Saicéadach agus Luaithreach

Saicéadach agus Luaithreach

Saicéadach agus Luaithreach

Peadar Bairéad

Pionós agus Aithrí

Nach minic a léitear sa tSean Tiomna faoi’n nós a bhí acu sna laethe úd saicéadach agus luaithreach a úsáid mar chomhartha aithrí. Chaithidís saicéadach, agus shuídís i luaithreach, le teaspáint don tsaol mór, go raibh pionós á dhéanamh acu ina bpeacaí. Gan dabht, don té a raibh cleachtadh aige ar éadach breá, bog, uasaicmeach, ba mhór an gaisce spioradálta dósan é, an saicéadach garbh, gránna, míchompórdach, a chaitheamh lena chraiceann, agus nuair a chuireann tú le sin, go gcaithfeadh sé a sheal ina shuí ar luaithreach shalach céasta, cráite, in ionad bheith suite ar a sháimhín só ar tholg bog taitneamhach, faigheann muid léargas eicínt ar an bpionós a bhí á dhéanamh aige, mar chomhartha aithrí ina pheacaí. Nach cuimhin le beagnach chuile dhuine againn léamh faoi ghaisce úd Rí Nineveh, nuair a thug an Fáidh Jonah cuairt ar an gcathair ollmhór ársa sin, agus nuair a thairngir sé go scriosfaí Nineveh i gcionn daichead lá. Thug an Rí cluas dá thairngreacht, agus rinne rud air. Chuir sé uaidh a róbaí ríoga agus shuigh sé síos ar luaithreach, i saicéadach an aithrígh, agus níorbh é sin amháin é, ach chuir sé iachall ar a mhuintir uilig an cleas céanna a dhéanamh, agus d’fhógair troscadh do dhaoine agus do bheithígh, ar mhaithe le fearg Dé a mhaolú. Shásaigh pionós sin an Rí úd Dia, agus níor agair Dia díoltas air fhéin, nó ar a mhuintir. Agus ó tharla ag tochrais ar an gceirtlín seo muid, is dócha gur chóir a lua, nach iad na gnáthdhaoine a dhéanadh an beart seo, de ghnáth, nó nach mbíodh an saol sách-dian orthusan, cheana féin? níorbh iad a chaitheadh an saicéadach, nó a shuíodh ar an gcarn luaithrigh, ach oiread, níorbh iad muis! nó b’iad na ríthe agus na boic mhóra a theaspáinfeadh go raibh aithrí á dhéanamh acu trína comharthaí sin, mar nárbh iad ba mhó a dhéanadh an éagóir, agus an slad, ar bhochtáin agus ar oibrithe, agus b’iad freisin ba mhó a dhéanadh Aitheanta an Tiarna a bhriseadh, agus sa tslí sin, a tharraingíodh fearg an Tiarna anuas ar an bpobal frí chéile.

B’in iad na seanlaethe

Ach b’in iad na seanlaethe, b’in iad na laethe, nuair a chreid daoine, go raibh Dia Mór na Glóire sna Flaithis thuas, a raibh súil ghéar á choinneáil aige ar chúrsaí daonna, agus a d’fhéadfadh díoltas a agairt ar phobal, mura ndéanfaidís siúd a orduithe agus a aitheanta a choimhlíonadh. Nach éasca a shleamhnaíonn Sodom agus Gomorrah chugainn mar shamplaí dá leithéid.

Ach ní chuige sin atá mé an babhta seo, nó ba é a chuir ag tochrais ar an gceirtlín seo mé, nó an chaoi a bhfuiltear ag iarraidh pionós oiriúnach a ghearradh ar an Eaglais Chaitliceach abhus, le scathamh de bhlianta anuas anois, i ngeall ar ar tharla sna Scoileanna Saothair agus sna Scoileanna Ceartúcháin, a raibh siad ina mbun, faoi stiúir an Stáit, blianta ó shoin . Tá daoine ar aon fhocal anois gur chóir oiread áirithe airgead a bhailiú ó na hOird agus ó na Cumainn Chrábhaidh sin, a raibh roinnt dá mbaill ciontach sa mhí-iompar sin uilig, agus a tharraing mí-chlú, agus náire, anuas orthu fhéin, ar a nOird, agus ar an Eaglais frí chéile, agus go ndéanfaí an t-airgead sin a úsáid, le chuile chúnamh a chur ar fáil dóibh siúd, ar deineadh an éagóir sin orthu. Tá daoine eile ann adéarfadh, gur chóir an dlí a chur ar na baill chéanna sin, agus iad a tharraingt tríd na cúirteanna, len iad a ainmniú agus a náiriú. Sea, d’fhéadfá a rá, go bhfuil a shocrú fhéin ag chuile dhuine ar an scéal céanna sin, ach, níl dabht ar domhan ach go gceapann chuile dhuine, geall leis, gur chóir go n-íocfadh na hOird agus na Cumainn sin go daor as mí-iompar roinnt áirithe dá mbaill, agus dá dtarlódh go bhfágfaí gan sciúrtóg fhéin cuid acu, ní dóigh liom, go gcuirfeadh sin as go ró-mhór do roinnt áirithe daoine.

Glanadh an Scláta

Ach, fiú dá ndéanfaí a leithéid, agus níl dabht ann ach gur chóir go ndéanfaí, ní dóigh lena lán, go nglanfadh sin an scláta glan, amach is amuigh. Mar nach cuimhin le chuile dhuine againn go raibh mí-iompar agus mí-úsáid eile i gceist freisin sios tríd na blianta, ag daoine a mbeifeá ag súil le dea-shampla agus ceannaireacht uathu san Eaglais chéanna sin. Bhí mé ag caint, ar na mallaibh, le mo sheanchara, Séimí cóir an Droichid, agus tháinig seisean leis an socrú sin freisin, ach chuaigh sé píosa níos fuide ná sin leis an scéal, nó ba é a dhearcadh siúd nó gur chóir don Eaglais Chaitliceach abhus, an bhliain seo chugainn, bliain ár dTiarna, 2010, a fhógairt mar Bhliain Aithrí, le deimhin a dhéanamh de, nach ndéanfaí dearmad go luath ar ar tharla anseo, i rith thréimhse úd an mhí-iompair agus na mí-úsáide do-thuigthe, do-chosanta sin. B’fhéidir gur leag mo sheanchara Séimí a mhéar ar an gcnaipe ceart an babhta seo.

Céard a cheapanns tú fhéin faoi?

Saicéadach agus Luaithreach

Saor sinn o olc.

“Saor sinn ó olc”

Peadar Bairéad

Fórsaí an oilc

Nach minic an phaidir chéanna sin ar bhéal an Chríostaí agus é ag admháil don tsaol mór, go bhfuil fórsaí an oilc thart air, agus go bhfuil sé i mbaol uathu, chuile bhabhta. Cad iad na fórsaí, agus na hoilc úd, atá idir chamáin againn anseo? Bhuel! níl le déanamh againn ach breathnú ar an saol thart orainn le freagra na ceiste sin a fháil. Cé tá taobh thiar den chontúirt uilig, a gcaithimís dul i ngleic lei, ó ló go ló, agus ó sheachtain go seachtain? Ach sul má théann muid níos faide leis an scéal, nár chóir dúinn míniú eicínt a thabhairt ar an téarma sin, olc? Tugtar olc ar rud ar bith a dhéanann dochar dúinn, nó an dochar fhéin, fiú. Déanann olc amháin dochar don chorp, agus déanann olc eile dochar don anam. Nach cuimhin libh an té adúirt lena lucht éisteachta fadó, gan faitíos a bheith orthu roimh an té a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chorp, ach eagla a n-anama a bheith orthu roimh an té a dfhéadfadh dochar a dhéanamh don anam. Ba chóir dúinn freisin, idirdhealú a dhéanamh idir an dochar a tharlaíonn thrí thimpiste, agus an dochar a tharlaíonn d’aon ghnó. Ar thaobh amháin, tá an dochar a dhéanann an aimsir agus fórsaí an dúlra, agus ar an dtaobh eile, tá an dochar a dhéanann an té atá meáite ar dhíoltas a bhaint amach ar dhuine eicínt.

Tá an saol mór lan d’oilc de chuile chineál, agus ni haon ionadh é go mbíonn ar an nduine daonna bheith de shíor ar a aire, agus é ar a dhícheall éaló ó fhórasí úd an oilc. Tá sé dona go leor, nuair a roghnaíonn an duine aonair, olc a dhéanamh, ach tá sé míle uair níos measa, nuair a shocraíonn ceannaire, nó buíon, bóthar an oilc a bhualadh. Níl le déanamh ag duine ach breathnú siar ar stair an fichiú haois le tuiscint níos fearr a fháil ar an olc uilig a rinneadh san aois sin, trí bhuile cheannairí áirithe, agus iad ag seoladh a muintir síos thar a mbasctha.

An Claonadh úd chun Oilc

Caithfear a chur san áireamh freisin, an claonadh úd chun oilc, atá neadaithe i smior agus i smúsach an uile dhuine daonna. Déanann an claonadh céanna sin chuile dhícheall sinn a mhealladh bóthar ár n-aimhleasa, ach bíodh go bhfuil cúrsaí mar sin fhéin, tá ar ár gcumas diúltú don olc a ghléasann an claonadh úd in éide na maitheasa, le sinn a seoladh síos slí shíodúil, sár-leathan, ár millte. Tá an saorthoil mar sciath chosanta againn, agus leis an arm sin, tá ar ár gcumas, diúltú don olc. Mura n-éiríonn linn an t-arm sin a úsáid in am an ghátair, beidh a chathú sin orainn ar ball, nó meallfar, i ngan fhios sinn, isteach níos doimhne, agus níos doimhne, i scraith ghlugair an oilc, agus is dian deacair bealach éalaithe a aimsiú, amach as an anachain chéanna sin.

Saicéadach agus Luaithreach

Season of mists and mellow fruitfulness…………

Séasúr an Cheo

(This week, I mBéal an Phobail take a look at some Seasonal changes)

.

“Season of mists and mellow fruitfulness”…..

Anois, agus muid sáite i gceartlár an Fhómhair, feictear dom, gur chóir súil a chaitheamh ar na hathruithe atá tagtha ar an saol thart orainn ó Lá Lúnasa na bliana seo anonn. Agus, ag caint ar Shamhradh na bliana seo, is dócha gurbh fhearr cos a bhuaileadh ar an scéal sin, nó déanta na fírinne, ní raibh an Samhradh céanna sin thar mholadh beirte. Agus nílim ag maíomh gur bhronn an Fómhar seo ‘Samhradh na nGéanna’ orainn, ach oiread, ach dá olcas é, b’fhearr i bhfad é mar shéasúr ná an Samhradh réamhráite. Bhí daoine ag rá go mbeadh Fómhar millteach olc againn, Fómhar a d’fhágfadh muid gan mórán fáltais nuair a bheadh sé críochnaithe linn.

Dathanna meisciúla

Ní mar sin a tharla áfach, nó bíodh gur deineadh roinnt mhaith damáiste do na barraí, ag an am gcéanna, fuair na feirmeoirí dóthain ama lena mbunús a bhaint is a shábháil. Ach, ní hé seo ach é siúd atá idir chamáin agam, an babhta seo. Tugann muid faoi deara go bhfuil athruithe ollmhóra ag teacht ar aghaidh na Dúlra na laethe seo. Is é an rud is mó a thugtar faoi deara nó an t-athrú atá ag teacht ar dhathanna na nduilleog is na mbláthanna, thart orainn….

Dathanna Fómhair dom mheisciú

Lena n-ór, lena ndonn, ‘s lena mbuí

Is ólaimse áilleacht tírdhreacha

As soitheach lán bua is brí….

.

Cheana féin, tá dath donnbhuí ag teacht ar roinnt mhaith de na duilleoga agus fiú, nach bhfuil dath an fhéir fhéin ag athrú freisin, nó tá an féar céanna ag seargadh roinnt, mar tuigtear don bhfásra uilig go bhfuil an Geimhreadh gáifeach chucu gan aon ró-mhoill. Tabhair faoi deara freisin, go bhfuil mám maith duilleog ag titim, go háirithe le linn gaoithe móire nó stoirme. Sea, agus nach bhfuil ré na mbláthanna beagnach thart, chomh maith. Ní gá dhom a rá gur chomharthaí iad sin uilig go bhfuil laethe an fháis agus an bhláthaithe ag druidim chun críche.

Codladh sámh!

Tuigeann mion daoine Dé go bhfuil na laethe órga thart, agus go bhfuil an t-am tagtha le dlús a chur lena n-ullmhúchán don bhfuacht agus don chruatan atá le teacht. Bailíonn cuid acu stór bia len iad a thabhairt trí shéasúr an ghanntain is an ghorta. Tuigtear do roinnt eile acu, gur maith an cleas é an leaba a thabhairt orthu fhéin agus codladh sámh a dhéanamh go dtí go ndúiseodh teas bog caoin an Earraigh iad arís tar éis na Féil’ Bríde. Sea, agus nach bhfuil tuilleadh díobh, a dhéanann a málaí a phacáil agus aeráid álainn na dtíortha teo a thabhairt orthu fhéin. Feiceann tú na fáinleoga bailithe leo thar lear, agus na cuacha glanta leo freisin, agus níl fanta linn, i ndiaidh an iomláin, ach an dreoilín, an spideog, an gealbhan, an lon dubh, agus roinnt bheag eile dár n-éanacha dúchais, ach is annamh a chloisfear ceol uathusan feasta, ach, mar sin fhéin, beidh siad ag lorg déirce thart ar thithe na ndaoine, go háirithe, nuair a bheidh deis ag sioc, nó ag sneachta, glas a chur ar fhoinsí a mbeatha agus a ndí, amuigh ansin ar chnoc is i ngleann, i ngort is i gcimín. Ach, ‘mair a chapaill, agus gheobhair féar’ adeirtear leo amannta, ach ‘ní bheathaíonn na briathra na bráithre’ adéarfadh siadsan, mar fhreagtra ar an moladh céanna sin, b’fhéidir.

Duilleoga Fómhair buí mar ór anuas im líon,

Ar pháirc, ar ród , ar mhá, feoite, seirgthe, críon

Maireann a gcuimhne ámh, i bpluais bhog bheo an chroí.

Cé go lobhtar iad sa láib, ní chailltear riamh a sciamh.

.

   

.

.

.

Saicéadach agus Luaithreach

Sin iad mo chosa-sa.

Halfway Home

by

Ronan Tynan

.

Peadar Bairéad

“Sin iad mo chosa-sa”

Ar na mallaibh, tháinig mé ar Eagrán Bantam, dhe leabhar nach raibh léite agam cheana, leabhar, b’fhéidir, a léigh tú fhéin, nó cuireadh an t-eagrán thuasluaite i gcló sa bhliain 2003, ach leabhar freisin, a chuir siar bóithrín na smaointe mé fhéin, “big time”, mar adeir Gaeilgeoirí an lae inniu, go minic!

“Cén leabhar atá i gceist agam, an ea?”

“Halfway Home” an teideal atá air, agus ba é Ronan Tynan s’againne a scríobh an dírbheathaisnéis chorraitheach, ghreamaitheach, spéisiúil seo.

“Agus ar mhiste a fhiafraí díot, an raibh aithne ar bith agat fhéin ar scríbhneoir an leabhair seo?”

“Níor mhiste, in aon chor, nó níl uaim, ach an lide is lú, le mé a chur ag scríobh faoin bhfear óg iontach seo.”

“Ná habair go raibh sé mar dhalta agat, am eicínt, faoi mar adeir tú faoi roinnt mhaith daoine cáiliúla eile, daoine ar nós Diarmaid Martin, Ardeaspag Átha Cliath, Martin Drennan, Easpag na Gaillimhe, agus fiú ionánaithe cáiliúla ar nós D. J. Carey fhéin?”

“Sin é díreach atá á mhaoimh agam, san alt seo, nó bhí Ronan Tynan mar dhalta agam, am eicínt i lár sheachtóidí na haoise seo caite.”

“Agus an cuimhin leat anois é a bheith i láthair id’ rang, agus má sea, cad iad na cuimhní atá agat anois faoi na laethe úd, fadó!”

“Fadó! adeir tú. Feictear domsa nach bhfuil sé chomh fada sin ó shoin ar fad anois, ach is dócha go gcaithfidh mé a admháil, go bhfuil breis is triocha bliain imithe trí mhuileann an ama san idirlinn! Ach, le filleadh ar na cuimhní úd, bhuel, is maith is cuimhin liom an gasúr beoga, bríomhar, beo-shúileach, sin a bheith ina shuí im rang, agus is cuimhin liom lá amháin, nuair a tháinig mé isteach doras an tseomra sin, go raibh cás, measardha mór, fágtha taobh istigh de dhoras ár Halla Réamhdhéanta.

‘Cé leis an cás seo?’ arsa mise

‘Is liomsa é,’ arsa’n gasúr beo-shúileach.

‘Agus céard tá ann?’ arsa mé fhéin, agus a fhios agam go raibh mé ceaptha i ngaiste an ghasúir bheo-shúiligh.

‘Them’s me legs, Sir,’ ar seisean, agus cineál straoise air, agus ar a chomhdhaltaí chomh maith, nó thuig siad go raibh mé sáinnithe ag mo Rónán, agus go mbeadh orm ansin tamall a chaitheamh ag éisteacht le scéal na gcos bréige breise úd, a bhí stóráilte aige sa chás céanna sin. Caithfidh mé admháil anseo, nárbh é sin an chéad uair ag mo dhaltaí gaiste dá leithéid a fheistiú dom, agus caithfidh mé a admháil freisin, gur mhinic a lig mé dóibh breith orm ina ngaistí neamhurchóideacha! Sin anois agat an chéad chuimhne a ritheann liom nuair a smaoiním ar Ronan Tynan, nó ba ghasúr deas, cineálta, lách, cuideachtúil é, an Ronan céanna sin, chomh fada is a bhain sé liomsa, ar aon nós”

“Ach b’fhéidir gur mhaith leat rud eicínt a rá linn faoi leabhar Rónáin, ó tharla gur air a tharraing tú an scéal.”

“Bhuel, caithfidh mé a rá leat i dtosach, go léifinn fhéin an leabhar seo, ó chlúdach go clúdach, cuma cé acu olc, maith, nó measardha é, ach m’fhocal daoibh, gurbh fhiú go maith an tairbhe an trioblóid, nó sár-leabhar, amach is amuigh, atá curtha le chéile anseo ag an údar neamhghnách seo. Sa ndírbheathaisnéis seo, cuireann an t-údar síos ar na deacrachtaí uilig a sháraigh sé, agus na buanna a bhain sé i ngach ar thug sé faoi a dhéanamh.

Ba leath-chúpla é Ronan, bíodh nár mhair a dheartháir an bhliain fhéin sul ar cailleadh é. Ach bhí ceataí eile sa scéal freisin, nó tugadh faoi deara, go raibh mínormáltacht ag baint le cosa Rónáin, rud a d’fhágfadh, dár leis na saineolaithe, nach mbeadh siúl nó rith aige, faoi mar a bheadh ag an ngnáthghasúr, ach ba é adúirt séiplíneach san ospidéal, agus é ag iarraidh sólás a thabhairt don mháthair, i ndiaidh na beirthe, i mBealtaine na bliana ud 1960…

“That little fellow will make you very proud, and do you know, with lungs like those he will surely sing.”

Agus seo mar a deir Ronan é fhéin, faoin ráiteas sin, ina dhírbheathaisnéis….

“Little did either realise how that prophecy would be borne out”

Níl dabht ar domhan ach gurbh é a mhuintir fhéin a bhroslaigh agus a mhisnigh an gasúr óg seo. Agus ba ghearr gur tuigeadh do chuile dhuine thart air, nach sásódh tada é ach go n-éireodh leis a chonstaicí uilig a shárú. Níl le déanamh agat ach an leabhar seo a léamh, le fáil amach, nár mhaíomh gan údar a bhí ar siúl aige.

Ba é an gad ba ghiorra don scornach a theastaigh uaidh a scaoileadh i dtosaach, agus dá bharr sin, rinne sé chuile iarracht ar a dheacrachtaí fisiciúla uilig a shárú, agus tá’s ag an lá fhéin nár shaothar in aisce a bhí ina chuid iarrachtaí sa chuspóir chéanna sin. Cuireadh scolaíocht air faoi mar a cuireadh ar chuile dhuine eile. Cuireadh go Coláiste De La Salle é, ina scoláire cónaithe, go leibhéal na Meánteistiméireachta, agus ansin in aois a chúig bliana déag, tháinig sé isteach chugainne i gColáiste Chiaráin. Ach tá chuile chosúlacht ar an scéal, go raibh ábhair eile, ar nós a spéis sna capaill, ag teacht idir é fhéin agus a chuid staidéir, agus ba é críoch a bhí ar an scéal nó go ndeachaigh sé thar nais go Coláiste De La Salle, le cúrsa na hArdteistiméireachta a chríochnu ansin.

Ba é an chéad rud eile a chuir sé roimhe nó cáilíocht a bhaint amach dó fhéin. Thug sé an Ardchathair, agus an Ollscoil, air fhéin, agus súil aige céim a bhaint amach san Eolaíocht. Bhí go maith, ach i rith na bliana sin, ar chomhairle a lianna agus a dhochtúirí, deineadh a chosa a theascadh, faoina ghlúna, agus tar éis dó tamall fada a chaitheamh ag teacht chuige fhéin arís, chuaigh sé ar ais arís chun na hOllscoile, agus d’éirigh leis sna scrúduithe dheireadh-bliana.

An chéad bhliain eile, d’athraigh sé cúrsa, agus chuaigh sé ar scoláireacht, go dtí “The National College of Physical Education” ar bhruacha na Sionna, i ngar do chathair Luimní. Luigh sé isteach ar na cúrsaí a bhí le déanamh aige sa Choláiste sin, agus bíodh go bhfuil le tuiscint uaidh, nár thaitin an Coláiste, go huile is go hiomlán, leis, ag an am gcéanna, lean sé air go dtí gur éirigh leis a dhintiúirí a bhaint amach ansin. Ba mhór an chabhair dó i ndáiríre, na cúrsaí céanna sin, nó chabhraigh siad leis spórt, agus aclaíocht de chuile shaghas, a chleachtadh le linn dó bheith ansin i Thomond College.

In áit dul i mbun a cheirde mar mhúinteoir sna hábhair a d’fhoghlaim sé, is amhlaidh a thug sé an Ollscoil air fhéin arís, le Céim Leighis a bhaint amach, rud a rinne, agus tar éis dó tamall a chaitheamh ag obair in Ospidéal na Mí, tuigeadh dó go raibh gort eile ag glaoch air, gort a bhí ag glaoch air leis na blianta fada, ach glaoch nach ndeachaigh i gcionn i gceart air, go dtí anois.

“Cén gort atá i gceist agat ansin?”

Gort an cheoil. Cad eile? Bhí fonn ceoil air ó thús, agus ba mhinic é fhéin agus a Dhaid ag canadh, amuigh i dteach na mbó, fiú. Chuir sé isteach ar chomórtaisí áirithe, agus d’éirigh leis an chraobh a sciobadh i roinnt mhaith acu, sa tslí gur ghearr go raibh ainm in airde air, mar chantóir idirnáisiúnta. Mhol na Dochtúirí Comhairleacha, a raibh aithne acu air, a aghaidh a thabhairt ar an ngort nua sin. Ní toisc nach raibh cumas dochtúireachta ann, nó bhí, ach toisc go raibh cumas iontach amhránaíochta ann, agus go raibh bua an cheoil de dhlúth agus d’inneach ann, agus mura n’éireodh leis sa bhfiontar sin, go bhféadfadh sé filleadh ar an ndochtúireacht, amach anseo.

Ghlac Ronan lena gcomhairle, agus le cabhair airgeadais uathu, agus óna gcairde, chuaigh i mbun oibre arís, le máistreacht a fháil ar amhránaíocht, agus ní gá dhom dul níos fuide leis an scéal, nó mar adeir lucht iriseoireachta….The rest is History…..

Faoin am seo, tá Ronan thart ar cheithre bliana is dhá scór agus is dócha go bhféadfá a rá, go bhfuil sé anois ar dhuine de na daoine míchumasacha is cáiliúla ar domhan, nó tá léirithe aige, go bhfuil ar chumas an daonnaí, constaicí nádúrtha dá leithéid a shárú, agus ní hé sin amháin é, ach go bhfuil ar a chumas dul i gcomórtas leis an saol mór amuigh. Agus mar bhuille scoir, ní doigh liom gur chóir dom críoch a chur leis an bpíosa seo, gan tagairt a dhéanamh dá Chreideamh, nó is rud a shoilsíonn tríd a scéal ar fad, ó thús deireadh. Tugann muid faoi deara, gur mhinic a thug sé aghaidh ar an bhFear thuas, tráth raibh sé i gcruachás, agus chomh maith le sin, gur fhill se air le buiochas a ghabhail leis i ndiaidh do an chraobh a bhaint. Is docha nach ga dom tagairt a dheanamh anseo don ocht mbonn oir deag a bhuaigh se sna Paralimpeacha, no don cheithre Chraobh Domhanda deag a ghnothaigh se sna Cluichi ceanna sin. no ni ga ach oiread tagairt a dheanamh do na Coirn no do na Comortaisi a bhuaigh se lena chuid amhranaiochta o cheann ceann an domhain. Sea, mh’anam, ta Ronan molta agus mise i mo thost.

An-leabhar, an-leamh, e corraitheach, comharsanuil, cuideachtuil, carthannach. B’fhiu go maith do dhuine ar bith e a leamh.

     .

.

.

Saicéadach agus Luaithreach

Staring at Lakes

I mBéal an Phobail

Staring at Lakes.... by....Michael Harding

.

(This week we consider Michael Harding’s ‘Memoir of love, melancholy and Magical thinking’)

An tÚdar seo

Michael Harding a scríobh an leabhar seo faoi chúrsaí a shaoil fhéin agus faoi na deacrachtaí a bhí le sárú aige, le linn dó bheith ag taisteal fan bhealach seo na beatha daonna. Rugadh Micheal sa bhliain 1953, rud a fhágann go bhfuil na trí scóir sáraithe go maith aige faoin am seo. Bhí suim aige sa scríbhneoireacht le fada, ach nuair a bhuaigh sé duais san Irish Press, sa bhliain 1980, spreag sin go mór chun pinn é. Chaith sé seal in Annaghmakerrig freisin, ag iarraidh a scileanna scríbhneoireachta a fheabhsú. Is údar aitheanta, iriseoir, agus drámadóir é, a bhfuil cónaí air san Iarmhí agus clú saothraithe aige lena shaothar thar na blianta fada. Ball dAosdána é, a bhfuil trí húrscéal, mám drámaí, agus brosna d’altanna iriseoireachta, curtha ar fáil aige. Rinne sé staidéar i gColáiste na hOllscoile, Má Nuat, agus tar éis dó Céim a bhaint amach chuaigh sé le múinteoireacht tamall, ach, ar ball, d’fhill sé ar an gColáiste céanna sin mar ábhar sagairt, agus oirníodh é sa bhliain 1980. Ní ró-shásta a bhí sé áfach, leis an saol sin, agus dár ndóigh bhí air bualadh le chuile ghné den bheatha daonna, ó bhreith go bás, agus chuaigh sé in achrann sna trioblóidí ó Thuaidh freisin, bíodh nár dá dheoin fhéin é. Sea, agus bhí bean dubh an ghleanna sa chúlra freisin, agus ar deireadh, thréig sé an tsagartacht sa bhliain 1985. Scríobh sé chuig a Easpag ag an am, ag míniú a cháis dó, mar seo….

Dear Bishop

‘Dear Bishop, I’m off. The clerical life makes no sense to me. Goodbye….         or words to that effect.

Chaith sé blianta fada ansin ag iarraidh ciall eicínt a bhaint as an saol, agus as a shaol fhéin ach go háirithe. Phós sé an bhean dubh, an dealbhóir, Cathy Carman, agus bhí iníon amhain acu, Sophia, agus bíodh go raibh siad i ngrá lena chéile, agus tar éis dó chuile shórt a chur san áireamh, ach ceist an ghlantóir gréithre goirithe. Theastaigh uaidh fhéin na soithigh a chur isteach go deas néata, ach ba é a theastaigh óna bhean nó iad aonadh isteach, scun scan, ar mhullach a chéile, agus bharr sin, shocraigh an t-údar scaradh lena bhean, tamall. Ar ámharaí an tsaoil, tharla gur theastaigh óna n-iníon dul ar chúrsa go dtí an Muileann Cearr, agus chuaigh an t-údar lei, áit ar thóg sé teach ar chíos, le deis a thabhairt do Sophia freastal ar Scoil Lae ansin, ach mar sin fhéin, thagadh a bhean chuige sna deirí seachtaine.

Chaith an t-údar seacht mbliana déag ina Bhúdaíoch agus é ar thóir na heagna, feadh an ama sin. Thaistil sé an saol mór, ar thóir na heagna céanna sin agus ar thóir na síochána inmheánaí, freisin, is dócha.

Bhris ar a shláinte

Chuaigh sé thar fóir lena iarrachtaí ar shíocháin agus eagna a bhaint amach, agus ba é toradh a bhí ar an obair sin go léir nó gur bhris ar a shláinte, agus gur fágadh ar an mblár folamh é go ceann i bhfad ina dhiaidh sin, agus é tinn, tuirseach dá shaol. Ní bhfuair sé sólás ar bith i gcreideamh nó i ndóchas, agus dá bharr sin, chuaigh sé le sruth, ar feadh tréimhse, agus dár leis, ní raibh sna cúrsaí sin uilig ach lomchlár na haimidí. Ach ansin, chomh luath is a thosaigh sé ag teacht chuige fhéin arís, mhothaigh sé, ina chroí istigh, go raibh a dhúil sna cúrsaí sin ag filleadh air arís, sa chaoi go raibh sé ag lasadh coinnle arís, agus ag líonadh babhlaí uisce freisin.l aon chinnteacht ar an saol seo, dár leis an údar, ach leath an ama, tá dóchas aige, agus an leath eile, imíonn an dóchas céanna sin le sruth uaidh arís. Is dócha go bhféadfá a rá, nár éirigh leis an gCríostaiocht ná leis an mBúdachas tart a anama a chlaoi. Ach sásaíonn ‘Machtnamh’ agus ‘Cónaí sa Nóiméad é, ach iad sin a chleachtadh go haireach, le ciall a bhaint as an meascán mearaí a chránn aigne agus anam an duine daonna.

Is suimiúil an scéal atá le hinsint ag an údar seo, ag Michael Harding. B’fhéidir gur mhaith leat tabhairt faoi?   

.

.

gaGaeilge