le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Teidil Onóra? Adeir tú !
.
Is dócha gur chuala muid uilig an seanfhocal úd i nGaeilge, adeir, nach ndéanfadh an saol capall rása d’asal, agus cé déarfadh nach bhfuil lomlán na fírinne sa tseanfhocal céanna sin. Ag cur madraí i bhfuinnoega! adéarfadh duine eile, b’fhéidir?
… Ba é a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, an babhta seo, nó an chaint uilig úd a bhí acu i nDáil Éireann, ar na mallaibh, faoi theidil uaisleachta a bhronnadh ar dhaoine áirithe, sa Stát s’againne.
Tuige, adéarfadh duine, a’ gcuireann siad a gcuid ama amú ag cur cúrsaí dá leithéid i mbéal an phobail, nó, ar an gcéad dul síos, Poblacht atá againne anseo, agus nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fiú, nach mbronntar teidil dá leithéid ar shaoránaigh Poblachta, mar nach é bunphrionsabal an phoblachtachais gurb ionann céimiocht do chuile shaoránach, os comhair an Stáit, agus os comhair an dlí.
Ag coinneáil suas leis na…….
Sách fada a chaith cuid áirithe dár muintir, ag sodar i ndiaidh na n-uasal, ag umhlú rompu, agus ag iarraidh coinneáil suas leo! Tá córas dá leithéid fóirstineach go maith do thír a bhfuil rí nó banríon neadaithe sa chóras rialaithe acu, nó bíonn gá i gcónaí acusan, i leagan amach dá leithéid, le scaoth uaisle le freastal orthu, agus le dallamullóg a chur ar an bpobal, frí chéile, go bhfuil na huaisle seo ar chéim beatha níos airde ná an gnáthdhuine.
Conas a deintear a leithéid, an ea?
Trí theidil a bhronnadh orthu! agus trí chur ina luí ansin ar bhaill an phobail úsáid a bhaint as na teidil sin, agus iad ag dul i dteangmháil leis na daoine céimiúla sin. Níl le déanamh agat ach breathnú ar an gcóras onóra atá oibrithe amach ag ár gcomharsain bhéal dorais, agus tuigfidh tú céard tá idir chamáin agam. Má ghlaonn tú Diúc, nó Iarla, nó Barún, ar dhuine, caithfidh tú glacadh leis, go bhfuil céimíocht no folaíocht uasal eicínt ag baint leis. Sea, agus nuair a bhaineann tú úsáid as téarma cosúil le, A Thiarna! nó Sir! agus tú ag dul ‘un cainte le duine acu sin, nach beag nach gceapfá gurb é Dia fhéin a bhí os do chomhair amach, bhuel, dia beag, ar a laghad b’fhéidir!
Anois, tá Poblachtaí ann, a bhfuil teidil onóra á n-úsáid acu, le blianta fada, ach, ní bhíonn i gceist sna teidil sin, ach go mbronntar bonn, nó ribín, nó a leithéid d’áilleagán, ar dhuine, le teaspáint don tsaol mór, go ndearna mo dhuine éacht, nó gaisce de chineál eicínt, a chruthaigh don phobal, gurbh fhiú a leithéid a bhronnadh air, ach ní dóigh liom, go dtéann daoine timpeall ag bronnadh teidil orthu, ina saol laethúil. Sampla maith den chineál sin ruda isea an Fhrainc, mar a bhronntar an Légion d’Honneur, ar dhaoine a dhéanann seirbhís luachmhar don Stát Francach. Sea, agus bronntar an onóir sin ar lear mór daoine ansin, idir Fhrancaigh agus Eachtrannaigh.
Liberty, Equality…………
Níor chóir dúinn, ach oiread, dearmad a dhéanamh ar na Stáit úd, a rinne chuile iarracht ar ionannas a chothú i measc daoine, agus an chaoi ar shocraigh siadsan an cheist sin. Smaoinigh arís ar an bhFrainc i ndiaidh na Réabhlóide. Ba é a ghair siadsan ar ghnath-shaoránaigh nó Citoyen, nó cathróir, chuireaedarsan críoch le teidil uaisleachta don uasaicme, agus chuireadar tús le teidil úrnua, teidil a bhronnfaí feasta ar shaoránach, nó ar eachtrannach, ar bith, a shaothródh a leithéid. Agus arís breathnaigh ar an Rúis, i ndiaidh a réabhlóide-sean. Ba é an teideal a bhronn siadsan ar chuile shaoránach nó Comrádaí, nó teideal eicínt dá leithéid. chuireadarsan críoch freisin le teidil uaisleachta nach mbronnfaí roimhe sin ach ar an uasaicme. Is dócha go raibh cuid mhaith den cheart ag na Réabhlóidigh chéanna sin.
Céard fúinne?
Ach, céard fúinne anseo i bPoblacht seo na hÉireann?
Is dócha go bhfuil a chuma ar an scéal go bhfuil polaiteoirí inár measc, ar mhaith leo córas Onóra dá leithéid a bheith againn anseo. Dá mbeadh, bhuel! ansin d’fhéadfaidís teidil dá leithéid a bhronnadh ar an gcairde, nó níos measa fós, ar a chéile, nó fiú orthu fhéin! mar is dócha gurb é an Rialtas a bheadh i mbun na dteideal onóra úd a bhronnadh!
Ní dóigh liom, gur chóir dúinn baint dá laghad a bheith againn le córas onóra, nó uaisleachta, dá leithéid, olc, maith, nó dona. Ach, adéarfadh duine, b’fhéidir, gur maith an rud é, dá mbeadh teideal onóra againn, le bronnadh ar eachtrannach ar bith a dhéanfadh éacht, nó gaisce, don Stát s’againne. Bhuel! nach féidir linn Céim Onórach, ó Ollscail eicínt, a bhronnadh air, nó nach féidir linn saoirse cathrach, nó contae faoi leith, a bhronnadh air, agus nach fearr sin i bhfad Éireann nó bheith ag bronnadh teideal gan chiall air.
Leor sin !
Caithimis uainn “na hAindriú Martins” sin uilig, agus bíodh trí splaideog céille againn, mar nuair a chuireann tú chuile shórt san áireamh, feicfidh tú nach bhfuil maitheas an diabhail i dteidil fholmha onóra dá leithéid. Má tá gaisce, nó éacht, déanta ag saoránach ar bith, bhuel, beidh meas ag a phobal air, agus beidh urraim acu dó. Sin an onóir is mó a d’fhéadfadh duine ar bith a fháil óna phobal, nó tá dáiríreacht agus macántacht, i gceist, agus ní bhíonn aon chur i gcéill, nó plamás, ag baint leis. Mar sin, na bronnaimis ar shaoránach ar bith ach an onóir a thuilleann sé as a chonlán fhéin, agus diúltaimis glan dóibh siúd a chreideann, gurbh fhearrde sinn, teidil mar Diúc, nó Iarla, nó Ridire Phádraig fiú, a bheith bronnta orainn ag an Stát. Nach leor mar íocaíocht do dhuine ar bith, a fhios a bheith aige, go ndearna sé éacht, nó gaisce, ar son a phobail, agus go n-admhaíonn an pobal é sin.
Dúirt an Cinnéideach é!
Is dócha go raibh an ceart ag an Uachtarán, J.F. Kennedy, nuair adúirt sé:-
Ask not what your country can do for you,
But ask rather what you can do for your country.
Sea, agus sin i dtír nach ngairtear Sir nó Iarla ar shaoránach ar bith dá gcuid. Agus bíodh go mbronann Sasana teidil ar eachtrannaigh fiú, ní bhíonn cead acusan teidil mar, Sir, nó a leithéid, a úsáid ina saol laethúil, sin mura saoránaigh Bhriotanacha iad.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Seán Ó Dálaigh: Éigse agus Iomarbhá
Le
Proinsias Ó Drisceoil
.
I mí na Bealtaine seo chuaigh tharainn, fuair mé cóip den leabhar thuasluaite ó na foilsitheoirí, Cork University Press, ag súil go ndéanfainn é a léamh agus léirmheas de chineál eicínt a dhéanamh air. Ní gá dhom a rá, gurb é ár gcara, agus ar gcathróir fhéin anseo i gCill Chainnigh, Proinsias Ó Drisceoil, a chuir an sárleabhar seo i dtoll a chéile, tar éis dó achar fada a chaitheamh i mbun taighde agus staidéir ar an nDálach ildánach agus ar a shaothar. Anois, ní gá dhom a rá, ach oiread, go mbímse sásta i gcónaí, píosa a scríobh faoi na leabhair a léim, ach b’eisceacht, amach is amuigh, é an leabhar seo, nó tar éis dom tamall a chaitheamh á léamh, tuigeadh dom, nach mbeadh im’ iarrachtaí le léirmheas a dhéanamh air, ach an sop in áit na scuaibe. Sea, d’fhágfainn an gnó ag scoláire eicínt, a bheadh inniúil ar an ngnó sin a dhéanamh go héifeachtach, críochnúil. Bhuel, rinne mé beart dá réir, ach, mo léan! Dheamhan scoláire ar bith a léim isteach sa bhearna baoil le s in a dhéanamh. Ansin, smaoinigh mé ar fhocail an Phiarsaigh nuair adúirt seisean:-
Where Angels ………..
Since the wise men have not spoken……
Agus shocraigh mé ar phíosa eicínt a scríobh faoin sárleabhar léannta seo. Ach arís tháinig focail an Dálaigh fhéin chugam, le lagmhisneach a chur orm. Seo an Dálach ag labhairt le lucht éisteachta scolártha.
“I much regret that the subject which I am going to treat of this evening has not fallen into abler and better hands than mine to do it that justice which it deserves…….
B’in mar a labhair an Dálach, agus é ag tabhairt léachta uaidh, don Chonaidhm Éireannach, sa bhlain 1847, faoi athbheochan ár dteanga dhúchais.
Ach le filleadh ar an leabhar scolártha seo. Caithfidh mé a admháil, i dtosach, go mba bheag é m’eolas fhéin ar an nDálach seo, sular léigh mé an saothar seo, nó i ndáiríre, ba bheag a bhí scríofa faoi, go nuige seo, ach ní bheidh an leithscéal sin ar fáil ag Gaeil feasta, nó anois, tá leabhar den scoth ar fáil dár muintir faoin bhfathach léannta, scolártha, eolgaiseach, seo, a chaith bunús a ré ag saothrú don tír, agus don teanga, a ghráigh sé.
Cérbh é an Dálach seo ?
Ach, cérbh é an fathach léannta seo?
Féach mar a chuirann an t-údar in aithne dhúinn é, ar leathanach a haon, dá shaothar iomráiteach.
“Rugadh Seán Ó Dálaigh i bhFearnán, baile fearainn i bparóiste Leic Dhobhráin, i mBarúntacht Dhéise, lasmuigh den Drom, in 1800 (?) Cailleadh i mBaile Átha Cliath é sa bhliain 1878 agus saol tairbheach caite aige mar scríobhaí, mar bhíoblóir, mar eagarthóir, mar fhoilsitheoir, mar bhunaitheoir cumann agus mar shiopadóir leabhar.”
Agus sin agat ábhar an leabhair seo in aon alt gearr amháin. D’fheidhmigh an Dálach mar dhroichead idir rí na láimhscríbhinní, agus ré an chló, nó bhí goile do-shásaithe do bhaliú láimhscríbhinní aige, agus ar ball, chuir sé cló ar roinnt mhaith de na láimhscríbhinní céanna sin, agus dhíol don phobal iad, ar shladmhargadh, d’fhonn eolas ar an teanga agus ar an litríocht ab ansa leis, a leathadh i measc na ndaoine. Tuigeadh dó, go ndéanfadh an teanga dhúchais anam ár náisiúin a shlánú, ach í a scaipeadh go forleathan i measc an phobail.
Seal tamaill I gCill Chainnigh
Chaith an Dálach seal i mbun oibre, i gCill Chainnigh, mar oifigeach den Irish Society, eagraíocht a bunaíodh le léamh na Gaeilge a leathadh i measc na cosmhuintire, ionas go mbeadh ar a gcumas an Bíobla Naofa a léamh ina dteanga dhúchais, mar áis len iad a iompú ina bProtastúnaigh. Níorbh é slánú na teanga a bhí uathu; i ndáiríre, a mhalairt ar fad a bhí uathu, agus ní raibh sa teanga ach meán, a sheargfadh ar an gcraobh, ar ball, faoi mar a tharla in áiteacha eile inar baineadh leas as an gcur chuige céanna sin . Ba bhall díograiseach den Chumann Gaelach sin é, an Dálach, agus é iompaithe ina Phrotastúnach, faoin mbliain 1826. Bhuel, b’in mar a thosaigh an Dálach céanna in Eochaill, i dtosach, agus ansin ar ball, i gCill Chainnigh. Fad is a bhí sé i gCill Chainnigh, ghlac sé páirt an-ghníomhach ina mhisean, agus cuireann sé ionadh orainn, an lear uafásach litreacha a scríobh sé chuig na nuachtáin ar ábhair éagsúla. Díol spéise dúinne freisin, réimse leathan ábhar na litreacha céanna sin.
Bunú Cumann
Ar ball, áfach, d’éirigh idir é fhéin is an Irish Society, agus ba é críoch na mbeart é, nó gur fhill sé ar an Eaglais Chaitliceach arís, sa bhliain 1843, agus scar sé, scun scan, leis an Society,. Chuaigh sé go Baile Átha Cliath ansin, áit ar bhunaigh sé an Cumann Ceilteach, d’fhonn téacsanna Gaeilge a fhoilsiú. Ní mó ná sásta a bhí sé le saothar an Chumainn sin, agus dá thoradh sin, bhunaigh sé Cumann eile, sa bhliain 1852, An Cumann Oisíneach, a bhaist sé air, le litríocht na Fiannaíochta a thiomsú agus a fhoilsiú. Thaitin an obair sin go mór leis, agus d’fheidhmigh sé mar eagarthóir, mar fhoilsitheoir, agus mar dhioltóir leabhar freisin, don Chumann sin.
Déantar cur síos freisin sa leabhar iontach seo, ar Reliques of Irish Jacobite Poetry, agus ar, Poets and Poetry of Munster, bhailiúcháin faoi leith, a rinne an Dálach, lena linn, ar ábhar a bhí gar dá chroí.
Faoi chomaoin mhór
Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil Aos Léinn na tíre seo go mór faoi chomaoin ag an údar cumasach seo, Proinsias Ó Drisceoil, agus níl dabht ach oiread, ach go mbainfear an-leas as a thaighde, as a scoláireacht, agus as a chur chuige, sna blianta atá romhainn amach. Mo chuidse de, caithfidh mé a rá, gur bhain mé an-sásamh go deo, agus tairbhe freisin, as an leabhar dea-scríofa, dea-chumtha seo. Thaitin an cuma inar shníomh sé a thagairtí go healaíonta, sciliúil, isteach sa scéal. Léitheoireacht éigeantach, don té a chuireann spéis i litríocht an naoú haois déag.
Bain triail as.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
.
C r í o c h I d i r D h á N é a l l .
.
.
Im’ leathdhúiseacht domsa ar maidin,
Sa Chríoch úd Idir Dhá Néall,
Cumaimse dánta go snasta,
Is véarsaí tá líofa soiléir,
.
Ina ríomhtar cur síos agus insint
Ar eachtraí a chorródh an croí,
Éachtaí á n-aithris chomh glé sin,
Is eachtraí tá lomlán de bhrí.
.
Nach éasca a roghnaím focail
Le bearnaí a líonadh gan stró,
Is le meadaracht chasta a shlánú,
Ina súgán nach mbrisfeadh go deo.
.
Déanaim na véarsai a aithris
ó thosach go deireadh, gan dua,
Is sileann gach ceathrú óm’ theanga
Ina rannaíocht rinceach rua.
.
.
.
Moltar mo scil agus m’eolas
Sa Chríoch úd Idir Dhá Néall,
Agus deirtear nach bhfuil mo shárú
I gcríocha na hÉigse nó an Léinn.
.
Ach nuair a fhágaim an Chríoch sin im dhiaidh,
Is nuair a dhúisím faoi sholas an lae,
Ní fhanann liom comhfhuaim nó aicill
Nach roiseann mar shnáithe ar strae.
.
Ach fanann liom dóchas go foilleach,
Go bhfillfidh mo dánta gan cháim,
Gan roiseadh, gan dearmad, gan éalang,
Nuair a bhrisfear mo gheasa, cé tréan.
.
Is feasta, ní chumfaidh mé véarsaí
Ach sa Chríoch úd Idir Dhá Néall,
Mar ar léir dom fís agus fabhal,
Is na briathra lena réaladh go glé.
.
*************************
(Idir Dhá Néall…..idir dhá néall codlata.)
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Athbhliain faoi shéan daoibh go léir
Peadar Bairéad
Bíodh go bhfuil muid ag guí athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dá chéile, le fada an lá anois, is beag difir a dhéanann sin i saol laethúil an ghnáthdhuine. Ní chuireann sé stop leis an “mugáil”, leis an robáil, leis an ngoid, nó leis an ndúnmharú, a réabann leo ina dtuile do-stoptha, beag beann ar ár nguíonna, nó ar ár mianta. Is dócha, i ndáiríre, gur chuid dílis dár ndaonnacht é, cuid den olc a bheirtear sa chnámh linn uilig, ach má sea fhéin, ní tharlódh a leithéid gan chúnamh ón daonnaí fhéin, nó caithfidh sé toiliú chuige, sula bhféadfadh sé tarlú. Is dócha freisin, gur thugamar uilig faoi deara, nár laghdaíodh puinn ar an gclaonadh sin chun oilc, de réir mar d’éirigh linn cur leis an méid puint a bhí taiscithe sa bhanc, nó fiú faoin bpluid, againn! Níor laghdaíodh, mh’anam! Nó nach dtuigtear do mhadraí an bhaile fhéin, gurb é a mhalairt díreach a tharlaíonn, nó de réir mar a éiríonn an sparán teann, is ea is mó a éiríonn an consias so-shínte.
Ná tuigtear anois, go bhfuilimse ag rá gur in olcas atá an saol ar fad dulta, i gcomórtas leis an gcineál saoil a bhí ann, leathchéad bliain ó shoin, nó níl nó baol air, mar nach soiléir don dall fhéin go bhfuil feabhas as cuimse tagtha ar stíl bheatha daoine, san idirlinn. Níl le déanamh againn ach breathnú ar an innealra a fritheadh le tamall de bhlianta anuas. Breathnaigh ar na gléasanna uilig a chuirtear i mbun oibre ar an bhfeirm. Nár mhór an gar don bhfeirmeoir é an tarracóir, agus na cineálacha oibre uilig a d’fhéadfaí a chur i gcrích, de dheasca an chumahchta a chuireann an beithíoch céanna sin ar fáil dó? Sea, agus smaoinigh ar na meaisíní bainte, na tochaltóirí, na meaisíní crúite, agus fiú na meaisíní bainte buailte, le gan ach cupla ceann acu a ainmniú. Agus arís, breathnaigh ar na hacraí uilig a úsáidtear sa teach fhéin, le hobair bhean an tí a shimpliú, agus a éascú? Cá bhfágfá an meaisín níocháin, an cuisneoir, an follúsghlantóir, an sorn leitreach, agus tuilleadh ar an dtéad chéanna sin. Breathnaigh arís ar an gcaoi a feabhsaíodh, agus a forbraíodh, na modhanna taistil uilig, agus feicfidh tú an chaoi ar thángthas i gcabhair ar na sclábhaithe bochta, a chaitheadh bunús a gcuid ama, ag saothrú leo go dian, crúógach, ar bheagán toraidh, agus má chuaigh cúrsaí chun cinn go hiontach, sna réimsí sin go léir, níor dhada é i gcomórtas leis an dul chun cinn ollmhór a deineadh i gcúrsaí cumarsáide. Nach dochreidte, amach is amuigh, an dul chun cinn atá déanta sa ghort sin, le céad bliain anuas? Smaoinigh ar an raidió, ar an teilifís, ar an bhfón, ar an ríomhaire, ar an ríomhphost, agus nuair a smaoiníonn duine, nach é amháin go bhfuil dul chun cinn ollmhór déanta againn le céad bliain anuas, ach caithfidh muid a chur san áireamh freisin, nach bhfuil deireadh fós leis an dul chun cinn céanna sin, nó leanann an fás, agus an forbairt, sa ghort sin in aghaidh an lae, sa chaoi nach bhfuil a fhios againn cá bhfuil ár dtriall, in aon chor, sna cúrsaí sin, ach tá a fhios againn, nach bhfuil feicthe againn fós ach an tús, tús tuile, agus go bhfuil an t-uafás le fionnadh ag ár gcine, sa réimse seo, fós.
Breathnaigh ar an dtaobh eile den scéal !
Ar an drochuair áfach, níl feicthe againn thuas ach taobh amháin den bhonn, agus sin an taobh is fearr, nó ar an dtaobh eile den scéal, is beag atá le maíomh againn, as iompar, as moráltacaht, as daonnacht, nó as comharsanúlacht ár gcine, san aonú haois fichead seo, ina mairimid, faoi láthair.
Céard tá i gceist agam anseo, an ea?
Bhuel, má thógann tú nuachtán chugat, lá ar bith de na laethe seo, feicfidh tú fhéin céard tá i gceist agam, nó is féidir leat a bheith cinnte, go mbeidh scéalta le léamh agat sa nuachtán sin, faoi “mhugáil” daoine macánta, faoi robáil, agus ní hé amháin go ndéantar daoine a robáil, ach déantar é sin ar bhealach cruálach, mídhaonna, frithshóisialta. Seans go mbeidh cuntas ansin faoi dhúnmharú duine eicínt, nó bíodh go mairimid uilig i bPoblacht daonlathach, a thugann geallúint don saoránach, go ndéanfar é a chosaint ar ionsaí, ar robáil, ar éigean, agus ar mharú. An gcoimhlíonann an Stát s’againne an gheallúint sin? Ag magadh fúm atá tú! Níl ar chumas an Stáit é fhéin a chosaint ar na murdróirí, ar na robálaithe, ar na drongairí, nó ar na coirpigh uilig, a mhaireann go compórdach ar shaothar na gcomharsan, tráth nach bhfuil siad fhéin toilteanach “turn dá láimh” a dhéanamh ar mhaithe le beatha a shaothrú dóibh fhéin. B’fhéidir, i mbliain seo an Olltoghcháin, go ndéanfaidh Páirtí Poilitíochta eicínt rún athbhliana, go bhfuil siadsan sásta dúshlán na ndrongairí sin a thabhairt, agus deireadh a chur le rás an dreama seo, ar ais, nó ar éigean.
D’fhéadfainn leanúint liom, ag cur síos ar oilc iomadúla eile ár sochaí, faoin am seo, oilc cosúil le héigniú, le mímhoráltacht, le mí-úsáid daoine, agus le sclábhaíocht de chuile chineál. Nach maith is cuimhin liom na seanmhná fadó ag caint leo faoi “Fhómhar na mBan gan Náire,” cibé cineál ruda a bhíodh i gceist acu le sin! ach, dár mh’anam, ní i bhfad a bheifeá ag breathnú ar ár gcláracha teilifíse go dtuigfeá go hálainn céard é go díreach a bhíodh i gceist acu…….Ach, ceal misnigh, caithfidh mé an t-ábhar sin a chur ar an méar fhada, go dtí tráth eicínt eile, amach anseo!
.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Iníon altrama ar thóir a hOidhreachta
(Iníon Rúnda)
.
.
Secret Daughter…………..céadchló……………2010
by
Shilpi Somaya Gowda……….……………USA $17.99
.
Peadar Bairéad.
Ní thuigeann an sách don seang
Rugadh agus tógadh an t-údar seo i Toronto Cheanada, agus tharla le linn a hOllscolaíochta sa tír sin, gur chaith sí seal ag obair mar dheonach in Uchtlann san India, agus is dócha gur ghlac sí, ar fhoghlaim sí i rith na tréimhse sin, mar chúlra don leabhar cáiliúil seo, ‘Secret Daughter’. Ní haon ionadh, mar sin, gur chuir sí spéis ar leith i bhfadhbanna na n-imirceach Indiach, agus i ndeacrachtaí ghaolta idirchiníocha. Ba leabhar mór-ráchairte é ‘Secret Daughter’, ar díoladh thart ar mhilliún cóip de i dtriocha teanga.
Sí Asha an príomhcharachtar san úrscéal seo, agus í mar dhroichead idir dhá chlann, agus idir dhá chultúr, ach leis an gceann a bhaint den scéal seo, tosóimid san India, áit a bhfuil cónaí ar Kavita agus Jasu, lánúin phósta, nach bhfuil mórán de mhaoin an tsaoil seo acu, agus cónaí orthu i mbaile tuaithe, Dhanau. Rugadh iníon don lánúin seo, agus ó tharla nach raibh mórán measa ar iníonacha sa dúiche sin, agus ó tharla freisin, go raibh faitíos ar Kavita go maródh Jasu an iníon sin, thóg sí fhéin is a deirfiúr an leanbh go dtí Uchtlann i Mumbai, lena sábháil ó bhás, Usha an t-ainm a thug siad ar an leanbh sin. Daoine bochta ba ea muintir na dúiche sin, agus ba é cúis nár theastaigh iníonacha uathu nó nach mbeadh mórán ratha orthu mar chúntóirí feirme, agus chomh maith le sin, bheadh ar na tuistí spré a chur ar fáil dóibh, ar ball, agus ar an dtaobh eile den scéal, bheadh mac ábalta cabhair a thabhairt dóibh ar an bhfeirm agus ní bheadh spré ag dul dó, ar ball, nuair a phósfadh sé, agus ó tharla nach raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag Kavita agus Jasu, tuigeadh do Kavita, go raibh an baol ann, go maródh Jasu an iníon óg sin a rugadh di. Ar ball, d’fhág an lánúin sin a n-áit dhúchais agus thug Mumbai orthu fhéin, ag iarraidh saol níos fearr a chur ar fáil dóibh fhéin is dá mac.
Theastaigh uathu leanbh a uchtú.
Anois, thart ar an am gcéanna sin, thall i Meiricea, tharla go raibh lánúin eile, Somer agus Krishnan, ar theastaigh uathu clann a thosú, ach a fuair amach ansin, nach mbeadh ar a gcumas sin a dhéanamh. Bhíodar an–bhuartha dá bharr sin, agus ar deireadh, shocraigh siad ar leanbh a uchtú, agus ó tharla gur de phór Indiach é Krishnan, bheartaigh siad ar leanbh Indiach a uchtú. Sea, agus do bharúil cé d’uchtaigh siad? Sea! cé eile ach Usha, iníon Kavita agus Jasu? ‘Bhí go maith is ní raibh go holc’, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó, ach ní go ró-mhaith a chuaigh cúrsaí sa chás áirithe seo. Ní go ró-mhaith a chuaigh cúrsaí idir Asha, – faoi mar a thugtaí uirthi faoin am sin -, agus a máthair altroma, rud a chuir leathmhaing ar phósadh ‘Somer agus Krishnan’.
Chuaigh Asha le hiriseoireacht, agus d’éirigh go maith lei sa bhfiontar sin, agus ar ball, fuair sí ‘internship’ le ceann de mhór-nuachtáin na hIndia. Chuaigh sí chun oibre ansin sa tír inar rugadh í, rud a chuir ar a cumas dul i dteangmháil le clann Krishnan, agus ghlac siadsan lei mar bhall dá gclann fhéin. Chuir a seanmháthair, nó ‘Dadima’, mar a thugtaí uirthi, chuir sise an-suim go deo inti, agus ghlac sí faoina sciathán fhéin í. D’éirigh go seoigh le hAsha ina cuid oibre don Nuachtán Indiach sin, agus rinne sí a lán taighde dá saothar i measc na mbocht, i gceantar bocht, scoite, i Mumbai.
Ar thóir a fréamhacha
Ag pointe áirithe, chuir sí ceist ar ‘Dadima’, a seanmháthair, faoi mhuintir a máthar fhéin, agus í ag iarraidh fáil amach, ar cheap sise gur chóir di dul ar a dtóir. Mhol sise di sin a dhéanamh, má cheap sí fhéin gur chóir di a leithéid a dhéanamh. Ba é toradh a bhí ar an gcomhrá sin, nó gur dhírigh Asha ar sin a dhéanamh, agus d’éirigh lei roinnt mhaith a fháil amach futhu.
Ar éirigh lei casadh leo i ndeireadh na dála, agus ar éirigh le Somer agus Kristnan an scoilt a bhi eatarthu fhéin agus a n-iníon a leigheas, agus cén chaoi ar chuir an t-údar críoch lena scéal? B’fhéidir gur mhaith leatsa fios fátha ‘chuile scéal acu sin a fháil. Chuige sin, níl le déanamh agat ach an leabhar breá, suimiúil, seo a fháil is a léamh……………
.