaine. Bhí Mara, Breitheamh, agus Turlough Donn, Rí, ar an bhfód freisin, ach tuigeadh dóibh, go mbeadh sé ró-dhian orthu dul go barr an tsléibhe, an oíche sin, agus shocraigh siad, ar dhul píosa den tslí leo, agus ansin dul thar nais go Cahermacnaghten. Rinneadar amhlaidh. Ach, ar an drochuair, tharla gur deineadh dalta ón Scoil Dlí a dhúnmharú ar thaobh an tsleibhe sin, tráth eicínt, an oíche sin. Ar Mhara, an Breitheamh, a thit sé anois, an chúis a fhiosrú, agus teacht ar an té a dhein an marú, le go ngearrfaí an pionós cuí air, agus le go n-iocfadh sé an éiric a bheadh dlite air.

Taighde

Caitheann an t-údar roinnt mhaith ama ansin, ag fiosrú an scéil, trí dhul chun cainte le daoine áirithe, ar tuigeadh di, go mbeadh fianaise ábharach eicínt acu, a chabhródh lei teacht ar an ndúnmharfóir. Ach, i ndeireadh na dála, bheadh uirthi an pobal a thionól thart ar “Poulnabrone” leis an gcúis a phlé os ard, os comhair na muintire, nó ba thart ar an Leacht ollmhór sin a dhéantaí cúiseanna dlí a phlé, a fhuascailt, a shocrú, agus ba ansin freisin a dhéantaí breith an Bhreithimh a chur i bhfeidhm. Thart ar an ndúnmharú sin, agus ar an románsaíocht idir Mara agus an Rí a chaitheann an t-údar bunús a dúthrachta i gcruthú an scéil seo.

Scéal Stairiúil

Déanann an t-údar seo iarracht cumasach freisin, ar shaol an séú haois déag a chur ina steillebheatha os ár gcomhair amach. Cuireann an t-údar síos ar Ríthe, ar Bhreithiúna, ar Thaoisigh, ar Cheárdaithe, ar Phobal, agus ar Lucht Léinn. Tugann sí spléachadh dúinn freisin, ar an gcóras dlí a chuirtí i bhfeidhm i Ríochtaí Éireann, ag an am, agus ar na modhanna a d’údáideadh siad, leis na dlithe sin a chur i bhfeidhm. Cuirtear síos, chomh maith, ar an gcogaíocht idir thaoisigh, idir threibheanna, agus fiú, tugann sí leide dúinn, ar na heasaontais idir Ghaeil agus Gaill, agus an chaoi ar tharla an dá chine sin in adharca a chéile i gCathair mhór na Gaillimhe.

Is spéisiúil freisin, na carachtair a chruthaíonn an t-údar le cur ar stáitse na staire, lena fís a leagan os ár gcomhair amach. Breathnaigh ar na hainmneacha breátha, Gaelacha, a bhaisteann sí orthu, ainmneacha ar nós, Murrough, Cumhal, Ardal, Fachtnan, Oscar, Lorcan, agus tuilleadh.

An-Léamh

Níl fúm a thuilleadh a rá faoi chúrsaí an scéil seo, ach mholfann don léitheoir an leabhar seo a léamh, dá bhfaigheadh sé an deis chuige, nó is spéisiúil an leabhar le leamh é, ar a chur chuige, ar a stairiúlacht, ar a inchreidteacht, agus ar a dhílseacht don dúiche ina suítear é.

.

Peadar Bairéad

.

.

TURLOUGH.

U R S C E A L A I U R

Ú R S C É A L A Í Ú R .

*********************

.

N o G r e a t M i s c h i e f ………………………….Eagran Vintage..2001.

l e

ALISTAIR MacLEOD……………………………………………..£9.10. (€11.55.)

.

.

**********************

.

Seo an chéad úrscéal againn ó pheann líofa an údair ildánaigh seo, Alistair MacLeod. Is dócha gur beag duine sa dúiche seo nár chuala faoin údar sciliúil seo, nó nach raibh sé i láthair anseo sa Chathair Álainn, ag “Arts Festival” na bliana seo, agus nár chuala roinnt mhaith daoine é ag léamh cuid dá shaothar, ar an ócáid chéanna sin. Sa bhliain 1936 a rugadh Alistair, agus tógadh é i gCape Breton, Nova Scotia, agus is mar mhúinteoir in Ollscoil Windsor, Ontario, a thuilleann a bheatha. Anois, bíodh gurb é seo a chéad úrscéal, ní hé seo an chéad uair aige i mbun pinn, nó is gearrscéalaí den scoth é, a bhfuil cáil tuillte aige, sa ghort sin, le tamall maith de bhlianta anois.

Tugadh an leabhar seo mar bhronntanas dom, roinnt míonna ó shoin, agus is dócha gur roghnaíodh mar bhronntanas dom é, toisc go raibh roinnt abairtí Gaeilge sníofa go healaíonta tríd an téacs, rud a théann tríd an scéal mar a bheadh snáithe trí bhráisléad brád. Is dócha go bhfuil cosúlachtaí idir an scéal seo agus an leabhar breá úd “Roots”, sa mhéid go bhfuiltear ag iarraidh stair chineál Chaluim Ruaidh a lorg, siar trí anró agus trí chruatan na staire, siar go hAlbain an ochtú haois déag. Sa bhliain 1779 ruaigeadh Calum MacDonald as a bhaile, i nGarbhchríocha na hAlban, agus lena chlann is a ghaolta d’ardaíodar a seolta, agus thrasnaíodar an t-Atlantach, le cur fúthu i Nova Scotia, áit ar bhunaíodar treabh nua Albanach dá gcuid fhéin, i gcríoch úd na gcrann, treabh a d’fhan rua, dúshúileach, Gaelach, agus treabh a d’fhan dílis dá bhfréamhacha Albanacha, uaidh sin amach.

Thart ar dhá chéad bliain ina dhiaidh sin, in ochtóidí na haoise seo caite, chuir fear dá sliocht, Alexander MacDonald, roimhe, scéal a chineáil a ríomh, agus sin atá curtha ar fáil sa leabhar seo dúinn ag Alistair MacLeod. Sleamhnaíonn an scéal go réidh, nádúrtha, inchreidte, trí leathanaigh na staire, agus éiríonn leis an údar scéal shliocht Chaluim Ruaidh a insint, ón lá a d’fhág siad an seanfhód in Albain, anuas go dtí ré an Alexander MacDonald seo a leagann scéal a chine os ár gcomhair amach. Seal amháin tá muid gafa siar chomh fada le Cath Chulloden, mar ar briseadh ar chumhacht na gClann, nó arís, muid ag léamh faoi Chath Quebec, agus an chaoi ar bhuaigh an Ginearál Wolfe, nuair a scaoil sé na “fierce Highlanders” isteach sa chath, ach smaoinítear freisin, faoin litir a scríobh sé, tamall roimhe sin, ag cur síos ar na “Highlanaders” céanna sin…

“They are hardy, intrepid, accustomed to a rough country, and no great mischief if they fall”

B’in an áit a bhfuair sé an teideal dá leabhar. Léirigh an litir chéanna sin an meas, nó an drochmheas, a bhí ag an nGinearál Wolfe ar na “Highlanders”

Seal eile ansin, tá muid ag taisteal trí thír a ndídine, Cape Breton, Nova Scotia, mar ar chaith Chlann Chaluim Ruaidh an dá chéad bliain idirlinneach sin. Ach ar ais linn go tús an úrscéil corraithigh seo.

Alexander MacDonald, an fear inste scéil, sa chás seo, agus cuireann sé ceann ar an scéal agus é ar a bhealach ó Ontario go Toronto, mar a bhfuil deartháir leis ina chónaí, agus é, (an deartháir), ag teacht i dtír, an tráth sin, ar a chuimhní, agus ar an mbraoinín, mar bheatha. Féach mar a chuireann an t-údar tús lena scéal ….

“As I begin to tell this, it is the golden month of September in southwestern Ontario. In the splendid autumn sunshine the bounty of the land is almost overwhelming, as if it is the manifestation of a poem by Keats.

Déanann sé cur síos ansin ar an tír trínar ghabh sé ar a thuras, turas a dhéanann sé go rialta, ar an Satharn, nó is cuid dá dhúchas agus da oiliúint é, gan dearmad a dheanamh ar a chineál fhéin, agus is ar a dheartháir fhéin atá a chuairt. Nach mór go deo idir an bheirt dearthar céanna sin, nó is lia fiacal é Alexander, agus i ndáiríre, is alcólach é Calum. Téann sé isteach ina sheomra, in arasán cúlshráideach, agus seo mar a bhí…

I look around the small familiar room and its spartan neatness. There is no evidence that he has eaten today and there does not seem to be any food visible. In a wastebasket beside the sink, there is one of those amber bottles in which oversweet and low-priced wine is sold. It is empty.

“Do you want anything to eat?” I ask.

“No” he says, then after a pause, “nothing to eat.”

Thuig Alexander an leide sin agus ar ball thug sé deoch branda dó. Shocraigh sin é, agus tar éis scathaimh, labhair sé arís..

‘Ah, “ille bhig ruaidh,” he says. “We have come a long way, you and I, and there are no hard feelings. Do you remember Christy.”

Bhí sé ag baint úsáide as an ainm ceana a bhíodh ag a mhuintir ar Alexander, agus é ina ghasúr, fadó. Thugaidís “Gille beag ruadh”, nó gasúr beag rua, mar ainm ceana air, toisc go raibh gruaig rua air.

Chuaigh sé siar ansin ar an seanchas faoina chineál, faoin gCalum Ruadh úd, a shin, sin, sin seanathair, a d’imigh ina dheoraí, ó Gharbhchríocha na hAlban, dhá chead bliain roimhe sin, agus mar sin dóibh.

Nuair a d’fhág sé a dheartháir, ar deireadh, agus nuair a bhí sé taobh amuigh den doras, chuala sé a dheartháir, Calum, ag rá amhráin Albanaigh, go réidh, ciúin, leis fhéin….

“Chi mi bhuam, fada bhuam,

Chi mi bhuam, ri muir lain;

Chi mi Ceap Breatainn mo luaidh

Fada bhuam thara an t-sail.

He was singing ‘Cumha Ceap Breatainn’, ‘Lament for Cape Breton’ ….it means something like

I see far, far away,

I see far o’er the tide;

I see Cape Breton, my love,

Far away o’er the sea.”

B’in cuid den traidisiún a thógadar thar farraige siar leo, nós na n-amhrán agus na gcaointe, agus chomh maith le sin, thógadar leo a dteanga fhein freisin, agus fiú, tar éis dhá chéad bliain, d’fhan cuid áirithe den teanga fhéin beo fós ina measc.

Bhuel, d’imigh Alexander ar ais leis go dtí a bhaile fhéin, agus a phost cáiliúil, mar lia fiacal, i gcathair Ontario. Ach bhí giorria an dúchais dúisithe i gcistin a aigne, ag a dheartháir agus a chuid seanchais, agus uaidh sin amach, díríonn sé a aire ar a scéal fhéin, agus ar scéal Chlann Chaluim Ruaidh, agus sleamhnaíonn sé go héasca, formhothaithe, ó cheann amháin acu sin go dtí an ceann eile. Faigheann muid scéal Chaluim Ruaidh, agus an chaoi ar fhág sé tír a dhúchais, sa bhliain 1779, agus é cúig bliana is caoga ag an am. In éineacht leis, bhí a bhean agus a chlann, dáréag acu, sea, agus thógadar an seanmhadra leo freisin, toisc gur lean sé sa tsnámh iad, nuair a d’fhág an bád an cladach.

Cé go bhfuil Alexander meáite ar a scéal fhéin, agus scéal a chlainne, a insint, téann sé siar agus aniar sa stair, leis an scéal sin a mhíniú agus a shoiléiriú, sea, agus le fréamhacha an lae inniu a lorg sna glúnta a d’imigh rómpu. Is speisiúil, agus is rí-speisiúil, mar a chuireann sé chuige sin, ach níl fúmsa anois an scéal sin a ríomh anseo, nó mhillfinn an scéal oraibhse! Ach, níl dabht ar domhan, ach go bhfuil a cheird foghlamtha go maith ag an údar seo, agus cé go gceapfá, corruair, go bhfuil a stíl sa leabhar seo ró-scaoilte, ag an am gcéanna, nuair atá an leabhar críochnaithe agat, tuigeann tú ansin go gcuireann na dathanna uilig le chéile, le spléachadh iontach a thabhairt dúinn ar shaol agus ar shaothar Alexander MacDonald fhéin, agus ní hé sin amháin é, ach suíonn an t-údar an scéal sin taobh istigh de stair a chine agus a chineáil. Cuireann sé sinn faoi gheasa lena scil scéalaíochta, agus déanann muid iontas den chaoi ar choinnigh cineál Chaluim Ruaidh a n-oidhreacht, agus a dteanga, thar spás ama chomh fada sin, nuair a chaill an mhuintir s’againne a dteanga taobh istigh de chupla glún, tar éis dóibh Talamh an Éisc a thabhairt orthu fhéin. Féach mar a chuireann Aodhán Ó hEadhra é ina leabhar scolártha ar “Na Gaeil i dTalamh an Éisc”.

“Nuair a déantar comparáid idir scéal na Gaeilge, agus an tslí inar tháinig meath uirthi, agus an tslí inar mhair an Ghaidhlig i measc na nAlbanach in áiteacha eile i gCeanada – fiú sa “Codroy”, ceantar an-bheag Albanach in iardheisceart Thalamh an Éisc – caithfear a admháil gur de bharr easpa tacaíochta sóisialta, eaglasta, oideachais agus misnigh, b’fhéidir, a cailleadh an teanga sa chéad ghlúin.”

Ach sin scéal do lá eicínt eile, agus le filleadh ar an leabhar atá idir chamáin againn anseo, céard is féidir a rá faoi ach…….

…An-léamh, an-leabhar, an-údar…

.

*****************

Peadar Bairéad.

gaGaeilge