The Whistler..

The Whistler..

An Feadaire

TheWhistler……..….... le…………. John Grisham

Ceadchlo……………….2016……………….. 17.99

.

(This week we review another book by that master storyteller, John Grisham)

Grisham arís!

Seo Grisham chugainn le húrscéal eile, tar éis dó brosna úrscéalta a chur de cheana féin, agus geallaimse dhuit é nach den díogha é an ceann nua seo, ach oiread. Tar éis dúinn an t-úrscéal, ‘Rogue Lawyer’, a scaoil sé chugainn bliain ó shoin, a léamh, tuigeadh do roinnt mhaith daoine go raibh an tseandraíocht á chailliúint aige, ach tar éis dúinn an scéal nua seo, The Whistler, a léamh, cuireadh ina luí orainn nach bhfuil tada den tseandraíocht caillte aige, ach i ndáiríre, gur i bhfeabas atá a scileanna ag dul, nó is leabhar é seo, ‘The Whistler’, a chuireann an léitheoir faoi gheasa, ó thús deireadh. Tá cumas scéalaíochta ag Grisham ar dheachair é a shárú. Nach maith is cuimhin linn fós draíocht na scéalta a chuir sé ar fáil dúinn cheana, leabhair ar nós, The Runaway Jury, The Last Juror, The Litagators, Syamore Row, agus tuilleadh dá leithéid, leabhair nárbh éasca iad a leagan uainn, Bhail! sílim fhéin, go sciobann an t-úrscéal áirithe seo an chraobh uathu uilig, ar a scéalaíocht, ar a scleondar, ar a chorraítheacht.

An Scéal fhéin

Ach, le filleadh ar an scéal fhéin…..

Mar is gnách le Grisham, suíonn sé a scéal ar laigí a fheictear dó a bheith i gcóras dlí na Stát Aontaithe, agus tá mé cinnte, go bhfuil gar ar leith á dhéanamh aige don chóras céanna sin, trína thaighde, agus trína staidéar, ar na cúrsaí céanna sin. Sa scéal seo, dírionn sé tóirse a thaighde ar iompar breithiúnach na mbreithiúna i Stát ollmhór ‘Florida’. Agus le haird faoi leith a dhíriú ar an iompar céanna sin, tá Bord faoi leith acu, an Bord um Iompar Breithiúnach, nó, ‘The Board on Judicial Conduct’ faoi mar a thugtar air i mBéarla. Is baill den Bhord sin iad, Lacy Stoltz, agus Hugo Hatch, agus ní ró-fhada isteach sa scéal thú, nuair a chuirtear in iúl do na hoifigigh sin, go raibh gearán á dhéanamh ag saoránach áirithe, ag Greg Myers, -iarchoirpeach- i gcoinne Bhreithimh áirithe sa Stát sin, Florida. Anois, níorbh é Greg Myers fhéin, a bhí ag déanamh an ghearáin seo, nó mhínigh sé don bheirt oifigeach sin, go raibh sé ag feidhmiú thar cheann duine eile, duine nár ainmnigh sé, ach ar ‘whistle blower’ a raibh lánmuinín aige as, agus bhí sé sásta doiciméad a shíniú, ag dearbhú, go raibh an Breitheamh áirithe seo, an Breitheamh Claudia McDover, ag obair i gcomhar le drongaire aithnidiúil, Vonn Dubose, agus trí hIonad Cearrbhachais a bhunú ar Chaomhnú Indiach, bhí ag éirí leo beirt, ualach asail d’airgead a chur in áirithe dóibh fhéin, maraon le glac maith airgid a chur ar fáil don Treabh, -an ‘ Tappacola’, ar leo an ‘Caomhnú’ sin.

Ag fiosrú an scéil

Ní gá a rá, gur aontaigh an bheirt oifigeach sin an scéal a fhiosrú agus gheall siad go dtógfaidís cúis i gcoinne an Bhreithimh, dá mbeidís sásta go raibh substaint sa ghearán sin. Chuaigh an bheirt i gcionn oibre láithreach, agus thosaigh siad ag fiosrú an scéil agus ag pointe áirithe, tugadh cuireadh dóibh casadh le duine áirithe ag cúl an Chaomhnaithe, le faisnéis áirithe a chlos. Ghlacadar leis an gcuireadh sin, agus ar ball, fuair siad amach go mba ghaiste a bhí sa gcuireadh céanna sin, agus ba é toradh a bhí air nó nach raibh éinne ansin leis an scéal a phlé leo. Nuair a bhíodar ar a mbealach amach as an ngaiste sin, deineadh iad a ionsaí agus marodh Hugo san ionsaí sin, agus gortaíodh Lacy go dona. Tuigeadh dóibh láithreach go raibh idir bhreitheamh agus drongaire lom dáiríre ina gcath i gcoinne fórsaí an BJC (The Board of Judicial Conduct).

Diaidh ar ndiaidh, tháinig feabhas ar Lacy, agus ba ghearr go raibh sí ar a sainléim arís, agus í fhéin agus oifigeach nua, go géar sa tóir ar an mbreitheamh Claudia agus ar Vonn Dubose, a bhí ina cheannaire ar an mbuíon bithiúnach, agus diaidh ar ndiaidh freisin, d’éirigh leo fianaise a bhailiú, go dtí sa deireadh…….

Bhuel, b’fhéidir gur leor sin uaimse an babhta seo, nó níor mhaith liom an scéal a mhilleadh ortsa. Ar éirigh leo an buíon bithiúnach úd, agus Claudia, a shacadh isteach i bpríosún, nó ar éirigh leosan éaló as gaiste an BJC.

Bhuel! le fios fátha gach scéil a fháil, níl le déanamh agat ach an leabhar seo, le John Grisham, a fháil is a léamh! Tá mé cinnte nach mbeid a chathú ort má dhéanann……….  

.

The Whistler..

Thin Air

Thin Air..……by..……Michelle Paver

( Scéal é seo faoi bhuíon shibhteoir a thug faoi bharr shliabh Kangchunjunga a bhaint amach, sa bhliain 1935, ach buíon a raibh fórsaí an tsaoil mhóir ina gcoinne.)

Peadar Bairéad

Taibhseoireacht?

Tosaíonn an scéal seo i Darjeeling, i ‘West Bengal’, in Aibreán na bliana 1935, áit a bhfuil ár bpríomhcharactar agus ár scéalaí, An Dr. Steven Pearce, i gcomhrá le, Millicent, iníon Charles Tennant, sléibhteoir.

Ach i dtosach báire, cérbh í an t-údar, an Michelle Paver seo? Bhuel! fuair mé amach, go mba údar cáiliúil í a rugadh i Malawi, sa bhliain 1960. Ba Bheilgeach mná í a máthair, agus bhí a hathair i mbun an nuachtáin, ‘The Nyasaland Times’. Níor fhan sí i Malawi áfach, nó thug siad Sasana orthu fhéin nuair a bhí sí trí bliana d’aois. Chuaigh sí le Dlí, i dtosach baire, ach ar ball, chuaigh sí le Scríobhnóireacht, agus ba ghearr go raibh a hainm in airde mar údar cáiliúil. Ba dhraoi í i mbun scéalta don Aos Óg, ach ba ghearr gur éirigh lei dul i gcionn ar léitheoirí oilte, seanchleachta, an tsaoil mhóir freisin, agus anois, tá clú agus cáil bainte amach aici, i bhfad agus i ngearr, lena scil, go háirithe, i genre na Taibhseoireachta.

Buíon le Kangchenjunga a dhreapadh.

Ach le filleadh ar thús an scéil seo atá idir chamáin agam:- an Thin Airseo… Mar adúirt mé thuas, bhí an Dochtúir Steven Pearce i Darjeeling, áit a raibh socruithe aige buaileadh suas le sléibhteoirí eile, agus é de chuspóir acu Kangchenjunga a dhreapadh. Sin an tríú sliabh is airde ar domhan, agus lena chois sin, táid ann a cheapann, gurb é an ceann is deacra agus is contúirtí amuigh é. Níorbh iad an chéad bhuíon iad a thug faoi bharr an tsléibhe sin a bhaint amach, nó nár lean siad lorg an bhuíon sléibhteoirí úd a thug faoin éacht sin a dhéanamh, sa bhliain 1907, faoi cheannas Charles Lyell, buíon ar theip orthu binn Kangchenjunga a bhaint amach, agus leis an scéal sin a dhéanamh níos measa, cailleadar cúigear sléibhteoir sa iarracht sin. Suas go dtí an pointe sin, sa bhliain 1935, níor éirigh le dream ar bith sléibhteoirí barr an tslélibhe sin a bhaint amach. Bhí deartháir an Dochtúra Pearce sa bhuíon roghnaithe seo, agus Kits a bhí air. McLeellan, a bhí i gceannas na buíne, agus in éineacht leo sin, bhí beirt eile, Cotterell agus Garrard. Cúigear ar fad a bhí sa bhuíon.

Leis an ‘Heavy Lifting’ a dhéanamh.

Ní gá dhom a rá, go raibh buíon Cúlaithe (Coolies) mar chúltaca ag an mbuíon Sahib sin, le freastal orthu agus leis an ‘heavy lifting’ a dhéanamh dóibh.

Tar éis chuile ullmhúchán a dhéanamh, agus tar éis dóibh iad fhéin a ghléasadh mar ba chóir, bhuaileadar bóthar, bhuel! b’fhéidir gur chóra a rá gur thug siad aghaidh ar Kangchenjunga, agus é d’aidhm acu a mhullach a bhaint amach, rud a theip ar Charles Lyell a dhéanamh, ocht mbliana is fiche roimhe sin. Bhí go maith is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht na scéalta fadó. Le cabhair ó na dúchasaigh sciliúla, bhí ag éirí go maith leo, ar feadh tréimhse, ach diaidh ar ndiaidh, bhí fórsaí eile, seachas an aimsir, ag iarraidh laincís a chur ar an n-iarrachtaí. Cuir leis na fórsaí sin, bhí ag neadú in intinn an Dochtúra Pearce, ach go hairithe, agus in aigne na ndúchasach freisin, bhí rsa, a thug le tuiscint dóibh, go raibh taibhsí bhuíon Lyell in éad leo, agus iad ag iarraidh, b’fhéidir, buairín an amhrais a cheangal dá gcosa. Tá cuma ar an scéal gur luigh na fórsaí seo, go háirithe, ar aigne an Dochtúra Pearce, nó b’fhéidir go bhfeictear sin dúinn, toisc gurbh é an Dochtúir atá i mbun an scéil. Ach, ba é deireadh na mbeart é, nó gur cailleadh Kits, a dheartháir, agus gur éirigh an bhuíon ar fad as a dturas chun na binne. B’éigean dóibh géilleadh do na fórsaí a bhí ina gcoinne, an aimsir, an sioc, an sneachta, caoile an aeir, (an ‘Thin Air’) ach, thar aon rud eile, a bhfaitíos roimh chumhacht an tsaoil dofheicthe.

Scéal atá inchreidte, Ach…..

Scéal é seo a imríonn a dhraoícht fhéin ar an léitheoir, agus mo chuidse de, ba dheacair dom an leabhar seo a chur uaim, go dtí go raibh an deoir deiridh den scéal diúgtha agam. Ach, i ndeireadh na dála, nár dheacair a chreidiúint, nach raibh ann, i ndáiríre, ach cumadóireacht!

B’fhéidir gur mhaith leat fhéin tabhairt faoi? Tá mé ag ceapadh nach mbeidh a chathú ort.    

  

.

.

The Whistler..

Those Wild Bells Again

Hi! Natasha,

Here is the revised version of my New Year’s piece. It is now suitable for publication in the next edition of the Kilkenny People (18th January 2006)……..

Sincerely

Peter.

.

cumhach, nostalgic; umar, trough; Ave atque Vale, hail and farewell; ag síothlú, dying; sciolladóireacht, scolding,; caismirtí, conflicts; faoi anáil Dé, by Divine inspiration; Réalta Eolais, guiding star; Tír Tairngire, the Promised Land

.

Na Cloig Bhuile Arís !

Peadar Bairéad

Annual Lament

.

Tá tráth na gclog buile úd tagtha agus imithe uainn arís.

Cad iad na cloig atá i gceist agam anseo, an ea?

Na cloig a bhuailtear le bás bliana amháin a chaoineadh, agus le breith bliana úire a chomóradh, agus ní gá dhom a chur i gcuimhne dom léitheoirí go mbainimse úsáid, bliain i ndiaidh bliana, as línte oiriúnacha as an gcaoineadh breá cumhach, úd, a chum Alfred Lord Tennyson, i gcuimhne a charad, Arthur Hallum, sa bhliain 1841, le bás bliana a chaoineadh, mar sa dán sin, tharla go bhfuil ceathrúna breátha, ag fágáil slán leis na mbliain a bhí ag sleamhnú isteach in umar na staire, agus ag an am gcéanna, ag failtiú roimh an bhliain úr, agus roimh an saol sona séimh a chuirfeadh an bhliain úr chéanna sin ar fáil don chine daonna. Agus ó tharla go mbeadh sé deacair véarsaí an dain chéanna sin a shárú le “Ave atque Vale” a chur in iúl, ar an ócáid chumhach seo, shocraigh mé, mar sin, ar úsáid a bhaint as na véarsaí céanna sin, uair amháin eile, leis na ngnó sin a dhéanamh dom.

Atmosphere

Mar sin, breathnaigh mar a chruthaíonn Tennyson atmosféar oiriúnach don ócáid, le bualadh na gclog buile céanna sin……..

“Ring out wild bells to the wild sky,

The flying cloud, the frosty lights;

The year is dying in the night,

Ring out, wild bells, and let him die.”

Sea, clingigí libh a chloig chaointe, nó tá an bliain ag síothlú i lár na hoíche seo, clingigí libh, agus lig di bás d’fháil. Sin í an teachtaireacht a sheolann an file chugainn, síos thar áirsí na mblianta.

B’fhéidir nárbh í an bhliain ba mheasa fós í, an bhliain sin a d’imigh uainn, ach ag an am gcéanna, d’fhéadfadh an bhliain úr a bheith i bhfad níos fearr fós. Níl dabht ar domhan, ach gur tharla roinnt mhaith rudaí i rith na bliana sin 2005, arbh fhearr an saol dá n-uireasa, rudai ar nós an chrith talún úd a tharla i gcríocha na na Caismíre Pacastánaí. Sea, agus níorbh fhearrde an saol cuairt na Spéirlinge úd, Catrina, ar dhúiche New Orleans, ach oiread, nó buamáil Londain. Ní gá dhom tagairt a dhéanamh do na tuilte, don ngorta, do na creathanna talún, do na chogaí, do na hionsaithe gnéis, do na drugaí, don mhugáil, don bhforéigean, ná do na hoilc eile uilig, a chráigh an cine daonna i rith na bliana atá anois seolta isteach i muileann an ama, bliain sin ár dTiarna, dhá mhíle is a cúig.

The Tailor’s farewell !

Agus ó tharla go bhfuil an bhliain chéanna sin síothlaithe anois, is féidir linn sciolladóireacht a dhéanamh uirthi, agus ná cuireadh nath úd na Rómhánach “De Mortuis Nil Nisi Bonum”, ná cuireadh sin bac ar bith orainn ár rogha rud a rá fúithi, sea, agus is féidir linn beannacht an táilliúra lena shnáthaid bhriste a chur lei.

Ring out the want, the care, the sin,

The faithless coldness of the times;

Ring out, ring out my mournful rhymes,

But ring the fuller minstrel in.

Bíodh sin mar atá, ach is dócha go bhfuil a liosta fhéin ag chuile dhuine againn de na buanna, agus de na buntáistí, a bhaineamar fhéin as an mbliain atá anois imithe uainn, nó nach mbíonn dhá thaobh ar chuile scéal. Nach féidir linn uilig smaoineamh ar na caismirtí a socraíodh, ar na fadhbanna a scaoileadh, ar an ocras a sásaíodh, ar an tart a múchadh, ar an bhfaoiseamh a tugadh, agus ar na coireanna a maitheadh le linn 2005.

The Thousand Years Of Peace

Ach sin uilig ráite, nach bhfuil chuile dhuine againn ag guí Dé, go mbeidh an bhliain ur seo 2006, i bhfad Éireann níos fearr fós dúinn, ná an fear atá ag éalithe uainn.

Ring out old shapes of foul disease,

Ring out the narrowing lust of gold,

Ring out the thousand wars of old,

Ring in the thousand years of peace.

Sea, nach bhfuil chuile dhaonnaí, geall leis, ar thóir na síochána? Agus nach cuimhin linn uilig fís álainn, chorraitheach, Ísáia fáidh, agus nárbh é a chan go fileata faoi laethe úd na síochána a bhí le teacht. Caithfidh gur mhair sé fhéin i ré a bhí corraithe go leor, ach faoi anáil Dé, d’éirigh leis féidireacht eile a leagan os ár gcomhair, mar chine, ré nuair a chuirfí deireadh go deo le troid, agus le cogaiocht; le hár agus le heasaontas; sea agus le trioblóid agus le foréigean. Ní bheadh cogaí, nó fiú a ráflaí ann a thuilleadh, dhéanfaí dearmad de scileanna cogaíochta, agus ní dhéanfaí airm a dhearadh, nó a dhéanamh, i measc daoine feasta…

“Agus buailfidh siad a gclaimhte amach ina soic chéachta,

Agus a sleánna ina gcorráin,

Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile feasta,

Ná ní chleadhtóidís cogadh arís go brách .”

Nach álainn go deo an fhís í sin, a scalann anuas chugainn trí dhorchadas oíche na staire daonna? Sin é mian chroí an duine daonna, agus an tráth seo bliana, guímid arís an tseanghuí, guí úd na nAingeal…

“Glóir do Dhia sna hArda, agus ar talamh, síocháin do lucht a pháirte”.

Utopia not here yet

Ach níl an ré sin buailte linn fós. Níl deireadh fós le cogaí, nó le ráflaí cogaidh, nó níl an ruaig curtha againn ar an ngorta, nó ar na plánna uilig a chéasann, agus a chránn an cine s’againne, ach má sea fhéin, tá an Réalta Eolais úd ar an spéir, le sinn a threorú, agus a bhrostú, i dtreo Fhís Ísiáia fáidh. Sin an ród atá rómhainn, sin an bóthar atá le bualadh againn sa bhliain seo 2006, agus nach é sin an bóthar a thabharfaidh go Tír Táirngire sinn?

Agus muid anois ag seoladh linn isteach sa bhliain úr sin, níl le déanamh agamsa ach athbhliain faoi bhláth, is faoi mhaise, a ghuí oraibh uilig, agus gura seacht fearr a bheas muid uilig bliain ó anocht.

Ring our the old, ring in the new,

Ring happy bells across the snow,

The year is going, let him go;

Ring out the false, ring in the true.

Go mbeirimid beo ar an am seo arís.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

The Whistler..

Timire an Chroi Naofa.

I m B é a l a n P h o b a i l .

.

Peadar Bairéad

(This week I mBeal an Phobail recalls memories of a magazine that has survived the tides of time.)

An Timire

“Nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac.” B’in an smaoineamh a rith liom, an lá cheana, nuair a tháinig “An Timire”, de thuairt, isteach trí pholl na litreach, i ndoras tosaigh an tí s’againne. Anois, mar is eol duit, is ionann “Timire” agus “Messenger”, agus ar an ábhar sin, ba ar an tseanMhessenger a thosaigh mé fhéin ag smaoineamh, tráth raibh mé ag breathnú ar an leabhrán breá, néata,   nua sin, a tháinig ar chuairt chugam.

Cén Messenger atá i gceist agam, an ea?

Iris bheag a chuireadh, agus a chuireann, na hÍosánaigh i gcló. Cúrsaí creidimh a bhíodh, agus a bhíonn, idir chamáin acu san Iris sin. Tá fáil ar an Iris chéanna sin fós sa lá atá inniu fhéin ann.

The Messenger…..

Cén chaoi ar chuir mé fhéin aithne ar an Iris sin, a chéaduair, an ea?

Bhuel, dháiltí chuile eagrán de, ar Chaitlicigh, i ndiaidh an Aifrinn, im’ pharáiste thiar, an tráth úd, mar léitheoireacht spioradálta, agus b’earra é sin, a bhí sách gann, ag an am sin, agus mar sin, ba mhór an fháilte a chuirtí roimpi mar léitheoireacht Domhnaigh, sular tháinig na Nuachtáin Domhnaigh ar an bhfód thiar, le sinn a mhearú is a bhodhrú, agus le béadán a leathadh, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh.

Bhuel, ar ball, is dóigh gur tuigeadh do na hÍosánaigh go mba mhaith an smaoineamh é “Messenger” i nGaeilge, a chur ar fáil do na pobail le Gaeilge agus b’in é díreach a dhein siad, sa chaoi gurbh é an leagan Gaeilge sin, “An Timire”, a thagann ar chuairt chugamsa, ceann in aghaidh na ráithe, agus geallaimse dhuit é, go mbíonn fáilte agam fhéin roimhe, chuile bhabhta. Agus faoi mar a tharlaíonn, chuile bhabhta, bíonn saibhreas thar na bearta taobh istigh de chlúdaigh na hIrise smaointí seo

Eagrán an Fhómhair seo

In eagrán seo an Fhómhair, 2012, tá a lán altanna spreagúla le léamh, freisin. Molann an t-eagarthóir, Frainc Mac Brádaigh SJ dúinn, san eagarfhocal, Tinteáin a bhunú do lucht na Gaeilge, le go bhféadfaidís teacht le chéile in atmosféar Críostúil, cairdiúil, carthannach, le go bhféadfadh Críostaithe teacht thart air, agus le go bhféadfaidís freisin, scéal a mbeatha a insint, gan náire, gan chúthaileacht. Tuigtear dó, gurb ‘in croílár na Críostaíochta, é a bheith ar ár gcumas teacht le chéile mar Phobal Dé, i gcreideamh, i gcairdeas, agus i ngrá. D’fhéadfadh duine tamall maith a chaitheamh ag déanamh a mharana faoin dearcadh céanna sin.

Tá alt ann freisin leis an tSiúr Eilís Ní Thiarnaigh, faoi Aifreann i nGaeilge a ceiliúradh mar chuid de cheiliúradh an Chaogadú Comhdháil Eochairiseach. Aifreann a cheiliúir an tEaspag Breandán Ó Ceallaigh, Easpag Achadh Chonaire, agus ba iad an Cairdinéal Seán Mac Brádaigh, an Cairdinéal Keith O’Brien, agus an tAthair Pádraig Ó Cochláin, a chomhcheiliúraithe sa cheiliúr sin.

Alt suimiúil, spreagúil, eile, isea an píosa leis an Athair Oilibhéar Ó Croiligh faoi Chrosa Móra na hÉireann, alt ina ndéanann sé trácht ar scil agus ealaíon na ndealbhóirí a rinne na dealbha stairiúla sin a ghreanadh, i bpainéil ornáideacha, fan stoic agus géag na gcros mór sin. Nárbh iad na dealbhóirí céanna sin a thuig a gceird go hálainn, agus lena chois sin, nárbh iontach an cumas a bhí iontu a dtuiscint ar a gcreideamh a ghreanadh ar chloch.

Más duine thú ar spéis leis síolta a chreidimh a bheathú, agus píosa breá Gaeilge a léamh ag an am gcéanna, b’fhéidir nárbh olc an tseift í, greim a fháil ar Thimire’ an Fhómhair 2012. Tá mé ag ceapadh go mbainfidh tú idir thaitneamh agus thairbhe as.  

The Whistler..

Timire an Chroí Ró

Timire an Chroí Ró-naofa

Peadar Bairéad

An Foilseachán Gaeilge is sine ar domhan?

Le tús a chur leis an bpíosa seo, ba chóir a admháil i dtosach báire nach aon sicín lae é an Iris Chaitliceach seo, an Timire, nó cuireadh i gcló é, a chéaduair, sa bhliain 1911, breis mhaith is céad bliain ó shoin anois, agus ó tharla go bhfuiltear ag ceiliúradh chuimhne céad Éirí Amach na Cásca, sa bhliain seo 1916, tugann muid faoi deara, go raibh an Timire á fhoilsiú le roinnt blianta roimh an am sin. Ní call dom a rá, gur chosúil gur shíolraigh an Iris seo ón Iris Chaitliceach eile sin, The Sacred Heart Messenger, nó ‘The Messenger’ faoi mar a thugtar uirthi, de ghnáth, nó nach é Timire an Ghaeilge ar Messenger? agus nach iad na hÍosánaigh atá i mbun an dá Iris cháiliúil sin? Tabhair faoi deara, gur foilsíodh an Messenger’ a chéaduair, in Eanair na bliana 1888, rud a fhágann nach aon bhunóc bliana a thuilleadh ise, ach oiread. Thart ar 9,000 léitheoir a bhí ag an Messenger’ ar dtús, agus faoi láthair, maítear go bhfuil thart ar 70,000 léitheoir aici, rud a fhágann gur bheag iris, idir Bhéarla nó Ghaeilge, a sháraíonn an díol sin!

‘The Messenger’.

Ar an Messenger’ a chuir mé fhéin aithne i dtosach, nó bhíodh an Iris bheag sin á díol sa Séipéal s’againne, chuile mhí, agus bhíodh an-ghlaoch uirthi, ag an am, agus ní call dom a rá, go gceannaíodh mo Mham cóip di, chuile bhabhta. B’in mar a chuir mé fhéin aithne ar an Iris sin, tráth nach raibh teacht againne, gasúir, ar aon rud i bhfoirm greannáin, nó Irisí, dírithe ar an óige, faoi mar atá coitianta sa lá atá inniu ann. Ar ball, nuair a chuir mé aithne ar an Timire, an Iris nua Chaitliceach i nGaeilge, ní call dom a rá, gur chuir mé dhá shuim ann, ó thús. ‘Sí an ceann a bhí os mo chomhair, agus an píosa seo á scríobh agam, ná Eagrán an Gheimhridh, 2015, agus ní call dom a rá, go raibh mé tar éis a leite, faoin am sin. Tá eagarfocal spéisiúil ón eagarthóir fhéin, an tAth. Frainc Mac Brádaigh, S.J. ann, Tá píosa breá ag Marie Whelton,An doras ar oscailt’, a bhaist sí air, agus í ag cur síos ar an mBliain Iúbhaile Neamhchoitianta, ón 8ú Nollaig 2015, go dtí an 20u Samhain, 2016, a d’fhógair an Pápa Proinsias don saol mór, le déanaí, ina gcuireann sí síos ar Dhoirse na Trócaire, a osclófar saimh don bhliain speisialta seo, agus an turas seo, iarann an Pápa fhéin ar chuile easpag, doras faoi leith, doras na Trócaire, a oscailt ina Ard-eaglais fhéin. Seo mar a chuireann Marie fhéin é

“Beidh an doras oscailte ina chomhartha ar an gcuireadh, saor inaisce, a thugann Dia do gach duine dul thar an tairseach isteach chun blaiseadh dá thrócaire, agus dá réir, d’iomláine na beatha.”

Cuireadh

an cuireadh, saor in aisce, ansin dúinn, agus gan le déanamh againne ach siúl isteach, le Trócaire Dé a bhlaiseadh, ach beifear ag súil go ndéanfaidh an té a théann isteach ar an doras sin, go ndéanfaidh sé iarracht faoi leith ar bheatha Críostaí a chaitheamh feasta.

Alt eile inar chuir mé fhéin suim ba ea “Cuimhní Cinn ar Mhaigh Nuad ’66 leis an scríbhneoir cáiliúil sin, Pádraig Standún, ina gcuireann sé síos ar eachtraí na bliana 1966, nuair a deineadh an caogadú bliain ó Éirí Amach na Cásca 1916 a chomóradh. ach ar chuid de na cuimhní a fhanann fós ag Pádraig….

“Bhí Éamon de Valera ina Uachtarán, Seán Lemass ina Thaoiseach, Pius XII ina Phápa, na Beatles in ard a réime, foireann trí sa ró na Gaillimhe le bheith buacach arís…..”

Scór bliain d’aois a bhí Pádraig ag an am, agus é ag staidéar le bheith ina shagart i Má Nuad. “Sheasfainn sa sneachta ag éisteacht le Tomás Ó Fiaich….an léachtoir is fearr a chuala mé ariamh….”. An-alt, cosúil leis na hailt eile san eagrán Geimhridh sin.

Súil agam go mbainfidh tú an-taitneamh as.

gaGaeilge