le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Séasúr an Cheo
(This week, I mBéal an Phobail take a look at some Seasonal changes)
.
“Season of mists and mellow fruitfulness”…..
Anois, agus muid sáite i gceartlár an Fhómhair, feictear dom, gur chóir súil a chaitheamh ar na hathruithe atá tagtha ar an saol thart orainn ó Lá Lúnasa na bliana seo anonn. Agus, ag caint ar Shamhradh na bliana seo, is dócha gurbh fhearr cos a bhuaileadh ar an scéal sin, nó déanta na fírinne, ní raibh an Samhradh céanna sin thar mholadh beirte. Agus nílim ag maíomh gur bhronn an Fómhar seo ‘Samhradh na nGéanna’ orainn, ach oiread, ach dá olcas é, b’fhearr i bhfad é mar shéasúr ná an Samhradh réamhráite. Bhí daoine ag rá go mbeadh Fómhar millteach olc againn, Fómhar a d’fhágfadh muid gan mórán fáltais nuair a bheadh sé críochnaithe linn.
Dathanna meisciúla
Ní mar sin a tharla áfach, nó bíodh gur deineadh roinnt mhaith damáiste do na barraí, ag an am gcéanna, fuair na feirmeoirí dóthain ama lena mbunús a bhaint is a shábháil. Ach, ní hé seo ach é siúd atá idir chamáin agam, an babhta seo. Tugann muid faoi deara go bhfuil athruithe ollmhóra ag teacht ar aghaidh na Dúlra na laethe seo. Is é an rud is mó a thugtar faoi deara nó an t-athrú atá ag teacht ar dhathanna na nduilleog is na mbláthanna, thart orainn….
…Dathanna Fómhair dom mheisciú
Lena n-ór, lena ndonn, ‘s lena mbuí
Is ólaimse áilleacht tírdhreacha
As soitheach lán bua is brí….
.
Cheana féin, tá dath donnbhuí ag teacht ar roinnt mhaith de na duilleoga agus fiú, nach bhfuil dath an fhéir fhéin ag athrú freisin, nó tá an féar céanna ag seargadh roinnt, mar tuigtear don bhfásra uilig go bhfuil an Geimhreadh gáifeach chucu gan aon ró-mhoill. Tabhair faoi deara freisin, go bhfuil mám maith duilleog ag titim, go háirithe le linn gaoithe móire nó stoirme. Sea, agus nach bhfuil ré na mbláthanna beagnach thart, chomh maith. Ní gá dhom a rá gur chomharthaí iad sin uilig go bhfuil laethe an fháis agus an bhláthaithe ag druidim chun críche.
Codladh sámh!
Tuigeann mion daoine Dé go bhfuil na laethe órga thart, agus go bhfuil an t-am tagtha le dlús a chur lena n-ullmhúchán don bhfuacht agus don chruatan atá le teacht. Bailíonn cuid acu stór bia len iad a thabhairt trí shéasúr an ghanntain is an ghorta. Tuigtear do roinnt eile acu, gur maith an cleas é an leaba a thabhairt orthu fhéin agus codladh sámh a dhéanamh go dtí go ndúiseodh teas bog caoin an Earraigh iad arís tar éis na Féil’ Bríde. Sea, agus nach bhfuil tuilleadh díobh, a dhéanann a málaí a phacáil agus aeráid álainn na dtíortha teo a thabhairt orthu fhéin. Feiceann tú na fáinleoga bailithe leo thar lear, agus na cuacha glanta leo freisin, agus níl fanta linn, i ndiaidh an iomláin, ach an dreoilín, an spideog, an gealbhan, an lon dubh, agus roinnt bheag eile dár n-éanacha dúchais, ach is annamh a chloisfear ceol uathusan feasta, ach, mar sin fhéin, beidh siad ag lorg déirce thart ar thithe na ndaoine, go háirithe, nuair a bheidh deis ag sioc, nó ag sneachta, glas a chur ar fhoinsí a mbeatha agus a ndí, amuigh ansin ar chnoc is i ngleann, i ngort is i gcimín. Ach, ‘mair a chapaill, agus gheobhair féar’ adeirtear leo amannta, ach ‘ní bheathaíonn na briathra na bráithre’ adéarfadh siadsan, mar fhreagtra ar an moladh céanna sin, b’fhéidir.
Duilleoga Fómhair buí mar ór anuas im’ líon,
Ar pháirc, ar ród , ar mhá, feoite, seirgthe, críon
Maireann a gcuimhne ámh, i bpluais bhog bheo an chroí.
Cé go lobhtar iad sa láib, ní chailltear riamh a sciamh.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Halfway Home
by
Ronan Tynan
.
Peadar Bairéad
“Sin iad mo chosa-sa”
Ar na mallaibh, tháinig mé ar Eagrán Bantam, dhe leabhar nach raibh léite agam cheana, leabhar, b’fhéidir, a léigh tú fhéin, nó cuireadh an t-eagrán thuasluaite i gcló sa bhliain 2003, ach leabhar freisin, a chuir siar bóithrín na smaointe mé fhéin, “big time”, mar adeir Gaeilgeoirí an lae inniu, go minic!
“Cén leabhar atá i gceist agam, an ea?”
“Halfway Home” an teideal atá air, agus ba é Ronan Tynan s’againne a scríobh an dírbheathaisnéis chorraitheach, ghreamaitheach, spéisiúil seo.
“Agus ar mhiste a fhiafraí díot, an raibh aithne ar bith agat fhéin ar scríbhneoir an leabhair seo?”
“Níor mhiste, in aon chor, nó níl uaim, ach an lide is lú, le mé a chur ag scríobh faoin bhfear óg iontach seo.”
“Ná habair go raibh sé mar dhalta agat, am eicínt, faoi mar adeir tú faoi roinnt mhaith daoine cáiliúla eile, daoine ar nós Diarmaid Martin, Ardeaspag Átha Cliath, Martin Drennan, Easpag na Gaillimhe, agus fiú ionánaithe cáiliúla ar nós D. J. Carey fhéin?”
“Sin é díreach atá á mhaoimh agam, san alt seo, nó bhí Ronan Tynan mar dhalta agam, am eicínt i lár sheachtóidí na haoise seo caite.”
“Agus an cuimhin leat anois é a bheith i láthair id’ rang, agus má sea, cad iad na cuimhní atá agat anois faoi na laethe úd, fadó!”
“Fadó! adeir tú. Feictear domsa nach bhfuil sé chomh fada sin ó shoin ar fad anois, ach is dócha go gcaithfidh mé a admháil, go bhfuil breis is triocha bliain imithe trí mhuileann an ama san idirlinn! Ach, le filleadh ar na cuimhní úd, bhuel, is maith is cuimhin liom an gasúr beoga, bríomhar, beo-shúileach, sin a bheith ina shuí im rang, agus is cuimhin liom lá amháin, nuair a tháinig mé isteach doras an tseomra sin, go raibh cás, measardha mór, fágtha taobh istigh de dhoras ár Halla Réamhdhéanta.
‘Cé leis an cás seo?’ arsa mise
‘Is liomsa é,’ arsa’n gasúr beo-shúileach.
‘Agus céard tá ann?’ arsa mé fhéin, agus a fhios agam go raibh mé ceaptha i ngaiste an ghasúir bheo-shúiligh.
‘Them’s me legs, Sir,’ ar seisean, agus cineál straoise air, agus ar a chomhdhaltaí chomh maith, nó thuig siad go raibh mé sáinnithe ag mo Rónán, agus go mbeadh orm ansin tamall a chaitheamh ag éisteacht le scéal na gcos bréige breise úd, a bhí stóráilte aige sa chás céanna sin. Caithfidh mé admháil anseo, nárbh é sin an chéad uair ag mo dhaltaí gaiste dá leithéid a fheistiú dom, agus caithfidh mé a admháil freisin, gur mhinic a lig mé dóibh breith orm ina ngaistí neamhurchóideacha! Sin anois agat an chéad chuimhne a ritheann liom nuair a smaoiním ar Ronan Tynan, nó ba ghasúr deas, cineálta, lách, cuideachtúil é, an Ronan céanna sin, chomh fada is a bhain sé liomsa, ar aon nós”
“Ach b’fhéidir gur mhaith leat rud eicínt a rá linn faoi leabhar Rónáin, ó tharla gur air a tharraing tú an scéal.”
“Bhuel, caithfidh mé a rá leat i dtosach, go léifinn fhéin an leabhar seo, ó chlúdach go clúdach, cuma cé acu olc, maith, nó measardha é, ach m’fhocal daoibh, gurbh fhiú go maith an tairbhe an trioblóid, nó sár-leabhar, amach is amuigh, atá curtha le chéile anseo ag an údar neamhghnách seo. Sa ndírbheathaisnéis seo, cuireann an t-údar síos ar na deacrachtaí uilig a sháraigh sé, agus na buanna a bhain sé i ngach ar thug sé faoi a dhéanamh.
Ba leath-chúpla é Ronan, bíodh nár mhair a dheartháir an bhliain fhéin sul ar cailleadh é. Ach bhí ceataí eile sa scéal freisin, nó tugadh faoi deara, go raibh mínormáltacht ag baint le cosa Rónáin, rud a d’fhágfadh, dár leis na saineolaithe, nach mbeadh siúl nó rith aige, faoi mar a bheadh ag an ngnáthghasúr, ach ba é adúirt séiplíneach san ospidéal, agus é ag iarraidh sólás a thabhairt don mháthair, i ndiaidh na beirthe, i mBealtaine na bliana ud 1960…
“That little fellow will make you very proud, and do you know, with lungs like those he will surely sing.”
Agus seo mar a deir Ronan é fhéin, faoin ráiteas sin, ina dhírbheathaisnéis….
“Little did either realise how that prophecy would be borne out”
Níl dabht ar domhan ach gurbh é a mhuintir fhéin a bhroslaigh agus a mhisnigh an gasúr óg seo. Agus ba ghearr gur tuigeadh do chuile dhuine thart air, nach sásódh tada é ach go n-éireodh leis a chonstaicí uilig a shárú. Níl le déanamh agat ach an leabhar seo a léamh, le fáil amach, nár mhaíomh gan údar a bhí ar siúl aige.
Ba é an gad ba ghiorra don scornach a theastaigh uaidh a scaoileadh i dtosaach, agus dá bharr sin, rinne sé chuile iarracht ar a dheacrachtaí fisiciúla uilig a shárú, agus tá’s ag an lá fhéin nár shaothar in aisce a bhí ina chuid iarrachtaí sa chuspóir chéanna sin. Cuireadh scolaíocht air faoi mar a cuireadh ar chuile dhuine eile. Cuireadh go Coláiste De La Salle é, ina scoláire cónaithe, go leibhéal na Meánteistiméireachta, agus ansin in aois a chúig bliana déag, tháinig sé isteach chugainne i gColáiste Chiaráin. Ach tá chuile chosúlacht ar an scéal, go raibh ábhair eile, ar nós a spéis sna capaill, ag teacht idir é fhéin agus a chuid staidéir, agus ba é críoch a bhí ar an scéal nó go ndeachaigh sé thar nais go Coláiste De La Salle, le cúrsa na hArdteistiméireachta a chríochnu ansin.
Ba é an chéad rud eile a chuir sé roimhe nó cáilíocht a bhaint amach dó fhéin. Thug sé an Ardchathair, agus an Ollscoil, air fhéin, agus súil aige céim a bhaint amach san Eolaíocht. Bhí go maith, ach i rith na bliana sin, ar chomhairle a lianna agus a dhochtúirí, deineadh a chosa a theascadh, faoina ghlúna, agus tar éis dó tamall fada a chaitheamh ag teacht chuige fhéin arís, chuaigh sé ar ais arís chun na hOllscoile, agus d’éirigh leis sna scrúduithe dheireadh-bliana.
An chéad bhliain eile, d’athraigh sé cúrsa, agus chuaigh sé ar scoláireacht, go dtí “The National College of Physical Education” ar bhruacha na Sionna, i ngar do chathair Luimní. Luigh sé isteach ar na cúrsaí a bhí le déanamh aige sa Choláiste sin, agus bíodh go bhfuil le tuiscint uaidh, nár thaitin an Coláiste, go huile is go hiomlán, leis, ag an am gcéanna, lean sé air go dtí gur éirigh leis a dhintiúirí a bhaint amach ansin. Ba mhór an chabhair dó i ndáiríre, na cúrsaí céanna sin, nó chabhraigh siad leis spórt, agus aclaíocht de chuile shaghas, a chleachtadh le linn dó bheith ansin i Thomond College.
In áit dul i mbun a cheirde mar mhúinteoir sna hábhair a d’fhoghlaim sé, is amhlaidh a thug sé an Ollscoil air fhéin arís, le Céim Leighis a bhaint amach, rud a rinne, agus tar éis dó tamall a chaitheamh ag obair in Ospidéal na Mí, tuigeadh dó go raibh gort eile ag glaoch air, gort a bhí ag glaoch air leis na blianta fada, ach glaoch nach ndeachaigh i gcionn i gceart air, go dtí anois.
“Cén gort atá i gceist agat ansin?”
Gort an cheoil. Cad eile? Bhí fonn ceoil air ó thús, agus ba mhinic é fhéin agus a Dhaid ag canadh, amuigh i dteach na mbó, fiú. Chuir sé isteach ar chomórtaisí áirithe, agus d’éirigh leis an chraobh a sciobadh i roinnt mhaith acu, sa tslí gur ghearr go raibh ainm in airde air, mar chantóir idirnáisiúnta. Mhol na Dochtúirí Comhairleacha, a raibh aithne acu air, a aghaidh a thabhairt ar an ngort nua sin. Ní toisc nach raibh cumas dochtúireachta ann, nó bhí, ach toisc go raibh cumas iontach amhránaíochta ann, agus go raibh bua an cheoil de dhlúth agus d’inneach ann, agus mura n’éireodh leis sa bhfiontar sin, go bhféadfadh sé filleadh ar an ndochtúireacht, amach anseo.
Ghlac Ronan lena gcomhairle, agus le cabhair airgeadais uathu, agus óna gcairde, chuaigh i mbun oibre arís, le máistreacht a fháil ar amhránaíocht, agus ní gá dhom dul níos fuide leis an scéal, nó mar adeir lucht iriseoireachta….The rest is History…..
Faoin am seo, tá Ronan thart ar cheithre bliana is dhá scór agus is dócha go bhféadfá a rá, go bhfuil sé anois ar dhuine de na daoine míchumasacha is cáiliúla ar domhan, nó tá léirithe aige, go bhfuil ar chumas an daonnaí, constaicí nádúrtha dá leithéid a shárú, agus ní hé sin amháin é, ach go bhfuil ar a chumas dul i gcomórtas leis an saol mór amuigh. Agus mar bhuille scoir, ní doigh liom gur chóir dom críoch a chur leis an bpíosa seo, gan tagairt a dhéanamh dá Chreideamh, nó is rud a shoilsíonn tríd a scéal ar fad, ó thús deireadh. Tugann muid faoi deara, gur mhinic a thug sé aghaidh ar an bhFear thuas, tráth raibh sé i gcruachás, agus chomh maith le sin, gur fhill se air le buiochas a ghabhail leis i ndiaidh do an chraobh a bhaint. Is docha nach ga dom tagairt a dheanamh anseo don ocht mbonn oir deag a bhuaigh se sna Paralimpeacha, no don cheithre Chraobh Domhanda deag a ghnothaigh se sna Cluichi ceanna sin. no ni ga ach oiread tagairt a dheanamh do na Coirn no do na Comortaisi a bhuaigh se lena chuid amhranaiochta o cheann ceann an domhain. Sea, mh’anam, ta Ronan molta agus mise i mo thost.
An-leabhar, an-leamh, e corraitheach, comharsanuil, cuideachtuil, carthannach. B’fhiu go maith do dhuine ar bith e a leamh.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Staring at Lakes.... by....Michael Harding
.
(This week we consider Michael Harding’s ‘Memoir of love, melancholy and Magical thinking’)
An tÚdar seo
Michael Harding a scríobh an leabhar seo faoi chúrsaí a shaoil fhéin agus faoi na deacrachtaí a bhí le sárú aige, le linn dó bheith ag taisteal fan bhealach seo na beatha daonna. Rugadh Micheal sa bhliain 1953, rud a fhágann go bhfuil na trí scóir sáraithe go maith aige faoi’n am seo. Bhí suim aige sa scríbhneoireacht le fada, ach nuair a bhuaigh sé duais san Irish Press, sa bhliain 1980, spreag sin go mór chun pinn é. Chaith sé seal in Annaghmakerrig freisin, ag iarraidh a scileanna scríbhneoireachta a fheabhsú. Is údar aitheanta, iriseoir, agus drámadóir é, a bhfuil cónaí air san Iarmhí agus clú saothraithe aige lena shaothar thar na blianta fada. Ball d’Aosdána é, a bhfuil trí húrscéal, mám drámaí, agus brosna d’altanna iriseoireachta, curtha ar fáil aige. Rinne sé staidéar i gColáiste na hOllscoile, Má Nuat, agus tar éis dó Céim a bhaint amach chuaigh sé le múinteoireacht tamall, ach, ar ball, d’fhill sé ar an gColáiste céanna sin mar ábhar sagairt, agus oirníodh é sa bhliain 1980. Ní ró-shásta a bhí sé áfach, leis an saol sin, agus dár ndóigh bhí air bualadh le ‘chuile ghné den bheatha daonna, ó bhreith go bás, agus chuaigh sé in achrann sna trioblóidí ó Thuaidh freisin, bíodh nár dá dheoin fhéin é. Sea, agus bhí bean dubh an ghleanna sa chúlra freisin, agus ar deireadh, thréig sé an tsagartacht sa bhliain 1985. Scríobh sé chuig a Easpag ag an am, ag míniú a cháis dó, mar seo….
Dear Bishop
“ ‘Dear Bishop, I’m off. The clerical life makes no sense to me. Goodbye’…. or words to that effect.”
Chaith sé blianta fada ansin ag iarraidh ciall eicínt a bhaint as an saol, agus as a shaol fhéin ach go háirithe. Phós sé an bhean dubh, an dealbhóir, Cathy Carman, agus bhí iníon amhain acu, Sophia, agus bíodh go raibh siad i ngrá lena chéile, agus tar éis dó chuile shórt a chur san áireamh, ach ceist an ghlantóir gréithre go háirithe. Theastaigh uaidh fhéin na soithigh a chur isteach go deas néata, ach ba é a theastaigh óna bhean nó iad a líonadh isteach, scun scan, ar mhullach a chéile, agus dá bharr sin, shocraigh an t-údar scaradh lena bhean, tamall. Ar ámharaí an tsaoil, tharla gur theastaigh óna n-iníon dul ar chúrsa go dtí an Muileann Cearr, agus chuaigh an t-údar lei, áit ar thóg sé teach ar chíos, le deis a thabhairt do Sophia freastal ar Scoil Lae ansin, ach mar sin fhéin, thagadh a bhean chuige sna deirí seachtaine.
Chaith an t-údar seacht mbliana déag ina Bhúdaíoch agus é ar thóir na heagna, feadh an ama sin. Thaistil sé an saol mór, ar thóir na heagna céanna sin agus ar thóir na síochána inmheánaí, freisin, is dócha.
Bhris ar a shláinte
Chuaigh sé thar fóir lena iarrachtaí ar shíocháin agus eagna a bhaint amach, agus ba é toradh a bhí ar an obair sin go léir nó gur bhris ar a shláinte, agus gur fágadh ar an mblár folamh é go ceann i bhfad ina dhiaidh sin, agus é tinn, tuirseach dá shaol. Ní bhfuair sé sólás ar bith i gcreideamh nó i ndóchas, agus dá bharr sin, chuaigh sé le sruth, ar feadh tréimhse, agus dár leis, ní raibh sna cúrsaí sin uilig ach lomchlár na haimidí. Ach ansin, chomh luath is a thosaigh sé ag teacht chuige fhéin arís, mhothaigh sé, ina chroí istigh, go raibh a dhúil sna cúrsaí sin ag filleadh air arís, sa chaoi go raibh sé ag lasadh coinnle arís, agus ag líonadh babhlaí uisce freisin. Níl aon chinnteacht ar an saol seo, dár leis an údar, ach leath an ama, tá dóchas aige, agus an leath eile, imíonn an dóchas céanna sin le sruth uaidh arís. Is dócha go bhféadfá a rá, nár éirigh leis an gCríostaiocht ná leis an mBúdachas tart a anama a chlaoi. Ach sásaíonn ‘Machtnamh’ agus ‘Cónaí sa Nóiméad’ é, ach iad sin a chleachtadh go haireach, le ciall a bhaint as an meascán mearaí a chránn aigne agus anam an duine daonna.
Is suimiúil an scéal atá le hinsint ag an údar seo, ag Michael Harding. B’fhéidir gur mhaith leat tabhairt faoi?
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
(This week, I mBéal an Phobail casts a critical eye on certain policies that might be changed, going forward!)
Peadar Bairéad
Bus eile chugainn, ar ball !
Is dócha gur chuala chuile dhuine againn, agus fiú madraí an bhaile fhéin, go bhfuil cead tugtha dóibh fhéin feasta, ag ár nAirí Rialtais, leas a bhaint as na Lánaí Bus, agus iad ag taisteal ina mótair mhóra, ar ár sráideanna, rud a léiríonn don ghnáthshaoránach, nach gnáthshaoránaigh iad na hAirí Rialtais chéanna sin, as seo amach. Táid na hAirí céanna sin den tuairim anois, go bhfuilid céim níos airde ná an gnáthshaoránach. Cé dúirt leo go mbeadh vótóirí na tíre seo sásta an ceart sin a bhronnadh orthu? Is dócha gur tuigeadh dóibh, go raibh siad ag labhairt thar ár gceann, sa chás seo, agus go raibh siad beag beann ar mhogaill an dlí. Chuile sheans anois, nach mbeadh na vótóirí sásta a leithéid de cheart a bhronnadh orthu, nó más uathu rialacha cearta tráchta a dhréachtú agus a rith, bhuel, ansin, nár chóir dóibh úsáid a bhaint as na sráideanna sin, cosúil le chuile ghluasteánaí eile, ionas go bhfeicfeadh siad na fadhbanna atá le scaoileadh, agus na rialacha ar chóir dóibh a rith, leis na deacrachtaí céanna sin a shárú. Níor cheart caoirigh a dhéanamh de dhream amháin, fad is a ghlactar leis nach bhfuil sa chuid eile againn ach gabhair mheigeallacha!
Ar mo Chapall Maide dhom
Agus ó tharla anois mé ag marcaíocht thar na claíocha ar mo chapall maide, táim den tuairim freisin, nár chóir lab mór airgid a thabhairt dár dTeachtaí, nó dár nAirí, ach oiread, mar phá, nó mar phinsean, feasta. Anois, ná ceap nach mbeinn sásta Cothrom na Féinne a thabhairt dóibhsean, chomh maith le duine, ach níor chóir dul thar fóir leis. Ba chóir an teacht isteach a bhíonn ag a leithéidí i dtíortha eile a iniúchadh, agus ansin, ag cur chuile shórt san áireamh, ba chóir teacht ar phá cothrom don phost. Anois, déarfadh duine, b’fhéidir, go bhfuil costaisí troma, neamhghnácha, le glanadh ag na Teachtaí agus ag na hAirí, agus sa chás sin, d’fhéadfaí an cleas céanna sin a imirt athuair, agus breathnú ar na costaisí a íoctar dá gcomhleacaithe i dtíortha eile, agus ansin arís, ag cur chuile shórt san áireamh, d’fhéadfaí teacht ar liúntais réasúnta flaithiúla a bhronnadh orthu dá gcostaisí freisin. Is é tá á rá agam anseo nó gur chóir críoch a chur leis na labanna móra airgid a bhronntar orthu i láthair na huaire seo, bíodh go bhfuil tús curtha ag ár Rialtas reatha, cheana féin, le srian eicínt a chur ar stail fhiáin a gcostaisí agus a bpá, ach tá an oiread sin de na liúntaisí ann, agus roinnt acu ag dul thar fóir, go dtógfaidh sé tamall maith le laincis a chur ar a mbunús, fiú. Agus, ó tharla go bhfuil an píosa seo á chur i dtoll a chéile agam seachtain roimh lá an Bhuiséid, beidh sé spéisiúil a fháil amach ansin, cé chomh díograiseach is a bheidh an Rialtas, agus iad ag dul i mbun na hoibre céanna sin. Beidh sé spéisiúil freisin, féachaint an mbeidh siad ag druidim i dtreo teorainn a chur le leibhéal an teacht isteach a íocfar leo siúd a chaitheann a laethe i mbun seirbhís an Stáit. Sea, agus mo dhearmad! Céard faoi na pinsin fhlaithiúla a íoctar le seirbhisigh seo an Stáit? Sea, agus sin á n-íoc doibh, cuma cén cineál seirbhíse a chuireadar ar fáil dó. Sea, agus céard faoi na labanna airgid a thugtar mar shíntiús láimhe dóibh, ar dhul ar scor dóibh? Ó! lig dom! Caithfear tamall maith a chaitheamh ag iarraidh na giorraithe seo uilig a chur sa phóna! Ach, beidh muid sásta má fheiceann muid iad ag cur tús fhéin, fiú, leis an ngnó riachtanach sin.
Sinne agus an Vatacáin
Agus ó tharla ag clamhsán mé, céard faoi chaidreamh taidhleoireachta eadrainn fhéin is an Vatacáin a athnuachan? Nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fiú, nár theastaigh ó bhunús phobal na tíre seo, an caidreamh céanna sin a bhriseadh? Scríobh mé anseo cheana faoi bheart úd an Rialtais, nuair a dhún siad ár nAmbasáid ghradamach sa Roimh, agus bhí mé den tuairim ansin, nár luigh an beart céanna sin le réasún, toisc nach raibh cúis sách trom againn in aghaidh iompar na Vatacáine i leith neamhspleáchas nó dlíthe an Stáit seo. Cuireadh ceisteanna orthu. Thugadar freagra ar na ceisteanna céanna sin, agus bíodh gur cheap a lán go mba fhreagraí sásúla iad, ba é céad rud eile a tharla nó gur dúnadh ár nAmbasáid sa tSuí Naofa. B’fhéidir anois go bhfuil an t-am tagtha le hathchuairt a thabhairt ar an gcinneadh sin. Agus le tine a lasadh faoi’n mbeart sin, nár chóir a chur san áireamh go bhfuil Ceiliúradh cheithre scór le déanamh, an bhliain seo chugainn, ar Chomhairle Eochairisteach na bliana 1932, agus nach dtugann sin deis faoi leith ag an Rialtas an claí dioplómaitiúil sin a dheisiú, agus cuireadh speisialta a thabhairt don Phápa fhéin teacht ar chuairt oifigiúil chun an Stáit seo, i rith an Cheiliúrtha sin? Ní gá a thuilleadh a rá faoin ábhar conspóideach sin, nó ní tráth cainte é feasta, ach tráth gnímh.
B’fhéidir go bhfuil mo sháith ráite agam don turas seo!
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
The House of Special Purpose…………2009
By
John Boyne……………………………………£14.99
.
Scéal Corraitheach
Mar bhronntanas a fuair mé an leabhar seo, ar na mallaibh, agus déanta na fírinne, is fada an lá ó léigh mé leabhar chomh corraitheach leis. John Boyne a chuir an leabhar breá seo i dtoll a chéile. In Éirinn a rugadh is a tógadh an t-údar seo, a bhfuil sé húrsceal curtha dhe aige, cheana féin, agus an leabhar mór-ráchairte, The Boy in the Striped Pyjamas, ina measc. Tá fáil ar a úrscéalta i gcúig theanga is triocha, faoin am seo. Tá cónaí ar an údar ildánach seo i mBaile Átha Cliath. Ach le filleadh ar an leabhar corraitheach seo…..
Tosaíonn an scéal seo sa bhliain 1981, agus príomhcharachtar an scéil, agus fear inste an scéil freisin, Georgy Daniilovich Jachmenev, ag dul siar ar bhóithrín na smaointe. Nach ait mar a chuireann sé chun bóthair siar…
“My mother and father did not have a happy marriage. Years have passed since I last endured their company, decades, but they pass through my thoughts almost every day for a few moments, no longer than that..”
Bóithrín na Smaointe
Tá sé ina sheanfhear anois, é dhá bhliain is ceithre scór d’aois. Insíonn sé dúinn faoina thuismitheoirí, faoina óige, faoina shaol i seirbhís an Sáir, mar chaomhnóir ar Alexei, an Sárevich, agus faoi thréimhse na réabhlóide, nuair a scriosadh an tsean-ré, agus nuair a d’éalaigh Georgy ó thír a dhúchais. Níor fhill sé ar an dtír sin riamh ina dhiaidh sin. Ní hionann sin is a rá nach smaoiníonn sé orthu, corruair…
“It has been more than sixty years since I last laid eyes on any member of my blood family. It’s almost impossible to believe that I have lived to this age, eighty-two, and spent such a small proportion of my given time among them……….”
D’fhág sé na seanlaethe ina dhiaidh, agus thug aghaidh ar an saol mór amuigh. Tréimhse i bPáras na Fraince, agus an chuid eile dá laethe i Londain Shasana. Phós sé Zoya i bPáras, agus mhaireadar ar scáth a chéile ón lá sin anall. Ach, tháinig ailse ar Zoya, agus faoin am áirithe seo, tá sí do-leigheasta, agus í ag fanacht go foighdeach ar Ridire an Chorráin. Cuireann sé críoch lena thuras sin siar bóithrín na smaointe…
“Of course, I was not always this old and weak. My strength was what led me away from Kashin. (a bhaile dhuchais) It is what brought me to Zoya in the first place.”
Seolann an smaoineamh sin siar go laethe a óige é, siar go háirithe, go dtí an bhliain, 1915.
Ré na Sár
Is é cúlra stairiúil an scéil seo, nó Rúis na Sár, ón mbliain 1915 i leith. Ba é an Dara Nioclás, Sár na Rúiseanna uilig, a bhí i gcumhacht, ag an am, agus an tír ollmhór sin sáite go dtí na cluasa i gcogaíocht, thart ar an mbliain chinniúnach úd, 1915. Tharla ag an am sin, go raibh príomhcharachtar an scéil seo, Georgy Daniilovich Jachmenev sé bliana déag d’aois, agus é ag cur faoi in áit a dtugtaí Kashin air. Tharla ag an am sin díreach, go raibh colceathair an tSáir, An Diúc Nioclás Nicolaievich, ar a bhealach go dtí Palás an Gheimhridh, i St. Petersburg, príomhchathair Ríocht na Rúise, ag an am. Ar a bhealach trí Kashin, rinne cara Georgy iarracht ar an Diúc a lámhach, ach d’éirigh le Georgy an Diúc a shábháil trí theacht sa mbealach, d’aon ghnó, idir an Diúc agus an piléar, agus ba é toradh a bhí ar an ngníomh misniúil sin, nó gur crochadh a chara, agus gur tógadh Georgy fhéin go St. Petersburg, le bheith ina chosantóir pearsanta, nó ina chaomhnóir, ag an Sárevich Alexei, nach raibh ach ina ghasúr, d’aon bhliain déag, ag an am.
Níl dabht ar domhan, ach gur chuir a ghníomh cróga i Kashin, an lá úd, cor ina chinniúint, nó ón lá sin amach, níor leag sé spág leis ar thalamh Kashin go deo arís, nó níor chas éinne dá mhuintir leis, tiomanta dá dheirfiúr, Asya, a thaistil chomh fada le St. Petersburg, ag súil go mbeadh a deartháir ábalta post eicínt a fháil di san Ardchathair. Ach ní raibh. D’éirigh go maith le Georgy sa Winter Palace, agus bhí saol i bhfad níos fearr aige ann, ná mar a bhí ag a mhuintir, thiar ag an mbaile. Ní mhaireann an rith maith ag an each i gcónaí áfach, agus ba é an dála céanna ag Georgy s’againne é, nó i ndeireadh na dála, chuir na Bolsheviks cos i bpoll leis an Sár agus lena chlann, taobh amuigh d’Anastasia, an iníon ab óige den ál. D’éirigh le Georgy cúnamh a thabhairt di éaló óna naimhde, agus an choigríoch a thabhairt uirthi fhéin, agus i gcás Georgy fhéin, d’éirigh leis-sean Páras na Fraince a bhaint amach, áit ar chaith sé blianta, ag obair i siopa leabhar, agus áit ar phós sé a chailín bán, Zoya.
I Londain Shasana
Ar ball, thréigeadar beirt Páras, agus thugadar Londain Shasana orthu fhéin, áit ar shocraigh siad síos, agus áit ar chaith siad an chuid eile dá saol. Fuair Georgy post mar leabharlannaí, i Leabharlann Iarsmalann na Breataine. Bhí iníon amháin orthu, ach fuair sise bás, ach d’fhág mac ina diaidh. I ndeireadh a laethe thiar, tráth a raibh na ceithre scór bailithe ag Georgy, bhuail an ailse Zoya, ach shocraigh sí ar dhul ar thuras, sár a bhfaigheadh sí bás, turas siar ar thír….
Ach, le tuilleadh eolais a fháil faoi dturas, agus faoi chúrsaí saoil na beirte sin, sea, agus faoi rún diamhair an scéil fhéin, tá faitíos orm go gcaithfidh tú an leabhar a fháil agus a léamh, ach geallaimse dhuit é, nach mbeidh a chathú sin ort, nó tá an leabhar seo ar cheann de na leabhair is fearr, agus is spéisiúla dár léigh mé fhéin, le fada an lá.
.