Saoire gan só.

Saoire gan só.

S A O I R E G A N S Ó .

.

.

I bPlaya den Bossa anocht,

Anuas ar óg, ar shean,

Luíonn an t-aer mar luaidhe

Ar fhir, ar mhná, is a gclann,

Is teipeann ar ghaothráin na gcrann

Aer trom na hoíche a bhogadh.

Codlaíonn spéir is réalta

Ar thóin na Linne goirme.

Nó níl oiread gaoithe amuigh

Le duilleoga crann a luascadh

Nó a chorródh an scathán gorm

Le spiorad na Linne a dhúiseacht.

.

Rangaithe go néata ciúin,

Tar éis saothar crua an lae,

Neadaíonn cathaoireacha is trioc,

Beag beann ar chioth, nó ar ghaoth,

Ag feitheamh leo le foighid,

Go scalfaidh grian arís,

Le sluaite a mhealladh ina dtreo.

Ag lorg faoisimh is sos.

.

.

Gealbhain is fáinleoga faoi shuan

I ngaothráin chiúine na gcrann,

Na fámairi fhéin ar fán,

Le hocras is tart a chloí

I mbialanna spíosraithe

Phlaya den Bossa.

Is gan tada le clos,

Ach monabhar buan an tráchta

Dár mealladh gan stad chun suain.

.

Ach anois is arís, gan choinne,

Stróiceann scaird shuanmhillteach

Bráillín sítheach an tsuain

Lena búir bharbartha, bhuile.

.

Ach gealfaidh lá eile, go luath,

Is ardóidh grian gheal seol,

Is meallfar sean is óg

Lena bpáirt a ghlacadh athuair

I ndráma buile na mbeo.

Ar Oileainín ársa Ibiza.

.

************************

Saoire gan só.

Saolta ag athrú

Saolta ag athrú

Peadar Bairéad

Athnuachan nó Athrú?

Is dócha go bhfacamar uilig na cuntais sna nuachtáin, tamall o shoin anois, faoi na pleananna uilig seo, i dtaobh thodhchaí an GPO, atá á n-ullmhú i láthair na huaire seo, ag an Rialtas s’againne. Deirtear linn, go bhfuil ar intinn acu, an foirgneamh stairiúil sin a dhúnadh mar ArdOifig an Phoist, agus ar chostas dhá chéad go leith milliún Euro, é a athnuachan, agus a athfhorbairt, mar ionad ollmhór pobail. Tá socraithe acu díon gloine a chur os cionn an fhoirgnimh ar fad, sa chaoi go mbeadh ar chumas daoine, cruinniú istigh ansin, beag beann ar an aimsir. Agus ó tharla go bhfuil ArdOifig an Phoist tógtha ar shuíomh breá, fairsing, mar a bhfuil foirgnimh agus clóis leata amach ó Shráid Uí Chonaill siar go dtí an Stuara.

Agus, ó tharla gur leagadh roinnt mhaith den bhfoirgneamh sin le pléascáin, agus le tine, le linn Éirí Amach na Cásca, táthar den tuairim, nár mhór an chailliúint é, a mbunús sin a leagan, le spás a chruthú don tionscadal nua seo.

Ionad Cuimhneacháin

Tuige a bhfuil an Rialtas s’againne meáite ar an oiread sin airgid a chaitheamh ar thionscnamh ollmhór athnuachana mar seo?

Cúis amháin, adeirtear linn, agus sé sin go bhfuiltear ag ullmhú do cheiliúradh céad an Éirí Amach a tharla um Cháisc, sa bhliain 1916. Sea, agus tugtar le tuiscint dúinn, go bhfuil na pleananna athnuachana á n-ullmhú cheana féin, ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus ag Comhlacht Sasanach Ailtirí, sa chaoi go gcreidtear, go bhfuiltear ar aon fhocal, ar bhundhréacht don athnuachan.

Buail isteach chugainn!

Ach céard a bheadh ar fáil sa bhfoirgneamh athnuaithe?

Deirtear linn, go mbeadh cead ag an bpobal siúl isteach ann ó chuile shráid sa timpeall, agus go mbeadh ar fáil istigh ansin, iarsmalanna. tithe bia, siopaí, áiléir, agus a leithéid. Is dócha gurb é atá uathu nó tuilleadh daoine a mhealladh go dtí an taobh ó thuaidh den Ardchathair, agus ní hé amháin i lár an lae ghil, ach go déanach san oíche freisin. Tá mé cinnte, go bhfuil daoine amuigh ansin adéarfadh, go bhfuil sé deacair go leor smacht de chineál eicínt a choinneáil ar an méid daoine a bhíonn le fáil istigh sa limistéar sin i láthair na huaire seo, gan na céadta, agus na ceadta eile, a mhealladh isteach ann.

Sea, agus rud eile, cé dúirt gurb é sin a theastaíonn ó mhuintir na hÉireann? Caithfidh mé a rá, nárbh é sin a theastaigh ó bhunús na ndaoine a casadh ormsa, le scathamh anuas. A mhalairt ar fad a bhí uathu. Dár leosan, foirgneamh speisialta isea an GPO, foirgneamh a fheidhmíonn mar Shanctóir Náisiúnta. Foirgneamh ar chóir dúinn é a choinneáil, agus a chosaint, trí ordú caomhnaithe, in ionad ollmhargadh a cheadú do shuíomh chomh coisricthe, chomh tábhachtach, chomh gar sin do chroí agus do bhreith an Náisiúin s’againne. Is é mo thuairim freisin, gur chóir an GPO a choinneáil mar ArdOifig Poist na tíre seo, in ionad ollmhargadh a dhéanamh di.

Ionad Mínithe ?

Ach, an bhfuil fiúntas ar bith sna pleananna freacnairce seo, atá a dhréachtadh ag Oifig na nOibreacha Poibli, i láthair na huaire seo?

Cinnte, tá, agus an-fhiúntas, ach is é mo thuairim, gur féidir linn an dá thrá a fhreastal ar an ócáid seo.

Céard tá i gceist agam, an ea?

Tá, seo. An GPO a choinneáil mar atá faoi láthair, ar an ionad stairiúil céanna, mar a raibh sé, nuair a mháirseáil na hÓglaigh isteach inti, um Cháisc, 1916. Cinnte, d’fhéadfaí é a athchóiriú, a athnuachan, agus a thabhairt suas chun dáta. Agus nuair a bheadh sin déanta, ansin d’fhéadfaí an chuid eile den suíomh a fhorbairt trí “Ionad Mínithe” taibhseach, álainn, spreagúil, a thógáil ar an suíomh, maraon le Proinntithe, agus siopaí díolta chuimhneachán. Ná bac leis an díon gloine, nó ba chóir go mbeadh gnó an phoist scartha ón “Ionad Mínithe” agus na gnóthaí eile.

Caomhnaigh chuile Shaoránach

Más uainn an tÉirí Amach a cheiliúradh, faoi mar ba chóir, cuirimis Stát ar bun anseo ina ndéanfar chuile shaoránach a chumhdach, a chaomhnú, agus a chosaint, faoi mar a ghealltar i bhForógra na Poblachta, a léadh os comhair an GPO, um Cháisc, 1916.

Ar chuala tú aon smid ón Rialtas faoi na pleananna sin, ar na mallaibh?

Sílim nár chóir dom a thuilleadh a rá anseo, ach céard fútsa? An gcoraíonn na pleananna sin thú?

Saoire gan só.

Seanchas Iorrais …1…

I mBéal an Phobail

(In “I mBéal an Phobail” this week, we revisit the Rambling House tradition.)

.

Peadar Bairéad

Seanchas Iorrais….1….

Nach iomaí oíche fhada Gheimhridh a chaith mé fhéin, sa teach s’againne, i mbaile na Druime, in Iorras, ag éisteacht leis na daoine fásta ag seanchas dóibh fhéin go sona sásta, ar bhruach thine mhór móna. Ba iad na hábhair a bhíodh idir chamáin acu, de ghnáth, nó na laethe a chaitheadar ag sclábhaiocht, is ag nábhaíocht, in Albain, agus ar bhain dóibh agus iad ina ndeoraithe i bhfad ó bhaile, sa tír eachtrannach sin. Scaití eile, bhíodh a n-aird acu ar sheanchas a ndúiche fhéin, agus ba bheag áit i bparáiste na Cille Móire nach raibh a scéal agus a stair ar eolas go paiteanta acu. Is maith is cuimhin liom fhéin iad ag cur síos ar “Shaen’s Cut” agus ar Dhroichead Bhéal an Mhuirthead, agus ba dá bharr sin, a scríobh mé fhéin an píosa seo leanas, in eireaball na bliana 1993, inar éirigh liom scéal úd na seanfhondúirí a thabhairt suas chun dáta, agus sin an scéal a bheidh idir chamáin agam, an babhta seo.

In aimsir an Dara Chathal, sa bhliain 1676, fuair Sir James Shaen seilbh ar dhá dtrian de thailte Iorrais, i gContae Mhaigh Eo, ach dhealródh sé, gur bheag spéis a chuir an Sir James céanna sna tailte sin. Nuair a d’éag an fear saibhir sin áfach, sa bhliain 1695, thit na tailte uile sin, mar oidhreacht, ar a aonmhac, Sir Arthur Shaen, fear a chuir suim, sea, agus dhá shuim, i bhforbairt na n-eastát úd thiar.

Rinne sé na heastáit sin a choilíniú, agus bhunaigh sé coilíneacht sa Mhuirthead, áit ar shocraigh sé buíon Sasanach, gona Ministir, an tUrramach John Tollet. Thug sé a shealúchas fhéin do gach uile choilíneach acu, agus d’fhéach sé chuige, gur éirigh thar barr lena thionscadal thiar.

“Shaen’s Cut”

Faoin mbliain 1715, chuir Sir Arthur roimhe, baile beag a thógáil, san áit a bhfuil Béal an Mhuirthead suite anois. Ní raibh san áit an t-am sin ach riasc, nó bhí leithinis an Mhuirthead ceangailte den tír mhór an t-am sin, le cuing chaol talaimh. Chuir Sir Arthur daoine i mbun oibre, le canáil a ghearradh idir an Inbhear Mór agus Cuan an Fhóid Duibh. Ba é an t-ainm a baisteadh ar an ngearradh sin nó “Shaen’s Cut”. Bhí an gearradh sin leathan go leor le báid bheaga a ligean ón Inbhear Mór isteach i gCuan an Fhóid Duibh.

D’fhág Shaen’s Cut go mba oileán é an Muirthead feasta. Ar ball, tógadh droichead trasna na canálach sin, agus lean cúrsai ar aghaidh go seoigh, ar feadh tamaill. Faoin mbliain 1752 áfach, bhí drochbhail ar an gcanáil, ach bhí Sir Arthur fhein ag tabhairt an fhéir, faoin am sin, nó fuair sé bás, ar an 24 Meitheamh, sa bhliain 1724

Ní raibh de shliocht ar Arthur Shaen ach beirt iníon, agus ar ball, nuair a phós siad, thit eastáit Shaen le John Bingham, agus le Henry Boyle Carter. Ba dhuine de shliocht Henry Boyle Carter a thóg baile Bhéal an Mhuirthead, nuair a d’iarr sé ar Patrick Knight, innealtóir, pleananna do bhaile mór Bhéal an Mhuirthead, a dhréachtadh, sa bhlain 1824. Faoin mbliain 1829, bhí baile mór tógtha ar an ionad. B’fhéidir nár leanadh pleananna Knight sa tionscadal sin, ach istigh i lár an bhaile, bhí, agus tá, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, Cearnóg Chartair, “Carter Square”, le cuimhne an bhunaitheora a choinneáil glas.

Ach le filleadh ar scéal na ndroichead…

I nDeireadh Fómhair na bliana 1845, chuir an rialtas £5,000.00 ar fáil, mar dheontas, le canáil cheart a thochailt, idir Chuan an Fhóid Duibh agus an Inbhear Mór, ar choinníoll go gcuirfeadh muintir na háite £4,000.00 dá gcuid airgid fhéin, leis an ndeontas sin. Chuathas i mbun oibre láithreach, ach níor críochnaíodh an obair go dtí an bhliain 1851, nó chuir an Gorta Mór isteach go tubaisteach ar thionscadal na canálach. Tógadh an chanáil nua in áit “Shaen’s Cut”, a gearradh breis agus céad triocha bliain roimhe sin. Tógadh sclóindroichead nua thar an chanáil, mar nasc idir an Leithinis agus an tír mhór. Bhí an chanáil nua, thart ar chaoga troigh ar leithead, agus cúig throigh déag ar doimhneas.

Droichead Dhoire

Faoin mbliain 1900, bhí drochbhail ar an sclóindroichead úd thar an gcanáil, agus shocraigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus Bord na gCeantar Cúng ar dhroichead nua a chur ina ionad.

…….Fillfidh mé ar scéal na ndroichead úd an chéad bhabhta eile. Bí linn……

.

Saoire gan só.

Sín chugam an Ghealach 1

Sín chugam an Ghealach ! 1  

Peadar Bairéad

(This week, let’s take a trip down Memory Lane)

Bóithrín na smaointe

Minic, na laethe seo, a théann m’aigne siar Bóithrín na Smaointe, siar thar bhlianta fada mo ré, agus mé ag iarraidh ciall eicínt a bhaint as an saol anróiteach, anacair, anásta, seo. Ar na geábhanna sin, siar thar laethe mo ré, is minic a chríochnaím an turas agus mé im ghasúirín beag, óg, ag breathnú in airde ar aghaidh gheal Fhear na Gealaí gile. Chomh fada is a bhain sé liomsa, ní raibh tada riamh ar an saol seo a bhí chomh halainn, inmhianaithe, leis an liathróid soilseach úd, a bhí ag spréacharnach lei thuas ansin sa spéir réaltógach. Is cuimhin liom gur chuir mé na smaointe sin, chomh fada is a d’fhéadfainn ag an am, in iúl do m’athair, oíche amháin. “Fan ort anois,” ar seisean, “bíodh foighid agat, agus ceann de na hoícheanta seo, nuair a bheidh an ré sin beagáinín níos ísle ar an spéir, geobhaidh mise an seandréimire, agus gabhfaidh mé in airde, agus gheobhaidh mé greim an an mboc sin, cuirfidh mé isteach i mála mór an charraigín í, agus tógfaidh mé anuas liom í, agus bronnfaidh mé ortsa í. Anois, céard deir tú?”

Bhuel, A Thiarcais! Bhí mé chomh bródúil is dá mbronnfadh sé bó orm, agus thug caint úd mo Dhaid misneach agus sásamh domsa, go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. I ndáiríre, is dócha go bhféadfá a rá, gur ghealaigh a gheallúint laethe dorcha mo bheatha dhom, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, nó mhúin sé dom, go bhféadfá a chreidiúint go raibh fáil ar ghile na gile fhéin, ach a bheith foighdeach, agus tabhairt faoi le creideamh agus le fonn.

Tír na nÓg

Nuair a tháinig ann dom, blianta beaga ina dhiaidh sin, tháinig mé ar an dtuairim, go raibh difir mhór idir Thír na nÓg agus a raibh ar fáil i nGleann seo na nDeor, ach ag an am gcéanna, tuigeadh dom, gur chóir dúinn dul ar thóir na foirfeachta i gcónaí, bíodh nach sroichfeadh muid leibhéal Útóipeach riamh ar an saol seo. Agus, bíodh nach bhfuil fáil ar an bhfoirfeacht i gcónaí, is féidir linn, rud eicínt atá an-ghar dó a thabhairt i gcrích, ach a chreidiúint go raibh sé infhaighte agus indéanta, agus chuile dhícheall a dhéanamh ansin dul sa tóir air.

Blianta fada ina dhiaidh sin, rinne mé iarracht ar dhán beag a chumadh i gcuimhne na hócáide sin. ‘Fear na Gealaí Gile’ a bhaist mé air, agus b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é bleaist bheag de a thabhairt duit anseo. Mar sin, seo chugat …..

Fear na Gealaí gile.

.

A Fhir ghealgháireach an Gealaí gile,

Ag breathnú anuas ar an saol duit,

An é ár n-amaidí, nó ár mbaois mhíchiallmhar

A leathann an straois sin ar t’aghaidh rocach?

.

Nó an amhlaidh a thuigeann tú daille an duine,

A mhilleann is a chreachann an saol seo,

Is baineann an iompar sin deoir as do shúile,

Is miongháire mí-ionraic ar do bheola.

.

Mo bhuíochas ó chroí dhuit, a fhir úd an lampa,

A threoirigh ár muintir gan tuisle,

Trí bhogach, trí riasc, is trí phortaigh gan teorainn,

Ar mhaithe le caidreamh na gcomharsan.

.

Ar leanúint an tseachtain seo chugainn…..

Sin chugam an Ghealach 2

Peadar Bairéad

(This week we continue our journey down Memory Lane)

.

Geallúintí geala

An tseachtain seo caite labhair mé faoi áilleacht na gealaí gile, agus faoi mar a chuir mé fhéin dúil inti ó laethe m’óige i leith…..Ach ní chuige sin uilig atá mé, an babhta seo, ach chuige seo. Ba mhaith liom labhairt anois faoi na geallúintí uilig a tugadh, agus a thugtar fós, do dhaoine, d’fhonn iad a mhealladh treo amháin, nó sa treo úd eile. Cuir san áireamh freisin, na féidireachtaí uilig a leagadh os ar gcomhair amach le dallamullóg a chur orainn, tráth a raibh pobal macánta, saonta, anseo againn.

Anois, bíodh gur chreid mé sna féidireachtaí sin uilig, agus déarfainn gur chreid roinnt mhaith de na daoine thart orm sa leagan amach céanna sin, nárbh asainn a baineadh an mealladh, nuair a fuaireamar amach, nach mar sin a tharlaíodh sa tsaol cam, casta, céasta, a bhí thart orainn.

Geallúintí Polaitíochta!

Breathnaigh ar chúrsaí polaitíochta, i dtosach. Nuair a bhí mise óg, caithfidh mé a admháil, gur chreid mé chuile fhocal ón lucht polaitíochta! Dúradarsan linn, go gcruthódh siad saol an mhadaidh bháin dúinn ach ár vótaí a bhronnadh orthu, lá an toghcháin. Dá ndéanfadh muid amhlaidh, chuirfeadh siadsan Útóipe ar thalamh ar fáil dúinn. Bheadh obair le fáil ag chuile shaoránach, bheadh áras in áirithe do chuile chlann, bheadh scolaíocht den scoth le fáil, saor in aisce, ag chuile mhac máthar, agus iníon athar, sa tír. Ní gá dhom cur síos ar na háiseanna eile a chuirfí ar fáil dúinn, ach bheadh cúrsaí leighis, cúrsaí taistil, cúrsaí léinn, agus chuile chineal cúrsa eile, ar fáil, d’óg agus d’aosta, sa Phoblacht a bheadh againn, dá mbronnfaimís an chumhacht chuige sin orthusan. Sea, agus bheadh deireadh go deo le bochtaineacht, le hanró, le cruatan, agus le gorta.

Tuar agus Tairngreacht

Agus ar tháinig an tuar faoin dtairngreacht, tráth fuair siad na vótaí agus an chumhacht?

Ag magadh fúm atá tú! nó in áit dóibh Útóipe a chur ar fáil dúinn, nó dá mhéad a gheall siad, is ea ba lú a dháil siad! Nó b’in mar a samhlaíodh dúinne é, ach go háirithe.

D’fhéadfá breathnú freisin ar chúrsaí léinn agus ar chúrsaí sláinte, agus thuigfeá gurb é an scéal céanna sna cúrsaí sin é. Gealladh don duine óg go mbeadh saol an mhadaidh bháin aige ach luí isteach ar na leabhair, agus staidéar dian a dhéanamh, le linn a óige. Seafóid arís! Mar is dócha nach bhfuil fáil ar shaol an mhadaidh chéanna sin, dubh, bán, nó riabhach, ar an saol seo, nó má tá, caithfear dul trí chruatan agus trí hanró lena bhaint amach. Agus ag caint ar chúrsaí sláinte, nach minic a ghealltar don duine óg go mbeadh chuile shórt ar a dheis aige, ach an bheatha cheart a ithe, na deochanna sláintiúla úd a ól, agus fanacht glan amach ó phóit is ó chraos.

Geallúintí nár fioraíodh

Bhuel! Ní i gcónaí a fhíoraítear na geallúintí céanna sin, ach oiread, nó nach bhfaightear an tseanduine, anseo is ansiúd, a dhearbhaíonn, gurbh iad an tobac agus an bhiotáille a choinnigh sa tsiúl é, trí bhlianta fada a ré.

Sea, mh’anam! Ar deireadh thiar, cuireadh ina luí orm fhéin, go raibh cosúlachtaí idir an ghealach agus an dréimire úd, – ar dhein mo Dhaid tagairt dóibh agus mise i mo ghasúr, – agus cúrsaí an tsaoil seo. Mar nuair is cúrsaí an tsaoil seo, agus cúrsaí daonna, atá idir chamáin againn, caithfimid glacadh leis, go bhfuil difir mhór idir an rud atá inmhianaithe, agus an rud a bhfuil fáil air, le linn ár ré abhus. Soilsíonn Útóipe an casán dúinn, agus spreagann sé sinn i dtreo na foirfeachta daonna, ach, i ndáiríre píre, ní éireoidh linn an stádas sin a réaladh, fad is beo sinn. Ní bhfuair mé fhéin greim riamh ar an ngealach gheal soilseach úd, ach shásaigh an smaoineamh agus a fhéidireacht mé, le linn laethe duairce, dorcha, mo bheatha. Mar sin, ná cuireadh sé aon lagmhisneach orainn fáil amach nach bhfuil an Útóipe úd inshroichte, ar an saol seo, ach ag an am gcéanna, nár chóir go spreagfadh an choincheap chéanna sinn teacht chomh cóngarach agus is féidir linn, don Útóipe ar thalamh úd, a mheall, agus a shásaigh sinn, go háirithe le linn laethe neamhaí dóchasacha, na hóige..

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Saoire gan só.

SRÁIDÍNÍ CÚNGA

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

An Chathair Álainn

.

(This week, I mBeal an Phobail casts a kindly eye on our Faire Citie.)

.

Ba í an chéad uair a leag mé fhéin súil ar an gCathair Álainn s’againne nó i nDeireadh Fómhair na bliana 1966. Bhí mé ag obair i mBaile Átha Cliath, agus tharla go raibh seacht mbliana caite agam ag obair san Ardchathair faoi’n am sin, agus bhí mo dhóthain dubh faighte agam di. Bhí fógra sna nuachtáin an tráth sin, ag cur in iúl go raibh múinteoir uathu i gColáiste Chiaráin, agus tuigeadh dom, go ndéanfadh post sa Choláiste sin an beart go seoigh dhom dá ndéanfaí a leithéid a thairiscint dom. Chuir mé isteach ar an bpost sin, agus tar éis mé a chur faoi agallamh, glacadh liom mar mhúinteoir san institiúid ársa, céanna, sin. Ba ar lá an agallaimh a fuair mé an chéad spléachadh ar an Faire Citie seo, agus chuaigh áilleacht na cathrach i gcionn chomh mór sin orm, gur dhúirt mé liom fhéin, go mbeadh sé deacair áit níos feiliúnaí a fháil, le fréamhacha a chur síos, agus le cathróireaht a bhaint amach, ná an chathair ársa seo. Tairgeadh an post sin dom, ar ball, agus ní call dom a rá, gur ghlac mé go fonnmhar leis an dtairiscint sin. Sin mar a tharla gur tháinig mé chun cónaithe, agus chun oibre, anseo cois Feoire.

Mór idir Inné agus Inniu

Ní gá dhom a rá, gur mór go deo an difríocht idir an chathair, faoi mar a bhí in eireaball na bliana, 1966, agus an chathair chéanna faoi mar atá sí in eireaball na bliana seo, 2011, cúig bliana is dhá scór ó shoin anois! Cathair den tseandéanamh a bhí inti an tráth úd, agus ba bheag rud i bfoirm athnuachana, a bhí le feiceáil ó cheann ceann na cathrach, ag an am, ach ag an am gcéanna, bhí pearsantacht stairiúil, ársa, Gaelach, le tabhairt faoi deara ar shráideanna agus ar fhoirgnimh na Cathrach seo. Ní call a rá, go ndeachaigh an Caisleán, na hEaglaisí, Coláiste Chiaráin, Teach an Rútaigh, An Tholsel, agus tuilleadh, ar liosta le háireamh iad, go ndeachaigh siad i gcionn go mór orm. Thaitin leagan amach na cathrach liom freisin, í tógtha thart ar abhainn na Feorach, a shníomhann a slí, go síorai, sásta, sleamhain, trí chroí an phobail, sea, agus na sráideanna a théann ag fánaíocht thart, ag cuartaíocht ar chuile chomharsanacht sa timpeall. Chuir Sráid Mhaudlin faoi gheasa mé, nó bhí rian láimh na staire le feiceáil go soiléir ansin. agus í mar cheangal idir an Mhór Roinn agus Sráid Eoin. Sea, agus nár dheacair foirgneamh níos suimiúla a fháil, áit ar bith, ná Coláiste Chill Chainnigh, ar bhruach álainn na Feoire, agus é suite ansin ar an gcúlráid, ach radharc aice ar Chaisleán niamhrach, álainn, na mBuitléarach. Ionad oiriúnach d’aos léinn, d’aos fionachtana, sea, agus d’aos eagna freisin.

Coláiste cianaosta Chiaráin

Ach bíodh go ndeachaigh na hionaid sin uilig, agus tuilleadh, i bhfeidhm go mór orm, ba mhó fós a chuaigh Coláiste Chiaráin fhéin i bhfeidhm orm, nó ba í seo an chéad uair a raibh deis agam súil seabhaic a dhíriú uirthi. Chuaigh mé isteach trí Gheata Bhóthar Chalainne, agus ba bheag nár bhain an chéad spléachadh sin a fuair mé ar an suíomh ársa, álainn, sin, ba bheag nár bhain sé radharc na súl díom. An Fhaiche ghlanbhearrtha, na faichí imeartha, na cúirteanna liathróid láimhe, agus ansin dínit agus draíocht aghaidh chlasaiceach an fhoirgnimh ghotaigh sin, ag éirí go clochach, neamhaí, os mo chomhair amach. Ba dheacair a shárú de radharc a fháil i do shiúl lae. Chuaigh an radharc sin i bhfeidhm go mór orm, agus caithfidh mé a admháil, gur mar sin atá, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann.

Ach, bíodh gur thóg siad siúd uilig mo chroí, ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil, gur mó fós a théann Sráidíní caola, cúnga, casta, na cathrach áille seo i bhfeidhm orm. D’éirigh leis na Sráidíní céanna dáinín a bhaint asam, agus mé i bhfad ar shiúl uathu, nó tharla go raibh mé ar saoire sna hOileáin Chanáireacha ag an am. I Maspalomas, faoi mar a tharla…

B’fhéidir nár dhochar ar bith é, athlua a dhéanamh air, ag an bpointe seo. ‘Sráidíní Cúnga’ a bhaist mé air, agus seo chugaibh anois é……

.

SRÁIDÍNÍ CÚNGA

.

Mothaím uaim sibh,

A shráidíní cúnga,

A shráidíní ársa Chill Chainnigh.

.

Sráidíní naofa,

A sméideann go rúnda

Ar dheoraithe céasta

Chill Chainnigh.

.

Sráidíní áille,

Ag brúchtadh go sásta

Le sult is le gáire

Chill Chainnigh.

.

.

Anocht is mo throithe

Ar shráid Mhaspalómas,

Filleann mo chroí

Ar Chill Chainnigh.

.

Is feicim go soiléir,

Trí shúile na cuimhne,

Sráidíní dílse

Chill Chainnigh.

.

A shráidíní cúnga an cheana,

Snasta ag bróga na gcianta,

Chugaibh, trí cheo bog na mílte,

Seolaim gan seachrán mo bheannacht.

gaGaeilge