A r    n a     M i s i n        1 6

A r n a M i s i n 1 6

A r n a M i s i n 1 6 .

***********************

.

An Satharn, 23 Lúnasa 2003.

In Beautiful Ventura.

In ár suí go breá moch, i gcathair álainn seo Ventura, agus tar éis dúinn ár gcuid a chaitheamh, agus cibé eile a bhí le déanamh againn a dhéanamh, bhuaileamar bóthar, thart ar a deich, an mhaidin álainn Sathairn sin. Agus ó tharla gur ar Mhisin Spáinneacha Chalafóirnia a bhí ár n-aird dírithe againn, le linn na laethe a chaitheamar ar ár dturas, shocraíomar ar chuairt a thabhairt ar Mhisean breá Buenaventura, ag 211 E. Main Street. Ba é seo an naoú Misean, den Mhisean is fiche, a thóg na Spáinnigh fan chósta Chalafóirnia. Bunaíodh an Misean seo sa bhliain 1782, agus ba é Aspal Chalafóirnia fhéin, an tAthair Junipero Serra, a bhunaigh an Misean seo. Dódh an séipéal orthu, sa bhliain 1790, agus deineadh é a atógáil arís, agus ath-choisriceadh é, sa bhliain 1809. Baineann an turasóir taitneamh, is dhá thaitneamh, as an séipéal céanna sin, sa lá atá inniu fhéin ann. Tabhair faoi deara Turas na gCros thart ar na fallaí. Nach iad atá galánta? Sea, agus an gcreidfeá go bhfuil 250 bliain caite acu ag spreagadh chreideamh na bhfíréan. Leag Crith Talún an Misean sa bhliain 1812, ach tógadh arís é, agus deineadh é a choisricean athuair, sa bhliain 1816, ach faoin mbliain 1834, deineadh an Misean a dhíeaglaisiú ag an Meicsicigh. Leag Crith Talún eile an díon, sa bhliain 1857, agus cuireadh díon nua air, go gairid ina dhiaidh sin.

The Restoration of the Mission.

Tar éis do Chalafóirnia a bheith fógartha ina Stát san Aontas, sa bhliain 1850, d’iarr an tEaspag Joseph Sadoc Alcemany ar an Rialtas, Gabhaltas an Mhisin, sé sin, an foirgneamh, teach na sagart, an reilg, an t-úllord agus an fíonghort, a thabhairt ar ais don Eaglais Chaitliceach. Bhronn an tUachtarán, Abraham Lincoln, an gabhaltas sin orthu, trí ghairm scoile a eisiúint, ar an 23 Bealtaine, sa bhliain 1862. Deineadh an Misean a athcóiriú, faoi mhaoirseacht an Athar Aubrey J. O’Reilly, idir na blianta 1956 agus 1957. Sea, agus le sinn a thabhairt suas chun dáta, mar adéarfá, deineadh athcóiriú iomlán ar dhíon an tSéipéil, sa bhliain 1976, agus i Mí na Nollag na bliana sin, rinne an Cairdinéal Timothy Manning an Séipéal a choisricean go sollúnta. Rinne an Misean a dhara céad a cheiliúradh, sa bhliain 1982.

An Padre Junipero Serro.

Nach minic mé ag tagairt don Padre Junipero Serro, sa tsraith seo altanna, agus b’fhéidir nár mhiste cupla rud a rá faoin bhfear fhéin anseo. Thosaigh an gnó ar fad, breis mhaith is dhá chéad bhliain ó shoin, ar Oileán Mallorca, mar a raibh Bráthair cráifeach Proinsiascánach, ag saothrú leis go dícheallach, i ngort an Tiarna. Ba shagart diaganta, agus Ollamh ildánach Diagachta, agus scoláire den scoth é, an Padre Serro, agus thosaigh sé ag guí Dé go dúthrachtach, go gceadófaí dó an saol bog a bhí aige i Mallorca a thréigint, agus dul ag saothrú i measc bhunstoc an Domhain Úir. Tugadh aird ar a ghuí, sa bhliain 1749, agus trí bliana is triocha ina dhiaidh sin, d’ardaigh sé an Chros Chéasta, “In playa de la canal de Santa Barabara”. Rinne sé sin, ar maidin Dhomhnach Cásca, sa bhliain 1782, tar éis dó blianta fada a chaitheamh ag saothrú leis, go dícheallach, cruógach, cráite, i measc na ndúchasach, thall. D’ardaigh sé an Chros Chéasta, Cheiliúir sé Ard-Aifreann, agus thug seanmóir ar an Aiséirí uaidh, agus ansin, d’ainmnigh sé an Misean nua as Naomh Buenaventura. Ní call dom a rá, gur fhás baile thart ar na Misean sin, agus gur ainmníodh an baile as an Misean céanna sin. Fuair an sagart díograiseach a mhian, nó níl dabht ar domhan, ach gur fhág sé an saol bog taobh thiar de i Mallorca, agus gur chaith sé saol cruaidh céasta, cráite, ag saothrú leis go dúthrachtach, i measc na ndúchasach sa Domhan Úr úd ab ansa leis. Ba é an Misean sin an naoú Misean a bhunaigh an tAthair Junipero Serra fhéin, agus faoi mar a tharla sé, ba é an Misean deiridh a bhunaigh sé freisin, nó bhásaigh an fear bocht, dhá bhliain ina dhiaidh sin, sa bhliain 1784.

Ventura City.

Dúirt mé, anois beag, gur ainmníodh an baile Ventura as an Misean sin San

Buenaventura, ach ní hionann sin is a rá, nach raibh aon bhaile ansin, sular tháinig na Proinsiascánaigh chun na háite sin lena Misean a bhunú ann, nó bhí, agus de réir dealraimh, bhí baile tógtha ansin, ag Indiaigh de Threibh an Chumash. Shisholop, a bhaist na hIndiaigh ar an mbaile a bhí ansin acusan san ionad sin, baile a bhunaigh siad, breis is míle cúig chéad bliain ó shoin anois. Nach minic a smaoiníonn muid sa taobh seo den domhan, nach bhfuil tada acu sna Stáit Aontaithe níos sine na ré Cholumbus, ach deir na saineolaithe, sé sin, na seandáluithe, linn, go bhfuil an t-uafás iarsmaí faighte acusan, in ait a bhfuil tochailt seandálaíochta ar siúl acu, at 113 Main Street, mar a bhfuil an “Albinger Archeeological Museum”, iarsmaí i bhfoirm potadóireachta, a théann siar chomh fada le 1600 R. C. agus sin breis mhaith is trí mhíle bliain siar sa stair!

Thóg sé roinnt mhaith ama orainn, turas iomlán an Mhisin a thabhairt, nó bhí an oiread sin d’iarsmaí suimiúla, spreagúla, ón tsean-am, le fáil i ngach coirnéal agus i ngach clúid, gur dheacair cúl a thabhairt leo. Caithfidh mé a admháil, gur chuir sé ionadh orm, tríd is tríd, a bhfuil d’iarsmaí ré na Misean curtha ar teaspáint acu sa timpeall, nó de ghnáth, ní smaoiníonn muid ar an Meiriceánaigh, mar dhream a chuirfeadh spéis i seandachtaí dá leithéid. Ach i ndáiríre, tá sé le feiceáil, go soiléir, nach é amhain gur dhein siad na seandachtaí sin a chaomhnú, ach ag an am gcéanna, tá sé níos soiléire fós, go bhfuil áthas agus bród orthu, as a bheith ábalta iad a chur ar teaspáint, do dhuine ar bith ar spéis leis a leithéid.

Time to go.

Nuair a bhí ár dturas ar an Misean críochnaithe againn, tuigeadh dúinn, go raibh sé in am againn bheith ag ardú ár seolta, mar tuigeadh dúinn go mbeadh an trácht ag dul i méad, de réir mar a bheadh an Satharn ag druidim chun críche. Chuaigh cúrsaí ar aghaidh go seoigh, agus ba bheag ní i bhfoirm tráchta a bhí le tabhairt faoi deara againn ar na Saorbhealaí. Chuamar trí Los Angeles gan stró dá laghad, agus ansin, stopamar tamall, le lón a chaitheamh, i mbaile beag, taobh amuigh den chathair ollmhór sin.

Chomh luath is a chuamar amach ar an Saorbhealach arís, tuigeadh dúinn, go raibh cúrsaí athraithe, iad imithe chun an donais, amach is amuigh, agus ón bpointe sin ar aghaidh, ba bheag pléisiúr a bhaineamar as ár dturas ó dheas go Cardiff by the Sea, nó ní raibh ann ach ag snámhaíl linn, go mall, réidh, go dtí gur shroicheamar an baile, ar deireadh thiar thall, thart ar a seacht a chlog sa tráthnóna, nuair a bhí an dorchadas ag titim ar muir is ar tír. Ach, má sea fhéin, bhí áthas orainn bheith ar ais arís, tar éis na laethe glórmhara a chaitheamar ag fánaíocht trí Mhisin Spainneacha Chalafóirnia. Thugamar an leaba orainn fhéin go breá luath, an oíche sin, agus ní call dhom a rá, gur chodlaíomar go sámh, go maidin gona lánsoilse arna mhárach.

Bí liom arís, an tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh gála eile sa tsraith seo, á ríomh agam daoibh!

**************

Peadar Bairéad.

**************

.

.

.

.

A r    n a     M i s i n        1 6

An Máistir

léirmheas, review; fiúntas, worth; doleigheasta, incurable; castacht, complexity; truiféis, rubbish; sna hadharca ag a chéile, in conflict with one another; cóisir, party; iomrascáil, wrestling; ganntan, want.

.

I mBéal an Phobail

Léirmheas

Peadar Bairéad

.

“T h e M a s t e r”

Ba mhaith liom, an tseachtain seo, píosa beag a scríobh faoi “The Master”, an leabhar is déanaí ó pheann líofa an údair ildánaigh sin, Colm Tóibín. Ní hé seo an chéad uair agam piosa a scríobh sa cholún seo faoi leabhar le Colm Tóibín, nó tharla gur scríobh mé léirmheas faoi “The Blackwater Lightship” agus faoi “The Sign of the Cross: Travels in Catholic Europe” anseo cheana, agus chomh fada is a bhaineann sé liomsa, is é seo an leabhar is fearr fós uaidh.

Duine dínn fhéin isea Colm, fear a rugadh agus a tógadh sa tír seo. Tá cónaí air faoi láthair i mBaile Átha Cliath. Tá úrscéalta eile scríofa aige freisin, The South, The Heather Blazing, agus The Story of the Night, agus lena gcois siúd, tá roinnt mhaith eile scríbhneoireachta déanta aige freisin, Lady Gregory’s Toothbrush, Homage to Barcelona, Bad Blood: A Walk Along the Irish Border, agus tuilleadh. Bhí an Blackwater Lightship ar an ngearrliosta don Booker Prize, sa bhliain 1999, rud a léiríonn fiúntas agus aitheantas an údair líofa seo.

Biographic

Bheadh ar dhuine a admháil i dtosach anseo nach gnáthúrscéal atá faoi chaibidil anseo againn, nó ar bhealach, is cosúla le beathaisnéis é, ina n-éiríonn leis an údar a bhealach a dhéanamh isteach go smior anama Henry James, an scríbhneoir cáiliúil, sciliúil, déanta, sin, a rugadh is a tógadh sna Stáit Aontaithe, ach ar thaistealaí doleigheasta é, a chaith bunús a laethe ar fán i measc chathracha móra na hEorpa, ó chathair ársa na Róimhe go Londain Shasana, agus ó Florence go Páras álainn na Fraince. Is féidir le duine a rá, faoin úrscéal seo, go bhfuil a bhuaic sroichte ag an údar sa saothar suimiúil seo, nó níl bun chleite amach, nó barr chleite isteach, ó thús deireadh an tsaothair ildánaigh seo. Bheadh ar dhuine a rá, i dtosach báire, go bhfuil cuma na taighde agus blas na scoláireachta ar chuile fhocal sa leabhar seo, nó caithfhidh go bhfuil chuile shórt dár scríobh James, léite agus tuigthe ag Colm Tóibín, agus ní focal beag nó suarach é sin, mar ba scríbhneoir líofa líonmhar é an Henry James céanna sin. Amanta, cheapfá gurbh fhearr a thuig an Tóibíneach é, ná mar a thuig James castachta a aigne agus a anama fhéin. Níl dabht ach oiread, ach go bhfuil cuma na foirfeachta agus na snastachta ar stíl an údair sa leabhar seo.

Féach mar a chuireann sé tús lena scéal, tráth raibh James i Londain Shasana, in Eanair na bliana 1895, céad is deich mbliana ó shoin anois. Tamall roimh bhreacadh an lae a bhí ann, agus dhúisigh sé de thoradh na mbrionglóidí aisteacha a bhí á chrá le tamall anuas.

“Sometimes in the night he dreamed about the dead – familiar faces and the others, half-forgotten ones, fleetingly summoned up. Now as he woke, it was, he imagined, an hour or more before the dawn; there would be no sound or movement for several hours; He touched the muscles on his neck which had become stiff; to his fingers they seemed unyielding and solid but not painful. As he moved his head, he could hear the muscles creaking. I am like an old door, he said to himself.”

Ach ba é an bhrionglóid ba mhó a chuaigh i gcionn air, nó brionglóid ina bhfaca sé aghaidh a mháthar agus í ag impí air, rud eicínt, nach raibh fáil aici air, a fháil di, ach sula bhféadfadh sí cúrsaí a mhíniú dó, dhúisíodh sé as a chodladh. Níl dabht ar domhan ach go raibh spéis neamhghnách aige i mbrionglóidí, agus i ngach uile shórt a bhain leis an saol eile.

The staging of “Guy Domville”

Thart ar an am seo, bhí dráma dá chuid, “Guy Domville”, á ullmhú le chur ar an ardán, agus chuir sin ar bís é freisin. Nuair a tháinig oíche an léirithe, an cúigiú lá d’Eanair, ní fhéadfadh sé suí isteach san Amharclann áirithe sin, agus tharla go ndeachaigh sé isteach in Amharclann eile, ina raibh dráma le Wilde á léiriú. Thug sé faoi deara gur bhain an lucht éisteachta an-taitneamh go deo as, bíodh gur cheap James fhéin nach raibh ann ach truiféis. Bhuel, tháinig nóiméad na fírinne, ar deireadh thiar, agus ba é a tharla dá dhráma fhéin nó gur theip glan air, ar an ardán. Níor thaitin sé leis an lucht éisteachta, olc, maith, nó dona.

“They hooted and roared and when the curtain came down they catcalled and yelled abuse…..”

Shocraigh a údar éirí as drámaí a scríobh feasta, rud a dhírigh a pheann ar úrscéalta agus ar chineálacha eile scríbhneoireachta. Agus bíodh gur bhain sé cáil amach dó fhéin sna réimsí sin, ní raibh sé ag brath feasta ar mholadh an tslua lena spreagadh chun pinn.

An Irish Visit

D’iompaigh sé ón ndrámaíocht, agus ba é toradh a bhí ar sin, nó gur éirigh leis sraith de leabhair den scoth a scríobh, ach níl dabht ar domhan ach gur chuir teip a dhráma isteach go mór ar James, agus i bhFeabhra na bliana 1895, ghlac sé go fonnmhar le cuireadh ó Lord Wolseley dul go hÉirinn ar feadh scathaimh. Tharla ag an am sin, go raibh an Lord céanna sin i gceannas ar Arm Shasana in Éirinn, agus ag an am gcéanna, fuair sé cuireadh ó Lord Houghton, a bhí tar éis a cheaptha mar Lord Lieutenant ar Éirinn. Bhí an bheirt sin sna hadharca ag a chéile ag iarraidh ar James a mhealladh chucu fhéin mar aoi in Éirinn. Chuaigh sé, nó cheap sé go ndéanfadh tamall saoire maitheas dó, agus go raibh chuile sheans ann go mbeadh dearmad déanta ag daoine, ar a theip sa drámaíocht, faoin am a bhfillfeadh sé ar Londain arís.

“He went to Ireland since it was easy to travel there and because he did not believe it would strain his nerves. Neither Lord Houghton, the new Lord Lieutenant, whose father he had also known, nor Lord Wolseley, who had become Commander-in-Chief of Her Majesty’s forces in Ireland, had seen his play; he agreed to spend a week with each.”

Thuig sé an chúis ar ball, nó tharla ag an am go raibh uaisle na tíre seo tar éis diúltú dá n-aoicht, agus sa chás sin, bhí orthu aoinna a iompórtáil ó Shasana, le frestal ar a gcóisirí is ar a rincí.

Orientation

Tráth raibh sé anseo in Éirinn, feiceann muid é ag iomrascáil lena dhearcadh i leith chúrsaí gnéis, téad a théann tríd an leabar ar fad, agus dála an scéil, fadhb nár éirigh leis an Máistir, le Henry James fhéin, a scaoileadh roimh dheireadh an scéil. Dhealródh sé go raibh an fear céanna i gcás idir dhá chomhairle sna cúrsaí céanna sin, agus díríonn an t-údar, an Tóibíneach, tóirse a thaighde, go minic tríd an scéal, ar an bhfadhb dhaonna chéanna sin. Féinscrúdú, spéis i mbrionglóidí agus sa saol thall, ábhair a spreagann James, arís agus arís eile tríd an scéal, sin agus fonn pinn nach ligfeadh dó mórán sosa a ghlacadh, feadh a shaoil, sea, agus b’fhéidir freisin, eagla go dtiocfadh an ganntan ar chuairt chuig a dhoras, i ndeireadh a laethe thiar, a choinnigh ag saothrú é feadh a shaoil. Is iontach go deo an tuiscint atá ag an údar ar mheon, ar aigne, ar éirim, agus ar phearsantacht an Mháistir; toradh a thaighde, a shaothair chrua, agus a ghéarchúis dhúchais, is cúis leis an dtuiscint céanna sin, gan dabht. Féach mar a chuirtear é, sa phoiblíocht i dtús an leabhair…..

“Colm Tóibín captures the exquisite anguish of a man whose artistic gifts made his career a triumph but whose private life was haunted by loneliness and longing, and whose sexual identity remained unresolved. Henry James circulated in the grand parlours and palazzos of Europe, he was lauded and admired, yet his attempts at intimacy inevitably failed him and those he tried to love.”

An-leabhar, ach caithfidh mé é a fhágáil fút fhéin ag an bpointe seo, mar tá mé cinnte go mbainfidh tú adhmad as an scéal suimiúil, spéisiúil, spreagúil, seo.

.

.

.

.

.

.

.

A r    n a     M i s i n        1 6

An Gol is an Gáire.

.

.Dáileadh na cré.

.

Bairéadach eile sciobtha uainne,

Is muidinne fágtha faoi chiach,

ár gcaoindeirfiúr Julia againn caillte,

Is muid á cur anois in Iorras thiar.

.

Smaoinímse ar phréamha ár gcairdis,

Iad folaithe i nduifear na mblian,

Ach meallann a cuimhne fós deora,

Is músclaíonn a spiorad fós cian.

.

Is glé, glinn, a fhanann do chuimhne,

Ar bhóthar, sa tsráid, is cois cuain,

Mar ba dhuine dínn fhéin thú, a Shiubháin,

A thuill meas agus ómós gan dua.

.

Ach chuir Dia deireadh led phianta,

Is thriomaigh do dheora go brách,

Níl romhatsa feasta ach sonas,

Is grá Dé abhus agus thall.

.

Ár slán leat go fóilleach, a chailín,

Go críocha Dhún Rí na mBua,

Go raibh Leaba led’ mhuintir sna Flaithis,

Is áit ag bord Dé, ‘gat, go buan.

.

****************

.

Meitheamh 2004.

.

.

A r    n a     M i s i n        1 6

An té tá thíos…………

I mal an Phobail

Peadar Bairéad

(“An té tá thíos, buailtear cos air, is an té tá thuas, óltar deoch air.”

“An té tá thíos

Nach iomaí sin leathanach a scríobhadh le roinnt blianta anuas faoi pheacaí agus faoi mhíghníomhartha na n-eaglaiseach úd a tharraing náire agus easonóir ar an eaglais dár thug siad a ndílseacht thar bhlianta fada. Ach ansin, nuair a deineadh a ngníomhartha a chur i mbéal an phobail, ba ghearr gur tuigeadh nárbh aon aingil naoimh ar thalamh iad na boic chéanna sin. Níorbh ea muis! tuigeadh, nach raibh iontu, i ndeireadh na feide, ach daoine daonna, a raibh claonadh chun oilc iontu, mar a bhí sa chuid eile againn, ach amháin go raibh siadsan coisricthe agus geallta don eaglais agus dá dlíthe, agus go mbeifí ag súil, go mbeidís-sean ina n-eiseamláir don chuid eile againn, ach, faraoir! nuair a tháinig an crú ar an tairne, tuigeadh nár chathair mar a tuairisc iad, ach peacaigh a ghéill dá n-ainmhianta, agus dá bharr sin, a rinne dochar do chríostaithe a fágadh faoina gcúram. Tháinig an t-eolas sin uilig chun solais nuair a leagadh roinnt áirithe tuarascálacha os comhair an tsaoil, tuarascálacha a léirigh, agus a nocht, os comhair an tsaoil mhóir nár choimhlíon na heaglaisigh chéanna sin a ngeallúintí os comhair Dé, agus os comhair a phobail. Ní call dom a rá, gur cuireadh na heaglaisigh sin as a bpostanna, bíodh nár deineadh an beart céanna sin luath go leor, go minic, agus bíodh freisin, gur deineadh iarracht ar leorghníomh a dhéanamh ina míghníomhartha, ní call dom a rá, go dtógfaidh sé roinnt mhaith ama leis na fiacha morálta agus sóisialta úd a ghlanadh, scun scan. Agus sin uilig ráite, admhaithe, caithfear glacadh leis, go bhfuil iarracht mhacánta, dáiríreach á déanamh ag an Eaglais Chaitliceach deireadh go deo a chur leis an gcineál sin iompair feasta.

Dea-oibreacha dearmadta?

sé éasca go maith dearmad a dhéanamh ar an méid maitheasa a rinne an Eaglais, agus eaglaisigh, thar bhlianta fada i stair ár dtíre, agus is furasta freisin, dearmad a dhéanamh ar ar dhein siad i gcúrsaí oideachais, i gcúrsaí leighis, i gcúrsaí carthannachta, agus i gcúrsaí sóisialta frí chéile, agus caithfear a chur san áireamh freisin, go bhfuil na dea-oibreacha céanna sin idir chamáin aici fós i saol an lae inniu. Ní haon mhaith áfach, bheith ag maíomh as a gníomhartha sna blianta atá thart, nó, mura bhfuil beart de réir a briathair á dhéanamh aici sa lá atá inniu ann, ní fiú an deich triuf é. Mar sin, caithfear cur lena bhfuil déanta aici cheana, agus aghaidh a thabhairt go misniúil ar an tohchaí, ag súil le Dia go maithfear a peacaí di trí leorghníomh a dhéanamh, agus trí mhaithiúnas a lorg. Sin an ród atá roimpi amach mar thodhchaí.

Ní call a rá, go mbeidh súil easóige á coinneáil ag an bpobal uilig ar ghníomhartha na hEaglaise céanna, uaidh seo amach, agus ní call a rá ach oiread, nár leor leithscéalta feasta. Tuigeann chuile dhuine cúrsaí anois, ach, ag an am gcéanna, níl sé inghlactha, ach oiread, go mbeadh ar lánchead ag iriseoirí, nó ag láithreoirí aitheanta raidió nó teilifíse achasán a chaitheamh lei, faoi mar a tharla ar na mallaibh, nuair adúirt láithreoir aitheanta go raibh tír seo na hÉireann millte, scriosta, ag an Eaglais Chaitliceach, le blianta anuas. (Ní call dom a rá, nárbh iad na focail “millte” nó “scriosta” a d’úsáid sé, níorbh ea, in aon chor, nó bhain sé úsáid as an “F mór” fhéin, sa chás sin.) Admhaítear gur dhein eaglaisigh áirithe mí-úsáid ar ónaigh áirithe a fágadh faoina gcúram, agus go raibh roinnt áirithe de cheilt na fírinne i gceist i measc údaras na heaglaise sin freisin, agus iad ag iarraidh scannal a sheachaint, dár leo. Agus ní ag cruinniú na leithscéalta atá mé anseo, ach bhí daoine eile freisin, a raibh láimh acu sa scannal céanna sin. Céard faoi áit an Rialtais sa scéal? nó áit na gCúirteanna? áit an phobail, frí chéile, fiú? Ach, le ráiteas dá leithéid a chur ina sheasamh os ár gcomhair amach, bheadh cruthú in áit tuairime, ag teastáil uainn. Sea, agus nach bhfuil, Cothrom na Féinne, agus a lá sa chúirt, dlite do chuile dhuine sula ndaorfaí é? agus nár chóir freisin sainmhíniú cruinn a thabhairt ar an dtéarma Catholic Church”. Cé tá i gceist sa téarma sin? An Cliarlathas? nó Pobal Dé, frí chéile? nó an péire acu i bhfochair a chéile? B’fhéidir gur leor sin don babhta seo!

A r    n a     M i s i n        1 6

Ar na Misin Cuairt ar Caislean Hearst.

C u a i r t a r H e a r s t C a s t l e .

**********************

Ar an mbóthar go Pismo Beach.

Tar éis dúinn ár gcuairt ar Mission La Purisima, gar do Lompoc, a chríochnú, thugamar an bóthar ó thuaidh orainn fhéin, nó bhí socraithe againn Pismo Beach, agus ár lóistín ag Coastal Vacation Rentals, a bhaint amach, an tráthnóna sin, sa chaoi go mbeadh muid gar go maith do Hearst Castle, tharla go raibh an Caisleán draíochta sin ar cheann de cinn scríbe, a raibh beartaithe againn cuairt a thabhairt orthu, sna laethe a bhí romhainn amach. Ar ár mbealach ó thuaidh dúinn chuamar trí dhúiche álainn. Talamh breá leibhéalta, den chuid ba mhó, a bhí ann, agus murab ionann is áiteacha eile sa Stát iontach seo Chalafóirnia, bhí talmhaíocht de chuile chineál á cleachtadh san áit seo.

Anseo, bhí fíonghoirt áille ag síneadh amach uainn go bun na spéire, geall leis, agus ansiúd, bhí glasraí de chuile chineál á bhfás, agus daoine, ina meithil ollmhóra, ag saothrú leo ansin, amuigh faoin aer agus faoi theas creathnach na gréine gile. Chomh fada agus a bhí le feiceáil againn, ba bheag ní i bhfoirm claí nó fál a bhí le feiceáil sna dúichí sin, ach an talamh breá leibhéalta sin leagtha amach ina sraitheanna ollmhóra, fairsinge, leathana. Ba é an rud a rith chun mo chuimhnese nó na feirmeoirí a chonaic mé fhéin, blianta fada ó shoin, ag saothrú leo, i mbaile beag, a dtugtar Fálach air, thiar in Iorras na nIontas, mar ar chleacht siad fós an seanchóras talmhaíochta, a dtugaidís “Rundale” air, áit nach raibh claí nó fál idir na goirt, ach iad uilig amuigh ansin, ag saothrú leo faoi mar ba mheitheal ollmhór iad, ach i ndáiríre, bhí chuile chlann i mbun a gnó fhéin. Ach i gCalafóirnia, is dócha nár leis na hoibrithe sin an talamh in aon chor, ach le comhlacht mór eicínt, agus na hoibrithe sin ag obair, ar a bpá lae, don chomhlacht sin. Chuir an méid innealra a bhí acu ionadh orainn, agus na gluaisteáin agus na leoraithe istigh ansin, mar a raibh siad i mbun oibre, nó bhí an talamh sin breá, teann, tirim, sa chaoi nach raibh baol ar bith ann go raghadh feithicil ar bith go haiseal i scraith ghlugair, nó tada dá leithéid. In áit eile fós, d’fheicfeá toir agus crainn agus a gcraoabhacha ag cromadh go talamh, faoi mheáchan a dtorthaí. Níor bhréag a rá go raibh cuma an airgid ar an taobh tíre sin, é cosúil, ar bhealach, le Tír na nÓg fhéin, nó ba thír í a raibh saibhreas an talaimh le léamh ar chuile acra di.

Bhí difir an-mhór idir thalmhaíocht sa tír sin agus talmhaíocht mar a chleachtaítear í sa tír s’againne, agus sí an difir ollmhór sin nó an chaoi a ndéantar chuile acra ansin a uisciú. Gan an t-uisciú sin, ní bheadh sa tír álainn sin trínar ghabhamar ach fásach tirim, gainmheach, gan tada ag fás air ach cactas agus scrobharnach. B’álainn an radharc é córas uiscuithe dá leithéid a fheiceáil i mbun oibre, agus an t-uisce a fheiceáil á chur san aer, agus ag titim anuas arís, ina chioth torthúil, ar ghais is ar thorthaí, sa timpeall.. I bhfad ar shiúl, bhí cnoic is sléibhte le feiceáil mar a bheadh fráma ar phictiúr, ag timpeallú an talamh curaíochta. Ach ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn orainne, nó na sluaite daoine i mbun oibre amuigh ansin sna goirt, agus iad uilig chomh graitheach le beacha, lá Samhraidh.

Ar deireadh thiar, shroicheamar Pismo Beach, agus tar éis dúinn tamall a chaitheamh ag cuardach, thángamar ar ár dteach fhéin, agus é suite ansin, in ionad ciúin, compórdach, ach ag an am gcéanna, é suite cóngarach go maith do chuile shórt a bhí le fáil sa chathair álainn sin Pismo Beach. Chuamar amach an oíche sin le dinnéar a chaitheamh in Óstán de chuid Holiday Inn. Caithfidh mé a rá, gur deineadh freastal fial, flaithiúil, orainn, san Óstán céanna sin, agus nuair a bhí ite, ólta, againn, thugamar ár dteachna orainn fhein arís, agus chaitheamar seal ag suí timpeall, ag breathnú ar an teilifís, agus ag léamh, nó ag scríobh, go dtí go raibh sé in am soip, agus ansin, thugamar an leaba orainn fhéin, agus ní call a rá, gur chodail chuile dhuine againn go sámh go maidin gona lánsoilse arna mhárach.

Bhíomar ar ár gcois arís go breá luath, an mhaidin dár gcionn, nó bhí lá mór os ár gcomhair amach, agus caithfidh mé a admháil, go raibh cineál eagla orm fhéin, go mbeadh sé beagáinín iomarcach dom, nó nílim chomh haclaí, lúfar, láidir, is a bhí mé, leathchéad bliain ó shoin! Ach níor chuir sin stop liom sa bhfuadar buile sin a bhí fúm, seal a chaitheamh ag breathnú ar Chaisleán Hearst, nó Hearst Castle, mar a thugtar air i mBéarla.

Bhí an Caisleán céanna sin píosa maith uainn, agus mar sin, bhí orainn chuile ullmhúchán a dhéanamh i ndiaidh ár mbricfeasta, nó bhí coinne déanta againn, bheith ansin ag a fiche neomat chun a haondhéag ar maidin, agus bíodh go raibh an tír trínar ghabhamar, an mhaidin sin, thar mholadh beirte, ar a háilleacht, ar a fiántas, agus ar a héagsúlacht, caithfidh mé a admháil, gur bheag é m’aird fhéin uirthi, an mhaidin álainn Fómhair sin, nó bhí mé ag smaoineamh, feadh an ama, ar a raibh os ár gcomhair amach, nó bhí scéalta cloiste agamsa faoi na céimeanna uilig a bhí le dreapadh ag an gcuairteoir, agus ar airde an Chaisleáin os cionn leibhéal na farraige, áit a thosnódh ár dturas, an mhaidin álainn sin.

Ar ár dturas ó thuaidh, chuamar trí San Luis Obispo, agus tar éis dúinn dul tríd an gcathair sin, chasamar ar chlé ó Shaorbhealach 101, agus chuamar ag taisteal ar Mhótorbhealach a hAon. Thaisteal muid ar an Mótorbhealach céanna sin, sa bhliain 1988, agus i ndáiríre, ba bheag athrú a bhí tagtha ar an dúiche sin, san idirlinn. Chuamar thar Cambria, baile álainn, ar chaitheamar oíche ann, sa bhliain sin, 1988, agus ó thuaidh linn, agus fuadar fúinn. Ba ghearr an mhoill orainn ansin San Simeon a bhaint amach. Turas réasúnta fada é, ó Pismo Beach go San Simeon, nó sin an baile is gaire don Chaisleán clúiteach sin, agus is minic a thugtar Caisleán San Simeon air freisin. B’in an t’ainm, Rainse San Simeon, a baisteadh ar an Rainse a bhí ag muintir Hearst sa dúiche sin.

Ba é Willian Randolph Hearst a té a thóg an caisleán. Ach ba é George Hearst, a athair siúd a cheannaigh na Ranchos a bhí sa timpeall ina lá fhéin, agus níor stop sé go dtí go raibh thart ar 250,000 acra, thart ar San Simeon, ina sheilbh aige. Ní gá a rá, gur cheannaigh sé roinnt de na Ranchos céanna sin ar shladmhargadh, nó níor chosain cuid díobh ach thart ar Dolar an acra! ach sin scéal eile ar fad, agus ní bhaineann sé linn anseo. Ar deireadh thiar thall, shroicheamar bun an tsléibhe ar a bhfuil an Caisleán draoíchta seo tógtha. Bhí Ionad Páirceála ansin do na céadta, agus na céadta, gluaisteán, agus do na céadta bus freisin, a tharraingíonn ar an Ionad céanna sin, chuile lá sa bhliain, nó bhí caise bhuan tráchta ag teacht isteach chun an Ionaid Pháirceála chéanna sin, agus a chomh-mhaith de chaise ag sníomh a bealaigh amach as arís, acu siúd a raibh a dturas críochnaithe acu. Isteach linn. Fuair muid áit oiriúnach páirceála, agus thugamar ár n-aghaidh ar an Ionad Fáiltithe, atá suite acu ansin ag bun an tsléibhe. Shroicheamar Ionad Páirceála Chaisleáin Hearst in am trátha, agus ó tharla go raibh ár dturas curtha in áirithe againne roimh ré, ar chostas ocht nDolar déag an duine, bhí deis againn seal gearr a chaitheamh ag guairdeall timpeall tríd an Ionad Fáiltithe atá suiter in aice leis an Ionad Páirceála sin, fad is bhí muid ag fanacht ar ár mbus, nó níl slí ar bith eile leis an turas go dtí an Caisleán a dhéanamh, ach ar bhus speisialta, ceann de bhusanna Chorparáid Hearst Castle. Nuair a bhí an t-am spriocáilte ag druidim linn, thugamar ár n-aghaidh ar stad na mbus, mar a raibh ár mbus ag fanacht orainn. Ba ghearr an mhoill a bhí orainn ansin. Ligeadh ar bord an bhus faoi leith sinn, ar a raibh suíocháin in áirithe dúinn, nó bhí bus ag fágáil an Ionaid sin chuile dheich neomat, le dreapadh inairde na cúig mhíle slí, go dtí an Caisleán draíochta sin a bhí suite go péacach ar bharr na binne.

Díreach ag a fiche neomat chun a haondhéag, d’fhág ár mbusna an stad, agus thosaigh ag dreapadh a bhealaigh leis, go réidh, cúramach, cáirseánach, suas i gcoinne an aird. Bheadh sé deacair cur síos a dhéanamh ar an turas céanna sin, nó bíodh nach raibh sa turas ar fad ach cúig mhíle slí, bheadh sé deacair turas ní b’éagsúlaí a shamhlú, fiú. Anois, bheadh an bus ag sníomh a bhealaigh leis ar imeall faille, agus arís, ag dul thar chainneon diabhalta doimhin; ar ball, bheadh a theanga bheag amuigh aige ag iarraidh barr binne a bhaint amach, agus níos déanaí arís, bheadh muid ag dul siar, faoi mar a bheadh a mhisneach caillte ag an diabhal bus, agus go raibh sé ar a bhealach ar ais go dtí an tIonad Fáiltithe arís, ach ansin, de phlimp, chasfadh sé timpeall, agus thabharfadh ruathar buile faoi aird eile, a d’fhágfadh muidinne ag greamú taobh ár suíochán, ar eagla go gcaithfí trí fhuinneoga an bhus amach muid. Aerfort le feiceáil píosa thíos uainn, agus in áit eile, ainmhithe allta ag iníor leo go sásta i ngleann féaruaithne, gleoite, doimhin.

Ar deireadh thiar áfach, shroicheamar “Hearst Castle” caisleán a tharraingíonn thart ar mhilliún turasóir chuige, in aghaidh na bliana. Bhí beirt treoraí linn ar an mbus, agus chuaigh siadsan i mbun oibre láithreach, bíoidh go raibh a gcion fhéin á dhéanamh acu feadh an turais in airde, nó bhí tráchtaireacht reatha ar siúl acu, feadh an ama sin. Threoraigh siad sinn uilig suas na gcéimeanna iomadúla úd, ar chuala mise a dtásc, agus a dtuairisc, go minic, sular leag mé spág ar bharr an tsléibhe seo Santa Lucia. Ait go leor, ba é an t-ainm a bhaist William Randolph Hearst fhéin ar ionad a árais ar bharr an tsléibhe sin, nó La Cuesta Encantada, sé sin, An Cnoc Draíochta. Clúdaionn an t-eastát sin 137 acra, sa lá atá inniu ann, agus ar an gcnoc draíochta sin, tá ceithre áras ollmhóra, árais a dhear an t-ailtire clúiteach mná sin, Julia Morgan, bean a fuair cuid dá traenáil san Ecole des Beaux Arts i bPáras na Fraince. Chomhoibrigh sí fhéin agus Hearst i ndearadh, agus i dtógáil, an Chaisleáin, agus trí cinn de Thithe Cuairteoiri, thar thréimhse seacht mbliana is fiche! Sa tréimhse sin, d’ordaigh Hearst, agus dhear Morgan, na hárais thuasluaite, maraon le dhá linn snámha, ceann faoi dhíon agus an ceann eile amuigh faoin aer, chomh maith leo sin, bhí garrraithe, cúirteanna leadóige, agus fiú Garraí na nAinmhithe. Is dócha go bhféadfá a rá, nár fíoradh riamh, ina iomláine, fís shamhailteach Hearst, nó i ndeireadh na dála, ba é an bás a chuir lán stad leis an dtionscadal draíochta, samhlaíoch, dochreidte sin, Hearst Castle.

Tar éis dúinn sraith amháin céimeanna a dhreapadh, bailíodh i bhfáinne muid, agus chuaigh na treoraithe i mbun oibre. Mhínigh siad dúinn chomh deacair is a bhí sé fís úd Hearst a fhíoradh, ar bharr sléibhe, ansin i gCalafóirnia. Mhínigh siad freisin, an chaoi a raibh orthu chuile shórt a iompar ó Shan Simeon, thíos ag leibhéal na farraige, suas taobh an tsléibhe, go hionad an Chaisleáin. Ar leoraithe agus ar chairteacha a deineadh an t-éacht oibre sin, agus thógadh sé uair a’ chloig ar chuile leorai acu an turas sin a dhéanamh, agus nuair a smaoiníonn tú ar an méid ollmhór earraí, agus ábhair, a bhí le hiompar acu go barr an tsléibhe sin, leis an bhfís neamhaí seo a réaladh ansin ar an mbinn, is beag nach gcuirfeadh sé meadhrán cinn ort. D’iompaigh sí ansin ar thaobh na ciotóige, agus d’iarr orainn lán súl a bhaint as an linn snámha, a bhí leagtha amach ansin os ár gcomhair amach.

Baineadh an chaint dínn uilig, agus ní raibh le clos ó dhuine ar bith againn, ach “Wow!” iontais, agus a chúis sin againn, geallaimse dhuit é.

Nó, ansin os ár gcomhair amach, chonaic muid an linn snámha ab éagsúlaí dár leag duine ar bith againn súil riamh uirthi. Ba é a rith liom fhéin, láithreach bonn, nó nach raibh a leithéid seo de Linn Snámha ag Impire Rómhánach ar bith riamh, cuma cé chomh saibhir is a bhí sé. As tíleanna marmair a tógadh chuile shórt anseo, idir urlár, taobhanna, agus timpeallacht. Bhí gréas álainn ornáideach le feiceáil ar urlár na linne, agus bhí an t-uisce sa linn sin chomh glé, glan, gorm sin, gurbh ar éigean a chreidfeá go raibh uisce ann in aon chor, ach an gréas álainn ar urlár na linne, le feiceáil go glan, soiléir, thíos ansin. Tíleanna de mharmar geal a bhí timpeall na linne, agus ansin, bhí dealbha áille dea-dheartha, agus uaimheanna maisithe marmair, sa timpeall freisin, uaimheanna a chuirfeadh teampaill phágánacha i gcuimhne dhuit.

Ní haon ionadh gur, Linn Neptune, a baisteadh ar an Linn iontach seo. Thart anseo bhí colúin áille marmair, agus díon clasaiceach os a gcionn in airde, thall ansin, bhí líne eile colún agus balastráid leagtha go healaíonta, taitneamhach, os a gcionn. Agus méadaíodh ar an ionadh, nuair a chuireamar san áireamh, gur dealbha bunaidh iad na dealbha áille sin uilig, atá feistithe go péacach timpeall na Linne. Sea, mh’anam, dóthain Rí, nó Impire, de Linn Snamha, a bhí le feiceáil againn ansin, amuigh faoin aer, os comhair ceann de na Tithe Cuairteoirí amach, agus b’éigean dúinn seal a chaitheamh ansin, agus muid ag iarraidh roinnt éigin den áilleacht chlasaiceach, chorraitheach sin, a ól isteach, agus a stóráil, áit eicínt i measc na gcuimhní, a thógfadh muid linn, i ndeireadh an lae seo.

Bhí Caislean Hearst sroichte againn, i ndeireadh na dála. Bhí na céimeanna iomadúla sin, a luaigh mé cheana, curtha dínn againn, agus muid ansin i bplás deas leibhéalta, os comhair ceann de Thithe na gCuairteoirí amach, áit a raibh radharc fíor-álainn againn ar dhúiche agus ar rainse Shan Simeon. Tar éis dúinn seal a chaitheamh ansin, ag breathnú ar an Neptune Pool, agus muid uilig faoi gheasa ag áilleacht chlasaiceach na timpeallachta agus na háite sin, tógadh muid ansin, le spléachadh a fháil ar cheann de Thithe na gCuairteoirí. Sna Tithe sin, a thug Hearst lóistín, agus bheith istigh, dá chuairteoirí agus da aíonna iomadúla, sé sin le rá, dóibh siúd ar thug seisean cuireadh chun an Chaisleáin dóibh, agus ag breathnú ar liosta na gcuairteoirí sin, b’ionann is bheith ag breathnú ar liosta maithe agus móruaisle na linne sin é. Níl dabht ar domhan, ach go raibh cuma agus blas an airgid ar chuile shórt i dTithe úd na gCuairteoirí. “En Suite” curtha ar fáil do chuile aoi acu, ach san “En Suite” sin, ní raibh dabhach folctha curtha isteach aige i gceann ar bith acu, ina n-ionad, is amhlaidh a chuir sé cithfholcthaí isteach ina n-áit, rud a bheadh an-neamhchoitianta ar fad ag an am, agus dá chruthú sin, b’iomaí aoi a rinne a dhícheall, nó a dícheall, folcadh a tógail i gcupla orlach uisce! Rud a thaitneodh go mór le Hearst fhéin, nó is cosúil gur le bob a bhualadh ar a aíoanna ardnósacha a chuir sé na cithfholcthaí céanna sin isteach, a chéaduair.

Chun tosaigh linn ar ball, chuig an “Casa Grande” fhéin, nó an Teach Mór, sé sin, an Caisleán fhéin, bíodh nach bhfuil cuma caisleáin air, in aon chor, nó is cosúla é, ar bhealach, le Misean Santa Barbara, ná le caisleán ar bith! Is fiú tabhairt faoi deara anseo, go bhfuil 115 seomra sa Chaisleán dé-thúrach álainn sin.  

Is beag nach mbainfeadh an saibhreas áilleachta agus ealaíona atá ar teaspaint don turasóir os comhair an Chaisleáin Draíochta sin, an anáil díot. Tá ansin, ceithre dhealbh de Sekbmet, bandia Éigipteach an chogaidh, agus is fiú cupla nóimeat a chaithemh ag bbreathnú orthusan, nó is iad na seoda is ársa i gCaisleán Hearst ar fad iad, nó deirtear gur dealbhaíodh iad, idir na blianta 1350 agus 1220, Roimh Chríost!

I do sheasamh ansin, sa Plaza os comhair an Chaisleáin, agus tú ag breathnú in airde ar ghréas, agus ar dhearadh, an fhoirgnimh álainn sin, thabharfá faoi deara an cúram cruinn ceart a deineadh den ornáidíocht, agus den mhaisiú ealaíonta i leagan amach aghaidh an chaisleáin chéanna sin. Arís, chuirfeadh ársacht na ndealbha a bhí sa timpeall siar ar do chosa deiridh thú. Ar ball, nuair a bhí muid sásta go raibh cuid eicínt den áilleacht sin taiscithe againn i gcófraí do-scriosta na cuimhne, threoraigh ár dtreoraithe isteach sa “Casa Grande” fhéin sinn.

Bí ag caint ar shaibhreas, ar ársacht, ar áilleacht! Bhí sin le tabhairt faoi deara i ngach coirnéal. Bhí sé os do chionn inairde, thart ar chuile thaobh díot, agus ar an urlár thíos fút freisin. I gcás na n-urlár, bhí a mbunús clúdaithe le cairpéid, rugaí urláir, agus mataí, a bailíodh ó chuile choirnéal den domhan thiar agus den domhan thoir. Ba é an scéal céanna é i gcás na síleálacha os do chionn in airde, nó bailíodh cuid acu sin freisin ó Mhainisteacha agus ó Thithe Móra, cuma cá raibh siad suite, ach bheadh ort a admháil go raibh áilleacht thar na bearta ag baint lena mbunús. Dúradh linn, freisin, mura mbeadh ar chumas Hearst, síleáil áirithe a fháil do sheomra dá n-oiriúnfeadh sí, ansin chuirfeadh sé saineolaithe i mbun oibre, le cóip cheart chruinn a dhéanamh de, nó b’in an cineál duine é.

I gcás na bhfallaí timpeall orainn, bhainfeadh a n-áilleacht an anáil díot, nó ar fhalla anseo, bheadh tíleanna áille ildaite, a deineadh go speisialta don bhfalla áirithe sin, agus ansiúd bheadh falla eile clúdaithe le tíleanna a tógadh isteach ón iasacht, toisc gur theasaigh a leithéid uathu, don ionad áirithe sin. Ach ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin, nó méid agus uimhir na dtaipéisí áille, ildaite, ealaíonta, a bhí crochta ar fud an chaisleáin. Cuma cá raghfá, sa “Casa Grande”, bhí na fallaí clúdaithe le taipéisí ollmhóra de chuile chineál, agus chuile cheann acu, geall leis, ina thaipéis bhunaidh, Chuamar ó Halla go Halla sa Chaisleán ollmhór sin, agus de réir mar a chuamar ó cheann go ceann acu, b’amhlaidh a mhéadaigh ar ár n-ionadh, nó ní chreidfeá go bhféadfaí teacht ar an oiread sin de shaibhreas sa saol mór ar fad, ach d’éirigh le William Randolph Hearst teacht orthu! Nó b’fhéidir gur chóra dhom a rá gur éirigh leis iad a bhailiú, nó a cheannacht, ó bhailitheoirí cáiliúla i gcathracha móra Mheiriceá, nó i Londain Shasana freisin.

Tuigeadh do lucht díolta seandachtaí, ar fud an domhain, go raibh an fear seo i Meiriceá, ar bhailitheoir éigeantach é, agus ní hé amháin go gceannaíodh sé a dtaitníodh leis, ach cheannaíodh sé na seandachtaí sin ar theist na mbailitheoirí cáiliúla i Londain, i Nua Eabhrac, nó i Los Angeles, nó in aon ionad eile, a raibh ainm na scile sin amuigh orthu. I ndáiríre, bhí na céadta agus na céadta earraí dá leithéid ceannaithe aige, sular tógadh Caisleán Hearst in aon chor, agus ba mhinic a Ailtire, Julia Morgan, ag cur ionaid faoi leith in áirithe do sheandachtaí speisialta. Nuair a smaoiníonn tú ar chúrsaí ar an mbealach sin, d’fhéadfá a rá, gur tógadh an Caisleán uilig, sa chaoi go mbeadh dánlann ag William Randolph Hearst, le bheith istigh oiriúnach a chur ar fáil dá sheandachtaí ársa, stairiúla, áille. Nuair a chonaic mé fhéin an méid uafásach seoda, de chuile shórt, a bailíodh ó shibhialtachta na cruinne, ba é a rith liom i dtosach, nó go mba robálaí é Hearst, a d’úsáid a chuid airgid, le saibhreas ealaíona dá leithéid a bhailiú chuige, bíodh gur fhág sé tíortha eile i bhfad Éireann níos boichte, dá bharr, agus go mba chosúla le hionad folaigh fhoghlaithe mara é an Caisleán seo ná le Dánlann dáiríreach.

Ach, nuair a bhreathnaíonn tú air ó thaobh eile, d’fhéadfá a rá, gur bhailigh sé seandachtaí agus earraí ealaíonta dá leithéid chuige, le hIarsmalann daingean sabháilte a chur ar fáil dóibh ansin ar Rainse Shan Simeon, sa chaoi go dtabharfaí cúram ceart dóibh, feasta, agus sa tslí sin, go gcoinneofaí slán sábháilte iad, do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh, nó ní bréag ar bith é a rá, gur chuid dílis d’oidhreacht an chine dhaonna iad. Sa tslí sin, ghlac me leis, nár réabadh reilge, amach is amuigh, a bhí déanta ag William Randolph Hearst, ach go mba chineál caomhnnóra é, a chuaigh amach ansin, agus a cheannaigh seoda dhaoine eile, lena chaisleán fhéin a mhaisiú! Agus leis na seoda sin a chaomhnú, ag an am gcéanna.

Ach le filleadh ar scéal Chaisleán Hearst, agus ar na seoda iomadúla a bailíodh ansin as na ceithre hairde, agus mar a gcoinnítear iad anois, i ndún daingean na Dánlainne Idirnaisiúnta sin, agus áit a dtagann thart ar mhilliún cuairteoir chuici, in aghaidh na bliana, le spléachadh a fháil ar an ollmhaitheas sin uilig. Rud a thugann an cuairteoir faoi deara, le linn a chuairte ar an gCaisleán sin, nó an méid ollmhór d’éidí eaglasta atá crochta ar fallaí, agus a úsáidtear sa tslí sin mar mhaisiúcháin, ar fud an “Chasa Grande” ar fad.

Bhí áiteacha, agus Hallai, sa Chaisleán, a chuaigh i gcionn go mór orainn uilig. Bhí Halla ollmhór ansin, an Leabharlann, ina dtagadh na haíonna le chéile, ar chúiseanna áirithe, agus é lom lán le seoda de chuile chineál, ó shíleáil go cairpéid, ó throscán go taipéisí, agus ó dhealbha go pictiúir, ach thar aon rud eile, thabharfá suntas do na Cuacha Gréagacha, atá socraithe go healaíonta os cionn na leabhragán, agus iad teanntaithe leis an bhfalla ansin, ar chaoi nach ndéanfai dochar dóibh, dá dtarlódh crith talún, fiú. I lár an tseomra istigh, tá bord ollmhór, agus thart air, tá cathaoireacha áille, dea-dheartha, dea-dhéanta, ar a suíodh maithe móra agus móruaisle an domhain mhóir, mar aíoanna Hearst, ag an am sin.

Ba mhinic a chaitheadh an t-úinéir an deireadh seachtaine thíos ansin ar a Rainse, agus in éineacht leis, bhailíodh sé slua daoine a bhí i mbéal an phobail, ag an am, agus ó tharla go mba iriseoir é Hearst, thugadh sin deis faoi leith dósan, na daoine sin a chur faoi agallamh, i dtimpeallacht speisialta, agus in éineacht leo sin, thugadh sé cuireadh freisin, do dhaoine mór le rá, a bhi ar chuairt sna Stáit Aontaithe, ag an am, daoine cosúil le Príomh-Airí, Ríthe, Prionsaí, Réalta Scannáin, agus a leitheidí.

Anois, bhíodh a seomraí fhéin ag na haíonna sin i dTithe na gCuairteoirí, ach nuair a thagadh an tam le tráth bia a chaitheamh, ghlaofaí ar na haíonna teacht go Seomra Bia an “Casa Grande”, díreach mar a ghlaofaí ar bhuachaillí bó chuig an Chuck House, fadó, nó b’fhacthas do William Randolph i gcónaí go mba Rainse a bhí acu ag San Simeon. Ó, sea, agus a leithéid de Bhialann! Halla ollmhór fairsing. Bord caol fada síos lár an tseomra chéanna sin, agus crochta go hard ar na taobhfhallaí tá sraith de bhratacha ildaite síoda. Bratacha rásaíochta de chuid an ochtú haois déag atá i gceist anseo, ach, ó tharla go bhfuil na bratacha céanna sin caite go maith faoi seo, ní hiad na bratacha bunaidh atá crochta ansin a thuilleadh, ach cóipeanna dea-dhéanta atá crochta ansin anois ina n-áit. Tá sa Bhialann sin freisin, bailiúchán de shoithigh airgid, leagtha amach anois, mar mhaisiúcháin, fan taobh an Halla. Tá ann freisin, coinleoirí airgid, maraon le taipéisí ildaite, ealaíonta, crochta ar na taobhfhallaí. I gcás an bhoird fhada fhéin, thabharfá faoi deara, nár bhord ró-leathan é, agus nach ndeachthas thar fóir le cathaoireacha, nó le feisteas boird ach oiread, mar rinne Hearst fhéin chuile dhícheall ar cheangal eicínt a choinneáil le saol an Rainse, sa Halla seo, ach go háirithe. Mar sin, bhí simplíocht nádúrtha ag baint le leagan amach an bhoird agus na gcathaoireacha.

Bhí rud eile ag baint leis an mBialann sin, i Raisne San Simeon, agus sé sin, nár tugadh aird ar bith ar stádas aon aoi, ag an mbord sin. Cuma cé acu Rí nó Príomh-Aire; Aisteoir, nó Iriseoir; a bhí i gceist, ní raibh aon áit faoi leith curtha in áirithe dó, nó bhí chuile aoi ar aon leibhéal sóisialta ag bord William Randolph Hearst, ansin, i mBialann an “Casa Grande”. Sea, agus le blas an Rainse a choinneáil glas, minic a sheasadh Hearst fhéin ag doras an “Casa Grande”, lena chlog, agus é á bhuaileadh aige, lena aíonna a ghlaoch chun bia. Bhí an Bialann sin ar cheann de na Hallaí ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin, caithfidh mé a rá.

Thugamar cuairt freisin ar an bPictiúrlann álainn, a bhí ag Hearst ina Chaisleán, mar a léirítí scannán, chuile thráthnóna, geall leis, agus ní call dom a rá, go raibh fonn i gcónaí ar Hearst, scannáin faoi Bhuachaillí Bó a chur ar teaspáint ansin. Arís bhí blas den chlasaiceacht ag baint le chuile shórt sa bPictiúrlann céanna sin, agus féach mar a theaspáin Hearst a mheas ar a lucht oibre. Bhí sé mar riail acu, gan an scannán a chur ar teaspáint, go dtí go mbeadh a gcuid oibre críochnaithe ag foireann na cistine, le deis a thabhairt dóibhsean freastal ar an scannán, ansin amháin a chuirtí tús leis an scannán. Agus os ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, ní raibh cead ag aoi ar bith a bheith drochbhéasach le cailíní, nó le buachaillí, aimsire, ach dá dtarlódh a leithéid, ba don aoi a thugtaí bata agus bóthar, ar an dá luas!

Le críoch a chur lenár gcuairt ar an “Casa Grande” fhéin, tugadh isteach sinn le spléachadh a fháil ar an Linn Snámha faoi dhíon. Arís, caithfidh mé a admháil gur bheag nár thiteamar as ár seasamh, nuair a leagamar súil ar an Linn chéanna sin. Ní raibh le feiceáil timpeall ort ach chuile rud níos áille ná a chéile. Mósáic de ghloine leochaileach Venéiseach, agus ór leathnaithe, a chlúdaigh, idir shíleáil agus taobh-bhallaí, agus ar an urlár thíos fút fiú, ba chineál mósáice a bhí ansin freisin, ach go raibh tíleanna beaga óir measctha go fairsing tríd an mósáic chéanna sin, agus ór dhá charat agus fiche, a bhí ann, adúradh linn. Sin galánta agat, a mhac!

Ar ár mbealach amach as an “Casa Grande”, chonaic muid an cúirteanna leadóige, mar a mbíodh deis ag na haíonna, seal a chaitheamh ag imirt dreas leadóige lena chéile.

Ar deireadh thiar, bhíomar tagtha go deireadh na cuairte iontaí sin ar Chaisleán Hearst, agus tugadh amach sinn, go dtí an áit a raibh ár mbus ag fanacht, le sinn a iompar ar ais go dtí an tIonad Fáiltithe arís. Ar ár slí ar ais, míníodh dúinn freisin, go mbíodh Sú speisialta, cóngarach don Chaisleán freisin, tráth, agus sa tslí sin, go mbíodh deis ag na haíonna breathnú ar bheithigh allta, i suíomh speisialta, a cuireadh ar fáil dóibh ansin, ar shléibhte Santa Lucia. Ach, ar chúis amháin, nó ar chúis eile, cuireadh deireadh leis an dtionscadal sin, luath go leor, i stair an Chaisleáin. Nior thóg sé an oiread sin ar fad ama ár mbealach ar ais go dtí an tIonad Fáiltithe a dhéanamh ar bhus úd an Chomhlachta, agus ba ghearr go raibh muid ag tuirlingt den bhus céanna sin, agus muid ar ár mbealach isteach san Ionad Fáiltithe sin.

Ar deireadh thiar thall, bhíomar ar ais san Ionad Fáiltithe thíos ag bun an tsléibhe, agus caithfidh mé a admháil dhuit, go raibh an-áthas orm fhéin, gur éirigh liom an turas sin a dhéanamh gan aon ró-stró. Is dócha gur chóir a lua anseo freisin, nach raibh déanta againne ach an chéad thuras, de cheithre thuras ar fad, a thógann sé, le radharc réasúnta iomlán a fháil ar an gCaisleán ar fad, ach bhíomarna lán tsásta leis an turas a rinneamar, agus lena raibh feicthe againn, nó níor bheag nó suarach an méid é. Ach anois, ó tharla go raibh muid ar ais san Ionad Fáiltithe, bhí dhá rud eile a d’fhéadfadh muid a dhéanamh, sára nglanfadh muid, scun scan, as an áit. Bhí socraithe againne, seal a chaitheamh ag breathnú ar scannán, a bhí á léiriú acu san Ionad sin, scannán a léirigh stair an tionscadail draíochta, iontaigh, sin, Hearst Castle, ó thús deireadh.

Ní raibh deacracht ar bith fáil isteach sa Phictiúrlann bhreá a bhí acu ansin san Ionad. Isteach linn. Fuaireamar suíocháin in ionad sásúil, agus shuíomar fúinn, le taitneamh a bhaint as an seó. Thóg sé tamall orainn éirí cleachtach ar an bpictiúr ollmhór a bhí á theilgeadh ar an scáileán fairsing os ár gcomhair amach, ach diaidh ar ndiaidh, tháinig muid isteach air, agus ní raibh tada le déanamh againn ansin ach luí siar, agus scéal an chaisleáin a leanúint, ar an scáileán draíochta sin.

Thosaigh scéal an Chaisleáin thiar ag an tús. Léiríodh dúinn faoi mar a d’éirigh le George Hearst, athair William Randolph, a chuid airgid a dhéanamh as mianadóireacht, agus ansin as ceannacht talaimh agus tithe, anseo agus ansiúd, ar fúd na Stát Aontaithe. Ní raibh ach an t-aon pháiste amháin aige fhéin agus ag a bhean, Phoebe Apperson Hearst.

Ba pháiste seanchríonna é Willie, dár le Phoebe, ach go háirithe, agus thug sí chuile dheis dó suim sna healíona a mhúscailt agus a chothú, nuair a thug sí ar “Thuras Mór na hEorpa” é, ar feadh bliain go leith. I rith an ama sin, chonaic Willie Caisleáin draíochta, agus ArdEaglaisí ollmhóra, Ollscoileanna agus Foirgintí Poiblí, ó cheann ceann na hEorpa, agus chomh maith le sin, chonaic sé na pictiúir, agus na dealbha, a bhí ar teaspáint, i nDánlanna agus in Iarsmalanna, ó cheann ceann na Mór-roinne sin. Níl dabht ar domhan, ach gur mhúscail an turas sin an dúil do-mhúchta a bhí aige i mbailiú seandachtaí, agus i dtógáil a Chaisleáin draíochta fhéin ar bharr binne, bailiúchan agus Caisleán a tharraingeodh aird an domhain mhóir air, mar shaineolaí sna cúrsaí céanna sin.

Chuaigh sé go Coláiste Harvard, sa bhliain 1882. D’fheidhmigh sé mar eaagarthóir ar Iris ghreannmhar an Choláiste, agus in éineacht le sin, chuir sé suim i ndrámaíocht agus i siamsa. Faraoir! ni raibh an iomarca spéise aige i gcúrsaí léinn, agus ar ball, iarradh air bailiú leis as Harvard. Ba ghearr gur thosaigh sé ar shlí bheatha eile, a ghaibhniú dó fháin, san Iriseoireacht. Agus ó tharla go raibh sparán teann ag a athair, George, tar éis roinnt teipeanna, d’éirigh leis dul i gcionn go mór ar lucht nuachtán a fhoilsiú sna Stáit. Nuair a bhí rún na gairme beatha sin tuigthe aige, leathnaigh sé a impireacht ó cheann ceann Mheiriceá, agus lean air ag ceannacht nuachtáin i ndiaidh nuachtáin, go dtí go raibh a ainm in airde ar fud an domhain ar fad.

Tar éis do George Hearst bás d’fháil, lean a bhean, Phoebe, ag obair ar a dícheall, ag tógáil foirgintí áille, anseo is ansiúd, agus duine de na hAiltirí ba cháiliúla, a bhí ag obair i gomhar lei, ab ea Julia Morgan. Anois, i rith an ama seo go léir, bíodh go raibh fortún déanta ag William Randolph as a stuaim fhéin, níor bhuail spadhar na tógála é go dtí go bhfuair a mháthair, Phoebe, bás, den bhfliú a lean an chéad chogadh domhanda, sa bhliain 1919, agus gur fhág sí saibhreas ollmhór ag a mac, Willie. D’fhág sí Rainse San Simeon, maraon le bailiúchán leabhar agus pictiúr freisin, agus má chuireann tú le sin, gur fhág sí thart ar aon mhilliún déag Dollar, in airgead tirim, le huacht aige, tuigfidh tú ansin méid a shaibhris, an t-am sin, nó bhí sparán teann aige fhéin freisin, sular fágadh pingin le huacht aige. Anois, agus an t-airgead sin uilig faoina láimh aige, d’fhostaigh sé Julia Morgan, ailtire a bhíodh fostaithe go minic ag a mháthair, le pleananna a chaisleáin, agus na dtithe cuairteoirí, a dhréachtadh, agus ba sa tslí sin, a thosaigh an comhoibriú idir an bheirt fhathach sin, Julia Morgan agus William Randolph Hearst, a d’fhágfadh an oidhreacht ollmhór ealaíne, seandachtaí sár-luachmhara, agus Caisleán draíochta as Tír na nÓg fhéin, mar uacht ag an gcine daonna ar fad. Ní call a rá, go raibh an bheirt acu tiomnaithe ar fad dá ngnó agus dá ndualgas, fad is a bhí siad ag obair i gcomhar le chéile, ar an gCuesta Encantada sin, ar shléibhte Santa Lucia, ar Rainse San Simeon, i Stát Chalafóirnia. Bhí na físeanna uilig sin ag William, agus bhí na scileanna riachtanacha uilig ag Julia, leis na físeanna sin a réaladh, i ndomhan seo na fola is na feola.

Tógadh an Caisleán, gona 115 sheomra, ar cheithre hurlár, agus trí cinn de thithe do chuairteoirí, a tógadh thart ar an gCasa Grande fhéin. D’éirigh lei, dhá Linn Snámha a thógáil, ceann faoi dhíon, agus ceann amuigh faoin aer, maraon le cúirteanna leadóige, teach gloine, scáthláin do na hainmhithe fiáine, taiscumar, beairicí do na hoibrithe tógála, agus chomh maith leo sin ar fad, thóg sí cúig stóras, agus baile beag don slua daoine a bhí ar fhoireann San Simeon, ar bhonn seasta.

Ní raibh sé éasca, in aon chor, an t-ábhar riachtanach tógála, agus na seandachtaí, maraon leis na hoibreacha ealaíne, a iompar ó San Simeon suas, i gcoinne an aird, go barr an Chnoic Dhraíochta, agus gan aice, ag an am sin, ach trucailí slabhracha, agus seisreacha capall, maroan le leoraithe troma, guagacha, agus nuair a chuirann tú le sin guagacht na haimsire, agus cuairteanna iomadúla William Randolph fhéin, tuigfidh tú cé chomh deacair is a bhí an gnó, a bhí tógtha idir lámha ag Julia s’againne, mar de réir deallraimh, níorbh aon ribín réidh é an tUasal William Randolph fhéin, nó babhta amháin, ní bheadh sé sásta le seo, agus an chéad bhabhta eile, ní bheadh sé sásta le siúd, agus ní chuirfeadh sé aon stró in aon chor air, a iarraidh ar Julia bhocht píosa áirithe den hfoirgneamh a leagan, agus é a atógáil arís, ar bealach eile ar fad. B’in an cineál duine a bhí ann, é ag iarraidh a fhís a fhíoradh an t-am ar fad, agus é go minic míshásta lena n-iarrachtaí é sin a dhéanamh.

Bhíomar ag caint, anois beag, ar an gcaoi a dtugadh William Randolph fhéin cuairt ar San Simeon, uaireannta nuair ba lú súil ag éinne leis, agus sa chaoi sin, tharla ar chuairt amháin díobh sin, go ndeachaigh an aimsir chun donais ar fad, ar fad, agus ba bheag nár préachadh é fhéin agus pé cuairteoirí a bhí in éindigh leis, ar aon chuma, léiríonn a mhíshástacht le cúrsaí, an tráth sin, an chaoi ar theastaigh uaidh go mbeadh a chaisleán, ní hamháin álainn, ach compórdach, sláintiúil, ag an am gcéanna. Féach mar a chuir sé a mhíshástacht in iúl dá ailtire…….

We are leaving the hill. We are drowned, blown and frozen out. Before we build anything more let’s make what we have built practical, comfortable and beautiful. If we can’t do that we might just as well change the names of the houses to Pneumonia House, Diphtheria House and Influenza Bungalow. The main house we can call the Clinic.

Sea, mh’anam! Níorbh aon ribín réidh é an tUasal William, nó d’fhéadfá a rá go raibh faobhar ar a theanga a bhearrfadh duine! Ach má sea fhéin, bhí bua na foighde ag a ailtire, nó is cosúil go raibh an scil chéanna sin foghlamtha, agus foghlamtha go maith ag Miss Julia. Breathnaigh freisin ar “Linn Neptune”, Thóg sé dhá bhliain déag orthu an tionscnamh sin a chríochnú. Thosaigh siad air sa bhliain 1924, ní raibh ón Máistir ach Linn bheag, agus gairdín deas pictiúrtha timpeall uirthi, ach dhá bhliain ina dhiaidh sin, nuair a bhí an gnó sin curtha i gcrích, geall leis, dúirt William Randolph gur theastaigh Linn i bhfad níos mó uaidh, Linn a bhféadfadh daoine snámh inti. Chuaigh Miss Morgan chun oibre arís, agus bhí an gnó sin curtha i gcrích aice, sa mbliain 1927. Bhí go maith, ach sa mbliain 1934, tháinig Hearst chuice arís, agus an babhta seo, theastaigh uaidh go ndéanfaí an Linn a leathnú tuilleadh, le slí a dhéanamh do Theampall Gréagach, agus ionas go bhféadfaí tuilleadh dealbha a shuíomh timpeall na Linne. Caithfidh gur chuir na hathruithe céanna sin as go mór don ailtire, ag an am, ach, nuair a bhreathnaíonn muidinne inniu ar an earra críochnaithe, feictear dúinn, gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid uilig sin, nó bheadh sé deacair an “Nepture Pool” a shamhlú ar bhealach ar bith eile, ach sa chaoi ina bhfuil sí anois.

Sampla eile den chaoi a ndéanadh Hearst a intinn a athrú faoi phleananna an Chaisleáin, isea an chaoi ar chuir sé iachall ar Julia, na Túir a athrú, agus a mhéadú, nuair nár thaitin a gcuma leis, agus sin tar éis dóibh a bheith tógtha de réir an chéad phlean. Dá mba ailtire eile a bheadh i mbun oibre ag Hearst, déarfadh sé leis dul ag feadaíl, agus an caisleán a thógáil é fhéin, ach, de réir dealraimh, bhí Julia Morgan lán tsásta glacadh le treoracha a fostóra, agus pleananna nua a dhréachtadh dó, agus dár ndóigh, chuir sí sin uilig ar an mbille! Bean ghnó den scoth ab’ ea Julia s’againne! Agus nuair a chuireann tú san áireamh gur chuir Julia suas leis na céapair sin, ar feadh seacht mbliana is fiche, tuigtear dúinn, go mba charraig ar fhoighid í freisin.

Labhair mé cheana faoi Hearst an bailitheoir. Bhí sé tugtha don bhailiú, faoi mar a bheadh meisceoir tugtha don ól. Ní raibh leigheas aige air, agus tráth amháin, bhí na cúig stórais, a bhí aige i San Simeon, ag cur thar maoil le seandachtaí, agus le hoibreacha ealaíne, de chuile chineál. Ní call a rá, gur bhain sé úsáid astu sin, lena Chaisleán a mhaisiú, nó b’fhéidir go mbeadh sé níos giorra don bhfírinne, dá ndéarfainn gur bhain sé úsáid as an gCaisleán, leis na seandachtaí, agus leis na hoibreacha ealaíne, a chur ar teaspáint ann. Agus nuair a bhí an Caisleán lom lán leo, bhain sé úsáid as na caisleáin eile, agus as na hárais eile, a bhí aige, ó cheann ceann na cruinne, leis an bhfarrasbarr a chur ar teaspáint iontu siúd, agus chomh maith le sin, thug sé roinnt áirithe díobh do Hollywood, le húsáid a bhaint astu, mar áiseanna sna scannáin, agus tugadh tuilleadh fós ar iasacht chuig dánlanna áirithe. Bhí a dhúil sa mbailiú chomh mór sin, nach bhféadfadh sé stopadh, agus sa tslí sin, ní raibh áit aige don méid a bhailigh sé a chrochadh nó a úsáid.

Labhair mé cheana, faoin méid cuairteiori a bhíodh ag triall ar Hearst Castle, seachtain i ndiaidh seachtaine, nó dhealródh sé, go mba dhuine an-chuideachtúil é Hearst, amach is amuigh, agus ní call dom a rá, go mbíodh “creme de la creme” d’uaisle na ré sin, ar chuairt aige, bíodh nár aithníodh uaisleacht, nó gradam, dá laghad, nó dá mhéad, i measc na gcuairteoirí céanna sin. B’ionann íseal agus uasal ag bord Hearst, ina Chaisleán. Ach breathnaigh ar chuid de na hainmneacha atá le fáil fós ar liostaí na gccuairteoirí sin, agus tuigfidh tú cad chuige a bhfuilim. Ar na liostaí sin léitear ainmneacha ar nós……

Charles Lindberg, the Duke and Duchess of Windsor, Calvin and Grace Coolidge, Winston Churchill, Charles Chaplin, James Stewart,

agus tuilleadh dá leithéid. Mura raibh cuireadh ó Hearst agat, an tráth úd, ní raibh seans dá laghad agat spléachadh a fháil ar Chaisleán Hearst, nó ar a thimpeallacht, nó bhíodar i bhfad ón mBealach Mór, agus dár ndóigh, ba le Hearst an ceathrú milliún acra sin, a bhí thart ar an gCaisleán céanna sin, agus choinníodh sé sin píosa maith amach ó San Simeon, agus ón gCnoc Draíochta, thú.

Sa bhliain 1937, agus an domhan mór frí chéile, agus ag sleamhnú leis i dtreo a bhasctha, tharla go raibh Hearst fhéin i dtrioblóid, nó dá shaibhre é, tamall roimhe sin, bhí a chorporáid $126 mhilliún i bhfiacha. B’éigean don bhfear mór gearradh siar go mór, ar a chuid tionscadal, ar an gCnoc Draíochta, ach faoim mbliain 1945, nuair a bhí an Dara Cogadh Domhanda thart, thosaigh sé arís, ar roinnt áirithe a dhéanamh ag San Simeon. Sa bhliain 1947, d’fhág William Randolph Hearst a Chaisleán don uair dheiridh, nó bhí ag teip ar a shláinte. Bhásaigh sé, sa bhliain 1951, agus ansin, tar éis a bháis, cuireadh lán stad leis an dtógáil ar an gCuesta Encantada, agus bíodh go raibh an oiread sin curtha i gcrích ag Hearst agus ag Morgan, faoin am sin, bhí tuilleadh maith fós, a fágadh gan chríochnú, ag an bpointe sin.

Faoin mbliain 1957, bhronn Corporáid Hearst an Caisleán, agus tailte iomadúla timpeall an Chaisleáin, ar Stát Chalafóirnia, ionas go ndéanfadh siadsan cúram díobh feasta. Níor fágadh clann Hearst ar an mblár folaimh áfach, nó fágadh cuid den Eastát, arbh fhiú thart ar $220 milliún, acusan, i bhfoirm iontaobhais. Fágadh an rainse ollmhór sin acusan, agus oibrítear na tailte sin, mar rainse, anuas go dtí an lá atá inniu ann. D’oscail an Stát Caisleán San Simeon don phobal, sa bhlain 1958, agus ar ball, tógadh Ionad Fáiltithe, agus Iarsmalann, ar an talamh réidh ag bun na gcnoc, cúig mhíle ón gCaisleán, le freastal ar na mílte, agus na mílte, ar theastaigbh uathu cuairt a thabhairt ar an gCaisleán is cáiliúla ar domhan, agus sa lá atá inniu ann, déanann siad freastal ar thart ar mhilliún cuairteoir in aghaidh na bliana, a thagann ar oilithreacht chun an Chaisleáin. Ní call a rá, gur fhostaigh siad na céadta saineolaithe le cúram a dhéanamh don bhfoirgneamh agus dá bhfuil de sheoda luachmhara carnaithe istigh ann.

Ní dhéanfaidh muidinne dearmad go luath, ar an lá iontach sin, a chaith muid ar chuairt i gCaisleán San Simeon, ar shléibhte Santa Lucia. Ba lá dár saol é. Tá súil agam, gur bhain tú taitneamh as bheith in éindigh liom, fan an bhealaigh.

*************

Peadar Bairéad.

*************     

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

   .

gaGaeilge