le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Leabhar Neamhghnách
.
Peadar Bairéad
The Absolutist………………céadchló……………….2011
By
John Boyne……………………………………………….£12.99
.
Údar Éireannach
Leabhar eile againn anseo ó pheann líofa an údair Éireannaigh seo, John Boyne, an té úd a thug The Boy in the Striped Pyjamas dúinn, tamall de bhlianta ó shoin. Sea, agus nach cuimhin libh leabhar breá eile dá chuid, leabhar mór-ráchairte eile, ‘The House of Special Purpose’, leabhar a chuirfeadh a léitheoir faoi gheasa, le feabhas agus le hinchreidteacht na scéalaíochta ann. Ach ní chuige sin atá mé sa phíosa seo.
John Boyne a chuir an leabhar seo, The Absolutist, i dtoll a chéile. Anseo in Éirinn, i gcathair Bhaile Átha Cliath, a rugadh John, sa bhliain 1971, agus anseo a tógadh é freisin. Rinne sé staidéar ar Litríocht an Bhéarla, i gColáiste na Tríonóide, agus ar Scríobh Chruthaíoch, i gColáiste East Anglia, i Norwich Shasana. Foilsíodh ‘The Boy in the Striped Pyjamas’ sa bhliain 2006, agus bíodh gur scríobh sé an leabhar sin don aos óg, chuaigh sé i gcionn go mór ar chuile dhuine a léigh é, idir óg agus aosta, agus díoladh cúig mhilliún cóip den leabhar céanna sin, agus tá leabhair an údair seo aistrithe go thrí theanga is daichead. Ní beag ná suarach an teist é sin ar scríbhneoir ar bith! Ach, fillimis ar an scéal seo faoin Absolutist…..
Tristan Sadler
Tristan Sadler, atá ar an bpríomhcharactar san úrscéal seo, iarshaighdiúir, a rinne a chion féin sa chéad chogadh domhanda. I dtús an scéil seo, i Meán Fómhair na bliana 1919, faigheann muid an fear óg seo, Tristan, bliain is fiche d’aois, agus é ar bhord traenach, ar a bhealach go Norwich, le beart litreacha a sheachadhadh ar Marian Bancroft, deirfiúr do shaighdiúir a throid taobh leis sna trinsí, agus a lámhachadh ansin, toisc nach raibh sé sásta troid a dhéanamh i gcoinne na nGearmánach. Bhí saighdiúirí áirithe ann, nach raibh sásta troid a dhéanamh, ach a bhí sásta graithí eile, ar nós cócaireacht, nó gnó sínteánaí, a dhéanamh, ach, ní raibh Will Bancroft sásta tada dá leithéid a dhéanamh. Absolutists, a thugann an t-údar ar a leithéií. Dheintí a leithéid siúd a lámhachadh, an tráth úd.
Ar ball, téann an t-údar siar ar scéal na beirte sin, Will Bancroft agus Tristan Sadler, beirt a bhí á n-oiliúint ina saighdiúirí in Aldershot Shasana, i lár na bliana 1916. Chuir Tristan suim, agus dhá shuim, sa bhfear óg eile, agus dhealródh sé gur thit sé i ngrá leis ar an bpointe boise, nó geall leis, agus bíodh gur dhúisigh an t-uaigneas freagra eicínt, don ngrá sin, i gcroí Will, b’in a bhí ann, agus ón dtús sin, ní raibh i gcroí Will ach gnáth chairdeas do Tristan, agus chuireadh sé go fíochmhar i gcoinne iarrachtaí Tristan ar an dtine sin a adhaint athuair. Agus i ndeireadh na dála, nuair a bhíothas ag ullmhú le Will a lámhachadh, d’éirigh go fíochmhar idir an bheirt shaighdiúir óg sin, don uair dheiridh, agus ba é toradh a bhí ar an easaontas deiridh sin, nó gur thoiligh Tristan bheith mar bhall den mheitheal lámhaigh, a piocadh leis an ‘gcladhaire’ sin, Will Bancroft, a lámhachadh.
Cloch Mhuilinn anuas ar a Chroí
Tháinig Tristan slán ón gcogadh, agus ghlac le post ar an Whisby Press, agus anois, tá sé ar a bhealach go Norwich, le beart litreacha a sheachadadh ar Mharian Bancroft, beart de na litreacha a sheol Marian chuig a deartháir Will, tráth raibh sé ag troid sna trinsí, sa bhFrainc, sular lámhachadh é. Bhí cúis eile ag Tristan leis an dturas sin a dhéanamh freisin, nó bhí ar dhein sé dá chomhshaighdiúir Will ina chloch mhuilinn anuas ar a chroí, agus ba é ba lú a theastaigh uaidh anois, nó an rún sin a scaoileadh le Marian, ag súil, is dócha, le maithiúnas a fháil uaithise. Fuair sé deis le sin a dhéanamh, ach n’fheadar ar tugadh an maithiúnas sin dó?
Casadh ar a chéile Marian agus Tristan arís, trí scór bliain ina dhiaidh sin, agus fágfaidh mé fios fátha an scéil sin fút fhéin, nó sin mar a chuireann an t-údar críoch lena scéal faoi eachtraí a phríomhcharachtair, Tristan Sadler.
An-scéal ar fad anseo, faoi chogaíocht sna trinsí, faoi stair na ré sin, faoi chúrsaí grá a tharla a bheith leatromach, aontaobhach, agus faoi chruachás Tristan fhéin, agus e ag iomrascáil le treo agus le tarraingt a dhúchais, agus é ag iarraidh an dúchas sin a dheimhniú, i mbrú agus i mian a chroí istigh. Scéal truamhéileach, brónach, corraitheach, daonna, ach scéal a chorródh do chroí ag an am gcéanna. Tá mé ag ceapadh go mbainfidh tú taitneamh as.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
The Moment
le
Douglas Kennedy
.
Peadar Bairéad
Seo an deichiú húrscéal ó pheann líofa an údair cháiliúil Mheiriceánaigh seo de bhunadh Mhanhattan, agus údar a chaitheann a laethe, ag babhtail idir Londain, Páras, Berlín, agus Maine na Stát Aontaithe. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach cheana féin aige, mar úrscéalaí, agus mar údar leabhair taistil. Tá a shaothar aistrithe go breis is scór teangacha iasachta, agus áirítear “The Pursuit of Happiness”, agus “Leaving the World” ar leabhair mhór-ráchairte an lae inniu.
Ach i dtaobh an leabhair shuimiúil, inchreidte, corraitheach, seo, is dócha go bhféadfá a rá, gurb é Thomas Nesbitt a phríomhcharactar, cé go bhfuil áit faoi leith ag Petra Dussmann sa scéal freisin. Seo mar a chuireann an t-údar tús leis an scéal iontach seo :-
“I was served with divorce papers this morning. I’ve had better starts to the day. And though I knew they were coming, the actual moment when they landed in my hand still threw me. Because their arrival announced: This is the beginning of the end.”
D’fhéadfainn smaoineamh ar thús níos measa! B’in deireadh lena phósadh le Jan, ach le fírinne, ní raibh a chroí riamh sa phósadh céanna sin, nó ina bhean Jan, ach oiread. Iníon amháin, Candace, a bhí orthu, agus ba ise grá geal a chroí. Ansin, tar éis dó seal a chaitheamh ina chónaí leis fhéin, i Maine sna Stáit Aontaithe, fuair sé litir, lá amháin a chuir cor eile ina chinniúint. Ó chathair Bherlín a tháinig an litir sin, agus ba é ainm an té a sheol chuige é nó, Dussmann, Petra Dussmann. Ba bheag nár bhain an litir sin radharc na súl de, nó, ba í an Dussmann chéanna a mheall agus a mhill é, i laethe a óige. Mar sin, bhain an litir sin an clár de umar na gcuimhní dó, agus scaoil amach, ar fud na bhfud, chuimhní iomadúla faoi laethe a óige, cuimhní a bhí curtha faoin bhfód aige le fada.
Litir ó Bherlín
Thóg an litir sin, a tháinig chuige ó Bherlín, siar siar thar dhroichead na mblianta é, siar go dtí an t-am nuair nach raibh laethe a óige caite ar fad aige fós, agus é tagtha go cathair Bherlín sa bhliain 1984, le bail eicínt a chur ar leabhar a bhí ar na bocáin aige, leabhar faoi Bherlín, chathair an Bhalla, cathair a bhí roinnte ina dhá chuid ag Balla an fhuatha, Balla a choinnigh an t-Iarthar agus an t-Oirthear scartha óna chéile. Bhí socraithe aige bliain a chaitheamh i mbun an ghnó sin, agus dár ndóigh bhí leabhar amháin i gcló aige cheana, leabhar faoin Éigipt.
“Over the next half-hour I sketched out how I wanted to spend a year living in the city, and write a book that would be very much a fiction that happened….twelve months in that Westerrn island floating within the Eastern bloc.”
B’in an tionscnamh a bhí leagtha amach aige dó fhéin. Bhí go maith, ach i rith na bliana sin, chuir a dhán a ladar isteach ina scéal agus thit sé i ngrá le Petra Dussmann, bean a ruaigeadh as an nGearmáin Thoir, sea, agus bí ag caint ar ghrá! Bhí an bheirt acu sáite go dtí na cluasa in abhainn an ghrá, ach nach annamh a bhíonn an grá céanna saor ó bhuairt, is ó chrá croí, agus ba é an dalá chéanna sin ag an bpéire seo é. Nuair a tharla idir dháil agus pósadh iad, scaoileadh rún Phetra le Thomas, agus bhí an rún céanna sin chomh fealltach, do-chreidte, gur chuir Thomas an ruaig ar Phetra, agus b’in deireadh leis an gceangal ceana a bhí idir an mbeirt seo, a raibh socruithe pósta fiú, déanta acu cheana féin.
D’imigh na blianta, agus anois, tar éis breis is scór de bhlianta a bheith caite acu scartha go hiomlán óna chéile, agus Thomas ar ais sna Stáit, é pósta le Jan, agus iníon amháin orthu, agus iadsan colscartha óna chéile freisin, faoi mar a chonaic muid i dtus an ailt seo. tagann an litir seo tríd an bpost, chuig Thomas, ó mhac Phetra Dussman, litir ina raibh dialann Phetra, dialann a d’fhág sí mar uacht ag Thomas….Céard a bhí le léamh aige sa dialann sin, an ea? Bhuel, caithfidh tú é sin a fháil amach dhuit fhéin tríd an leabhar iontach lán-teannais, seo a léamh.
Leabhar neamhghnách, corraitheach, inchreidte. Tiocfaidh sé idir thú fhéin is codladh na hoíche!
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Cá raghaimis anois?
Mar is eol do chách anois, tá an tOlltoghchán thart. Tá na Teachtaí tofa. Tá an Rialtas roghnaithe, agus muid uilig anois ag súil le tús nua i saol polaitíochta, agus i saol sóisialta, na tíre seo. Táthar ag súil, go gcuirfí críoch le caimiléireacht, le héagoir, le bochtaineacht, le hanró, agus le soc sa trach ag lucht cumhachta. Dár ndóigh, tá’s ag an lá, nach bhféadfaí chuile dhuine a shásamh sna cúrsaí seo, nó dá gcuirfeá an cnoc thall ar an gcnoc abhus, bheadh duine eicínt fágtha amuigh, agus ábhar clamhsáin aigesean, ach… an leas is mó, don uimhir is mó… sin an sprioc daonlathach is ceart a shocrú don Rialtas nua. Ní gá a rá, go bhfuil ualach asail de mhí-shásamh, agus d’fhearg, lonnaithe ar dhroim daoine, in aois seo an chúlú eacnamaíochta.
Ina gcodladh i mbun stiúrtha!
Leis an scéal a dhéanamh i bhfad Éireann níos measa, tuigtear dá lán, nach de thimpiste a tharla a leithéid, ach gurbh é cúis a bhí leis, nó gur thit ar Rialtas ina gcodladh agus iad i mbun stiúrtha, agus gurbh é toradh a bhí ar an miogarnach sin nó gur caitheadh i dtír ar charraigreacha garbha fiachacha muid, gur polladh báidín an Stáit, agus gur fágadh muidinne sáinnithe agus i gcruachás ceart, gan slí ar bith éasca éalaithe fágtha againn. Ach, bíodh sin fíor bréagach, caithfidh muid ár mbealach a dhéanamh amach as an sáinn seo, ar ais nó ar éigean.
Margadh nua uainn
Agus mar is eol do chách anois, sé an gad is giorra don scórnach atá le scaoileadh againn ná go gcaithfidh muid an margadh a deineadh leis an AE, agus leis an IMF. a athscrúdú, agus a athstruchtúrú, nó má leantar le cúrsaí faoi mar atá i láthair na huaire seo, níl dabht ar domhan, de réir na saineolaithe, ach go mbeidh orainn loiceadh i nglanadh ár bhfiacha.
Ach nach gceapfá, go mbeadh sé éasca go maith a leithéid a dhéanamh?
B’fhéidir go gceapfá, ach má sea fhéin, ní mar a shíltear a bhítear, go minic, nó deir an AE, go mbeidís fhéin sásta athstruchtúrú a dhéanamh ar an margadh a dhein Rialtas na hÉireann leo, i laethe deiridh an Rialtas deiridh, ar choinníoll go mbeadh Rialtas nua na hÉireann sásta Cáin Chorporáide na tíre seo a ardú go leibhéal an Aontais Eorpaigh. Anois, níl an Rialtas s’againne sásta géilleadh puinn ar leibhéal na Cánach céanna sin, agus dá bharr sin, níl an tAontas sásta ísliú úis, ar a n-iasacht, a thabhairt dúinne, agus sin mar a fágadh an scéal tar éis Chruinniú Mullaigh na dTaoiseach Eorpach, ar an Aoine, an t-aonú lá déag de Mhárta.
Ach, nach gceapfá go mbeadh ar Enda Kenny, ag feidhmiú thar cheann an Rialtais s’againne, go mbeadh air géilleadh, sa cheist sin, do na Ceannairí Eorpacha?
Bhail, b’fhéidir gur chóir a rá, gurbh iad an Fhrainc, an Ghearmáin, agus b’fhéidir, an Tír Fó Thoinn, is mó a chuir an leagan-amach sin chun tosaigh. Anois, b’fhéidir go bhfuil siadsan den tuairim sin, toisc go bhfuil toghcháin le reachtáil sna tíortha sin, gan mórán moille, agus go bhfuil a fhios go maith acu, nár chabhair in aon chor dóibhsean géilleadh do sheasamh na hÉireann, sa scéal seo.
Cairde móra!
Ach nár dhúirt duine eicínt liom, le déanaí, gur gheall tíortha an AE dúinn, sular ghlacamar le Conradh Lisboa, ar an dara iarraidh, nár gheall siad dúinn, go mbeadh cead ár gcinn againn, sa todhchaí, ár gCáin Chorporáide, agus cúrsaí cánach go ginearálta, a choinneáil díreach mar a bhí, dá mba é sin a theastaigh uainn. Ach, thugadar an gheallúint sin dúinn, nuair a theastaigh uathu, go nglacfadh pobal na tíre seo le Conradh Lisboa, ar an dara iaraidh. Ach, nuair a bhreathnaíonn muid anois ar éileamh na mboc mór san Aontas, nach bhfuil sé deacair go maith, bheith ag brath orthu sin, sa todhchaí. Sea, ar mhaithe leis fhéin a dhéanann an cat crónán! Tá faitíos orm, gurb é sin an chiall is cóir dúinn baint as “lámh chúnta” seo ar gcairde móra mór-roinneacha! “In am an ghátair a aithnítear na cairde” an chomhairle a shíneann ár sinsear anuas chugainn, thar taoide thréan na mblianta. Tugaimis cluas easóige dóibh.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
An Gearrscéal
Nuair a smaoiním anois ar an bPiarsach, tagann chugam isteach ar thonn na cuimhne, an lá úd fadó, nuair a d’inis an Máistir, i Scoil Náisiúnta na Cille Móire Iorrais, scéal an Phiarsaigh dúinn. Tagann chugam freisin, an grianghraf úd, a léirigh cló leicinn an Phiarsaigh, pictiúr, dár linne, a léirigh séimhe, macántacht, agus fearúlacht. Sea, agus cuimhním freisin, ar na huaigheanna néata, rangaithe, úd, i gCnoc an Arbhair, gona gcrainn arda lásacha, gona leacht ard, snoite, clochach.
That terrible beauty!
Ach thar aon rud eile, tagann véarsaí an Yeatsaigh chugam, agus é ag smaoineamh ar an bPiarsach chéanna sin.
“This man kept a school
And rode our winged horse..”
Agus arís…
I write it out in a verse
McDonagh and McBride
And Connolly and Pearse
Now and in time to be
Wherever the Green is worn
Are changed, changed utterly
A terrible beauty is born”
An Gearrscéalaí
Ach ní chuige sin atá mé, an iarraidh seo, nó is é atá ag déanamh tinnis dom, sa phiosa seo, nó Gearrscéalta an Phiarsaigh, mar bíodh go raibh scileanna aige i mbun filíochta agus i mbun drámaíochta, agus fiú i mbun óráidíochta, is é mo thuairim fhéin, nó gur mar ghearrscéalaí ba mhó a bhain sé clú agus cáil amach dó fhéin. Chuaigh sé i mbun pinn agus é an-óg, agus lean den nós sin thar na blianta. Sa bhliain 1902, agus é trí bliana is fiche, thosaigh sé ag scríobh altanna agus cuntais chuig an Claidheamh Solais. Cur síos ar a imeachtaí agus ar a eachtraí i gConamara, ba mhó a bhíodh idir chamáin aige sna píosaí sin. Ba chara leis an eagarthóir, Eoin Ó Neachtain é, agus d’fhoilsíodh seisean chuile shórt uaidh. Ag cur síos ar aiste acu sin, “Lá Fá’n Tuaith” dúirt Ruth Dudley Edwards, ina Beathaisnéis scolártha, faoin bPiarsach…..
“It smacked more of the schoolboy essay than of the serious literary effort of an adult. But as with oratory, so with writing. Pearse had to learn his craft, he was only beginning.”
Ag scaipeadh an scéil
“Fair enough”, adéarfadh duine, b’fhéidir, ach ag an am gcéanna, chaithfeadh duine smaoineamh, nach raibh an oiread sin eiseamláirí ag an bPiarsach, le bheith ag déanamh aithrise orthu, an t-am sin. I ndáiríre, is dócha go bhféadfá a rá, go raibh sé ag iarraidh litríocht na Gaeilge a chur in oiriúint don ré inar mhair sé. Rinne sé a dhícheall ar roinnt scríbhneoirí Gaeilge a spreagadh, le gearrscéalta nua-aoiseacha a scríobh i nGaeilge, ach ba bheag aird a tugadh air, agus i ndeireadh na dála, tuigeadh dó, nach raibh an dara rogha aige ach tabhairt faoin ngnó é fhéin. Sa bhliain 1905, d’éirigh leis an gearrscéal “Poll an Phíobaire” a chur de, bíodh nár chuir sé a ainm fhéin leis an scéal sin, ach bhain úsáid as, Colm Ó Conaire, mar ainm cleite.
Thaitin sé le XYZ
Thaitin an sceal le Sgeilg (Seán Ó Ceallaigh) agus rinne sé léirmheastóireacht air san Irish People, faoin ainm cleite, XYZ. Seo mar a chuir seisean é:-
“The most artistic and suggestive publication of its kind yet issued by the League…..easily the most vigorous and idiomatic piece of modern Irish that has so far been given to us by the Western writers.”
Rinne an “Claidheamh Solais” an scéal a léirmheas freisin, agus mhol go hard é, agus cé go ndúirt an léirmheastóir, nach raibh aon eolas aige ar an údar óg, ag an am gcéanna, tuigeadh dó, go raibh a stíl an-chosúil le stíl an “Chlaidheamh Solais” fhéin. Ba é ba chúis le sin, dár leis, nó an tionchar a bhí ag an Nuachtán sin ar an údar óg sin, Colm Ó Conaire.
Níor mealladh an tAthair Ua Duinnín, áfach!
Nior buaileadh aon bhob áfach, ar an Athair Ua Duinnín, an foclóirí. Ba bheag a mheas siúd ar scríbhneoirí an Iarthair, agus rinne sé spior spear de léirmheas XYZ,
“As regards a certain Irish Storyette with a nauseous name…..”
“I have tasted Conemara butter before now, it has its defects..but it is natural….over-salted, yes…and over-dosed with the water of the béarlachas..yes…but it is genuine mountain butter all the same, and not clever margarine…This storyette however smacks more of the margarine of the slums, than pure mountain butter….”
Leag an Duinníneach béim ar theideal masmasach an scéil, mar adúirt sé, agus chuaigh an saghad sin go dtí an beo sa Phiarsach, nó b’fhuath leis gáirsiúlacht de chineál ar bith, agus dá chruthú sin, féach gur fhág sé ina uacht é, go n-athrófaí ainm an scéil sin, agus go nglaofaí “An Uaimh” feasta air in áit Poll an Phiobaire. Ach le filleadh ar an nDuinníneach, ní raibh sé críochnaithe fós le Colm Ó Conaire, nó cibé a scríobh Poll an Phíobaire, agus chuir sé críoch lena alt fhéin, ag súil go n-éireodh leis an údar óg tuilleadh scéalta a sholáthar dúinn as an bhfoinse chéanna sin, sé sin, as Poll an Phíobaire! Fair Play! don Duinníneach. Níor chaill sé riamh é! Dá mba rásúr a theanga, níor ghá faobhar a chur riamh air! Is dócha gur tuigeadh dó, go mba é an Piarsach fhéin a chum an “Storyette”, mar a thug sé air, agus tá’s ag an lá nárbh é an Piarsach a rogha scríbhneora, agus nár mhinic a rinne sé ceap magaidh de Chéimeanna Léinn an Phiarsaigh, sé sin, BA agus BL, nuair a thugadh sá, BABL, air, ag cur an Túir cháiliúil úd fadó, i gcumhne dúinn!
*************
Peadar Bairéad.
*************
.
.
.
.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Á i l l e a c h t a n t S a o i l s e o . 1 .
***********************************
The Wayfarer.
“Áilleacht an tSaoil seo”, a bhaist mé ar an tsraith altanna seo, ag smaoineamh dom ar dhán úd an Phiarsaigh …”The Wayfarer”, faoi Áilleacht an tSaoil seo.
“The beauty of the world hath made me sad,
This beauty that will pass.
Sometimes my heart hath shaken with great joy
To see a leaping squirrel in a tree,
Or a red lady-bird upon a stalk,
Or little rabbits in a field at evening,
Lit by a slanting sun”
Sea, nár chumasach an file i mbun pinn é?
Ach, cad iad na hathruithe ollmhóra úd, – ar dhein me tagairt dóibh, an tseachtain seo caite, sa Réamhrá, – atá tagtha ar thír seo na hÉireann, ó laethe an Phiarsaigh i leith, a d’fhiafródh duine, b’fhéidir?
I laethe an Phiarsaigh, bhí an tír seo fós faoi smacht Shasana, agus bíodh go raibh roinnt dár bpobal oilte agus sciliúil i gcúrsaí polaitíochta, agus riaracháin, ag an am gcéanna, ní raibh cleachtadh faighte fós ag éinne acu ar rialú tíre, nó ní mar sin a imrítí cluiche na cumhachta, i laethe na hImpireachta. An tráth sin freisin, ó bhunú eagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge, Cumann Lúthcheas Gael, agus Sinn Féin, lean spiorad an náisiúnachais ag fás is ag forbairt i measc mhuintir na tíre ársa seo, ach, ag an am gcéanna ba chóir a lua, go raibh céatadán maith de dhaonra na tíre a bhí sásta le cúrsaí faoi mar a bhí. Ní call dom a rá, go raibh an Piarsach fhéin páirteach sna gluaiseachtaí nua sin, tharla go raibh sé bainteach le hiriseoireacht, le múinteoireacht, agus le litríocht, tráth a raibh na fórsaí réabhlóideacha sin ag múnlú, agus ag dul i bhfeidhm, ar phobail a thíre. Breathnaigh ar an tír, faoi mar a bhí, an tráth úd, agus faoi mar atá sí inniu, agus tabharfaidh tú faoi deara, an fás ollmhór a tháinig ar shaol eacnamaíochta, agus ar stíl bheatha na muintire, san idirlinn, agus feicfidh tú freisin, gur tháinig fás as cuimse ar fhís, agus ar aisling, mhuintir na hÉireann, sa tréimhse chéanna sin.
“The Fool” .
Táid ann adéarfadh, go n-iompódh an Piarsach ina uaigh, dá bhfeicfeadh sé an bhail atá ar an tír s’againne, faoi mar atá sí anois. Ní dóigh liom go dtiocfainn leis an tuairim sin, nó ba dhuine é an Piarsach a d’fhéadfadh athrú, de réir mar a theastaigh óna phobal athrú, agus má bhí a fhís fhéin aige, bhí an fhís sin aige, toisc gur cheap sé gurbh í sin fís a phobail freisin, agus níorbh é sin amháin é, nó chreid sé go raibh seans ann, go bhfíorófaí a fhís, ar ball…
O wise men riddle me this
What if my dream comes true?
What if my dream comes true
And if millions unborn should dwell
In the house I have shaped in my heart
The noble house of my thought.
Thuig an Piarsach ina chroí istigh, céard a bhí uaidh, agus chuaigh sé i mbun oibre, go luath ina shaol, le sin a thabhairt i gcrích. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge, agus in éineacht le spiorad na teanga sin, shlog sé siar neamhspleáchas fiáin an Ghaeil. Ná ceap anois, go mba ghaeilgeoir buile, amach is amuigh é, nó níorbh ea. Mura gcreideann tú sin, níl le deanamh agat, ach breathnú ar a mhodh oibre i Scoil Éanna.
An Dátheangachas.
Ní chaití amach as an scoil sin duine ar bith nach raibh líofa i dteanga an Ghaeil, níor dhein, agus níorbh é sin amháin é, ach ba é an chuspóir a chuir sé roimhe sa scoil sin, nó córas dhátheangach a bhunú, sa chaoi go mbeadh idir Ghaeilge agus Bhéarla ag daltaí Scoil Éanna. Ba sa Bheilg a chonaic sé mar a d’oibrigh córas dá leithéid sin, go seoigh, agus táid ann adeir, gur chaith sé súil freisin, ar chúrsaí dhátheangachais sa Bhreatain Bheag. Ar aon nós, b’in an chuspóir a chuir sé roimhe mar oideachasóir i Scoil Éanna. Breathnaigh freisin ar a chuid iriseoireachta, agus ar a chuid scríbhneoireachta, agus feicfidh tú go soiléir, go raibh meas aige ar an dá theanga, agus gan fuath aige do cheachtar acu. Déarfainn go bhfuil sin le feiceáil go soiléir, sna focail seo, óna pheann fhéin….
“I challenge again the Irish Psychology of the man who sets up the Gael and the Palesman as opposing forces, with conflicting outlooks. We are all Irish, Leinster-reared or Connaught-reared; your native Irish speaker of Iveragh or Erris is more fully in touch with the Spiritual past of Irealand than your Wexfordman or your Kildareman. But your Wexfordman or your Kildareman has other traditions which your Iveraghman or your Errisman has lost. It is a great thing to have heard in childhood the songs of a Tadhg Gaelach or to have seen a Raftery of a Colm Wallace. It is an equally great thing to have known old men who fought in Wexford in ’98, or to have been nursed by a wonan who made bullets for the Fenians. All such memories, old and new, are part of Irish history, and he who would segregate Irish history, and Irish men, into two sections…..Irish-speaking and English-speaking is not helping towards achieving Ireland a Nation…”
.
Caolaigeantach ?
Déarfainn go bhfuil sé soiléir go maith ón méid sin, nach raibh aon chaolaigeantacht ag baint leis an bPiarsach, chomh fada is a bhain sé le cúrsaí teanga. Ar bhealach, ní bheifeá ag súil lena mhalairt ó fhear a shíolraigh ón dá thraidisiún.
Ach céard faoi’n ráiteas úd, a thagann chun cuimhne, chomh luath is a luaitear ainm an Phiarsaigh?
Cén ráiteas, an ea?
An ráiteas úd adeir….
“Not free merely but Gaelic as well,
Not Gaelic merely but free as well.”
Is dócha gur chóir a chur san áireamh, i gcás na bhfocal sin, gur dúradh iad os cionn uaigh Uí Dhonabháin Rosa, agus gur dócha, gurbh é dearcadh an fhir sin a bhí á mhóradh aige, sna focail sin, agus é ag iarraidh tuairim Uí Dhonabháin, faoin cheangal atá idir saoirse agus teanga, a chur i mbéal an phobail. Nár labhair mé nóiméad ó shoin, faoin dátheangachas a chuir sé roimhe mar chuspóir, i Scoil Éanna, rud a léiríonn, nach raibh sé de pholasaí aige, sa scoil sin, éinne a labhródh Béarla a ruaigeadh as an scoil!
B’fhéidir gur leor sin do thuras na huaire seo. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as an tsraith seo, agus go raghaidh tú siar liom, thar na cúig bliana fichead atá imithe, ó thug mé an chaint sin, in Óstán an Newpark, anseo i gCill Chainnigh, ag Daonscoil Osraí, sa bhliain sin 1979, bliain úd an Phápa!
****************
Peadar Bairéad.
***************
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.