Chloe…Irish Games.

Chloe…Irish Games.

Hi there! Chloe,

Old Irish games…..How about…Meig, Meig, Maaaa….

Thart a’ bhrog.

Fidnín or Rounders,

Iománaiocht…as old as Cuchulainn himself!!!

etc.

Hope that helps….

Dada.

                                 .

.

Chloe…Irish Games.

Copy of Inne agus Inniu

Bóithrín na Smaointe

Peadar Bairéad

Cuimhní

Is dócha gur dual don tseanduine bheith ag dul siar de shíor ar bhóithrín anacair casta na smaointe, agus ní taise dom fhéin é. Ach faoi mar adeir an seanfhocal, bíonn dhá thaobh ar chuile scéal, mar is féidir le duine breathnú ar thaobh amháin den scéal, áit a mbeadh chuile cheo chomh glégeal leis an gcriostal, agus d’fhéadfhadh sé breathnú ar an dtaobh eile, mar a mbeadh chuile shórt chomh dubh dorcha le pic. Nach féidir linn cruatan agus anró an tsaoil fadó a chur i gcomparáid le faoiseach agus le sáimhe an tsaoil faoi mar atá anois. Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil saol feicthe againne, seandaoine, nach bhfuil fáil, nó teacht, air a thuilleadh. Nach féidir linn uilig scéal an tsaoil sin a fháil ó na daoine a bhí suas, an tráth úd? Sea, mh’anam, agus déarfainn go raibh an saol as ar fáisceadh mé fhéin, chomh bocht, crua, anróiteach, is a bhí le fáil áit ar bith sa tír seo, ag an am.

Feirmeacha Beaga

Ar mhaith leat blas eicínt den saol céanna sin a fháil?

Go breá ar fad! déanfaidh mé mo dhícheall ar dheoch as tobar na gcuimhní a chur ar fáil duit i bpiosa na seachtaine seo, agus ó tharla gur ar fheirm a tógadh mé fhéin, déanfaidh mé iarracht ar léiriú eicínt den shaol ar fheirm bheag, i mBarúntacht Iorrais, i gContae Mhaigh Eo, a leagan os do chomhair amach anois. Ní rainsí a bhíodh ag an muintir thiar ag an am, níorbh ea muis, nó tada dá leithéid! Thart ar scór acra a bhíodh ag bunús na bhfeirmeoirí beaga thiar, ag an am, agus fiú, ní bhíodh cuid áirithe den bhfeirmín céanna sin thar mholadh beirte, nó b’fhéidir nach mbeadh ann ach bogach, nó portach fhéin, ach ansin, nuair a smaoiníonn tú air, ní bheadh ar a gcumas feirm níos mó ná sin a láimhseáil, nó ní bhíodh innealra ar bith acu, le cabhrú leo an talamh sin a shaothrú, faoi mar a dheintear sa lá atá inniu ann. Ní bhíodh de ghléasanna nó d’acraí talmhaíochta ag a mbunús, an tráth úd, ach spáid, sluasaid, speal, forc, píce, sleán, corrán, ráca, castóir, agus bráca is céachta ag an gcorrdhuine anseo is ansiúd..

Each-chumhacht!

Ach céard faoi fhuirse is treabhadh, agus tarraingt earraí, ar nós féar, móin, arbhar, plúr agus min, abhaile? Conas a dhéanaidís a leithéid?

Bhuel, bhíodh capall ag corrfheirmeoir anseo is ansiúd, agus thagadh seisean i gcabhair ar an té a bheadh ina ghátar. Ní gá a rá, go mbíodh asal ag bunús chuile fheirmeoir, agus bhaintí an-úsáid as an mbeithíoch bocht céanna sin, ar na feirmeacha beaga, ar dhein mé tagairt dóibh thuas. I gcás tarraingt na móna abhaile áfach, b’in gnó nach bhféadfaí a dhéanamh in aon lá amháin, nó thógfadh sé thart ar scór nó scór go leith de chairteacha móna, le cruach réasúnta mór a dhéanamh, agus ba é a dhéantaí sa chás sin nó leoraí, nó tarracóir, a fháil ar chíos do lá eicínt, agus thagadh meitheal de na comharsanna lena gcúnamh a thabhairt don té a raibh an mhóin á tarlú abhaile aige, agus dár ndóigh, dhéantaí an comhar sin a íoc leo siúd, ar ball, nuair a bheadh an mhóin á tarlú abhaile acu fhéin.

Bhaintí an féar le speal, agus ba é an feirmeoir fhéin a dhéanadh an gnó sin. Ní gá a rá go mba obair throm, mhaslaitheach, í an spealadóireacht chéanna sin, agus go dtógadh baint an fhéir roinnt mhaith laethe, agus bheadh gá le cúnamh ón gclann, chuige sin, nó fad is a bheadh sé fhéin ag baint an fhéir, bhíodh a bhean is a chlann ag teacht ina dhiaidh á shábháil. Ba é an scéal céanna é i gcás bhaint an arbhair. Thagadh an feirmeoir fhéin i dtosach, leis an speal, agus bhíodh beirt nó triúr ag teacht ina dhiaidh, duine ag tógáil, duine ag ceangal, agus duine eile fós ag stucadh. Sea, mh’anam, ní gá a rá, go mbíodh droim tinn ar na créatúir bhochta sin i ndeireadh an lae, sea, agus a fhios ag chuile dhuine acu, go mbeadh tuilleadh den obair chéanna sin le déanamh acu an lá dár gcionn, agus an lá ina dhiaidh sin arís. Sea, mh’anam! agus níor dhada é sin taobh leis na laethe nuair a bhaintí gort arbhair leis an gcorrán, geallaimse dhuit é!

Móin, freisin !

Agus, céard faoi bhaint na móna? Ba é an scéal diabhalta céanna arís é. Fear an tí fhéin ag baint na móna leis an sleán, agus fear eile, nó tuilleadh fiú, ag teacht ina dhiaidh, agus iad ag scaradh na móna le píce, nó uaireannta bhíodh gá le barra rotha, leis an móin a iompar amach ón bportach fhéin, go dtí an áit ina ndéantaí an mhóin sin a scaradh, agus dár ndóigh, ní raibh sa mhéid sin ach an tús, nó bhí an t-uafás eile oibre le déanamh, sula mbeadh an mhóin chéanna sin sa chruach mhóna a thógtaí, taobh leis an teach, le teas a choinneáil leis an líontí, go dtí an tráth sin, an bhliain dár gcionn.

Ní raibh os comhair an fheirmeora bhig, agus a chlann, an tráth úd, ach obair chrua, anró, agus cruatan, ó cheann ceann na bliana, seal ag cur, agus seal ag baint, ach ag an am gcéanna, caithfear a rá gur bheag duine a bhíodh ag tarraingt ar theach an dochtúra, ar bhonn rialta, sna laethe úd, agus dár ndóigh, ní bhíodh éinne ag smaoineamh ar dhul chuig síciatraí, síceolaí, nó chuig beithíoch ar bith eile dá leithéid. Ná habair liom anois nach mbeadh a ndóthain gustail acu, le beadaíocht dá leithéid a chur ar fáil dóibh fhéin, nó dá mbeadh gá dáiríreach acu lena leithéid, thiocfaí ar sheift eicínt, lena leithéid a chur ar fáil dóibh. Ach, is dócha, i ndáiríre, gurb é atá á rá agam nó, an tráth úd, nuair nach raibh sparán teann ag éinne, agus Conchúr mór sa chúinne ag a lán, go raibh an chosmhuintir lán tsásta lena ndán, agus níos mó ná sin, go raibh siad sona sásta leis an gcineál saoil a bhí acu, nó bhí tuiscint acu ar an gcineál sin saoil, bhí cleachtadh acu ar chruatan agus ar anró, agus ba chairde dóibh iad, agus dá mbeadh ar ghasúr dul ar scoil cosnochtaithe, ní chuirfeadh sé as in aon chor dó, nó bheadh roinnt mhaith cosa nochta eile timpeall air, cuma cá raghadh sé.

Chuile “Mhod Con” ……

Ach sa lá atá inniu ann, nuair atá innealra, gléasanna, agus acraí de chuile shaghas nios fearr ná a chéile, ag daoine, le cúl a chur ar an anró agus ar an gcruatan sin, agus chomh maith le sin, tá an sparán teann acu freisin, sa chaoi go bhfuil ar a gcumas, sólás agus sáimhe a sheasamh dóibh fhéin, dá dtogróidís é, sea, agus earraí brandáilte a cheannacht dóibh fhéin freisin, rud a choinneodh suas leis na comharsana iad, ach, ag an am gcéanna, ní dóigh liom, go bhfuil na daoine seo chomh sona, sásta is a bhíodh na daoine a tháinig rompu, bíodh nach mbíodh an gustal céanna acusan. Ach tá sé cinnte, nach bhfuil cleachtadh ar bith ag na daoine a mhaireann anois ar an gcruatan, nó ar an anró, a bhain leis an saol, sna seanlaethe. Nó sa lá atá inniu ann, tá flúirse ag bunús chuile dhuine, a dhóthain le n-ithe agus le n-ól aige, teach compórdach aige, éadaí galánta ar a dhroim, agus carr nua-aoiseach ina sheasamh taobh amuigh dá dhoras tosaigh ag roinnt mhaith den chosmhuintir……

Ceacht le Foghlaim?

N’fheadar áfach, an bhfuil ceacht eicínt le foghlaim againn ón scéal sin ar fad? Táid ann adéarfadh, nach ionann gustal agus sástacht, nó nach mbronnann flúirse féile, agus gur mór go deo idir chomharsanúlacht agus an sparán teann. D’fhéadfadh sláimín den cheart a bheith acu! faoi mar a deir Séimí bocht an Droichid, ar ócáid dá leithéid.

Chloe…Irish Games.

D a o i n s c o i l C o r r a i t h e a c h

.

D a o n s c o i l C o r r a i t h e a c h . 2 0 0 1 .

.

**********************

.

Thíos i dTeach na mBuitléireach a bhí an mart á róstadh, Oíche Aoine, 12 Deireadh Fómhair, 2001, nó ba ansin a cuireadh tús le Daonscoil Osraí na bliana seo. Tháinig an Scoil sin le chéile, thart ar a hocht a chlog, agus tugadh deis do dhaltaí na bliana seo seal a chaitheamh i dtosach ag seanchas agus ag comhrá. Thuig Coiste na Daonscoile gur túisce deoch ná scéal, agus bhí braoinín fíona le n-ól, agus sólaistí beadaí le n-ithe, leagtha amach ar chlár acu dúinn, le hatmosféar cairdiúil a chruthú, agus le fonn cainte a a chur ar dhaoine, sular cuireadh tús, in aon chor, le himeachtaí na bliana seo.

.

Tarraingt ar a naoi a chlog, chuir Donncha Ó Raghallaigh tús le hobair na bliana seo, agus mhínigh gurb é a bhí idir chamáin againn i mbliana nó ceiliúradh cúig bliana is seachtó de Raidió Éireann. Luaigh sé na himeachtaí a bheadh ar siúl acu don deireadh seachtaine, agus ansin, d’iarr sé ar Phádraigín Ní Dhubhluachra, Eibhlín Ní Mhaingnéir, ó RTÉ, an t-é a bhí le Daonscoil na bliana seo a oscailt go hoifigiúil, a chur in aithne don lucht éisteachta. Rinneadh sin, cé nár ghá, i ndáiríre, a leithéid a dhéanamh, tharla gur de bhunadh na háite í, agus ansin labhair Eibhlín linn. Rinne sí a gnó, cuid mhaith, trí mheán na Ghaeilge, agus léirigh dúinn, go mba chumhacht táite a bhí in RTÉ, ó thús. Chabhraígh sé le meon aontaithe a chothú sa phobal. Chuir na Stáisiúin Áitiúla go mór leis an obair chéanna sin, nuair a thainig ann dóibh siúd. Chabhraigh Raidió na Gaeltachta le pobail na Gaeltachta a tháthú le chéile freisin, ach ag an am gcéanna, rinne sé an Ghaeilge a scoitheadh amach ó thionhar an Stáisiúin Náisiúnta. Níl dabht, ar sise, ach gur thuig daoine, cúig bliana is seachtó ó shoin, go ndéanfadh an Raidió éacht, amach is amuigh, don Ghaeilge, ach ní mar sin a bhí, bíodh gur dhein an Stáisiún an-obair leis an teanga a chothú agus a fhorbairt, ach ní raibh riamh, nó níl anois, ár ndóthain Gaeilge ar RTÉ, agus anois, is dócha go bhfuil sé ró-dhéanach tada a dhéanamh faoi, go háirithe, nuair a chuireann tú san áireamh na fadhbanna éagsúla atá ag cur as don Stáisiún, i láthair na huaire seo, agus i measc na bhfadhbanna sin uilig, tá fadhb an airgeadais. Mar bhuille scoir, d’fhógair Eibhlín Daonscoil na bliana 2001, oscailte go hoifigiúil.

Roibeárd Ó Ceallaigh a bhí mar chathaoirleach don chuid eile den chlár, agus b’eisean a chuir Léachtaí na hoíche, Ian Ó Laoi, Cartlannaí le RTÉ, in aithne don lucht éisteachta. Dúirt Roibeárd linn, go mba mhúinteoir é Ian, ar feadh scathaimh, go raibh sé pósta, agus go raibh sé bliana déag caite aige mar chartlannaí leis an Stáisiún Naisiúnta, agus chomh maith le sin, go raibh sé ina léiritheoir cláracha freisin.

.

Tháinig Ian Ó Laoi fhéin ar an bhfód ansin, agus labhair faoi bhunú Raidió Éireann, a chéaduair, ar Lá Coille, sa bhliain 1926. Dubhglas de hÍde a rinne an oscailt. Dúirt Dubhglas go mba náisiún ar leith i Éire, agus go gcloisfeadh an domhan mór faoi sin, feasta, tríd an stáisiún nua raidió a bhí á oscailte aige, dár ndóigh. Tuigeadh dó, go mbeadh an-chuid Gaeilge le clos feasta ar an Raidió céanna sin, toisc gurbh í an Ghaeilge leathchois an náisiúin, agus gurbh iad na cluichí, an ceol, agus na nósanna, an chos eile. Tuigeadh dó go dtiocfadh an lá, nuair a bheadh an tír agus an Raidió, Gaelaithe agus Gaelach, nó chonacthas dó, go mba spota mí-shláintiúil é an Galldachas, agus go gcaithfí í a ghearradh amach, faoi mar a dhéanfaí le galar contúirteach ar bith.

Ní raibh an dearcadh sin réadúil, agus bíodh go raibh a lán a d’aontódh leis, ag an am gcéanna, bhí roinnt mhaith eile a bhí frithghaelach go maith, agus bhíodh sruth litreaha uathu-san le léamh go rialta ar na nuachtáin.

.

Labhair Ian freisin, faoi na cainteanna breátha a craoladh i nGaeilge, ag daoine cosúil le Leon Ó Broin, An Seabhac, Máire, agus tuilleadh, ar liosta le háireamh iad anois, ach taobh le sin, bhí daoine a thuig go mba ghléas Galldaithe, agus Seoinínteachta, é an stáisiún, 2RN, mar a thugtaí ar ár stáisiún náisiúnta, an t-am sin. Rinne Andrias Ó Muimhneacháin a chion fhéin, trí chláracha agus drámaí i nGaeilge a chur ar fáil don stáisiún. Craoladh freisin, sna triochaidí, cláracha, trí Ghaeilge, do pháistí, agus bhíodh an nuacht i nGaeilge ceithre huaire sa tseachtain. Ach faraoir géar! ní raibh aon taifead de na cláracha sin ag an léachtaí le casadh dúinn, toisc nach raibh aon ghléas taifeadtha ag an Staisiún go deireadh na dtriochaidí.

.

Dhéanaidís Drámaí freisin, agus chraolaidís beo iad, agus sheinn sé sampla as “Brian agus an Claíomh Solais”, Geamaiareacht ón Abbey, a craoladh sa bhliain 1949, agus tuigeadh dúinn uilig go raibh sé thar cinn, agus an láithriú an-ghairmiúil.

Thart faoi aimsir an chogaidh, d’éirigh an Stáisiún tinn tuirseach den tsíorchlamhsán ón gConnradh, agus ó Ghlún na Bua. Thart faoin am sin, mhol Proinsias Mac an Bheatha, go ndéanfaí ceachtanna Gaeilge a chur i láthair an phobail, trí úsáid a bhaint as na nuachtáin, agus as an raidió, ag obair i gcomhar le chéile. Is dócha gurbh iad cláracha Aindriais Uí Muimhneacháin “Listen and Learn” an toradh a bhí ar an gcineál sin argóna, ar ball. Moladh, thart ar an am sin, go mbunófaí stáisiún Gaeilge, ach níor tháinig aon toradh ar an moladh céanna sin, ag an am.

.

Sna dachaidí, thosaigh an stáisiún ag cur craoltóirí amach ar fud na tíre, ag bailiú oidhreacht Gael, ó cheann ceann na tíre. Rinneadar idir amhráin, cheol agus scéalta, a thaifeadadh, agus sa tslí sin, rinneadar an-chuid dár n-oidhreacht, agus dár ndúchas a shábháil, agus a chur in áirithe do na glúnta a bhí le teacht. B’in mar a tharla go ndeachaigh na hAonaid Taistil síos faoin tír, ach go háirithe ar fud na nGaeltachtaí uilig, ag bailiú agus ag bailiú leo, ó cheann ceann na bliana. Is cinnte gur tuigeadh dóibh, go raibh tábhacht ag baint leis an obair a bhí ar siúl ag na hAonaid chéanna sin. Cuireadh craoltólirí díograiseacha i mbun na hoibre céanna sin, daoine ar nós, Séamas Ennis, Seán Mac Réamainn, P. Ó Conluain, agus a leithéidí. Ní haon ionadh, mar sin, gur éirigh go seoigh leis an ngnó a bhí idir lámha ag na daoine céanna sin, nó bheadh sé deacair a gcomh-mhaith de chraoltóirí a fháil, áit ar bith i dtír seo na hÉireann.

.

Le tábhacht na hoibre sin uilig a rinne an stáisiún s’againne a léiriú, chas an léachtaí sleachta as seacht dtaifeadadh, a rinneadh ag deireadh na gcaogaidí dúinn. Cainteoirí ó dhúchas, den chuid ba mhó, a bhí i gceist sna taifeadtaí céanna sin, ach sa lá atá inniu ann, tá na Gaeltachtaí beaga sin uilig caillte, agus murach na dtaifeadtaí sin, bheadh muid dall ar fad ar fhuaimeanna, ar leagnacha, agus ar bhlas, na nGaeltachtaí sin.

Nuair a tuigeadh go raibh cos amháin le Peig Sayers san uaigh, tuigeadh sa stáisiún, go raibh sé in am acu dul síos chuici, agus roinnt áirithe dá seanchas, agus dá scéalta, a thaifeadadh. Chuaigh Seán Mac Réamainn síos ansin, sa bhliain 1947, agus rinne an beart, ach ar ámharaí an tsaoil, mhair Peig bhocht dhá bhliain déag eile ina dhiaidh sin!

.

Fear eile ar dhein an léachtaí tagairt dó ba ea Ciarán Mac Mathúna. Ba sa teanga a chéadchuir Ciarán suim, agus bhí an-luí aige leis an seanchas. D’éirigh leis caint agus seanchas Mhichíl Uí Chorrdhuibh a thaifeadadh, agus bhí ar ár gcumas, cuid bheag dá chuid cainte siúd a chlos.

.

Fear eile a chaith a dhúthracht, le Gaeilge a chur in oiriúint don raidió, ba ea Peadar Ó Dubhda as Dun Dealgan. Rinne seisean roinnt mhaith cláracha Gaeilge, agus chraol sé iad freisin, agus caithfidh mé a rá, gur bhain mé fhéin an-taineamh as na cláracha céanna sin, ina lá. Thart ar an am sin freisin, craoladh cláracha nuachta, ar nós, “Nuacht anall, Nuacht abhus”, agus bhí foireann taistil ag gabháil don chlár sin, agus iad ag dul ó cheann ceann na tíre, ag iarraidh nuacht an lae a bhailiú agus a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Rinne an stáisiún a chion fhéin freisin, le canadh ar an sean-nós a chur i mbéal an phobail, trí chuireadh a thabhairt do chantairí sean-nóis teacht, agus a scileanna a thabhairt leo, go lár an aonaigh, le go gcloisfeadh an pobal uilig iad.

.

Anuas go dtí bunú Raidió na Gaeltachta sna seachtóidí, bhí an-obair déanta ag Raidió Éireann i ngort na Gaeilge, bíodh go nglactar leis anois, nár leor é, ach, nuair a bunaíodh an Stáisiún Gaeltachta, tháinig cúlú ar shaothrú na Gaeilge ar Raidió Éireann, uaidh sin amach. Is dócha gur tuigeadh don lucht bainistíochta, go nglacfadh Raidió na Gaeltachta an gnó sin idir lámha feasta, agus caithfear a admháil, go bhfuil an-obair déanta ag Raidió na Gaeltachta, i measc phobail na Gaeilge, in Éirinn, agus thar lear, san idirlinn. D’éirigh leo na pobail le Gaeilge a tháthú ina bpobal aontaithe amháin, agus d’éirigh leo freisin, dul amach chuig na dúichí iargúlta, scoite, agus iad a cheangal agus a shnaidhmeadh le chéile, trí mheán na teanga.

.

Bíodh go raibh sé roinnt déanach nuair a bhí an focal deiridh ráite ag an léachtaí, ag an am gcéanna, cheadaigh an cathaoirleach roinnt áirithe ceisteanna ón urlár, agus nuair a bhí sin críochnaithe, chas an cathaoirleach fhéin téip dúinn de chlár a chuir Raidió Chill Chainnigh amach, roinnt blianta ó shoin, clár ina raibh Micheál Ó Bolguidhir á chur faoi agallamh, agus é ag cur síos ar bhunú an Chonartha anseo sa Chathair Álainn, agus chuir sé síos freisin, ar obair na Craoibhe áitiúla anseo, ó bunaíodh í, anuas go dtí a lá fhéin. Cuireadh an-suim sa taifeadadh sin.

.

Fógraiodh deireadh an chláir don oíche sin, ach moladh do na scoláirí a bheith réidh agus ullamh don Turas Bus, an lá dár gcionn, nuair a thabharfaí ar thuras, faoi stiúir an treoraí cháiliúil, Pat Nolan, S.E.R.T.O., iad, agus cuireadh fainic orthu bheith thíos ag Teach an Rútaigh ag a dó a chlog, nó ní fhanfadh an bus ró-fhada ag an ionad sin dóibh. Cuireadh fainic na bhfainic orthu freisin, bheith i láthair in Óstán Chill Chainnigh, Oíche Shathairn, nuair a bheadh ceol agus amhránaíocht acu, agus nuair a sheolfaí leabhar nua filíochta an Bhairéadaigh, “Fataí Rómhair”, i láthair a phobail anseo in Osraí, agus gan dabht, dhéanfadh sé roinnt dá dhánta a aithris don slua a bheadh i láthair an oíche sin.

.

Chaitheamar seal ag caint agus ag seanchas ansin sular thugamar an bóthar abhaile orainn fhéin. Togha oíche, togha léachta, agus togha chomhluadair.

*********************

Peadar Bairéad.

*********************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Chloe…Irish Games.

Daonaireamh 1901……

Bóithrín na Smaointe

Peadar Bairéad

.

Mar is eol do chuile dhuine dem’ léitheoirí, is duine mé a chaitheann roinnt áirithe ama, go rialta, ag rannsú, ag cuardach, agus ag scrúdú taisí an tsaoil úd a bhí sa treis, sa tseanam. Nach minic a bhíonn toradh an chéapair sin le léamh agaibh san Iris léannta seo. Caithfidh mé a admháil, go mbainim taitneamh agus sásamh as cuardach dá leithéid. Tuigfidh sibh, mar sin, an t-áthas a bhí orm nuair a chuala mé, ar na mallaibh, go rabhthas chun chuile fhaisnéis a bailíodh i nDaonáireamh 1901, a chur ar fáil ar an idirlíon, ar an 3ú lá de Mheitheamh na bliana seo, 2010.

Daonáireamh 1901

Ar deireadh thiar, tháinig an lá cinniunach sin, agus bí cinnte, nár ró-mhór an mhoill, go raibh mé fhéin ar mo mhíle dhícheall, ag cuardach, is ag ransú, trína raibh curtha ar fáil faoi Dhaonáireamh 1901.

I ndáiríre, bhí sé thar a bheith éasca teacht ar an eolas céanna sin, agus ba ghearr go raibh mé ar mo dhícheall, ag cuardach i ngort mo ghaolta, siar go dtí an dáta sin. Nach fada siar an t-achar anois é, breis agus céad agus naoi mbliana ó shoin, siar go dtí an Domhnach, an t-aonú lá triochad de Mhí na Márta, i mbliain úd ár dTiarna, 1901. Tar éis tamall a chaitheamh ag útamáil timpeall, tháinig mé ar chóip den bhfoirm a líon mo sheanathair, lena láimh fhéin, ar an ndáta thuasluaite. Agus sa chóip sin, léigh mé, i scríobhnóireacht soiléir néata mo sheanathar, fear nár leag mé fhéin súil riamh air, nó bhí sé básaithe sular tháinig mise ar an saol, léigh mé ansin, go raibh naonúr clainne air fhéin is ar a bhean, Julia Ni Ghamhnáin, ceathrar mac, agus cúigear iníon. Leathchéad bliain d’aois a bhí sé fhéin ag an am, agus bhí cúig bliana is dhá scór slánaithe ag a bhean.

Saol gortach, cruógach

Caithfidh go raibh a ndóthain anró agus sclábhaíocht curtha díobh acu beirt, ag an am, nó ní bheadh sé éasca greim bia a chur ar fáil do chlann chomh mór sin, ag an am, agus gan acu ach feirm réasúnta beag. Cúig bliana is fiche a bhí an mac ba shine, agus ní raibh ach naoi mbliana slánaithe ag an té ab óige den ál. Dá chomhartha sin, níor cuireadh scolaíocht ar bith ar an mbeirt ba shine den ál sin, ach, uaidh sin amach, tá le feiceáil, go raibh léamh agus scríobh ag chuile dhuine eile den chlann. Ach i gcás an té ab óige, tá le léamh ansin go raibh léamh aice, mar caithfidh nach raibh scil na scríobhnóireachta foghlamtha aice fós. Caitlicigh Rómhánacha ab ea chuile dhuine den líon-tí sin, agus bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla ag chuile mhac agus iníon acu.

Doiciméad draíochta

Ait, amach is amuigh, suí síos agus doiciméad dá leithéid os do chomhair amach. Cosúil, ar bhealach, é, le bheith ag breathnú ar ghrianghraf a tógadh oíche an Daonáirimh úd, sa bhliain sin, 1901. Déanaim chuile iarracht ar bhreathnú isteach trí fhuinneoigín an tí sin a bhí acu i mbaile na Druime, in Iorras Domhnann, i bParáiste na Cille Móire in Iorras, an oíche sin. Solas bog, buí, á scaipeadh go sprionlaithe ar fud an tí, ag an lampa pairifín, a bhí crochta ar na mballa, os cionn an bhoird. Mo sheanathair suite ansin ag an mbord, spéaclaí anuas ar a shrón aige, peann ina láimh aige, agus é ag scríobh leis, agus a bhean Julia suite taobh leis, ag cabhrú leis, le sonraí áirithe a dhearbhú. Páistí óga i mbun na leabhar, agus na daoine fásta imithe amach ar fud na bhfud, i mbun spóirt is caitheamh aimsire.

Sin sin !

Ar deireadh thiar, tá an gnó déanta, síníonn sé a ainm thíos ag bun na foirme. Breathnaíonn siar ar an iomlán. Fágann uaidh a pheann is a spéaclaí, agus cuireann tuairisc chupán tae. Sin sin, agus ní bheidh an gnó sin le déanamh againn arís go dtí an bhliain 1911, más beo sinn ag an am sin!

Bhuel, sin cuid de na cuimhní a líon isteach chugam agus an píosa seo á chur i dtoll a chéile agam. Uaigneas, cumha, trua, agus bród, ag baint na sál dá chéile isteach i gcistin na gcuimhní. Uaigneas agus cumha i ndiaidh na seanlaethe, trua agam dóibh siúd, a mhair i ré gruama, cruógach, úd ár dtíre, agus gan a fhios acu fós céard a bhí rompu amach idir sin agus deireadh a ré, agus ag an am gcéanna, bhí bród ag glacadh seilbh ar mo chroí freisin, toisc go raibh sé d’ádh orm, a bheith síolraithe ón dream úd, a raibh a n-ainmneacha scríofa go soiléir ar fhoirm Dhaonáirimh sin na bliana 1901.

B’fhéidir gur mhaith leatsa anois dul ar thóir do mhuintir fhéin i nDaonáireamh úd 1901?                                                                                                                                                                                                                     

Chloe…Irish Games.

doiciméad Chloe

.

Téamaí i bhFilíocht na Gaeilge

.

Gné thábhachtach den Nuafhilíocht is ea an fhorbairt a dhéantar i réimse téamaí na ndánta. Pléitear cúrsaí nua-aimseartha san fhilíocht seo ina bhfuil an léitheoir in ann nasc pearsanta a dhéanamh leis, agus feictear na téamaí seo go háirithe i bhfiliocht Ní Dhomhnaill, Uí Dhireáin, agus Uí Shearcaigh. Phioc mé na dánta a phléigh mé thíos, toisc go mbaineann na filí seo úsáid éifeachtach as téama an ghrá, agus cuireann said in oiriúint iad chun topaicí éagsúla, pearsanta, a phlé. Úsáidtear teicnící éagsúla chun ábhar an dáin a nochtadh don léitheoir ar bhealach ealaíonta, cuimsitheach.

.

Dán do Mhelissa’, le Nuala Ní Dhomhnaill.

Is é príomhthéama an dáin phearsanta seo ná an grá máthartha, agus cuirtear na mothúcháin láidre atá neadaithe sa téama seo, os ár gcomhair trí úsáíd a bhaint as teicnící éifeachtacha. Samhlaíonn an file saol ídéalach, foirfe, h-iníon, cosanta ó fhorsaí an oilc.

Cruthaítear íomhánna cuimsitheacha sa dán seo, a mhúsclaíonn mothucháin phearsanta agus doimhne ionainn. Baintear úsáid éifeachtach as meafair sa dán seo chun comparáid a dhéanamh idir éan óg agus iníon an fhile, agus an soineann agus an neamhspeáchas a roinneann an bheirt acú,“An gcearrach éin ag léimt as tóin na nide”. Úsáideann an file gnéithe áille simplí ón dúlrá chun comparáid meafarach a dhéanamh lena h’iníon ag taiscéalaíocht a cuid neamhspleáchais den chéad uair. Tá íomhánna ón dúlrá agus ón mbíobla sa ceathrú véarsa, fite fuaite ina chéile, ar bhealach éifeachtach “Bheadh geataí an ghairdín ar leathadh go moch is go déanach”. Míníonn Ní Dhomhnaill an tagairt don mbíobla sa bhfís seo, http://vimeo.com/11174220 (vimeo, 2010). Le hais Adhamh agus Ébha sa ghairdín, ní chuirfear amach as an ghairdín í.

Cuireann an mheadaracht go mór le téama an dáin seo. Feictear rithimí agus rímeanna a théann i bhfeidhm ar chluas an léitheora gan amhras, agus cruthaíonn sé sin atmasféar grámhár, cosantach. Baintear úsáid ealaíonta as an athrá ‘mín mín’ dar liom, ag nochtú an saghas grá buan, neamhchoinníollach a mhothaíonn an mháthair dá h’iníon. Feicimid casadh ar an nath seo sa véarsa deiridh, rud a bhí grámhar agus deas, tá sé imithe anois. Cleas filíochta a chruthaíonn teachtaireacht an dáin.

Tá téama an dáin le sonrú go rí-shoiléír sa chodarsnacht a dhénann an file idir domhan na hóige agus domhan an duine fásta. Tá an file ag iarriadh go mbeadh an domhan foirfe, aislingeach, seo, atá lán d’áilleacht agus d’áthas, saor ó na nithe contúirteacha a bhaineann le domhan na ndaoine fásta. Domhan ina bhfuil forsaí an oilc ag faire ar an nduine daonna chun chruatan an tsaoil a bhronnadh orthu. Tugann an file geallúint shollúnta dá h’iníon go ndéanfaidh sí í a chosaint ionas nach ndéanfar í a mheilt mín mín.

.

‘Faoiseamh a Gheobhadsa’, le Máirtín Ó Direáin

Cuirtear an príomhthéama ‘saol an oileáin agus an faoiseamh atá le fail ann’ os ár gcomhair go healaíonta agus go héifeachtach sa dán seo, dár liom. Baineann an file úsáid as roinnt teicnící éifeachtacha chun a ghrá dá áit dúchais a mhúscailt ionann. Tugann sé léiriú cuimsitheach, moltach, dúinn ar a oileán luachmhar, ag léiriú dúinn an fonn láidir atá air filleadh ar ais ar a thearmann suaimhneach, síochánta.

Cruthaítear pictiúr cuimsitheach, álainn, dúinn, den saghas saoil atá le fáil ar a oileán dúchais, trí úsáid a bhaint as íomhánna atá fréamhaithe sa dúlrá. Cé nach bhfuil ach dhá véarsa sa dán, fós faigheann an léitheoir pictiúr éifeachtach den saghas tearmainn atá le fáil ann. Chuaigh an íomhá ‘Ag siúl cois cladaigh/ Maidin is trathnóna’ go mór i bhfeidhm orm, ag tarraingt an léitheoir isteach ar an suíomh, le hatmasféar fíor-shuaimhneach a mhothú. Nochtaíonn sé an áilleacht barántúil, agus an fuascailt iomlán ó chíor thuathail na cathrach, atá le fáil ann.

Baintear úsáid éifeachtach as mothúcháin atá dorcha, doimhin, sa dara véarsa, chun comparáid géar a dhéanamh idir saol an oileáin agus saol na cathrach. Faightear taithí fíordhifriúil sa chathair, agus mínionn an file an fonn atá air éalú ón chrá croí’ atá le fáil san áit ghruama seo. Braitheann sé go bhfuil an chathair naimhdeach agus coimhthíoch. Is teicníc iontach é seo leis an athrú iomlán a fhaigheann muid, ó thaobh ghotha de, idir an dhá véarsa seo.

Déantar athrá éifeachtach sa dán seo chun uaigneas agus dólás an fhile a threisiú. Leagtear an-bhéim ar an mbaile, i bhféinúlacht an duine leis an teicníc seo. Úsáid tairbheach é seo a chuireann go mór leis an nóta pearsanta sa dán. Chomh maith le sin, cuireann sé go mór le rithim an dáin, ag cur in iúl dúinn mian agus tnúthán an fhile.

.

Níl Aon Ní, le Cathal Ó Searcaigh.

Feictear go rí-shoiléir gurb é príomhthéama an dáin mhealltach seo ná grá don áit dúchais. Trí úsáid a bhaint as teicnící éagsúla, tugann an file cur síos brionglóideach, foirfe, dúinn ar a áit dúchais, agus déanann sin le friotal flúirseach, binn, séimh, chun grá a chroí a mhealladh le teacht chun cónaithe leis.

I mo thuairim féin, is é an rud is súntasaí ar fad faoin dán seo ná an mheadaracht, a nascann smaoineamh, friotal, agus meon an dáin, le chéile, ar shlí éifeachtach. “Soiléireann sé mothú agus meon an dáin, agus rithim chainte a chuireann teachtaireacht an fhile in iúl” (Ó Murchú, 2014). Tá neart samplaí d’onamataipé sa dán, agus d’fhéadfaí é seo a aithint sna logainmneacha breátha gaelacha atá luaite, mar shampla “Caiseal na gCorr”, agus “Inis Bó Finne”. Deirtear go léirionn na logainmneacha ómós d’áit dúchais an fhile. “’Caiseal na gCorr’, the native place, is a life-giving, vital force, both in the sense of being a meaningful place and also as the source of artistic creativity” (Denvir, 2000). Tá ceol agus binneas ag baint leis na fuaimeanna draíochta seo, a chuireann go mór le cur síos aislingeach na háite. Is gné den Nualitríocht atá i gceist le seo.

Maidir leis an gcuireadh a thugann an file dá leannán, cruthaíonn sé cur síos don áit atá thar a bheith tarraingteach agus mealltach, agus é ag tabhairt cuntas ar cad atá le fáil san áit ar leith sin. Geallann sé fuaimeanna agus radhairc áille dó, a thabharfadh pléisiúr agus faoiseamh dó.

Gan amhras, aithnítear feasacht agus ómós don saol, lán den dúlrá, fite fuaite le hómós áite, sa dán seo. Baintear úsáid as meafar cruthaitheach sa dán, ag tabhairt faoi deara an nádúr álainn ‘Clapsholas smólaigh’. Cruthaíonn an meafar seo pictiúr den smólach ag canadh ar chraobh, roimh thitim na hoíche. Is léir ó na híomhánna go léir go bhfuil an file faoi gheasa ag an dúlra.

Déantar léiriú cumasach ar an gcodarsnacht idir an chathair agus áit dúchais an fhile. Faightear íomhánna áille, friotal an-séimh, agus cuireadh chomh mealltach ag an tús, ach sna véarsaí deireanacha, cuirtear pictiúr fíor-dhiúltach os ár gcomhair d’áit truaillithe, a choisceann áilleacht an dúlrá agus a chuireann leis an strus atá ceangailte leis an gcathair. Éiríonn an friotal garbh agus cruthaítear, atmasféar atá dlúth le brú agus stró na cathrach.

Ó na dánta atá pléite agam thuas, tá sé thar a bheith soiléir go bhfuil réimse leathan téamaí i bhfilíocht na Nua-Ghaeilge. Tá na téamaí áirithe seo ceaptha ag na filí trí úsáid a bhaint as teicnící éifeachtacha a nochtaíonn doimhneacht agus teachtaireacht na ndánta. Gan dabht is dánta pearsanta iad seo agus pléann na filí téamaí éagsúla atá coitianta sa tréimhse Nuafhilíochta.

.

.

.

.

gaGaeilge