le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Laochas, calmacht, agus dáiríreacht, i gcroí na n-imreoirí
(Iománaí ar an gClaí ?)
.
Peadar Bairéad
(This week let us bask in the glow of a great hurling experience)
Domhnach a’ Bháire
Anois, agus muid ag fanacht go foighdeach le cluichí iomána na bliana seo chugainn, ba mhaith liom súil a chaitheamh siar ar chluiche a chorraigh mo chroí……
A leithéid de chluiche! A leithéid de chomórtas! Annamh a chonaic mé cluiche chomh corraitheach, chomh spreagúil leis. Ar an deichiú lá de Lúnasa 2014 a tharla an cluiche sin, i mbabhta Leathcheannais san Iomáint, do bhliain sin ár dTiarna 2014. Iománaithe Luimnigh agus iománaithe Chill Chainnigh a rinne an lascadh agus an léasadh, an lá cinniúnach sin. Bí ag caint ar chluiche! Bí ag caint ar aimsir! Bí ag caint ar chalmacht! An bhfuil an dara cluiche á imirt ag daoine, áit ar bith faoi’n mbith bhán, a d’fhéadfadh an craiceann a chorraí ar chúl do mhuinéil, faoi mar a dhéanann cluiche iomána dá leithéid? Bhí mé fhéin ag seanmóireacht liom sa cholún seo, le blianta beaga anuas, faoi mhacántacht an spóirt inár gcluichí, mé ag moladh ghlaineacht an spóirt agus cead a thabhairt don imreoir a scil iontach a léiriú don lucht féachana, ach sílim nár réitigh cluiche an Domhnaigh seo caite leis an dearcadh a bhí agam ar chluichí, agus ar spórt amaitéireach. Caithfidh mé a admháil áfach, gur chuir an Cluiche Leathcheannais, atá idir chamáin agam anseo, gur chuir sé deireadh le mo dhearcadh ar an iomaint, nó níor ghnáthchluiche iománaíochta a imríodh os ár gcomhair an lá sin, ach báire na fola, imeartha idir dhá fhoireann laochra. Thaitin an cluiche sin thar na bearta liom fhéin, bíodh go ndeachaigh an imirt agus an iompar thar theorainneacha an spóirt, corruair, faoi mar a chonacthas domsa é. Ligeadh srian le chuile orlach calmachta a bhí cuachta suas i gcroí agus i meanmna na n-imreoirí. Léim siad isteach go neamheaglach, misniúil, i mbearnaí an bhaoil, gan eagla, gan faitíos, sa chaoi gur léirigh siad don lucht féachana, spiorad agus anam iontach an Ghaeil, faoi mar a thug a gcluichí deis dóibh sin a chleachtadh. B’fhéidir nár mhaith liom bheith ag breathnú ar chluiche dá leithéid chuile lá, ach gan dabht ar domhan, ba mhór an tógáil croí dom cluiche dá leithéid a fheiceáil, corruair, le spiorad agus anam an Ghaeil a chur ag rince ar lic os mo chomhair amach.
Cúchulainn Óg
Agus mé ag breathnú ar an gCluiche Leathcheannais úd, ar Dhomhnach a’ Bháire, d’éalaigh mo smaointe siar thar na blianta, siar go dtí an saol a léiríodh dúinn sna seanscéalta, a tháinig anuas chugainn trí scéalta na Rúraíochta agus trí eachtraí na Fiannaíochta. Chonaic mé Cúchulainn óg ar a bhealach go dtí Dún Chonchúir Mhic Neassa agus a Chraobh Rua, fadó, fadó, a chamán is a shliotar á oibriú aige le scileanna corraitheacha an iománaí shnasta, agus ansin nuair a shroich sé Eamhain, áit a raibh ógra na Craoibhe Rua ag imirt leo, agus ghlac an Chú óg páirt sa chluiche sin, agus is féidir a bheith cinnte nár mar dhuine-uasailín a d’imir sé, ach mar a d’oir do laoch óg. Ní dóigh liom, ach oiread, gur chuir rialacha ar bith laincis ar a dhúil, nó ar a mheanmna, agus é ag lascadh agus ag bualadh roimhe agus ina dhiaidh, go dtí go raibh bua bainte.
B’in iad na híomhánna a chonaic mé ar scáileán mo shamhlaíochta, agus cluiche an Domhnaigh sin á imirt. Bhí laochas, calmacht, dáiríreacht, agus macántacht, ag baint na sál da chéile san imirt, fad a bhi na laochra úd ag scaoileadh srian lena scileanna iománaíochta, lena Rí agus a Lucht leanúna, a chur faoi gheasa, lena máistreacht ar scileanna an chamáin chaim, agus lena misneach dochloíte, a léiriú dóibh.
Fillimis ar chluiche an lae inniu.
Ní gá tuilleadh a thochrais ar an gceirtlín sin. Leor a rá, gur chuir an Cluiche Leathcheannais úd mise faoi gheasa, sa chaoi gur dhein mé dearmad glan de rialacha an chluiche nua-aoisigh, agus ar choimhlíonadh cruinn na rialacha céanna sin, ar pháirc ghlórmhar na himeartha. Níl dabht ar domhan ach gur chabhraigh fíochmhaireacht na haimsire agus géire nimhneach na sceana gréasaí a scaoil an doineann leis na himreoirí calma, gur chuir sin uilig le draíocht doilfe na hócáide. Ach sin uilig raite, tuigthe, agam, ba mhaith liom a dhearbhu gur chóir filleadh ar an saol mar atá, agus deireadh a chur le brionglóidí tarraingteacha, a bhfuil a seal tugtha le fada an lá. Caithfimid imirt feasta de réir rialacha an chluiche, faoi mar atá leagtha amach, sa lá atá inniu ann.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
L u a s a r B h ó i t h r e !
.
**************************
.
Nach mór go deo idir inné agus inniu! Ba bheag trácht a bhí ar luas ar bhóithre nuair a bhí mise ag fás suas in Iorras na nIontas, breis is trí scór bliain ó shoin anois. Capall, cú, nó giorria, na beithigh a rithfeadh linne agus muid ag samhlú luas thar na bearta, dúinn fhéin, an tráth úd, agus le fírinne, ba bheag cur isteach a dhéanadh fear ar bith den triúr sin orainne, nó ní raibh capaill ráis, nó cúite, chomh flúirseach sin i measc na cosmhuintire, ag an am, agus téadh an giorria ag feadaíl, nó ba bheag dochair a d’fhéadfadh seisean a dhéanamh dúinn. Ceart go leor, bhí cupla feithicil le hinill dócháin inmheánaigh iontu, sa timpeall, ach ní dóigh liom, go gcuirfeadh sé aon ró-stró ar chapall ar bith, gan trácht ar chapall ráis in aon chor, coinneáil suas le ceachtar acusan. Sa lá atá inniu ann áfach, is earra marfach, amach is amuigh, é an luas céanna sin, agus tá an cine s’againne ag dul as a gcrann cumhachta ag iarraidh taisteal níos tapúla, agus níos tapúla fós. Tá sin go breá, ach nuair a smaoiníonn tú ar na feithicil atá cumtha acu don taisteal, sa lá atá inniu ann, ansin tuigfidh tú an dochar a d’fhéadfadh fear de na feithicil sin a dhéanamh, nuair a théann sé ó smacht.
Ní chreideann tú mé, an ea?
Bhuel, níl le déanamh agat ach dul amach ar na bóithre s’againne, lá ar bith, agus feicfidh tú na gluaisteáin, na busanna, agus na leoraithe, gan trácht in aon chor ar na rothair ghluaiste, agus iad faoi mar a bheidís in iomaíocht lena chéile, iad ag iarraidh an bhearna a bhaint dá chéile, iad ag iarraidh an fear maith a fháil ar a chéile, nó is cosúil le cluiche báis nó beatha an cluiche atá idir chamáin acu, amuigh ansin ar bhóithre na Banban. Ní gá dom pictiúr a líniú duit ar an toradh a bheadh ar phléascadh boinn, ar mhiogarnach neamhbheartaithe, ar shraoth gan choinne, ar bheach gan chuireadh, nó ar thada ar bith eile dá leithéid sin, go háirithe, nuair atá tú ag caint ar luas thart ar ochtó, nó nócha, míle san uair a chloig.
.
Ach, adéarfadh duine, b’fhéidir, níl luas dá leithéid ceadaithe ar ár mbóithre, anseo i dtír seo na nÉireann.
Fíor dhuit, a mhac! níl luas dá leithéid ceadaithe ar bhóithre na Banban, ach ní hionann sin is a rá nach dtéann gluaisteánaithe áirithe ar na luasanna sin. Níl le déanamh ag duine ach dul amach ar na bóithre sin, agus tabharfaidh sé fhein faoi deara, nach dtugann daoine áirithe aird dá laghad ar an teorainn luais. Má dhéanann tú fhéin iarracht ar fanacht taobh istigh dár dteorainneacha luais, is beag nach séidtear den bhóthar thú, nuair a réabann gluaisteánaithe áirithe tharat. Minic a iompaionn siad thart, le radharc ceart a fháil ar an tseilide de thiománaí, nach bhfuil de luas faoi ach an seasca míle san uair! agus bóthar breá, leathan, folamh, os a chomhair amach. Sea, mh’anam, agus seans freisin, go dtabharfadh sé comhartha na méar dhuit, lena dhrochmheas a chur in iúl dhuit. Nach é an scéal céanna é ar shráideanna ár mbailte, agus ár gcathracha? Meas dá laghad níl ag cuid acu ar na teorainneacha luais atá i bhfeidhm ar na sráideanna céanna sin.
.
Ach, b’fhéidir go ndéarfá liom, gur scríobh mé sa cholún seo, anuraidh, go raibh feabhas ollmhór tagtha ar bhéasa bóthair ár dtiománaithe, le tamall anuas.
Admhaím gur scríobh mé a leithéid, anuraidh, ceart go leor, ach má scríobh, geallaimse dhuit é, go raibh sin fíor, ag an am. Bhí feabhas iontach tagtha ar bhéasa na ngluaisteánaithe, an t-am sin. Choinnigh a mbunús an teorainn luais, agus lena chois sin, thiomáin siad go ciallmhar, cúramach, comharasanúil, sa chaoi go mba phléisiúr é bheith amuigh ar na bóithre, in éindigh leo. Ach le tamall anuas, thug mé faoi deara, go raibh na dea-bhéasa sin imithe le gaoth, imithe mar a d’imigh an sneachta a bhí ann anuraidh, agus tá faitíos orm, nach bhfillfidh siad arís, mura múintear fios a mbéas dóibh, agus sin go luath, nó má leantar ar aghaidh, faoi mar atá cúrsaí, i láthair na huaire seo, raghaidh uimhir na dtionóiscí tríd an díon, amach anseo.
Ach céard is féidir linn a dhéanamh, leis an scéal seo a leigheas?
.
Cibé rud is féidir linn a dhéanamh leis an scéal seo a leigheas, caithfear a admháil i dtosach báire, nach bhfuil ag éirí le cibé rialacha atá i bhfeidhm againn i láthair na huaire seo leis an ngnó sin a dhéanamh. Is dócha nach bhfuil aon mhaith bheith ag iarraidh ar dhaoine dlithe an bhóthair a choimeád, faoi mar a bheifeá ag súil go gcoimeádfadh saoránaigh mhaithe iad. Agus ó tharla gur mar sin atá, caithfear úsáid a bhaint as an mbata, in ait na meala.
Cén bata, an ea?
Bhuel, caithfear cór speisialta tráchta a bhunú, leis an ngnó a dhéanamh, ó tharla nach bhfuil a ndóthain ama, nó ball, ag an nGarda Síochána, leis an mbeart a dhéanamh dúinn. D’fhéadfadh an cór sin cúram a dhéanamh de thrácht na tíre seo, ionas go mbeadh ar a gcumas, rialacha an bhóthair, maraon le teorainneacha luais, a chur i bhfeidhm, ó cheann ceann na tíre seo. D’fhéadfadh siad úsáid a bhaint as chuile ghléas is nua-aimseartha ná a chéile, chuige sin. Geallaimse dhuit é, gur ghearr go mbeadh cúrsaí faoi mar a d’iarrfadh do bhéal fhein iad a bheith, dá gcuirfí beart dá leithéid i gcrích. Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, ní féidir leis na gardaí bheith i ngach áit ar fud na tíre, i mbun an ghnó sin, nuair atá orthu a n-aird a dhíriú ar dhlithe uile na tíre a chur i bhfeidhm. Agus arís, cad is fiú ceamara a shuíomh anseo is ansiúd le teacht ar lucht briste rialacha an bhóthair? Go háirithe, má chuireann tú fógra suas, ag insint don saol mór, go bhfuil an ceamara sin suite ag an bpointe áirithe seo, nó ag an ionad áirithe úd eile! Má theastaíonn uainn teacht aniar aduaidh, ar lucht briste na dteorainneacha luais, nó ar lucht sáraithe rialacha an bhóthair, ní dóigh liom gur chóir dúinn clog a chur ar an gcat bocht, ach is amhlaidh a caithfimid úsáid a bhaint as ceamaraí ceilte. Sin iad na “leaids” a chuirfidh stop lena srianta scaoilte, geallaimse dhuit é!
.
Ar thug tú faoi deara, go bhfuil rampaí ag fás chomh tapaidh le miosarúin ar bhóithre ár mbailte, agus ár gcathracha, na laethe seo?
Thug, mh’anam, agus geallaimse dhuit é, nach dtaitníonn na rampaí céanna liom, olc maith nó dona.
Ach nach n-éirionn leo srian a chur ar luas na ngluaisteánaithe, thart ar ár sraideanna? Agus nach maith an rud é sin, go háirithe, fan na sráideanna mar a bhfuil cónaí ar dhaoine?
Ó, tagaim leat sa mhéid sin, éiríonn leo teorainn luais a chur i bhfeidhm, agus chaithfeadh duine a admháil, gur maith an toradh é sin ar na rampaí úd, ach má bhreathnaíonn tú ar an dtaobh eile den scéal, feicfidh tú nach bhfuil ann ach an bealach leisciúil le dlí a chur i bhfeidhm.
Conas a dhéanann tú sin amach?
Bhuel, ritheadh an dlí le teorainneacha áirithe luais a chur i bhfeidhm ar shráideanna ár mbailte, agus ár gcathracha. Anois, ar thiomáin na gluaisteánaithe taobh istigh de na teorainneacha sin? Bí cinnte nár thiomáin. Agus ar deineadh chuile iarracht ansin, iachall a chur orthu, glacadh leis na rialacha sin? Rinne na gardaí a ndícheall leis na teorainneacha luais sin a chur i bhfeidhm, ach nuair a tugadh lucht briste na dteorainneacha céanna os comhair na cúirte, níor gearradh ach fíneáil beag orthu, sa chaoi gur tuigeadh do lucht briste na rialacha sin, nár fál go haer é, dá mbéarfaí orthu, nó gurbh fhiú an tairbhe an pionós. Ach dá ngearrfaí fíneáil sách trom orthu, bheadh scéal eile ar fad againn anois, agus ní bheadh aon ghá le rampaí a chur ar bhóithre, nó ar shráideanna nach raibh thar mholadh beirte, cheana féin. I ndáiríre, nach bhféadfadh duine a rá, nach raibh sa teorainn luais, a chéaduair, ach fastaím, agus fastaím gan chúis, nó dá gcuirfí na rampaí ansin, a chéaduair, ní bheadh gá leis an dteorainn luais in aon chor, má thuigeann tú leat mé! Agus má bhreathnaíonn tú air, ó thaobh eile fós, feicfidh tú nach bhfuil ann ach pionós a ghearradh ar chuile ghluaisteánaí, toisc go bhfuil mionlach beag ag briseadh an teorainn luais, agus caithfidh tú a admháil, gur baolach ar fad an beithíoch é an rampa céanna sin, agus dá dtiocfá ar cheann acu gan choinne, geallaimse dhuit é, go mbainfeadh sé stangadh asat fhéin, agus as do ghluaisteán bocht, ag an am gcéanna. N’fheadar an mbeadh cúis dlí ag duine i gcoinne na Comhairle Áitiúla, i gcás dá leithéid? Bheinn fhéin den tuairim go mbeadh! Agus arís, nach dona an scéal é, go gcaithfidh na Comhairlí Áitiúla a mbóithre, agus a sráideanna, a mhilleadh ar an mbealach sin, ar mhaithe le ceacht a mhúineadh do chupla áilteoir. Nárbh fhearr i bhfad iadsan a chur ó bhaol, in áit nach mbeadh ar a gcumas feasta dochar a dhéanamh do dhuine ar bith.
.
Nach é an scéal céanna é i gcás na gcuaillí sin a tógadh ar thaobh na dtaobhchasán, le tamall anuas. Nach amhlaidh a chuirtear ansin iad le bac a chur le gluaisteánaithe ionad páirceála a dhéanamh den dtaobhchasán? Nárbh fhearr, i fhfad, an dlí a chur i bhfeidhm, agus na taobhchasáin a fhágáil slán.
.
Rud amháin eile a thagann idir me fhéin agus codladh na hoíche isea na clampaí úd, a fháisctear ar rothaí na ngluaisteán a fhaightear páirceáilte, in áit a bhfuil páirceáil crosta ar ghluaisteánaithe. Nach é an scéal céanna arís é? Nárbh fhearr an dlí a chur ar na daoine a bhriseann an riail sin, agus gan iachall a chur air freisin, a ghluaisteán a shaoradh ón lucht clamptha. Is bróch go deo an nós é, nós úd an chlamptha, agus cothaíonn sé fuath bóthair, agus drochfhuil, i measc gluaisteánaithe, frí chéile, nuair a fheiceann siad a leithéid ag tarlú.
Ach b’fhéidir go bhfuil mo sháith ráite agam don bhabhta seo.
Mar sin, go dtí an chéad uair eile….
Slán….
********************
Peadar Bairéad.
********************
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Leabhar spéisiúil
The Things We Know Now..by..Catherine Dunne
Seo leabhar ar tháinig mé air de thaisme, ar na mallaibh. Ní hé seo an chéad leabhar ón údar cáiliúil, Áth Cliathach, seo, Catherine Dunne, nó tá naoi n-úrscéal curtha ar fáil aice, agus tá cáil idirnáisiúnta bainte amach aice lena saothar, cheana fein. Úrscéal, bunaithe ar shaol clainne, atá againn anseo, clann atá scoilte ag easaontais, agus atá, ag an am gcéanna, aontaithe ag coraí crua an tsaoil anróitigh seo. Thaitin an scéal go mór liom, agus thaitin cur chuige agus stíl an údair liom freisin. Is dócha gurb é, Patrick Grant, príomhcharactar an scéil seo. Féach mar a chuireann an t-údar in aithne dhúinn é, agus mar a chuireann sí tús lena scéal, ag an am gcéanna :-
Today, Thursday 21st March, 2013, is my seventy-fourth birthday. Three and a half years have passed since Daniel left us. Three years and six months, almost to the day.
Cuimhní cráite
Sea, nach glas fós é cuimhne Phádraig ar bhás a mhic, Daniel, agus sin an fáth go músclaítear ár bhfiosracht i dtús an scéil, agus nádúrtha go leor, teastaíonn uainn a fháil amach, tuige a bhfuil a chuimhne chomh glas sin? agus céard a tharla dá mhac? Ach le fios fátha an scéil sin a fháil amach, tá orainn dul siar ar chúrsaí saoil Phatrick. Mar a fheiceann muid san athlua sin, tá Patrick anois imithe anonn go maith sna blianta, nó tá ceithre bliana is seachtó ar an gclog aige. Phós sé Cecilia, agus bhí triúr iníon mar chúram orthu, ach tar éis blianta fada a bheith caite acu i bhfochair a chéile, thosaigh Patrick ag breathnú ar na cnoic i bhad uaidh, agus tuigeadh dó, go mba ghlaise iad ná na cnoic abhus. Ar Janet a chaith sé súil, agus chaith seal faoi gheasa aice. Fuair Cecilia amach gur mar sin a bhí, agus níor thaitin sin lei, nó lena n-iníon, Rebecca, ach d’éirigh leis an t-easaontas sin a leigheas, agus chuaigh cúrsaí i bhfeabhas, ar feadh tamaill, ach ansin, mar bharr ar gach anachain, fuair Cecilia bás agus fágadh Patrick leis fhéin. Bhí droch bhail air ar feadh scathaimh, ach chabhraigh, Ella, saineolaí sna cúrsaí sin, go mór leis, Ar ball, phós sé Ella, agus bíodh go raibh Rebecca go mór i gcoinne an phósta sin, go háirithe ó tharla go raibh scór bliain ag Patrick ar Ella. Ar ball áfach, nuair a rugadh mac, Daniel, dóibh, tuigeadh dóibh go raibh an saol ar a dtoil acu.
Faltanas curtha ar gcúl
D’éirigh go seoigh leo, ar feadh roinnt ama, ach nuair a bhí Daniel ceithre bliana déag d’aois, chuir sé lámh ina bhás fhéin, agus fágadh a mhuintir croíbhriste, buartha, brónach. Is dócha go bhféadfá a rá, gur chuir an bhuairt sin go léir cúl le faltanas Rebecca freisin, mar ní tráth faltanais é tráth géibhinn. Bhí ceist le scaoileadh ag Patrick agus ag a mhuintir faoi chúis bháis Daniel, agus chaith Patrick agus a bhean, Ella, a ndúthracht ag iarraidh teacht ar fhreagra na ceiste céanna sin. Anois, níl fúmsa fuascailt na faidhbe sin a chur ar phár dhuit anseo, ach b’fhéidir go maithfí dhom é, dá dtabharfainn leide don léitheoir anseo, agus dá gcaithfinn an focal ‘bullaíocht’ isteach sa mheascán anseo, tá mé cinnte, go dtuigfeadh fear léinn leathfocal, agus gur leor nod don eolach. Thuig Patrick fhéin an scéal go maith, nó chuir seisean aithne ar bhullaithe agus ar bhullaíocht, le linn dósan bheith ag dul ar scoil, leathchéad bliain roimhe sin.
Bain triail as, agus tuigfidh tú fhéin céard tá idir chamáin agam.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
An Monsignor Tommy ar lár
Peadar Bairéad
Mothóimid uainn é
Tháinig mé fhéin go Cill Chainnigh a chéaduair tar éis dom a bheith ceaptha mar mhúinteoir i gColáiste Chiaráin, sa bhliain 1966, agus b’in mar a tharla gur chuir mé aithne i dtosach ar an Athair Tommy Maher, faoi mar a bhí sé an tráth sin, agus bíodh gur chuir mé suim agus dhá shuim, sna cluichí náisiúnta, roimhe sin, b’fhada ó chamáin agus ó shliotair a rugadh agus a tógadh mé fhéin in Iorras thiar, ach ba ghearr i gColáiste Chiaráin mé go raibh mé faoi gheasa ag scil agus ag luas na hiománaíochta, agus bíodh go raibh orm tosú arís i mbun mo cheirde, agus cé go raibh orm aithne a chur ar idir mhúinteoirí agus dhaltaí, ní fhéadfainn éaló ó dhraíocht, nó ó gheasa an chamáin, a bhí le mothú chuile áit thart orm, ag an am.
Ceapadh an tAthair Tommy mar mhúinteoir sa Choláiste, sa bhliain 1953, tar éis dó seal a chaitheamh ag obair in Ard-deoise Átha Cliath tar éis a oirnithe, sa bhliain 1948, ach chomh maith le sin, ba é a d’adhain tine an ghrá don iomáint imeasc daonra an Choláiste ag an am gcéanna. Dá chomhartha sin, d’éirigh le foireann iomána an Choláiste Corn an Chrócaigh a bhuachan, sa bhliain 1957, agus arís sa bhliain 1959. D’éirigh leo freisin é a bhuachan roinnt blianta eile idir sin agus an bhliain 1983, nuair a d’fhág draoi an chamáin fhéin an Coláiste le post nua mar shagart paráiste a ghlacadh i Muileann a’ Bhata. Ní gá a lua anseo, an bhaint a bhí aige le Foireann Sinsir Chill Chainnigh, mar ar fheidhmigh sé mar thraenálaí foirne, ar feadh bliain is fiche, nó tá fhios ag madraí an bhaile fhéin, – gan cait an bhaile a lua in aon chor,- faoina éachtaí sa ghort céanna sin.
Dualgas Ghiolla na mBróg
Bhí ard-mheas ar an Athair Tommy mar mhúinteoir matamaitice, mar déan, agus mar uachtarán i gColáiste Chiaráin, ach dá éagmais sin ar fad, níor dhuine ardnósach é in aon chor, agus le linn a shaorama, chuile sheans go bhfeicfeá é i mbun poistíneachta eicínt. Is cuimhin liom ócáid amháin, tar éis dom a bheith ceaptha mar Leas–ardmháistir, gur chuir mé ceist air faoi dhualgaisí an phoist sin. Ba é a mhol sé dom nó súil in airde a bheith agam i gcónaí, agus rud ar bith a fhágfai gan déanamh, a dhéanamh. Ba ansin a thuig mé meon agus cleachtadh an uachtaráin fhéin, sé sin, gnó ar bith a fágadh gan déanamh, a dhéanamh. B’in é dualgas an ‘Boots’ i dTeach Aíochta! Ní raibh éirí in airde ar bith ag baint le Tommy, faoi mar a thugtaí air coitianta, nó ba dhuine umhal, cráifeach, comharsanúil é, chuile lá riamh. Mothóimid uilig uainn é sna bólaí seo, mar dhuine, mar chríostaí umhal, mar iománaí oilte, cliste, agus mar Chill-Chainneach dílis, agus ar deireadh thiar, mar shagart cráifeach, ar bronnadh an teideal measa úd, Monsignor, air. Mairfidh a chuimhne lá is fuide anonn; a mhiongháire ciúin, cuthaileach; a ghaelachas; a thuiscint ar scileanna agus ar ealaíona na hiománaíochta; agus níos iontaí fós, a fhlaithiúlacht i múineadh, agus i roinnt, na scileanna céanna sin, orthu siúd ar suim leo forbairt agus saothrú na slite ab fhearr le caighdeán na himeartha a chur chun tosaigh.
Chomh fada is a bhain sé liom fhéin, ba dhuine cairdiúil, carthannach, comharsanúil, é an tAthair Tommy, fear a raibh meas agus omós tuillte go maith aige, i gcéin is i gcóngar, trína dhúthracht, trína dháiríreacht, agus trína dhílseacht.
Áit ag bord an Tiarna go raibh agat a Mhonsignor, anois agus feasta, go brách na breithe.
.
Caoineadh an Mhonsignor
An Monsignor uasal ‘nois sínte,
Is ní fheicfear a leithéid go luath,
Nó thuig sé cluiche Chúchulainn,
Is mhúin sé a chleasa dá ghlúin.
.
Súil seabhaic a shúil ar an sliotar
Ag eitilt ó chamáin go cúl,
An t-imreoir lán scil’ agus glicis
Ag fáil bua ar a chéile, gan dua.
.
B’eisean a lúbfadh a chamáin,
Le sliotar a sheoladh go cruinn,
Ach rinneadh sagart den imreoir,
is fágadh Páirc a’ Bháire gan Laoch.
.
Ár slán leat a Athair na míne,
Nár laga an Rí thú go deo.
Solas na soilse dod’ anam,
Anois agus choíche faoi shó.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Nollaig Shona Dhaoibh Uilig
Ó tharla go bhfuil sé de nós agam píosa faoi leith a scríobh sa cholún seo don Nollaig, tuigeadh dom, nár chóir dom nós a bhriseadh, an babhta seo, mar sin, seo chugaibh píosa speisialta do Nollaig na bliana seo Dhá Mhíle is a Deich. Agus ó tharla arís go bhfuil sé de nós agam, le tamall anuas, súil a chaitheamh siar fan bhóithrín na gcuimhní, tá mé réidh anois le tamall a chaitheamh, thiar ansin, i measc chuimhní geala meanmnacha na hóige.
Tá cuimhne ghlé, gheal, ghrinn, agamsa ar Nollaigí thriochaidí an ocrais, in óige an fhichiú haois, agus ní inné ná inniu a ceiliúramar na Nollaigí céanna sin, agus fiú, dá gcuirfí chuige mé, déarfainn go mbeadh lag-chuimhne agam ar Nollaigí deireannacha fhichidí na haoise céanna sin.
Agus conas a bhí againn na laethe úd?
.
Scothchuimhní
Bhuel! Is féidir liom a rá anois, i ndiaidh na mblianta sin uilig, nach bhfanann liom ach scoth-chuimhní geala, croíléiseacha. Cuimhnigh ar an gcineál saoil a bhí thart orainn, an tráth úd. Bhí cónaí orm i mbaile beag, mar a raibh aithne ag chuile dhuine ar na daoine a mhair sna bólaí sin, agus níorbh é sin amháin é, ach d’fhéadfá dánacht a dhéanamh ar dhuine ar bith acu. Ba chomharsanna iad uilig, daoine a d’ithfeadh béile i do theachsa lá meithle, agus daoine a thiocfadh i gcabhair ort in am an ghátair, agus ní gá dhom a rá, go n-íocfása an comhar leo, ar do sheal. Ach conas mar a bhí ag an bpobal thart orainn, an tráth úd? Le scéal gairid a dhéanamh de, go hainnis, nó mar is cuimhin le chuile dhuine anois, ba iad sin laethe an Great Depression, nó Cúlú Eacnamaíochta na bliana 1929.
Cleasa an Aosa Óig
Ach ní hé seo ach é siúd, conas mar a bhí ag daoine óga sa sochaí sin?
Mar a bhíonn ag an aos óg i gcónaí, seal i mbun poistíneachta, agus seal i bhfad níos faide i mbun cleasanna agus caitheamh aimsire.
Cén cineál poistíneachta atá i gceist agam, an ea?
Ag brath ar a aois, agus ar a neart, bhíodh a graithí fhéin leagtha amach do chuile dhuine den chlann. Ach, de ghnáth, b’iad na ‘jabanna’ a thit ar chrann an aosa óig nó, cannaí uisce a iompar abhaile ón dtobar, brosna móna a thabhairt isteach ón gcruach mhóna, seal a chaitheamh ag buachailleacht bó, seal eile a chaitheamh ag déanamh teachtaireachtaí, agus a leithéid.
Ach inis dom faoi shaol na hóige, teacht na Nollag.
Bheul! Thosaíodh an t-aos óg ag ullmhú don Nollaig i dtús Mhí na Nollag, nó bhíodh nós acu an tráth úd cúig mhíle Áibhé a rá idir sin agus Oíche Nollag, agus don té a dhéanfadh a leithéid, bheadh a mhian le fáil aige Lá Nollag, agus dár ndóigh, bheadh ar chumas duine an mian sin a bhronnadh ar chara, nó ar ghaol, dá mba mhaith leat a leithéid a dhéanamh.
Tús an Scleondair
Ach, níor thosaigh an scleondar ar fad go dtí cupla lá roimh an Nollaig fhéin, mar ansin chuirtí na daoine óga amach, ar fud na bhfud, ar thóir eidhinn agus craobhacha glasa de chineál ar bith, agus geallaimse dhuit é, gur bheag earra dá leithéid a bhí le fáil, thart orainne, in Iorras na nIontas, an tráth úd, nó ní bhíodh crann nó tor, nó mórán bláthanna fiú, ag fás thiar an t-am sin. Ach sin ráite, b’annamh a thagadh muid abhaile gan ábhar oiriúnach de chineál eicínt ar láimh againn. Faoi’n am sin, bhíodh an teach aol-daite ag na daoine fásta, agus chrochtaí na craobhacha glasa thart faoin teach, maraon le slabhraí de pháipéar daite, agus nuair a bhíodh an gnó ar fad críochnaithe, bhíodh cuma geal, aerach, Nollaigiúil, ar an teach, agus leis an sméar mhullaigh a chur ar chúrsaí ansin, dhéanfadh Mam coineall mhór dhaite na Nollag, a fheistiú ar fhuinneog na cistine. Ina dhiaidh sin, dhéantaí tine mhór na Nollag a adhaint agus ba chomhartha é sin go raibh na hullmhúcháin don Nollaig críochnaithe, agus ag an bpointe sin, théadh an t-aos óg i mbun a gcleas fhéin, ó cheann ceann an tí agus théidís i mbun cleasa ar nós, Dallóg, Lúrapóg Larapóg, Tomhaiseanna, agus tuilleadh dá leithéid. Ní bhíodh féasta ar bith againn an oíche sin, ach tar éis gnáth shuipéir, roinntí cuid de chiste risíneach na Nollag orainn, le blas beag den Nollaig a thabhairt dúinn.
Fear na Feasóige Léithe
Ansin, thagadh am codlata, agus idir sin agus maidin, thagadh fear mór na féasóige léithe fhéin ar a chuairt. Ní hé anois go mbíodh an oiread sin fanta ina mhála dúinne, ach d’fhágadh sé tomhaisín milseán, cupla úll, agus dá mbeadh an t-ádh i do chaipín, b’fhéidir go bhfagfadh sé féirín beag ón siopa i do stoca freisin, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh an oiread céanna fáilte againne roimh na féiríní céanna sin, is a bhíonn ag aos óg an lae inniu roimh ríomhaire, nó roimh rothar, nó roimh féirín costasach ar bith eile dá shórt.
Maidin Lae Nollag bhíodh muid inár suí le giolc an ghealbhain, nó roimhe fiú, agus muid ag ullmhú dAifreann luath na Nollag. D’fhágadh muid an teach i ndorchadas na maidine, agus d’fheiceadh muid solas na Nollag ar dearglasadh i bhfuinneog chuile theach sa mbaile. Ar ár mbealach chun an tséipéil chasadh comharsanna orainn, agus ‘Nollaig Shona’ ar bharr a ghoib ag chuile dhuine acu. B’aoibhinn bheith beo ar a leithéid de mhaidin. Aifreann, Laidin, Lampa fearraibín, Éadach bán ar na ráillí thart ar an Altóir. Draoícht na Laidine ó bhéal an tsagairt. Cráifeacht phobal Dé ag éirí mar thúis os comhair na hAltóra. Seanmóir na Nollag agus liosta na ndaoine a thug airgead do bhailiúchán Nollag na sagart. ‘Ite Missa Est’. Deireadh an Chláir, a chairde.
Ag Dul sa Dreoilín
D’fhanadh na daoine fásta taobh amuigh den tséipéal seal ag déanamh a gcomhrá, agus ag guí ‘Nollaig Shona’ ar a chéile, ach chomh fada is a bhain sé linne, gasúir, bhí gnó tábhachtach le déanamh againne, nó bhí muid meáite ar dhul amach ar thóir an dreoilín, nó nárbh é amáireach ‘Lá ‘le Stiofáin’, agus nach raibh socraithe againne dul sa Dreoilín go breá luath an lá sin. Nuair a bheadh an gnó sin curtha i gcrích againn, bheadh dinnéar mór na Nollag ullamh dúinn, agus ní call dom a rá, go mbainimis taitneamh agus sásamh as an dinnear céanna sin, agus as an ngé bhreá phlucach a bhí ullmhaithe inár gcomhair ag Mam. Beannacht Dé lena hanam, agus leo siúd uilig atá imithe romhainn ar Shlí na Fírinne.
.
Nollaig Shona d’ár Léitheoirí uilig
agus
Go mbeirimid beo ar an am seo arís.