le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
M i s e a n S a n t a B a r b a r a .
*********************************
Ba é Junipero Serra, Aspal Chalafóirnia, a shocraigh ar Mhisean a bhunú i Santa Barbara, a chéaduair, bíodh nárbh eisean a thóg, i ndeireadh na dála, ach a chomharba, Padre Lasuén, a rinne an beart sin sa bhliain 1786. D’éirigh go breá le Misean Santa Barbara ó thús, agus faoi dheireadh an ochtú haois déag, bhí taiscumar, trí ghráinseach, siopa leathair, ceárta, agus stórais, tógtha acu timpeall an Mhisin, agus faoin am sin freisin, bhí thart ar 800 clann Indiach, de Threibh Chumash, ina gcónaí, agus ag saothrú leo, sa Mhisean sin. Tríd na blianta sin go léir, níor iompaigh a dtaoiseach,Yanonali, ina Chríostaí, ach ar deireadh thiar thall, sa bhliain 1787, baisteadh ina Chríostaí é, agus tugadh Pedro air. Bhásaigh sé sa bhliain 1805, agus é ocht mbliana is trí scór d’aois.
D’fhás an Misean sin Santa Barbara as cuimse cumhachtach, agus saibhir, agus é d’aidhm acu, an saibhreas sin uilig a thabhairt ar ais do na hIndiaigh, chomh luath is a bheidís siúd baiste, agus oilte ar thalmhaíocht.
Galraí an fhir ghil.
Ní mhaireann rith maith ag an each i gcónaí áfach, agus ba é an scéal céanna ag Misean Santa Barbara é, nó tharla go raibh an mí-ádh ag rith leo. Sa bhliain 1801, bhuail ráig niúmóine na hIndiaigh, agus ba iad na nuachreidmhigh ba mhó a bhí thíos leis, i ndeireadh na feide. Sea, agus fiú na hIndiaigh a tháinig slán ón niúmóine, bhuail galraí áirithe eile, a d’iompair na Spáinnigh chucu, iad, galraí a chriog a lán acu, galraí cosúil le slaghdán, bruitíneach, agus a leithéid, agus mar bharr an an gclampar, thit an ráta beireatais freisin, ina measc. Ba ghearr gur tuigeadh nár chun leas na nIndiach í an Chríostaíocht.
……Laige is Gabháil……
Faoin mbliain 1820, bhí Misean Santa Barbara ag titim ar gcúl, agus ar ball, nuair a ghabh na Meicsicigh seilbh ar Chalafóirnia, bhí caiscín an Mhisin chéanna sin, maraon le Misin eile na tíre, meilte. Ba ghearr gur deineadh an Misean a dhíeaglaisiú. Sa tslí sin, taobh istigh d’achar réasúnta gearr, cuireadh deireadh le cumhacht an Mhisin, agus ina áit, d’fhás sochaí nua, ina raibh na rainséirí móra, agus lucht gnó, in uachtar. Anois, ba chóir a rá anseo, gur tugadh seans do na hIndiaigh, seilbh a ghlacadh ar roinnt áirithe de thailte an Mhisin, agus dóibh siúd a thoiligh chuige sin, tugadh síolta agus stoc dóibh, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas slí bheata a bhaint amach, mar fheirmeoirí, ach, ba é críoch an scéil sin é, nó gur dhíol roinnt mhaith acu a ngabhaltais leis na rainséirí móra, agus gur cuireadh roinnt eile as seilbh, trí chaimiléireacht, agus le scéal gairid a dhéanamh de, níor éirigh, olc maith nó dona, leis an scéim sin. Tharla scaipeadh na mionéan ar Threibh Chumash Shanta Barbara, agus cailleadh an deis a bhí ann, le tír dá gcuid fhéin a bhunú thart ar an Misean sin.
……….Ré na Stát Aontaithe…….
Faoin mbliain 1847, ba leis na Stáit Aontaithe Santa Barbara. Deineadh cathair Mheiriceánach, den mbaile IndSpáinneach sin, ar an 9 Aibreán, 1850, cúig mhí sular fógraíodh Calafóirnia ina Stát. Leanadh ag baint úsáide as Séipéal an Mhisin, mar Theach Pobail, ó tógadh i dtosach é, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus deirtear, nár ligeadh don lampa sa Sanctóir dul as, ó lasadh a chéaduair é, sa bhliain 1786, agus ní focal beag nó suarach é sin, nuair a chuirtear san áireamh, a ndeachaigh an dúiche sin tríd, thar na blianta fada uilig sin. Sa bhliain 1865, tugadh an Misean ar ais don Eaglais Chaitliceach arís.
Ní haon ionadh, gur tugadh “Banríon na Misean” ar an Misean céanna seo, nó ba bheag nár bhain sé radharc na súl dínn, ar a mhéad, ar a áilleacht, ar a dhearadh.
Cuma clasaiceach atá le tabhairt faoi deara ar thosach an fhoirgnimh álainn sin, agus glactar leis an dtuairim, nach bhfuil a leithéid eile le fáil in aon cheann den Mhisean is fiche, a thóg na Spáinnigh, fan chósta Chalafóirnia, idir na blianta 1769 agus 1823. Anois, tá an taobh sin tíre an-tugtha do chreathanna talún, agus tharla gur deineadh dochar doleigheasta don Mhisean, cupla babhta, le linn a óige, agus ar deireadh, ba iad na fir a bhí i mbun tógáil an Mhisin álainn atá le feiceáil againn sa lá atá inniu ann, ná na Padres, Antonio Ripoll, agus Francisco Suner.
……..Foirgneamh Claisiceach…….
Bhí spéis thar na bearta ag an bPadre Ripoll in ailtireacht na Rómhánach, agus tharla go raibh ailtire Rómhánach, Vitruvius Polion ann, a d’fhoilsigh saothar, sa bhliain 27 BC. “Sé Leabhar na hAiltireachta” a bhaist sé ar an saothar céanna sin. Tháinig Ripoll ar an saothar sin, agus ní shásódh tada é, ach dearadh le Polion do Theampall Páganach, a réaladh ansin i Misean Santa Barbara, agus rinne, agus gan dabht ar domhan, tá a shliocht sin ar an Misean céanna, go dtí an lá atá inniu ann, nó tá dearadh Gréag-Rómhánach le léamh air, ó bhun go barr. Chuir méad an fhoirgnimh ionadh orainn freisin. Os a chomhair amach, tá scairdeán álainn Múrach le feiceáil fós, agus taobh thiar den Mhisean, éiríonn sléibhte áille bánghorma Santa Barbara, agus iad ag ceapadh áilleacht an fhoirgnimh, i bhfráma ollmhór na timpeallachta.
Isteach linn. Ba chosúil le hIarsmalann é. Bhí seomraí ansin agus iad leagtha amach díreach mar a bhídís, i laethe an Mhisin. Anseo, d’fheicfeá seomra leagtha amach faoi mar a bheadh seomra sagairt. In áit eile, tá saotharlann le tabhairt faoi deara, agus uirlisí agus saothar na gceardaithe Indiacha le feiceáil ansin ag an turasóir.
……Turas an Mhisin……
Thóg sé cupla uair a chloig orainne, turas an Mhisin a thabhairt, agus dár ndóigh, ba é ba mhó a chuaigh i gcionn orainn, nó an séipéal. Ní séipéal beag nó suarach atá i gceist anseo againn, ach séipéal mór, atá céad seasca is aon troigh, ar fad, fiche seacht troigh, ar leithead, agus dhá throigh is daichead, ar airde. Seasann an dá Thúr ochtó seacht troigh os cionn leibhéal na talún. Chuir maisiú agus ornáidíocht an tséipéil chéanna sin ionadh nár bheag orainne, nó bhí idir dhealbha agus phictiúir ansin, le croí agus anam an adhraitheora agus an chuairteora, a ardú, agus a spreagadh. Ach, thar aon rud eile, ba é ba mhó a chuaigh i gcionn orainne, nó na dealbha móra, ealaíonta, inchreidte a bhí le feiceáil againn i gceann de na taobhshéipéil. Bhí beogacht, inchreidteacht, agus fírinne dochreidte, le tabhairt faoi deara iontusan nach bhfeictear ach go hannamh in obair ealaíonta dá leithéid. Bhí ceann acu thar barr ar fad. Ba é a bhí á léiriú sa cheann sin, nó Íosa ag lorg dí ar an mbean Samáireach. Beag nach bhféadfá a gcomhrá a chlos!
Ar deireadh, bhíomar amuigh faoin aer arís, agus ualach asail de chuimhní bailithe, stóráilte againn, cuimhní a ghealfadh cibé laethe gruama, dorcha, a bhí os ár gcomhair amach, sa todhchaí.
.
***************
Peadar Bairéad.
***************
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
A Chaitríona, a chara,
B’fhéidir go ndéanfadh seo cúis? Mura n-oireann sé, cuir scéala chugam arís, agus déanfaidh mé é a leasú, tuilleadh. I dtaobh phictiúr a raghadh leis an alt seo, bhuel, céard faoi phictiúr den tSuipéar Deiridh?
Beir bua agus beannacht
ó
Peadar Bairéad.
Iarscríbhinn……Más Apple atá á úsáid agaibh, tabhair faoi deara, gur Rich Text Format atá á úsáid agam sa phíosa seo.
Peadar.
.
.
Aifreann Domhnaigh I gCalafóirnia .
.
****************************
Ní raibh ach cupla lá caite againn thall i gCalafóirnia, ag an am, ach ó tharla gurbh é an Domhnach a bhí ann, shocraíomar ar dhul chun an Aifrinn in Oceanside, i Halla St Margaret, Halla a bhí thart ar thuras leathuaire uainn. Shroicheamar an Halla sin in am tráth, agus bíodh go bhfuil an Halla céanna sin breá fairsing, ag an am gcéanna, níl aon chóras aer-oiriúnaithe ann, rud a fhágann go n-éiríonn sé diabhalta te, le linn na searmanas. Ar aon chuma, roghnaíomar fhéin suíocháin, thiar i gcúl an Halla, rud a d’fhág, go raibh neart spáis againn, agus nár éirigh sé ró-the ar fad, ag an am gcéanna. D’fhéadfá a rá, go raibh an áit lán go doras, agus ba é an rud ba mhó a chuir ionadh orm fhéin nó an méid sin daoine óga a bhí sa láthair, agus nílim ag caint faoi pháistí anois, ach faoi dhaoine sna déaga agus sna fichidí, agus cuid mhaith acusan i mbun dualgas mar fháilteoirí, mar léitheoirí, agus mar mhinistrí eochairisteacha, freisin. Mór idir sin agus an chaoi a bhfuil cúrsaí sna séipéil s’againne! Rud eile a thabharfá faoi deara, nó an chaoi a raibh na ciníocha éagsúla measctha ar a chéile san aon phobal aontaithe amháin sin.
Canadh iomann. Buaileadh clog. Agus ansin, tháinig an sagart agus a chuid ministrí suas tríd an Halla, ar a mórshiúl chun na hAltóra. Fuair mé amach, ar ball, gurbh é an tAthair Cávana de Bhailís, an “Pastor”, a bhí mar cheiliúraí againn, an Domhnach sin, nó eisean an Sagart Pobail atá acu sa Pharáiste sin Naomh Mhaighréad. An-sagart go deo isea an Beal Feirsteach fir seo, agus meas an domhain ag a phobal thall air. Chuaigh cúrsaí chun tosaigh go breá, le linn an Aifrinn, agus ba bheag difir i ndáiríre idir Aifreann thall agus an tAifreann s’againne. Thabharfá faoi deara, b’fhéidir, go bhfuil difir bheag idir Chomhartha na Síochána thall agus an chomhartha a mhalartaítear abhus, nó is minic a bhíonn barróga agus póga i gceist acu thall, áit nach mbíonn i gceist againne ach an craitheadh lámh. Arís, le linn an “Ár nAthair” beireann gach duine den phobal greim láimhe ar na daoine taobh leis, agus ardaítear na lámha ansin, faoi mar a ardaíonn an sagart a lámha-san, ag guí na Paidre diaga sin. Taobh amuigh de sin, canann an pobal iomainn, rud nach dtarlaíonn anseo go ró-mhinic, agus ní fhéadfá, dár liomsa, a mhilleán sin a leagan ar an bpobal! Tá difir mhór amháin eile idir na hAifrinntí anseo, agus na hAifrinntí thall, agus sin go mbíonn na hAifrinntí s’againne críochnaithe, taobh istigh de leathuair a chloig, fad is a mhaireann na hAifrinntí thall, thart ar uair a’ chloig, ar a laghad.
Cad is cúis le sin? a d’fhiafródh duine, b’fhéidir.
Bhuel, cuireann na hiomainn le fad na hócáide, ach, sé an rud is mó a chuireann leis an am sin, nó fad na seanmóra. Maireann an tseanmóir thall, thart ar leathuair a’chloig, áit a mhaireann bunús na seanmóirí abhus, thart ar chúig nóiméad, nó mar sin. Bhuel, b’in mar a tharla an chéad Domhnach a chaitheamarna thall, ar aon nós, agus anois, ar eagla go gceapfá, go raibh mé ag lochtú an Athar Cávana, caithfidh mé a rá anseo, gur thug sé seanmóir ar dóigh uaidh. Labhair sé go díreach leis an bpobal, agus thuigfeá láithreach, go raibh ag éirí leis dul i gcionn orthu. Sea, mh’anam, agus níorbh éasca in aon chor an t-ábhar a roghnaigh sé don ócáid. Mistéir na hEochairiste, a bhí idir chamáin aige, agus an chaoi ar cheangail an Tiarna ithe agus ól, bia agus deoch, arán agus fíon, lena láithreacht fhéin in ár measc, agus díreach mar a thugann bia agus deoch beatha don chorp, don tsaol seo, sa tslí chéanna, tugann fuil agus feoil an Tiarna beatha d’anam an duine, don tsaol atá le teacht.
“Amen, Amen, adeirim libh, mura n-ithe sibh feoil Mhac an Duine,
agus a chuid fola a ól, ní bheidh beatha agaibh ionaibh.”
Sea, mh’anam, níor fhág an Tiarna amhras ar bith ar a lucht éisteachta, níor chuir sé fiacail ann, ach é á rá amach go neamhbhalbh, suas chun a mbéal é! Níl aon éaló ón méid adúirt sé lena lucht éisteachta ansin. Bia agus deoch, fuil agus feoil, lón beatha curtha ar fáil dúinn, sea, bia don aistir, bia don tsaol nua spioradálta a bhí á gheallúint aige dá lucht éisteachta. Fanfaidh cuimhne na seanmóra sin liom, go leagfar na hordóga orm, bíodh go raibh mé, ag an am gcéanna sin, ag barcadh allais, i dteas neamhghnách Halla úd Naomh Maighréad.
.
***************
Peadar Bairéad.
*****************
.
.
.
.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Saolta ag athrú
Peadar Bairéad
.
Nuair a thosaigh mise ag freastal ar sheirbhísí eaglasta, i dtriochaidí na haoise seo caite, glacadh leis ag an am sin, go mbeadh chuile dhuine ar an mbaile ar an bhfód in éineacht leat, ar ócáidí dá leithéid. Ó cinnte, bheadh an corrsheanduine fanta sa bhaile, de bharr tinnis nó a leithéid, agus bheadh ar dhuine as chuile theach, b’fhéidir, agus ar a sheal, fanacht sa mbaile freisin, le haire a thabhairt do na rudaí beaga, ach thairis sin, d’fhéadfá cnaipe a chur le duine ar bith, go mbeadh an chuid eile den daonra i láthair sa tSéipéal do na seirbhísí céanna sin. Ba é cúis a bhí le sin nó go raibh chuile dhuine acu gafa faoi chuing na hEaglaise, agus é umhal dá rialacha. Dá bharr sin, bhíodh chuile shéipéal acu ag cur thar maoil, chuile bhabhta, agus minic go leor d’fheicfeá scuaine fiú, taobh amuigh den doras, toisc, de ghnáth, nach raibh spás dóibh ar an dtaobh eile den doras céanna sin.
Céard ba chúis leis na hathruithe uilig
D’imigh sin áfach, is tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, is beag an baol atá ann go mbeadh séipéal ar bith acu sin ag cur thar maoil, nó mórán thar leath-lán fhéin fiú. Is cuimhin liom fhéin, nuair a tháinig mé go Cill Chainnigh den chéad uair, i lár na seascaidí, bhíodh na séipéil lán go scóig ag na hAifrinntí, chuile Dhomhnach. Sa lá atá inniu ann, is annamh a d’fheicfeá a leithéid, taobh amuigh de na Féilte móra Eaglasta, cosúil leis an gCáisc agus an Nollaig. Nílim ag rá anois go bhfuil titim uafásach tagtha ar líon na ndaoine a théann ar Aifreann chuile Dhomhnach anseo sa Chathair s’againne, mar nil, agus tá aithne agam ar bhailte móra, thíos faoin tír, agus tá an scéal i bhfad Éireann níos measa iontusan, ó thaobh freastal ar Aifrinntí. Níl fúm baile mór ar bith acusan a lua anseo, ach tá cuid de na bailte sin i gcuid den tír, ina mbeifeá ag súil lena mhalairt uathu.
Cúlú mall
Céard a tharla in aon chor, má sea? nó céard ba chúis leis an dtitim tubaisteach sin i bhfreastal ar Aifreann sa lá atá inniu ann? Is dócha nach bhfuil freagra cruinn ag duine ar bith ar an gceist chéanna sin, ach nach féidir linn uilig, buille faoi thuairim a thabhairt?
Ar an gcéad dul síos, ní fás, nó meath, aon oíche atá i gceist anseo. Ní hea, mh’anam, ach cosúil le meirg, is amhlaidh a thosaigh sé, de réir a chéile, agus d’fhás go mall réidh, sa chaoi gur tháinig sé aniar aduaidh orainn uilig, nó bhíomar ag ceapadh go n-athródh cúrsaí, agus go dtosódh daoine ag filleadh ar na séipéil arís, ach ba é “Súil Uí Dhubhda le hArd na Rí” againn é.
Bhí fórsaí ollmhóra ag obair inár measc, mar phobail, faoin am sin, fórsaí cosúil le teilifís, raidió, nuachtáin, agus irisí, cumarsáid ar an toirt, mar a déarfá, rud a d’fhág gurbh iad na guthanna ba challánaí, agus ba bhagraí, a chuaigh i gcionn ar an slua, agus go hiondúil, ba dhaoine iad sin freisin, a raibh greim docht daingean acu ar na modhanna nua-aoiseacha cumarsáide. Níor leor a rá le daoine feasta, go raibh daoine oilte, léannta, naofa, cosúil le Tomás Aquinas, nó Albertus Magnus, nó Aibhistín, nó Treasa Naofa fiú, den tuairim, go raibh bealach cinnte slánaithe le fáil san Eaglais s’againne. Sea, ach déarfaidís leat, nár aontaigh an láithreoir teilifíse seo, nó an t-iriseoir úd, leis an gcineál sin réasúnaíochta. Diaidh ar ndiaidh, tharla gur lagaíodh údarás múinte na hEaglaise, agus de réir mar a fuair chuile dhuine sláimín eicínt den oideachas, tháinig daoine den tuairim, go raibh níos mó ná bóithrín amháin go Dún Dé. Bhí fórsa eile ag dul i gcionn ar an bpobal freisin, agus b’in an sparán teann, nó nuair a bhreathnaíonn tú air, tabharfaidh tú faoi deara, go maolaítear ar chleachtadh an chreidimh, de réir mar a mhéadaítear ar fháltas na muintire.
.
Athbhaisteadh !
Ach ní haon mhaith bheith ag caoineadh agus an anachain déanta. Tharla a leithéid. Ní féidir linn cúl a chur ar na blianta. Tá muid mar a bhfuil muid, faoi láthair, agus níl le déanamh againn feasta, ach ár mbealach a dhéanamh, fan bhóithrín an oilithrigh. Ach an méid sin ráite agam, is féidir a rá freisin, go bhfuil na mílte is na mílte oilithreach amuigh ansin, agus gan uathu ach gaoth an fhocail, le filleadh ar chleachtadh a gcreidimh.
Bhreathnaigh na caoirigh ocracha suas
Ach níor beathaíodh iad.
Sea, ach céard is féidir a dhéanamh leis an dtréad sin a mhealladh ar ais?
Bhuel, is é an chéad rud atá le déanamh againn nó breathnú ar na daoine atá ag freastal ar na hAifrinntí, faoi láthair, agus chuile iarracht a dhéanamh, a fháil amach, céard é go díreach a mheallann chun na hEaglaise iad, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh.
Tosaigh arís
Dá mbeinnse fhéin im Shagart Pobail anois, dhéanfainn mar a rinne an tAthair Ó Conaola linne, blianta fada ó shoin, ag Misean i bParóiste na Cille Móire, in Iorras, agus b’in chuile bheart a dhéantar le linn an Aifrinn a mhíniú don phobal, agus chomh maith le sin, a chur i dtuiscint dóibh, céard ba cheart dóibhsean a dhéanamh, le tairbhe iomlán a bhaint as ceiliúradh an Aifrinn.
An dara rud a dhéanfainn nó, uimhir áirithe iomainn a chur á gcanadh, le linn an Aifrinn. Ní roghnóinn ach trí, nó ceithre cinn, agus bhainfinn úsáid as na hiomainn chéanna sin, chuile bhabhta, ar feadh bliana, nó mar sin. Bheadh iomann áirithe againn á chanadh agus an sagart ar a bhealach chun na haltóra. Dhéanfadh véarsa nó dhó cúis. ansin, bheadh iomann eile againn i ndiaidh an Choisricthe, ag fáiltiú roimh an Tiarna in ár measc, agus bheadh ceann eile againn, a chanfaí agus an sagart ar a bhealach chun an éardaimh, i ndiaidh an Aifrinn. Taobh amuigh de sin, d’fhéadfaí iomann eile a chanadh le linn na Comaoineach, nó fiú, d’fhéadfaí ceol oiriúnach a sheinm, in áit iomainn, ag an am sin.
Ní dóigh liom, go gcabhraíonn sé le héinne, rás a dhéanamh den cheiliúradh, ach oiread, nó thuigfeadh an pobal óna leithéid, nár ró-dháiríreach an ceiliúradh a bhí ar siúl agam, agus chaillfinn cuid acu dá bharr, b’fhéidir.
Gafa i gCumhacht arís
Agus sa tríú háit, chuirfinn an pobal i mbun gnímh, chuile Dhomhnach. Dhéanfadh cuid acu fáilte a chur roimh an bpobal, bhaileodh cuid eile acu na bailiúcháin, léifeadh na léitheoirí na ceachtanna, agus thabharfadh Ministrí na hEochairiste an Chomaoineach don phobal, agus ghlacfadh siadsan uilig páirt sa mhórshiúl chun na hAltóra, agus chaithfidís éide faoi leith, sa chaoi go mbeadh a fhios ag cuile dhuine cén gnó a bhí le déanamh acu le linn an cheiliúrtha, agus nach teaspántas faisin a bhí ar siúl acu.
Agus le críoch a chur leis an mbeartas seo, dhéanfainn rud amháin eile, agus sin cuairt a thabhairt ar chuile theach sa pharáiste, ar a sheal, ach chomh minic is a d’fhéadfainn, ar mhisean soiscéalaithe. D’fhágfainn cúrsaí airgid faoi ghrúpa faoi leith, agus mar an gcéanna le tógáil, le hathnuachan, agus le maisiu séipéil agus scoileanna, nó is graithí iad sin don phobal frí chéile, mar nach leosan an paráiste? agus ní bheadh ionnamsa ach seirbhíseach, le buanna agus beannachtaí na hEaglaise a bhronnadh agus a dháileadh orthu. Sa tslí sin, bheinn ag súil go dtiocfadh méadú ar ghrásta Dé i measc an phobail, agus dá dtarlódh a leithéid, níl dabht ar domhan ach go dtiocfadh fás agus bisiú ar phobal an pharáiste freisin. Fiannaíocht, nó Fianaise? Cur i gcéill, nó croí na dáiríreachta? Caithfimid rogha a dhéanamh feasta, nó tá an iomarca daoine sásta fanacht ar an gclaí, sa lá atá inniu ann. Fútsa atá sé feasta a Chríostaí……………
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
The Storyteller
by
Jodi Picoult
—————————————————————————–
Scéal Sage Singer
Peadar Bairéad
Ní hé seo an chéad úrscéal a shil ó pheann an údair sciliúil seo, Jodi Picoult, nó tá clú agus cáil idirnáisiúnta bainte amach aice cheana lena saothar liteartha, agus glactar leis anois, go bhfuil sí ar dhuine de bhanúdair cháiliúla na glúine seo. Sa leabhar spéisiúil seo, díríonn sí tóirse a taighde, agus a pinn, ar Champa Géibhinn Auschwitz i rith an dara Cogadh Domhanda, ar a mhodh oibre, agus ar a modh rialaithe, chomh fada is a bhain siad sin le daonra, agus le ceannairí an Champa scannrúil, mhídhaonna, céanna sin. Ach le díriú ar an scéal fhéin….
In aois a cúig bliana fichead, casadh Sage Singer agus Josef Weber ar a chéile, tráth raibh an bheirt acu ag freastal ar ghasra, a raibh sé d’aidhm acu cúl a chur ar a mbuairt, is ar a mbrón, iar bhás carad, nó gaoil. Cailleadh máthair Sage go gairid roimhe sin agus b’in an chúis gur tharraing sí ar an ngasra céanna sin. D’éirigh an péire sin mór le chéile, bíodh go raibh bearna de sheachtó bliain eatarthu, nó bhí Josef cúig bliana is nócha faoi’n am sin. Ó tharla go mba de shliocht Giúdach í Sage, agus ó tharla gur chaith Josef go huafásach le Giúdaigh i gCampa Géibhinn Auschwitz, mar ba dhuine de cheannairí an Champa sin é, i rith an Dara Cogadh Domhanda. Shocraigh Josef ina aigne, go n-iarrfadh sé ar Sage lámh chúnta ina bhás fhéin a thabhairt dó, nó bhí ag teip air ualach a chiontachta a iompar feasta, agus tuigeadh dó, go bhféadfadh Sage maithiúnas thar cheann na nGiúdach sin a thabhairt dó, ach is amhlaidh a thug sí cuairt ar Leo Stein, dlíodóir, fear a chaith a laethe ar thóir na Naitsithe úd a chealaigh cearta daonna na nGiúdach i gCampa Géibhinn Auschwitz. Ón bpointe ama sin amach, rinne Sage ‘chuile iarracht ar fhianaise a chrochta a bhailiú faoi Josef. Fuair sí amach, nárbh é Josef Weber a ainm in aon chor, ach gurbh é Reiner Hartmann a ainm ceart, agus go raibh sé i gceannas ar Roinn na mBan de Champa Auschwitz i rith an chogaidh, agus go raibh a dheartháir, Franz, mar cheannaire ansin freisin.
Minka agus Darija
Tarraingítear seanmháthair Sage isteach sa scéal freisin, nó nuair a bhí an tseanmháthair Ghiúdach sin, arbh ainm di Minka, ina cailín óg, ó tharla go mba de shliocht Giúdach í, seoladh í fhéin agus cara lei, Darija, go Campa Géibhinn Auschwitz. Tugann an eachtra sin deis don údar cur sios mion cúramach a dhéanamh ar mhodh oibre agus ar mhod rialaithe an Champa sin. Léiríonn sí chomh mí-dhaonna, chomh cruálach, agus chomh mór faoi smacht na gceannairí Gearmánacha, a bhí daonra an Champa chéanna sin. Ar ball, d’éirigh le Minka éaló ón gCampa, agus ar deireadh thiar, chuir sí fúithi sna Stáit Aontaithe, áit ar éirigh lei saol nua a bhunú di fhéin ansin. Rinne sise Reiner Hartmann a aithint i ngrianghraf a thaispeáin Leo Stein di, bíodh nach raibh deis aice é sin a dhearbhú os comhair chúirt dlí, nó fuair sí bás sula raibh an deis sin aice.
“Maith dhúinn ár gcionta”
Ag an bpointe sin, éiríonn ceist morálta do Sage. Theastaigh ó Josef go gcabhródh Sage leis é a chur chun báis, mar mhodh le maithiúnas a fháil ina dhrochbhearta i gcoinne na nGiúdach, ach ansin scrúdaíonn an t-údar an dearcadh sin. Tuigtear don údar nach bhféadfaí maithiúnas a thabhairt ach do dhuine a chiontódh i do choinne fhéin, agus iompaíonn sí ar an ‘Ár nAthair’ leis an dearcadh sin a chruthú, nó sa Phaidir sin, guíonn duine go maithfeadh Dia a pheacaí dó, faoi mar a mhaitheann seisean dóibh siúd a pheacaíonn ina choinne fhéin.
Ar thug Sage an chabhair sin do Josef lámh a chur ina bhás fhéin? nó ar dhiúltaigh sí dó? Ar tógadh Josef os comhair cúirte lena chiontacht a chur sa mheá agus breith chóir a thabhairt air?
Le freagra na gceisteanna sin a fháil, caithfidh tú an leabhar spéisiúil sin a fháil, is a léamh. Bheadh sé deacair locht a fháil ar stíl nó ar chur chuige an údair sciliúil sa scéal seo, agus caithfidh mé a admháil, gur chuir mé fhéin speis, agus dhá spéis, sa leabhar céanna sin, ach b’fhéidir, dá mbeinn macánta amach is amuigh, nach mó ná sásta a bhí mé leis an gcríoch a chuir an t-údar leis an scéal corraitheach seo. Céard fútsa?
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Misean Santa Ynez agus an tAthair Albert
.
An Chéadaoin, an 20ú Lúnasa, 2003
Ar ár gcois le giolc an ghealbhain an mhaidin álainn seo, agus tar éis dúinn ár mbricfeasta a chaitheamh, ba ghearr an mhoill orainn bóthar a bhualadh, nó bhí chuile shórt pacáilte againn, ón oíche roimh ré. D’fhágamar an tÓstán, thart ar a haondhéag ar maidin, agus thugamar aghaidh, ar dtús, ar Solvang. Mura mbeifeá san airdeall, b’fhurasta dul thar Solvang, gan é a thabhairt faoi deara, fiú! Ach b’fhiú do dhuine ar bith bualadh isteach ann, nó is cosúil é le baile a d’fheicfeá ar chárta poist. Ba é an chéad rud a chuaigh i gcionn orainn, nó an Muileann breá Gaoithe, gona sheolta agus eile, atá ina sheasamh, go cosantach, os cionn an bhaile, agus ansin, chuirfeadh leagan amach na dtithe fhéin ionadh ort, toisc nach den dúiche seo ó dhúchas iad, ar aon tsaghas cuma. Is baile Damhnairgeach é Solvang, tógtha le grá ag Danmhairgigh, ar bhruach an Ynez i gCalafóirnia.
Ar ball, chuamar isteach i mBialann taitneamhach, i lár an bhaile. “The Little Mermaid” a bhí mar ainm air, agus ó tharla gur chaith siad go fial linn, agus muid ar chuairt ansin i Meán Fómhair na bliana 1988, tuigeadh dúinn gur chóir dul sa tseans leo arís. Rinneamar sin, agus ní raibh a chathú orainn.
Ní raibh orainn dul ró-fhada ó Solvang, nuair a thángamar ar Mhisean Santa Ynez. Ionann Ynez, agus Úna, nó Agnes i mBéarla. Bunaíodh an Misean seo dhá chéad bliain ó shoin, ar an seachtú lá déag de Mheán Fómhair na bliana 1804, an naoú misean déag a bunaíodh fan Chósta Thiar Chalafóirnia, le freastal ar Indiaigh na tíre sin. Ach cibé faoi sin, d’éirigh thar barr leis an Misean nua sin, agus bhí ainm in airde air, ó cheann ceann Chalafóirnia, ar fheabhas a cheardaithe agus a lucht oibre. Rinne na Meicsicigh an Misean a dhíeaglaisiú áfach, sa bhliain 1836. Agus tar éis dó seal a chaitheamh mar ionad oideachais, tugadh ar ais don Eaglais é, sa bhliain 1862. Ní fhéadfá gan suntas a thabhairt do na pictiúir bhreátha atá crochta ar fhallaí an Mhisin seo, agus gan dabht ar domhan, chuir áilleacht a shéipéil sciatháin áthais ar ár gcroí. Ní gá a rá, go ndeachaigh méad agus fairsinge, na háite i gcionn go mór orainn freisin, ach ba ar ár mbealach amach a baineadh an stangadh ba mhó ar fad asainn, nó ansin, crochta ar fhalla, chonaic muid pictiúr den Chaipisíneach cáiliúil sin, an tAthair Albert Bibby. Ní gá a rá, gur bheag nár leag an grianghraf céanna sin as ár seasamh sinn. Bhí alt fada ag gabhail leis an bpictiúr, alt inar cuireadh síos ar an sagart cáiliúil sin a d’fheidhmigh mar chéad “Pastor” Caipisíneach ar Mhisean Santa Ynez, ón mbliain 1924 go dtí an bhliain 1925.. Bhuel, nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac, arsa mise liom fhéin, agus nach fada óna bhaile i gCill Chainnigh, a thaisteal an sagart cáiliúil s’againne, le dul i gceannas ar Mhisean Calafóirneach ansin i ngleann álainn Santa Ynez? Tuige, adéarfadh duine, b’fhéidir, nár fhan sé níos faide i mbun a phoist mar Shagart Pobail, ansin i Misean Santa Ynez? Bhuel, tá’s ag fia is ag fiolar anois, go bhfuair an fear bocht bás sa bhliain chinniúnach sin 1925. Bhí tuilleadh le léamh i ngearrthóg eile ansin, ag cur síos ar na searmanais a lean a bhás agus a shocraid ansin, i bhfad ó bhaile, i gCríocha Chalafóirnia. Bhí cur síos ar an óráid bhreá spreagúil a thug Seán T. Ó Ceallaigh uaidh, agus é i láthair ar an bhfód ansin, lá na lice. Mhol sé an tAthair Albert go spéartha nimhe, as a spioradáltacht, as a náisiúntacht, as a dhílseacht dá phobal fhéin, agus as an bpáirt tabhachtach a ghlac sé in Éirí Amach na Cásca i mBaile Atha Cliath, sa bhliain 1916. Ní call dom a rá, gurbh é an Seán T. céanna sin, a bhí mar Uachtarán ar an Stát s’againne, ar ball.
Nuair a bhí ár gcuairt ar an Misean críochnaithe againn, agus muid amuigh i siopa na gcuimhneachán, cheannaigh mé fhéin cupla leabhar, le scéal an Mhisin a athchruthú dhom, nuair a bheadh cúrsaí na cuairte dearmadta, cuid mhaith, agam. Chuir mé ceist ar an mbean a bhí ag freastal orm.
“An bhfuil aon chuimhne fanta in bhur measc ar shagart Eireannach, a chaith seal anseo, thart ar an mbliain 1925?” Arsa mise.
“Cén t-ainm a bhí air?” Ar sise.
“An tAthair Albert,” arsa mé fhéin, á freagairt.
An é “our Father Bibby atá i gceist agat” ? ar sise.
“An fear ceannan céanna,” arsa mé fhéin.
Ag an bpointe sin, chuir bean eile a ladar isteach sa scéal, go múinte, béasach.
“Fuair sé bás anseo sa bhliain 1925,” ar sise, “agus cuireadh anseo é. B’ócáid mhór a shochraid, agus tháinig daoine mór le rá ó Éirinn, le bheith ar an bhfód don adhlacadh. Níor fágadh anseo inár measc é, áfach, nó chomh fada agus is cuimhin liom, tógadh a chorp abhaile go hÉirinn, sa bhliain 1958, lena athchur i measc a Bhráithre fhéin, ansin.”
“Bhuel,” arsa mé fhéin leo,” b’as Cill Chainnigh don Athair Albert, agus tháinig mé fhéin ar chuairt chugaibh ón gCathair chéanna sin, agus is mór an tógáil croí domsa, go bhfanann cuimhne an tsagairt sin beo in bhur measc fós.”
“Thuill sé ár gcuimhne,” ar siadsan, dom fhreagairt.
D’fhágamar Misean Santa Ynez inár ndiaidh, ceann de na Misin is suimiúla, agus is mó a théann i bhfeidhm ar an gcuairteoir fiú, sa lá atá inniu fhéin ann, agus thugamar an bóthar orainn fhéin arís.
.
Peadar Bairéad.
******************
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.