Saolta ag athrú  2

Saolta ag athrú 2

Saolta ag Athrú   2

Peadar Bairéad

(This week we consider our attempts to operate a Minority Government)

.

Rialtas Mionlaigh

Chonaic muid, an tseachtain seo caite, faoi mar a tharla i ndiaidh an toghcháin deiridh, nach raibh an dara rogha ag ár dTeachtaí Dála ach Rialtas Mionlaigh a bhunú, sin nó dul ar ais chuig na vótóirí, ag iarraidh orthu sainordú nua thabhairt dóibh, le Rialtas nua a bhunú, agus nár maith a thuig siad nach mbeadh an pobal céanna ró-shásta le socrú dá leithéid, tar éis dá dTeachtaí dhá mhí a chaitheamh ag iarraidh toil na vótóirí a chur i gcrích, agus gan de thoradh ar a n-iarrachtaí uilig, ach an teip. Nuair a cuireradh chuile shórt sa mheá, ba é a shocraigh siad, i ndeireadh na dála nó go ligfí do Fhine Gael Rialtas a chumadh, agus gheall Fianna Fáil go nglacfaidís fhéin leis an socru sin, ar choinníoll go leanfadh an Rialtas sin polasaí a bheadh inghlactha dóibhsean.

Nuair a léamar faoin socrú sin a chéaduair, ba é a cheapamar nó nach mbeadh Rialtas dá leithéid inmharthana, agus nach mbeadh aige ach saol fata i mbéal muice! Bhí breall orainn áfach, agus bíodh nár aontaigh siad faoi chuile shórt, ag an am gcéanna,or deineadh aon cheos a phléascfadh an socrú a rinneadh in am an ghátair, agus nuair a smaoiníonn tú air, tá ualach asail de bhuntáistí ag baint leis an socrú úd a bhunaigh ár Rialtas Mionlaigh.

Buntáistí

Buntáistí! adeir tú? Cad iad na buntáistí a bhainfeadh le socrú ciotach dá leithéid?

Bhuel! ar an gcéad dul síos, is iarracht é, ar dheacracht in ár gcóras daonlathach a leigheas, agus caithfear a admháil, go raibh thart ar dhá mhí caite ag ár dTeachtaí nuatofa Dála, ag iarraidh Rialtas Móraimh a bhunú, agus é ag teip glan orthu a leithéid a dhéanamh, agus thuigfeadh duine ar bith nach raibh ach dhá rogha fanta acu ansin, agus sin Toghchán nua a eagrú, nó Rialtas Mionlaigh a bhunú, agus bíodh nach rabhthas ró-shásta a leithéid de Rialtas a bhunú, ag an am gcéanna, b’fhearr sin, dár leo, ná dul ar ais chuig na vótóirí le sainordú nua a lorg.

Agus ar an dara dul síos, b’fhéidir go bhfuil muid tar éis teacht, de thimpiste, ar eiseamláir nua Rialtais, agus má oibríonn sé, bhuel, b’fhéidir go nglacfaí leis feasta, mar réalt eolais a threoireodh i dtreo Thír Tairngire sinn. Anuas go dtí seo, ní raibh ach sampla amháin againn de Rialtas Mionlaigh, agus sa chás sin, ní raibh ach Páirtí amháin ag feidhmiú mar Rialtas, agus an dara Páirtí mór sta cead a gcos a thabhairt dóibh, chomh fada is a leanfaidís polasaí a bheadh ag teacht lena ndearcadh siúd ar leas an phobail. Mar sin, socraíodh ar chineál nua Rialtais a bhunú mar thoradh ar a gcainteanna agus a margaíocht. Ach, le filleadh ar na buntáistí a bheidh ag Rialtas dá leithéid a bhunú, caithfidh muid a chur san áireamh, ar dtús, nach mbíodh i gceist, go nuige seo, ach Rialtais AonPháirtí, sin nó Comhrialtas, ach go dtí seo ní bhíodh glacadh ar bith le Neamhspleáigh mar bhaill de Rialtas, ach an babhta seo, tharla go raibh na Neamhspleáigh eagraithe mar mhionpháirtithe, ar mhaithe lena leas fhéin, agus leas a bpobail, a bhaint amach, tharla anois go rabhthas sásta Aireachtaí a bhronnadh orthu, ar choinníoll go ngeallfadh siad dílseacht, mar Pháirtí, don Rialtas nuabhunaithe. I ndeireadh na dála, tar éis breis is dhá mhí a chaitheamh i mbun margaíochta, bhíothas sásta Rialtas a bhunú faoi stiúir Fhine Gael, ach le hAirí Neamhspleácha mar Airí Rialtais ag iomradh bhád an Stáit ar aonbhuille leosan. Sea, ar deireadh thiar, bhí cineál nua Rialtais againn le gnó an Stáit a riar dúinn.

Ag glaoch sa bhFásach!

San am atá thart, nár mhinic a bhíodh Teachtaí Neamhspleácha ag glaoch leo fhéin sa bhfásach, agus gan aon ró-aird ag éinne orthu, sea, agus nár mhinic fís bhreá, chiallmhar, ag na daoine céanna sin, ach anois, bheadh Aireacht ag cuid de na Teachtaí éirimiúla seo, agus é ar a gcumas, a bhfís a leagan ar bhord an Rialtais, agus iarracht a dhéanamh le feoil a chur ar chnámha na físe sin, ar mhaithe le leas an phobail. Ní féidir a shéanadh, gur le leas an phobail socrú dá leithéid.

Anois, tá ráflaí ag dul sa timpeall, nach mbeidh ar chumas ar Rialtas Mhionlaigh buiséad a dhréachtadh agus a achtú don bhliain seo chugainn, agus muna mbeidh, beidh a bport seinte, Tiúrfaidh an aimsir freagra na ceiste sin dúinn. Ach, céard a déarfar má éiríonn leo an gnó sin a chur i gcrích?

Saolta ag athrú  2

Saolta ag athrú is ag síor-athrú.

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad.

(This week we take a look at how quickly things can change)

Saolta ag athrú

Ní gá dhom a rá go mbíonn an saol athraíoch seo ag athrú is ag síorathrú, ó lá go lá agus ó bhliain go chéile. Ní rud é sin a tharlaíonn anois is arís nó is comhartha beatha é an síor-athrú céanna sin. Tharla roinnt laethe ó shoin go raibh mé ag smaoineamh ar mhám aistí a chur i dtoll a chéile faoi na hathruithe uilig a bhí ag teacht ar an saol mór, le tamall de bhlianta anois. Bhí fúm tosú an lá dár gcionn. Bhí go maith. Ach níor tuigeadh dom go mbeinn fhéin tarlaithe chuig an Ospidéal sár a bhreacfadh an lá dár gcionn. Thart ar a trí ar maidin, thóg an t-Otharcharr mé fhéin chuig Ospidéal San Lúcás, anseo i gcathair Chill Chainnigh. Isteach i Roinn Timpiste agus Éigeandála a tógadh mé agus ba san áit sin a chaith mé an chuid eile den oíche sin agus an lucht leighis ag iarraidh a fháil amach céard a bhí cearr liom. Anois, níl fúm chuile ghné den scrúdú sin, nó chuile ghné den leigheas a moladh, a chraobhscaoileadh os ard anseo, nó ní bheadh fonn ar léitheoir ar bith a leithéid a léamh. Leor a rá, gur tuigeadh don lucht leighis céard a bhí ag déanamh tinnis dom, agus gur chinneadar ar mé a choinneáil istigh san Ospidéal sin ar feadh roinnt laethe fad is a bheadh cóir leighis á chur acu orm.

Ón leaba inar shocraigh siad mé bhí radharc breá agam ar an mbóthar mór isteach chun na cathrach, agus chaithinn tréimhsí ag breathnú ar an trácht céanna sin agus mé ag smaoineamh ar tiománaithe na gcarranna sin, agus an deifir uilig sin a bhí orthu, ag brostú, ag dul thar a chéile, agus adharca á ideadh acu, corruair fiú, lena mífhoighid a chur in iúl, fad is a bhí na scórtha agus na scórtha ina luí go lag i ngiorracht scread asail dóibh. Ach tríd is tríd, ní orthusan a bhí a n-aire, ach ar an lá crúógach a bhí rompu amach, agus ar an méid oibre a bhí le cur i gcrích acu roimh thráthnóna. Beag smaoineamh a bhí ag a mbunús, go raibh seans ann, gurb é sin an dán a bhí ag fanacht orthu fhéin, lá is fuide anonn.

Chuaigh a mbroid i bhfeidhm orm fhéin agus thosaigh mé ag smaoineamh ar na píosaí seo a bhí á scríobh agam anseo dhaoibh, le breis mhaith is triocha bliain anois. Cheap mé nach mbeadh ar mo chumas píosa a chur ar fáil dhaoibh don tseachtain seo.

.

.

Anois nuair a istigh,tharlaíonn i ngéirchéim dá leithéid mé, is é a dhéanaim, de ghnáth, nó téim siar thar na píosaí uilig a scríobh mé anseo i rith na tréimhse sin, agus dár ndóigh, tá thart ar mhíle go leith alt foilsithe uaim sa tréimhse sin, agus sin an chúis ar chuir mé romham an píosa beag seo a leagan os bhur gcomhair amach, an tseachtain seo, nó bhí mé ag ceapadh, go mbeadh orm tréimhse saoire a thógáil ón gcolún seo, ach tráthúil go leor, d’éirigh liom teacht slán ón Ospidéal, le cabhair an lucht leighis. Ach, caithfidh mé a admháil, gur cuireadh ar mo shúile dhom, i rith mo thréimhse istigh, chomh dian, dícheallach, is a oibríonn chuile dhuine den bhfoireann iontach sin, a oibríonn san ionad céanna sin, agus ní haon bhéal bán, nó cur i gcéill, é sin, ach lomchlár na fírinne, agus ní hé amháin go n-oibríonn siad go crua ó mhoch na maidne go dul faoi na gréine, agus arís uaidh sin go héirí na gréine arís, ach oibríonn siad go sciliúil, cliste, oilte freisin. B’in iad na tréithe a chuir ar mo chumas-sa na cosa a thabhairt slán liom, an babhta seo, agus odh gur bhain mé lán mhála de leigheas as mo thréimhse istigh ansin, tá súil agam nach mbeidh gá le hathchuairt i ngearraimsir.

Sin agaibh anois cion na seachtaine seo, agus an-ríméad orm go raibh ar mo chumas alt na seachtaine seo a sholáthar daoibh agus le críoch a chur le halt na seachtqaine seo, ba mhaith liom sláinte an bhradáin a ghuí ar chuile dhuine againn, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.

Saolta ag athrú  2

Saolta ag athrú

Saolta ag athrú

Peadar Bairéad

Athnuachan nó Athrú?

Is dócha go bhfacamar uilig na cuntais sna nuachtáin, tamall o shoin anois, faoi na pleananna uilig seo, i dtaobh thodhchaí an GPO, atá á n-ullmhú i láthair na huaire seo, ag an Rialtas s’againne. Deirtear linn, go bhfuil ar intinn acu, an foirgneamh stairiúil sin a dhúnadh mar ArdOifig an Phoist, agus ar chostas dhá chéad go leith milliún Euro, é a athnuachan, agus a athfhorbairt, mar ionad ollmhór pobail. Tá socraithe acu díon gloine a chur os cionn an fhoirgnimh ar fad, sa chaoi go mbeadh ar chumas daoine, cruinniú istigh ansin, beag beann ar an aimsir. Agus ó tharla go bhfuil ArdOifig an Phoist tógtha ar shuíomh breá, fairsing, mar a bhfuil foirgnimh agus clóis leata amach ó Shráid Uí Chonaill siar go dtí an Stuara.

Agus, ó tharla gur leagadh roinnt mhaith den bhfoirgneamh sin le pléascáin, agus le tine, le linn Éirí Amach na Cásca, táthar den tuairim, nár mhór an chailliúint é, a mbunús sin a leagan, le spás a chruthú don tionscadal nua seo.

Ionad Cuimhneacháin

Tuige a bhfuil an Rialtas s’againne meáite ar an oiread sin airgid a chaitheamh ar thionscnamh ollmhór athnuachana mar seo?

Cúis amháin, adeirtear linn, agus sé sin go bhfuiltear ag ullmhú do cheiliúradh céad an Éirí Amach a tharla um Cháisc, sa bhliain 1916. Sea, agus tugtar le tuiscint dúinn, go bhfuil na pleananna athnuachana á n-ullmhú cheana féin, ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus ag Comhlacht Sasanach Ailtirí, sa chaoi go gcreidtear, go bhfuiltear ar aon fhocal, ar bhundhréacht don athnuachan.

Buail isteach chugainn!

Ach céard a bheadh ar fáil sa bhfoirgneamh athnuaithe?

Deirtear linn, go mbeadh cead ag an bpobal siúl isteach ann ó chuile shráid sa timpeall, agus go mbeadh ar fáil istigh ansin, iarsmalanna. tithe bia, siopaí, áiléir, agus a leithéid. Is dócha gurb é atá uathu nó tuilleadh daoine a mhealladh go dtí an taobh ó thuaidh den Ardchathair, agus ní hé amháin i lár an lae ghil, ach go déanach san oíche freisin. Tá mé cinnte, go bhfuil daoine amuigh ansin adéarfadh, go bhfuil sé deacair go leor smacht de chineál eicínt a choinneáil ar an méid daoine a bhíonn le fáil istigh sa limistéar sin i láthair na huaire seo, gan na céadta, agus na ceadta eile, a mhealladh isteach ann.

Sea, agus rud eile, cé dúirt gurb é sin a theastaíonn ó mhuintir na hÉireann? Caithfidh mé a rá, nárbh é sin a theastaigh ó bhunús na ndaoine a casadh ormsa, le scathamh anuas. A mhalairt ar fad a bhí uathu. Dár leosan, foirgneamh speisialta isea an GPO, foirgneamh a fheidhmíonn mar Shanctóir Náisiúnta. Foirgneamh ar chóir dúinn é a choinneáil, agus a chosaint, trí ordú caomhnaithe, in ionad ollmhargadh a cheadú do shuíomh chomh coisricthe, chomh tábhachtach, chomh gar sin do chroí agus do bhreith an Náisiúin s’againne. Is é mo thuairim freisin, gur chóir an GPO a choinneáil mar ArdOifig Poist na tíre seo, in ionad ollmhargadh a dhéanamh di.

Ionad Mínithe ?

Ach, an bhfuil fiúntas ar bith sna pleananna freacnairce seo, atá a dhréachtadh ag Oifig na nOibreacha Poibli, i láthair na huaire seo?

Cinnte, tá, agus an-fhiúntas, ach is é mo thuairim, gur féidir linn an dá thrá a fhreastal ar an ócáid seo.

Céard tá i gceist agam, an ea?

Tá, seo. An GPO a choinneáil mar atá faoi láthair, ar an ionad stairiúil céanna, mar a raibh sé, nuair a mháirseáil na hÓglaigh isteach inti, um Cháisc, 1916. Cinnte, d’fhéadfaí é a athchóiriú, a athnuachan, agus a thabhairt suas chun dáta. Agus nuair a bheadh sin déanta, ansin d’fhéadfaí an chuid eile den suíomh a fhorbairt trí “Ionad Mínithe” taibhseach, álainn, spreagúil, a thógáil ar an suíomh, maraon le Proinntithe, agus siopaí díolta chuimhneachán. Ná bac leis an díon gloine, nó ba chóir go mbeadh gnó an phoist scartha ón “Ionad Mínithe” agus na gnóthaí eile.

Caomhnaigh chuile Shaoránach

Más uainn an tÉirí Amach a cheiliúradh, faoi mar ba chóir, cuirimis Stát ar bun anseo ina ndéanfar chuile shaoránach a chumhdach, a chaomhnú, agus a chosaint, faoi mar a ghealltar i bhForógra na Poblachta, a léadh os comhair an GPO, um Cháisc, 1916.

Ar chuala tú aon smid ón Rialtas faoi na pleananna sin, ar na mallaibh?

Sílim nár chóir dom a thuilleadh a rá anseo, ach céard fútsa? An gcoraíonn na pleananna sin thú?

Saolta ag athrú  2

Saor sinn o olc.

“Saor sinn ó olc”

Peadar Bairéad

Fórsaí an oilc

Nach minic an phaidir chéanna sin ar bhéal an Chríostaí agus é ag admháil don tsaol mór, go bhfuil fórsaí an oilc thart air, agus go bhfuil sé i mbaol uathu, chuile bhabhta. Cad iad na fórsaí, agus na hoilc úd, atá idir chamáin againn anseo? Bhuel! níl le déanamh againn ach breathnú ar an saol thart orainn le freagra na ceiste sin a fháil. Cé tá taobh thiar den chontúirt uilig, a gcaithimís dul i ngleic lei, ó ló go ló, agus ó sheachtain go seachtain? Ach sul má théann muid níos faide leis an scéal, nár chóir dúinn míniú eicínt a thabhairt ar an téarma sin, olc? Tugtar olc ar rud ar bith a dhéanann dochar dúinn, nó an dochar fhéin, fiú. Déanann olc amháin dochar don chorp, agus déanann olc eile dochar don anam. Nach cuimhin libh an té adúirt lena lucht éisteachta fadó, gan faitíos a bheith orthu roimh an té a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chorp, ach eagla a n-anama a bheith orthu roimh an té a dfhéadfadh dochar a dhéanamh don anam. Ba chóir dúinn freisin, idirdhealú a dhéanamh idir an dochar a tharlaíonn thrí thimpiste, agus an dochar a tharlaíonn d’aon ghnó. Ar thaobh amháin, tá an dochar a dhéanann an aimsir agus fórsaí an dúlra, agus ar an dtaobh eile, tá an dochar a dhéanann an té atá meáite ar dhíoltas a bhaint amach ar dhuine eicínt.

Tá an saol mór lan d’oilc de chuile chineál, agus ni haon ionadh é go mbíonn ar an nduine daonna bheith de shíor ar a aire, agus é ar a dhícheall éaló ó fhórasí úd an oilc. Tá sé dona go leor, nuair a roghnaíonn an duine aonair, olc a dhéanamh, ach tá sé míle uair níos measa, nuair a shocraíonn ceannaire, nó buíon, bóthar an oilc a bhualadh. Níl le déanamh ag duine ach breathnú siar ar stair an fichiú haois le tuiscint níos fearr a fháil ar an olc uilig a rinneadh san aois sin, trí bhuile cheannairí áirithe, agus iad ag seoladh a muintir síos thar a mbasctha.

An Claonadh úd chun Oilc

Caithfear a chur san áireamh freisin, an claonadh úd chun oilc, atá neadaithe i smior agus i smúsach an uile dhuine daonna. Déanann an claonadh céanna sin chuile dhícheall sinn a mhealladh bóthar ár n-aimhleasa, ach bíodh go bhfuil cúrsaí mar sin fhéin, tá ar ár gcumas diúltú don olc a ghléasann an claonadh úd in éide na maitheasa, le sinn a seoladh síos slí shíodúil, sár-leathan, ár millte. Tá an saorthoil mar sciath chosanta againn, agus leis an arm sin, tá ar ár gcumas, diúltú don olc. Mura n-éiríonn linn an t-arm sin a úsáid in am an ghátair, beidh a chathú sin orainn ar ball, nó meallfar, i ngan fhios sinn, isteach níos doimhne, agus níos doimhne, i scraith ghlugair an oilc, agus is dian deacair bealach éalaithe a aimsiú, amach as an anachain chéanna sin.

Saolta ag athrú  2

Scamall cuimhní

Saithe na gCuimhní

Mar scaoth beach a fhilleann na cuimhní

Ina saithe dhlúth, chealgach, groí,

Is dorchaíonn aghaidh na gréine,

Nuair a éiríonn as codladh na mblian.

.

Ní féidir liom breith ar an iomlán,

Nó tá an tsaithe sin iomarcach, tréan,

Is mearaíonn dordán a sciathán

Mo mheabhair, le buarach a dtéad.

.

Ach anois is arís, is gan choinne,

éalaíonn beach as an dtréad,

is sáitheann a chealg go feirc ‘nam,

le cuimhní a scaoileadh ‘na slaod.

.

Dúisítear leis cuimhní is eachtraí,

Is mothúcháin a bhí dearmadta, tréith,

Clúdaithe le cúbhar dúr na mblianta,

Mar ar luigh siad ar ghrinneall mo ré.

.

Ach ar ball, éiríonn siad ró-phianmhar,

Gan cheirín leis an bpian a mhaolú,

Is ruaigim uaim saithe na gcuimhní

Le scaird toite as bosca na mian.

.

Éalaíonn an tsaithe de phlimp uaim,

Ar ais leo de ruaig, chuig a bpluais,

Is fágtar mé idir dhá chomhairle,

ar shona, nó ar dhona, a gcuairt.

.

***********************************

1 Eanair 2008.

.

.

gaGaeilge