Doirse De 1

Doirse De 1

.

D O I R S E

.

D É

.

L E

.

.

.

PEADAR BAIRÉAD

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Réamhrá.

.

Níor dhún Dia doras riamh

Nár oscail sé ceann eile.

Nach minic a chualamar uilig an seanfhocal sin ag seandaoine fadó, agus ba é a bhí i gceist acu leis an seanrá céanna sin nó, nár thréig Dia daonnaí ar bith riamh, ach go raibh sé ansin i gcónaí agus é réidh, ullamh, le teacht i gcabhair orainn. Doirse Dé, a thugadh na seandaoine ar na doirse a bhí i gceist sa seanfhocal sin.

Bhuel! sin iad na doirse atá i gceist agamsa sa scéal seo, nó ó laethe m’óige i leith, sin mar a d’éirigh le Dia mé a sheoladh ó ré amháin dem’ shaol go dtí an chéad ré eile. Doirse á n-dúnadh, agus doirse á n-oscailt aige dom, agus i ndáiríre, nach ’in an saol agat! Breathnaigh ar chúrsaí do shaoil fhéin, agus feicfidh tú gur mar sin a tharla duitse freisin. Ní dhéanann muid aon nath de na cúrsaí seo, nuair nach mbíonn i gceist ach athruithe beaga, fánacha, faoi mar a tharlaíonn nuair a dhúnann muid ár súile do chodladh na hoíche, mar nach ndúntar doras ag an bpointe sin, freisin, agus nach n-osclaítear doras eile dúinn, an mhaidin dár gcionn, le sinn a scaoileadh isteach i ngort corraitheach nua an lae úir?

Scéal eile ar fad a bhíonn ann, nuair a fhágann duine an baile den chéad uair, agus nuair a thugann sé bóithre an tsaoil mhóir air fhéin, nuair a tharlaíonn athruithe móra dá leithéid in ár saoil, ansin tugann muid faoi deara, go bhfuil críoch iomlán á chur le ré amháin dár saoil, agus go bhfuil muid ag tosú ar ré úrnua. Is ansin a thugann muid Doirse Dé faoi deara, i ndáiríre. Sea, níor fhág Dia ar an mblár folamh riamh sinn, nó tá sé ansin lena shlánú, is lena chúnamh, le teacht i gcabhair orainne, chuile bhabhta a tharlaíonn ina ngátar muid. Is dócha go bhféadfadh duine dul beagáinín níos sia fós leis an scéal, agus a rá go bhféachann Dia chuige, go mbíonn doras foscailte os ár gcomhair i gcónaí, cuma cé dhúnann an doras eile orainn. Sea, agus is féidir linn a bheith cinnte, go ligfidh an doras céanna sin isteach i Ríocht Dé sinn, agus gan le déanamh againne ach an doras céanna sin a thabhairt orainn fhéin, ach nach bhfuil a fhios againn freisin, go bhfuil ar ár gcumas diúltú, scun scan, don doras sin, agus doras eile ar fad a thabhairt orainn fhéin, doras ár n-aimhleasa b’fhéidir! Ach is maith é Dia inné, inniu agus amárach, agus chomh maith le sin, tá máthair mhaith aige, agus bíonn ár seasamh airsean i gcónaí.

Mar sin, bíodh go bhfuil na blianta fada caite agamsa ag dul trí na doirse úd a d’oscail Dia dhom, níor chaill mé mo dhóchas iontu fós, nó tá mé ag ceapadh, go mbeidh radharc an Tiarna le fáil agam, nuair a dhúnfaidh sé doras deiridh mo ré agus nuair a osclóidh sé doras na síoraíochta dom. Sa leabhar seo déanaim iarracht ar shaol ábhar an tsagairt sna dachaidí, a leagan os comhair an léitheora, nó ní go minic a fhaigheann duine radharc, ón dtaobh istigh, mar adéarfá, ar an gcineál saoil a chaithidís, i ré bhuacach úd na hEaglaise. B’fhéidir go dtabharfaí faoi deara na laigí, agus na heasnaimh, a bhí ag baint leis an saol céanna sin, agus b’fhéidir freisin, go dtabharfaí léargas dúinn, ar na laigí agus na heasnaimh a bhí i dtraenáil na n-ábhar sagairt, an tráth úd. Níl locht ar bith á fháil agamsa ar an gcaoi ar caitheadh liom, agus mé ag dul trí na blianta fada traenála céanna sin, mar ar an dtaobh eile den scéal, feictear dom gur chuidigh an traenáil sin go mór liom, agus mé ag dul i ngleic leis an saol mór, bíodh gur fhág sé lag, leochaileach, soghortaithe go maith mé, ar bhealaí eile, ach le críoch a chur leis an Réamhrá seo, ghlac mé le fírinní mo chreidimh, agus chreid mé freisin sa seanfhocal a dúirt nár dhún Dia doras riamh gan ceann eile a oscailt, don té a bheadh ag déanamh a bhealaigh chuige, ar oilithreacht dian, chasta, an tsaoil bheannaithe seo, agus a bheadh toilteanach rud a dhéanamh air.

.

Caibidil 1

Cuimhní na hóige

.

Nuair a bhí mise i mo ghasúr, bhí de nós againn, sa Gheimhreadh, cuairt a thabhairt ar sheandaoine, ar thóir scéalta. Ba bheag rud eile i bhfoirm chaitheamh ainmsire a bhí le fáil ag daoine óga, sa dúluachair, an t-am sin, agus ar an ábhar sin, bhíodh tóir an diabhail againn ar na scéalta céanna sin. Ag smaoineamah siar ar na laethe sin anois, is minic a thuigtear dom, gur mhó taitneamh a bhaineadh na seandaoiane fhéin as na babhtaí scéalaóochta sin, ná mar a bhaineamarna páistí astu, nó is beag rud is mó a thugann pléisiúr don té atá imithe anonn sna blianta, ná daoine óga ag teacht chuige ar thóir eolais, eagna, nó scéalta, earraí atá tiomsaithe aigesean go cúramach, thar bhlianta fada, achrannacha, a shaoil. Nach annamh a thugtar an deis sin do sheandaoine an lae inniu? nó tá an t-eolas uilig, agus na scileanna go léir, ag na daoine óga, sa lá atá inniu ann, murab ionann is an tráth úd. Annamh a deirtear le seanduine anois….”Eachtraigh dúinn faoin saol a bhí ann, nuair a bhí tusa i do ghasúr”….. Don té a bhfuil ar a chumas píosa a scríobh áfach, ní fál go haer é, nó is féidir leis-sean scéal a óige a ríomh, am ar bith a bhuaileann an fonn é, nó am ar bith a bhfuil eagarthóir amuigh ansin, atá sásta éisteacht leis, agus spás a chur ar fáil dó.

Le tús a chur leis na cuimhní seo, inseoidh mé dhuit anois faoi nós ait a bhí againne, páistí, thiar in Iorras, breis mhaith is trí scór go leith de bhlianta ó shoin anois. Cuimhnigh anois, cé gur rugadh mise i dtír a bhí saor, gur lean nósanna áirithe in ár measc, ó na laethe úd a raibh cine Gael faoi dhaoirse, agus ‘faoi bhráca Gall’, faoi mar adeireadh na seandaoine ag an am. Bhuel, am ar bith a d’fheicfeadh muidinne Garda Síochána, nó “Póilí”, faoi mar a thugaimis ar a leithéid, an tráth úd. Tráth ar bith a d’fheicimis a leithéid ag teacht i dtreo an bhaile, agus b’fhuras sin a dhéanamh ag an am, nó ní bhíodh gluaisteán, nó tada dá leithéid acu an uair úd, le teacht aniar aduaidh ar dhuine. Ní bhíodh acu ach na rothair, agus d’fheicfeá fear acu ag teacht chugat agus é míle ó bhaile! Bhuel, nuair a d’fheicimis a leithéid ag teacht inár dtreo, rithimis i scaoill, amach as na tithe, agus stad ná cónaí ní dhéanaimis go mbeadh chuile dhuine againn sáite go dtí na cluasa, i ndíg, nó i gclais, amuigh i ngort na bprátaí, nó cois claí, áit nach bhfaigheadh an Póilí sinn go Lá Philip a’ Chleite fhéin. Níl fhios agam fós, tuige a ndéanaimis a leithéid, nó ní cuimhin liom na daoine fásta ag rá linn a leithéid a dhéanamh, ach b’in mar a dhéanaimis. Is dócha gur tháinig an nós sin anuas trí na glúnta chugainn, agus nach raibh á dheanamh againne, ach an rud a dhéanadh ár leithéidí le sinsearacht, tráth ar bith a d’fheicidís fear na gcnaipí chucu. Ach is cuimhin liom freisin, am ar bith a mbeadh diabhlaíocht nó bligeárdaíocht ar bith ar siúl againn, go ndeireadh na daoine fásta linn a bheith cúramach, nó go mbéarfadh an Póilí leis ina mhála sinn! Nach bhfuil do sháith ansin!

Chailleamar an nós sin le himeacht aimsire, nuair a chuireaamar aithne ar na gardaí, agus nuair a tuigeadh dúinn go mba dhaoine lácha, cairdiúla, a bhfurmhór, ar nós chuile dhream eile, go dtí go dtéadh do bhó ina ngarraí! Ach mar sin fhéin, blianta ina dhiaidh sin, nuair a cuireadh tús leis an dara cogadh domhanda, agus nuair a chonaiceamar eitleáin, don chéad uair riamh, d’fhill an sean-nós céanna orainn arís, agus d’fheicfeá an corrdhuine at tabhairt faoi na díogacha agus na claiseanna arís, nuair a d’fheicidís eitleán chucu! Minic a rinne mé fhéin a cleas sin le linn m’óige, agus fanann cuimhne an nóis sin neadaithe go doimhin ionnam go dtí an lá atá inniu ann.

Ach le críoch a chur leis an scéal sin, bhí mé amuigh in Iorras, cupla bliain ó shoin, agus chonaic mé fear amuigh ag spraeáil prátaí le scuab fraoigh. Stop mé le grainghraf a thógáil, ach i bpreab na súl, bhí mo dhuine imithe as radharc, faoi mar a shlogfadh an talamh é, is amhlaidh a rinne se mar a dhéanaimisne fadó, thug sé an díog air fhéin, agus bhí na gais chomh hard sin, nach raibh feiceáil ar bith agamsa air a thuilleadh, ach bí cinnte go raibh lán a dhá shúl á bhaint aigeasean asamsa. Nach deacair nós dá leithéid a bhriseadh!

Ceann de na chéad chuimhní a ritheann liom anois, agus mé ag iarraidh tumadh isteach i linn chuimhní na hóige, ná mé a bheith thart ar dhá bhliain d’aois, mé socraithe i mbosca de chineál eicínt, ar bhruach na tine, agus mo Mham ag déanamh bacstaí taobh liom. Bhí cloch bheag im láimh agam, agus mé ag déanamh cineál eicínt spraoi leis. Ar chúis amháin, nó ar chúis eile, thit an chloch diabhalta as mo láimh, agus rinne mé chuile iarracht breith uirthi, ach cibé mí-ádh a bhí orm, thit mé amach ar mhullach mo chinn as an mbosca, agus isteach liom sa ghríosach a bhí in aice na tine. Bhéic mé agus scread mé, agus cheap mé nach dtiocfadh mo Mham chugam go deo, le mo thógáil as an tine loiscneach sin. Ar deireadh thiar thall, tháinig sí, agus shábháil sí mé ar lic úd na bpian. Is cuimhin liom fós an faoiseamah a fuair mo choirpín bocht dóite ón uisce a bhí i mbáisín an bhacstaí, mar a raibh sí ag scríobadh na bprátaí, agus sin a bhfuil sa chuimhne sin. Stopann an téip ag an bpointe sin, agus ní cuimhin liom tada faoin bpian a lean an róstadh a fuair mé sa tine sin, nó an treimhse fhada a thóg sé leis an ndó domhain sin uilig a leigheas. Ach nach mar sin a bhíonn, i gcás chuimhní na hóige? Fanann cuid áirithe de glas, agus scuabtar an chuid eile chun siúil le sruth dian na mblianta.

Cuimhne eile a fhilleann chugam go rialta, ó chríocha úd na hóige, nó ceol na gcriogait agus iad ag portaireacht leo go mícheolmhar dóibh fhéin sa bhac, agus ó tharla go raibh dhá bhac mhóra ar ’chaon taobh den tine sa teach s’againne, bhí flúirse criogait sa timpeall i gcónaí. Ní dhéanadh na criogait chéanna dochar ar bith d’éinne, mura gcuirfeadh duine chucu, agus ansin, bhí de nós acu, stocaí an duine sin a mhilleadh, am ar bith a bhfaigheadh siad i bpoll a’ bhaic iad, agus dá bharr sin, bhíodh lán-chead ag na criogait bogadh timpeall an teallaigh, am ar bith d’oíche, nó de ló, a thogróidís!

De réir mar a d’fhás mé suas, chuir mé aithne ar an tír, agus ar na daoine, a bhí timpeall orm. Nuair a bhreathnaíodh mé amach an doras tosaigh, soir uaim, bhíodh radharc agam ar an nGob Dubh agus ar an gcuan timpeall air. Píosa ó dheas ón nGob, bhí an Rinn Bhán, agus í mar a bheadh scian gheal ag síneadh amach sa bhfarraige, sa chuid sin de Chuan an Fhóid Duibh, a shileann isteach go cé an tSáilín. Idir an teach s’againne agus an fharraige sin, bhí roinnt páirceanna againne, idir mhóinéar agus portach, áit a mbaineadh Daid an mhóin dúinne. B’fhéidir nach raibh an mhóin sin chomh maith leis an móin a bhaintí thíos sa Tóin Mhór, ach nár linne í? agus d’fhéadfá an mhóin sin a bhreith abhaile leis an asal bocht, díreach ón bportach sin go dtí Garraí na gCruach, gan a bheith ort aistear fada síos chun an tséibhe a chur ort fhéin. Ba ghearr freisin, gur chuir mé aithne ar na daoine a bhí mar chomharsanna againn, daoaine lácha, geanúla, cairdiúla, carthannacha, nár chuir chugainn nó uainn, tráth ar bith, le linn dúinn bheith ag fás suas ina measc, ach daoine a thiocfadh i gcabhair ar éinne, a mbeadh a leithéid ag teastáil uaidh. Ní call dom a rá, go mbíodh lán-tí de pháistí i ngach teach, an tráth úd, murab ionann is inniu! Agus dá bharr sin, ní bhíodh easpa comhluadar orainne am ar bith. I rith an tSamhraidh, nuair a bheadh an aimsir go breá, te, brothallach, bhíodh muidinne, gasúir, ag imeacht linn ar fud na dúiche ag imirt ár gcleas. Bhíodh an-tóir againn ar na dumhacha gainimhe, a bhí idir sinn agus an Fharraige Mhór, taobh thiar den teach. Bhíodh spórt an domhain againn ansin san aimsir bhreá agus muid ag rith is ag spraoi i measc na ndumhach, ag dul le bruach síos, nós na gaoithe, áit a mbrisfeadh muid píosa den bhruach, le sleamhnú síos le fána na dumhaí air. Minic freisin, a bhíodh rásaí asal againn ar sraith eicínt i measc na ndumhach céanna sin. Lá eile, théadh muid cois cladaigh ag cuardach raice, agus mura bhfaighfeá, an tráth úd, ach buidéal, thabharfá abhaile leat é, nó bí cinnte go mbeadh gá lena leithéid, le heaspa eicínt a shásamh, nó, an t-am sin, ní bhíodh earraí flúirseach ag daoine, faoi mar a bhíonn inniu, agus bhíodh fáilte i gcónaí roimh cibé earra a gheobhadh muid cois cladaigh.

Ní bhíodh muid gan spraoi, ach oiread, sa dúluachair, nó nuair a bhíodh na hoicheannta fada gealaí ann, théadh daoine ar chuairt chuig a ngaolta, agus chuig a gcairde, agus go hiondúil, thógaidís na páistí leo. Ansin, tar éis tamaill a chaitheamh inár suí go ciúin, béasach, thosaíodh na gasúir ag déanamh spraoi dóibh fhéin, thíos sa tseormra, b’fhéidir, nó amuigh timpeall an tí. B’iad na cluichí ba choitianta nó, “Lurapóg Larapóg”, “Dallóg”, “Thart a’ bhróg”, “Meig, Meig”, agus a leithéid. Scaití eile, bhíodh tomhaiseanna nó aithriseoireacht ar siúl againn. Oíche eile, bheadh na rudaí beaga ag gabháil do na leabhair scoile, agus iad ag iarraidh léasadh a sheachaint an lá dár gcionn. Agus corruair freisin, bhíodh cártaí againn, le “Foighid”, “Cúig is Fiche”, “Céad is a Deich”, nó cluichí dá leithéid á n-imirt acu. Bhíodh am againn le spraoi a dhéanamh, gan aon agó, an t-am sin, ach ag an am gcéanna, ná síl nach mbíodh obair ar bith le déanamh againn, nó bhíodh, agus neart. Bhíodh orainn na ba a sheoladh chun fosaíochta, agus bheadh orainn freisin aire a thabhairt dóibh, le linn dóibh a bheith ag alpadh féir ar a ndícheall, nó cé go mbíodh féar ar fáil go flúirseach acu, ba mhilse do na ba céanna sin an greim a bhainidís as barra de chineál ar bith a bhíodh crosta orthu, ná lan boilg den bhféar milis a bhí faoina smut acu.

Ná ceaptar anois, go mba naoimh ar thalamh sinn, an tráth úd, nó níorbh ea! Bhíodh cleasaíocht agus diabhlaíocht ar siúl againn freisin. Bhíodh dúil an diabhail ag cuid againn sna toitíní, agus ag dul ar scoil dúinn ar maidin, bí cinnte go mbeadh toitín ag fear eicínt in ár measc, agus nuair a shroicheadh muid áit sábháilte, lasfaí an toitín, agus ansin chuirfí sa timpeall é, le gail a thabhairt do chuile dhuine againn, ar a sheal. Sea, mh’anam, agus lá rásaí, nó a leithéid, bí cinnte go dtiocfadh duine eicínt dínn ar ghloine pórtair, agus ansin, dhéanfaí sin a roinnt freisin,. le seans a thabhairt dúinn bheith ag maíomh as ár ngaisce go ceann ráithe ina dhiaidh sin arís. Bhíodh dúil mhallaiathe againn freisin sna hoinniúin, agus sna turnapaí, a bhíodh ag fás go buacach i ngarraí na gcomharsan, agus minic a ghoideadh muid mám oinniún, nó trunapa breá, mór, milis, as garraí na gcomharsan, agus bí cinnte de, nach mbíodh na comharsanna céanna ró-bhuíoch dínn, go háirithe dá dtiocfaidís orainn sa bhfoghail sin!

Ach nuair a smaoiním siar ar na laethe sin anois, feictear dom nach raibh muid leath chomh seanórtha leis na rudaí beaga atá ag fás suas, sa lá atá inniu ann. Ní bhíodh teilifís nó raidió, cairr nó traenacha, nuachtáin nó greannain, againne, an tráth úd, le cleasa nó drochbhéasa a mhúineadh dúinn, nó le cur isteach ar an múineadh a cuireadh orainn sa bhaile, nó sa scoil. Agus cibé diabhalaíocht a bhí ionainn, ní ón ddtaobh amuigh a tháinig, ach is amhlaidh a tháinig sí uainn fhéin amháin, agus ó cibé claonadh chun oilc a bhí sa chroí istigh ionainn.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Caibidil 2

.

An Scoil s’againne

.

“Cén cineál saoil a bhíodh againn ar scoil fadó, an ea?”

“Bhuel, is docha go mbíodh lá bog agus lá crua againn, faoi mar adúirt an té adúirt, ach buail fút ansin anois, agus inseoidh mé dhuit faoi mo laethe scoile, faoi mar is cuimhin liomsa iad.”

“Níor leag mise spág i dteach scoile riamh go dtí go raibh na seacht mbliana slánaithe agam, murab ionann is rudaí beaga an lae inniu, na créatúir, nó is ar éigean as an gcliabhán iad, nuair a seoltar i dtreo na scoile iad.

Is maith is cuimhin liom fós an chéad lá a chaith mé fhéin i Scoil Náisiúnta na Cille Móire , thiar in Iorras, i gContae Mhaigh Eo.”

“Ach caithfidh go raibh tú ró-shean do Rang na Naionán, an trath sin?”

“B’fhéidir go raibh, agus b’fhéidir nach raibh, ach ar aon chuma, ba isteach i Rang na Naionán a sacadh mé an chéad lá sin, agus mé tuirseach go maith, tar éis dom breis agus míle slí a bheith curtha díom agam, de shiúl na gcos, an mhaidin sin. Bhí an chuid ba mhó de na páistí sa rang sin ar chomhaois liomsa, nó bhí sé de nós ag na daoine in Iorras, an tráth úd, gan na páistí a chur chun na scoile go mbeadh siad sé bliana d’aois, ar a laghad. Bhuel, ní bhíodh busanna nó gluaisteáin againn thiar, le gasúir a iompar chun na scoile, an t-am sin, agus chomh maith le sin, bhíodh bóthar fada rompu, chuile mhaidin, ó cheann ceann na bliana.

Is cuimhin liom go maith na gasúir agus na girseacha a bhí thart orm an mhaidin chinniúnach chéanna sin, sea, agus an mháistreas a bhí inár mbun freisin. Bean Mhic Eoin, bean an tSáirsint, a bhí i bhfeighil na naionán, an bhliain áirithe sin. Bean a bhí cineálta go maith, nuair a bhíodh rudaí ar a toil aice, ach, mura mbeadh cúrsaí chun a toile, d’éiríodh sí feargach go maith linn, ar an toirt, agus ba ghearr ansin go gcloisfeá a guth ardaithe, ag fógairt don tsaol mór go mba “Chlaigeann Éinín” den scoth thú, sin nó go mba stuacán gan mhaith thú, agus b’fhéidir, le cur leis na maslaí céanna sin, agus na téarmaí ceana sin, go mothófá géire a doirn ar chul caol do chinn! Ach ba bhean charthannach, lách í ag an am gcéanna, agus is cuimhin liom fós, an lá úd ar tháinig an bhruitíneach orm fhéin, agus mé sa rang aice. Ó tharla go mba bhean phósta í fhéin, agus go raibh clann uirthi, thuig sí láithreach go raibh comharthaí na bruitíní ag teacht orm, agus chuir sí i mo shuí cois na tine mé, ar feadh an lae sin, agus thug deochanna teo dom, go rialta, i rith an lae fhada úd. Ba bheag nár nigh an bhruitíneach chéanna sin mo chosa-sa, ach sin scéal eile, d’ócáid eicínt eile. Bhí Bean Mhic Eoin ceanúil go leor orm fhéin, nó bhí mé mór lena mac, Proinsias, a bhí mar chomrádaí agamsa sa rang sin, agus muid san aon bhinse, i Rang úd na Naionán.

Ba ghearr gur éirigh mé cleachtach ar shaol na scoile. Níor chuir an scoil chéanna aon scanradh, nó tada dá leithéid orm, nó bhí taithí agam ar bheith i measc daoine, ó tháinig ann dom, ach ag an am gcéanna, níor thaitnigh chuile rud a bhain leis an scoil liom. Nuair a chuireadh an mháistreas sinn ag damhsa leis na cailíní! b’in scéal eile ar fad! Caithfidh mé a admháil, go mbíodh naire agus cúthaileacht an domhain orainn, ar na hócáidí sin.

Bhí sin dona go leor, ach nach raibh sé i bhfad Éireann níos measa, nuair a chuireadh an mháistreas chéanna sinn ag cniotáil! Is maith is cuimhin liom na laethe sin, agus muidinne, gasúir, inár suí sna suíocháin, bioráin chniotála inár lámha againn, ceirtlín snátha os ár gcomhair amach, agus sinn ag cniotáil linn ansin, faoi mar a bheadh Dia á rá linn! Mhínigh sí dúinn, go mba chuid den ullmhúcán, le scríobh a dhéanamh, a bhí sa chniotáil chéanna sin, agus gurbh é rud a dhein an chniotáil ná na méireanna a aclú don pheann! Níor chreideamarna sin, ach ag breathnú siar ar an scéal inniu, is dócha go mba mhúinteoir den chéad scoth an bhean chéanna sin, agus is dócha freisin, go raibh sí ag insint na fírinne dúinn. I measc na rudaí eile nár thaitin liom, i rang na Máistreasa úd, ná an nós a bhí aice, nuair a theastódh uaithi pionós a ghearradh ar bhuachaill eicínt, ná go gcuireadh sí ina aon bhinse le cailín é! Bí ag caint ar phionós! Is beag nach raghfá tríd an urlár síos le héaló ón bpionós céanna sin. Mar, cuimhnigh go mbeadh an scoil uilig ag gáire faoin ngasúr céanna sin, agus ag síneadh méire ina threo, agus ag lua an cailín sin leis, ón lá sin amach. Nár bheag an chiall a bhí againn, na laethe úd? Is dócha nár thuigeamar fírinne an tseanfhocail úd….An rud is measa le duine na a bhás, b’fhéidir gurb é lár a leasa é”! Sea, agus geallaimse dhuit é, nach gcuirfeadh an pionós céanna sin as don chuid ba mhó againn, ar ball!

Ní bhíodh aon teas lárnach againn sna scoileanna Náisiúnta thiar, an tráth úd. Is amhlaidh a bhíodh ar chuile dhalta againn, cupla fód móna a bhreith leis, chun na scoile, chuile lá. D’fhadaíodh duine eicínt tine, chuile mhaidin, i ngach Seomra Ranga, agus choinnítí fadaithe iad i rith an lae, le teas a chur ar fáil dúinn, ach go háirithe, le teas a choinneáil leis an múinteoir! Bhíodh gá le teas an tráth úd ar scoil, deirimse leat é, nó ní bhíodh muid chomh gléasta amach don aimsir agus a bhíonn daltaí an lae inniu, agus leis an scéal a dhéanamh i bhfad Éireann níos measa, bhíodh roinnt mhaith againn cosnochtaithe. Mo chuidse de, caithfidh mé a admháil anois, nach mbíodh bróg nó stoca orm, leath na gcuarta! Bhí sin ceart go leor, nuair a bhí an aimsir go breá, cineálta, ach scéal eile ar fad a bhí ann, nuair a bhí an Geimhreadh fuar, feanntach, linn. Ní hé anois go mbeadh do chosa préachta ar fad, ach bheadh chuile rud fút chomh crua le cloch, agus an-bhaol ann go ngearrfaí thú, nó go dtógfadh an bóthar garbh sin bonnbhualadh ar bhonn do choise. Ní gá dhom a rá, nach mbíodh na bóithre sin tarráilte, an trúth úd, ní bhíodh, mh’anam! ach iad garbh, sclaigeach, clochach, agus nach minic a bhaintí an craiceann de mhéar linn, trína bhualadh i gcoinne cloiche, ar na bóithre garbha úd.

Chuireamar dúil mhallaithe sa pheil, sa scoil s’againne, agus dá bharr sin, bhímis i gcomóras le scoileanna eile na dúiche. Is cuimhin liom go maith go mbíodh an-lá againn nuair a bhímis ag imirt i gcoinne Bhéal an Mhuirthead, nó gheobhaimis marcaíocht ar leoraí, isteach chun an bhaile mhóir, agus ar ais arís an tráthnóna sin. Ní call dom a rá, go raighaimisne go dtí an Mol Thuaidh fhéin, an tráth úd, ar mhaithe le marcaíocht dá leithéid, nó ba nuaíocht mhór dúinne a leithéid. Ach, má sea, bhí ceataí sa scéal, nó bhíodh bróga peile ar chuile ghasúr ar fhoireann Bhéal an Mhuirthead, agus ní bhíodh bróga peile ach ar chorrdhuine againne, agus geallaimse dhuit é, go n-íocadh muidinne go daor as na cluichí céanna sin, agus as an marcaíocht saor a fuaireamar ar an leoraí úd go dtí an baile mór, go háirithe dá mbeadh ag éirí go maith linne san imirt. Minic a fágadh rúitíní tinne orainne, rúitíní nár chneasaigh go ceann i bhfad ina dhiaidh sin! Ach nár chuma, nach bhfuaireamarna síob ar leoraí, agus nach raibh deis againn milseáin a cheannacht sa bhaile mór?

Mar a bhíonn i go minic, bhí ceataí eile sa scéal freisin, nó ní raibh aon pháirc imeartha againne, le peil a chleachtadh inti. Ní raibh againne ach clós beag scoile, a bhíodh lán go scóig, nuair a bhíodh na daltaí uilig amuigh ar sos. Ar deireadh thiar, áfach, rinne an máistir socrú eicínt le feirmeoir, a raibh páirc aige in aice na scoile, agus thug seisean cead dúinn peil a chleachtadh ina pháircsean. Bhí linn ón lá sin amach, nó bhíodh deis againn ansin, scileanna na peile a chleachtadh ar ár sástacht, am ar bith a ligtí amach sinn.

Ach caithfidh mé a admháil anseo, nár chuir obair scoile as dom, am ar bith, nó thaitnigh léann agus foghlaim liom, chuile lá riamh. Is dócha gur thóg mé an meon sin liom ó thaobh na dtaobhanna. B’fheirmeoir mo Dhaid, agus chaith seisean blianta fada ag naibhíocht in Albain, sular phós sé, agus sular shocraigh sé síos, agus dá bharr sin, thuig sé luach an léinn, níos mó, b’fhéidir, ná mar a thuigfeadh an té nár fhág an baile riamh.. Minic a deireadh sé, go ndéanfadh sé aon chineál oibre, cuma cé chomh dian, ar mhaithe le deis scolaíochta a chur in áirithe dá chlann. Annamh a ligtí dúinne fanacht abhaile ón scoil, nuair nár theastaigh ó roinnt mhaith de na comharsanna ach an leithscéal ba lú, le fear dá ngasúir a choinneáil ón scoil. Is dócha go ndeachaigh cáil an léinn amach orainn, agus dá bharr sin, ní bhíodh na múinteoirí dian ar dhuine ar bith againn, agus nuair a bhíodh cruacheist le scaoileadh, minic gur chugamsa a thagadh an máistir, ag súil leis an bhfreagra ceart uaimse!

Ná ceap anois, nár dhein mé tada ar bith as an mbealaach riamh, i rith mo thréimhse ar scoil, nó dhein! Ach, tá faitíos orm, go gcaithfimid an scéal sin a fhágail don chéad chaibidil eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar an lá ar dhein mé iarracht ar theach na scoile a shéideadh san aer le buama cairbíde! agus mar a d’íoc mé go daor as an eachtra ceannairceach céanna sin!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Caibidil 3

Buamaí á leagan!

.

Faoi mar adúirt mé cheana, ba bhreá liomsa, chuile lá riamh, an léann agus an scolaíocht, ach naár chuala chuile dhuine againn, go gcuireann an capall fonnmhar fhéin stailc suas, anois is arís, agus ba é an dála céanna agamsa é, nó dhéanainnse rud eicínt as an mbealach, corruair, frieisn. Is maith is cuimhin liom fós an lá ar shuigh mé pléascán cairbíde, istigh i ngaothaire, faoi urlár na scoile, tráth a raibh sos againne, scoláirí, agus tráth a raibh na múinteoirí bochta, traochta, ina suí cois na tine i sormra an Phríomhoide, ag ól braoinín tae dóibh fhéin, thart ar a haon dhéag ar maidin.

Chuir mé fhéin an chairbíd isteach i mbosca mór, fada, stáin, d’fhliuch mé í, dhaingnigh an claibín ar an mbosca, agus chuir tine leis an bpoll beag a bhí déanta agam roimh re, i dtóin an bhosca. B’iontach go deo an phléasc a rinne sé, agus fuair mé an-bhualadh bos, agus moladh, óm’ lucht féachana, buachaillí uilig na scoile, a bhí bailithe thart orm, nó bhí seo i bhfad níos suimiúla ná bheith ag imirt peile, nó bheith ag troid, i gclós cúng, corrach, láibeach, na scoile s’againne. D’éirigh chomh maith sin leis an gcéad iarracht, gur iarr mo chomhghleacaithe orm, ceann eile a scaoileadh isteach faoi na múinteoirí bochta, nó chuile sheans, dár leosan, nár chuala siad in aon chor an chéad phléasc sin! D’ullmhaigh mé an dara hurchar, agus bhí mé díreah réidh le tine a chur leis, nuair a mhothaigh mé lámh an mháistir ar mo ghualainn. Tógadh isteach, ar ghreim cluaise, os comhair na múinteoirí eile mé, agus tugadh dhá leadóg déag dom, ar an toirt, sé leadóg ar gach laipín! Níorbh aon ribín réidh é an Máistir Ó Cróinín, nuair a chuirtí chuige é. Bhí mo bhosa tinn go maith ina ndiaidh, geallaimse dhuit é, ach nár chuma liomsa, bhí mo spórt agam, agus ba churadh mé, i gclós na scoile, ón lá sin amach. Bíodh sin mar atá, ach geallaimse dhuit anois é, nár bhac mé le pléascáin dá leithéid a scaoileadh isteach faoi urlár na scoile s’againne, riamh ina dhiaidh sin! Bhain sin an spórt ar fad as buamaí agus pléascáin domsa, ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann.

Is cuimhin liom lá eile, nuair a bhí mé tarraingt ar dhá bhliain déag d’aois. Tharla go raibh an múinteoir s’againne as láthair, agus bhíomarna ciaptha, cráite, scólta, istigh sa Seomra Ranga, agus gan inár bhfeighil ach claigeann éinín eicínt, nár dhein a dhath ach ár n-ainmneacha a scríobh síos ar liosta le tabhairt don ardmháistir a bhí againn an t-am sin, an Máistir Ó Dubhda, ar ball. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch, taobh amuigh, agus leis an scéal a dhéanamh i bhfad Éireann níos measa, bhí an chruach fhéir á dhéanamh ag mo mhuintirse sa bhaile. Bhuel, le scéal gairid a dhéanamh de, ghlanamar linn, mé fhéin agus beirt ghasúr eile, thar falla na scoile amach, agus thugamar do na boinn é, go dtí go raibh muid i bhfolach, in áit nach raibh feiceáil orainn ón scoil, nó ón mbaile.

Bhí go maith, ach nach bhfaca duine fiosrach, srónach, sinn, agus nár dhein sise gearán orainn leis an bPríomhoide. Níor dhhuine é an Máistir Ó Dubhda a chuirfeadh suas go héasca le hiompar dá leithéid. Chuir sé triúr gasúr mór sa tóir orainn, triúr ón Seachtú Rang, agus tháinig siadsan suas linn, ar ball, in ár n-áit folaigh, amuigh ar an uaigneas. Mhíníodar a gcás dúinn, agus thug deis dúinn ár rogha rud a dhéanamh. D’fhéadfaimis dul ar ais chun na scoile leosan, nó fanacht mar a rabhamar, agus go ndéarfaidís-sean leis an Máistir Ó Dubhda gur theip orthu teacht suas linn. Bhuel, bheartaigh mé fhéin dul ar ais leo, agus shocraigh mo bheirt chompánach fanacht mar a raibh siad.

Shroicheamar an scoil, ar ball. Tógadh os comhair an Phríomhoide mé fhéin, agus tar éis dó léasadh maith teanga a thabhairt dom, mhol sé mé as m’fhearúlacht, agus as mo mhisneach, agus lig saor ó dhualgas na slaite mé. Ach an lá dár gcionn, nuair a d’fhill mo bheirt eile, fuair siadsan an túirne Mháire, geallaimse dhuit é! Bhuel, bhí mo cheacht foghlamtha agamsa, ach go háirithe, agus níor bhac mé le scéim ar bith dá leithéid, riamh ina dhiaidh sin. Tuigeadh dom, go raibh clabhsúr curtha ag an Máistir Ó Dubhda le scéal sin na scéimeála, ach ní mar a shíltear a bhítear go minic, nó cupla mí i ndiaidh na heachtara sin, bhí mé fhéin is mo mhuintir ag dul chuig na rástaí i gCarn, baile beag cóngaarach do Bhéal an Mhuirthead. Bhí chuile rud mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith, agus ansin, casadh col cearhtaacha linn. Ba ghearr gur thosaíodar ag caint fúmsa, agus chomh maith is a bhí ag éirí liom ar scoil. “Is dócha gur thug na Máistir Ó Dubhda an Túirne Mháire dhuit, an lá úd a ndeachaigh tú ag scéimeáil ón scoil!” arsa Pádraic a’ Gheata. Bhuel! d’fhéadfá mé a leagan le tráithnín nuair a chuala mé an chaint sin. Cheap mé go raibh mo chnaipe déanta. Bhí orm an scéal ar fad a athinsint ansin, agus muid ar ár mbealach chun na rástaí. Ní bhfuair mé, ar deireadh thiar, ach léasadh teanga ó mo dhaid, agus é ag ligint air, go raibh ionadh an domhain air an scéal sin a chlos fúmsa. I ndáiríre, bhí an scéal cloiste acu, sa bhaile, tamall roimhe sin, ó bhéal an chapaill fhéin, ón Máistir Ó Dubhda! Ach cuireadh ar mo shúile domsa é, nár ró-chliste an beart é, dul ag scéimeáil ón scoil feasta, agus mar adúirt mé cheana, níor fhág mé teach na scoile riamh ina dhiaidh sin, gan chead a bheith faighte agam, roimh ré, ó dhuine de na múinteoirí.

.

.

.

.

.

Caibidil 4

Caitheamh Aimsire

.

“Cén cineál chaitheamh aimsire a bhíodh againn, agus muidinne, gasúir, ag fás suas in Iorras na nIontas, tarraingt ar cheithre scór bliain ó shoin anois.”

Cuimhnigh i dtosach báire, nach mbíodh aon teilifís, nó raidió, nó greannáin, nó irisí, nó fiuú nuachtáin, gurbh fhiú trácht orthu, againne, sa phobal inar tógadh mise, agus an rud nach raibh againn, níor aríomar uainn é. Bhí ár gcaitheamah aimsire fhéin againne áfach, agus caithfidh mé a rá anois, nár chuala mé gasúr ar bith riamh ag rá, go raibh sé dóite bréan den saol, a mhalairt ar fad a bhí fíor, nó ní bhíodh an lá sách fada againn, lenár gcleasa a imirt, nó lenár spraoi a dhéanamh. Nach raibh rástaí le rith, tránna le cuartú, ba le tiomáint, súileanna ribe le cur, agus dá mbeadh aon am breise le spáráil againn, nach raibh teachtaireachtaí le rith, agus gnóithe le déanamh ar an bhfeirm, agus thart ar an mbaile, chuile lá. Deirimse “bored” leat !

Ach céard faoi na hoícheannta fada Geimhridh, agus an saol mór amuigh folaithe faoi bhrat tiubh an dorchadais? Céard a bhíodh le déanamh ansin againn? Ba é an dá mhar a chéile againn iad, lár an tSamhraidh nó croí na dúluachra. Ró-luath a thagadh am soip dúinne. Chomh luath is a bhíodh obair an Fhómhair críochnaithe ar na feirmeacha, thosaíodh séasúr na cuartaíochta. Ón am sin amach, go dtí go dtosaíodh siad ag cur san Earrach, bhíodh daoine ag bogadh thart, sna hoícheannta, ag cuartaíocht, ag imirt cártaí, nó ag freastal ar “raifil”, nó rinncí tuaithe, mar a thugtaí orthu. Taobh amuigh de na cúrsaí sin ar fad, bhíodh scannáin , drámaí, agus sorcais, ag teacht ar chuairt chugainn, corruair fánach. Ag trácht ar na scannáin úd, caithfidh mé a admháil anois, nach raibh sna chéad scannáin a chonaic mise ach scannáin tostacha, ach ó tharla nach raibh a mhalairt feicthe againn, bhíomar breá sásta leo, agus ní bhíodh le híoc ag an doras, ag dul isteach dúinn, ach ceithre sheanphingin rua. Mór idir inné agus inniu, geallaimse dhuit é! Ach bíodh nach raibh le híoc ag an doras, ar do bhealach isteach dhuit, ach an t-aon toistiún rua amháin, geallaimse dhuit é arís, nach raibh sé chomh héasca sin ar fad an toistiún céanna sin a fháil. B’fhéidir dá mbeadh an t-ádh in do chaipín, go bhfaighfeá na ceithre pingneacha draíochta sin ó do Mham, dá mbeadh a leithéid le spáráil aice, nó b’fhéidir go bhféadfá mám uibheacha a “ghoid”, nó a thógáil “ar iasacht!” agus a thabhairt leat go dtí an siopa, leis na pingneacha sin a fháil mar mhalairt orthu. Caithfidh mé a admháil anseo dhuit, gur éirigh liom fhéin bealach eile a fháil leis na pingneacha geala sin a shaothrú! Mhínigh mé cheana dhuit, nach raibh mo shárú de scoláire le fáil im rangsa, i Scoil na Cille Móire Iorrais, ag an am, agus ó tharla go mbíodh aistí le scríobh againn chuile sheachtain, sea, agus suimeanna deacra le déanamh chuile oíche. Ach cén bhaint atá acu sin le toistiún na Scannán adéarfá, b’fhéidir? Bhuel, ó tharla go mbíodh na scoláirí eile ag iarraidh freastal ar na scannáin, chuile oíche freeisin, ní bhíodh mórán ama acu leis na ceachtanna baile úd a dhéanamh, agus dá bharr sin, bhíodh roinnt mhaith acu sásta pingin, nó leithphingin fiú, a thabhairt domsa, as an obair bhaile sin a dhéanamh dóibh. Sea, agus nach luath im shaol a d’fhoghlaim mé fhéin conas freastal ar an dá thrá! Nach orm a bhí an t-ádh nach raibh Coimisiúin, nó Binsí Fiosraithe, acu an t-am sin, le mí-iompar dá leithéid a chur faoi mhionarcán an phobail, nó dá mbeadh, bheadh mo chosa nite. Ar aon nós, nár chuma liomsa, an tráth úd, mar chuir sé ar mo chumas freastal ar na scannáin draiochta, tostacha úd, i Halla an Bhreathnaigh, i mBaile na Druime, i dtriochaidí an ocrais, agus geallaimse dhuit é, gur bhain mé taitneamh agus sásamh as na scannáin chéanna sin.

Thagadh an corr-dhráma chugainn freisin. Nár bhreá an spórt é seal den oíche a chaitheamh i Halla an Bhreathniagh, agus muid ag baint lán-taitneamah as “Murder in the Red Barn”, nó as cibé dráma a bhí roghnaithe acu don oíche áirithe sin. B’fhéidir nár thuigeamar chuile fhocal ó na haisteoirí eolgaiseacha, oilte, dea-labhartha sin, ach nár chuma? B’oíche dár saoil í! Agus thabharfá tionchar an Dráma úd faoi deara ar chaint agus ar iompar mhuintir an bhaile, go ceann i bhfad ina dhiaidh sin.

Thagadh Sorcas chugainn corr-uair freisin. Sa tSamhradh is mó a thagadh a leithéid chugainn. D’fheicimis na carbháin mhóra, ildaite, ag sní a mbealach chugainn, fan an bhealaigh mhóir. Ba ghearr go mbeadh an Puball Mór suite acu i lár Pháirc an tSorcais. As go brách linn ansin, le fáil réidh don oíche bheannaithe sin. Bhíodh orainn, i dtús báire, a chur ina luí ar ár dtuismitheoirí, gurbh fhiú sinn na pingneacha beaga a thabharfadh isteach sa Phuball Mór draíochta sinn, a thabhairt dúinn.

Is cuimhin liom tráthnóna amháin, i lár na Lúnasa, nuair a bhíomar uilig bailithe istigh i bPuball Mór an tSorcais, agus an seó faoi lán tseol. Bhí capall feasa ag déanamh a chuid cleas, agus chuile dhuine faoi dhíon an Phubaill lán cinnte go raibh “fios” ag an gcapall draíochta úd. “Aireasteatal” faoi mar a thugamarna air. Nuair a bhí chuile chleas déanta aige, ghlaoigh a mháistir air.

“Gabh i leith anseo, a chapaill” ar seisean.

Shiúl an capall anall chuige, aguis chraith a cheann go cairdiúil.

“Ceist amháin eile agam ort, a ghiolla liom,” arsan traenálaí.

Lig an capall seitreach as.

“An bhfuil duine ar bith ar an lucht éisteachata seo, ab fhearr leis fanacht sa leaba, ná triall ar an Aifreann Beannaithe, maidin Domhnaigh,”.

Baineadh stangadh as mo chapall breá, agus stad sé ansin ina staic, ar feadh cupla meandair. Chuir an traenálaí an cheist air arís, agus an babhta seo, shiúl an capall siar i measc an lucht éisteachta, gur sheas sé go péacach os comhair Jamesie Mór, sseanfhear, a raibh na ceithre scóir bailithe aige, dár liomsa.

“níl tú ag rá liom, go bhfanfadh an fear breá sin sa leaba in áit dul ar Aifreann maidin Domhnaigh” arsan traenálaí.

Lig Araisteatal seitreach mhagúil as, chroith a cheann mór, agus lig broim ardghlóraach as!

Ach má dhein, léim Jamesie Mór as a chraiceann. D’ardaigh a chromóg, agus chuir gotha troda air fhéin os comhair an chapaill.

“Thug tú do dhearg éitheach” ar seisean, “agus dá mbeinnse scór bliain níos óige, ghreadfainn amach as do sheanchraicdann míolach, míofar, lofa, thu, a sheanghadaí craiceáilte na mbréag.”

Bhuel, ní chloisfeá méar i do chluais ina dhiaidh sin, nó phléasc a raibh sa phuball ag gáirí agus ag gáirthíl. Shuigh an seanfheear faoi. Ach ón lá sin go dtí lá a bháis, ní bheadh sé d’éadan ag duine ar bith againne, scéal Araisteatal a lua leis, ach mar sin fhéin, d’fhág sé ábhar scéil, agus seanchais, ag muintir an bhaile , scéal a mhair anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus tá mé ag ceapadh, nach bhfuil deireadh a ráis reaite fós ag an scéal capallach céanna sin!

.

.

.

.

.

.

.

Caibidil 5

An Dream ar díobh mé

.

Feirmeoirí ba ea mo mhuintirse leis na glúnta, ach tar éis roinnt na bhfeirmeacha agus chuile shórt eile, ní raibh ag m’athairse ach feirm bheag, thart ar scór acra de thalamh cuir, maraon le píosa portaigh, agus ceaarta cladaigh. Nach beag duine a d’fhéadfadh clann a thógáil ar fheirm dá leithéid, sa lá atá inniu ann, ach saol eile ar fad a bhí ann, an tráth úd, agus déanta na fírinne, is dóigh go raibh dóthain duine sa mhéid sin talaimh, nuair a chuireann tú san áireamh, nach mbíodh gléasanna nua-aimseartha feirmeoireachta acu an t-am sin. Ach b’fhéidir gur chóir dom tuairisc eicínt a thabhairt daoibh ar an gcineál oibre a bhíodh le déanamh ar fheirm bheag, an tráth úd. Ní bhíodh mórán oibre le déanamh ag mo Dhaid i rith an Gheimhridh, taobh amuigh d’aire a thabhairt do na beithigh, díogacha a ghlanadh, agus a sciúraadh, agus claíocha a dheisiú, áit ar bith a raibh siad bearnaithe ag na bradaigh, a bhí flúirseach go leor ar na feirmeacha beaga, an tráth sin. Ach le teacht an Earraigh, chuirtí críoch le séasúr na gcártaí, agus dheinidís na spáda a ghlanadh, a sciúradh, agus a ullmhú, don obair a bhí le déanamh acu, nó le fírinne, ba í an spáid a dhéanadh an rómhar uilig, an tráth úd, ar na feirmeacha beaga, ach go háirithe. Ba chrua an obair í, lá i ndiaidh lae a chaitheamh amuigh ansin sa ghort, ag cur fataí in iomairí, iad ag baslú leo ó mhaidin go hoíche, chuile lá, ó Luan go Satharn. Thart ar thrí sheachtain a thógadh sé díol bliana d’fhataí a chur, sa tslí sin. Bhíodh ar Dhaid na hiomairí a shioscadh i dtosach, dhéantaí aoileach a scaipeadh orthu ansin, agus leagtaí na scoilteáin ar an aoileach sin. Ina dhiaidh sin, dhéanadh sé na hiomairí a bhaslú, le cré a chur mar chlúdach ar na scoileteáin. Nuair a bhíodh an obair sin críochnaithe, geallaimse dhuit é, go mbíodh bród an domhain ar an seanlead, as a shaothar deas néata, agus bhíodh chuile dhuine á mholadh as an saothar a bhí déanta chomh críochnúil, bláfar, pointeáilte si,n aige. Ní i ngan fhios dó fhéin, nó dá chnámha tinne a dhéanadh an fear bocht an saothar céanna sin, nó ba mhinic a chonaic mé é tugtha, sáraithe, strumptha, ag obair spáide an Earraigh. Ba ghearr ina dhiaidh sin, go mbíodh air an talamh a rómhar don arbhar. B’é a dhéanadh sé nó an áit a raibh fataí curtha aige, an bhliain roimhe sin, a rómhar leis an spáid, ansin dhéanadh sé an coirce a chraitheadh, lena láimh, sa ghort sin, agus ansin, thagadh comharsa chuige leis an ngort a fhuirseadh le cliath. Cé go mbíodh capall againn nuair a bhí mise an-og, cailleadh an fear bocht agus b’in deireadh leis an mustar, chomh fada is a bhain sé linne, nó feasta, ní raibh ag Bairéadhaigh na Druime ach bheith i muinín an asail!

Chomh luat is a bhíodh sin déanta, bheadh sé in am aige an mhóin a bhaint le sleán, agus geallaimse dhuidt é, nárbh obair do ghiolla na leisce é an sleánadóireacht chéanna sin. Bheadh sin ceart go leor, mura mbeadh ann ach an méid sin, ach ní bheadh sa mhéid sin ach an tús, nó bhíodh air ansin , le beagáinín cabhrach uainne, an mhóin a iompó, a ghróigeadh, agus a athghróigeadh, sára mbeadh sí tirim. Nuair a bhíodh an mhóin breá tirim, ansin bhíodh air an mhóin sin a chur amach ar thaoh an bhóthair le hasail, obair chrua mhaslaitheach. Ní bhíodh le déanamh ansin ach an mhóin a tharlú abhaile le capaill agus cairteacha, agus an chruach mhóna a thógáil i ndeas don teach, le freastal ar thine an Gheimhridh.

Ansin, bhí an t-ádh linne, nó bhí roinnt áirithe móna le fáil ar an bhfeirm, i ndeas don bhaile, agus sa tslí sin, bhíodh ar chumas mo Dhaid dóthain móna don bhliain a bhaint sa bportach sin, go háirithe nuair a bhí muidinne ró-óg le haon tsaghas cabhrach a thabhairt dó i bhfad ó bhaile.

Bhí gnó eile a bhí crua go maith ar an ndroim freisin, agus b’in an gortghlanadh a bhíodh le déanamh ar na fataí, ach go háirithe. Chomh luath is a thosaíodh na fataí céanna sin ag fás leo go rábach, thosaíodh na fiailí ag fás leo níos rábaí fós, agus ó tharla go raibh leasú á ngríosadh, ba ghearr go mbíodh siad ag plúchadh na ngas, geall leis, agus bhíodh gá ansin le gortghlanadh, le deireadh a chur lena rás. Ní raibh aon ineall acu, an tráth úd, leis an ngnó sin a dhéanamh, ní raibh mh’anam! ní raibh ann ach na méireanna, agus geallaimse dhuit é, go mbeadh droim tinn ort, ach lá iomlán a chaitheamh cromtha os cionn na n-iomairí, ag baint na bhfiailí diabhalta céanna sin. Droch rath orthu! Ar ball, bhíodh gá leis na gais chéanna a chosaint ón ndubh, trí spraeáil a dhéanamh orthu. Leis an obair sin a dhéanamh, ní bhíodh aon rogha acu, i dtosach báire, ach é a dhéanamh le scuab fraoigh, nó ar ball, dhéantaí an gnó le spréire droma, gnó a bhí maslaitheach go maith freisin. Bhí meaisín spraeála, i gcomhar, ag m’athair agus ag uncail liom, agus dhéanaidís an spraeáil, ar a seal, leis an meaisín sin.

Chomh luath is a bhíodh an gnó sin críochnaithe, bheadh se in am aige smaoineamh ar an bhféar a bhaint. Ní bhíodh aon ineall bainte aige, geeallaimse dhuit é! ní bhíodh aige ach an speal, cé gur cheap m’athair go mba iontach an gléas bainte é an speal, ó ba chuimhin lies-sean bheith ag baint le corrán, sna seanlaethe. ‘Faobhar a bhaineann’, adeireadh sé linne, nó ba dhiabhalta go deo an faobhar a chuireadh sé fhéin ar lann na speile. Agus arís, ní raibh sa mhéid sin uilig ach an tús, nó bhíodh orainn uilig ansin dul amach ag sábháilt an fhéir, agus ba chrua an obair í sin, go háirithe, nuair nach mbíodh an aimsir go maith, nó mar is eol do chách, soineann a shábháileann an féar! Nuair a bhíodh an féar uilig sábháilte agus cocáilte amuigh sna móinéir, ansin bhíodh súil in airde ag Daid le lá breá, leis an bhféar a tharlú abhaile, le cruach a dhéanamh de san iothlainn. Bhíodh muid ag brath arís ar dhuine de na comharsanna leis an ngnó sin a dhéanamh dúinn, ach ní raibh sa mhéid sin ach cuid de shean-nós na meithle, a bhíodh á chleachtadh i measc na gcomharsan, an tráth úd. Seachtain, nó mar sin, i ndiaidh lá na cruaiche, bhíodh gnó tuirsiúil eile le déanamh, nó bhí orhtu díon tuí a chur ar an gcruach, len í a choinneáil tirim le linn doineann an Gheimhridh.

Agus ó tharla ag caint ar spealadóireacht mé, tá sé chomh maith dom tagaiart a dhéanamh anseo do bhaint an arbhair. Arís, ba é Daid s’againne a dhéanadh an spealadóireacht é fhéin, agus arís, ba throm tuirsiúil an obair í, an spealadóireacht chéanna sin. Bhíodh muidinne ag teacht taobh thiar de, agus muid ag déanamh na bpunann agus á gceangal. Thagadh Daid sa tráthnóna agus dhéanadh sé stúcaí as na punanna sin. Ar ball, thógtaí an t-arbhar sin isteach san iothlainn, áit a ndéantaí é a thógáil ina stácaí. An t-asal a dhéanadh obair an asail, sa chás sin! Dhéantaí na punanna a cheangal i mbromóga, agus chrochtaí na bromóga sin ar dhá scoróg na srathrach, agus ansin, dhéantaí carn punann a líonadh idir an dá bhromóg sin. Nuair a bhíodh a dhóthain d’ualach ar an asal, cheanglaítí rópa trasna ó bhromóg go bromóg, leis an ualach a choinneáil socair, agus ansin, ar aghaidh leis isteach chun na hiothlainne leis an ualach sin, agus mar sin dó, go dtí go mbíodh an gnó críochnaithe. D’fhágtaí ansin ina stácaí san iothlainn é, go dtí go mbíodh sé breá tirim, agus ansin, dhéanadh Daid é a bhualadh ar chloch mhór, ar láthair ghlan, leis an ngrán a bhaint as. Sa tráthnóna, dhéantaí an grán sin a cháitheadh, leis an gcáith a bhaint as, agus ansin, chuirtí an grán i málaí, lena dhíol, nó lena choimead mar bhia do chearca, nó lena mheilt ina mhin-choirce, nó fiú, lena choinneáil mar shíol don chéad bhliain eile.

Faoin am sin, bhíodh na fataí aibí agus réidh chun a mbainte, gnó a thógadh thart ar thrí sheachtain arís. Nuair a bhíodh na fataí bainte, agus curtha i bpoill, amuigh sa ghort, ansin bhíodh an Geimhreadh buailte leo, agus é in am acu séasúr na gcártaí a oscailt arís. Níl sa mheid sin ach blas beag den obair mhaslaitheach a bhíodh le déanamh ag an bhfeirmeoir beag, an tráth úd. Níorbh é sin cás an fheirmeora mhóir, nó bhíodh inneallra aigesean, leis an anró a bhaint as an obair. Amach anseo, beidh tuilleadh le rá agam faoin saol a bhí suas agus mise ag fás aníos in Iorras na nIontas, breis mhaith is trí scór bliain ó shoin anois.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Caibidil 6

Saolta ag athrú

Nach mór idir inné agus inniu, agus nach mór na hathruithe atá tagtha ar an saol ó bhí mise ag fás aníos thiar in Iorras Domhnann, i dtús thriochaidí an ocrais. Tá sé deacair agam fhéin anois an saol céanna sin a shamhlú fiú, gan trácht in aon chor ar é a thabhairt chun chruinnis. Ba gheall le saol na meánaoiseanna é, agus ba bheag rud i bhfoirm innealra nó áiseanna nua-aimseartha a bhí le fáil in ár measc, thiar , an t-am sin.

Ní raibh flúirse ag éinne, ach muid uilig ón lámh go dtí an béal, agus Conchúr Mór sa chúinne ag daoine an chuid ba mhó den am. Ní bhíodh aon teacht isteach rialta acu, nó b’fheirmeoirí beaga, nó iascairí, chuile dhuine acu. Ach ní chuige sin atá mé, an babhta seo, ach chuige seo. Acraí, agus modhanna oibre, atá ag dó na geirbe agam, an turas seo, go háirithe na hacraí, agus na modhanna sin, atá dearmadta, nó beagnach dearmadta, faoin am seo.

Leis an gceann a bhaint den scéal, tosóidh mé le scéal na móna. Ba mhór agus b’fhada an scéal againne thiar é, an t-am sin, i dtús na dtriochaidí. Ní raibh inneall bainte móna ag duine ar bith acu, an tráth sin, geallaimse dhuit é! Ní raibh mh’anam! Ní raibh acu ach an sleán, agus don té nach bhfaca ceann acu sin riamh, ba ghléas é cosúil le spád, ach amháin go raibh binn bheag, ghéar, ag gobadh amach ó thaobh amháin d’íochtar na spáide sin, leis an ngearadh a dhéanamh. Ba é an chéad rud a dhéanaidís mar sin, agus iad ag ullmhú don mhóin a bhaint, nó an portach a shioscadh, nó an barrfhód a bhaint de, agus é a chaitheamh isteach sa lagphortach, le ruaig a chur ar an uisce a bhíodh lonnaithe ansin. Ansin, théadh fear an tsleáin i mbun oibre, agus ghearradh sé na fóid leis an ngléas draíochta sin, agus chaitheadh sé ina chith uaidh iad, amach ar an mbruach, áit a mbeadh duine, nó beirt, ag fanacht len iad a chaitheamh níos faide amach fós, go dtí an port scartha, áit a ndéantaí iad a fhágáil le triomú faoi sholas agus faoi theas na gréine. Ba dheacair radharc ní b’fhearr a fheiceáil ná fear breá, scafánta, ag scaoileadh na bhfód uaidh ón sleán, faoi mar ba philéir as béal gunna iad, agus iad ag sleamhnú, agus ag sciorradh leo, fan na talún, deich dtroigh ó bharr an tsleáin. Bhí draíocht ag baint leis na radharac sin, murab ionann is saothrú na móna, sa lá atá inniu ann, nuair nach bhfuil le feiceáil agat ach an mhóin ag úscadh amach as inneall, faoi mar ba ispín mór dubh, ramhar, gránna í! B’fhéidir go raibh draíocht ag baint leis an obair, ach geallaimse dhuit é, go raibh anró agus cruatan ag baint leis freisin, nó bheadh do dhroim scoilte agat, tar éis lá iomlán a chaitheamh ag saothrú móna ar an bportach. D’fhágtaí an mhóin scartha ar an talamh mar sin ar feadh roinnt laethe, nó go mbíodh craiceann tagtha ar na fóid, agus ansin, dhéantaí í a iompú, le deis a thabhairt don taobh eile bolg le gréin a dhéanamh freisin! Nuair a bhíodh an mhóin láidir go leor le cur ina seasamh, dhéantaí roinnt fód a chur ina seasamh i gcoinne a chéile ina ngróigín, le deis a thabhairt dóibh triomú tuilleadh, agus uaidh sin, go gróigíní níos mó fós, go dtí go mbeadh an mhóin sách tirim le cur amach ar thaobh an bhóthair, áit a ndéanaidís cruach di. B’in an lá nuair a thagadh meitheal gasúr le chéile agus asal gona phárdóga móra ag chuile dhuine acu, agus chaitheadh siad an lá uilig ag tarlú na móna ón bportach amach go dtí taobh an bhóthair. Ba bheag am saor a bhíodh ag na gasúir chéanna sin ó éirí go luí na gréine, an lá cruógach céanna sin, ach mar sin fhéin, ba nás é, agus níor mhaith le héinne nós a dhéanamh, nó nós a bhriseadh, an tráth áirithe úd. Bhíodh bbuntáistí áirithe ag baint leis an lá, dár leis na gasúir fhéin. Bhíodh toitíní le fáil go flúirseach acu, agus anois is arís, bhíodh sú liomóide, nó buidéal beorach fiú! le fáil ag an té a dhéaanfadh gaisce i mbun na móna!

Ní call dom a rá, go mbíodh daoine fásta ansin freisin, leis na gasúir a bhrostú, aguss le gníomh a choinneáil leis an gcruach mhóna ar thaobh an bhóthair. Dár ndóigh, ní ghlacfaí le nós úd na dtoitíní sa lá atá inniu ann, ach an tráth úd, d’úsáidtí iad mar dhuais, le tuilleadh oibre a bhaint as na gasúir bhochta!

Bhíodh lá mór eile acu ansin ag tarlú na móna sin abhaile. Capaill agus cairteacha a bhíodh acu, nuair a bhíos fhéin im’ghasúr. Ach bhainidís úsáid as taarracóir, nó as leoraí, fiú, leis an mbeart sin a dhéanamh, ó aimsir an chogaidh i leith, ach bhíodh meitheal mhaith fear ag teastáil leis an ngnó sin a dhéanamh san aon lá amháin.

Gléas eile a bhíodh coitianta an tráth úd ba ea an castóir, sin an gléas a bhíodh acu le súgáin a dhéaanamh. Minic a chaith mé lá iomlán ag casadh na súgán diabhalta céanna sin, nó bhíodh an t-uafas den earra céanna sin ag teastáil don tuíodóireacht. Cailleach, a thugadh siad ar an gceirtlín ollmhór ságáin a dhéanaidís don ghnó sin. Bhíodh gá leis na súgáin le díon tuí a chur ar theach, nó ar chruach fhéir fhéin, an tráth úd. Agus féach! is beag nár dhein mé dearmad ar an speal agus ar an gcorrán, na hacraí a bhíodh acu le harbhar, nó le féar, a bhaint, an tráth úd. Ba í an speal an príomhghléas bainte a bhí acu agus mise ag fás aníos. Nuair a bhí mé i mo ghasúr, ní bhíodh inneall bainte ag duine ar bith sa chomharsanacht, agus nuair a smaoiníonn tú air, nár leor í an speal chéanna? nó bhíodh na feirmeacha beag, agus ní bhíodh acu leis an bhféar céanna sin a shábháil ach an píce agus an ráca! Arís bhí draíocht éigin ag baint le spealadóir a fheiceáil i mbun oibre, agus an siosarnach a dhéanadh an speal ghéar agus í ag réabadh a slí tríd an bhféar bog glas mar a ghearrfadh scian te a slí trí cnap ime, sea, agus an tsraith néata féir a d’fhágadh an buanaí ina dhiaidh, agus é ar a bhealach ó cheann ceann an mhóinéir. Bhí bua eile ag baint le hobair an spealadóra freisin, nuair a thagadh sé ar chuasnóg. Ní hé anois go dtaitníodh a leithéid leis an spealadóir, nó ní thaitníodh, ach thaitníodh sé linne, nó bhíodh mil le fáil, nuair a dhéanadh Daid an chuasnóg a chreachadh dúinn. Bhí baol ann áfach, go gcuirfeadh beach ga ionat, ach nár chuma, b’fhiú an tairbhe an trioblóid.

Ní raibh an corrán mórán in úsáid le mo linnse, ach ba bheag teach nach raibh ceann acu ann, mar bhaineadh siad úsáid as an acra céanna sin, nuair a bhíodh siad ag baint feamainne, nó nuair a bhíodh féar claí á bhaint acu, nó nuair a theastódh uathu féar a bhaint, áit ar bith nach bhféadfadh siad an speal a oibriú inti.

Bhuel, b’fhéidir gur leor sin don bhabhta seo, ach tá brosna eile scéalta sáinnithe istigh i gcistin na cuimhne agam, agus tá sé deacair go maith smacht a choinneáil orthu, nó teastaíonn ó chuile fhear acu éaló leis, amach ar fud na bhfud, ach bí cinnte go gcoinneoidh mé na cinn is fearr daoibhse, a léitheoirí.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Caibidil 7

Cois na Mara Móire.

Is dócha go dtugtar faoi deara, go mbím ag caint faoin bhfarrage minic go leor na laethe seo.

Bhuel, ní haon ionadh sin, i ndáiríre, nó rugadh mise i ngiorracht scread asail don bhfarraige, agus b’í an fharraige mhórthonnach chéanna sin a mheall chun codlata, chuile oíche mé, lena suantraí shámh, shuanmhar. Agus ó tharla go raibh cónaí orainne ar Leithinis an Mhuirthead, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, bhí an fharraige thart timpeall orainn, ar chuile thaobh. Taobh thiar agus taobh thuaidh dínn, bhí an Fharraige Mhór, Farraige a théadh ar buile le mórtas agus le mustar le linn stoirme agus doininne, agus Farraige a mbíodh cuma chiúin, chneasta, chairdiúil uirthi, le linn soininne agus séimhe. Agus ar an dtaobh thoir agus ar an dtaobh theas dínn, bhí uiscí fiala, fairsinge, fáilteacha Chuan an Fhóid Duibh. Ní raibh an Leithinis mórán thar mhíle ar leithead, ag an áit a raibh cónaí orainne, i mbaile na Droime, fágann sin go raibh radharc agamsa ar aghaidh na mara, chuile uair a raghainn taobh amuigh de dhoras an tí.

Ar an dtaobh thiar dínn, ach go háirithe, bhí tránna fada, fairsinge, bána, le duine a mhealladh chucu, tráth ar bith den bhliain, agus tránna nach mbíodh tarraingt daoine orthu, go háirithe an tráth úd, a raibh mise ag fás suas thiar, breis is deich mbliana is trí scór ó shoin. B’fhéidir gur cuimhin leat an dán beag úd a scríobh mé faoi na tránna céanna sin, agus mé im fhile óg, ag foghlaim mo cheirde, sna caogaidí, breis is leithchéad bliain ó shoin anois! Bhuel, nach cuma? mar ó tharla go bhfuil an deis agam, déanfaidh mé é a athlua dhuit anois díreach.

C O I S T R Á .

Trá bhán, leathan, fhairsing,

Ag miogarnach faoin ngréin.

Tonn chúrbhán ag sleamhnú

Thar ghaineamh shleamhain, shéimh.

.

Seana-bhó ag lapaireacht,

Currach ar thóir na n-iasc,

Creasa leathaigh mar leathar,

Leata sa mbruth fó thir.

.

Rón mór, sleamhain, slíoctha,

Á ghrianú fhéin ar thrá,

Roilleach ag fanacht go foighdeach,

Gainéad ag tumadh sa Bhá.

.

Faoileán codlatach in airde,

Ag marcaíocht ar an ngaoth,

An saol go léir ar meisce,

Is poitín an aeir á chloí.

.

Thiar in Iorras atáimse,

Ag ól na gréine buí,

Gan Chríostaí anseo im fhochair,

Ar an ngaineamh bhog im luí.

.

Bhuel, b’in é díreach mar a bhíodh sé thiar in Iorras, le linn m’óigese. Annamh a théadh daoine ag snámh sa bhFarraige Mhór áfach, an tráth úd, nó bhí sí ró-gharbh, agus ró-chontúirteach freisin. Dá bhfeicfeá éinne ag snámh ansin, d’fhéadfá a bheith cinnte gur strainséar a bhí ann. Ní hionann sin is a rá nach dtéadh na dúchasaigh ina gar, in aon chor. Ní hea, muis, nó bhíodh an-tóir ar thránna na Farraige Móire, go háirithe le linn an chogaidh, nó bhí seans ann i gcónaí, go bhfaighfeá éadáil luachmhar eicínt caite isteach ar an trá, nó bhí longa móra á gcur go tóin poill ag na Gearmánaigh agus a mbáid fó-thoinn. Olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine eicínt, adeirtear, agus bhíodh baraillí ola, saileanna adhmaid, burlaí ruibéir, agus earraí dá leithéid á gcaitheamh i dtír, go rialta, ar thránna fairsinge Iorrais, an tráth úd. Cupla babhta, caitheadh baraille ‘moonshine’ i dtír, agus geallaimse dhuit é, nár fágadh ró-fhada ar an trá iad, na baraillí céanna sin. Nuair a chuaigh an scéal sa timpeall, go raibh an ‘moonshine’ ar fáil, ba ghearr go raibh tarraingt na dúthaí ar an síbín, a bhí i mbun a dhíolta. Thagadh daoine. D’óladh taoscán. D’imíodh siad leo go breá, sásta, ag rothaíocht leo abhaile. Tar éis dóibh míle slí, nó mar sin, a chur díobh, d’fheicfeá ag longadán ó thaobh taobh an bhóthair iad. Ansin thitfidís ina bpleist ar thaobh an bhealaigh mhóir, agus d’fhanaidís ansin go mbeadh codladh na meisce curtha díobh acu, agus ansin d’éirídís go breá, bríomhar, agus raghaidís abhaile, gan bhascadh gan bhárthainn. Ní i gcónaí a thagadh éadáil dá leithéid isteach, mar corruair, is amhlaidh a chaití corp duine i dtír, corp ó long eicínt a chuaigh go tóin poill, le linn stoirme, nó eachtra cogaidh. Is maith is cuimhin liom fós, an lá a caitheadh corp Iodálaigh, dárbh ainm, Luigi Taparo, isteach ar an trá bhreá sin a shíneann ó Chorrán na gcloch go Gualainn na dtonn. Nach iomaí ainm a chuala mé idir an dá linn atá dearmadta agam, ach nach glas a fhanann cuimhne Luigi bocht im chuimhnese, go dtí an lá atá innu fhéin ann. Chuaigh an tarlúint sin i gcionn go mór orm fhéin agus ar mo chomhaoiseanna, ag an am sin. Bean a tháinig ar an gcorp sin, a chéaduair, agus d’éirigh lei é a tharraingt lei, go dtí go raibh sé ó bhaol ar uachtar cladaigh. Cuireadh fios ar na gárdaí agus ar an sagart, agus ba ghearr go raibh slua bailithe thart ar an gcorpán, á thórramh, d’fhéadfá a rá. Ar ball, tháinig an t-adhlacthóir, gur chuir i gcónra é, agus gur thóg chun siúil é. Cuireadh scéala chuig a mhuintir, san Iodáil, ach socraíodh ar an gcorp a chur in Iorras, ag an am sin, ach bhí ar intinn a mhuintire é a thabhairt leo abhaile, ar ball, nuair a bheadh an cogadh thart, rud a dhein.

Amuigh píosa ón gcósta Atlantach, luíonn, mar a bheadh braisléad d’oileáin. Cheapfá go bhféadfá do lámh a leagan orthu, ach i ndáiríre, tá na hoileáin chéanna sin tamall maith amach ón gcósta. Nach minic a chuir mé síos ar na hoileáin sin cheana, ar Inis Géidhe Theas, agus Inis Géidhe Thuaidh, ar Dhufair, ar Inis gCaorach, agus ar Inis gheal Gluaire fhéin, mar ar bhaist Naomh Breandán Clann Lir fadó.

Ní haon ionadh mar sin, go bhfuil áit faoi leith ag an bhfarraige im chroí istigh, nach bhfuil rithim na mara fite fuaite im anam istigh? Nach cuid dem bheith fhéin í? Agus nach bhfuil meon na mara gafa i bhfeidhm ar m’aigne agus ar mo bheatha? Nach raibh sí ansin agus mé im’ pháiste óg ag breathnú amach, trí shúile neamhurchóideacha na hóige, ar a haghaidh inathraithe? Nach raibh sí ansin agus mé im scoláire óg, agus í taobh liom ar mo bhealach chun na scoile, chuile mhaidin. Nach bhfáiltíodh sí romhainn, na maidneacha breátha Samhraidh sin, nuair a théimis gasúir ag snámh inti, ar ár mbealach chun na scoile, agus nach mbíodh sí ansin arís, ar ár mbealach abhaile, agus na múrtha fáilte aici romhainn arís. Agus nuair a d’fhás mé suas im fhear óg, nárbh é an scéal céanna aici é? Sea, ní fhéadfainn locht ar bith a leagan ar an bhfarraige mar chomharsa béal dorais, agus níor agair an mhuir mhórchroíoch chéanna díoltas riamh orm fhéin nó ar mo mhuintir. Ní haon ionadh mar sin, gur mhaith liom í a ríomh im’ dhánta agus im’ scéalta, chomh rialta sin, mar is í cara mo chroí is m’anama í. Ach anois, ag an am gcéanna, ní bheadh aon dímheas agam riamh uirthi, agus ní raghainn sa tseans lei, ach oiread. Le críoch a chur leis an bpíosa seo, b’fhéidir nárbh olc an tseift í, cupla véarsa eile a lua as dán a scríobh mé faoi oileáin agus bailte cois cuain in Iorras thiar, le linn m’óige……

.

Draíocht na Mara

Draíocht na Mara Móire,

Mar bhrat geal cúir anuas

Ar aigne ghlinn na hóige,

In Iorras binn na gcuan.

.

Tránna fairsinge, bána,

A mheallann fós mo dhán

Go tír dheas lách na meala,

Tar éis blianta fada ar fán.

.

Gualainn, Corrán, Inis Gluaire,

Carraig Mhainnín agus Inis Géidhe,

Dufair, Bearnach, is Sáilín,

Mar phéarlaí im’ bhraisléad.

.

Draíocht na Mara Móire,

Ag buaileadh ar thrá mo shaoil,

Mar othra fós dom chumhdach

Ar bhuairt, ar bhrón, ar aois.

.

Greadaigi libh a thonnta,

Ar thránna geala, buí,

Caith chugainn ar phort na beatha,

Síocháin, lúcháir, is maoin.

.

Anois tuigeann tú cén fáth a bhfuil an oiread sin measa agam ar an Muir Mhór Bheannach agus ar an bhfarraige chiúin, shéimh, nó nach iad dhá thaobh an aon bheith amháin iad?

Caibidil 8

.

N O L L A I G Í F A D Ó .

        .

Ó tar linn go Beitheal,

Go Beitheal Mhic Dé,

Ó tar linn go Beitheal a Aoirí,

Mar a bhfeicfear an Leanbh

‘Na luí sa Mháinséar,

Is beithigh ag téamh an aeir dó.

.

CUIMHNÍ

Nuair a smaoiním anois ar Nollaigí m’óige, tagann na cuimhní chugam ar ais, go mall, míchruinn, i dtosach; ach tar éis tréimhse bheag a chaitheamh ag iascaireacht i loch domhain na mblianta, tagann na cuimhní céanna sin chugam ina rabharta cruinn, soiléir; rabharta, a chuireann sciatháin áthais ar mo chroí, a ardaíonn mo mhisneach, agus a chuireann an t-anam ag damhsa istigh ionnam.

Tar liom, mas ea, siar breis mhaith agus trí scór bliain, go tír álainn m’óige, go hIorras na scéalta. Is iad na cuimhní a shnámhann chugam, i dtosach, ná na páirceanna loma, sceirdiúla, tithe seascaire ceann tuí, bóithre agus bóithríní fada bána ar a dturas síoraí ó theach go teach, agus múr gorm deataigh ag éirí inairde as chuile dhuine de na tithe céanna sin.

Ar scáileán na cuimhne, feicim na coinlíní geala aníos trí chré dhubh Iorrais, mar a gcaithimisne, gasúir, na laethanta réamhnollaigeacha ag tóraíocht an dreoilín, toisc go raibh de nós againne gasúir, cuairt na mbailte a thabhairt Lá ‘le Stiofáin, agus muid ag ligint orainn go raibh dreoilín beo, beathaíoch, istigh i mboiscín beag linn, agus muid ag iarraidh ar na comharsanna go léir pingneacha a thabhairt dúinn leis an dreoilín céanna a chur, mar ba cheart agus mar ba chóir, mar nárbh eisean a scéith ar Stiofán fhéin, fadó?.

.

“So up with the kettle

And down with the pan,

And give us some money

To bury the wran”

***********

B’in a bhíodh á aithris againn i ngach tigh acu, tar éis dúinn dul trí cibe “seó” a bhíodh ullmhaithe againn don ócáid. Dhéanaimis amhrán a chanadh sa teach seo, dán a aithris sa teach eile, agus píosa rince a dhéanamh sa tríú teach, sea, agus mar sin dúinn, ó mhaidin go hoíche, an lá sin. Agus déanta na fírinne, ba bheag a bhíodh againn dá bharr, ar deireadh thiar, i bhfoirm airgid, nó b’fhéidir go bhfaighfeá péire uibheacha i dteach amháin, canta aráin i dteach eile, agus mám milseán, nó úll, i dteach eile fós. Ach cibé faoi sin, bhíodh lá mór spóirt againn, agus bhíodh lán mhála de chuimhní agus de scéalta againn i ndiaidh an lae ghlórmhair chéanna sin.

Agus caithfidh mé a admháil anseo, nach mbíodh mórán dreoilíní le fáil i bpáirceanna Iorrais, an tráth sin bliana. Is é a cheapaimisne, nó go mbíodh na dreoilíní céanna imithe ar saoire uainn; sin, nó gur thuigeadar go rí-mhaith go mbeimisne sa tóir orthu, agus gur ghlanadar leo, scun scan, as an áit, ionas nach bhféadfaimis breith orthu. Bhíodh éanacha eile flúirseach go maith, druideanna, gealbhain, spideoga, agus crotaigh, ach annamh a d’éiríodh linn teacht ar dhreoilín, agus ar deireadh thiar, ní bhíodh de rogha againne, ach dul amach le laindéar, oíche Lae Nollag, le breith ar shean-ghealbhan codlatach, plucach, sa bhundlaoi, agus é a chur isteach sa mboiscín láschlúdaithe, áit nach n-aithneofadh an tsúil ba ghéire nárbh é Rí na n-éan fhéin a bhí ina phríosúnach againn istigh ansin!. Is soiléir a thagann cuimhní an “Dreoilín” chéanna chugam anois….aighthe fidil á ndéanamh agus á ndathú; bataí, boscaí, agus buataisí á n-ullmhú; amhráin, ranna, agus damhsaí á gcleachtadh.

Ó sea, agus gúnaí, hataí agus bibeanna ár ndeirfiúracha á dtógháil ar iasacht, do Lá draíochta an Dreoilín. Bhímis ar ár gcois le moiche na maidine, agus bóthar buailte againn, sula mbeadh deis ag gasúir eile na háite, airgead, uibheacha, agus ollmhaitheasaí na comharsanachta a bhailiú chucu féin, mar chreach Nollaigiúil. Ach bhíodh tús bóthair againne orthu, chuile bhliain, agus bhímisne sásta i gcónaí lenár gciste, i ndeireadh an lae. Nach ait an scéal é, ach i scannán sin an Dreoilín, ní fheicimse aon fhuacht, sioc, nó sneachta. Boige, úire agus Earrachas a shníonn chugam isteach ar thonn na cuimhne anois, i gcás an Dreoilín chéanna.

Ach scaoilimis uainn é mar scéal, agus fillimis ar Nollaigí úd na cuimhne, Nollaigí na mbrionglóidí, mar b’orthu a tharraing mé an scéal i dtosach báire. Nuair a smaoiním anois orthu, smaoiním i dtosach ar Shéasúr na Nollag fhéin. Thosaigh an Séasúr sin, dúinne, ar an gcéad lá de mhí na Nollag. Ar an lá sin, thosaíomar ar shean-nós Iorrasach, nós na “nÁivé”, nó chreideamarna go mbeadh a mhian le fáil ag an té a déarfadh cúig mhíle “Áivé”, idir thús Mhí na Nollag agus Lá Nollag. Bhímis á rá i ngach áit…ar scoil, is sa bhaile, sea agus thugaimis an mhian sin mar bhronntanas do Mham, Oíche Nollag.

Cuimhní eile a thagann chugam anois, is ea, Aonach Mór na Nollag, Margadh Mór na Nollag, Tine Mhór na Nollag, (b’in an tine mhór a lastaí Oíche Nollag), Cácaí na Nollag á mbácáil, boladh iontach Nollaigiúil le fáil ar fud an tí, sea, agus teas na tine agus na maisiúcháin dár gcur faoi gheasa, le spiorad iontach, dílis na Nollag.

Ní bhíodh aon Chrann Nollag againne, mar ní bhíodh crainn againn, gan trácht ar chrainn Nollag! Bhíodh trácht ar Dhaidí na Nollag, nó ar “Santy”, mar a thugtaí air, ach le fírinne, bhí sé éasca go maith aige an beart a dhéanamh, thiar, na laethanta úd, nó ní ró-throm an mála a bhíodh le hiompar aige!

Chrochadh gach páiste stoca, agus bhíodh éadáil, de chineál eicínt, le fáil aige ann ar maidin…glac milseán, úlla, rísíní, agus chomh maith le sin, b’fhéidir go bhfaigheadh sé féirín beag siopa, guinnín, nó cairrín, nó a leithéid. Nár dheacair aon chodladh ar fónamh a fháil Oíche Nollag? ach sa deireadh, thitfeadh néal orainn, sea, agus néal eile…agus an chéad rud eile, bheadh na daoine fásta ina suí agus iad ag fáil réidh don Aifreann! An stoca! cuardach i ndorchadas an tseomra, féiríní, stoca lán!. Ba chuma céard a bhí ann, bheadh cogaint agus spórt againn, i ndiaidh an Aifrinn, agus bhí “Santy” beo, beathaíoch, fós, cruthú eile go raibh seasmhacht agus buaine sa saol mór thart orainn, murb ionann is na laethanta seo!

Éirí, gléasadh, troscadh, solas caoin, buí, an lampa ola phairifín. Bhí sé in am bheith ag triall ar Aifreann, mar bhí muintir an bhaile ar a gcois, cheana féin, agus iad ag triall ar an séipéal, ina mbuíonta beaga, tostacha. Ní cuimhin liom báisteach nó sneachta riamh ar mhaidin Nollag! sioc, cinnte, agus spéir lomlán de réaltóga lonnracha. Bhí naofacht agus diagacht rúnda ag baint leis an bhfuacht agus leis na réaltóga. Bhí láithreacht Dé le mothu iontu. Sea, mh’anam, agus is féidir liom na maidneacha sin a athghairm, an lá atá inniu fhéin ann, agus mothaím cloisim, feicim, agus blaisim gach uile rud, díreach mar a bhí, breis mhaith is trí scór bliain ó shoin.

Is féidir liom a rá gur beag an t-athrú atá tagtha ar mo bheith inmheánach fhéin sa tréimhse idirlinneach sin, ach sin scéal do thine eile! Is cuimhin liom bualadh le comharsana ag filleadh ón Aifreann luath, mar deireadh gach sagart trí hAifreann an mhaidin bheannaithe sin. Bhíomar bocht, ach níor mhothaíomar bochtanas nó tada dá leithéid an mhaidin sin, a mhalairt ar fad a bhí fíor. Bhí saibhreas an tsaoil againne. Bhí Dia fhéin linn, ar bhealach éigin dothuigthe.

“Mo chuidse den Nollaig ort”. “Nollaig shona dhuit”. “Me Christmas box on yeh!”. Cineál comórtais a bhí sa mhéid sin, agus gach éinne ag iarraidh an bhearna a bhaint dá chomharsa, sna beannachtaí sin.

Bhíodh coinneal mhór na Nollag ar dearglasadh i ngach teach, an mhaidin álainn sin, agus sibhse a thug cuairt ar Iorras, beidh a fhios agaibh gur beag áit sa tír, taobh amuigh de na bailte móra, a bhfuil tithe chomh flúirseach inti, is atá in Iorras na daonnachta, na carthannachta, agus na n-iontas.

Níor airigh mé fhéin fuacht nó tada dá leithéid, na maidneacha Nollag sin fadó, bhí sonas, saibhreas, agus síocháin, i mo chroí, nó sin mar a shamhlaítear dom anois é. B’fhéidir nach raibh bróga ar mo chosa, ach ní raibh bróga ar Íosagán sa mháinséar, ach oiread. Bhí trua agam dó, an créatúr, mar ní raibh aige, an mhaidin sin fadó, i mBeitheal na Rí, ach máinséar, i stábla nár leis fhéin é.

Chasadh mhná an bhaile orm. Iad sona sásta, ag filleadh abhaile, le dul i mbun cócaireachta. Gé a bhíodh againne thiar, don Nollaig, an tráth úd. Ní raibh an turcaí “i mbéal an phobail”, an uair úd. Ní raibh aon chultúr iasachta imithe i bhfeidhm ar mo mhuintir thiar, an tráth sin. Nós tras-atlantach, is ea nós an turcaí, nach raibh glactha leis fós san Iarthar, agus dáiríre píre, níl feoil an turcaí chéanna sin thar mholadh beirte! Ach, beatha dhuine a thoil! “Gé thinbhruite agus putóg aráin inti”, a bhí sa bhfaisean, mar a deir ár seanchara, Amhlaoibh na Dialainne Ó Súilleabháin.

Ar deireadh thiar, shroichimis an séipéal. Ní raibh suíocháin sa séipéal céanna sin ach do shiopadóirí, do mhúinteoirí agus do dhaoine measúla eile dá leithéid, ach nár chuma. Nárbh é seo teach Dé? Ní raibh de sholas ann, ach solas na gcoinnle, coinnle a thug solas bog, buí, órga, dúinn, solas a raibh boige, cineáltas agus teas ann, agus solas a raibh draíocht na sástachta ag baint leis.

Bhíodh Teach an Phobail ag cur thar maoil. Cairde agus gaolta thart orm, agus gan duine ina measc ach duine a raibh aithne agam air. An sagart agus na cléirigh ag teacht ar an altóir.

Introibo ad …….

Ad Deum qui laetificat……..

Mistéir na Laidine! Ciúnas caoin, flaitheasúil; solas na gcoinnle; agus Mac Dé Bhí in ár measc…

Deireadh an Aifrinn, agus breacadh an lae, ag teacht i bhfochair a chéile.

Lux Mundi….Ach cén mhaith bheith ag caint?

Sin mar is cuimhin liomsa é, agus nuair a chuirim na cuimhní sin i gcomórtas le réaltacht an lae inniu, is beag nach gcreidim nach bhfuil sna cuimhní sin ach rámhaillí seanaoise.

                                                          .

ó tar linn go Beitheal,

Go Beitheal Mhic Dé,

Ó tar linn go Beitheal na nAoirí,

Mar a bhfeictear an Leanbh

‘Na luí sa Mháinséar

Is na beithigh ag téamh an aeir dó.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Caibidil 9

.

.

RINCE NA GRÉINE .

.

Sa chaibidil seo, ligfidh mé srian le capall na gcuimhní siar isteach i ngort na Cásca, faoi mar a cheiliúirtí í agus mise ag fás aníos, in Iorras na nIontas, breis mhaith is trí scór bliain ó shoin. Is iad na chéad chuimhní a thagann aniar chugam anois ó na seanlaethe úd, nó nathanna cainte a bhíodh coitianta ar bhéala daoine, an t-am sin, nathanna ar nós….

Níorbh iontaí liom an Cháisc ar an Aoine,

nó a leithéid a fheiceáil le mo shúile cinn.

Nó arís….

Domhnach Cásca gan uibheacha,

Oíche Nollag Mhór gan im,

Oíche Inide gan feoil,

Nach é sin an bothán lom.

.

Ní gá a rá gur mór idir inné agus inniu, nó ní hionann in aon chor, an cineál saoil a bhí ann an t-am sin, agus an saol atá ann faoi láthair. Ní gá a rá, ach oiread, nach mbíodh Deasghnátha na Cásca á gceiliúradh i ngach séipéal ar fud na deoise, an tráth úd, faoi mar a tharlaíonn sa lá atá inniu ann. Dheintí na Deasghnátha sin a cheiliúradh ins na Mainistreacha, sna Clochair, agus sna hArdeaglaisí, agus mar is eol duit, ní bhaintí úsáid as cloig, sna séipéil, ó Chéadaoin go Satharn na Seachtaine Móire, ach amuigh faoin tuath, ní call dom a rá, nach ndéantaí a leithéid toisc nach mbíodh dóthain sagart, nó cór acu, le Cothrom na Féinne a thabhairt do na Deasghnátha casta, fada, a bhí leagtha amach do na leathe beannaithe sin . Ní bhíodh aon aird ró-mhór ag an bpobal, mar sin, ar thús na Seachtaine Móire, cé go mbíodh troscadh agus tréanas á ndéanamh acu ar na laethe sin, mar ullmhúchán don Cháisc.

Lá mór ar fad acu ba ea Aoine an Chéasta.

Bí ag caint ar throscadh is tréanas!

Ba bheag rud i bhfoirm bia a chaithidís an lá beannaithe sin, taobh amuigh den arán tur, agus braoinín tae, gan bhainne agan siúicre!

Bhí de nós acu, thiar in Iorras, dul chun na trá an lá sin, le cnuasach trá a bhailiú dá ndinnéar, agus cé go raibh sin dian go leor orthu, deireadh na seandaoine linn, nár thada é i gcomparáid leis na troscadh a dhéanadh an ghlún a tháinig rompusan. Is féidir a rá, mar sin, nach mbíodh tóir ró-mhór ag éinne ar bhia, nó ar bheadaíocht, an lá sin, agus don té a mbíodh fonn bia air, nach raibh an seanfhocal ansin lena chur ar bhealach a leasa!

Má ólann tú bainne Aoine an Chéasta,

Déanfaidh do chorp cnumha is péistí.

.

Chomh fada is a théann mo chuimhne anois, lá an-chiúin a bhíodh ann, nó ní chloisfeá duine ag rá amhráin, nó ag déanamh ceoil, nó fiú, ní dhéantaí an oiread sin comhrá, ach oiread, an lá sin. Is dócha go mbíodh na seandaoine, ach go háirithe, ag déanamh a n-anamacha, agus iad ag ullmhú don bhFéile Mhór. Thart ar a trí a chlog, san iarnóin ansin, théadh an chuid ba mho de na daoine fásta, na mná, ach go háirithe, chun an tséipéil, le Turas na gCros a dhéanamh. Théinn fhéin ann corruair, lem’ Mham, agus is beag nach gcuireadh loime an tséipéil scanradh orm. Bhíodh daoine istigh ansin, agus an áit ar fad á glanadh agus a sciúradh acu. Ní bhíodh éadach, nó clúdach ar bith ar an altóir, nó ar Ráille na Comaoineach, ach oiread. Ach, ba é an rud ba mhó a chuireadh ionadh agus alltacht ormsa, nó go mbíodh an Taibearnacal follamh, oscailte, agus an Tiarna fhéin ar iarraidh. Ní bhíodh fhios agam fhéin cá raibh sé, nó cár tógadh é, ach d’airigh mé i gcónaí, go mbíodh an séipeeal fuar, folamh, ar na hócáidí céanna sin, sea! agus gúna corcra sin ar chuile dhealbh sa tséipéal, agus an chros chéasta folaithe faoi chaille chorcra freisin!

Ní gá a rá go mbíodh an chuid ba mhó de na fir ag obair leo amuigh sna goirt, an lá sin, nó cheaptaí i gcónaí, go mba shona an lá é le tosú ar shíolchur, go háirithe, i gcás na bhfataí, agus mura mbeidís réidh le lá iomlán a chaitheamh i mbun na hoibre sin, ba mhinic a dhéanaidís cupla scoilteán a chur, sa chaoi go mbeadh rath ar fhataí na bliana sin! Minic freisin, a bhíodh daoine ag freastal ar an rabharta, le feamainn an Earraigh a bhaint agus a chur ar bruach, nó go mbeidís ag an gcladach, le cnuasach trá a bhailiú, ach ba chuma cén obair a bhíodh idir lámha acu, d’aireodh duine, faoi mar a bheadh scamall an Chéasta mar ualach anuas air. Ní gá a rá nach mbíodh ceol, amhránaíocht, nó rince, ar siúl ag daoine, an lá sin.

Mór idir inné agus inniu!

Ar an Satharn ansin, ní bhíodh an oiread sin ar siúl, an t-am sin, ach bhíodh an-tóir ag daoine ar uisce coisricthe úr na Cásca, agus ar aibhleog dhóite as tine na Cásca a lastaí taobh amuigh den séipéal, an mhaidin sin, nó cheaptaí go mbíodh neart agus cosaint faoi leith sna hearraí céanna sin.

Ba gheall le Nollaig dúinne an Cháisc, agus ní call a rá, go mbíodh muid in ár suí le giolc an ghealbhain, nó roimhe fiú amháin, mar bhíodh an t-aos óg ar a gcois roimh bhreacadh an lae, agus iad ag súil go bhfeicfeadh siad an ghrain ag rince, le háthas, Maidin bheannaithe sin na hAiséirí.

Chomh siúráilte is atá an Cháisc ar an Domhnach,

Rincfidh an ghrian ar Dhomhnach na Cásca…

B’in mar a chreid an t-aos óg, an tráth úd, agus rinneadar beart dá réir. Bhídís ag fanacht go foighdeach le breacadh an lae, le bánu an lae, agus ansin, le héirí na gréine gile fhéin. Caithfidh mé a rá anois, gur mhinic a rinne mé fhéin an cleas céanna sin.

Agus ar rinc an ghrian dhuit? a d’fhiafródh duine díom, b’fhéidir.

Bhuel, níl mé ró-chinnte anois, ach an t-am áirithe sin, agus mé ag snámh liom ar shruth na beatha agus na hóige, thabharfainn mo leabhar breac gur dhein!

Nach orainn a bhíodh an t-áthas, an chuid eile den lá sin, agus muid ag dul timpeall ag insint an dea-scéil do chuile dhuine a chasadh orainn.

Resurexit sicut dixit

Ní raibh sa mhéid sin ach an tús, nó bhí lá fada romhainn amach, agus an saol ar fad báite i dtuile áthais na Cásca. Nár bhreá an taitneamh a bhaineadh muid as ceiliúradh Aifreann na maidine sin? Ó tharla nach mbíodh an oiread sin de bheadaíocht le fáil againne, thiar in Iorras, an t-am sin, bhaineadh muid taitneamh i gcónaí as na féilte móra, agus as na féastaí móra a ghabhadh cois ar chois leo, agus gan dabht ar domhan, bhíodh flúirse le fáil ag chuile dhuine, um Cháisc, agus chomh maith leis na gnáth bhéilí, bhíodh nós na n-uibheacha Cásaca againnn freisin. Ná ceap anois go mbíodh uibheacha Cásca le fáil againn sna siopaí, an t-am sin, faoi mar atá coitianta sa lá atá inniu ann, ach bhí de nós againn, an oiread uibheacha a thabhairt do chuile dhuine sa teach agus a d’fhéadfadh sé, nó sí, scaoileadh siar. Comhartha féile a bhí sa bheart sin, gan bhréag, nó go hiondúil, bhíodh na huibheacha céanna sin ag teastáil go géar le díol sa siopa, le siúicre, tabac, agus gráinnín tae, a cheanancht.

.

Cheannaíodh daoine éadaí nua um Cháisc freisin, dá mbeadh an gustal acu chuige. Nach raibh sé sa tseanfhocal acu fiú….

Bia agus deoch don Nollaig,

Agus éadaí nua don Cháisc.

An tráthnóna sin, bhíodh sé de nós againne, gasúir, bualadh amach faoin tuath, ag déanamh spraoi dúinn fhéin, muid ag rith, ag léim, ag marcaíocht ar asail, agus ag rás linn trí na dumhcha gainimhe, cois trá. Bheadh sé éasca go maith sinn a chur a chodladh an oíche sin, geallaimse dhuit é!

.

Ní raibh fágtha ansin ach Luan Cásca, agus dár ndóigh, bhí a thábhacht fhéin ag baint leis an lá sin, nó chuireadh sé daoine ag smaoineamh ar an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath, ar cuireadh tús leis ar Luan Cásca 1916. Ach sin scéal eile, do lá eicínt eile.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Caibidil 10

.

PÚCAÍ NA hÓIGE .

.

Nach ait mar atá na múrtha púcaí folaithe go domhain, áit eicínt, sa bhfo-chomhfhios istigh ionnam, púcaí a scanraigh an t-anam asam le linn m’óige. Fanann na púcaí céanna sin go deas, ciúin, socair, faoi mar a bheidís ar grinneall locha na cuimhne, go dtí go meallann baoite spreagúil go huachtar uisce iad. Ansin, agus iad ar dhuán na cuimhne, is féidir linn iad a scrúdú, agus a iniúchadh, ar ár sástacht. B’in mar a tharla domsa an lá cheana.

Ag léamh an pháipéir a bhí mé, nuair a tháinig mé ar an bpíosa beag nuachta seo, faoin gceannteideal neamhghnách seo…

“Man attacked by a pig.”

mhúscail an ceannteideal céanna sin púca, a bhí folaiathe, áit eicínt i loch na gcuimhní, agus léigh mé liom, go bhfeicfinn céard a tharla don bhfear bocht úd sa scéal, ar dhein an mhuc allta úd ionsaí air… Seo an scéal a chuaigh leis an gceannteideal..

“A newspaper delivery driver was trapped in a ‘phone box yesterday….by the ‘biggest pig in the world’. As the terrified man rang police, the massive sow turned her attentions to his van and chewed through one of the tyres. ‘It charged at him like a rogue elephant’, a Gloucestershire police spokesman said, after a local farmer was called in, to return the animal to a nearby field.”

Cén fáth ar chuir mé an oiread sin suime i scéal na muice allta úd, an ea?

Bhuel, d’éirigh leis an scéilín úd mé a mhealladh siar go loch chuimhní na hóige, agus tar éis dom tumadh faoi screamh thiubh an locha sin, tháinig mé ar shlam de na cuimhní céanna sin, cuimhní a bhi chomh glinn soiléir le criostal, tar éis dom ceo na haoise a bhaint díobh..

I measc na gcuimhní sin, casadh rudaí orm nach raibh súil ar bith agam leo, rudaí a scanraíodh an croí ionnam, fadó….gob ghandail, adharca bó, agus crúba capaill, agus fiacla beaga géara na heasóige, ach thar aon rud eile, agus thar aon ainmhí eile, chuireadh cránacha muice an croí bocht trasna ionnam. Bhí dearmad iomlán déanta agam ar na cránacha céanna sin, le blianta fada, go dtí gur léigh mé an scéilín úd sa nuachtán, an lá cheana.

.

Chonaic mé céard a tharlaíodh don chearc bhocht a bhfaigheadh cráin mhuice greim uirthi, mar a stróiceadh sí as a chéile í, agus mar a d’itheadh idir chorp, chraiceann, agus chleití í, sea, mh’anam, bhíodh faitíos orm go ndéanfadh sí an marú agus an ithe céanna ormsa.

Is cuimhin liom fós, an mhaidin bhreá sin, i ndeireadh an Earraigh, agus mé ar mo bhealach go tromchosach chun na scoile. Chonaic mé cráin na mBúrcach chugam. Rith mé, agus rith mé, ach má rith fhéin, b’eo mo chráin dána sa tóir orm. Ní raibh aon áit folaigh sna bólaí sin. Bhí rith maith agam, an tráth úd, ach níorbh aon seilide ar luas í cráin úd ma mBúrcach, ach oiread. Tharraing mé cleas an chait orm fhéin! Dhreap mé in airde ar chuaille teileagrafa. Tháinig an chráin fúm. Nach uiirthi a bhí an rabharta feirge? Bhreathnaigh sí orm le súile beaga, nimhneacha, fuilteacha an ghandail, agus bhain sí sclaimh as bun an chuaille. Bhí pian ag teacht i mo ghéagal, agus tuigeadh dom nach fada eile a bhféadfainn fanacht in airde ansin ar an gcuaille teileagrafa. Mhothaigh mé na fiacla géara do mo stróiceadh as a chéile, cheana féin!

Nuair a fuair mé an deis, anuas liom, agus siar an bóthar liom, ar nós na gaoithe, go teach na mBúrcach, agus an diabhal sin de chráin allta sa tóir orm fós. Rith mé go dtí an doras tosaigh, agus thug mé cupla cic do, ansin rith mé go dtí an doras iata, agus rinne mé an cleas céanna. Timpeall agus timpeall liom, cic, rith, cic rith, agus an chráin bhuile sa tóir dhearg orm fós. Níor tháinig éinne i gcabhair orm, nó is dócha go raibh an teaghlach sin uilig ina gcodladh fós. Ansin chonaic mé an chairt socraithe ag binn an tí, cairt na mBúrcach, agus de léim lúfar amháin, chuaigh mé thar ráille isteach inti. Bhí mé sábháilte. Chuaigh an chráin diabhalta timpeall agus timpeall, ach d’fhan mise sa dún daingean sin, gur tháinig duine de na comharsana i gcabhair orm, duine de mhuintir Raghaille, a bhí ar a bhealach chun an phortaigh. Ghlaoigh mé air, in ainm Dé, teacht i gcabhair orm, nó go n-íosfadh an diabhal sin cráin mé beo beathaíoch. Chuir sé an ruaig ar an gcráin allta sin, agus thug marcaíocht domsa chun na scoile ina chairt bhreá, fhothamach.

Mhínigh Mártan Mór Ó Raghaille dom, gurbh é an fáth ar lean an chráin allta sin mé, an mhaidin úd, nó gur cheap sí go raibh cuid na maidine agam di! Ní mar sin a chonacthas domsa riamh é, nó ba í mo thuairimse, gur cheap an tseanchráin fhiáin, allta, sin, go mba mise cuid na maidine ó Dhia chuici!

Bhíodh faitíos an domhain orm freisin, le linn m’óige, roimh bheithigh, nó an t-am sin, ba mhinic a thógtaí gamhna ina bpeataí, ar urlar na cistineach, agus geallaimse dhuit é, go milleadh páistí an tí na gamhna céanna sin. Is dócha anois nach raibh i gceist ag na ba céanna sin ach spraoi, ach ba é dála an Eilifint a mharaigh an luchóg é! Nuair a iarradh airsean cén fáth ar mharaigh sé an luchóg bhocht, ba é freagra a thug sé nó nach raibh sé ach ag iarraidh é a chigilt! Ách níor theastaigh uaimse riamh, go ndéanfadh bó ar bith iarracht cigilt a chur orm! Dá bharr sin, ní raghainn riamh i measc bó, gan madra maith láidir a bheith lem chois, mar chosaint, tá’s agat!

Ní call dom a rá, go mbíodh eagla agus faitíos an domhain orm roimh phúcaí de chuile chineál, agus chomh fada is a bhain sé liomsa, bhí siad ann ina mílte, chuile áit thart orm. Ach thar aon rud eile, bheadh faitíos orm rompu i rith na hoíche, agus annamh a raghainn taobh amuigh de thairseach an tí s’againne, san oíche, mura mbeadh comrádaí eicínt im fhochair.

.

Bhí daoine freisin a chuireadh faitíos orm, le linn m’óige. Tomás Antaine, cuir i gcás. Bhíodh rothar aigesean, agus b’é nós a bhí aige ná dá bhfeicfeadh sé gasúr ar thaobh an bhóthair, nó taobh amuigh dá theach fhéin, thagadh sé anuas dá rothar, chaitheadh ar thaobh an bhóthair é, thógadh scian mhór, fhada, ghéar, as a phóca, agus ansin, ligeadh sé liú fuilteach fiaigh as, agus as go brách leis sa tóir, agus é ag spalpadh na mionn, ar nós an diabhail, agus geallaimse dhuit é, nach raibh ceannach na mionn ar an bhfear céanna sin! Cé go mbíodh eagla an domhain orm fhéin roimhe, agus cé go rithinn uaidh, ar nós na gaoithe, thuig mé nach raibh sé ach ag déanamh spraoi linn, agus nach raibh aon dochar ann. Ag an am gcéanna, níor mhaith liom é a theacht suas liom! Nuair d’fheicfinn Tomás ag teacht, ghlaofainn air, ar eagla nach bhfeicfeadh sé mé….ait í an óige!

.

Bhíodh faitíos orm roimh thaibhsí freisin. Ní chuireann sin aon ionadh orm anois, mar chuirinn cluas, sea agus dhá chluas, le héisteacht orm fhéin, i gcónaí, nuair a bhíodh na seandaoine ag insint scéalta sí, cois na tine. Bhíodh allas na heagla liom, go minic, ar mo bhealach chun na leapa, ina ndiaidh. Bhí a lán rudaí eile a chuireadh crith cos is lámh orm, le linn laethe órga na hóige….easóga, fáinleoga, iolair, an fharraige, an póilí, agus tuilleadh. Ach nach leor sin do thuras na huaire seo, agus nár bhreá na cuimhní a mhúscail scéal úd na cránach allta ionnam, an lá cheana?

.

.

.

.

.

.

.

.

Caibidil 11.

.

Caor’ Inis Gé

.

Tharla go raibh mé ag insint scéalta sí agus a leithéid daoibh, le tamall anuas, cheap mé go mba cheart dom roinnt scéalta, de chineál eile ar fad, a insint daoibh anois. Siad na scéalta atá i gceist agam anseo anois, nó na scéalta a chloisinn ag na daoine fásta, cois na tine, sa teach s’againne, agus iad ag eachtraíocht leo ar a ndícheall faoi na laethe fadó. Is maith is cuimhin liom fós m’athair fhéin ag insint dúinn faoi “Chaora Inis Gé”, nó níl dabht ar domhan ach go mba sheanchaí den scoth é an fear céanna, go háirithe nuair a bhíodh sé ina shuí ar a shástacht cois na tine agus é ag baint toite as a sheanphíopa cam.

“Ar chuala sibh riamh an scéal faoi Chaora Inis Gé ?” adúirt sé linn, oíche amháin. Bhuel! ba lena chomrádaithe fhéin a bhí sé ag caint, i ndáiríre, daoine ar chaith sé blianta fada ag náibíocht leo, in Albain, le linn a n-óige, nó ní raibh fhios aige go raibh cluas le héisteacht orm fhéin, nó aird dá laghad agam ar a chuid scéalaíochta, in aon chor.

“Níor chuala,” arsa a chomrádaithe.

“Bhuel!” ar seisean, “seo mar a chuala mé fhéin an scéal sin ón seanchaí ab fhearrr in Iorras lena linn, agus b’in Séamas Mór Ó Muineacháin, a mhair thiar ar an gCnoc Aoibhinn, agus mise ag fás aníos im ghlas-stócach, mám maith blianta ó shoin anois.”

Chuir Daid gotha scéalaíochta air fhéin, chuir rógaire lasta lena phíopa, bhain cupla smailc as, gur líon an áit le boladh agus toit an tobaca, earraí a bhí inghlactha go maith i measc daoine, an tráth úd, murab ionann is an lá atá inniu ann.

“Ag caint ar fhadhbanna a bhí Séamas Mór an oíche áirithe sin, i nGeimhreadh na bliana “32, agus muid uilig thart air lenár n-ómós dó a theaspáint. Mhínig sé faoin chaoi ar tháinig Amhlaoibh Ó Súilleabháin ar an bhfocal “fadhb”, a chéaduair, i gcanúint Chalainn, i gCill Chainnigh, agus toisc nach raibh an focal ina chanúint fhéin, níor leasc leis, in aon chor, a chuid fhéin a dhéanamh den bhfocal céanna sin. Bhí ionadh le léamh ar aghaidh chuile dhuine den lucht éisteachta, agus iad ag iarraidh a n-aigne a chasadh timpeall ar an súgán smaointe sin a bhí a chasadh ag an seanchaí s’againne, ach chuir Séamas mór isteach ar ár gcuid marana..

Ach anois, ceist agam oraibh, ar seisean, Ar chuala duine ar bith agaibh riamh faoin bhfadhb doscaoilte a tharla anseo in Iorras Domhnann, fadó?”

Labhair Mártan an Tairbh thar cheann an lucht éisteachta uilig. “Diabhal ar chuala, muis!” ar seisean.

‘Bhuel! ar chuala duine ar bith agaibh faoi Chaor’ Inis Gé?’

‘Diabhal ar chuala muis!’, arsa Mártan arís.

‘Bhuel, am ar bith a dteastaíonn ón Iorrasach a chur in iúl, go bhfuil ceist ar bith doscaoilte, is amhlaidh a deir sé, go bhfuil an cheist sin chomh doréitithe le Caor’ Inis Gé.

Cá bhfuil Inis Gé, an ea?

Inseoidh mé sin daoibh. Tá na hoileáin, nó an péire oileán sin suite sa bhFarraige Mhór, ar chósta Iorrais, agus iad cóngarach go maith d’oileán clúiteach eile, Inis Gluaire, Oileán Bhreandáin. Sea, is dócha gurb é Breandán Mairnéalach, atá i gceist, an Gael úd a sheol go Meiriceá, sular smaoiníodh ar Cholumbus nó éinne eile dá leithéid. Ciarraíoch ba ea é. Céard a bhí á dhéanamh aige ar chósta Iorrais, más ea?

Bhí Mainistir aige ar an oileán úd Inis Gluaire, áit ar bhaist sé Clann Lir, más fíor don seanchas. Bhíodh an Breandán sin ag seoladh ar fud an domhain, ina churachán. An cuimhin libh, tamall de bhlianta ó shoin, nuair a bhí duine éigin ag iarraidh a chruthú, go bhféadfadh Breandán an turas go Meiriceá a dhéanamh i mbád de dhéanamh na haimisre sin? Rinne ceárdaithe an cineál báid a bheadh ag an Naomh, agus nuair a bhí gach rud réidh aige, thug sé a chúl le tír, agus a aghaidh ar an bhfarraige mhórthonnach. Do bharúil cár tháinig sé i dtír ach ar Inis Gé, cóngarach go maith do Mhainistir Bhreandáin.

Gabh mo leithscéal, arsa Séamas Mór, ag an bpointe sin, ach tá faitíos orm go ndeachaigh mé fhéin ar strae im scéal, cosúil leis an mairnéalaach úd, ach fillfidh mé air láithreach. Bhí mé ag caint faoi Chaor’ Inis Gé. Bhuel! Seo mar a chuala mé fhéin an scéala sin ó m’athair mór, Grásta ó Dhia air.

Nuair a bhí cónaí ar an oileán sin Inis Gé, théadh na hoileánaigh ar aonach Bhéal an Mhuirthead, le díol agus ceannach a dhéanamh. Tharla aon de na laethe, go ndeachigh beirt fhear ón oileán ar an aonach sin, agus bhí lá ar dóigh acu sa mbaile mór sin, ach mar adeir an seanfhocal, más fada an lá, tiocfaidh an tráthnóna. Tháinig an tráthnóna sin, agus mo bheirt fós ar an aonach, agus gan tada dá bharr acu, ach an dá láimh acu chomh fada folamh lea chéile. Chuaigh siad amach ar an tsráid, ar deireadh thiar thall, agus nuair a chuartaigh said a bpócaí, níor mhór an éadáil a fuair siad sna pócaí céanna sin, tar éis ól agus ragairne an lae. Bhuel, le scéal gairid a dhéanamh de, chuireadar a raibh acu le chéile, agus bhí an oiread acu agus a cheannaigh caora bhreá. Nárbh iad a bhí sásta ar a mbealach abhaile, de shiúl na gcos, ó Bhéal an Mhuirthead go dtí an Fód Dubh an tráthnóna sin. Chuaigh siad don oileán, an lá arna mhárach. Chuireadar an chaora chun cnoic, ar an oileán, ach i dtosach, shocraigh siad, go mbeadh leath na holla an duine acu, agus dá mbeadh aon rath uirthi, go gcoinneodh an lomra stocaí agus geansaithe leo beirt, go ceann bliana. Bhí go maith, is ní raibh go holc. Teach an Earraigh, cheap fear acu, go raibh lomra breá ar Chaora seo Inis Gé, agus fuair a dheaimheas agus lom sé leath na holla, a leath fhéin. D’fhéadfadh a leathbhádóir an cleas céanna a dhéanamh, ar ball, nuair a bhuailfeadh an fonn é.

Tamall gearr ina dhiaidh sin, chuaigh an aimsir i bhfuaire agus in olcas. Mhothaigh an chaora bhocht an fuacht agus an stoirm ag dul go smior na gcnámh inti. Bhí fuar uirthi, áfach, an créatúr! nó tar éis di achar fada a chaitheamh ag lorg fothana, chuaigh sí i bhfostó sna driseacha, agus ba é deireadh an scéil sin é, ná gur cailleadh leis an bhfuacht í.

Is ansin a bhí an rí-rá, an raic, agus an rúille búille, ar an oileán. Bhí scéal na caorach i mbéal gach éinne. Chuathas i muinín mholadh beirte, ach chuaigh den bheirt aon mholadh fónta, nó leath-fhónta fhéin, a dhéanamh. Chuadar chuig sagart an phobail, ach ní raibh fuascailt na faidhbe aigesean, ach oiread.

Ar deireadh, chuir fear acu an dlí ar an bhfear eile, á dhearbhú, nach mbeadh faic na ngrásta ar an gcaora bhocht, mura mbeadh gur lomadh leath a lomra di, agus gurbh ‘in an fáth ar préachadh leis an bhfuacht í.

Ansin, chuir an té sin an dlí ar an gcéad fhear, á dhearbhú, nach mbeadh faic na fríde ar an gcaora úd, dá lomfadh seisean a leath fhéin den lomra di, in am. Ní raghadh sí i bhfostó sna driseacha, agus ní phréachfaí leis an bhfuacht í, dá ndéanfadh seisean mar a dhéanfadh Críostaí ar bith, sé sin, an lomra a lomadh ag an am ceart.

Chuaigh an chúis dlí sin ó chúirt go cúirt, agus ó bhreitheamh go breitheamh. Ón gCúirt Dúiche go dti an Chúirt Uachtarach, agus nuair a bhí teipthe ar chuile bhreatheamh, agus ar chuile chúirt acu sin breith chóir a thabhairt, i gcás Chaor’ Inis Gé, b’éigean dóibh, i ndeireadh na dála, an cás a leagan os comhair Theach na dTiarnaí fhéin, thall i Sasana, ag súil go bhféadfadh siadsan scil eicínt a bhaint as an gcás. Theip ar an gCúirt oirirc sin freisin, nó ní raibh dóthain dlí sa dá Ríocht leis an bhfadhb úd a scaoileadh, go dtí go bhfuair an dá oileánach bhochta bás den tseanaois, agus fágadh an cheist sin gan fuascailt, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann.

Mar sin, nuair a theastaíonn ón Iorrasach a rá go bhfuil ceist áirithe do-réitithe, nó fadhb áirithe do-fhuascailte, is é a deir sé nó go bhfuil an scéal sin chomh do-réitithe le Caor’ Inis Gé. Bhuel, b’in mar a chuala mise an scéal ó Shéamas Mór Ó Muineacháin, an oíche úd fadó, i síbín Bhidí Learaí, ar an gCnoc Aoibhinn ansin thiar, agus má tá bréag ar bith ann, ní mise a cheap nó a chum.

Nuair a bhí deireadh ráite aige, chloisfeá biorán ag titim ar an urlár, leis an dtost draíochta a thit ar an dteach airneáin, an oíche úd. Níor mhair an tost céanna ró-fhada áfach, nó ba ghearr go raibh chuile dhuine sa teach agus a leagan amach fhéin a chur aige ar an scéal céanna úd. Ach bhí a ghnó fhéin déanta ag an seanchaí don oíche sin. Bhí tine curtha aige faoi shamhlaíocht a lucht éisteachta, tine a d’fhág ag beiriú, agus ag fiuchadh í, go ceann scathaimh mhaith, geallfaidh mé dhuit é. Níor dhein mé fhéin dearmad ar an scéal céanna úd, scéal “Chaor’ Inis Gé”, riamh ó shoin, agus nach minic a bhain mé leas as ráiteas úd na nIorrasach agus mé ag cur síos ar cheist do-réitithe, nó ar fhadhb dho-scaoilte. Ach fágfaidh mé mar sin é, do thuras na huaire seo.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

DOIRSE DÉ 1 2 .

.

COISCÍNÍ COIS TRÁ .

.

Is minic, na laethe seo, a thugann dreas seanchais siar go laethe órga na hóige mé, agus sin é díreach a tharla, nuair a bhuail mé le Séimí an Droichid, thíos sa “Smugairle Róin”, an oíche faoi dheireadh. An oíche chéanna sin, bhí na smaointe duaiseacha, gruama, ag eitilt leo ó ghéag go géag i gcrann nocht na cuimhne.. Ansin, de phlimp! buaileadh cnag carad, gan choinne, ar dhoras na ‘Caillí’ .

“Níl an glas air”, arsa mé fhéin, “Tar isteach”

Osclaíodh an doras go mall, réidh, agus ar ball, nocht mo sheanchara, Séimí cóir an Droichid, sa leath-dhorhcadas.

“Do chéad míle fáilte isteach. Cuir feoil ar an stól seo taobh liom. Ólfaidh tú bolgam?”

“Thankee! Thankee!” arsa mo sheanchara, agus aoibh mhaith air, “ agus ó tharla gur iarr tú orm é, beidh pionta den stuif dubh agam, agus abair le Tóin Mhór, steall líomóide a scaoileadh isteach ann. Sa chaoi sin, má iarann Naipí s‘againne orm, beidh mé in ann a rá lei go raibh mé ag ól sú líomóide!”

Chuala Tóin Mhór fhéin an comhrá, nó bhí an comhla beag, ar thaobh an bheáir, ar leathoscailt, agus as go brách leis i mbun an ghnó sin.

Shuigh Séimí faoi. Tharraing air a phíopa cam, agus ba ghearr go raibh sé ag stealladh toite uaidh ar a shástacht. D’fhág Tóin Mhór na deochanna ar leac na comhla bige, agus dhún an chomhla ina dhiaidh, tar éis dó luach na ndeochanna a bhailiú go cúramach uaimse. Thug mé a phionta do Shéimí. D’ardaíomar ár ngloineacha chun a chéile,

“Seo sláinte na bhfear, agus go maire na mná go deo!” arsa mé fhéin.

“Grásta ó Dhia le hanmnacha na marbh” a d’fhreagair mo Shéimí cóir.

D’ól sé cupla slog, d’ardaigh a ghloine idir é fhéin agus an lampa, scrúdaigh na boilgíní a bhí ag éirí leo ina rás gan stad ó thóin na gloine. D’ól bolgam eile as, agus ansin leag a ghloine ar an mbord, go deas, réidh, smaointeach. Rinne mé fhéin aithris air. Séimi a chuir tús leis an gcomhrá.

“Bhfuil fhios agat, a Pheadair,” ar seisean, “bhfuil fhios agat, go raibh coiscín im ghlaic agamsa, breis is trí scór bliain ó shoin”

“Go bhfóire Mac dílis Dé orainn uilig! ach nár dhiabhalta an gasúr thú is a rá go raibh gléas dá leithéid id’ ghlaic agatsa, an tráth úd, agus nach raibh tú ró-óg le leas a bhaint as earra dá leithéid, agus tú chomh hóg sin?” arsa mé fhéin, agus mé ag iarraidh é a ghríosadh chun cainte

“Ní raibh mé ach naoi mbliana d’aois ag an am, agus ná bí ag ceapadh, gur bhain mé úsáid riamh as na rubair ghránna chéanna sin, nó níor bhain, agus ní bhainfidh.”

.

“Ach a Shéimí, níor cheap mé go mbeadh fáil ar bith agat ar choiscíní, sa tír seo, ag an am sin.”

“Óra stop do bhéal ansin! agus inseoidh mé an scéal ar fad ó thús deireadh duit. Ag siúl liom, go neamhurchóideach, cois trá, a bhí mé, tráthnóna breá Samhraidh. Ní raibh mé liom fhéin, nó bhí Tomáisín Mhártan Antaine mar chomhluadar lem’ chois. Ar thóir raice a bhíomar beirt, agus gan tada ar an saol seo ag déanamh buartha dhom ag an am. Ansin, chonaic mé fhéin balún beag gleoite rubair sa mbruth faoi thír. Phioc mé suas é, agus sár a raibh deis agam é a chur i mo bhéal, lena shéideadh suas, sciob Tomáisín uaim é. Cén fáth ar sciob tú mo bhalún breá rua uaim, arsa mé fhéin leis, nó cheap mé gurbh amhlaidh a theastaigh an balún breá seo uaidh fhéin. Mhínigh Tomáisín dom, gur rudaí salacha a bhí i mbalúin dá leithéid, agus nár chóir do ghasúr macánta ar bith ceann acu a chur i ngiorracht scread asail dá bhéal, gan trácht in aon chor ar aon bhall eile dá chorp. Caithfidh mé a admháil, gur bhain caint úd Thomáisín stangadh asam, ach nach raibh an saol mór feicthe, siúlta, aigesean, agus mar sin, thug mé aird air. Drochdhaoine a úsáideann a leithéid, agus bhaist sé ainm ar an ngléas rubair sin, a thug le tuiscint domsa, gur chóir stampa a bhuaileadh air, agus é a thabhairt do Thom Mór an Phosta! Ach chuir Tomáisín fainic gach fainice orm, gan an drochainm sin a lua sa bhaile, nó áit ar bith a mbeadh mná sa láthair.

“Agus ar dhein tú rud air?”

“Bí cinnte gur dhein, cé gur mhinic a bhí fonn orm an lán-béil sin a úsáid, nuair a bhí mallacht, nó mionna mór, uaim, le smacht eicínt a chur ar mo thuismitheoirí, nó le ceacht a mhúineadh dóibh, ach ní raghainn sa tseans leis. Cibé faoi sin, níor láimhsigh mé ceann de na gléasanna sin ón lá sin i leith, cé gur chuala mé teacht tharstu, anois is arís. Nuair a bhí mé ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe, mám maith de bhlianta ó shoin, bhí Polannach fir ag freastal ar an Ollscoil chéanna, ag an am sin, agus bhí sé ina scéal i mbéal gach éinne faoi, go mbíodh bosca de na rubair úd á iompar aige, de ló is d’oíche, ag súil le deis a n-úsáidthe a fháil. N’fheadar mé anois, an raibh rath ar bith air sna cúrsaí sin, ach chuala go minic, go mbíodh bunbhoicíní na hOllscoile an-chairdiúil leis, ag súil le héadail a fháil ón bPolannach gnéasach céanna sin, in am an ghátair!”

“Ach a Shéimí, is dócha go bhfuil tú go láidir den tuairim,. nár chóir gléasana dá leithéid a bheith ar díol i siopaí poitigéara, nó in áiteacha ar bith dá leithéid, faoi mar a bheadh maisiúcháin Nollag ann?”

“Ó go réidh anois! níor dhúirt mé tada dá leithéid. Ní bhainfinn fhéin leo, olc, maith, nó dona, ach má theastaíonn ó dhuine eile iad a cheannach, ní bheadh sé de cheart agamsa bac a chur leis. Ní fheicimse gur peaca é díol, nó ceannach, na gcoiscíní céanna sin.”

“Ach, a Shéimí, an mbeadh tú sásta iad a dhíol le hógánaigh, nó le cailíní óga, faoi ocht mbliana déag fiú? Dá ndéanfá, nach mbeadh sé deacair srian a chur ar chapall na hóige, feasta?”

“Bhí sé deacair sin a dhéanamh ó thús ama, agus beidh, go Lá Philip an Chleite fhéin, agus má tá fáil ar earra, agus má theastaíonn an t-earra sin ó dhuine óg, bí cinnte go bhfaighidh sé é, ar ais, nó ar éigean.”

.

“Agus a Shéimí, dá mbeadh déanamh an dlí fútsa, an luafá aois ar bith le cead cheannaithe coiscíní?”

“Ní luafainn, nó ní bheadh sa choinníoll ach am amú. Breathnaigh ar thoitíní, agus ar dheochanna meisciúla. Nach bhfuil dlí aoise luaite leo siúd? agus mar is eol duitse, ní bac ar bith an dlí céanna sin ar an té a dteastaíonn toitíní nó deoch uaidh. Agus nach é an cás céanna le coiscíní é?”

“Ach nach millfeadh dlí dá leithéid córas morálta na tíre?”

“Ní dhéanfadh mh’anam, bheadh coiscíní ar díol i siopaí na tíre, ach ní bheadh dualgas ar éinne iad a cheannach. Agus céard faoi na tíortha uilig, a bhfuil coiscíní ar díol iontu, faoi mar atá le blianta fada? Níl a bhac ar éinne a mhoráltacht fhéin a leanacht nó a leathnú. Ní leagfainn fhéin lámh fiú, ar na rubair shalacha úd, ar inis Tomáisín Mhártan Antaine dom futhu, trí scór bliain ó shoin. Mór idir inné agus inniu! Tá saol eile tagtha i dtreis, agus glún nua tagtha ar an bhfód. Caithfidh siadsan deighleáil le diabhail agus le hoilc na haoise nua seo , faoi mar a dhein na glúnta a chuaigh rompu, i gcás dhiabhail agus oilc a n-aoise-sean. Agus rud amháin eile, ní fiú trumpa gan teanga, an dlí nach féidir a chur i bhfeidhm. Níl ann ach síoda ar ghabhar. Ní athraíonn sé tada.”

“An mbeidh ceann eile agat?”

Óra! ní bheidh. Caithfidh mé bheith ag bogadh. Maróidh Naipí s’againne mé!”

Amach an doras leis faoi mar a bheadh cat scólta ann.

“Slán abhaile” a chuir mé fhéin ina dhiaidh.

Ach caithfidh mé a admháil, gur chuir tuairimí Shéimí ionadh an domhain orm.

Nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac, arsa mise liom fhéin, agus mé ag diúgadh dríodar mo phionta, roimh dhul abhaile dhom.

Sea, thug Séimí ábhar smaoinimh dom, gan aon bhréag, nó nocht sé, a chéaduair dom, an cineál saoil as ar fáisceadh muid, agus ag an am gcéanna, léirigh sé faoi mar a chuaigh muid chun treafa le capall an lae inniu, agus gan againn ach an úim a fuair muid le huacht ón dream a chuaigh romhainn.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

DOIRSE DÉ 13 .

.

Seanchas….

Nach iomaí oíche fhada Gheimhridh a chaith mé fhéin, sa teach s’againne, i mbaile na Druime, ag éisteacht leis daoine fásta ag seanchas dóibh fhéin go sona sásta, ar bhruach thine móire móna. Ba iad na hábhair a bhíodh idir chamáin acu, de ghnáth, nó na laethe a chaitheadar ag sclábhaiocht, is ag nábhaíocht, in Albain, agus ar bhain dóibh, agus iad ina ndeoraithe i bhfad ó bhaile, sa tír eachtrannach sin. Scaití eile, bhíodh a n-aird acu ar sheanchas a ndúiche fhéin, agus ba bheag áit i bparáiste na Cille Móire nach raibh a scéal agus a stair ar eolas go paiteanta acu. Is maith is cuimhin liom fhéin iad ag cur síos ar “Shaen’s Cut” agus ar Dhroichead Bhéal an Mhuirthead, go mion minic, agus ba dá bharr sin, a scríobh mé fhéin an píosa seo leanas, in eireaball na bliana 1993, inar éirigh liom scéal úd na seanfhondúirí a thabhairt suas chun dáta, agus sin a bheidh idir chamáin agam, sa chaibidil seo.

In aimsir an Dara Chathal, sa bhliain 1676, fuair Sir James Shaen seilbh ar dhá dtrian de thailte Iorrais, i gContae Mhaigh Eo, ach dhealródh sé, gur bheag spéis a chuir an Sir James céanna sna tailte sin. Nuair a d’éag an fear saibhir sin áfach, sa bhlain 1695, thit na tailte uile sin, mar oidhreacht, ar a aonmhac, Sir Arthur Shaen, fear a chuir suim, sea, agus dhá shuim, i bhforbairt na n-eastát úd thiar.

Rinne sé na heastáit sin a choilíniú, agus bhunaigh sé coilíneacht sa Mhuirthead, áit ar shocraigh sé buíon Sasanach, gona Ministir, an tUrramach John Tollet. Thug sé a shealúchas fhéin do gach uile choilíneach acu, agus d’fhéach sé chuige, gur éirigh thar barr lena thionscadal thiar.

Faoin mbliain 1715, chuir Sir Arthur roimhe, baile beag a thógáil, san áit a bhfuil Béal an Mhuirthead suite anois. Ní raibh san áit an t-am sin ach riasc, nó bhí leithinis an Mhuirthead ceangailte den tír mhór, le cuing chaol talaimh. Chuir Sir Arthur daoine i mbun oibre, le canáil a ghearradh idir Inbhear Mór agus Cuan an Fhóid Duibh. Ba é an t-ainm a baisteadh ar an ngearradh sin nó “Shaen’s Cut”. Bhí an gearradh sin leathan go leor le báid bheaga a ligaean ón Inbhear Mór isteach i gCuan an Fhóid Duibh.

D’fhág Shaen’s Cut go mba oileán é an Muirthead feasta. Ar ball, tógadh droichead trasna na canálach sin, agus lean cúrsai ar aghaidh go seoigh, ar feadh tamaill. Faoin mbliain 1752 áfach, bhí drochbhail ar an gcanáil, ach bhí Sir Arthur fhein ag tabhairt an fhéir, faoin am sin, nó fuair sé bás, ar an 24 Meitheamh, sa bhliain 1724

Ní raibh de shliocht ar Arthur Shaen ach beirt iníon, agus ar ball, nuair a phós siad, thit eastáit Shaen le John Bingham, agus le Henry Boyle Carter. Ba dhuine de shliocht Henry Boyle Carter a thóg baile Bhéal an Mhuirthead, nuair a d’iarr sé ar Patrick Knight, innealtóir, pleananna do bhaile mór Bhéal an Mhuirthead, a dhréachtadh, sa bhlain 1824. Faoin mbliain 1829, bhí baile mór tógtha ar an ionad. B’fhéidir nár leanadh pleananna Knight sa tionscadal sin, ach istigh i lár an bhaile, bhí, agus tá, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, Cearnóg Chartair, “Carter Square”, le cuimhne an bhunaitheora a choinneáil glas.

Ach le filleadh ar scéal na ndroichead…

I nDeireadh Fómhair na bliana 1845, chuir an rialtas £5,000.00 ar fáil, mar dheontas, le canáil cheart a thochailt, idir Cuan an Fhóid Duibh agus an Inbhear Mór, ar choinníoll go gcuirfeadh muintir na háite £4,000.00 dá gcuid airgid fhéin, leis an deontas sin. Chuathas i mbun oibre láithreach, ach níor críochnaíodh an obair go dtí an bhlain 1851, nó chuir an Gorta Mór isteach go tubaisteach ar thionscadal na canálach. Tógadh an chanáil nua in áit “Shaen’s Cut”, a gearradh breis agus céad triocha bliain roimhe sin. Tógadh sclóindroichead nua thar an chanáil , mar nasc idir an Leithinis agus an tír mhór. Bhí an chanáil nua, thart ar chaoga troigh ar leithead, agus cúig throigh déag ar doimhneas.

Faoin mbliain 1900, bhí drochbhail ar an sclóindroichead úd thar an gcanáil, agus shocraigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus Bord na gCeantar Cúng ar dhroichead nua a chur ina ionad. Rinneadh an droichead sin a chur i dtoll a chéile i gCathair Dhoire, agus seoladh, ar bhád, as sin go Sligeach é, i Meitheamh na bliana 1903. Thóg sé trí mhí an droichead a thógáil as sin go Béal an Mhuirthead, nó bhí orthu, droichid, caidhséir, agus ceiseanna, a neartú, le meáchan an droichid nua a iompar. Droichead cruach, a bhí thart ar ocht dtroigh is daichead ar a fhad, a bhí ann. Socraíodh ina ionad é, i dtús na bliana, 1904. Ba bhreá láidir an droichead é, agus nach iomaí sin duine a thrasnaigh é, idir sin, agus an bhliain 1988, nuair a osclaíodh an droichead atá ann faoi láthair, thar an gcanáil, ag bun Shráid Mheiriceá. Bhíothas den tuairim, le scathamh maith roimhe sin, go raibh seandroichead Dhoire ag éirí contúirteach. Bíodh sin fíor, nó ná bíodh, ach thóg sé roinnt mhaith ama orthu, an seandroichead céanna sin a leagan, i ndeireadh na feide. Ba bheag nach raibh ar lucht na Comhairle Contae é a phléascadh, i ndeireadh na dála! Ba bheag Iorrasach nár shil deoir ina dhiaidh. mar nach iomaí sin deoraí a mhothaigh an seandroichead uaidh, agus é ar chuairt ar a dhúchas, agus nárbh iomaí sin deoraí a d’imigh thar an ndroichead sin, agus nach bhfillfeadh go deo leis an ndroichead céanna sin a thrasnú arís.

Nach orm fhéin a bhí an t-áthas, mar sin, agus mé ar saoire in Iorras, i dtús Mhí Lúnasa, 1993, nuair a chonaic mé go raibh droichead nua, do choisithe, á thógáil thar an gcanáil, san áit ar leagadh Droichead Dhoire, sa bhlain 1988. Tuigeadh dom láithreach, go raibh scéal éigin taobh thiar den tionscadal nua seo, agus chuaigh mé sa tóir air.

Lorg na nDealbh, is cúis leis an ndroichead coisithe seo, agus mar is eol do chách faoin am seo, is cuid de chomóradh an chúigiú mílaois de chultúr Mhaigh Eo é, an Lorg céanna seo. Socraíodh ar roinnt áirithe dealbha a shuíomh in ionaid éagsúla, i dTuaisceart Mhaigh Eo. Thart ar cheithre cinn déag díobh a bheadh ann, agus é d’aidhm acu, cuairteoirí a mhealladh isteach ar an iargúil, le háilleacht na dúiche a bhlaiseadh ina iomláine. Taobh thiar de thionscadal seo an “Droichid” i mBéal an Mhuirthead, tá Comhar Iorrais, Clár “Leader”, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, agus Údarás na Gaeltachta. George Trakas atá i mbun an tionscadail seo. Dealbháir as Manhattan, Mheiriceá, is ea George. B’eisean a dhear agus a rinne an droichead nua coisithe, i Saotharlann Chomhar Iorrais, agus b’eisean freisin, a chuir an droichead galánta seo i gceann a chéile, ar an ionad céanna ar ar suíodh Droichead Dhoire, sa bhlain 1904. Duine lách, geanúil, is ea George Trakas, a bhfuil aithne curtha ag muintir Iorrais air, cheana féin, agus fear a bhfuil gach uile eolas curtha aigesean ar dhroichid Bhéal an Mhuirthead freisin. Chonaic mé fhéin i mbun oibre é, agus mé ag gabháil thar bráid, agus mé ar saoire thiar, roimh Lá Mór an Logha.

Bhíodh George i mbun oibre, moch, déanach, na laethanta úd, nó bhí beartaithe aige an tionscadal a chríochnú ar an Luan, an 16 Lúnasa, agus bhí socraithe aige go n-osclófaí; an droichead, go hoifigiúil, tráthnóna an lae sin, ag a seacht. Bhíothas ag súil go mbeadh an domhan mór agus a mháthair ar an bhfód, don ócáid sin. Ní mar a shíltear a bhítear, go minic áfach, agus chuala mé ó shin, gur cuireadh moill ar chúrsaí, agus ar chúis amháin, nó ar chúis eile, níor críochnaíodh an tionscadal faoi mar a bhí socraithe ag George, ach críochnaíodh ar ball é.

Ar aon nós, is minic a siúl trasna Dhroichead Trakas agus mé ar chuairt ar Iorras na n-iontas, san idirlinn. Agus má bhuaileann an fonn taistil thúsa, téigh siar, agus cuartaigh an ceithre dhealbh déag atá folaithe ar Lorg na nDealbh, i dTuaisceart Mhaigh Eo, agus tá súil agam go n-éireoidh leat teacht ar chuile cheann acu!

Ní gá dhom a rá gur thrasnaigh mé droichead álainn Thrakas go mion agus go minic ó shoin i leith, agus ní call a rá, ach oiread, gur chríochnaigh George a chuid oibre, go deas, bláfar, cumasach, agus go mbeidh a ainm luaite feasta i seanchas Iorrais, le Sir Arthur Shaen, le Henry Boyle Carter, agus le Patrick Knight. A chonách sin air!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

DOIRSE DÉ. 14.

.

PISREOGA

.

“Pisreoga”, agus “Ná déan nós”, b’in rudaí a bhí i mbéal an phobail agus mise ag fás aníos in “Iorras na nIontas”, breis is seachtó bliain ó shoin, anois. Ní fhéadfa seo a dhéanamh, nó ní fhéadfá siúd a dhéanamh, agus dá dtarlódh go ndéanfá ceachtar acu, bhuel, bhí leigheas an scéil le fáil agat trí úsáid a bhaint as pisreog eicínt eile! Tháinig mé ar phíosa beag a scríobh mé, tarraingt ar dheich mbliain ó shoin, píosa ag cur síos ar na pisreoga a bhain le hOíche Shiógach Shamhna, agus b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é an píosa céanna a leagan os do chomhair amach, le blas eicínt a thabhairt duit den saol pisreogach, a bhí thart orainn, an tráth úd. Cinnte, mhaireamar ar an saol anróiteach, saolta, seo, ach ag an am gcéanna, mhaireamar i saol eile freisin, saol nach raibh feiceáil air trí shúile cinn an daonnaí, ach trí shúile draíochta na samhlaíochta, agus trí shúil ghlas an chreidimh. Bhuel, seo thíos agat an píosa úd ag cur sios ar….

“Chluichí na Samhna”.

.

Oíche shiógach Shamhna tagtha agus imithe. Deireadh le ré na sméar dubh. Tús curtha le séasúr an airneáin, ach cloch eile ar phaidrín na beatha sleamhnaithe trínár méireanna uainn uilig, agus cuimhní na hóige imithe bliain eile ar gcúl. B’in iad na smaointe a bhí ag coipeadh i gcoire na gcuimhní agam, an oíche faoi dheireadh nuair a thuil cluichí na Samhna, mar fhoireann cleamairí, doras na gcuimhní chugam isteach.

Nár phisreogach, baothchreidmheach, amach is amuigh, an cine iad pobal Fodla, le sinsearacht. Bhí ualach asail de thairngreachtaí ar bharr a ngoib acu, tairngreachtaí Cholmcille, tairngreachtaí Bhriain Rua, tairngreahtaí an Ghobáin, agus tuilleadh. Bhainfí úsáid astu sin le ciall eicínt a bhaint as an saol athraíoch a bhí timpeall orthu, agus mar shop in áit smaointe! Nuair a déarfadh duine, go raibh a leithéid seo, nó a leithéid siúd sa tairngreacht, b’in sin, nó ní raibh dul thar an dtairngreacht.

Agus cá bhfágfá na pisreoga, a bhí chomh flúirseach le móin, ó cheann ceann na tíre. Déan seo, nó is duit is measa. Ná déan siúd, nó beidh aiféala ort. Má tharlaíonn seo, beidh an t-ádh ort, agus mura dtarlaíonn an rud eile, beidh soineann go Samhain agat. Breathnaigh ar an méid díobh a raibh baint acu leis an athbhliain, le Lá Bealtaine, agus le Lá ‘le Bríde, ach níor dhada iad sin, i gcomparáid leis an gcarn pisreog a chuach na Gaeil timpeall ar Fhéile Mhór na Samhna.

Sa tsean-ré, níl dabht dá laghad nó gur bhain cuid mhaith acu le creideamh na ndaoine. Ar ball, iar dteacht na Críostaíochta, mhair na nósanna creidimh úd i bhfoirm pisreog nach raibh fréamhaithe a thuilleadh i gcreideamh beo na muintire. Ba í Oíche shiógach Shamhna, oíche Chinn Bliana i measc na gCeilteach, nárbh í an chiall a bhí le Samhain, nó Deireadh an tSamhraidh? agus ar an oíche sin, bhristí an teorainn a bhí idir an saol seo, agus an saol thall. Chuireadh an oíche sin críoch le séasúr an tsolais agus na beatha, agus cuireadh sí tús le séasúr an dorchadais agus an bháis. Ní haon ionadh, mar sin, gur chreid siad, go mbeadh ar chumas an daonnaí, an oíche sin, breathnú isteach i gcroí doiléir na todhchaí.

Féach ar chleas na gcnónna, cleas a bhí an-choitianta, i measc daoine óga, fadó. Breathnaigh orthu, ógánaigh an bhaile bailithe thart ar an tine. Cnónna ar mhias acu. Ainmneacha á scríobh ar na cnónna. Ansin, péire á bpiocadh, ainm cailín ar cheann, agus ainm buachalla ar an gceann eile. Leagtar cnónna an phéire acu ar bhruach na gríosaí. Éiríonn siad te, agus ar baillín, pléascann siad! Má phléascann siad le chéile, pósfaidh an bheirt a bhfuil a n-ainmneacha scríofa orthu, roimh dheireadh na bliana atá le teacht. Mura bpléascann siad le chéile, ní phósfaidh siad.

Agus céard faoi chleas na bhfochupán… An comhluadar bailithe timpeall an bhoird. Ceithre fhochupán os a gcomhair, cré i gceann acu, cipín i gceann eile, fáinne i gceann eile fós, agus ceirt sa cheathrú ceann. Cuirtear dallóg ar chuile dhuine acu, ar a sheal. Castar timpeall é, agus ansin, iarrtar air a lámh a chur i bhfochupán acu. Má chuireann sé a lámh sa chré, gheobhaidh sé bás roimh dheireadh na bliana! An té a chuireann a lámh san uisce, raghaidh sé thar sáile roimh an chéad Shamhain eile. Má aimsíonn sé an fáinne, pósfaidh sé, agus má chuireann sé a lámh i bhfochupán na ceirte, ní bheidh saol na bhfuíoll i ndán dó.

Agus cá bhfágfá an Bairín Breac fhéin, mar chuid de liiotúirge na Samhna? Breathnaigh ar na hearraí éagsúla a chuirtear á mbácáil ann, earraí a thugann spléachadh, don té a fhaigheann iad, ar an saol atá i ndán dó, sa bhliain atá roimhe amach. An té a fhaigheann an fáinne, pósfar é. An té a fhaigheann an bonn airgid faoina fhiacail, beidh saol an mhada bháin roimhe amach. D’fhéadfaí tuilleadh earraí a chur sa Bhairín Breac, agus a scéal fhéin le tuar ag chuile cheann acu, ach nach leor an méid sin, le teaspáint, gurb é an todhchaí is cás le chuile cheann acu. Tabhair faoi deara, gurbh é a bhíodh á dtuar ag cluichí úd na Samhna ná bás nó beatha, pósadh nó maighdeanas, saibhreas nó bochtanas. Cé go ndéantar cluichí úd na Samhna a imirt fós, in áiteacha, is annamh anois a chreidtear iontu!

Mór idir inné agus inniu, nó tá muintir na tíre seo ró-shofaisticiúil, ró-eolgaiseach, don ealaín sin, sa lá atá inniu ann. Cé a chreidfeadh go bhféadfaí an todhchaí a thuar ar bhealach chomh pisreogach, tuatach sin? Níl sé chomh héasca dallamullóg a chur ar phobal léannta Phádraig, i ndeichniúr tosaigh seo an aonú haois fichead. Ar bhealach, tá an ceart sa mhéid sin, ach, nach bhfuil sé fíor freisin, go gcreideann pobal an lae inniu in ealaín atá i bhfad níos áiféisí fós?

Céard tá i gceist agam, an ea?

Tá, seo, gur beag duine, sa lá atá inniu ann, nach léann a thuismeá i nuachtán, nó in iris, chuile lá, geall leis, agus fiú nach bhfuil a bhfear feasa fhéin acu ar an teilifís, i gcláracha áirithe, fear feasa a léann tuismeá chuile chomhartha sa Stoidiaca, uair sa tseachtain, b’fhéidir. Anois tá’s ag madraí an bhaile, nach gcuirfí an t-eolas sin ar fáil sna meáin, mura mbeadh glaoch air, agus má tá glaoch air, bí cinnte go gcreidtear ann.. Agus cuirfidh mé mar seo e, go bhfuil sé i bhfad Éireann níos fusa, pobal léannta, sofaisticiúil, an lae inniu, a mhealladh, ná mar a bhí sé an seandream a mhealladh!

Tá tóir an diabhail ag pobal an lae inniu ar thuismeánna. Tá daoine ann, agus sé leathanach na tuismeá an chéad rud a léann siad, in iris, nó i nuachtán, sea, agus b’fhéidir an t-aon rud amháin a léann cuid acu freisin! Ní léann siad dár ndóigh, ach an píosa faoina gcomhartha fhéin. Má tá drochscéal faoina gcomhartha, bhuel, ansin deir siad nach bhfuil ann ach ráiméis, ach más é an dea-scéal atá ann, ansin creideann siad chuile fhocal de, agus dála an scéil, bíonn an dea-scéal ann beagnach i gcónaí.

Nach furasta daoine a mhealladh? Déanfaidh cleas amháin an gnó inniu, cleas eile amárach, agus cleas eile fós amanathar. Ó bhuel! Nach cleasach an mac an saol.

Bhuel, b’in an píosa a scríobh mé tamall ó shoin, agus níl dabht ar bith ann ach go dtugann sé blas éigin dúinn ar dhearcadh na ndaoine a mhair anseo trí scór bliain ó shoin. Ach tabhair faoi deara, go bhfuil an dream atá suas sa lá atá inniu ann, díreach chomh pisreogach, baothchreidmheach, leis an dream a mhair sa tsean-am, ach amháin gur chaitheadar na seanphisreoga agus na sean-nósanna i dtraipisí, agus gur ghlacadar chucu nósanna agus pisreoga na n-eachtrannach. Agus ar deireadh thiar thall, nach iad “an dá mhar a cheile” iad?

.

.

Doirse De 1

Eachtraigh 17

E A C H T R A I G H D Ú I N N . 1 7 .

.

************************************

.

An tríú lá sa Choláiste dúinn, fuaireamar amach gan aon ró-mhoill, go raibh deireadh leis an tsaoire feasta, agus go raibh an t-am tagtha le luí isteach ar an obair, i ndáiríre. Mar a dúirt mé cheana, buaileadh an clog dúinn ag a sé ar maidin! B’fhéidir gur fhreagraíomar an “Benidicamus Domino” lenar “Deo Gratias” slóchtach, codlatach, leisciúil, ach ní ón gcroí a tháinig an “Deo Gratias” céanna sin, geallaimse dhuit é. De réir mar a chuaigh caitheamh sna laethe, áfach, tháinig muid isteach ar nós an mhochóirí, ach bíodh sin mar atá, ní dóigh liom gur thaitin an mochóirí céanna sin liom fhéin riamh, ach tuige nach dtabharfadh duine buíochas do Dhia, chuile mhaidin, as sinn a choinneail slán i rith na hoíche a bhí thart? Bhí sé greannmhar, ar bhealach, breathnú thart ort, ar uair antráthach sin na maidine, le súil a chaitheamh ar na gasúir óga eile thart ort id’ shuanlios. Dheineadh cuid acu chuile iarracht fad a bhaint as a sheal sa leaba, trí chupla noiméad eile a chaitheamh faoin bpluid, ach bhí fear amháin, ach go háirithe, fear a bhí sa leaba taobh liom fhéin, agus chuirfeadh seisean na cait ag gáire leis na cluichí aite a d’imríodh seisean, chuile mhaidin, le fad a chur lena thréimhse faoin bpluid. Thógadh sé a spléacaí i dtosach, agus dheineadh iad a ghlanadh agus a shnasadh, ansin, thógadh sé chuile bhall éadaigh leis, agus dhéanadh sé iad a scuabadh lena scuab éadaigh, agus ar deireadh thiar, nuair a bhíodh sin uilig críochnaithe aige, thógadh sé a stocaí, agus dhéanadh an cleas céanna leosan freisin. Ar deireadh thiar áfach, ní bhíodh an dara rogha aige ach éirí, agus dheineadh sé sin chomh mall, gearánach, cneadach, agus a d’fhéadfadh sé.

Tháinig mé fhéin isteach ar chleachtas an Choláiste tapaidh go leor, nó i ndáiríre, ní raibh le déanamh ag duine ach léimt as a leaba amach, chomh luath is a chuala sé an clog, agus ansin, d’fhéadfadh sé an chuid eile de ghraithí beaga na maidine a dhéanamh, gan aon ró-stró. Agus bíodh nach raibh aon uisce reatha, nó leictreachas, acu sa Choláiste, nárbh é an scéal céanna againn fhéin é sa bhaile, in Iorras, ag an am sin, freisin.

.

Ní gá dhom a rá, go raibh dath dubh ar ár gcuid éadaigh uilig, taobh amuigh de na léinte. Nárbh ábhar sagairt a bhí i ngach aon duine riamh againn, bíodh nach raibh ionainn ach gasúir. Ach b’in nós na haimsire sin. Sea, mh’anam, cultacha dubha, léinte bána, agus carabhait dubha, ar chuile dhuine riamh againn, agus dá bhfeicfeá muid amuigh ag siúlóid, chuile Dhomhnach, agus muid gléasta inár gcultacha Domhnaigh, agus ceann de na caipíní áiféiseacha, pice, sin, a chaití ag an am sin i gColáistí ardnósacha, buailte anuas ar cheann chuile dhuine againn, cheapfá nach bhféadfadh gasúir dá leithéid, smaoineamh fiú, ar dhiabhlaíocht dhe shaghas ar bith, gan trácht ar í a dhéanamh. Ach mh’anam, go mbeadh breall ort, geallaimse dhuit é!

.

Ach, fillimis ar chleachtas na maidine. Chomh luath is bheadh duine nite, pioctha, cíortha, agus gléasta, thabharfadh sé an tAireagal air fhéin, nó bhí orainn teacht le chéile ansin, ag a leath uair tar éis a sé, ar maidin. Líonadh idir ghasúir agus shagairt, nó ba shagairt iad na múinteoirí uilig, geall leis, líonaidís isteach ina suíocháin, agus arís, bhíodh a ionad fhéin, ina shuíochán fhein, ag chuile dhuine againn. Chuirfeadh sagart ceann ar na paidreacha, agus nuair a bhíodh paidreacha na maidine ráite, bhíodh thart ar leathuair a chloig le caitheamh againn, ag machtnamh, nó ag “meditate-áil”, dúinn fhéin. Ó, a Thiarna, nár dheacair fanacht i do dhúiseacht le linn an mhachtnaimh fhada, chéanna sin. Ach, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, dhéanadh muid an cleachtas sin, agus ansin, ag a seacht a chlog, bhíodh an tAifreann againn, ní gá a rá go mbíodh an tAifreann á léamh sa Laidin, ag an am sin, agus ba ghearr go raibh ar ár gcumas chuile phaidir, agus léamh, acu sin, a léamh agus a rá sa teanga ársa sin. I ndiaidh an Aifrinn, bhíodh tamall gearr againn, le cupla paidir buíochais a rá dúinn fhéin, agus ansin, ag a leath i ndiaidh a seacht, d’fhágadh muid an tAireagal, agus ag an bpointe sin, bhíodh obair tí le déanamh againn, a ghnó fhéin ag chuile dhuine againn. Fear ag scuabadh, agus fear ag snasú, fear ag ní agus fear ag glanadh, fear eile fós ag sciúradh, agus mar sin dúinn, go dtí a hocht, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh tuirse ár ndóthain orainn ag deireadh an ama sin, sea, agus muid stiúctha leis an ocras freisin. Leite, arán agus im, maraon le cupán tae a bhíodh againn don bhricfeasta, chuile mhaidin. Leamh go maith! déarfa, ach geallaimse dhuit é, nach bhfuair muidinne aon blas den bhia céanna sin tur, agus gur chaitheamar chuile ghreim de go buíoch, beannachtach, nó is maith an t-anlann an t-ocras.

.

I ndiaidh an bhricfeasta, bhíodh seal leathuaire againn, le bheith ag spraoi nó ag súgradh. Ba thráth é do chaitheamh aimsire, agus chaitheadh an chuid ba mhó de na gasúir an t-am sin ag siúlóid timpeall, ag caint, is ag comhrá. Ag a naoi, thosaíodh an obair scoile. Mhaireadh na ranganna thart ar chúig nóimead is daichead, agus bhíodh na gnáth ábhair scoile againn. Gaeilge, Béarla, Mata, Stair, Tíreolaíocht, Teagasc Críostaí, Laidin, Fraincis, agus Eolaíocht. Ní raibh rogha ar bith againn, nó bhí ar chuile dhalta na hábhair sin uilig a dhéanamh. B’in an gnáth chlár oibre a bhí leagtha amach dúinn, agus arís, caithfidh mé a rá, gur tháinig mé fhéin isteach ar an obair chéanna sin, tapaidh go leor, agus ba ghearr go raibh mé ag baint taitnimh as chuile rang acu, agus bíodh go dtugtaí an-chuid obair thinteáin dúinn, nó ní raibh ach dhá bhliain againn le cúrsa na Meanteistiméireachta a chríochnú, níor chuir an taobh sin den obair isteach ormsa, a bheag nó a mhór. Agus nach orm a bhí an t-ionadh, agus an mórtas, ag deireadh an chéad téarma sin, nuair a tháinig mé fhéin sa chéad áit, i scrúduithe na Nollag. Uaidh sin amach, bhíos im scolaire cruthanta, agus im mhac díograiseach léinn, chuile bhabhta.

.

Thart ar leath i ndiaidh a dódheag, bhíodh ar lón againn, ní lón a bhí ann, i ndáiríre, ach dinnéar! Bhíodh anraith againn i dtosach, anraith agus arán, agus bhaineadh sin an faobhar dár ngoile! Ansin bhíodh an príomhchúrsa againn.

Céard a hhíodh againn don phríomhchúrsa, an ea?

Bhuel, bhraitheadh sé ar céard a bhí flúirseach acu sa chistin ag an am, ach de ghnáth, gheobhaimis fataí bruite, giota feola, agus ní gá a rá, nár den scoth í an fheoil chéanna sin, agus nár chuala si trácht riamh ar “cordon bleu”, ach oiread, ach b’fhearr ann nó as di, agus chomh fada is a bhain sé linne, ba é a locht a laghad, go minic. Chomh maith le sin, bheadh glasraí de chineál éigin againn, turnapa, gabáiste, biatas dearg, cainneann, nó a leithéid, agus arís, ba mhaith an t-anlann an t-ocras, agus ba bheag den ghlasra sin a bheadh fágtha ar mo phlátasa, ach go háirithe. Dá mbeadh an t-ádh orainn, bheadh anlann eicínt ar an bpláta freisin. Beirt de na mic léinn a dhéanadh an freastal orainn. Ó! sea, agus bhíodh gloine uisce le dul leis an ndinnéar sin, ag chuile dhuine againn. Dár ndóigh, nuair a bhíodh ceann de na Féilte móra á cheiliúradh againn, bhuel, ansin bhíodh buidéal de shú líomóide fágtha ar an mbord do chuile mhac a’ pheata againn! Ní gá dhom a rá, go mbíodh fáilte agus fiche againn roimh shólaistí dá leithéid. Ansin, bhíodh milseog de chineál eicínt againn, le críoch a chur leis an mbéile. Lá amháin bheadh úlla bruite againn, lá eile, glóthach agus custard, ach thar aon rud eile, ba é ba mhinicí mar mhilseog againn nó maróg ríse. Anois bhí cuid de na gasúir thart orm, ag an mbord, roinnt beadaí, agus cleachtadh acu ar chuile shórt beadaíochta sa mbaile, b’fhéidir, agus dá bharr sin, ní leagaidís smut ar na gnáthmhilseoga sin. Anois, níor dhuine beadaí mé fhéin, ag an am, agus bhíodh an oiread milseog le fáil agamsa is a theastíodh uaim, nó shíneadh na buachaillí beadaí sin a milseoga chugamsa. I ndiaidh an dinnéir, théadh muid ar chuairt chuig an Aireagal, agus an salm, De Profundis, á rá againn, fan an bhealaigh. Ar ball, tar éis scathaimh eile ag spraoi dúinn fhéin, thosaíodh na ranganna arís, agus leanaidís go dtí a trí, nó mar sin.

I ndiaidh na ranganna sin, bhíodh obair de chineál eicínt, nó cluiche, b’fhéidir, leagtha amach dúinn, ar a seal. Lá amháin, bheadh muid ag leagan crainn, agus á ghearradh suas le toireasc beirte, sa chaoi go mbeadh connadh againn do thinte an Choláiste. Lá eile, bheadh muid amuigh ag cur bail’ eicínt ar na bóithríní timpeall na scoile, agus lá eile fós, bheadh muid amuigh ag imirt peile, nó iománaíochta, i bpáirc an bháire. Thugadh an tréimhse sin seans dúinn aclú coirp a fháil, agus chuireadh sé bealach ar fáil dúinn le fáil réidh leis an mbreis teaspaigh a bhí ionainn, ag an aois sin. Ar aon chuma, bhíodh goile againn don tae a thagadh ar ball. Arís, ní bhíodh bianna beadaí le caitheamh againn, don tráth sin, ach bhíodh, b’fhéidir, brúitín, maraon le h-arán, margairín agus braon tae. Dheamhan locht ar bith a bhí le fáil agamsa ar an mbia céanna sin, nó nach raibh cogadh mór ag réabadh leis ar fud na hEorpa, ag an am, agus bhí rudaí ag éirí gann, ó ló go ló.

.

Tamall againn ansin le spraoi a dhéanamh roimh dhul ag staidéar dúinn fhéin. Tháinig muid le chéile sa Halla Staidéir, áit a raibh a bhinse fhéin ag chuile dhuine den trí scór againn. Shuíodh an Cinnire ag cúl an staidéir, agus choinníodh sé súil ar chuile dhuine, nó bhí de dhualgas airsean féachaint chuige nach dtógfadh duine ar bith rí-rá, nó raic, le linn an staidéir, agus dá dtarlódh go dteastódh rud ar bith ó mhac léinn ar bith, théadh sé chuig an Cinnire sin, le cead a fháil uaidhsean. Duine dínn fhéin ba ea an Cinnire, dár ndóigh, a roghnaigh na húdaráis don phost sin, toisc go raibh sé staidéartha, intaofa. Bhíodh a dhóthain le déanamh ag chuile dhuine againn lena choinneáil gnóthach go ham suipéir. Bhíodh an obair thinteáin, maraon le cibé léitheoireacht, nó athscrúdú, a bhí le déanamh againn, le críochnú i rith an ama a bhíodh againn sa Halla Staidéir. Gheofá an corrdhalta ag iarraidh úrscéal, nó scéal lorgaireachta, a léamh, os íseal, le linn an staidéir, ach ní bheadh duine ar bith ag iarraidh nuachtán a léamh, nó ní raibh cead againn nuachtán a cheannacht, nó a léamh, fiú na nuachtáin Chaitliceacha!

.

I ndiaidh an staidéir sin uilig, bhíodh muid tuirseach go maith ag a naoi a chlog, agus bhíodh fáilte againn roimh chupán tae agus canta aráin, agus níos fearr fós, i ndiaidh an tsuipéir sin, bhíodh tamall eile againn amuigh faoin aer, ag siúl, nó ag cleasaíocht. Ag deireadh thiar, thart ar a leath i ndiaidh a naoi, thugaimis an tAireagal orainn fhéin, uair amháin eile, lenár bpaidreacha oíche a rá. Ba í an phaidir a bhíodh againn an tráth sin, nó an Paidrín Páirteach fhéin, agus chomh fada agus is cuimhin liom anois, ba sa Laidin a deirimis é.

.

Ar ais linn i ndiaidh na bpaidreacha sin go dtí an Suanlios, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh ár sáith tuirse orainn, tar éis an lae ghnóthaigh a bhí caite againn óna sé a chlog ar maidin. An searmanas céanna arís. Bhí fiacla le scuabadh agus le glanadh, aghaidh le ní, agus báisín le líonadh le huisce i gcóir na maidine. Ansin, an léine oíche sin arís, agus sin uilig gan focal as duine ar bith againn. Nach raibh a leithéid mínádúrtha go maith do ghasúir thart ar cheithre bliana déag d’aois? Ní bhíodh gá le duine ar bith a insint dúinn go raibh sé in am luí, nó thugadh chuile dhuine againn an sop air fhéin, chomh luath géar is a bhí sé réidh chuige, agus minic go leor bhíodh cuid againn inár gcodlach roimh mhúchadh na soilse ag a deich.

.

Bhuel sin agat clár an ghnáthlae i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, Béal an Átha Fhada, Contae Mhaigh Eo, i Meán Fómhair na bliana sin 1940, breis is trí scór bliain ó shoin anois, agus cé gur leadránach go maith an t-ábhar é, ag an am gcéanna, cheap mé gurbh fhiú mo chuimhní ar an ábhar sin a chur ar phár, nó tá mé cinnte nach mbeidh a leithéid ann arís, nó is mór idir inné agus inniu.

Go dtí an chéad uair eile…

Slán…..

.

********************

Peadar Bairéad.

********************

.

.

.

    .

.

Doirse De 1

Eachtraigh dúinn 29 A

.

E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 17

.

.

Tar éis dom mo sheal a chaitheamh in Ospidéal an Mhater, i mBéal Feirste, tugadh cead mo chos dom arís. Ar ball, d’fhill mé ar an gColáiste, agus is cuimhin liom fós, nár thug údaráis an Choláiste cabhair ar bith dom mo bhealach a dhéanamh abhaile ó chathair Bhéal Feirste go Coláiste Dhroim an tSín, i gContae an Dúin, agus tá’s ag an lá anois, nár ró-shláintiúil an áit í, Tuaisceart Éireann, an tráth úd, d’ábhar sagairt ar bith bheith ag guairdeall timpeall, gan fios a bhealaigh, nó tada dá leithéid ar eolas go maith aige, nó bhí na “B Specials” ar an bhfód fós, ag an am, agus is cuimhin liom, go raibh an dorchadas tite, nuair a thuirling mé den bhus, píosa den bhóthar ón gColáiste, bhí seanrothar fágtha ansin, ag stad an bhus, faoi mo choinne. Chuir mé mo mhála beag taistil ar iomparán an rothair sin, agus bhuail mé bóthar.

Ba ghearr gur thug mé faoi deara, go raibh beirt fhear, ar rothair, do mo leanúint. Agus bíodh go raibh mé díreach tar éis an ospidéal a fhágaint an tráthnóna céanna sin, níor chuir sin moill ar bith orm, nó thuig mé, go raibh gá le luas, agus, faoi mar a d’inis mé dhuit cheana, nuair is crua don chailleach fhéin, caithfidh sí rith. Ach, bhí mé breá óg ag an am, agus is féidir leat a bheith cinnte, nár tháinig an bheirt phóilín speisialta sin suas liom, agus mé ag rothaíocht liom, nós an diabhail, uathu, i dtreo an Choláiste. Ar deireadh thiar, d’éirigh liom dul trí gheatai na Cliarscoile isteach. Bhí mé traochta, tuirseach, sáraithe. Ach, thar aon rud eile, bhí mé slán sábháilte.

.

Níl fhios agam fós, céard a tharlódh dá n-éireodh leis na póilíní speisialta, céanna sin, teacht suas liom an oíche sin, ach tá mé cinnte, nárbh é a bhí uathu, fáilte abhaile a chur romhamsa ar ais go Dromantine! Tháinig mé chugam fhéin, de réir a chéile, ach ag an am gcéanna, is féidir leat a bheith cinnte, nach ndeachaigh údaráis na Scoile sin thar fóir, lena gcineáltas, nó lena gcúram!

Sea, agus bíodh gur thaitin chuile chúrsa a bhí idir chamáin againn sa Choláiste liom, ag an am gcéanna, de réir a chéile, bhí strus agus teannas an tsaoil a bhí á chaitheamh againn, ag fáil an láimh in uachtar orm, maraon le cúrsaí pearsanta eile, agus mhothaigh mé, nach raibh mé fhéin chomh sona sásta is a bhínn, i rith na mblianta roimhe sin, agus mé ag ullmhú don tsagartacht. Bhí síolta an amhrais ag cur fréamhacha uathu, os íseal, áit eicínt sa chroí istigh ionnam. Lean mé orm ag staidéar, agus ag déanamh chuile shórt a iarradh orm, ach ar bhealach eicínt, bhí an dé ag dul i léig im’ ghairmse chun na beatha crábhaidh. Bronnadh na Mionoird orm, agus bhí mé ag ullmhú le hOrd an Fhodheagánaigh a ghlacadh, agus gan romham ansin ach bliain amháin eile go ndéanfaí mé a oirniú im shagart.

Ach mar adúirt mé, bhí na síolta úd a luaigh mé, anois beag, ag tosú ag fás is ag dul i méad, agus nuair a chuir mé leosan, amhrais eile a bhíodh am chrá, cupla bliain roimhe sin, tuigeadh dom, nach raibh an dara rogha agam, ach an scéal a phlé lem anamchara. Rinneamar chuile shórt a scrúdú, is a chur trí chéile, agus ba é deireadh an scéil é, nó gur tuigeadh dom, go raibh an t-am tagtha le slán a fhágáil ag na comhleacaithe, ar dhein mé saighdiúireacht leo, thar na blianta fada, agus sleamhnú liom, go deas, bog, réidh, thar nais, le bheith im ghnáth-thuata arís. B’in mar a rinne mé. Caithfear a rá, nach raibh sé éasca, nó bog, an chéim sin a thógáil, nó ba chosúil le teip náireach é, an tráth úd, éirí as na sagairt, le bheith id shagart millte, faoi mar adeirtí ag an am, ach caithfidh mé a admháil anseo gurbh é an rud ba mhó a chabhraigh liomsa an chéim sin a thógáil, nó chomh cabhraitheach, cúntach, tuisceanach, is a bhí mo mhuintir fhéin sa bhaile, sea, agus ba chóir dom muintir mo bhaile uilig, a chur isteach in éindigh leosan, sa mhéid sin.

Ach, sin uilig ráite agam, ní raibh éaló ar bith ó mhéad na céime sin, a bhí tógtha agam. Bhí orm tosú arís, ó bhonn. Bhí orm dul i mbun an tsaoil neamheaglaisigh arís, saol nach raibh cleachtadh ar bith faighte agamsa air. Ní raibh cleachtadh ar bith faighte agamsa ar shaol an tuata, ar dhamhsaí, ar chúirtéireacht, nó ar chéad rud eile nach iad, ach ní raibh an dara rogha agam, ach mo dhícheall a dhéanamh, agus saol nua a chruthú dom fhéin, agus arís, caithfidh mé a rá, go mbeadh sin do-dhéanta, geall leis, mura mbeadh an chabhair agus an cúnamh a fuair mé ó mo mhuintir fhéin, agus ó na comharsana uilig, a bhí thart orm, ag an am, ach beidh tuilleadh le rá agam faoin saol nua sin, amach anseo.

Ach sul má fhágaim mo chur síos ar mo laethe i nDroim an tSín, b’fhéidir gur chóir tagairt a dhéanamh do nós ait a bhí againn sa Chliarsoil chéanna sin. Luaigh mé cheana, an tsuim uilig sin a chuireadh muid sa Ghaeilge féin, bhuel, níor lú ná sin an tsuim a chuirimis i ngnéithe eile den chultúr Gaelach. D’imrímis na cluichí Gaelacha, le fonn, agus chuirimis suim freisin, sa cheol, agus sna damhsaí Gaelacha.

Conas a léirigh muid an tsuim sin, an ea?

Bhuel, sa Choláiste Diagachta sin, go háirithe i gcroí an Gheimhridh, nuair a bhíodh an aimsir dár bpréachadh leis an bhfuacht, agus tá’s ag an Rí fhéin go mbíodh sé feanntach fuar sa dúiche sin, faoi scáth Shléibhte Mhughdhorna. Bhuel, in áit bailiú timpeall tine, fiú dá mbeadh a leithéid de bheithíoch ar fáil, is amhlaidh a bhailíodh muid sa Halla Súgartha, agus chuirtí céilí ar siúl dúinn, agus níl dabht ar domhan, ach go mba bhreá an tslí í sin, le cúl a chur ar an bhfuacht, nó ba ghearr ag gabháil do na rincí Gaelacha muid, go mbímis breá, te, arís, agus bhíomar ag foghlaim na ndamhsaí Gaelacha, ag an am gcéanna. Nár chliste an cleas é, ar bhealach, leis an scil sin a mhúineadh do dhream nach bhfaigheadh aon tslí eile, leis an scil chéanna sin a fhoghlaim.

Cén úsáid a bhaineadh siad as an scil sin, ar ball? Adéarfadh duine b’fhéidir.

Bhuel, nach minic ar na misin a mhúineadh sagairt na damhsaí céanna sin do na leanaí gorma úd, a raibh an oiread sin spéise iontu anseo in Éirinn ag an am, agus i ndáiríre, nár bhreá, sláintiúil, na damhsaí iad, do chine a bhí chomh tugtha sin do rince, agus do rithim, do cheol agus do chuideachta. Dár ndóigh, ní hé mo thuairim, go ligfí d’ábhair sagairt an lae inniu, céilithe dá leithéid a chleachtadh anois.

Tuige? An ea?

Bhuel, is dócha go ndéarfaí, nach raibh céapair dá leithéid oiriúnach d’ábhair sagairt, agus go mbeadh baol ann, go ndúiseodh rincí dá leithéid smaoine gnéasacha iontu, agus i ndáiríre, nárbh fhearr i bhfad dóibh, bheith ag gabháil dá staidéir, nó dá bpaidreacha, ná bheith ag válsáil timpeall dóibh fhéin. Sea, agus b’fhéidir go mbeadh sciorta den cheart acu freisin! Ach, ag an am gcéanna, ba bheag smaointe dá leithéid a bhíodh ag cur as dúinne, na hoícheanta fuara, feanntacha, sin, i gCliarscoil Dhroim an tSín, agus muidinne ag rince linn ar sain ár ndíchill, ag iarraidh cúl a chur ar fhuacht agus ar fheanntacht an Gheimhridh Ultaigh.

Ach ag caint ar na leanaí gorma úd, faoi mar a dhein mé, anois beag, nár mhór go deo an spéis a bhí ag ár muintir sna leanaí céanna sin, i ndachaidí, agus i gcaogaidí na haoise seo caite. Bhíodh ticéid á ndíol, agus damhsaí á n-eagrú, chuile bhabhta, le cabhair a chur ar fáil do na leanaí gorma céanna sin, agus bhíodh bailiúcháin ar siúl, go rialta, ag daltaí scoile na tíre seo, le pingneacha a bhailiú do na leanaí gorma céanna sin. Sea, mh’anam, thugamar grá ár gcroí do na créatúir chéanna sin, ach breathnaigh faoi mar atá an scéal anois. Bhuel, d’fhás na leanaí gorma sin suas, agus anois, tá a gclann siúd, ag iarraidh teacht isteach chugainn anseo in Éirinn na bhfáiltí, le cúnamh agus coimirce a lorg orainn, agus tá mé ag ceapadh, nach bhfuil an grá céanna againn dóibhsean anois, is a bhí ag an nglún a bhí suas ansin, dá dtuismitheoirí. Ach, nach ‘in an saol agat? Tá sé éasca go maith, meas a bheith agat ar an nduine atá i bhfad uait, ach nuair a théann a bhó isteach i do gharraí, bhuel, sin scéal eile ar fad. Ach ní chuige sin atá mé, ach chuige seo…..

D’fhág mé Droim an tSín, agus thug mé m’aghaidh ar an saol mór, mallaithe, a bhí taobh amuigh de na fallaí cráifeacha úd, a chosain mé ó chuile olc spioradálta, suas go dtí an pointe sin, agus mé, ag an am sin, im fhear óg, thart ar chúig bliana fichead d’aois. Bí liom sa chéad chaibidil eile, nuair a dhéanfaidh mé iarracht, ar chur síos a dhéanamh ar an chaoi ar athraigh an saol ar fad dom, agus mé ag iarraidh dul i ngleic leis an saol nua, a bhí le caitheamh agam, uaidh sin amach.

.

.

.

.

.

Doirse De 1

F a i l t e r o m h a t a E a s p a i g

F á i l t e r o m h a t a E a s p a i g .

.

****************************

.

Nach ait an mac an saol! Tá’s agaibh uilig, gur chaith mé fhéin roinnt mhaith blianta ag traenáil le bheith im’ shagart, ach faraoir géar! Níor éirigh liom sa bhfiontar sin. Faoi mar a tharla, is minic a thuigtear dom, na laethe seo, go raibh an t-ádh im’ chaipín, gur mar sin a tharla, nó ní fhéadfadh duine ar bith a rá go bhfuil saol an mhadaidh bháin ag sagairt, nó ag Eapaig, gan trácht in aon chor ar Chairdinéil, na laethe seo. Minic a cheapaim, áfach, dá ndéanfaí mé a oirniú im shagart, sna caogaidi, nach mbeadh fhios ag duine ar bith nach im’ Easpag a bheinn, faoin am seo, nó im Chairdinéal fhéin, fiú Ach ní chuige sin atá mé an babhta seo, ach chuige seo…

Bhí mé im shuí go deas socair, sásta, cois na tine, an oíche cheana. Gloine bheag ar bhoirdín taobh liom. Nuachtán á léamh agam, – an People, cad eile,- nuair a bhain cling ghéar an telefóin stangadh asam. D’éirigh mé de phlimp, agus thug aghaidh ar an ngléas preabach, torannach, do-chiúinithe sin. Thóg mé an glacadóir im láimh.

“Peadar Bairéad anseo” arsa mé fhéin, agus mé ag iarraidh a thabhairt le fios, nach raibh aon ró-fhonn cainte orm, ag an am.

“Comhghairdeas ó chroí leat, ach bhí fhios agam, i gcónaí, go raibh an t-ardú céime sin i ndán duit. Is dócha gur chóir dom rud eicínt sa Laidin a rá, ar ócáid stairiúil mar í seo, rud eicínt cosúil le….Ad multos annos…nó rud eicínt dá leithéid, ach tá’s agat nach raibh an Laidin chéanna riamh ar bharr mo ghoib agam, agus nach iomaí buille a buaileadh orm dá bharr sin, sa chliarscoil, fadó.”

“Gabh mo leithscéal, nóiméad amháin,” arsa mise, “ach chaill tú mé, scathamh ó shoin. Ní thuigim faoin spéir anuas, céard tá idir chamáin agat. Chomh fada is a thuigimse cúrsaí, níor éirigh liomsa tada a chur i gcrích, le tamall maith anuas, arbh fhiú comhghairdeas de chineál ar bith a dhéanamh liom dá bharr. B’fhéidir go míneofá an scéal ait seo dom, led’ thoil, agus munar mhiste leat?”

“Fair Play dhuit, a Pheadair, ach níor chaill tú riamh é! Ba dhuine umhal, discréideach, thú, chuile lá riamh. Ag magadh fúm atá tú, nach ea?”

“Diabhal magadh, nó chuid de mhagadh, atá i gceist agam, ach mé lom dáiríre.”

“Ach, nuair a bhí aithne agamsa ort, bhí tú ag staidéar le bheith id’ shagart, agus bhí tú i mbun an ghnó sin nuair a d’fhág mise an Chliarscoil, agus nuair a chuala mé gur oirníodh, nó gur toghadh, Peter Barrett ina Easpag ar dheoiseas Osraí, dúirt mé liom fhéin, go gcaithfinn glaoch ort, agus d’ardú céime a thréaslú leat, rud a dhéanaim anois, le fonn.!

“Ach, a chara na gcarad,” arsa mé fhéin leis, níl sa Peter Barrett sin, a oirníodh ina easpag, ach fear óg, áit a bhfuilimse bunaosta go maith, faoin am seo, agus chomh maith le sin, is Caitliceach Rómhánach mé fhéin, agus is ball d’Eaglais na hÉireann, an fear eile sin”

“Bhuel, féach ar sin anois, arsa mo dhuine, agus mise lán-chinnte gur tusa a bhí i gceist, agus go raibh an easpagóideacht sroichte agat, ar deireadh thiar, agus chomh maith le sin, bhí mé lán-chinnte, go raibh a leithéid de phost tuillte agat, nó bhí ábhar Easpaig ionat ón gcéad lá riamh a casadh ormsa thú.”

“Plamás, bladar, agus béal bán,” arsa mé fhéin, ach ag an am gcéanna, is dócha go raibh fonn freisin orm glacadh leis an mbéal bán céanna sin, nó déanta na fírinne, ba mhinic a smaoinigh mé, gur mhaith liom bheith im Easpag. Nár bhreá a thagadh éide agus hata ard, nó mítéar, an easpaig liom, agus nár mhaith liom freisin, bheith ag tabhairt mo bheannacht do dhaoine a thagadh chugam dá lorg.

“Ach anois,” arsa mé fhéin, “ná síl nach bhfuil mé sásta leis an moladh go léir sin uait, nó tá, ach tá faitíos orm, go bhfuil sé i bhfad ró-dhéanach anois le hEaspag a dhéanamh díom!”

“Fastaím!” arsa mo dhuine, “Ach má deir tú liom nach tusa an Peter Barrett sin ar deineadh Easpag de, ar na mallaibh, bhuel, maith dhom an tuaiplis, ach ní le drochchroí a rinne mé é.”

“Níl tada le maitheamh agam,” arsa mé fhéin, “agus tá’s agam go rí-mhaith, gur le deachroí a rinne tú é, agus tá mé fíor-bhuíoch díot, nó thóg tú mo chroí, ar feadh meandair ansin.”

“Slán agat, anois, agus go maire tú an céad.” arsa mo dhuine, sular chroch sé suas an fón.

“Slán, agus beannacht” arsa mé fhéin, agus mé ag fágáil slán easpagóideach leis

.

Bhuel, ní raibh sa mhéid sin ach tús tuile, nó ar feadh an chuid ba mhó den lá dár gcionn, ba bheag sos a fuair an fón s’againne, ach daoine ag glaoch orm lem’ ardú céime a thréaslú liom. Anois, caithfear a admháil anseo, gur le magadh a deineadh cuid de na glaonna telefóin céanna sin, agus bí cinnte, gur bhain mé fhéin spórt agus spraoi astu, ach bhí roinnt mhaith eile, agus iad lom dáiríre, agus áthas an domhain orthu, gur bronnadh Easpagóideacht Osraí ormsa, ar deireadh thiar, tar éis na mblianta uilig a bhí caite agam ag saothrú sa taobh seo tíre, ach dár ndóigh, ag an am gcéanna, is maith a thuig roinnt mhaith acu nach i gcónaí a fhaigheann duine a dtuilleann sé! Ach, ba é an glaoch ba mhó a bhain stangadh asam, nó an ceann a tháinig chugam, le coim na hoíche, nuair nach raibh críostaí anseo sa teach in éineacht liom.

“Heileo!” arsa an guth strainséartha, tuaisceartach, ar an nguthán.

“Heileo!” arsa mé fhéin mar fhreagra air.

“Tusa an Bairéadach, an ea?”

“Mise an Bairéadach, gan dabht ar domhan.” arsa mé fhéin.

“An tú, Peter Barrett a rinne freastal ar Choláiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada, sna daichidí?” Arsa an guth ait sin arís.

“Is mé.” arsa mise arís, agus m’fhiosracht múscailte go maith aige, faoin am seo.

“Ba chóir go mbeadh náire ort, a chladhaire,” arsa an guth arís. Níor chreid mé go ndéanfá a leithéid riamh orainn.”

“In ainm an Rí, céard tá déanta agam anois? Nó céard a cheapann tú a bheith déanta agam?”

“Tá seo, gur iompaigh tú id Phrotastún, agus gur thréig tú an eaglais s’againne, ar mhaithe le post breá bog a bhaint amach duit fhéin, san eaglais eile sin, agus dár ndóigh, ní tusa an chéad fhile Gaelach riamh a ghlac an ‘Súp’, agus is dócha nach tú an duine deireannach díobh ach oiread. Nach ag an seandream a bhí an chiall, nuair adeiridís, nach raibh filí le trust”

Agus b’in a raibh le rá aige. Chroch sé a thelefón suas, ag an bpointe sin, agus d’fhág mise ansin, im staic, ag breathnú ar an nglacadóir balbh im láimh.

“Oíche mhaith agat” arsa mé fhéin, sular chroch mé fhéin suas an telefón a bhí fós ansin i mo láimh agam.

Anois, a léitheoir, níl mé ró-chinnte gur tharla mar a léigh tú thuas, nó nár tharla, agus, b’fhéidir nach bhfuil ann ach Fiannaíocht ghlan, nó samhlaíocht bhuile, ó thús deireadh, ach, ag an am gcéanna, tharlaíonn rudaí i bhfad níos aite ná sin sa saol thart orainn, lá i ndiaidh lae. Agus bíodh sé fíor, nó bíodh sé bréagach, nach cuma, i ndáiríre, nó is féidir liomsa úsáid a bhaint as an bpíosa cainte sin mar réamhrá don bhfáilte fhial a chuirimse roimh an Easpag Peter Barrett go hOsraí. Go maire sé a nuaíocht, agus go gcuire Dia rath ar a chuid oibre, agus tá mé cinnte, go nglacfaidh pobal Osraí leis mar theachtaire Dé ina measc. Comhghairdeas ó chroí leat a Easpaig, agus do chéad fáilte isteach.

.

.

*******************

Peadar Bairéad.

(Peter Barrett.)

*******************

.

.

.

Doirse De 1

Fómhar lom liath

Fómhar lom liath .

Dathanna Fómhair dom mheisciú,

Lena n-ór, lena ndonn ‘s lena mbuí,

Ach ólaimse áilleacht tírdhreacha

As soitheach lán bua is brí.

.

Crann thall ag baint de go modhúil,

Is a snáitheanna á ligean ar lár,

Deargtha suas leis an náire,

Tráth a lomtar a ghéaga os ard.

.

Crann eile imithe ar an bhfoscadh,

Le folach na mball a choinneáil,

Ach lomann neamhthrua an tseaca

A ghéaga ‘tá slíoctha gan smál.

.

Gáireann síorghlasa gan trua

Faoi chruachás fuinseoige is coill,

Nó ní chailleann siadsan fiú duille,

Is ní lomann siad géag fiú, nó baill.

.

Nochtaítear neadracha préachán,

Is fágtar na colúir gan scáth,

Réabann an ghaoth thrí na géaga

Trí thearmann na snag is na gcág.

Ach tuigtear dúinne, clann Éabha,

Nach buan é lomadh na ngéag,

Mar fásfaidh arís chugainn na duillí,

Is canfaidh arís dúinn na héin.

.

Níl ann ach uainíocht na séasúr,

Ó cheann ceann na bliana go buan,

Mar fillfidh chugainn cibé atá caillte,

Is fásfaidh a bhfuil feoite athuair.

.

***************************

   .

.

gaGaeilge