Rotha Mór an Ghrá (Shakespeare)

Rotha Mór an Ghrá (Shakespeare)

Timpeallán Síoraí an Ghrá

.

Rotha Mór an Ghrá………..Soinéid Shakespeare

le…..Muiris Sionóid………………………………………20 Euro

Céadchló…………………………………………………………..2006

.

I mbliain an Tiarna, dhá mhíle a sé, a cuireadh cló, a chéaduair, ar an rí-leabhar léannta seo, agus is é Muiris Sionóid, a chaith a dhúthracht leis, thar thréimhse blianta, a chuir i dtoll a chéile dúinn é. Chaith mé fhéin agus Muiris seal ar an bhfón ag caint faoin saothar scolártha seo, agus ó tharla gur spreag a chuid cainte mé, dúirt mé leis gur mhaith liom píosa a scríobh faoina leabhar, sa cholún seo. Bhuel, thosaigh mé ag léamh liom, agus ba ghearr gur tuigeadh dom, nár ghnáth leabhar a bhí anseo againn, ach leabhar nár cheart thar chupla dán, nó trí, as, a léamh, d’aon iarracht, agus sa tslí sin, déarfainn go dtógfadh sé tréimhse ó Shamhain go Bealtaine orm an leabhar ar fad a léamh, sea, ach smaoinigh ar an dtaitneamh ar fad atá le baint agam as, á léamh, agus á athléamh, ar an luas seilide sin!

An tÚdar fhéin

Ach, céard faoin údar fhéin?

Rugadh agus tógadh Muiris i gContae Loch gCarman, ar learga Chnoc Fhiodh na gCaor, agus b’an a chónaigh sé go dtí go raibh na trí bliana déag sáraithe aige. D’aistrigh an teaghlach ansin go dtí an Muileann gCearr, áit a bhfuil cónaí air go dtí an lá atá inniu ann. Bíodh gur le Matamaitic agus Eolaiocht a chaith sé bunús a shaoil ghairmiúil mar mhúinteoir, chaith sé seal freisin, i mbun na Gaeilge, agus ní call a rá, go bhfuil suim, agus dhá shuim, aige i litríocht agus i gcultúr an Ghaeil. Fear pósta isea é agus seachtar clainne air. Is mór an spéis a chuireann sé freisin sna cluichí náisiúnta. Tá an t-eolas sin uilig, agus tuilleadh, le fáil faoi, ar chlúdach an leabhair iontaigh seo, agus ní call a rá, gur chuir sé suim, agus dhá shuim, i soinéid Shakespeare freisin, nó bhailigh sé iad, agus ansin, rinne sé iad uilig a aistriú go Gaeilge, agus a fhoilsiú le chéile, sa leabhar breá ildánach seo.

Ní Gobán a Ghaibhnigh

Tabharfaidh an té a léifidh an bailiúchán soinéad seo faoi deara, nárbh aon ghobán a ghaibhnigh na haistriúcháin chéanna seo, nó trína léamh, is féidir leis an léitheoir dul díreach go croí chuile dháin acu, gan bualadh isteach tigh an Bhaird, chor ar bith, agus ní féidir moladh níos airde a thabhairt d’aistriúchán fileata ar bith. Ach céard faoina raibh le rá ag ár Rí-Éigeas fhéin, ag Máire Mhac an tSaoi, ina Réamh-mheas, idtús an leabhair seo……

“Mairfidh fiúntas na hiarrachta éachtaí seo i bhfad. Sa chéad leath den gcéad dheireannach, thuig an dáimh acadúil nach raibh aon chleachtadh b’fhearr chun máistreacht a fháil ar scríobh na Gaeilge ná aistriú ón mBéarla. Tá dhá thráigh á bhfreastal anseo ag Muiris Sionóid. léiriú ar leithead chumas na Gaeilge agus feabhsú mór ar ár dtuiscint ar Bhéarla Shakespeare agus ar mheon an ama lenar bhain seisean.”

Deacair dul thar an moladh sin.

Saothar Ollmhór

Nach mór go deo an saothar atá déanta ag an údar ildánach seo agus thart ar chéad caoga soinéad de chuid Shakespeare aistrithe aige, ó Bhéarla Shakespeare go Gaeilge fhileata den scoth. Agus chomh maith le sin, tugann sé athchuimriú ar chuile dhán acu sin, maraon le gluais chuimsitheach, acraí a chuireann go mór le tuiscint an léitheora. Chuir mé fhéin suim faoi leith i ndearcadh Shakespeare i leith na háilleachta daonna, nó déanann sé tagairt arís agus arís eile, d’fhear óg dóighiuil a ghráigh sé, agus an chaoi a mholann an Bard dó, gan an áilleacht uilig sin a ligean le sruth. Ba chóir dó sliocht a fhágáil ina dhiaidh, nó sin an t-aon bhealach amháin leis an áilleacht daonna a chosaint agus a chaomhnú ar an mbuanaí míthrócaireach, an tAm. Féach mar a chuirtear é i nGaeilge Mhuiris…

“Crainn mhaorga nuair a chím lom gan duilliúr,

Don tréad ón mbrothall b’fhoscadh fionnuar tráth,

is glaise an tsamhraidh i bpunann righin, gan snua

Ar chróchar fómhair faoi cholgfhéasóg bhán.

Áilleacht an tSaoil seo

Sin ceathrú a léirítear mar a chailltear an áilleacht faoi ionsaí ghéar an Ama, ach féach anois, mar a cheanglann an Bard punann an dáin sin i leathcheathrú seo an dáin…….

Aon chosaint níl ar speal an Ama chrua

Ach sliocht mar dhúshlán ‘s é dod’ bhreith chun siúil.

Ar bhealach, chuirfeadh an bhéim sin uilig ar an áilleacht línte an Phiarsaigh s’againne i gcuimhne do dhuine………

“The beauty of the world hath made me sad,

This beauty that will pass”

Ach tharla nár tháinig an Piarsach ar leigheas an scéil, tráth ar éirigh leis an mBard dhá leigheas a leagan os ár gcomhair amach, mar chom maith leis an gceann thuasluaite, deir sé freisin, go bhfuil ar a chumas fhéin áilleacht an fhir óig a bhuanú trína véarsaí fhéin faoi.

Leagann an t-údar scór de na soinéid is cáiliúla os ár gcomhair, i dtosach báire, le sinn a mhealladh chun an fhéasta filíochta atá réidh, ullamh, aige dúinn, a chaitheamh ina chomhluadar. Agus ní call dom a rá, go bhfuil féasta dá leithéid réidh agus ullamh aige, nó ní hamháin go bhfuil fáil ag an léitheoir anois ar shoinéid an Bhaird, i dteanga na nGael, ach ag an am gcéanna, tá culaith fheiliúnach, nua, táilliúraithe go cliste, ealaíonta, fileata, ag Muiris dóibh. Sea, aigne Shakespeare gléasta i véarsaí Mhuiris.

.

Téada eile freisin

Ná ceap anois nach bhfuil téada eile á seinm ag Shakespeare ar chláirseach a chuid soinéad, nó tá, agus caitheann sé roinnt mhaith ama ag gearán faoin chaoi ar sciob an fear dathúil óg úd, a raibh meas an domhain aige air, faoin chaoi ar sciob seisean a leannán mná uaidh fhéin. Agus bíodh gur dhein an fear úd a ghráigh sé, bíodh gur sciob sé a leannán uaidh, ní air go díreach a leagann sé an milleán sa soinéad seo, ach ar an mbean, a deir sé a mheall uaidh é, ar mhaithe lena toil fhéin a imirt ar an bhfile….

“Is liom beirt ghrá, m’éadóchas is sólás,

Mar bheirt sprid ’ chránn le cathú mé de shíor;

An t-aingeal maith is fear é, slachtmhar breá;

An ainsprid, baineannach, ar olc a lí.”

Ní chaillfidh an file a mheas ar an óigfhear sin riamh, agus dósan, fanfaidh sé i mbláth a óige i gcónaí. Féach mar a chuirtear é, ar leathanach a 317..

“Mar shnáthaid grianchloig bíonn an áilleacht, ámh,

Ag éalú óna suíomh ‘s nach léir a siúl;

‘S do shnua róchaomh, cé seasta im’ radharc tá,

Tá siúlach, ‘s tharlóidh meallta aige mo shúil;

.

.

‘S a ghlúin gan bhreith, cluin seo uaim; roimh do ré,

Roimh ghealú di, samhradh na scéimhe d’éag.”

Cóngarach go maith do dhearcadh an Phiarsaigh s’againne ansin…

“The beauty of the world hath made me sad,

This beauty that will pass..”

Leabhar Riachtanach

D’fhéadfainn tuilleadh ama a chaitheamh anseo, ag leagan saothar an údair os bhúr gcomhair, agus ag cíoradh téada binne eile, ar ar sheinn an Bard a fhoinn éagsúla, ach nach bhfuil ar bhúr gcumas fhéin sin a dhéanamh, as bhúr stuaim fhéin! Sea, agus sa bhealach sin, beidh ar bhúr gcumas taitneamh agus pléisiúr a bhaint as an ngnó ar fad. Mar sin, seo leabhar riachtanach do chuile leabhragán Gaeilge, leabhar a d’fhéadfá a tharraingt ort fhéin, am ar bith, agus cupla ceann de na greamanna beadaí atá folaithe dúinn ann, a bhaint as. Níl dabht ar domhan ach go gcuirfidh fiúntas fileata agus cruinneas cúramach na n-aistriúchán seo sciatháin áthais ar do chroí, mar is beag nach gceapfá go mba dhánta a chéadchumadh i nGaeilge iad, ach dár ndóigh, tá an t-údar seo, Muiris Sionóid, molta agus mise i mo thost.

Nach leor nod don eolach? Agus ná lig do leas ar chairde, mar adeireadh an tseandream fadó.

.

.

Rotha Mór an Ghrá (Shakespeare)

Rúin Athbhliana 2015

.

Rúin Athbhliana !

Peadar Bairéad

.

(An tráth sin bliana tagtha arís…New Year Resolutions Time )

.

Scáile na Rún

.

Ag caint ar Rúin Athbhliana, déarfainn go bhfuil mé fhéin beagáinín ró-aosta anois do nós sin na Rúin Athbhliana, ach ní hionann sin is a rá nach raibh mé tugtha don nós céanna sin, blianta ó shoin, nó bhí agus thar a bheith tugtha. Chaithinn seal chuile bhliain ag déanamh mo mharana ar an nós céanna sin, agus mé ag iarraidh teacht ar rúin a bheadh oiriúnach don bhliain úr. Theastaigh uaim seo a dhéanamh, agus theastaigh uaim siúd a dhéanamh, i rith na bliana a bhí romham amach, ach tríd is tríd, shocraíodh mé fáil réidh le droch-nósanna, agus nósanna suáilceacha, nua, a chleachtadh feasta. Ar éirigh liom beart de réir mo bhriathair a chur i ngníomh? Is deacair a bheith cinnte anois, ach tríd is tríd, ba é saol an fhata i mbéal muice a bhí i ndán dá mbunús, ach sin ráite, ní déarfainn go mba am amú, amach is amuigh, é nós na Rún Athbhliana céanna sin, nó bíodh go mbrisinn corr-cheann acu, ag an am gcéanna, chaitheadh siad uilig a scáile thar m’iompar, uaidh sin amach.

An ndearna n ar bith don bhliain atá romhainn amach anois, an ea?

or dhein, muis! ach tá nós nua fionnta agam leis an mbearna sin a líonadh dhom, agus in áit Rúin Athbhliana, is amhlaidh a thugaimse Guíonna Athbhliana orthu, nó in áit ualach na rún sin a cheangal aniar orm fhéin, is amhlaidh a phiocaim amach roinnt rudaí, ar mhaith liom go ndéanfaí iad, i rith na bliana úire.

Guíonna Athbhliana

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom, i rith na bliana seo, go gcuirfí deireadh le marú agus le mugáil, le foréigean agus le héigniú de chuile shaghas, le mí-úsáid agus le hainriail agus le brúidiúlacht de chuile chineál, agus go bhfillfeadh daoine arís ar shíocháin, ar charthannacht, agus ar chomharsunúlacht. Dá ndéanfaí a leithéid, nár mhór go deo an difir a dhéanfhadh sé i saol an ghnáthdhuine? Sea, agus i ndáiríre, nach féidir a rá, nach mbeadh sa mhéid sin fhéin ach filleadh ar na dlíthe atá fite fuaite i smior na gcnámh istigh ionainn uilig go léir?

Leagfaidh mé Gui amháin eile os do chomhair amach anseo agus sin go dtabharfaí aire faoi leith, dóibh siúd atá ar an imeall, sa bhliain seo ár dTiarna 2015. Is é atá i gceist agam anseo, nó na daoine uilig sin, a tháinig chun na tíre seo, ar thóir oibre nó tearmainn, go dtabharfaí spás agus éisteacht dóibh, i rith na bliana seo, sa tslí go mbeadh ar ár gcumas, a mbunús a ghlacadh isteach mar bhaill den phobal s’againne. Is daoine daonna iad, is comharsanna iad, agus is cairde iad, nach bhfuil aithne cheart curtha againn orthu fós. Ba mhaith liom dream amháin eile a chur isteach sa Rún seo freisin, agus sin iad an lucht siúil, a bhfuil a mbunús imeallaithe againn, leis na blianta, sea, agus cá bhfágfá an dream úd a chodlaíonn amuigh, ar thaobh ár sráideanna, nó ar thaobh ár mbóithre?

Diúltachas!

Tá Guí amháin eile agam don bhliain atá romhainn amach agus sin go n-éireodh linn uilig, agus lenár bpolaiteoirí ach go háirithe, guaim eicínt a chur orainn fhéin feasta, agus críoch a chur le diúltachas ar mhaithe le bheith diúltach. Agus ar thug tú faoi deara an nós atá ag lucht an Fhreasúra, bhuel! ag cuid acu ach go háirithe, Páirtithe an Rialtais a cháineadh as a ngeallúintí toghchánaíochta a bhriseadh, ach ag an am gcéanna tá geallúintí do-chomhlíonta á ndéanamh, as éadan, acu fhéin. ‘Ná déan mar a déanaimse, ach déan mar adeirim.     

Athbhliain faoi mhaise agus faoi bhláth dhaoibh go léir, agus ná cuireadh an braon anuas isteach nó amach oraibh fhéin, nó ar bhur gcúram, i rith na bliana atá rómhainn amach.

Go mbeirimid beo ar an am seo arís.

.

.

Rotha Mór an Ghrá (Shakespeare)

Ruin athbhliana…..

Rúin Athbhliana

Tá an tráth sin bliana linn arís! Na Gearróga dubha curtha dínn againn, agus muid ag druidim linn go cúramach i dtreo na Féile Bríde. Seo an t-am le rúin athbhliana a dhéanamh. Seo an t-am le seolta a ardú arís agus le dúshlán na mara móire moingscaoilte a thabhairt. Seo an tráth den bhliain le soithigh ár mbeatha a ní is a scóladh agus le bainne úr milis na beatha a scaoileadh isteach iontu, ar eagla a mhillte. Sea, gan dabht ar domhan, Seo an tráth le claíocha bearnaithe na beatha a dheisiú, agus le gortghlanadh éifeachtach a dhéanamh ar fhiaile shantach, bharrphlúchtach ár laethe. Seo an tráth den bhliain, nuair a dhírím fhéin ar alt a scríobh faoin ábhar thuasluaite.

A Thriochadú breithlá

Bliain faoi leith domsa isea bliain seo ár dTiarna, 2009, nó triocha bliain ó shoin go díreach, sea a thosaigh mé ar an gcéad alt dem Cholún, “I mBéal an Phobail”, a scríobh. B’in í bliain an Phápa, an bliain 1979, nuair a chuir mé tús leis an gColún seo. Tharla cupla uair, san idirlinn, gur cheap mé fhéin go gcuirfínn deireadh leis an gColún céanna sin, ach, ar chúis amháin, nó ar chúis eile, tháinig sé slán, agus beidh sé ag ceiliúradh a thriochadú breithlá, am eicínt, amach anseo, i dtóin na bliana seo.

Ach le filleadh ar na rúin athbhliana sin………..

Deireadh leis an Mustar!

Tugann an bhliain áirithe seo deis faoi leith dúinn breathnú athuair ar chúrsaí an tsaoil s’againne. Is dócha go dtuigtear do chuile mhac a’ pheata againn anois, go bhfuil deireadh leis an mustar! nó bhailigh an Tíogar Ceilteach a chip is a mheanaithe leis anuraidh, agus thug Críocha Coimhthíocha Grianmhara Dofhála air fhéin, agus caithfidh muidinne é a thuiscint athuair, nach bhfuil Cathair bhuan ar bith againn ar an saol seo, agus nach bhfuil buaine ar bith ag baint le saol, le saibhreas, nó le gradam. Bliain ó shoin, bhíomar uilig ar dhroim na muice, agus féach orainn anois! Nár thapaidh a leagadh sa mhoirt sinn? Tá laethe anróiteacha romhainn amach, laethe an anró, agus an chruatain, nuair a bheidh dífhostaíocht forleathan go maith inár measc arís, agus nuair a bheidh ganntanas airgid ag cur as do roinnt mhaith daoine. Ach, faoi mar adeireadh an tseandream fadó, “an rud is measa le duine na a bhás, b’fhéidir gurb é lár a leasa é,” agus b’fhéidir gurbh acusan a bhí an chiall, nó ní tagann olc i dtír nach fearrde duine eicínt é! agus mar sin, is é is lú is gann dúinn a dhéanamh, nó leas a bhaint as an anachain.

Sea, ach conas is féidir le duine a leithéid a dhéanamh?

Bhail! caithfidh sé dul ar a mharana agus leas a bhaint as na coinníollacha nua beatha a scaoiltear chuige. caithfidh muid breathnú ar na botúin a rinneamar, agus atá á ndéanamh fós againn, agus fáil réidh leosan feasta. Níl dabht ar domhan, ach go raibh airgead agus am á gcaitheamh go diomailteach againn, in áit iad a dhíriú ar an ngad ba ghiorra don scornach. Bhail! feasta, is féidir linn ceachtanna a fhoghlaim ó na dearmaid a rinneamar le linn laethe na flúirse, nuair a bhí saol na bhfuíoll á chaitheamh, ag íseal is ag uasal. Caithfidh muid cúbadh chugainn feasta, agus deireadh a chur le diomailt, le fábhraíocht, agus leis an teanga liom leat.

Athbhreithniú

Tabharfaidh na laethe seo deis dúinn freisin, féachaint ar na bealaí éagsúla a úsáidtear inár measc, le pá, teacht isteach, agus tuarastal, a mheas, agus a shocrú, sea, agus nár chóir breathnú freisin ar na liúntais éagsúla, a íoctar le hoibrithe áirithe, nó nach liúntais saor ó cháin a leitheid, gur fiú mórán d’oibrí ar bith iad, bíodh sé ina dhochtúir, ina theachta dála, nó ina iascaire. Nár chóir, ag an am áirithe seo freisin, breathnú arís ar na pinsin a íoctar do dhreamanna áirithe sa Stát s’againne, nó níl dabht ar domhan, ach go n-éiríonn le dreamanna áirithe an córas úd a chrú, ar mhaithe leo fhéin.

B’fhéidir go bhfuil mo dhóthain ráite agam, don bhabhta seo, agus gur leor é, le daoine a chur ag cur is cúiteamh faoi na cúrsaí céanna sin. Má d’éirigh liom sin a dhéanamh, beidh mé breá sásta liom fhéin.

*******************************************

Peadar Bairéad.

Rotha Mór an Ghrá (Shakespeare)

Rúin Athbhliana

Rúin Athbhliana arís

.

(Are ‘Rúin Athbhliana’ a waste of time?)

Peadar Bairéad

Súil romhat agus dhá shúil tharat

Seo an tráth den bhliain, nuair is cóir do dhuineil a chaitheamh roimhe ar an tslí atá le taisteal aige, ach tá sé díreach chomh tábhachtach an tsúil eile a chaitheamh thairis, mar bíodh go bhfuil sé tábhachtach breathnú ar an ród atá romhat amach, tá sé díreach chomh tábhachtach breathnú siar ar na bólaí as ar tháinig tú. Seo an tráth den bhliain, nuair a shuíonn daoine síos agus nuair a leagann siad amach an treo a mbuailfidh siad i rith na bliana úire. Seo an tráth freisin, nuair a dhéanann daoine rúin athbhliana, agus cé déarfadh nach maith agus nach riachtanach iad na cleachtaí céanna sin? Caithfidh mé a admháil gurbh ‘in mar a dhéanainn fhéin thar na blianta fada, ach anois, agus uimhir réasúnta ard ar chlog na beatha agam, tá mé den tuairim, go bhfuil an t-am le rúin athbhliana a dhéanamh thart, agus in ionad bheith ag smaoineamh ar na rúin sin, tuigtear dom, go bhfuil an tráth gnímh tagtha anois, in ionad bheith ag smaoineamh ar na rúin chéanna sin.

Cogaí agus ráflaí cogaidh

Nuair a bhreathnaím thart orm anois, feictear dom, ar an gcéad ásc, go bhfuil an domhan seo ‘gainne i dtrioblóid, ó bhun go barr, nó tá cogaí, agus ráflaí cogaidh thart orainn, ó cheann ceann na cruinne. Ag an am gcéanna, tá tubaistí ollmhóra nádúrtha ag crá agus ag céasadh pobail eile, in áiteacha éagsúla, ar fud an domhain chláir, sea, agus galraí agus aicídí contúirteacha ag bagairt ar shláinte agus ar shó an duine daonna, cuma cá gcónaíonn sé. Sea, agus cuir le sin, an dochar – atá anois beagnach do-leigheasta – atá á dhéanamh ag an daonnaí céanna sin don chruinne agus don saol mór atá thart air, saol a fuair sé le huacht, ó na glúnta a d’imigh roimhe. Anois, ní dhéanfaidh mé tagairt in aon chor anseo, do…mans inhumanity to man…

Anois an t-am chuige

Dá dteastódh ó dhuine ar bith rúin athbhliana a dhéanamh, anois an t-am chuige sin, nó d’fhéadfadh duine a shocrú ina aigne, a dhúthracht a chaitheamh, i rith na bliana úire, ag iarraidh stop a chur le roinnt áirithe de na hoilc chéanna sin a chránn coitianta é. D’fhéadfadh sé a shocrú ina aigne, go ngearrfadh sé siar ar úsáid na gconnaí so-ídithe, ar s guail, móin, artola, agus adhmad, agus sa tslí sin, dhéanfaí laghdú suntasach ar a lorg carbóin, rud a chuirfeadh go mór le sábháilteacht thimpeallacht na nglúnta a thiocfaidh inár ndiaidh. Caithfear a chur san áireamh feasta, nach linne an timpeallacht seo, níl againn ach a hiasacht, iasacht na hiasachta a gcaithfimid a fhágáil le huacht ag na glúnta atá le teacht. Ní seanmóireacht ar bith atá ar siúl agam anseo, ní hea, in aon chor, mar nach luíonn an scéal ar fad le réasún agus gan le déanamh ag duine ach breathnú thart air, le fírinne an ráitis sin a thuiscint.

Mo chuidse de, ó tharla nach mbeidhin athbhliana á ndéanamh agamsa i mbliana, déanfaidh mé mo dhícheall, sa bhliain úr, an t-iomaire atá romham a threabhadh glan, díreach, agus gan connadh so-ídithe a dhó chuige sin! Bheadh súil charthannach agam ar chomharsain agus ar chairde, agus fiú ar éinne eile a gcasfainn leis, nó lei, feadh an bhealaigh.

Miogarnach Airisteatail!

Anois, do dhuine a dúirt, anois beag, nach ndéanfadh sé aon rún athbhliana, nach bhfuil an ráiteas thuas an-chosúil le rún inmholta athbhliana. Ó! Bhuel! nach dtagadh miogarnach chodlata ar Airiseatail fhéin fadó, biodh nach aon Airisteatail mise.

ard fút fhéin? Ar smaoinigh tú fós ar cheist úd na rún athbhliana? Bhuel! b’fhéidir gurb é seo an t-am oiriúnach chuige sin!an do mharana air, ar chuma ar bith!

Ádh mór oraibh uilig san athbhliain chéanna sin.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

     

.

.

Rotha Mór an Ghrá (Shakespeare)

Rúscadh na mblian.

.

Rúscadh na mblian.

                                        

.

Mhair mé i laethe mo ré

Ag baslú mo sheoch mar chách,

I ngleic le coraí an tsaoil,

Gan aird ar an saol úd thall.

.

D’fhás mé ó óg go críon,

Ag bailiú cruinn-eolais go dian,

Ag fás is ag aipiú go tréan

Faoi ghrian gheal órga na mblian.

.

Trí fhás is trí shaothar mo ré,

Mealladh chun suain mo chiall,

Is maolaíodh ar ghéire mo shúil

Ar mhire is ar ghiorra an tsaoil.

.

Ar deireadh, i ngan fhios don lá,

Thit fachailí na súl díom anuas,

Is chonac go dalltach glinn

Mo dhán is mo chríoch gan dua.

.

.

Bhí mé fágtha ansin liom fhéin,

Im Oisín ar Thrá gheal na bhFiann,

Is cúrsaí an tsaoil bun os cionn,

Gan fhios cár chailleas mo shlí.

.

Bhí cluiche na beatha ó rath,

Níor thuig mise rúscadh na mblian,

Gan aithne agam feasta orm fhéin,

Is mo ghéarchúis imithe le gaoith.

.

Ní dheargann daoine níos mó.

Tá náire is aiféala faoin bhfód.

An gcaillfear sinn abhfus agus thall,

Is muid beagnach tagtha chun róid?

.

.

****************************

gaGaeilge