le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
(This week we consider our Dáil difficulties)
Dáil gan Cheann
An cúigiú lá déag d’Aibreán 2016.
Agus an píosa seo á scriobh agam, tá Dáil Éireann seacht seachtain ar an saol, agus gan Taoiseach tofa aice fós! Ní haon ionadh é go bhfuil daoine áirithe bréan den ghnó seo ar fad, nó ba é ba lú a raibh súil acu leis, nó go mbeadh Taoiseach tofa acu faoi’n am seo. Tar éis roinnt seachtainí toghchánaíochta, d’éirigh le toghlaigh na tíre seo céad caoga agus seacht dTeachta chun na Dála sin a thoghadh, agus bhíothas ag súil, go ndéanfadh an slua Teachta sin an beart, taobh istigh d’achar gearr. Ach níor dhein! agus tá daoine ann, adéarfadh, nár chóir lán-tuarastal a thabhairt dóibh go dtí go mbeadh an beart sin curtha i gcrích acu, Thogh na vótóirí na Teachtaí sin, ar an gcéad dul sios, leis an tír a ríalú, agus sa dara háit, le haire faoi leith a thabhairt do ghnóthaí an toghlaigh a thogh iad. Conas a d’fhéadfaidís na gnóthaí sin a dhéanamh, mura mbeadh Taoiseach agus Rialtas roghnaithe acu, agus a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil a leithéidí ag teastáil go géar ón dtír s’againne, i láthair na huaire seo. Nár mhinic a chualamar caint sna seanlaethe, faoi ghuth an phobail, nó faoi toil an phobail, i gcás dá leithéid seo? Agus ba é a bhí i gceist ag daoine an tráth sin, nó gur thogh an pobal na Teachtaí, agus b’in sin! Bhí a ngnó–san déanta acu ansin, agus bhí ar na Teachtaí tofa scil a bhaint as toradh an toghcháin, agus Rialtas a roghnú, faoi mar ba thoil do na vótóirí. Bhuel! bhí sin éasca go maith, nuair nach raibh sa Dáil ar fad ach an dá pháirtí mhóra agus cupla mionpháirtí. Ach, de réir mar a chuaigh uimhir na bpáirtithe agus na neamhspleáigh i méad, chuaigh an cheist chéanna sin i gcastacht, go dtí gur tharla, faoi mar atá againn i láthair na huaire seo, fadhb atá chomh do-réitithe le Caor’ Inis Gé, geall leis. agus leis an gceist a dhéanamh níos casta fós, tá coimheá na cumhachta, faoin am seo, ag buíon beag neamhspleáigh. Ach sin uilig ráite, caithfear a admháil, go bhfuil léaró beag solais, agus dóchais, dírithe ar chosán inmhianaithe os ár gcomhair amach, cosán a thabharfaidh thar bhogach choraí crua an tsaoil sinn, sa todhchaí.
Ré Nua tosaithe
Tá na seanlaethe thart. Deireadh feasta le bheith ag súil go mbainfeadh Páirtí ar bith móramh iomlán amach, nó ní hé sin toil an phobail. Tuigtear don phobal cliste s’againne, gurb é ár leas é dá mbeadh Rialtas cumtha as comhaontú páirtithe áirithe, a chumfadh Rialtas as na páirtithe sin, le toil na Dála, chomh fada is a leanfaidís polasaithe a shásódh móramh na Dála, agus a mbeadh páirtithe eile sásta gan chur ina choinne, ar feadh tréimhse áirithe. Nár dheacair leagan amach dá leithéid a bhualadh? nó bheadh deis feasta ag Neamhspleáigh páirt a ghlacadh i ríalú na tíre, agus bheadh seans acu freisin, páirt iomlán a ghlacadh i gcumadh, agus i leasú dlithe na Poblachta s’againne. Nó, tá a fhios ag fia is ag fiolar nach raibh an deis sin ag neamhspleáigh, nó ag roinnt mhaith cúlbhinseoirí, cheana. Ní raibh rompu, i ndáiríre, ach blianta fada ag freagairt rolla, ag scríobh litreacha, ag lorg fábhair, agus ag féachaint chuige go mbeadh vótóirí a dtoghlaigh sásta glacadh leo aris, sa chéad toghchán eile. Dár ndóigh, bhí cumhacht de chineál eile acu, an t-am ar fad, bhí cumhacht morálta acu, an cineál cumhachta a bhronn an pobal orthu, agus cumhacht a bhainfeadh stad as Rialtas, dá mbeadh siad ag iarraidh feidhmiú i gcoinne toil an phobail. Sea, tá mé ag ceapadh go bhfuil ceacht á mhúineadh ag an bpobal don lucht polaitíochta, ceacht a raghadh chun leas an Stáit, sna blianta atá romhainn amach. Tá súil agam, go dtoghfaí Taoiseeach i rith na seachtaine seo chugainn agus go roghnóidh seisean Airí cliste, eolgaiseacha, astu siúd a bheadh toilteanach, le cead a bPáirtí, – más ball de Pháirtí iad – , bheith ina mbaill dhílse de’n Rialtas nua, agus guímis uilig Rath Dé ar a gcuid oibre sa Dara Dáil Triochad.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Cloch ar a Charn
.
Laoch eile ar lár
.
Trom anocht croí éigeas Osraí,
Millteach mór a chaill,
Fear dána eile sínte, caillte,
Fleasc a cheirde sciobtha ar fán.
.
Tobar eolais, Foinse eagna,
Crann taca Gael go hiomlán
Laoch sa bhearna in am an ghátair,
Ár gcosaint tréan ar scrios is ár.
.
Cé sheasfaidh feasta sa bhearna bhaoil dúinn,
Nuair a thiocfaidh géar ar chine Gael?
Cé dhéanfaidh taighde, lenar gcás a scaoileadh,
Nuair a dhéanfar ionsaí ar ár n-aos léinn.
.
Mothóidh muid uainn thú, a Dhaithi oilte
Ag léiriú is ag cíoradh dúinn ciste an Léinn,
Nó ghlac tú chugat saorántacht ár Ríochta
Mar dhúthaigh ársa do chine ghil fhéin.
Solas na Soilse ag soilsiú na slí dhuit,
Is leaba gan chnaipe id chomhairse gach tráth,
Scoláireacht is taighde dod mhealladh le héifeacht,
Anois agus choíche, go bruinne an bhrátha.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Laoch eile ar lár
.
Peadar Bairéad
An Drochscéal
.
Cloch ar a Charn
Agus ansin nuair a chuala me gur cailleadh e, rinne mé iarracht ar chupla véarsa a shnadhmadh le chéile mar chloch ar a charn, agus le mo mheas ar ár Scoláire Gaelach Osraíoch fhéin a chur in iúl. ……………
Laoch eile ar lár…..a bhaist me air
.
Trom anocht croí éigeas Osraí,
Millteach mór ár gcaill,
Fear dána eile sínte, caillte,
Fleasc a cheirde sciobtha ar fán.
.
Tobar eolais, Foinse eagna,
Crann taca Gael go hiomlán.
Laoch sa bhearna in am an ghátair,
Ár gcosaint tréan gach am is tráth.
.
.
Cé sheasfaidh feasta sa bhearna bhaoil dúinn,
Nuair a thiocfaidh géar ar chine Gael?
Cé dhéanfaidh an taighde, lenar gcás a scaoileadh,
Nuair a dhéanfar ionsaí ar ár n-aos léinn.
.
Mothóidh muid uainn thú, anseo in Osraí
In aimsir álainn ár nDaonscoile glé
Nó ghlac tú chugat saorántacht ár Ríochta
Mar dhúthaigh ársa do chine ghil fhéin
Solas na Soilse ag soilsiú na slí dhuit,
Is leaba gan chnaipe id chomhairse gach tráth,
Scoláireacht is taighde dod mhealladh le héifeacht,
Anois agus choíche, go bruinne an bhrátha.
.
Solas na soilse agus leaba i measc Naoimh Éireann go raibh agat inniu, agus i dtólamh. a Dhaithí Uasail Uí Ógáin…………………………………………………….
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Laoch eile ar lár
.
Peadar Bairéad
An Drochscéal
Tamall ó shoin, is ea chuala mé an drochscéal, go raibh ár gcara, Daithí ildánach Ó hÓgáin ar lár. Níorbh aon strainséar é sna bólaí seo, nó ba bhreá leis i gcónaí freastal ar ár nDaonscoil fhéinig, Daonscoil Osraí. Beidh cuimhne fós againn ar an mbliain seo, 2011, mar an bhliain ar sciob an bás laoch Gaelach eile uainn, Daithí ciúinbhriathrach, séimh, cneasta, na gile, Ó hÓgáin. Ba as Cill Chainnigh dá thuistí, ar gach taobh den teach, agus sílim gur tuigeadh to maith dó, agus é ag tabhairt léachta uaidh anseo ag Daonscoil Osraí, go raibh sé i measc a mhuintire fhéin, bíodh nár rugadh sa dúthaigh seo é. Ní gá dhom a rá anseo, go raibh Daithí ar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge, agus lena chois sin, ba mhór aige chuile ghné dár mbéaloideas agus dár gcultúr mar chine a ndeachaigh a phréamhacha siar síos i gcré na cine s’againne. Bhí aithne mhaith ag scoláirí Dhaonscoil Osraí ar Dhaithí, agus meas dá réir sin acu air, nó ba charraig ar chuile ghné den teanga é, agus nuair a chuaigh sé chun oibre ar ábhar, bheadh a fhios agat láithreach go scalfadh sé tóirse a léinn agus a thaighde, ar chuile ghné den ábhar sin, agus nuair a bheadh deireadh ráite ag Daithí ar ábhar, bheadh a fhios agat go raibh an focal deiridh cloiste agat faoi. Ba leathan go deo é réimse a chuid scoláireachta, ó bhéaloideas go dírbheathaisnéis, agus ó fhilíocht go stair chorraitheach a chine. Ba chruinn é a chuid eolais, agus ba dhoimhin a chuaigh a spád i ngort tofa a spéise, le prátaí blasta eolais agus léinn, idir bheag agus mhór, a nochtach os ár gcomhair, agus é ag tabhairt deis dúinne, toradh a chuid rómhair a phiocadh suas go saoráideach, cruinn. Sea, agus rinne sé an gnó crúógach sin agus miongháire ar a bhéal, gan aon chur i gcéill, nó gan madraí a chur i bhfuinneoga dúinn, nó le breathnú air, thabharfadh sé le fios do dhuine, go mba dhuine cúthail, lách, cneasta é, chuile lá riamh.
Tugtha don Léann
I mBrugh i gContae an Chláir, a rugadh Daithí, sa bhliain 1949, rud a d’fhág nár mhórán thar na trí scór dó, nuair a cailleadh é. Bhí sé tugtha don léann ó thús, agus ghnóthaigh sé scoláireacht i dtosach, le deis a thabhairt dó freastal ar mheánscoil, agus ar ball, ghnóthaigh sé scoláireacht eile, a d’oscail an tslí isteach san Ollscoil dó. Bhain sé leas as na scoláireachtaí céanna sin, agus d’éirigh thar barr leis sna fiontair sin, agus ba é deireadh an scéil é nó gur bhain sé Céim Dochtúrachta amach sa bhliain 1976. Chuir a thaighde agus a staidéar don Chéim chéanna sin ábhar leabhair ar fáil dó, leabhar ar bhaist sé, An File, air. Ina dhiaidh sin, chaith sé tréimhsí áirithe ar fán i ngoirt an léinn, ach i ndeireadh na dála, dhírigh sé a aire ar bhéaloideas, agus ar stair a chine, agus níor chríochnaigh sé go dtí gur shroich sé barr Dhréimire an Léinn, agus gur bhain sé amach aitheantas idirnáisiúnta dó fhéin sa ghort sin.
Ba fhile aitheanta é freisin, a chuir roinnt bhailiúchán dá shaothar ar fáil dúinn thar bhlianta a ré. Agus mar a luaigh mé thuas, ba mhór aige. chuile lá riamh, iarrachtaí na ndaoine ar Dhaonscoileanna agus ar Scoileanna Samhraidh a chur ar bun, le traidisiúin agus béaloideas áitiúil a chothú agus a fhorbairt, agus meas na muintire a dhíriú ar na gnéithe sin dá saol.
Chuir mé fhéin aithne ar Dhaithí, anseo i gCill Chainnigh, le linn blianta áirithe dár nDaonscoil áitiúil fhéin, Daonscoil Osraí. Mhothaigh mé i gcónaí go mba dhuine uasal, geanúil, cneasta, cúthail é, ach ba shoiléir a ghrá don léann agus don taighde agus é i mbun léachta, nuair a d’fheicfeá an lasair áthais ag soilsiú trína shúile beoga, agus an chaoi a dtagadh na focail amach as a bhéal ina gcaise do–stoptha, corraitheach, dáiríreach.
Cloch ar a Charn
Rinne mé iarracht ar chupla véarsa a shnadhmadh le chéile mar chloch ar a charn, agus le mo mheas ar ár Scoláire Gaelach fhéin a chur in iúl. Seo chugaibh anois é………………
Laoch eile ar lár
Trom anocht croí éigeas Osraí,
Millteach mór a chaill,
Fear dána eile sínte, caillte,
Fleasc a cheirde sciobtha ar fán.
.
Tobar eolais, Foinse eagna,
Crann taca Gael go hiomlán
Laoch sa bhearna in am an ghátair,
Ar gcosaint tréan gach am is tráth.
.
Cé sheasfaidh feasta sa bhearna bhaoil dúinn,
Nuair a thiocfaidh géar ar chine Gael?
Cé dhéanfaidh an taighde, lenar gcás a scaoileadh,
Nuair a dhéanfar ionsaí ar ár n-aos léinn.
.
Mothóidh muid uainn thú, anseo in Osraí
In aimsir álainn ár nDaonscoile glé
Nó ghlac tú chugat saorántacht ár Ríochta
Mar dhúthaigh ársa do chine ghil fhéin
Solas na Soilse ag soilsiú na slí dhuit,
Is leaba gan chnaipe id chomhairse gach tráth,
Scoláireacht is taighde dod mhealladh le héifeacht,
Anois agus choíche, go bruinne an bhrátha.
.
Solas na soilse agus leaba i measc Naoimh Éireann go raibh ag a amam uasal, anocht, agus i dtólamh.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Dáithí Ó hÓgáin
Fuair mé scéala ar na mallaibh go mbeadh Aifreann Cuimhneacháin in omós do Dháithí Ó hÓgáin á cheiliúradh i Mainistir na gCaipisíneach, i Sráid na Mainistreach, anseo i gCill Chainnigh, ar an nDomhnach, an 9ú Nollaig 2012, agus ag an am gcéanna tugadh cuireadh dom fhéin bheith ar an bhfód don ócáid. Anois, caithfidh mé a admháil go raibh fúm bheith i láthair ag an Aifreann céanna sin, nó bhí ardmheas agam ar Dháithí, ach, ar an ndrochuair, níor éirigh liom sin a dhéanamh, a mhilleán sin ar an aimsir agus ar an aois. Ach, ó tharla gur scríobh mé píosa anseo cheana, mar chloch ar charn Dháithí, ba mhaith liom anois tagairt a dhéanamh do phíosa as an alt sin. Seo mar a chuir mé é sa phíosa sin….
Níorbh aon strainséar sna bólaí seo é Dáithí ciúinbhriathrach séimh, Ó hÓgáin., nó ba bhreá leis i gcónaí freastal ar Dhaonscoil Osraí, Ba as Cill Chainnigh dá thuistí, ar gach taobh den teach, agus sílim gur tuigeadh go maith dó, agus é ag tabhairt léachta uaidh anseo, go raibh sé i measc a mhuintire fhéin, Ní gá dhom a rá, go raibh Dáithí ar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge Ba dhoimhin a chuaigh a spád i ngort tofa a spéise, le prátaí lonracha eolais agus léinn, idir bheag agus mhór, a nochtach os ár gcomhair, agus é ag tabhairt deis dúinne, toradh a chuid rómhair a phiocadh suas go saoráideach, cruinn.
Mhothaigh mé i gcónaí go mba dhuine uasal, geanúil, cneasta, cúthail é, agus ba shoiléir a ghrá don léann agus don taighde agus é i mbun léachta, nuair a d’fheicfeá an spréach gheal áthais sin ag lonradh trína shúile beoga, agus an chaoi a dtagadh na focail amach as a bhéal ina gcaise chorraitheach, dháiríreach do-stoptha.
Agus ó tharla nár eirigh liom bheith ar an bhfód don ócáid chuimhneacháin sin, mhothaigh mé go mba chóir dom iarracht a dhéanamh ar chloch eile a leagan ar Charn Dháithí, agus seo thíos cupla véarsa a shnaidhm mé le chéile, mar chloch ar a charn, agus le mo mheas ar ár Scoláire Gaelach Osraíoch fhéin a chur in iúl.
.
Laoch eile ar lár
.
Trom anocht croí éigeas Osraí,
Millteach mór ár gcaill,
Fear dána eile sínte, tréith,
Fleasc a cheirde sciobtha ar fán.
.
Tobar eolais, Foinse eagna,
Crann taca Gael go hiomlán.
Laoch sa bhearna in am an ghátair,
Ár gcosaint tréan gach am is tráth.
.
.
Cé sheasfaidh feasta sa bhearna bhaoil dúinn,
Nuair a thiocfaidh géar ar chine Gael?
Cé dhéanfaidh an taighde, lenar gcás a scaoileadh,
Nuair a dhéanfar ionsaí ar ár n-aos léinn.
.
Mothóidh muid uainn thú, anseo in Osraí
In aimsir álainn ár nDaonscoile glé
Nó ghlac tú chugat saorántacht ár Ríochta
Mar dhúthaigh ársa do chine fhéin
Solas na Soilse ag soilsiú na slí dhuit,
Is leaba gan chnaipe id chomhairse gach tráth,
Scoláireacht is taighde dod mhealladh le héifeacht,
Anois agus choíche, go bruinne an bhrátha.
.
Solas na soilse agus leaba i measc Naoimh Éireann go raibh agat inniu, agus i dtólamh. a Dhaithí Uasail Uí Ógáin…….
.
.