Sin iad mo chosa X

Sin iad mo chosa X

Niall, a chara,

N’fheadar an líonfadh seo an bhearna in Eagrán na Nollag dhuit? Má tá sé ró-fhada, cuir scéala chugam agus déanfaidh mé é a ghiorrú dhuit…..abair cé mhéad focal atá uait, agus cuirfidh mé an píosa seo in oiriúint don bhearna dhuit!

Beir Bua

ó

Peadar Bairéad.

.

.

.

“Halfway Home”

by

Ronan Tynan

.

*************

.

“Sin iad mo chosa-sa”

Ar na mallaibh, tháinig mé ar leabhar nach raibh léite agam cheana, leabhar, b’fhéidir, a léigh tú fhéin, nó cuireadh i gcló é sa bhliain 2003, ach leabhar freisin, a chuir siar bóithrín na smaointe mé fhéin, “big time”, mar adeir Gaeilgeoirí an lae inniu, go minic!

“Cén leabhar atá i gceist agam, an ea?”

“Halfway Home” an teideal atá air, agus ba é Ronan Tynan s’againne a scríobh an dírbheathaisnéis seo.

“Agus ar mhiste a fhiafraí díot, an raibh aithne ar bith agat fhéin ar scríbhneoir an leabhair seo?”

“Níor mhiste, in aon chor, nó níl uaim, ach an lide is lú, le mé a chur ag scríobh faoin bhfear óg iontach seo.”

“Ná habair go raibh sé mar dhalta agat, am eicínt, faoi mar adeir tú faoi roinnt mhaith daoine cáiliúla eile, daoine ar nós Diarmaid Martin, Ardeaspag Átha Cliath, Martin Drennan, Easpag na Gaillimhe, agus fiú ionánaithe cáiliúla ar nós D. J. Carey fhéin?”

“Sin é díreach atá á mhaoimh agam, san alt seo, nó bhí Ronan Tynan mar dhalta agam, am eicínt i lár sheachtóidí na haoise seo caite.”

“Agus an cuimhin leat anois é a bheith i láthair id’ rang, agus má sea, cad iad na cuimhní atá agat anois faoi na laethe úd, fadó!”

“Fadó! adeir tú. Feictear domsa nach bhfuil sé chomh fada sin ó shoin ar fad anois. Ach, le filleadh ar na cuimhní úd, bhuel, is maith is cuimhin liom an gasúr beoga, bríomhar, beo-shúileach sin, a bheith ina shuí im rang, agus is cuimhin liom lá amháin, nuair a tháinig mé isteach doras an tseomra sin, go raibh cás, measardha mór, fágtha taobh istigh de dhoras ár Halla Réamhdhéanta.

‘Cé leis an cás seo?’ arsa mise

‘Is liomsa é,’ arsa’n gasúr beo-shúileach.

‘Agus céard tá ann?’ arsa mé fhéin, agus a fhios agam go raibh mé ceaptha i ngaiste an ghasúir bheo-shúiligh.

‘Them’s me legs, Sir,’ ar seisean, agus cineál straoise air, agus ar a chomhdhaltaí chomh maith, nó thuig siad go raibh mé sáinnithe ag mo Rónán, agus go mbeadh orm ansin tamall a chaitheamh ag éisteacht le scéal na gcos bréige breise úd, a bhí stóráilte aige sa chás céanna sin. Caithfidh mé admháil anseo, nárbh é sin an chéad uair ag mo dhaltaí gaiste dá leithéid a fheistiú dom, agus caithfidh mé a admháil freisin, gur mhinic a lig mé dóibh breith orm ina ngaistí neamhurchóideacha! Sin anois agat an chéad chuimhne a ritheann liom nuair a smaoiním ar Ronan Tynan, nó ba ghasúr deas, cineálta, lách é, an Ronan céanna sin, chomh fada is a bhain sé liomsa, ar aon nós”

“Ach b’fhéidir gur mhaith leat rud eicínt a rá linn faoi leabhar Rónáin, ó tharla gur air a tharraing tú an scéal.”

“Bhuel, caithfidh mé a rá leat i dtosach, go léifinn fhéin an leabhar seo, ó chlúdach go clúdach, cuma cé acu olc, maith, nó measardha é, ach m’fhocal daoibh, gurbh fhiú go maith an tairbhe an trioblóid, nó sár-leabhar, amach is amuigh, atá curtha le chéile anseo ag an údar neamhghnách seo. Sa ndírbheathaisnéis seo, cuireann an t-údar síos ar na deacrachtaí uilig a sháraigh sé, agus na buanna a bhain sé i ngach ar thug sé faoi a dhéanamh.

Ba leath-chúpla é Ronan, bíodh nár mhair a dheartháir an bhliain fhéin sul ar cailleadh é. Ach bhí ceataí eile sa scéal freisin, nó tugadh faoi deara, go raibh mínormáltacht ag baint le cosa Rónáin, rud a d’fhágfadh, dár leis na saineolaithe, nach mbeadh siúl nó rith aige, faoi mar a bheadh ag an ngnáthghasúr, ach ba é adúirt séiplíneach san ospidéal, agus é ag iarraidh sólás a thabhairt don mháthair, i ndiaidh na beirthe, i mBealtaine na bliana úd 1960…

“That little fellow will make you very proud, and do you know, with lungs like those he will surely sing.”

Agus seo mar a deir Ronan é fhéin, faoin ráiteas sin, ina dhírbheathaisnéis….

“Little did either realise how that prophecy would be borne out”

Níl dabht ar domhan ach gurbh é a mhuintir fhéin a bhroslaigh agus a mhisnigh an gasúr óg seo. Agus ba ghearr gur tuigeadh do chuile dhuine thart air, nach sásódh tada é ach go n-éireodh leis a chonstaicí uilig a shárú. Níl le déanamh agat ach an leabhar seo a léamh, le fáil amach, nár mhaíomh gan údar a bhí ar siúl aige.

Ba é an gad ba ghiorra don scornach a theastaigh uaidh a scaoileadh i dtosach, agus dá bharr sin, rinne sé chuile iarracht ar a dheacrachtaí fisiciúla uilig a shárú, agus tá’s ag an lá fhéin nár shaothar in aisce a bhí ina chuid iarrachtaí sa chuspóir chéanna sin. Cuireadh scolaíocht air faoi mar a cuireadh ar chuile dhuine eile. Cuireadh go Coláiste De La Salle é, ina scoláire cónaithe, go leibhéal na Meánteistiméireachta, agus ansin in aois a chúig bliana déag, tháinig sé isteach chugainne i gColáiste Chiaráin anseo i gCill Chainnigh. Ach tá chuile chosúlacht ar an scéal, go raibh ábhair eile, ar nós a spéis sna capaill, ag teacht idir é fhéin agus a chuid staidéir, agus ba é críoch a bhí ar an scéal nó go ndeachaigh sé thar nais go Coláiste De La Salle, le cúrsa na hArdteistiméireachta a chríochnu ansin.

Ba é an chéad rud eile a chuir sé roimhe nó cáilíocht a bhaint amach dó fhéin. Thug sé an Ardchathair, agus an Ollscoil, air fhéin, agus súil aige céim a bhaint amach san Eolaíocht. Bhí go maith, ach i rith na bliana sin, ar chomhairle a lianna agus a dhochtúirí, deineadh a chosa a theascadh, faoina ghlúna, agus tar éis dó tamall fada a chaitheamh ag teacht chuige fhéin arís, chuaigh sé ar ais arís chun na hOllscoile, agus d’éirigh leis sna scrúduithe dheireadh-bliana.

An chéad bhliain eile, d’athraigh sé cúrsa, agus chuaigh sé ar scoláireacht, go dtí “The National College of Physical Education” ar bhruacha na Sionna, i ngar do chathair Luimní. Luigh sé isteach ar na cúrsaí a bhí le déanamh aige sa Choláiste sin, agus bíodh go bhfuil le tuiscint uaidh, nár thaitin an Coláiste, go huile is go hiomlán, leis, ag an am gcéanna, lean sé air go dtí gur éirigh leis a dhintiúirí a bhaint amach ansin. Ba mhór an chabhair dó i ndáiríre, na cúrsaí céanna sin, nó chabhraigh siad leis spórt, agus aclaíocht de chuile shaghas, a chleachtadh le linn dó bheith ansin i Thomond College.

In áit dul i mbun a cheirde mar mhúinteoir sna hábhair a d’fhoghlaim sé, is amhlaidh a thug sé an Ollscoil air fhéin arís, le Céim Leighis a bhaint amach, rud a rinne, agus tar éis dó tamall a chaitheamh ag obair in Ospidéal na Mí, tuigeadh dó go raibh gort eile ag glaoch air, gort a bhí ag glaoch air leis na blianta fada, ach glaoch nach ndeachaigh i gcionn i gceart air, go dtí anois.

“Cén gort atá i gceist agat ansin?”

Gort an cheoil. Cad eile? Bhí fonn ceoil air ó thús, agus ba mhinic é fhéin agus a Dhaid ag canadh, amuigh i dteach na mbó, fiú. Chuir sé isteach ar chomórtaisí áirithe, agus d’éirigh leis an chraobh a sciobadh i roinnt mhaith acu, sa tslí gur ghearr go raibh ainm in airde air, mar chantóir idirnáisiúnta. Mhol na Dochtúirí Comhairleacha, a raibh aithne acu air, in Ospidéal na Mí, a aghaidh a thabhairt ar an ngort nua sin. Ní toisc nach raibh cumas dochtúireachta ann, nó bhí, ach toisc go raibh cumas iontach amhránaíochta ann, agus go raibh bua an cheoil de dhlúth agus d’inneach ann, agus mura n’éireodh leis sa bhfiontar sin, go bhféadfadh sé filleadh ar an ndochtúireacht, amach anseo.

Ghlac Ronan lena gcomhairle, agus le cabhair airgeadais uathu, agus óna gcairde, chuaigh i mbun oibre arís, le máistreacht a fháil ar amhránaíocht, agus ní gá dhom dul níos fuide leis an scéal, nó mar adeir lucht iriseoireachta….The rest is History…..

Faoin am seo, tá Ronan thart ar cheithre bliana is dhá scór agus is dócha go bhféadfá a rá, go bhfuil sé anois ar dhuine de na daoine míchumasacha is cáiliúla ar domhan, nó tá léirithe aige, go bhfuil ar chumas an daonnaí, constaicí nádúrtha dá leithéid a shárú, agus ní hé sin amháin é, ach go bhfuil ar a chumas dul i gcomórtas leis an saol mór amuigh. Agus mar bhuille scoir, ní doigh liom gur chóir dom críoch a chur leis an bpíosa seo, gan tagairt a dhéanamh dá Chreideamh, nó is rud a shoilsíonn tríd a scéal ar fad, ó thús deireadh. Tugann muid faoi deara, gur mhinic a thug sé aghaidh ar an bhFear thuas, tráth raibh sé i gcruachás, agus chomh maith le sin, gur fhill se air le buíochas a ghabháil leis, i ndiaidh dó an chraobh a bhaint. Is dócha nach gá dhom tagairt a dhéanamh anseo don ocht mbonn déag óir a bhuaigh sé sna Cluichí Paralimpeacha, nó don cheithre Chraobh Domhanda déag a ghnóthaigh sé sna Cluichí céanna sin. nó ní gá ach oiread, tagairt a dhéanamh do na Coirn, nó do na Comórtaisí a bhuaigh sé lena chuid amhránaíochta, ó cheann ceann an domhain. Sea, mh’anam, tá Rónán s’againne molta agus mise i mo thost.

An-leabhar, an-léamh, é corraitheach, comharsanúil, cuideachtúil, carthannach. B’fhiú go maith do dhuine ar bith é a léamh.

     .

.

.

Sin iad mo chosa X

Stairways to Heaven

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

STAIRWAYS TO HEAVEN……………..Céadchló……………….2010

By

Lorna Byrne……………………………………………………£14.99

.

In search of Angels

Scríobh mé píosa sa cholún seo, tamall de sheachtainí ó shoin, faoi Angels in my Hair, an chéad leabhar ón údar, Lorna Byrne, agus seo mar a chuir me críoch leis an bpíosa sin…..

Ar an ‘Late Late Show’

Ní gá a rá, go raibh Lorna fhéin mar aoi ar an ‘Late Late Show’ ar an Aoine, an 17ú Meán Fómhair na bliana 2010, agus go ndeachaigh sí i gcion go mór ar a lucht féachana. Bhí a dáiríreacht, a macántacht, agus a hinchreidteacht, le feiceáil go soiléir trína raibh le rá aici. Sea, agus tá beartaithe agam anois, an leabhar is déanaí uaithi, a lorg is a léamh gan aon ró-mhoill, agus is féidir leat a bheith cinnte, go mbeidh cuntas faoi le léamh agat sa cholún seo, chomh luath is a bheidh sé léite agam.

Ní call dom a rá, go bhfuair mé, agus gur léigh mé, an dara leabhar sin, “Stairways to Heaven”, agus bíodh go bhfuil a súil dírithe aici ar an saol ainglí, bunús an ama, éirionn lei freisin, cuid mhaith dá scéal fhéin a ríomh dúinn. Déanann sí cur síos ar bhás a céile, Joe, ar thógáil a clainne, agus ar athrú ó Mhá Nuad go Baile Eoin i gContae Chill Chainnigh. Tríd an ngnó sin uilig, is soiléir nach raibh fáil ag Lorna ar aon ghreim den arán saor. Le cruatan agus le hanró a shaothraigh sí a beatha, agus fiú, níor ró-éasca an rud é, bail eicínt a chur ar an teach a tugadh di, mar bhronntanas, thíos i mBaile Eoin, bíodh go raibh an nead tréigthe ag na páistí ba shine faoin am sin, agus nach raibh fanta aici ach an duine ab óige den ál. Ba dhian a chuaigh bás a céile i gcion uirthi, bíodh go raibh fios faighte aici ó na hAingil, blianta fada roimhe sin, gur mar sin a tharlódh. Tá sin uilig go breá, agus cuireann sí síos go seoigh ar na cúrsaí sin uilig, ach mhothaigh mé difir mhór idir an dara leabhar seo agus an chéad cheann, sa mhéid go dtugtar tuilleadh eolais dúinn faoi ghnó, faoi shaghasanna, faoi mhéad, faoi shaol, agus faoi shaothar na n-aingeal.

In communication with Angels….

Anois, chomh fada is a bhain sé leis an údar fhéin, bhíodh sise i dteangmháil leis na haingil ón gcliabhán i leith, agus dhealródh sé, go raibh ar a cumas cumarsáid a dhéanamh leo, trí labhairt leo, nó go tostach. Chuir sé ionadh orm freisin chomh flúirseach is a thagadh na créatúir neamhaí sin chuici, ar ócáidí áirithe. Anois, breathnaigh ar an ráiteas sin arís. Creidim fhéin go mbíonn fáil ar na haingil, sa séipéal, le linn an Aifrinn, ach go háirithe. Cé mhéad díobh a bhíonn ar an bhfód d’ócáid mar sin? Níl a fhios agam, ach d’fhéadfadh an ceart a bheith ag an údar. Rud eile a chuir ionadh orm ba ea na hAingil Náisiúnta, agus iad feistithe in arm is in éide, sea agus iad breá, scafánta, láidir, téagartha, freisin. Caithfidh mé a rá, nár chuala mé fhéin tada faoi aingil dá leithéid riamh cheana. Sea, agus céard faoi na “American Gathering Angels”? Aingil a chaitheann a ndúthracht ag dul timpeall ag bailiú daoine agus á seoladh chuig na Stáit Aontaithe, nó tá plean diamhair eicínt ag Dia fhéin do na daoine bailithe sin. Níl mé cinnte go bhféadfainn fhéin an méid sin a thuiscint, ach faoi mar aduirt an Bard fhéin fadó…

“There are more things in heaven and earth, Horatio,

Than are dreamt of in your philosophy.”

Reincarnation

Chuir cupla rud eile sa leabhar seo, Stairways to Heaven, ionadh orm freisin. Céard faoi athionchollú? Féach mar a chuireann an t-údar é…

“Sometimes, God chooses to reincarnate a soul to right wrongs, to create hope or to build trust, to help to create a better world for mankind.”

Caithfidh mé a admháil go mbeadh sé deacair agam fhéin glacadh le tairiscint dá leithéid.

Ach taobh amuigh de na cúrsaí sin ar fad, tugann an t-údar tuilleadh eolais dúinn faoi na cineálacha aingeal atá ann. Cuireann sí síos ar Ancestral Angels, sin aingil a dhéanann cúram de theaghlaigh faoi leith. Tá na Prayer Angels ann, lenár bpaidreacha a thabhairt i láthair Dé, agus tá freisin, na Teaching Angels, agus na Healing Angels. Ach, má tá an oiread sin aingil sa timpeall, tuige nach féidir linn iad a fheiceáil? Bhail! Nach bhfuil fial ceilte idir an dá shaol, idir an saol thall agus an saol abhus, fial a chuireann cosc orainn spléachadh a fháil ar an saol úd thall, ach sin ráite, nílim á rá nach féidir le Dia fhéin an fial sin a ardú, lena cur ar chumas daoine áirithe radharc a fháil ar a bhfuil ar an dtaobh eile den bhfial diamhair sin.

Soul travel!

Tharlaíonn corruair sa leabhar freisin, go n-éiríonn leis an údar, turasanna anama a thabhairt, sé sin, go bhfanann a corp mar a bhfuil sé, agus go n-imíonn an t-anam fhéin, ar thuras neamhaí. Feiceann muid an cineál céanna ruda ag tarlú nuair a d’imigh sí chuig áit a raibh Oilithreacht Muslamach bailithe, agus iad ag guí, ar láthair choisricthe. Bhí na hAingil ansin freisin, agus na Prayer Angels, ach go háirithe, agus iad gnóthach ag iompar guíonna na ndaoine sin go Cúirt an Rí. Dá mbeadh an spás agam, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do roinnt áirithe rudaí eile. Rudaí ar nós:- An gasúr a raibh Aingeal ag cónaí ina anam; agus an tráth a raibh sí i gCúirt Dé, nuair a mhol Dia di, gan aon eagla a bheith uirthi; Sea, agus céard faoi na Glowing Babies? Agus an fear meicniúil, nach raibh ach cuid an-bheag dá anam, nó dá dhaonnacht fágtha aige. Cuireadh an fhís sin os a comhair, dár lei, le rabhadh a thabhairt don chine s’againne gan dul ró-fhada ar bhóthar úd na mídhaonnachta nó na tástála.

Food for Thought

Níl dabht ar domhan ach gur chuir an t-údar seo neart ábhar machtnaimh os ár gcomhair amach, sa leabhar seo. Caithfidh mé a rá, gur thaitin liom ar léigh mé ann, agus go leagann an t-údar féidireachtai doshamhlaithe os ár gcomhair amach, agus nach fearrde sinn uilig tamall a chaitheamh ag scrúdú a leagann Lorna os ár gcomhair amach?

Tá mé ag ceapadh, nach bhfuil an focal deiridh cloiste againn ón údar neamhghnách seo, agus mar sin, is fada liom uaim a céad leabhar eile.

.

.

.

Sin iad mo chosa X

T u r n a m h B h e r l i n .

.

T u r n a m h B h e r l i n .

.

*************************

.

B E R L I N

THE DOWNFALL 1945…………………………….foilsithe ag Viking………2002.

Le

ANTHONY BEEVOR…………………………………………………………………£25.00.

.

.

**************************

.

Ní call dom a rá, gur leabhar mór-ráchairte é an leabhar seo is déanaí ó pheann Anthony Beevor, nó is údar, é a bhfuil a ainm in airde i measc lucht taighde, as a bhfuil déanta aige le tóirse a scile a dhíriú ar thréimsí, nó ar eachtraí áirithe, de shaol an fichiú haois. Breathnaigh ar chuid de na teidil atá curtha de aige, cheana féin…”The Spanish Civil War”, “Inside the British Army”, “Crete: the Battle and the Resistance”, agus leabhar breá eile, ar an dtéad céanna leis an gceann seo is déanaí uaidh, is ea “Stalingrad.” Chuala ó roinnt daoine, nach raibh sárú an leabhair sin “Stalingrad” le fáil. Féach mar a scríobh léirmheastóir amháin faoin leabhar céanna sin…

“A superb re-telling of the saga. Beevor combines a soldier’s understanding of war’s realities with the narrative techniques of a novelist…. This is a book that lets the reader look into the face of battle.”

Nár dheacair an teist sin a shárú, agus d’fhéadfainn fhéin a rá anois, tar éis dom “ B E R L I N The Downfall 1945” a léamh, d’fhéadfainn a rá, gur éirigh leis an t-éacht céanna a dhéanamh uair amháin eile, nó sa leabhar seo, is beag nach bhféadfá análú na saighdiuirí céanna sin a chlos, le linn duit bheith ag taisteal, cois ar chois leo, trí choillte na Gearmáine, nó trí shráideanna na cathrach daortha, dóite sin, Berilin.

Ní hionadh ar bith, gur chuir mé fhéin suim, agus dhá shuim, sa leabhar seo, – bíodh go bhfuil sé i bhfad níos toirtiúla ná an cineál leabhair a léim, de ghnáth, mar tá thart ar 490 leathanach idir chlúdaigh an leabhair seo, – nuair a chuireann tú san áireamh, go raibh mé fhéin im’ fhear óg, ag an am nuair a bhí scéal thurnamh na cathrach céasta sin le léamh ar nuachtáin an domhain mhóir. Ach caithfear a chur san áireamh anseo, nach raibh an fhírinne le léamh i gcónaí ag duine, le linn an Chogaidh Mhóir sin, nó le linn cogaidh ar bith, dá ndéarfainn é. Ach, anois, tar éis dom an leabhar mór seo a léamh, is féidir liom a rá, go cinnte, gur bheag, i ndáiríre, a thuig mé, ag an am, faoin ár gan áireamh a deineadh ar an gcathair bhródúil chéanna sin. Ach scaoilimis tharainn na cuimhní sin, agus fillimis ar an leabhar fhéin.

Insíonn an t-údar dúinn, ina réamhrá, mar a tharla gur chuir sé roimhe, a chéaduair, an leabhar seo a scríobh faoi thurnamh Bherlin. Seo mar a chuireann sé ina réamhrá é, agus é ag cur síos ar thitim an “Third Reich” …

“The Nazis’ enemies had first been able to visualize their moment of vengeance just over two years before. On 1 February 1943, an angry Soviet colonel collared a group of emaciated German prisoners in the rubble of Stalingrad. ‘That’s how Berlin is going to look’ he yelled, pointing to the ruined buildings all around. When I read those words some six years ago, I sensed immediately what my next book had to be.”

D’fhéadfá a rá, go dtosaíonn an t-údar a scéal lena chur síos ar chúrsaí i mBerlin, um Nollaig na bliana 1944, nó faoin am sin, bhí roinnt mhaith den chathair sin scriosta ag aer-ruathair na gComhghuallaithe, na Meiriceánaigh, agus na Sasanaigh, ach go háirithe. Féach mar a chuireann an t-údar tús lena scéal, ar leathanach a haon…

“Berliners, gaunt from short rations and stress, had little to celebrate at Christmas in 1944. Much of the capital of the Reich had been reduced to rubble by bombing raids. The Berlin talent for black jokes had turned to gallows humour. The quip of that unfestive season was, ‘Be practical: give a coffin’ ”

Níor thuigeadar, ag an am, fírinne shearbh, uafásach, an mhagaidh chéanna sin. Faoin am sin, bhí fórsaí iomadúla na Sóivéide ag slógadh ar theorainneacha thoir an Reich. Bhí, adeirtear, 6.7 milliún saighdiúir slógtha ag an tSóivéid ar an bhfronta thoir, ón Aidriad go dtí an Bhailt, agus iad armtha, éidithe, réidh chun catha, agus fonn maraitheach díoltais ar chuile dhuine de na saighdiúirí céanna sin. Féach mar a chuir an Ginearál Reinhard Gehlen é, ina chuntas seisean ar na cúrsaí sin….

“Gehlen calculated that around 12 January the Red Army would launch a massive attack from the line of the River Vistula. His department estimated that the enemy had a superiority of eleven to one in infantry, seven to one in tanks and twenty to one in artillery and also in aviation.”

Nach mbeadh sé deacair arm dá leithéid a choinneáil amach ó theorainneacha an Reich? Bhí an t-arm sin do-stoptha, agus rinneadar a slí i dtreo chroí an Reich, Cathair Bherlin, gona daonra de thart ar thrí mhilliún, faoi mar a bheadh saighead dírithe ar chroí an bheithigh allta úd, ba namhaid ag na Cumannaigh. Níl dabht ar domhan ach go raibh arm na Rúise saighdte go nimhneach i gcoinne na nGearmánach. Tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir. Bhuel, níl dabht ar domhan ach gur chaith na Gearmánaigh go fíor-dhona leis na Rúisigh, le linn dóibh bheith ag ionradh na tíre fairsinge sin. Ba é toradh a bhí ar sin, nó gurbh é polasaí Stalin, agus a chomhairleoirí, Gearmánaigh a scrios agus a bhascadh chomh luath is a gheobhaidís an deis chuige sin. Bhuel, bhí am an díoltais ag druidim leo, gan aon agó, luath go leor i mbliain chinniúnach sin an áir 1945.

Agus ní hé amhain go raibh an oiread sin saighdiúirí bailithe acu ar an bhfronta thoir, ach bhí na fórsaí sin faoi cheannas na nginearál ba chliste, ab’ oilte, agus ba chleachtaí, ar chogaíocht a dhéanamh sa chineál sin aeráide, ar an gcineál sin talaimh, agus i gcoinne an chineál sin airm. Bhí an sean-sionnach glic úd, an Marascal Zhukov, nó faoi mar a bhaist Rúisigh air, i ndiaidh an chogaidh, naomh Seoirse s’againne, Seoirse Konstantinovich Zhukov, naomhphátrún Mhoscú. Ansin bhí an Marascal Rokossovsky, agus an Marascal Konev, sea, agus tuilleadh fós, a raibh ainm in airde orthu, as a n-ábaltacht, agus as a gclisteacht, mar throdairí ar an bhfronta thoir, le scaitheamh maith roimhe sin. Ach bíodh go raibh an oiread sin ceannairí cliste acu, níor lig Stalin fhéin srian le duine ar bith acu, ach é i gcónaí á stiúradh, agus é ag iarraidh duine acu a shaghdú i gcoinne an duine eile, fad is a bhí sé á ngríosadh uile i dtreo Bherlin, nó theastaigh uaidh Berlin a ghabháil, toisc gurbh iad na Rúisigh a thuill an onóir sin, as a ndíograis troda i gcoinne arm Hitler, ach bhí cúis eile lena dheifir chun na cathrach sin freisin, nó is amhlaidh a theastaigh uaidh, idir eolaithe, agus fearais déantúsaíochta na tíre sin a tharlú leis go Moscú, ionas go mbeadh ar chumas na Rúise feasta, airm rúnda, agus a leithéid, a bheadh ar chomhchéim le hairm Mheiriceá, a dhéanamh feasta sa Rúis. Sea, agus b’in an fáth ar thimpeallaigh airm na Rúise an chathair sin, le deis a thabhairt dóibh sin a dhéanamh, agus b’fhéidir freisin, go bhféadfaidís teacht ar Hitler fhéin, agus é a ghabháil mar phríosúnach cogaidh. Nár bhreá an churadhmhír é sin, dá dtiocfadh leo breith air ina bheatha? Bhí aidhm eile fós ag Stalin, agus b’in sluaite Gearmánach, idir fhir is mhná, a ghabháil agus iad a thiomáint soir chun na Rúise ina sclábhaithe, le bailte agus cathracha scriosta na Rúise a atógáil. I ndáiríre, ba é a theastaigh uaidh, nó deireadh a chur le cumas cogaíochta na nGearmánach, agus fhad is a bheadh sin á dhéanamh aige, bheadh sé ag cur le neart ollmhór a impireachta fhéin. Níl dabht ar domhan, ach gur chuir sé dallamullóg cheart, chríochnaithe, ar Roosevelt agus ar Churchill freisin, ach caithfidh tú an leabhar a léamh le sin a thabhairt faoi deara i gceart.

Ní gá dhom a rá, gur éirigh le harm na Sóivéide cath a bhriseadh ar fhórsaí na nGearmanach, agus gur éirigh leo, i ndeireadh thiar, Berlin a ghabháil. B’uafásach an díoltas a d’agair siad ar mhuintir na cathrach céasta sin, agus ar Ghearmánaigh eile a tháinig faoina smacht freisin. Deineadh ár gan áireamh ar, idir shaighdiúirí agus shibhialtaigh. Ba é an rud ba mhó a theastaigh ó na saighdiúirí Sóivéideacha nó Gearmánaigh a mharú, agus dheineadar sin, go dóighiúil, lena ngunnaí, lena dtancanna, agus lena mbuamaí. Bhí éigniú, agus drong-éigniú, ar siúl de ló agus d’oíche, agus an rud ba mheasa ar fad, nó nár dhein a n-oifigigh airm mórán iarrachta le stop a chur leis an gcleachtadh barbartha mídhaonna sin. Arís, fágfaidh mé fút fhéin é an scéal uafásach sin a léamh.

Chuir Hitler, agus cuid dá lucht leanúna, lámh ina mbás fhéin, agus ar ball, ghéill an Reich, agus b’éigean do thaoisigh na tíre sin an géilleadh neamahchoinníollach sin a shíniú, ar an 8ú Bealtaine, 1945. Bhí an t-ár agus an bhúistéireacht thart, nó an raibh? Cinnte, cuireadh roinnt mhaith daoine chun báis, i ndiaidh an chogaidh, toisc gur dheineadar seo, nó siúd, i rith an chogaidh. Baineadh díoltas amach. Níor dhein daoine dearmad ar ar deineadh d’éagóir orthu, le linn an chogaidh. Sea, bhain siad sásamh amach. Rinne saighdiúirí na Gearmáine chuile iarracht géilleadh do na Puncáin, nó do na Sasanaigh, ach ní raibh an oireadh sin foinn orthusan glacadh lena ngéilleadh, rud a d’fhág, nár dheineadar iarracht ró-mhór ar Phrague nó Vienna a ghabháil, roimh na Rúisigh, nó theastaigh uathusan an oiread talaimh agus ab fhéidir a ghabháil, sára ngéillfeadh na Gearmánaigh.

B’fhéidir gur chóir dom tagairt amháin eile a dhéanamh do Hitler, nó mar is eol dúinn, chuir sé lámh ina bhás fhéin, agus bhí orduithe tugtha aige, roimh ré, go ndófaí a chorp fhéin, agus corp Eva Braun, a bhean, in éineacht leis, iar bhás dóibh. Deineadh mar a d’ordaigh sé, agus cuireadh a raibh fágtha, i gcuas pléascáin. Ar ball, tháinig na Rúisigh ar na coirp sin, agus choinníodar an scéal faoi rún, ach chinntíodar i dtosach, gurbh é corp Hitler a bhí faighte acu, ach fágadh na Comhghuallaithe dall ar an scéal sin, agus fiú amháin, an Marascal Zhukov fhéin, ní bhfuair seisean amach gur fritheadh an corp go ceann fiche bliain ina dhiaidh sin!

Ba bheag suim a bhí ag Stalin ina shaidhdiúirí fhéin, agus bhíodh sé sásta, de ghnáth, iad a dhíothú, ar mhaithe le cuspóir cummanach a bhaint amach…Féach ar seo…

Stalin and his marashals paid little regard to the lives of their soldiers. The casualities for the three Fronts involved in the Berlin operation were extremely high, with 78,000 killed and 274,184 wounded. Russian historians now acknowledge that these needlessly high losses were partly due to the race to get to Berlin before the Western Allies, and partly to packing so many armies into the assault on Berlin that they were bombarading each other.

Sea, a mhaisce! ba mhinic Rúisigh á marú ag a ngunnaí fhéin, nó ag “Friendly Fire” mar a thugtar ar bhotúin dá leithéid, na laethe seo. Agus ní haon ionadh é sin, nuair a chuireann tú san áireamh an méid gunnaí móra a bhí in úsáid acu, ar an bhfronta sin. Féach mar a bhí, i gcás duine de na ginearáil a bhí in arm an Mharascail Zhukov….

General Kazabov had 8,983 artillery pieces, with up to 270 guns per kilometre on the breakthrough sectors, which meant a field gun every four metres, including 152mm and 203mm howitzers, heavy mortars and regiments of katyusha rocket launchers. The ist Belorussian Front had a stockpile of over 7 million shells, of which 1,236,000 rounds were fired on the first day.

Ní gá a thuilleadh a rá faoi na cúrsaí sin. Ach cuimhnigh ar an torann, agus ar an raic uilig a tógadh, nuair a thosaigh na gunnaí móra sin ag pléascadh leo, agus cuimhnigh freisin, mar a scal na Sóivéidigh na mílte spotsholas i súile na nGearmánach, le radharc na súl a bhaint díobh ag nóiméad sin na cinniúna, le buntáiste a fháil orthu sa tslí sin, agus tá pictiúr eicínt faighte agat ar an gcineál ifrinn a bhí fan an fhronta thoir sin, lá úd an léin.

Leabhar scanraitheach, ar bhealach, leabhar a léiríonn go cruinn, soiléir, olc ifreanda na cogaíochta, sea, ach leabhar, ag an am gcéanna, a chuireann a gheasa fhéin ar dhuine, sa tslí gur deacair an leabhar a chur uait, go háirithe, má tharla gur mhair duine i dtreimhse chinniúnach sin ár staire. Léirionn an leabhar seo nach bhfuil ridireacht ar bith ag baint le cogaíocht, nó níl ann ach olc, cleasaíocht, agus búistéireacht do-áirithe, á ndéanamh ar dhaoine daonna, daoine neamhurchóideacha, den chuid is mó.

Sea, agus nár bheag an tionchar a bhí ag creideamh, nó ag moráltacht, nó ag diagacht fhéin, ar na cúrsaí sin uilig. Nach gceapfá, amannta, go raibh an saol bocht seo tréigthe ag an bhfear thuas é fhéin, le linn don ár sin uilig a bheith á dhéanamh? Ach, an méid sin uilig ráite, déarfainn gur fiú an tairbhe an trioblóid, nó tugann an leabhar seo léargus do dhuine ar laethe uafásacha, cinniúnacha, an chogaidh, léargus nach bhféadfadh duine a shamhlú fiú, dá uireasa.

An-leabhar, an-léamh, an-oscailt-súl. Tabhair faoi, má fhághann tú an deis chuige !

********************

Peadar Bairéad.

********************

.

.

.

.

.

Sin iad mo chosa X

The Footman by A O_Connor 2

Im’ Nóibhíseach dom, sna Dachaidí 1

Peadar Bairéad.

.

(This week I share with you my experience as a Novice in the mid-forties)

.

lim gur inis mé dhaoibh cheana, go raibh fonn orm, le linn m’óige, dul isteach sna sagairt. Bhuel, bhí, agus chuir mé leis an bhfonn sin trí dhul isteach i gColáistí an SMA, i mBéal an Átha Fhada, agus i gCorcaigh na gCuan, agus ar deireadh thiar, i Meán Fómhair na bliana 1945, thug mé aghaidh ar Nóibhíseacht an SMA céanna sin i ‘Clochballymore House, in aice le Cill Cholgáin, i gContae na Gaillimhe. Mhínigh mé cheana, go mba leis an gCunta Llewellyn Blake an Teach Mór céanna sin, fear a d’éirigh as an tsaighdiúireacht san Ind agus é na Leifteanantchoirnéal sna Connaught Rangers ag an am. Ar ball, tar éis dá bhean bás d’fháil, agus é fágtha gan chlann, gan oidhre, shocraigh sé ar a Theach Mór a bhronnadh ar an SMA, mar Nóibhíseacht, rud a bhí ag teastáil go géar uathusan, ag an am, tharla go raibh siad ar an míle dhícheall, ag iarraidh Cúige neamhspleách den Chumann sin, a bhunú anseo in Éirinn.

Turas dhá lá!

Ba bheag feabhas a bhí tagtha ar chúrsaí taistil sa tír seo, ó thaistil mé go Wilton, Chorcaí, trí bliana roimhe sin, agus dá bhrí sin, b’éigean dom dhá lá fhada a chaitheamh ag taisteal ó bhaile na Druime in Iorras, go Teach Cloughballymore, ach i ndeireadh na feide, shroich mé cathair na Gaillimhe, agus ceart go leor, bhí duine ansin, ag fanacht orm, le mo thabhairt ó stáisiún na traenach ansin, go dtí an Nóibhíseacht. Ni capall agus jaunt a bhí aige seo, faoi mar a bhíodh i mBéal an Átha Fhada, i gContae Mhaigh Eo. Níorbh ea mh’anam, ach carr breá galánta. Tharla go raibh beirt, nó triúr eile, ag dul ar an aistear céanna liom, agus bhailigh an tAthair Harrington muid leis ina charr breá, galánta. Fear íseal, tanaí, lách, ba ea an sagart seo, agus ollamh cliste, léannta, eolgaiseach, freisin.

Suanliosanna fuara, folmha

Ní call dom a rá, nach raibh seomraí dár gcuid fhéin le fáil againn sa Nóibhíseacht sin. Ní raibh againn ach suanliosanna fuara, folmha. Tugadh a leaba fhéin do chuile dhuine againn, agus chuireamar pe acairí, agus éadaí, a bhí againn, isteach i gcóifrín a bhí ag taobh na leapan sin, ag chuile dhuine againn. Nuair a bhí an gnó sin déanta, tugadh ar chuairt na Nóibhíseachta sinn. Bhí ansin, in éineacht leis na suanliosanna, Aireagal breá, fairsing, agus seomraí ranga maraon le halla ollmhór staidéir. Teaspáineadh an Bhialann mhór, fhairsing, dúinn freisin. Ní lampaí pearaifín a bhí á n-úsáid sa bhfoirgneamh seo, níorbh ea mh’anam, ach soilse gléigeala leictreacha. Tugadh spléachadh dúinn freisin, ar chuid den Teach Mór fhéin, mar a raibh parlúis, seomraí feithimh, agus seomraí na sagart, suite. Samhlaíodh domsa, ach go háirithe, go mba neamhaí an t-ionad é an Nóibhíseacht álainn seo, i Cloughballymore House. Coláiste a bhí againn anseo, cinnte, ach ag an am gcéanna, ba Nóibhíseacht é, agus b’in é príomhghnó an ionaid seo. Dhéanfaí chuile iarracht ar bhealach an Spioraid a léiriú, agus a mhúineadh, do chuile Nóibhíseach, le linn an ama a chaitheadh sé ansin. Cinnte, mar adúirt mé, ba Choláiste é, agus mhúinfí Fealsúnacht dúinn freisin, agus dár ndóigh, nach breá a raghadh an péire sin, an Fhealsúnacht, agus an Nóibhíseacht, le chéile, i múnlú spioradálta na Mac Léinn?  

rdhreach boireannach!

Bhí rainse mór ag dul leis an bhfoirgneamh sin, ach i ndáiríre, níor thalamh maith é an chuid ba mhó de, nó ba chosúil le tírdhreach boireannach é. Anois is arís, nuair a bhíodh lá saoire nó a leithéid d’ócáid againn, théimis ag fánaíocht tríd an rainse céanna sin, agus nach orainn a bhíodh an t-áthas, agus an t-ionadh, nuair a thagaimis ar fhoireann bhreá mhór de chapaillíní Chonamara, ag réabadh leo thar na carraigreacha, nó bhí seansagart ag cur faoi sa Nóibhíseacht sin, Sparánaí na hInstitiúide, a raibh spéis an domhain aige sna capaillíní céanna sin, agus dhéanadh seisean iad a phórú agus a thógáil ar fheirm an Choláiste. Nach minic a chuireamar ceist orainn fhéin faoin chaoi ar éirigh leis na beighigh sin teacht i dtír ar thalamh chomh bocht, neamhthorthúil.

Ach, ní raibh na cúrsaí sin ag cur as dúinne, an lá breá sin i bhFómhar na bliana 1945, an lá úd ar chéadleag muid spág ar thalamh Cloughballymore, in aice le Cill Colgain, i gContae na Gaillimhe.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Sin iad mo chosa X

Timpist a chonaic mé

an t-eiteachas, refusal; Ag ligint orainn, pretending; Teach na Scoile, the schoolhouse; sna preaba tintrí, like lightning; bhí se fánach aige, he failed; trácht, traffic; fianaise, evidence; tranglam tráchta, traffic tangle

.

I m B é a l a n P h o b a i l

.

Timpiste a chonaic mé

Peadar Bairéad

“The Mocks”

Ó tharla go raibh na mílte gasúir ag déanamh na “Mocks”, cupla seachtain ó shoin, agus ó tharla gur iarr gasúr amháin orm fhéin, cabhrú leis píosa a scríobh faoi thimpiste a chonaic sé. Bhuel! ní fhéadainn an t-eiteachas a thabhairt dó, agus dá bharr sin, seo chugaibh anois an píosa a chuireamar beirt le chéile, ar an ócáid sin, agus muid ag ligint orainn, go raibh muid ar an bhfód, nuair a tharla an timpiste, sa chaoi go mbeadh sé mar chabhair ag éinne eile a theastódh a leithéid uaidh, nó uaithi, amach anseo………….

.

Timpiste a chonaic mé

.

Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo na ndeor ar an dtimpiste a chonaic mé, agus mé ar mo bhealach abhaile ón scoil, tráthnóna inné. Thíos ag cúinne an bhóthair, cóngarach do Theach na Scoile a bhí mé, nuair a tharla sé. Chonaic mé fhéin gluaisteán mór dubh ag gluaiseacht sna preaba tintrí amach Bóthar an Phiarsaigh, ach má chonaic, ní fhaca an ghirseach seo nó a comrádaí é, nó bhí an péire acu ag siúl leo go socair sásta trasna an bhóthair, díreach ag an am gcéanna sin.

Too Late

Nuair a bhí sé ró-dhéanach, chonaic tiománaí an Jaguar mór dubh iad. Luigh sé ar na coscáin, ach bhí sé fánach aige, nó bhí sé ró-chóngarach do na girseacha ag an am. Phléasc scréach na hadhairce, agus sianaíl chaointeach na gcoscán ciúnas na maidine agus d’éirigh scamall toite ó ruibéar dóite na mbonn. Chuala mé fhéin scread scannraithe, chluas-phléascach, na gcailíní, agus ag an nóiméad céanna beagnach, chonaic mé an péire acu á gcaitheamh in airde san aer, faoi mar ba bhréagáin éadaigh iad.

Everything stopped still

Stop an gluaisteán, i ndeireadh na preibe. Bhailigh slua daoine timpeall. Stopadh an trácht. Cuireadh fios ar na gardaí agus ar an otharchárr, agus ba ghearr go raibh carr na ngardaí ar an bhfód, agus ní raibh moill ar bith orthusan dul i mbun a gcuid oibre. Triúr acu a bhí ann. Chuaigh duine acu le haire a thabhairt don bheirt a gortaíodh, agus thosaigh an bheirt eile ag tógáil toisí ansin ar an mbóthar, agus ag fáil fianaise ón lucht féachana.

Ag an bpointe sin, chualamar sianaíl ghéar, léanmhar, an otharchairr, ag teacht in ár dtreo le luas lasrach. Stop siad san áit a raibh an garda i mbun na ndaoine gortaithe. Beirt acu a bhí ann, agus geallaimse dhuit é, nár chuir siad aon am amú, ach iad ag brostú leo ina dtreo, ar a míle dhícheall. Scrúdaigh siad an bheirt a bhí sínte, lag, ar thaobh an bhóthair, thug siad instealladh an duine dóibh, lena bpian a mhaolú, agus ba ghearr go raibh an bheirt chéanna sin ar bord an othair cháirr agus iad ar a mbealach go dtí Ospidéal an Chontae, sna preaba, sea, agus garda ar ghluaisrothar os a gcomhair amach, ag déanamh slí dóibh trí thranglam trachta an tráthnóna.

Rumours spread

Cuireadh an Jaguar mór dubh isteach ar thaobh an bhóthair, agus nuair a bhí chuile shórt, ag ionad na tionóisce, socruithe ag na gardaí, thógadar tiománaí an ghluaisteáin duibh leo, i gcarr na ngardaí. Bhí ráfla ag dul sa timpeall, go raibh tiománaí an chairr dhuibh dallta le hól, agus imithe as a mheabhair le drugaí, ag an am gcéanna bhi ráfla eile adúirt nár leis an Jaguar in aon chor, ach gurbh amhlaidh a ghoid sé é i gcarrchlos lárchathrach, agus má bhí aon fhírinne sna ráflaí sin, chuile sheans nach mbeidh seisean ag tiomáint aon chairr go ceann tamaill mhaith arís, nó seans go gcaithfidh sé cupla bliain ag déanamh málaí poist don Stát, agus é faoi ghlas istigh i bpríosún eicínt.

Nobody died

Chuala mé, an tráthnóna sin, go dtiocfadh na girseacha as, agus cé go raibh cosa duine acu briste, agus cé go raibh easnacha an chailín eile brúite, basctha, briste, tuigeadh ag an am gcéanna, nach mbeadh clóic orthu, amach anseo, cé go mbeidh orthu, gan dabht ar domhan, tamall maith a chaitheamh sínte ar fhleasc a ndroma in Ospidéal an Chontae.

Mo chuidse de, tá súil agam, nach bhfeicfidh mé tionóise dá leithéid arís go leagfar na hordóga orm, agus tá súil agam, nach amárach, nó amanathar, a tharlóidh a leithéid! Nó déanata na fírinne, níl mé tagtha chugam fhéin fós, agus déarfainn go dtógfaidh sé scathamh maith eile le cuimhne na tionóisce sin a dhearmad, ach ag an am gcéanna, tuigtear dom nach bhfuil le déanamh agamsa ach ceirín na díchuimhne a chur leis, agus treabhadh liom trí choraí crua an tsaoil anróitigh seo, mar nach bhfuil an scéal i bhfad Éireann níos measa ag tiománaí an ghluaisteáin duibh, agus ag an mbeirt úd a gortaíodh chomh dona sin sa timpiste úd? Ní dócha go ndéanfaidh duine ar bith acusan dearmad ar an lá cinniúnach sin go brách na breithe. Ba é adúirt an seanfhear a bhí ina sheasamh im’ aicese, ag láthair na tionóisee, nó,

“Buíochas mór le Dia nach bhfuair éinne bás ar an ócáid, mar níl luibh nó leigheas in aghaidh an bháis.”

.

.

gaGaeilge