le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
.
.
A n R ó d S e o R o m h a i n n …… 2003 .
*************************
(Scríobhadh an píosa seo, Oíche Chinn Bliana 2002)
.
***************************
.
Beannachtaí na hAthbhliana.
.
Tá an bhliain náid a dó anois sínte,
Go tréithlag faoi chiach is faoi chrá,
Is gan súil go dtiocfaidh sí slán
Ó ghalair an ama is an bháis,
Is táimse ag fanacht le fonn
Ar uair an mheánoíche, gan chiach,
Nuair a dhiúgfaidh mé gloine go bun,
Ag fáiltiu roimh bhliain náid a trí.
.
Tá cos i bpoll curtha againn leis an tseanbhliain, le 2002, agus tríd is tríd, bhí daoine den tuairim, nár den togha í mar bhliain. I dtír seo na hÉireann, thosaigh cúrsaí ag dul le sruth orainn. Anuas go dtí an pointe sin, bhí chuile shórt mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith. Bhí an Tíogar bocht Ceilteach ag tál, gan stad, gan sos, gan staonadh, orainn, agus bhí ag éirí thar cionn leis an gComhrialtas a bhí i gcumhacht againn. Ó, sea, agus tuigeadh dúinn freisin, go raibh ag éirí leis an Eaglais Chaitliceach tosú arís, tar éis a raibh d’anró, agus de chéasadh, fulaingthe aice, trí mhí-iompar roinnt áirithe dá ministrí. Bhíomar ag ceapadh, go mb’fhéidir go suaimhneodh cúrsaí tuilleadh, agus go mbeadh ar ár gcumas, creideamh, trust, agus muinín, a atógáil inár measc arís, go réidh, mall, cúramach. Ní mar sin a tharla áfach, nó in áit a bheith réidh leis na cúrsaí sin, is amhlaidh a ligeadh tuilleadh cat as an mála, sa chaoi go mbeidh tamall eile fós le caitheamh againn ag taisteal sa díthreabh, sul má éiríonn linn Tír Tairngire a bhaint amach arís. Ach nach ‘in an saol agat, a mhiceo?
Ní raibh muid gan ár scéalta móra spóirt i rith na bliana, 2002, áfach. D’éirigh thar cionn lenár ngalfairí ar ardán an domhain, go háirithe, Ó hArrachtáin, an fear a fuair an lámh in uachtar ar churadh an domhain fhéin, Tiger Woods, agus ar éirigh leis an milliún a bhuachan thall i Meiriceá, díreach an méid a bhuaigh an Tíogar fhéin anseo, i Mount Juliet s’againne, i rith na bliana céanna sin, 2002. Ní call dom a rá anseo, ach oiread, go raibh an-bhliain go deo ag iománaithe Chill Chainnigh, nó níl sé éasca, nó fuirist, na laethe seo, Craobh na hÉireann a bhuachan sa chluiche chéanna sin! Ach ba iad lucht sacair a sciob na ceannlínte spóirt chucu fhéin, i rith na bliana seo caite. Nach orainn uilig a bhí an bród, agus an t-áthas, nuair a d’éirigh le foireann na hÉireann sa Sacar, fáil isteach i gComórtas Chorn an Domhain, agus níorbh é sin amháin é, ach nach rabhthas ag súil go ndéanfadh siad ainm dóibh fhéin sa Chomórtas gradamach céanna sin. Bhí foireann mhaith acu, agus nach raibh ceann de na himreoirí ab fhearr ar domhan againn i Roy Keane, Nach raibh an seans ansin, go bhféadfaidís an beart a dhéanamh amuigh ansin sa tSeapáin agus sa Chóiré. Bhí go maith is ní raibh go holc! Chuaigh siad amach ansin, tamall roimh ré, sa chaoi go dtiocfadh siad isteach ar aimsir na dtíortha sin, nó bhí sé te go maith iontu, an tráth sin bliana. Bhuel, bhí chuile shórt ag dul go breá, agus ansin, go tobann, d’éirigh idir an mBainisteoir, An Cárrthach, agus an Cathánach. Ba ghearr go raibh craiceann agus cleití á gcur san aer, agus ba é deireadh na mbeart é, nó gur thug an Bainisteoir bata agus bóthar do Roy s’againne, agus b’in sin. Ná síl anois nár dhein ár n-imreoirí a míle dhícheall, ina dhiaidh sin, nó dhein, agus chruthaigh siad go hiontach maith, nuair a chuireann tú chuile shórt san áireamh, ach ar deireadh thiar thall, níor éirigh leo an Corn gradamach Domhanda sin a tharlú leo abhaile go hÉirinn. Ach sin scéal eile ar fad, do leabhar mór toirtiúil eile! agus tá mé cinnte, go mbeidh tuilleadh le léamh agat sna nuachtáin náisiúnta faoi, go ceann i bhfad fós! Chruthaigh Sonia O Sullivan go maith freisin, agus choinnigh sí ainm na hÉireann, agus a hainm fhéin, i mbéal an phobail, i rith na bliana sin, 2002, freisin.
Bhí daoine ann freisin, a cheap go raibh muid gar do bheith réidh le scéalta uafáis na mBinsí Fiosraithe. Ansin, tháinig an bhliain 2002, agus ba ghearr gur tuigeadh dúinn, go raibh breall orainn, mar díreach nuair a tuigeadh dúinn go raibh tóin pholl tí liabáin sroichte againn, i gcúrsaí scannal agus eile, léiríodh dúinn, nach raibh muid i ngar fiú, don ghrinneall fós. Léiríodh sna Binsí Fiosraithe, go raibh tuilleadh líomhaintí á ndéanamh in aghaidh ár lucht polaitíochta. Bhí daoine áirithe á rá freisin, go raibh ceisteanna le freagairt ag baill áirithe den Gharda Síochána. Le fírinne, tá an oireadh sin fiosraithe á ndéanamh, i láthair na huaire seo, agus tuilleadh geallta! go gceapfadh duine, nach mbeidh ar ár gcumas teacht ar an bhfírinne uilig choíche, agus go bhfuil pointe áirithe ag teacht, nuair a bheidh orainn, mar phobal, líne a tharraingt faoi na Binsí Fiosraithe, agus na leabhair uilig a dhúnadh, ionas go bhféadfaimis tosú arís, agus ár ndícheall a dhéanamh an babhta seo, na gaistí mímhorálta a bhain leagan as daoine go nuige seo, a sheachaint feasta. Nó mar adúradh sa taifeadadh úd, a deineadh ar ghuth an pháiste ÁthCliathach sin fadó, nuair a bhíomar uilig i bhfad Éireann níos saonta ná mar atá muid anois…nuair adúirt sí….
……Give up yer oul sins…
Bhí sin olc go leor, ach ar na mallaibh, leath an scéal ina loscadh sléibhe i measc daoine, go raibh comharthaí báis agus buanéaga ag teacht ar ár dTíogar bocht Ceilteach. Sea, mh’anam, agus go raibh a chaiscín meilte, an créatúr! Geallúintí toghchánaíochta a thacht an gadaí, adeirtear! Níl dabht ar domhan ach go mothóimid uainn an Tíogar bocht céanna sin, nó nárbh é a thál go fial flaithiúil ar ár muintir, le roinnt mhaith blianta anois. Nárbh é a d’fhág bunús thíortha an domhain in éad linne anseo i gCríoch Fodla, as an bhail bhreá sláintiúil a bhí ar eacnamaíocht ár dtíre. Ná caillimis dóchas áfach, nó pé rud a dheineamar san am atá thart, beidh ar ár gcumas é a dhéanamh arís, agus ina leitheid de chás, fillfidh an Tíogar fial sin orainn an athuair, má oibríonn muid chuige, mar phobal.
Agus cúrsaí aimsire de! Óra fuist! Nó a leithéid de bhliain ní raibh againn le fada anois. Nach cuimhin libh uilig an Samhradh nach raibh againn anuraidh? In áit an tSamhraidh chéanna sin, ba é a bhí againn nó báisteach agus stroirmeacha, ceo agus smúit. Sea, ba bheag fiach a raibh a theanga bheag amuigh aige leis an dteas, i rith an tsamhraidh seo caite, geallaimse dhuit é! Ó, admhaím go raibh Samhradh beag na nGéanna againn, i Mí Dheireadh Fómhair, agus cé go mba mhaith ann é, déarfadh duine, go raibh sé tuillte, agus tuillte go maith, againn! Agus céard faoi Mhí na Nollag fhéin? Nárbh é breith na saineolaithe é, gurbh í an mhí ba fhliche riamh í, agus ní beag ná suarach an focal é sin. Sea, chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí aimsire, tá mé ag ceapadh go mbeidh sé deacair fear nó bean a fháil a chaoinfeadh an bhliain 2002.
Ní gá dhom anseo dul siar ar na scéalta sin anois, nó nach cuimhin le chuile dhuine agaibh iad, agus fiú má bhí dearmad déanta agaibh ar na huafáis sin uilig, nár dhein na Meáin Chumarsáide a míle dhícheall len iad a chur ar bhur súile daoibh arís iad. Bhuel, ní haon mhaith bheith ag dul siar arís ar na cúrsaí sin anois, san aiste seo, agus muid ar thairseach na bliana úire, mar cé gur chóir dúinn súil a chaitheamh siar, thar an bhliain atá imithe uainn, isteach i muilleann an ama, agus nár dhein mé sin daoibh an tseachtain seo caite, nuair a bhí Oíche Chinn Bliana idir chamáin agam. Anois an t-am le súil a chaitheamh romhainn, féachaint céard tá os ár gcomhair amach, agus céard tá beartaithe againn fhéin a dhéanamh, i rith na bliana seo chugainn. Sin iad na rúin athbhliana, a bhíonn i mbéal gach éinne, thart ar an am seo.
Fáiltímis uilig roimh an bhunóc atá anois á bogadh i gcliabhán an ama, agus gan mórán deanta aice fós. Sea, agus guímis fad saoil uirthi, agus Brat Mhuire á cosaint ó Lá Coille go hOíche Chinn Bliana. Síocháin, sástacht, sonas, agus séan, go raibh ag chuile dhuine de chlann Éabha a mhaireann ar thalamh na cruinne seo anocht.
Ní bheathaíonn na briathra na bráithre áfach, agus cé gur bhreá linn uilig an dea-fhocal, ag an am gcéanna, sa chás seo, tá fhios againn, nach mar sin go díreach a tharlóidh ar an saol anróiteach seo, i rith na bliana seo 2003, atá díreach ag leathadh a leabhair os ár gcomhair amach anois. Is beag duine beo, a bhfuil aon choinnlíocht ann, nach bhfuil ag ceapadh, go bhfuil baol cogaidh ag bagairt orainn uilig, sul má théann an bhliain seo anonn sna míonna. Tá súile an chine dhaonna dírithe anois ar an Iaráic, agus ar an té atá i gceannas ar phobail na tíre míámharaí sin. Tá Meiriceá, -George Bush ach go háirithe, – den tuairim, go bhfuil airm ilscriosacha stóráilte ag Sadam Hussein, rialtóir na tíre sin, agus tuigtear dóibh, gur bhaol dá thír fhéin, agus do thíortha eile, na hairm ilscriosacha céanna sin. Tá an saol ag coinneáil a n-anála, féachaint céard a tharlóidh sna laethe, agus sna seachtainí atá romhainn amach. Nár lige Dia mór na Glóire dóibh cogadh fíochmhar dá leithéid a thosú, nó cé go bhfuil sé éasca go maith cogadh a thosú, níl sé chomh héasca sin a rá cathain a chríochnódh sé, nó dá dtosódh an cogadh sin, ag Dia amháin atá a fhios, cad iad na fórsaí a ligfeadh scliúchas dá leithéid saor i measc daoine. Dia idir sinn agus an anachain! Agus leis an scéal sin a dhéanamh níos measa, nach bhfuil an Chóiré Thuaidh ag cur na cosa uaithe freisin, agus í ag bagairt go raghadh sí a bealach fhéin, chomh fada is a bhaineann sé le cumhacht núicléach a ghiniúint agus a fhorbairt. Ní bheadh sin chomh holc sin, ach amháin go bhfuil fhios ag madraí an bhaile fhéin, go bhfuil ar chumas na tíre sin, buamaí eithneacha a chur i dtoll a chéile, taobh istigh de roinnt míonna. Ó, bhuel! B’fhéidir le Dia go mbeifear ábalta an tine sin a choigilt, sul má séidtear an sop sin tuilleadh eile.
Bhuel, sin agat anois dualgas tráth seo na bliana coimhlíonta agam, sé sin, súil caite siar againn ar an mbóthar a thaisteal muid i 2002, agus muid ag iarraidh freisin, an tsúil eile a chaitheamh, ar an ‘ród seo romhainn’. Agus sin déanta, níl ach rud amháin eile le déanamh agam, agus sin tagairt a dhéanamh do rúin athbhliana. Nár mhór go deo an scéal iad tráth raibh mise i mo ghasúr? Chuile dhuine a chasfadh ort thart ar Lá Coille, d’fhiafródh sé díot, céard a bhí beartaithe agat a dhéanamh don bhliain nua? Déanta na fírinne, ba é a bhíodh i gceist ag a mbunús, nó céard a bhí beartaithe agat gan a dhéanamh, i rith na hathbhliana.
“What are yeh givin’ up for the new year?”
Bhíodh a fhreagra fhéin ag chuile dhuine ar an gceist sin. Fear amháin, agus ba é a bheadh beartaithe aigesean nó éirí as an dtobac, sé sin, as an bpíopa, nó as na toitíní, mar ba bheag duine sa phobal s’againne, a raibh tóir ar bith aige ar thodóga, an tráth úd! Fear eile, ba é a bheadh socraithe aigesean nó go n-éireodh sé as milseáin, agus a leithéid, nó bhí an dochtúir tar éis sin a mholadh dó, ar mhaithe lena shláinte. Fear eile fós, agus bheadh seisean meáite ar éirí níos moiche ar maidin, agus obair níos crua, san athbhliain, agus féach, nach bhfaighfeá duine eile arís, agus gan ag teacht idir chodladh na hoíche agus é, ach an saol a ghlacadh go breá, bog, feasta. Bhuel, b’in mar a bhíodh, chuile dhuine agus a rún, nó a rúin fhéin, aige, agus ba léir don saol mór, nár lia duine na rún. Ach céard fúinne fhéin? Céard tá beartaithe againne a dhéanamh, nó gan a dhéanamh, san athbhliain?
Diabhal mórán beartaithe agam fhéin. Ach tá socraithe agam, leanacht liom ag scríobh, chomh maith agus is féidir liom. Déanfaidh mé iarracht ar ábhar spéisiúil a leagan os bhur gcomhair, anseo i mBéal an Phobail, ó sheachtain go seachtain, agus ó tharla go mbeidh an Colún seo, “I mBéal an Phobail”, ceithre bliana is fiche d’aois, am eicínt i rith na bliana seo, bí cinnte, nach bhfuil mé meáite ar éirí as, go foill beag, ar aon nós!! Agus ó tharla gur mar sin atá, céard fútsa? B’fhéidir nár mhiste dom a mholadh duitse, rún athbhliana a dhéanamh an Colún céanna seo a léamh go rialta, chuile sheachtain, feasta!!
.
Ar uair an mheánoíche anocht,
Raghaimid thar an gceis úd anonn,
Go msiniúil, dána, gan bhuairt,
Is siúlfaidh go cróga, le fonn,
Thar thairseach na bliana seo nua,
Lán dóchais, is creidimh, is brí,
Mar scalann dúinn solas go glé,
D’ár mealladh chun bóthair is slí.
B’fhéidir gur leor sin don bhabhta seo, agus mar sin, níl le déanamh agamsa, ach an tseanghuí chéanna a ghui oraibh arís i mbliana
Go mbeirimid beo ar an am seo arís!
********************
Peadar Bairéad.
********************
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
(This week I mBéal an Phobail tries to look into the future)
Peadar Bairéad
An Ród seo romhainn!
Is dócha gurb é bua diamhair an daonnaí nó gur féidir leis aghaidh a thabhairt ar a dhán, nó, ar an ród atá roimhe amach, ar choinníoll go leanfadh cúrsaí sa todhchaí, faoi mar atá i láthair na huaire seo, agus ní taise dúinne é. Mar sin, ní haon ionadh go ndéanaimse fhéin iarracht, corruair, ar dhul ar mo chliatha fís, le scil a bhaint as tarlúintí an lae inniu, le tuairim eicínt a chaitheamh faoi threo bhád an Stáit s’againne ar mhuir mhór leathan na todhchaí. Ní gá dhom a rá, go bhfuil ár ndóthain mhór de chomharthaí comhaimseartha le léamh againn, i saol agus i stair ár bpobail, le buille faoi thuairim a thabhairt ar a bhfuil romhainn amach, sna laethe atá le teacht.
Breathnaigh, i dtosach báire, ar an iaróg a tógadh, ar na mallaibh, faoi Thuarascáil Chluana. Táid ann adéarfadh, go mbeadh sé i bhfad níos fearr, agus níos ciallmhaire, b’fhéidir, dúinn, doras na hiaróige sin a fhágáil dúnta, nó déarfaidís sin, go bhfuil an Rialtas s’againne agus an Vatacáin, ar chomhtharraingt sna cúrsaí seo, nó dár leosan beirt, is í cosaint na hóige an chloch is mó ar a bpaidrín acu. Agus nach bhfuil a fhios ag an saol, gurbh é cogadh na mbó maol atá a fhearadh acu sa chás seo, nó níor éirigh go seoigh le ceachtar acu a ndualgaisí sa reimse sin, i leith na h-óige, a choimhlíonadh go héifeachtach, nó go suntasach.
Buailim Sciath!
Ar an dtaobh eile den scéal, tá daoine ann freisin, a déarfadh, nach bhfuil sa chogadh céanna sin ach buailim sciath, le buntáiste a thabhairt don Rialtas agus iad ar thóir an ceann is fearr a fháil ar chumhacht na hEaglaise i gcúrsaí oideachais, agus a leithéid. Ach, bíodh sin fíor, nó ná bíodh, seans go ndeachaigh an Taoiseach s’againne beagáinín thar fóir ina óráid ionsaíoch os comhair na Dála, nó ba chosúla le hionsaí chonspóideach polaitíochta í ná le casaoid dáiríreach dioplomáideach chuig cumhacht a raibh caidreamh dioplomáideach againn lei. Ach, ní haon mhaith bheith ag caoineadh agus an anachain déanta, is é an cúrsa is ciallmhaire againn anois nó dul i gcomhar leis an Vatacáin, le rialacha dochta a dhréachtadh, ar mhaithe le haos óg na tíre seo a chosaint ar ionsaithe, agus ar mhí-úsáid ghnéasach, feasta. Sa tslí sin, beifear in ann an tua a fhágáil ar leataobh, agus cead fáis a thabhairt do ghas na síochána eatarthu, as seo amach. Ní haon mhaith bheith ag argóint gurbh ionann is trasnaíocht gan údarás, rud ar bith níos lú ná comhoibriú iomlán, nó nach ionann a leithéid is a bheith ag iarraidh damhsa ar bharr snáthaide. Comhoibriú is fearr a fhóireas orainn uilig sa chás seo, mar tá ár ndóthain le déanamh againn faoi láthair agus gan bheith ag fearadh chogadh na mbó maol, sa chás seo. Ar an dtaobh eile den scéal seo ar fad, ba mhaith liom aird a dhíriú ar an gclaonadh chun oilc atá ag fás is ag forbairt go buacach, inár measc, le scathamh anuas. Anois, ní haon rud nua é lucht an aindlí a bheith ag obair is ag saothrú dóibh fhéin in ár measc, agus ní hiad na heaglaisigh atá idir chamáin agam sa chás seo. Ní hiad in aon chor, ach na coirpigh “ghairmiúla”, agus na dronganna úd, a thagann i dtír ar allas dhaoine eile. Níl le déanamh againn ach súil a chaitheamh ar ár nuachtáin, le fios fátha an scéal seo a thuiscint agus a bhlaiseadh. Tá dronganna coirpeach ag cur fúthu in ár measc anseo, dronganna a cheapann go bhfuil chuile cheart acu poblacht dá gcuid fhéin a bhunú, ar mhaithe leo fhéin. Tuigtear dóibh go bhfuil siad beag beann ar dhlíthe is ar rialtas na tíre seo. Tógann siad a bhfuil uathu, agus go bhfóire Dia ar an té a thagann sa mbealach orthu. Is dóigh gur léigh tú fhéin cuntais sna nuachtáin, le déanaí, faoi choirpigh a théann i mbun a ngnó le sceana agus casúir, nó le ceapoird agus gunnaí gráin, agus ní haon mhaith bheith ag argóint le duine armtha sa dóigh sin, nó luíonn sé le réasún, gur ciallmhaire i bhfad é géilleadh i gcás dá leithéid. Sin cogadh a d’fhéadfadh an Stát a fhearadh ar mhaithe lena shaoránaigh.
Poblacht ár Leasa
Anois an t-am lenár bPoblacht fhéin a bhunú abhus, Poblacht ina mbeidh saoirse, agus chuile cheart dleathach ag an saoránach, a chuirfeadh ar a chumas, a shaol is a laethe a chaitheamh go síochánta, sásta. Poblacht ina mbeidh pobal comharsanúil ag maireachtáil go síochánta, macánta, i bhfochair a chéile. Poblacht ina mbeidh dúil ag chuile dhuine i leas an phobail, agus i leas chuile shaoránaigh, a bhfuil saorántacht bainte amach aige sa Phoblacht Nua s’againne. Anois an t-am le Poblacht dá leithéid a bhunú, ach ag breathnú ar chúrsaí thart orainn faoi láthair, ní dóigh liom go bhféadfadh éinne bheith ró-dhochasach go bhfuil muid ar bhruach ré órga dá leithéid, sa ghearrthéarma. Ach, nár inmholta an cuspóir dúinn é mar phobal, ár n-aire a dhíriú ar Phoblacht dá leithéid a bhunú inár measc? Céard a cheapann tú fhéin atá i ndán dúinn, mar chine, sa todhchaí?
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
An saol as alt
Peadar Bairéad
(This week we take a look at... Law and Order… here and there)
Riail agus Reacht
Má theastaíonn uainn saol sona, sásúil, sibhialta, a chaitheamh lenár ré, ní foláir dúinn maireachtaint de réir dlithe agus prionsabail áirithe. Ní foláir smaoineamh ar an nduine eile, agus ceart dom, ceart duit, a chur in áirithe do chách. Is bocht an saol a bheadh againn dá nglacfadh muid le prionsabal an bhullaí adeir, gurb é an neart a bhronann ceart, treise lámh a thugann bua, dár leosan. Ach ní chuige sin uilig atá mé, an babhta seo, ach chuige seo.
An ‘Sudetenland’
Ag breathnú ar an saol thart orainn, sa lá atá inniu ann, nach beag ugach a thugann sé dúinn go bhfuil muid ag druidim i dtreo Útóipe ar thalamh. Agus scéalta móra scanrúla á seoladh chugainn ó Oirthear na hEorpa, le roinnt laethe anuas, chuaigh mo chuimhní fhéin ar fán uaim, siar go dtí na laethe roimh an Dara Cogadh Domhanda. An tráth úd nuair a bhí ráflaí ag eitilt timpeall, chomh flúirseach le faoileáin roimh aimsir stoirmiúil. Ba é Hitler, an fear dubh ag cuid againn, an t-am sin. Céard a bhí idir chamáin aige? Cé an chéad tír eile a d’ionsódh sé. Rinne sé ionradh ar limistéir áirithe toisc go raibh Gearmáinis á labhairt ag tromlach na ndaoine ann, nó toisc go mba de bhunadh Gearmáineach iad, agus theastaigh uaidh Iath na nGearmáineach a athaontú, agus a choimeád slán, trí ‘Anchluss’ nó eile. I ndáiríre, nach gceapfá, gur beag an difir idir na geáitsí sin agus geaitsí na Rúise i láthair na huaire seo. Nach bhfuil cosúlachtaí idir an Chrimé agus an Sudetenland nó an Ostair? An amhlaidh go bhfuil dlí an bhullaí ag teacht chun tosaigh arís? Treise lámh a bhronann ceart, is a bheireann bua! An ea?
Dlí an Bhullaí
Dár ndóigh, ní bheadh aon bhaint ag ár muintir fhéin le céapair dá leithéid. Ní bheadh dlí an bhullaí inghlactha i gCríocha Fodhla! Ag magadh fúm atá tú, an ea? Breathnaigh thart ort, agus éist le ceol na gaoithe! Nach beag lá a théann thart gan scéalta uafáis agus bullaíochta i mbéal an phobail. Sea, agus geallaimse dhuit é, nach iad riail nó reacht na Féinne a bhíonn sa treis sna scéalta céanna. Beag aird a thugann siad ar mhana úd na Féinne adeir gur chóir ‘Troid le Tréan agus Taise le Trua’. Sea, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, ní hamháin go bhfuil an cineál sin iompair le fáil in ár mbailte, is in ár gcathracha, ach faoin am seo, tá an cineál céanna iompair le fáil amuigh faoin dtuaith freisin, mar a ndéantar ionsaithe rialta ar shean is ar óg, a bhuíochas sin do na bóithre breátha, móra, a d’fhág an Tíogar Ceilteach le huacht againn, nó is féidir anois taisteal ó cheann ceann na tíre seo i ngearraimsir, agus iad beag beann ar riail nó ar reacht, ar phóilín nó ar shaighdiúir, ina ngluaisteáin shlíoctha. Breathnaigh ar an gcaoi a ndéantar seandaoine laga, soghortaithe, a bhualadh, is a bhascadh, agus ansin a robáil, agus b’sheo an tír ina mbíodh meas thar barr ar an sean agus ar an lag! Ó bhail! d’imigh sin is tháinig seo.
Dlí an bhithiúnaigh
Nár chóir dúinn freisin súil a chaitheamh ar na buíonta bithiúnach, agus ar an gcaoi a oibríonn siadsan, beagbeann ar dhlíthe na tíre seo. Déanann siad a ndlíthe fhéin agus feidhmíonn siad faoi mar ba phoblacht, taobh istigh de phoblacht iad, agus glacann siad leis an bprionsabal go bhfuil chuile cheart acusan earraí dhaoine eile a thógáil, agus a choinneáil, mura bhfuiltear in ann iad a chosaint le láimh láidir.
Céard faoin ‘Social Contract’ úd, feasta? Nach ngeallann an Stát go ndéanfadh siad an saoránach a chosaint, dá dtabharfadh seisean a dhílseacht dó? Deacair sin a chreidiúint, mura ndéanann an Stát iarracht níos fearr riail agus reacht a chur i bhfeidhm feasta.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
The Storyteller
by
Jodi Picoult
—————————————————————————–
Scéal Sage Singer
Peadar Bairéad
Ní hé seo an chéad úrscéal a shil ó pheann an údair sciliúil seo, Jodi Picoult, nó tá clú agus cáil idirnáisiúnta bainte amach aice cheana lena saothar liteartha, agus glactar leis anois, go bhfuil sí ar dhuine de bhanúdair cháiliúla na glúine seo. Sa leabhar spéisiúil seo, díríonn sí tóirse a taighde, agus a pinn, ar Champa Géibhinn Auschwitz i rith an dara Cogadh Domhanda, ar a mhodh oibre, agus ar a modh rialaithe, chomh fada is a bhain siad sin le daonra, agus le ceannairí an Champa scannrúil, mhídhaonna, céanna sin. Ach le díriú ar an scéal fhéin….
In aois a cúig bliana fichead, casadh Sage Singer agus Josef Weber ar a chéile, tráth raibh an bheirt acu ag freastal ar ghasra, a raibh sé d’aidhm acu cúl a chur ar a mbuairt, is ar a mbrón, iar bhás carad, nó gaoil. Cailleadh máthair Sage go gairid roimhe sin agus b’in an chúis gur tharraing sí ar an ngasra céanna sin. D’éirigh an péire sin mór le chéile, bíodh go raibh bearna de sheachtó bliain eatarthu, nó bhí Josef cúig bliana is nócha faoi’n am sin. Ó tharla go mba de shliocht Giúdach í Sage, agus ó tharla gur chaith Josef go huafásach le Giúdaigh i gCampa Géibhinn Auschwitz, mar ba dhuine de cheannairí an Champa sin é, i rith an Dara Cogadh Domhanda. Shocraigh Josef ina aigne, go n-iarrfadh sé ar Sage lámh chúnta ina bhás fhéin a thabhairt dó, nó bhí ag teip air ualach a chiontachta a iompar feasta, agus tuigeadh dó, go bhféadfadh Sage maithiúnas thar cheann na nGiúdach sin a thabhairt dó, ach is amhlaidh a thug sí cuairt ar Leo Stein, dlíodóir, fear a chaith a laethe ar thóir na Naitsithe úd a chealaigh cearta daonna na nGiúdach i gCampa Géibhinn Auschwitz. Ón bpointe ama sin amach, rinne Sage ‘chuile iarracht ar fhianaise a chrochta a bhailiú faoi Josef. Fuair sí amach, nárbh é Josef Weber a ainm in aon chor, ach gurbh é Reiner Hartmann a ainm ceart, agus go raibh sé i gceannas ar Roinn na mBan de Champa Auschwitz i rith an chogaidh, agus go raibh a dheartháir, Franz, mar cheannaire ansin freisin.
Minka agus Darija
Tarraingítear seanmháthair Sage isteach sa scéal freisin, nó nuair a bhí an tseanmháthair Ghiúdach sin, arbh ainm di Minka, ina cailín óg, ó tharla go mba de shliocht Giúdach í, seoladh í fhéin agus cara lei, Darija, go Campa Géibhinn Auschwitz. Tugann an eachtra sin deis don údar cur sios mion cúramach a dhéanamh ar mhodh oibre agus ar mhod rialaithe an Champa sin. Léiríonn sí chomh mí-dhaonna, chomh cruálach, agus chomh mór faoi smacht na gceannairí Gearmánacha, a bhí daonra an Champa chéanna sin. Ar ball, d’éirigh le Minka éaló ón gCampa, agus ar deireadh thiar, chuir sí fúithi sna Stáit Aontaithe, áit ar éirigh lei saol nua a bhunú di fhéin ansin. Rinne sise Reiner Hartmann a aithint i ngrianghraf a thaispeáin Leo Stein di, bíodh nach raibh deis aice é sin a dhearbhú os comhair chúirt dlí, nó fuair sí bás sula raibh an deis sin aice.
“Maith dhúinn ár gcionta”
Ag an bpointe sin, éiríonn ceist morálta do Sage. Theastaigh ó Josef go gcabhródh Sage leis é a chur chun báis, mar mhodh le maithiúnas a fháil ina dhrochbhearta i gcoinne na nGiúdach, ach ansin scrúdaíonn an t-údar an dearcadh sin. Tuigtear don údar nach bhféadfaí maithiúnas a thabhairt ach do dhuine a chiontódh i do choinne fhéin, agus iompaíonn sí ar an ‘Ár nAthair’ leis an dearcadh sin a chruthú, nó sa Phaidir sin, guíonn duine go maithfeadh Dia a pheacaí dó, faoi mar a mhaitheann seisean dóibh siúd a pheacaíonn ina choinne fhéin.
Ar thug Sage an chabhair sin do Josef lámh a chur ina bhás fhéin? nó ar dhiúltaigh sí dó? Ar tógadh Josef os comhair cúirte lena chiontacht a chur sa mheá agus breith chóir a thabhairt air?
Le freagra na gceisteanna sin a fháil, caithfidh tú an leabhar spéisiúil sin a fháil, is a léamh. Bheadh sé deacair locht a fháil ar stíl nó ar chur chuige an údair sciliúil sa scéal seo, agus caithfidh mé a admháil, gur chuir mé fhéin speis, agus dhá spéis, sa leabhar céanna sin, ach b’fhéidir, dá mbeinn macánta amach is amuigh, nach mó ná sásta a bhí mé leis an gcríoch a chuir an t-údar leis an scéal corraitheach seo. Céard fútsa?
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
An tAchomharc
.
The Appeal…………… Céadchló…..………. 2008
le
John Grisham……………………………….£18.99
.
.
Leabhar mór-ráchairte
.
Seo an Grishamach chugainn arís le leabhar mór-ráchairte eile. Ní shileann ó pheann an údair ildánaigh, Meiriceánaigh, seo, ach leabhair den chéad scoth, leabhair a bhaineann cáil amach dá n-údar, ó cheann ceann na cruinne, agus a chonách sin air! nó nach mbíonn blas agus boladh na taighde, agus na scile, ar chuile cheann riamh acu?
Níl sé chomh fada sin ó shoin anois ó léigh mé an leabhar ba dhéanaí uaidh, ag an am, agus b’in, “Playing for Pizza”, leabhar a bhí éagsúil go maith leis na leabhair eile a chum sé, nó d’fhág sé an dlí taobh thiar de sa leabhar sin, agus thóg ábhar eile ar fad chuige, le scéal suimiúil, corraitheach, a chrochadh air, agus níor den díogha é an leabhar céanna sin, ach oiread. ach bhíomar cleachtach ar an gcineál eile leabhair faoi chúrsaí dlí, nó ba í an dlí a bhí mar chúlra agus mar dhúshraith acu.
.
Leabhair shuimiúla
Leabhair spéisiúla, tarraingteacha, lán-teannais, iad uilig. Leabhair ar nós :-
The Firm, The Pelican Brief, The Runaway Jury, The Summons, The Last Juror, agus The Broker.
Rinne sé cupla iarracht freisin, ar leabhair a ghaibhniú taobh amuigh den dlí, leabhair ar nós :-
A Painted House, Skipping Christmas, agus Bleachers.
Ní gá dhom a rá gur scríobh sé leabhar de chineál eile ar fad, anuraidh, leabhar a bhí bunaithe ar fad ar an bhfírinne! The Innocent Man atá idir chamáin agam anseo, agus ba é mo bhreith ar an leabhar sin, nó ar bhealach eicínt, go mba iontaí ar fad an scéal é ná mar a bhí le fáil ina chuid leabhair ficsin!
“The Appeal”
Ach fillimis ar an leabhar seo is déanaí ó Ghrisham, “The Appeal”, nó is é atá idir chamáin agam sa phíosa seo. Ní call dom a rá, go bhfuil an t-údar fillte ar chúrsaí dlí arís, sa cheann seo, agus fadhb chasta an lae inniu idir chamáin aige. Fadhb idirnáisiúnta atá a phle aige sa leabhar seo, nó díríonn sé ar chumas na dlí deighleáil le Comhlachtaí Móra Saibhre, a dhéanann an-dochar do shláinte, agus do leas, an phobail, agus iad i mbun a ngnó, ag carnadh airgid dá scairshealbhóirí.
Cuireann an t-údar síos, sa scéal seo, ar Chomhlacht Mór dá leithéid, Krane Chemicals. Comhlacht a chuireann ceimicí contúirteacha ar fáil, sea, agus ceimicí a bhfuil an-ráchairt orthu, agus sa tslí sin déanann an Comhlacht áirithe sin fortún di fhéin, ach ar an dtaobh eile den scéal, fágtar an-chuid dramhaíle tocsainí mar fhotháirgeadh. Níor deineadh aon ró-iarracht ar dheighleáil leis an ábhar contúirteach sin, nó ní cheapfá go raibh Krane Chemicals ró-thógtha le leas an phobail, ach oiread, mar is amhlaidh a chaithidís an dramhaíl chéanna sin ar leataobh, amuigh ar an iargúl. Ach ba é deireadh an scéil sin nó go ndeachaigh an t-ábhar nimhneach sin isteach i gcóras uisce an bhaile sin, Bowmore, agus rinne sléacht ar mhuintir an bhaile, sa chaoi gur cailleadh roinnt, agus gur tholg roinnt mhaith eile ailse as, agus chomh maith le sin, chuir sé isteach ar shláinte roinnt mhaith eile fós.
Breith don Phobal
Cuireadh an dlí ar Krane Chemicals.
“In a crowded courtroom in Mississippi, a jury returns a shocking verdict against a chemical company accused of dumping toxic waste into a small town’s water supply, causing the worst ‘cancer cluster’ in history.”
Sea, agus níorbh fhás aon oíche í, an bhreith chéanna sin, nó b’fhada, achrannach, chasta, an chúis dlí í…
After forty-two hours of deliberations that followed seventy-one days of trial that included 530 hours of testimony from four dozen witnesses, and after a lifetime of sitting silently as the lawyers haggled and judge lectured and the spectators watched like hawks for telltale signs, the jury was ready…
41 Milliún Dolar
Cás samplach a bhí ós a gcomhair. Cás a thóg Jeanette Baker i gcoinne Krane Chemicals, toisc gurb iad ba chúis le bás a mic agus a céile fir. Fuair an giúiré ina fábhar, agus gearradh fíneáil de 41 milliún Dolar ar an gComhlacht, Krane Chemicals.
Ag an bpointe sin a thosíonn an t-uisce faoi thalamh, agus an chaimiléireacht, agus an Comhlacht Saibhir sin ag iarraidh achomharc in aghaidh bhreith úd an ghiúiré, achomharc a chuirfeadh cos i bpoll le breith úd an ghiúiré . Conas a d’fhéadfaidís a leithéid a chur i gcrích, an ea? Bhuel, tá faitíos orm, más uait an t-eolas sin a fháil, go gcaithfidh tú an leabhar corraitheach seo a fháil, agus a léamh duit fhéin. Tá mé cinnte go mbainfidh tú taitneamh as, nó deineann sé an fhadhb úd ar thagair mé di, i dtús an phíosa seo, déanann sé í a chur faoin mhícreascóp, sé sin an chaoi ar féidir le lucht an airgid mhóir, bealaí éalaithe a fháil ó fhaobhar chlaidhimh an chirt, agus na dlí.
An-scéal, an-scil, an-chur-chuige. Tapaigh do dheis anois, agus léigh an leabhar seo.
.
.