le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Ganntan agus Gorta
.
Gan bhréag ar domhan, tá deireadh le laethe an Tíogair Cheiltigh, agus le laethe na Flúirse, in éineacht leo. Níl le déanamh agat ach súil a chaitheamh ar na nuachtáin, nó cluas a thabhairt do shaineolaithe na meán, le fáil amach, go bhfuil Conchúr Mór sa Chúinne ag roinnt mhaith tíortha, chomh maith leis an dtírín s’againne, na laethe seo. Ar an drochuair, níl an ganntan céanna sin teoranta do Mhór Roinn amháin, nó do thír amháin, mar tá ganntan agus gorta ag imeacht ina loscadh sléibhe ó cheann ceann na cruinne, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, tá na tíortha a bhíodh ar dhroim na muice, blianta ó shoin, tá siadsan freisin ar an ngannchuid, na laethe seo. Bhíodh an scéal dona go leor sna blianta seo chuaigh tharainn, ach ar a laghad, bhíodh a ndóthain mhór, agus fuíollach, ag roinnt áirithe tíortha, sa chaoi go bhféadfaí tarraingt ar na tíortha sin le pingneacha a shaothrú iontu, pingneacha a chuirfeadh cúl ar an ocras, agus a d’fhágfadh ar chumas an imircigh cúnamh eicínt a sheoladh chuig a mhuintir sa bhaile.
Airgead Mheiriceá
Nach maith an cleachtadh a bhíodh ag muintir na tíre seo ar an gcleas céanna sin thar bhlianta fada, nuair a choinníodh airgead Mheiricea goblach i mbéal na mhuintire sa bhaile. Ansin, chomh luath is a tháinig eacnamaíocht na tíre seo chuige fhéin, ba ghearr an mhoill go raibh muintir na tíre seo ar a míle dhícheall ag iarraidh cúnamh a chur ar fáil dóibh siúd a bhí go géar ina ghátar. Níl le déanamh agat, ach breathnú ar chúrsaí, faoi mar atá i láthair na huaire seo, sa tír s’againne. Tá mám eagraíochtaí ar a míle dhícheall ag tarraingt as tobar ár bhféile, ag iarraidh freastal ar phobal ar bith a dteastaíonn lámh chúnta go géar uathu. Eagraíochtaí cosúil le Trócaire, Goal, Gorta, Bóthar, An Chrois Dhearg, agus tuilleadh dá leithéid. Agus nach bhfuil an Stát s’againne fhéin páirteach san obair iontach, carthannach, comharsanúil seo, agus é sásta, agus réidh, leis na milliúin Euro a chaitheamh, ar mhaithe le lucht an ghátair, agus ní hamháin anois is arís, ach déanann sé an beart seo chuile bhliain, agus fiú sna laethe seo, nuair atá Conchúr Mór fhéin ag bualadh ar an ndoras s’acusan freisin. Is deacair locht a fháil orthu as a leithéid a dhéanamh, nó d’fhoghlaim an náisiún seo ceacht crua an ghanntain, tráth tháinig an Gorta Mór ar chuairt chugainne, agus ní hé sin amháin é, ach ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin freisin, nó, chomh fada is a bhaineann sé liomsa, lean an drochshaol in éintíos linne isteach thar thairseach an fichiú haois fhéin, nó is maith is cuimhin liom fhéin, go raibh bia an ghorta mhóir á úsáid fós, fan chosta thiar na tíre seo, anuas go dtí triochaidí an ocrais, san aois seo chuaigh tharainn. Cén bia atá i gceist agam, an ea?
Stearaí an Ghorta Mhóir
An “Stirabout”, nó an “stearaí” faoi mar a thugtaí air i measc daoine ag an am, an leite úd a déantaí as an min bhuí, leite nach raibh ró-bhlasta, geallaimse dhuit é. Sea, is féidir glacadh leis, go raibh ganntan agus gorta coitianta go maith i measc mhuintir an chósta thiar, i dtús ré an Stáit s’againne, sea, agus b’fhéidir gur chóir a rá, gur bheag ní, i bhfoirm chúnaimh, a caitheadh chucu ó chian, nó ó chóngar, ag an am, agus chuile sheans nach mairfeadh na pobail scoite sin, murach go raibh ar a gcumas dul ar imirce, agus na puint, agus na dolair, a sheoladh abhaile, le cíosanna a dhíol, agus le goblach bia a chur i mbéal óg agus aosta sa bhaile. Ach, sin scéal eile ar fad, agus nach breá an rud é, go bhfuil ar chumas shliocht na ndaoine sin anois cúnamh agus cabhair a sheoladh chuig pobail scoite, i dtíortha i bhfad ó bhaile, le deis a thabhairt dóibhsean beatha daonna a chur ar fáil dóibh fhéin is dá sliocht, rud atá tuillte ag an uile dhaonnaí, a shaolaítear i ndomhan seo na flúirse agus an ghanntain.
Ní tráth cainte é feasta!
Ná bíodh leisce orainn, mar sin, teacht i gcabhair ar lucht an ghátair, cuma cá gcónaíonn siad, bíodh siad i mbéal an dorais againn, nó ar an dtaobh eile den chruinne, mar nach comharsa dúinn chuile dhaonnaí, cuma cá gcónaíonn sé, nó sí, agus ba chóir dúinn caitheamh leo, faoi mar ba mhaith linn go gcaithfeadh siadsan linne, nó ní tráth cainte feasta é, ach tráth gnímh.
.
Peadar Bairéad
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
.
Léim an Dá Mhíle……………………………………………..2009
Le
Pádraig Ó Fiannachta……………………………………….€10.00
*********************
Do thús na Mílaoise
Gafa i ngéibheann idir dhá shaol, ceann thall, agus an ceann eile abhus, atá an sagart cráifeach dáiríreach seo, an tAthair Pádraig Ó Fiannachta. Feictear dó, dár liomsa, go bhfuil laethe a ré fhéin ag druidim chun chríche, mo dhála fhéin freisin, agus dá bharr sin, caitheann sé súil ghéar tríd an nghloine shioctha a scarann an dá shaol óna chéile, le spléachadh neamhshoiléir a fháil ar úire an fhéir atá ag fás go buacach ar an dtaobh eile, agus ar an lúchair bhuan atá curtha in áirithe dúinn ansin ag íobairt Fhear na Gailíle. Samhlaítear dó, go bhfuil breith agus óige na Críostaíochta buailte isteach ina aigne níos daingne ná mar atá imeachtaí agus tarlúintí a óige fhéin, ina dhúiche fhéin. Micheál de Liostún a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin é, a chéaduair, i ndán leis a foilsíodh, thart ar thriocha bliain ó shoin, agus ba é a dúradh i seoladh an dáin sin nó…
“Rugadh Íosa in Áth Dara.
Bhí teach a mhuintire ar an tSráid Fhada…”
Nach éasca, i ndáiríre, Críost a shamhlú beo beathaíoch inár measc, ó tharla gur tógadh muid i measc Críostaithe díograiseacha an Iarthair, breis is an deich mbliana is trí scór ó shoin, nó an t-am sin, chloisfeá Críost ag labhairt leat amach as béal na gcomharsan, Domhnach agus Dálach, agus ó cheann ceann na bliana.
Dhá Mhíle Bliain
Léim an dá mhíle, ón lá atá inniu ann, siar go dtí laethe Chríost, níl ann i ndáiríre ach cupla truslóg, mar adeir an tAthair Pádraig linn.
Sa phíosa thuas, níl tagairt déanta agam ach do leath an tsaothair seo, nó téann aistriú fileata le Natalie Trump, taobh le taobh, le saothar an tsagairt. Saothar an tsagairt ar chlé, agus saothar Natalie ar an dtaobh dheis. Breá, taitneamhach an leagan amach é, agus nach breá an socrú é go bhféadfá breathnú ar chonas a rinne Natalie leagnacha cainte áirithe a láimhseail i mBéarla. Jesus in Dingle, a bhaist Natalie ar a leagan sise.
Turas chun an Tobair
Táim tar éis cupla turas a thabhairt ar an dtobar fíorálainn fíorGhaeluinne seo, a thochail na húdair ildánacha seo, cheana féin, agus tá mé meáite ar chupla cuairt eile a thabhairt air, sul má dtí i bhfad, nó ní hé amháin go sásaíonn chuile chuairt acu mo chion ar theanga mo mhuintire, ach níos tábhachtaí fós, beathaíonn sé an dúil do-shásta, spioradálta, atá neadaithe sa chroí, agus san anam, istigh ionnam. Ní shásódh cuairt amháin mé. Caithfidh mé cosán a bhualadh chun an tobair dhothaomtha seo. Is mór an mhaise ar an leabhar é freisin, na grianghrafanna agus na pictiúir dea-línithe a ghabhann leis. B’fhéidir gur mhaith leatsa triall a bhaint as?
Ach b’fhéidir gur chóir dom tagairt eicínt a dhéanamh don saothar fhéin.
I bhfoirm filíochta a chuirtear an saothar seo inár láthair, agus ní gá a rá, nach inné ná inniu a thosaigh an tAthair Pádraic ag shadhmadh focal ina ndánta sciliúla, ealaíonta, eolgaiseacha, agus ní taise don iarracht seo í.
Íosa ag an gCé sa Daingean, a bhaisteann an file ar an gcéad chaibidil filíochta dá dhán, agus breathnaigh mar a chuir sé tús leis an alt filíochta seo.
“Ní os comhair an tsáipéil
A bhí Críost ag caint an lá úd
Ach thiar ag Bun Calaidh
Agus amuigh ar Cheann an Ché….”
Ainmníonn sé na daoine a bhí ar an bhfód don ócáid, daoine ón áit ba ea iad. Bhí Aspail ann freisin, bhí Síomón agus Aindí beag i mbun a mbáid is a líonta. Bhí oíche caite acu ar thóir na scadán, ach ruball scadáin fhéin ní bhfuair siad, agus anois bhí siad tagtha i dtír, suncaithe, sáraithe.
Ba ghearr gur thuig Íosa go bhféadfadh sé labhairt leis an slua, dá dtarlódh amuigh i mbád Shíomóin é.
Seanmóir á thabhairt
D’iarr sé ar Shíomón teacht i gcabhair air sa mhéid sin. Rinne. Agus thug Íosa Seanmóir uaidh as tochta an bháid sin.
Labhair Íosa leo faoi éisc agus faoi iascaireacht, rud a chuir ionadh ar dhaoine, nó nár shiúinéir eisean, mac Iosaef? Nuair a bhí deireadh ráite aige, d’imigh na daoine, ach d’fhan na hiascairí, agus d’iarr Íosa orthu buaileadh amach píosa, “Agus déanaíg cor” ar seisean. Rinne mar adúradh leo, agus ba ghearr go raibh na líonta lán go scóig le héisc. Ghlaoigh Síomón ar Shéamas agus ar Eoin, agus ba é deireadh an scéil é nó go raibh…
“Na báid lán agus na líonta slán.”
Ag an bpointe sin, thuig Íosa go maith, go raibh Síomón gafa aige, agus go ndéanfadh sé iascaire fónta, ar ball, iascaire ar dhaoine.
“Dúirt leis: Tair agus lean mise,
Agus déanfaidh mé iascaire ar dhaoine díot.”
Mac an Duine
Sa chéad chaibidil eile, faigheann muid Íosa agus na hAspail, ag caint faoi Mhac an Duine fhéin. Agus ag breathnú ar Shíomón, labhair sé leis…
“Cé adeir siad is mé?” ar sé leis.
Cuid acu Eoin Baiste, a thuilleadh Éilias,
Nó duine de na fáithe.”
“Cé adeir tusa is mé?”
Is tú Críost Mac Dé Bhí…”
Shuigh an file an beart sin i gCeann Sléibhe. Agus roghnú déanta ag Íosa ar Pheadar, shocraigh sé ar a eaglais a bhunú ar an gCarraig sin.
Ina dhiaidh sin, déantar tagairt do eachtraí áirithe eile ó mhisean an Tiarna.
Cuairt ar na hEasláin
Thug sé cuairt ar na heasláin, rud a tharlaíonn go rialta i saol an údair fhéin, nuair a théann sé ar ghlaoch ola b’fhéidir, chucu siúd a bhíonn ina ghátar. Thug sé compord agus suaimhneas dóibh..
“Is mó áras ata i dtigh mAthar.
Raghadsa agus cuirfead áit i gcóir daoibh.”
Ar ball arís, beannaíonn Íosa na créatúir uilig atá curtha i gCill Mhairéad, reilg an ghorta.
“Táid anois in aoibhneas na bhFlaitheas.
Is leo Ríocht Dé.”
Nach mar sin a labhraíonn an Tiarna leis an údar fhéin tráth fhéachann seisean ar an Reilg chéanna sin?
An tArán Beo
Déantar tagairt freisin don tSuipéar Deiridh, nuair a thug an Tiarna a chuid fola agus feola dá Aspail, á rá leo, sea, agus dhearbhaigh sé an ráiteas sin, trína rá leo…
“Is mise an t-arán beo
A tháinig anuas ó neamh.
Má itheann duine an t-arán seo,
Mairfhidh sé go deo.”
Sea, agus nach cóngarach do chroí an fhile an ráiteas céanna sin, nó nach cuid dá shaol laethúil é, bheith ag glaoch ar an bhfuil agus ar an bhfeoil chéanna sin teacht anuas ó na Flaithis agus tamall a chaitheamh os a chomhair amach, ar lic na haltóra, le linn dó an tAifreann a cheiliúradh.
Leagann an t-údar scéal Lazarus os ár gcomhair freisin, ach suíonn sé é ar an nGairtheanaigh é.
“Mise an tAiséirí agus an Bheatha.”
Clabhsúr
Le clabhsúr a chur ar a dhán, críochnaíonn an file an scéal dúinn trí thagairt a dhéanamh don Cháisc, agus don Aiséirí.
“Céad glóir le Dia!” arsa Síomón Peadar,
“Agus canaimis an Hallel.”
B’fhéidir nárbh olc an áit í seo, le críoch a chur lem’ smaointe fánacha faoi Léim an Dá Mhíle, an dán iontach, spreagúil, seo, a chuireann Críost ag taisteal arís inár measc, trínár mbailte, trínár gcuanta, agus trínár ndúichí, faoi mar a chuirimis fhéin an Teaghlach Naofa ar a n-aistear chugainn, Oícheanta Nollag, fadó. Sea, éiríonn leis an bhfile anseo, na sean chuimhní sin a mhúscailt arís inár gcroíthe. Gura fada buan é inár measc.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
dosheachanta, unavoidable; corruair, occasionally; saol ábhartha, material world; ní beo dó, it’s not alive; adhmad a bhaint as scéal, to make sense of it; d’fheac a nglúna, genuflected; cianta, ages; fíonghort, vineyard; comhluadar, community;
.
A Changing World
Peadar Bairéad.
Bíodh go bhfuil a fhios agam, go bhfuil athruithe áirithe dosheachanta, ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil, nach mó ná sásta a bhím leo, corruair. Athraíonn rialtais, páirtithe polaitíochta, impireachtaí, ceannairí, agus modhanna cogaíochta, ach tá’s ag an saol, go mbaineann na hathruithe uilig sin leis an saol ábhartha, saol a bhíonn ag síor-athrú, agus áit a gciallaíonn athrú beatha, ach nach scéal eile ar fad é, chomh fada is a bhaineann sé leis an saol spioradalta? Ní bhímid ag súil le hathruithe sa saol sin, ach i ndáiríre, nach iad an dá mhar a chéile iad? Agus sa réimse sin freisin, nach ionann athruithe agus beatha, nó an rud nach n-athraíonn ní beo dó. B’in cuid de na smaointe a rith liom, agus mé ag iarraidh adhmad eicínt a bhaint as an scéal a bhí sa Kilkenny People , dár dáta, an 15ú de Mheán Fómhair na bliana seo, 2005.
What story?
Cén scéal é fhéin, an ea?
An scéal le Sean Keane faoi thodhchaí an Black Abbey, agus an Friary, anseo i gCathair Chill Chainnigh. Táthar den tuairim anois, go bhfuil baol ann, nó b’fhéidir níos mó ná sin, fiú, go gcaithfidh na hOird sin cúlú ón gcathair s’againne, gan aon ró-achar, nó níl dóthain baill acu leis na Manistreacha sin a choinneáil sa tsiúl, go fadtéarmach. Bhí sé éasca go maith dul chun cainte liomsa, tar éis dom na scéalta céanna sin a léamh, nó chomh fada is a bhaineann sé liomsa, is chuid dílis de shaol ábhartha agus de shaol spioradálta na Cathrach Áille seo iad araon. Nach deacair an chathair seo a shamhlú gan na seoda luachmhara sin bheith ag spréacharnach go glé, geal, soilseach, ina coróin? Agus nuair a smaoiníonn tú ar na glúnta ar fad Cainneach, a d’fheac a nglúna, agus a d’adhair a nDia, i Séipéil na Mainistreacha céanna sin, thar na cianta, tuigeann tú ansin, méad agus meáchan an chinnidh sin. Sea, mh’anam, ní inné ná inniu a tháinig na hOird sin chun na Cathrach Áille seo, le saothrú i bhFíonghort an Tiarna anseo i bPríomhchathair Osraí. Ach caithimis súil siar i dtosach, sula ndéanfaimid iarracht ar bith ar an dá shúil a chaitheamh romhainn.
363 years
Tháinig na Caipisínigh go Cill Chainnigh, a chéaduair, sa bhliain 1642, sin trí chéad seasca is trí bliana ó shoin anois, sea, agus nach iomaí sin duine ar dhein siad freastal orthu i rith na tréimhse fada sin? Bhí meas ag daoine orthu ó thús, nó d’fhan na Caipisínigh cóngarach don chosmhuintir, chuile lá riamh, agus bíodh go raibh an saol crua go maith acu ar theacht go Cill Chainnigh i dtosach dóibh, níor chrua an saol sin ná saol na cosmhuintire fhéin ar dhein siad freastal orthu. Faoi dheireadh an seachtú haois déag áfach, nó go luath san ochtú haois déag, bhí ar a gcumas teacht chun cónaithe mar a bhfuil a Mainistir suite sa lá atá inniu ann, áit a raibh deis acu an uair úd “Alms House” a reachtáil. Ar ball, tharraing baill áirithe cáil ar Chomhluadar na gCaipisíneach i gCill Chainnigh, nó chaith an tAthair Maitiú fhéin, seal ag saothrú sa bhFriary. Tógadh an séipéal álainn atá acu sa bhFriary anois, sa bhliain 1848, agus dár ndóigh, ní call dom cur i gcuimhne don léitheoir, gur chaith an tAthair Albert Bibby seal anseo freisin, an fear úd a bhain cáil amach dó fhéin le linn Éirí Amach na Cásca 1916, agus fear a seoladh amach go Califóirnia ar ball, áit ar cuireadh i gceannas ar Mhisean Santa Ynez é, sa bhliain 1924, ach ar an drochuair, fuair an fear bocht bás ansin, sa bliain 1925.
Ach tá na laethe sin uilig thart anois, agus caithfidh Bráithre an lae inniu socrú a dhéanamh, sna blianta atá romhainn amach, cé acu a fhanfaidh siad anseo i gCill Chainnigh, nó an mbeidh orthu a seolta a ardú, agus bogadh leo amach as dúiche Osraí. Níl dabht ar domhan, ach go mothódh muid uainn iad, dá n-imeodh siad.
The Black Abbey
Ach céard faoin Ord eile a luaitear san alt spéisiúil thuasluaite? Céard faoi chomhluadar Doiminiceach an Bhlack Abbey?
Is é an scéal céanna acusan é, is dócha, toisc go bhfuil titim mhór tagtha ar uimhir na mball den Ord i gcomhluadar na Mainistreach sin. Agus arís nach é an feall go deo é, go bhfuil an baol ann go ndúnfaí an Mhainistir chéanna sin.
Agus an bhfuil an tOrd sin i bhfad ag freastal ar phobal Chill Chainnigh, an ea?
Abair é, a mhac! nó ba e William Marshall the Younger fhéin, a bhunaigh an Mhainistir seo do na Doiminicigh, ar bhruach abhann na Bréagaí, sa bhliain 1225! Smaoinigh air, go bhfuil na “Dominican Friars” ina gcónaí i measc na gCainneach, le tarraingt ar ocht gcéad bliain anois! Cuireadh an Mhainistir faoi chois, sa bhliain 1543. Baineadh úsáid aisti mar Theach Cúirte ar feadh tréimhse fada, agus ansin, teacht deireadh an ochtú haois déag, deineadh a séipéal a athchóiriú, ach níor baineadh úsáid aisti mar theach pobail, go dtí lár an naoú haois déag. Anois, ní dóigh go bhfuil baol ar bith ann go ndúnfaí an séipéal gleoite sin, fiú dá ndúnfaí an mhainistir fhéin, agus cinnte, sé an scéal céanna é, i gcás Séipéal an Friary. Ach nach deacair saol caitliceach na Cathrach Áille seo a shamhlú fiú, gan na hOird sin a bheith ag paidreoireacht anseo in ár measc. Deireadh Ré a bheadh ann dúinne uilig, gan aon agó.
Think of the future
Ach, mura bhfuil an dara rogha ag na hOird sin, na Caipisínigh agus na Doiminicigh, ach cúlú ó Chill Chainnigh, amach anseo, nach bhfuil sé in am ag Críostaithe na Deoise seo, i gcomhar le húdaráis na nOrd sin, smaoineamh ar thodhchaí na mainistreacha úd, anseo cois Feoire, tar éis ar fulaingíodh ina dtógáil, ina reachtáil, agus ina n-athchóiriú, thar na cianta, nár chóir go mbeadh leanúnachas eicínt ina n-ionad, agus ina gcuspóir, i bhfíonghort an Tiarna. Bhuel, sin mo chuidse den scéal agaibh anois, agus níl le déanamh agam anois ach rath Dé a ghuí ar na hOird chéanna sin, anois, agus sa todhchaí, freisin.
PS.
Mar aguisín leis an scéal seo, chuir mé glaoch telefóin ar an dá institiúd thuasluaite, agus d’fhiafraigh mé an raibh beartaithe acu an chathair seo a thréigint? Dúradh liom nach raibh siad fiú ag smaoineamh ar thada dá leithéid a dhéanamh, ach bíodh sin fíor nó ná bíodh, nach deacair a dhéanamh amach céard a tharlóidh sa todhchaí, agus fiú, nuair a smaoiníonn tú air, nach beag tionchar atá againne ar na cinnidh a thógfar sna blianta ata rómhainn amach, ach nach bhfuil ar mbuíochas uilig tuillte ag Sean Keane as an ábhar seo a fhiosrú agus a chur i mbéal an phobail.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
M a c a s a m h l a
.
“Never Let Me Go”
le
Kazuo Ishiguro
Peadar Bairéad
.
Sa bhliain 2005 a cuireadh cló ar an leabhar neamhghnách seo, a chéaduair, agus seo an séú húrscéal a shil chugainn ó pheann líofa an tSeapánaigh seo, a bhfuil cónaí air, óna óige, i Londain Shasana. Rugadh Kazuo sa tSeapáin, i dtús na gcaogaidí, ach tháinig sé go Sasana, agus é ina ghasúr, thart ar sé bliana d’aois. Scríobh mé píosa, tamall de bhlianta ó shoin, faoi leabhar eile dá chuid, “When We Were Orphans”, leabhar a bhí ainmnithe don Booker Prize, sa bhliain 2000. Agus ní call dom a rá, go bhfuil clú agus cáil bainte amach i ngort guagach na litríochta, ag an údar ildánach seo. Bhronn na Sasanaigh an OBE air, sa bhliain 1995, i ngeall ar a sheirbhísí do shaol liteartha na tíre sin, agus bhronn na Francaigh, “Chevalier de l’Ordre des Arts et des lettres” air, sa bhliain 1998, lena n-aitheantas siúd dá shaothar, a chur in iúl.
Suíonn an t-údar a scéal i Sasana, i nóchaidí déanacha na haoise seo caite. Sa scéal seo, tugann an t-údar ar thuras rúnda sinn, le saol an ghrúpa speisialta seo ógánach, a chur faoin mhíocrascóp. Caithfear a rá, nach bhfuil sé ró-shoiléir, i dtosach, céard é go díreach atá ar siúl aige, agus déanta na fírinne, bíodh go mbeadh tuairim eicínt ag dhuine, ní leagtar an fhírinne lom faoi shrón an léitheora, go dtí deireadh an leabhair, d’fhéadfá rá.
Féach mar a chuireann sé tús lena scéal…
“My name is Kathy H. I’m thrity-one years old, and I’ve been a carer now for over eleven years. That sounds long enough, I know, but actually they want me to go on for another eight months, until the end of this year. That’ll make it exactly twelve years.”
Is dócha, go dtabharfadh duine faoi deara, nach dtugtar sloinne ar bith di, agus arís, chuirfeá ceist ort fhéin, cén sórt Cúramaí, nó “Carer” a bhí inti. Ar aon nós, fágadh ina “Carer” í, chomh fada sin, toisc go raibh sí ar fheabhas i mbun na ceirde sin.
“You do your best for every donor, but in the end it wears you down.”
Is soiléir nár ghnáthchúramaí, nó “Carer” a bhí inti, mar dhealródh sé, gur Donors a bhíodh á mbanaltracht aici. Sea, agus bhí sí ag éirí tuirseach dá gairm, is docha, agus dá thairbhe sin, thosaigh sí ag dul siar ar bhóithrín na smaointe, go dtí gort glórmhar glan na hóige, nuair a bhí sí fhéin agus a comrádaithe, á n-oiliúint, i Scoil speisialta, ar a dtugtaí Hailsham. Níor ghnáthmhúinteoirí a bhíodh ina mbun i Hailsham, níorbh ea, ach “Guardians”, a dheineadh chuile iarracht ar shaol sona, sásta, a chur ar fáil dóibh, sa Scoil speisialta sin. Spreagtaí na dálta chun filíochta agus chun chuile shaghas ealaíne, agus chomh maith le sin, bhíodh a sáith cluichí á n-imirt acu.
Bhí cairde speisialta ag Kathy H, nó ag “Kath”, mar a thugadh a cairde uirthi. Ruth, a bhí ar dhuine acu, agus Tommy, ar dhuine eile, agus d’fhás gaol faoi leith eatharthusan, gaol a mhair ar feadh a laethe i Hailsham, agus níos fuide anonn freisin, go deireadh a laethe. Níorbh í Kathy an t-aon duine sa scoil sin, a bhí gan sloinneadh, níorbh ea muis, nó ní raibh sloinneadh ar dhuine ar bith acu. Tá le tuiscint ó thús an scéil, nach raibh na Guardians ag tabhairt iomlán na fírinne dá ndaltaí, agus chomh maith le sin, rinne siad iad a dhíonadh ar chúramaí troma an tsaoil mhóir amuigh. Agus bíodh go gcuireadh corrdhalta ceist ar dhuine de na Guardians, b’in a bhíodh acu dá bharr, nó ní roinnfí an fhírinne leo. Rud eile a thugann an léitheoir faoi deara, nó nach bhfuil trácht ar bith ar Laethe Saoire, nó ar Thuismitheoirí! Cuma faoi sin, áfach, mar thug na Guardians le fios dá n-daltaí, go mba dhaoine faoi leith iad, agus rinne siad chuile iarracht ar charadas faoi leith a shnadhmadh eatarthu, caradas a bheadh ag teastáil go géar uathu, ar ball, nuair a bheidís mar chúramuithe, nó mar “Carers” dá chéile.
Tar éis do na daltaí sin, blianta fada a chaitheamh i Hailsham, théadh siad ar aghaidh ansin, le tamall a chaithamh in institiúd eile, ar a dtugtaí “The Cottages”.
“Eight of us who left Hailsham that summer ended up at the Cottages. Others went to the White Mansion in the Welsh hills, or to Poplar Farm in Dorset. We didn’t know then that all these places had only the most tenuous links with Hailsham.”
Ach cuireadh Kathy K, Ruth, agus Tommy chun na “Cottages” céanna sin, agus ar feadh tamaill, tuigeadh dóibh, go raibh dlúthbhaint idir Hailsham agus na Cottages sin, ach de réir a chéile, d’fhoghlaim siad, conas cúram a thabhairt do dheontoirí, agus diaidh ar ndiaidh, ina nduine agus ina nduine, cuireadh amach i mbun na ceirde sin iad. Tar éis dóibh tamall a chaitheamh ag banaltracht mar sin, d’iompaigh siad fhéin ina ndeontóirí. Tá an chuma ar an scéal, nár thuigeadar go bhféadfaidís a mhalairt a dhéanamh, toisc gurbh é sin a bhí i ndán dóibh, ó thús.
Léirítear an fhírinne dóibh, agus dúinne freisin, i ndeireadh an scéil, nuair a chuaigh Kath agus Tommy ar ais chuig beirt de “Ghuardians” Hailsham, – cé go raibh Hailsham fhéin dúnta go buan, faoin am sin, – le fáil amach, an bhféadfaí cead a thabhairt dóibh, éirí as an deonú, agus as an mbanaltracht sin, ar feadh roinnt bheag blianta, le deis a thabhairt dóibh maireachtáil i bhfochair a chéile, mar ghnáthlánúin. Ba ghearr gur tugadh le fios dóibh, nach raibh a leithéid indéanta, ar aon tsaghas cuma, agus nach raibh rompu, ó thús, ach an t-aon dán amháin, agus b’in a bheith ina ndeontóirí, sa chaoi go bhféadfaidís a mbaill bheatha a dheonú, ar mhaithe le gnáthdhaoine, nó níor ghnáthdhaoine iadsan, olc maith nó dona, mar i ndáiríre, ba é a bhí iontusan nó, Macasamhla, nó “Clones”, faoi mar thabharfadh lucht an Bhéarla orthu, agus ba é cúis ar gineadh iad, nó le baill bheatha oiriúnacha a chur ar fáil dóibh siúd ar ar bunaíodh a mbeith, a chéaduair. Ag an bpointe sin den scéal, leathann gruaim dorcha trasna spéir an úrscéil, agus mothaíonn an léitheoir fhéin trua agus comhbhá leis na créatúir sin, a thosaigh a saolré, i Hailsham. Níl dabht ar domhan, ach go ndéanann an t-údar an-iarracht ar cheist seo na “Macasamhla” a ionramháil, ar bhealach báúil, agus ag an am gcéanna, éiríoinn leis ábhar conspóideach, corraitheach, scannraitheach, a chur i mbéal an phobail, tri shaol fodhaonna, duairc, éadóchasach, a chruthú mar chúlra dá scéal.
Gura fada uainn an saol fodhaonna céanna sin.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Seán Ó Dálaigh: Éigse agus Iomarbhá
Le
Proinsias Ó Drisceoil
.
I mí na Bealtaine seo chuaigh tharainn, fuair mé cóip den leabhar thuasluaite ó na foilsitheoirí, Cork University Press, ag súil go ndéanfainn é a léamh agus léirmheas de chineál eicínt a dhéanamh air. Ní gá dhom a rá, gurb é ár gcara, agus ar gcathróir fhéin anseo i gCill Chainnigh, Proinsias Ó Drisceoil, a chuir an sárleabhar seo i dtoll a chéile, tar éis dó achar fada a chaitheamh i mbun taighde agus staidéir ar an nDálach ildánach agus ar a shaothar. Anois, ní gá dhom a rá, ach oiread, go mbímse sásta i gcónaí, píosa a scríobh faoi na leabhair a léim, ach b’eisceacht, amach is amuigh, é an leabhar seo, nó tar éis dom tamall a chaitheamh á léamh, tuigeadh dom, nach mbeadh im’ iarrachtaí le léirmheas a dhéanamh air, ach an sop in áit na scuaibe. Sea, d’fhágfainn an gnó ag scoláire eicínt, a bheadh inniúil ar an ngnó sin a dhéanamh go héifeachtach, críochnúil. Bhuel, rinne mé beart dá réir, ach, mo léan! Dheamhan scoláire ar bith a léim isteach sa bhearna baoil le s in a dhéanamh. Ansin, smaoinigh mé ar fhocail an Phiarsaigh nuair adúirt seisean:-
Where Angels ………..
Since the wise men have not spoken……
Agus shocraigh mé ar phíosa eicínt a scríobh faoin sárleabhar léannta seo. Ach arís tháinig focail an Dálaigh fhéin chugam, le lagmhisneach a chur orm. Seo an Dálach ag labhairt le lucht éisteachta scolártha.
“I much regret that the subject which I am going to treat of this evening has not fallen into abler and better hands than mine to do it that justice which it deserves…….
B’in mar a labhair an Dálach, agus é ag tabhairt léachta uaidh, don Chonaidhm Éireannach, sa bhlain 1847, faoi athbheochan ár dteanga dhúchais.
Ach le filleadh ar an leabhar scolártha seo. Caithfidh mé a admháil, i dtosach, go mba bheag é m’eolas fhéin ar an nDálach seo, sular léigh mé an saothar seo, nó i ndáiríre, ba bheag a bhí scríofa faoi, go nuige seo, ach ní bheidh an leithscéal sin ar fáil ag Gaeil feasta, nó anois, tá leabhar den scoth ar fáil dár muintir faoin bhfathach léannta, scolártha, eolgaiseach, seo, a chaith bunús a ré ag saothrú don tír, agus don teanga, a ghráigh sé.
Cérbh é an Dálach seo ?
Ach, cérbh é an fathach léannta seo?
Féach mar a chuirann an t-údar in aithne dhúinn é, ar leathanach a haon, dá shaothar iomráiteach.
“Rugadh Seán Ó Dálaigh i bhFearnán, baile fearainn i bparóiste Leic Dhobhráin, i mBarúntacht Dhéise, lasmuigh den Drom, in 1800 (?) Cailleadh i mBaile Átha Cliath é sa bhliain 1878 agus saol tairbheach caite aige mar scríobhaí, mar bhíoblóir, mar eagarthóir, mar fhoilsitheoir, mar bhunaitheoir cumann agus mar shiopadóir leabhar.”
Agus sin agat ábhar an leabhair seo in aon alt gearr amháin. D’fheidhmigh an Dálach mar dhroichead idir rí na láimhscríbhinní, agus ré an chló, nó bhí goile do-shásaithe do bhaliú láimhscríbhinní aige, agus ar ball, chuir sé cló ar roinnt mhaith de na láimhscríbhinní céanna sin, agus dhíol don phobal iad, ar shladmhargadh, d’fhonn eolas ar an teanga agus ar an litríocht ab ansa leis, a leathadh i measc na ndaoine. Tuigeadh dó, go ndéanfadh an teanga dhúchais anam ár náisiúin a shlánú, ach í a scaipeadh go forleathan i measc an phobail.
Seal tamaill I gCill Chainnigh
Chaith an Dálach seal i mbun oibre, i gCill Chainnigh, mar oifigeach den Irish Society, eagraíocht a bunaíodh le léamh na Gaeilge a leathadh i measc na cosmhuintire, ionas go mbeadh ar a gcumas an Bíobla Naofa a léamh ina dteanga dhúchais, mar áis len iad a iompú ina bProtastúnaigh. Níorbh é slánú na teanga a bhí uathu; i ndáiríre, a mhalairt ar fad a bhí uathu, agus ní raibh sa teanga ach meán, a sheargfadh ar an gcraobh, ar ball, faoi mar a tharla in áiteacha eile inar baineadh leas as an gcur chuige céanna sin . Ba bhall díograiseach den Chumann Gaelach sin é, an Dálach, agus é iompaithe ina Phrotastúnach, faoin mbliain 1826. Bhuel, b’in mar a thosaigh an Dálach céanna in Eochaill, i dtosach, agus ansin ar ball, i gCill Chainnigh. Fad is a bhí sé i gCill Chainnigh, ghlac sé páirt an-ghníomhach ina mhisean, agus cuireann sé ionadh orainn, an lear uafásach litreacha a scríobh sé chuig na nuachtáin ar ábhair éagsúla. Díol spéise dúinne freisin, réimse leathan ábhar na litreacha céanna sin.
Bunú Cumann
Ar ball, áfach, d’éirigh idir é fhéin is an Irish Society, agus ba é críoch na mbeart é, nó gur fhill sé ar an Eaglais Chaitliceach arís, sa bhliain 1843, agus scar sé, scun scan, leis an Society,. Chuaigh sé go Baile Átha Cliath ansin, áit ar bhunaigh sé an Cumann Ceilteach, d’fhonn téacsanna Gaeilge a fhoilsiú. Ní mó ná sásta a bhí sé le saothar an Chumainn sin, agus dá thoradh sin, bhunaigh sé Cumann eile, sa bhliain 1852, An Cumann Oisíneach, a bhaist sé air, le litríocht na Fiannaíochta a thiomsú agus a fhoilsiú. Thaitin an obair sin go mór leis, agus d’fheidhmigh sé mar eagarthóir, mar fhoilsitheoir, agus mar dhioltóir leabhar freisin, don Chumann sin.
Déantar cur síos freisin sa leabhar iontach seo, ar Reliques of Irish Jacobite Poetry, agus ar, Poets and Poetry of Munster, bhailiúcháin faoi leith, a rinne an Dálach, lena linn, ar ábhar a bhí gar dá chroí.
Faoi chomaoin mhór
Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil Aos Léinn na tíre seo go mór faoi chomaoin ag an údar cumasach seo, Proinsias Ó Drisceoil, agus níl dabht ach oiread, ach go mbainfear an-leas as a thaighde, as a scoláireacht, agus as a chur chuige, sna blianta atá romhainn amach. Mo chuidse de, caithfidh mé a rá, gur bhain mé an-sásamh go deo, agus tairbhe freisin, as an leabhar dea-scríofa, dea-chumtha seo. Thaitin an cuma inar shníomh sé a thagairtí go healaíonta, sciliúil, isteach sa scéal. Léitheoireacht éigeantach, don té a chuireann spéis i litríocht an naoú haois déag.
Bain triail as.