le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Elections again !
Tá mé ag ceapadh, go dtuigfadh an té is dúire amuigh an difir mhór atá idir thoghcháin an lae inniu, agus toghcháin, faoi mar a bhídís, blianta ó shoin. Tá na hiarrthóirí agus a gcuid comhairleoirí, agus a bhfaireoirí, tar éis modhanna toghchánaíochta thíortha eile, a scrúdú agus a pharsáil, san idirlinn, agus dá thoradh sin, tá na toghcháin a reachtáiltear abhus anois, i bhfad Éireann níos glice, níos slíoctha agus níos mealltaí, ná mar a bhídís fadó. Is soiléir gur deineadh aithris ar mhodhanna toghchánaíochta Mheiriceá, ach go háirithe, áit a ndéanann an sparán teann an t-iarrthóir a fheistiú i lár an aonaigh. Ar an dtaobh eile den scéal, le cabhair an sparáin chéanna sin, déantar laigí, peacaí, agus lochtanna, lucht an fhreasúra, a lorg, a chuartú, agus a leagan os comhair an vótóra. Ní mar sin a bhíodh anseo sna seanlaethe, nó ba bheag airgead a bhí le caitheamh le vótaí a cheannacht, an tráth úd. B’fhéidir go ndéanfadh an t-iarrthóir geallúint a thabhairt dá phobal, go ndéanfaí an díog seo a shioscadh, nó an bóithrín úd a dheisiú, nó fiú pinsin a fháil don bhfear thall, dá dtoghfaí eisean ina Theachta Dála. Ní gá dhom a rá, nach mbíodh cláracha mealltacha teilifíse á léiriú, le vótóirí a spreagadh, lena vótaí a chaitheamh ar son an Pháirtí seo, nó i gcoinne an Pháirtí úd eile. Ní bhíodh, nó ní raibh a leithéid de mheán cumarsáide againn, an tráth sin. Ba bheag údáid a bhaintí as an Raidió fhéin fiú. D’fheicfeá an corrfhógra fánach ar nuachtáin, ag moladh don vótóir, seo nó siúd a dhéanamh lena ghuth.
Conas mar sin, adéarfadh duine b’fhéidir, conas a d’éirigh leis na hiarrthóirí a dtuairimí, agus a bpolasaithe, a chur ar a súile don phobal?
Sunday Speeches
Bhuel, ba é an bealach ab fhearr, agus an bealach ba mhó a mbaintí úsáid as, nó trí óráidíocht, agus chuige sin, bhíodh óráidí á dtabhairt, chuile Dhomhnach agus Lá Saoire, taobh amuigh den séipéal. Nár bhreá an “divarsion” é, maidin Domhnaigh, uair a chloig, nó mar sin, a chaitheamh ansin, ag geata an tséipéil, ag éisteacht le roinnt óráidíochta! Thaitin a leithéid le daoine, an t-am sin, nó ba bheag eile i bhfoirm chaitheamh aimsire a bhí ar fail sa timpeall, ag an am. Le cur leis an spórt, ní gá a rá, go mbíodh an corrbhuachaill báire ansin, le cur isteach ar an gcainteoir, agus le gáire a bhaint as an lucht éisteachta. Tráth a mbeadh an cainteoir faoi lán tseol, agus é ag aithris na hóráide a bhí de ghlanmheabhair aige, bheadh áilteoir ansin, agus gan éinne ag cur chuige nó uaidh, screadfadh seisean in ard a chinn is a ghotha “Cé ghoid rothar an tSáirsint?” Bhainfí tuisle as an óráidí bocht, chuirfí amú é, agus bheadh air dul siar chuig a scríbhinn, sára bhféadfadh sé tosú arís, agus fhad is a bheadh sé ag cuartú, chloisfea, Up Dev! nó, Up the Freestate! no, Up Cosgrove! nó a leithéid, ó dhuine eicínt anseo is ansiúd.
No Awkward Questions!
Ní chuirfí ceist ar iarrthóir ar bith, an tráth úd, faoi cheannacht a thí, nó faoin méid airgid a d’infheistigh sé i mbainc thar lear, murab ionann is an lá atá inniu ann, mar ní bréag ar bith a rá, gur beag eile atá i mbéal daoine, an babhta seo, ach na céapair sin uilig, agus i ndáiríre, is beag baint atá ag na cúrsaí sin le polasaithe na bPáirtithe éagsúla. Ach, ansin, is soiléir, nach iad na Páirtithe Polaitíochta, den chuid is mó, atá ag cuartú sa bhruscar sin, ní hea mh’anam, ach nuachtóirí áirithe. Ní bréag ar bith a rá, gurb iad siúd atá ag roghnú ábhar diospóireachta na bpolaiteoirí, an babhta seo, sea, agus is iad freisin, atá ag tochailt i measc scanaill na mblianta, ag iarraidh freastal ar a dtaoide fhéin. Ar mhaithe leo fhéin a dhéanann na meáin sin cumarsáid!
Ba bheag céapair dá leithéid a bhí ar siúl ag polaiteoirí, nó ag lucht na meán, nuair a bhíothas ag eagrú toghcháin 1932, an chéad turas a tháinig Dev. agus a Pháirtó i gcumhacht. Faoi mar a luaigh mé thuas, óráidíocht tar éis Aifrinn, agus an corrfhógra (dubh agus bán) in airde ar na cuaillí telegrafa, nó ní raibh cuaillí BSL ann, an tráth úd, tharla nach raibh fáil fós ar leictreachas an Bhoird, amuigh in Iorras na nIontas.
Give them a STROKE !
Théadh roinnt daoine timpeall ag bolscaireacht, chuig tithe na cosmhuintire, agus ba é an mana a bhí acu, i 1932, nó, Tá deich mbliana caite ag an dream eile seo i gcumhacht, agus céard tá déanta acu, don chosmhuintir, i rith an achair sin? Tada! Anois an t-am le “Stróc” (Uimhir a hAon) a thabhairt don taobh eile, agus mura ndéanann siadsan an beart, caithfimid amach ar mhullach a gcinn iad, sa chéad toghchán eile!
Breathnaigh ar chúrsaí sa lá atá inniu ann. Níltear fágtha i muinín na bhfógraí (dubh agus ban) úd a thuilleadh, nó ní chloistear polaiteoir ar bith ag óráidíocht tar éis Aifrinn, mar sa lá atá inniu ann, is amhlaidh atá an tír breac le póstaerí ollmhóra, ildaite, iad ag breathnú anuas orainn ó chuile chuaille, de chuile chineál, fan na mbóithre, agus chomh maith le sin, tá scuaine eile acu le fáil ar leibhéal an talaimh, agus iad ag breathnú isteach idir an dá shúil ar an taistealaí bocht, agus é ag gabháil thar bráid. Níl aon éaló uathu, nó táid ansin agus streill gháire ar a mbunús, agus mana de chineál eicínt scríofa taobh leo, faoi mar a bheidís ag iarraidh labhairt leis an té atá ag dul thastu, fad is atá siad ag impí ort, gan dearmad a dhéanamh díobh sa bhoth vótála. Sea, agus an STRÓC úd a thabhairt dóibh!
Ach ní hé sin is tábhachtaí, i ndáiríre, sé an rud is tábhachtaí ar fad, nó go raghfá amach agus do vóta a thabhairt do do rogha iarrthóirí, sin croí agus lár an daonlathais. Déan deimhin de, go mbainfidh tusa úsáid as do vótasa, lá an toghcháin.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Our Latest Trend-setters
“Nuair a labhraíonn muid faoi na Trend-setters nua seo, smaoiníonn muid láithreach ar na láithreoirí, agus ar na hiriseoirí Teilífise agus Raidió úd, a dhéanann chuile iarracht ar a ndearcadh agus ar a dtuairimí fhéin a chur abhaile ar a lucht éisteachta.” B’in mar a chuir Séimí an Droichid tús lena chomhrá, thíos sa Smugairle Róin, an tráthnóna faoi dheireadh.
“In ainm an Rí! céard tá i gceist agat? a Shéimí, a chara” arsa mé fhéin, á fhreagairt, agus mé ag iarraidh scéal nó duan eicínt a mhealladh uaidh, go deas réidh.
“Tá mé ag caint faoi na láithreoirí, agus na hiriseoirí úd, a dhéanann chuile iarracht, ar a lucht éisteachta a mhealladh leo, síos go grinneall an locha, nó tá a fhios acu, go maith, gur thíos ansin, i ndorchadas an doimhnis, a thiocfaidh siad ar na scanaill bhrocacha, agus ar an mbiadán nimhneach, a gcuireann roinnt áirithe dár bphobal suim agus dhá shuim iontu.”
“Anois, a Shéimí, na páirte, b’fhéidir go mbeadh láithreoirí agus iriseoirí dá leithéid le fáil i dtíortha thar lear, ach anseo in Éirinn? Nach deacair a leithéid a chreidiúint?”
“Don té nach mbacann leis na meáin s’againne, bheadh sé éasca go leor dó a chreidiúint, gur dearg áibhéil atá ar siúl agam, ach don té a chaitheann roinnt áirithe ama ag breathnú ar na meáin s’againne, thuigfeadh seisean láithreach, nach raibh ar siúl agam ach lomchlár na fírinne.”
Chapter and Verse!
“Ach an bhféadfá véarsa agus caibidil a lua dúinn, sa chás seo, nó an amhlaidh nach bhfuil i gceist agat, ach gurbh amhlaidh a fheictear dhuit, gur mar sin atá.?”
“Caibidil agus Véarsa! adeir tú. Caibidil agus véarsa, an ea? Bhuel, d’fhéadfainn sin a dhéanamh, go héasca, ach nach cuimhin leat, gur scríobh mé píosa anseo, tamall ó shoin, faoin gClár úd a shuítear i mBaile an Aoiligh? An bhféadfadh éinne a rá, go mbeadh sé ar a chompord, ag éisteacht leis an gClár céanna sin i bhfochair a thuismitheoirí agus a chlann? Bhuel, b’fhéidir gur comhartha aoise é, ach caithfidh mé a admháil nach mbeinnse. Níor mhaith liom bheith ag breathnú air i gcomhluadar Naipí agus na rudaí beaga fiú. Bí ag caint ar rás go grinneall! Agus leis an scéal sin a dhéanamh níos measa fós, tá daoine measúla sásta dul ar aon fhód leis na harrachtaigh, nó ar chóir dom, abhaic, a thabhairt orthu, agus iad breá sásta páirt a ghlacadh i gcomhrá brocach leo! “
“Ach, a Shéimí! Nach dtuigeann tú nach bhfuil ansin ach píosa spóirt, agus go mbaineann bunús na n-éisteoirí taitneamh agus spraoi as.”
“Nach é sin go díreach atá i gceist agam anseo, mar in áit daoine a mhealladh chun féaraigh, thar bhóthar a leasa, is amhlaidh a mhealltar trí láib, is trí chlábar a n-aimhleasa iad, ag na trend-setters nua seo, a luaigh mé thuas.”
“ Mura bhfeiceann tú ach fáinleog amháin, ná tuig uaidh sin, go bhfuil an Samhradh Sámh linn go fóill.”
“Fáinleog amháin, an ea? fáinleog amháin, adeir tú? Ní fáinleog amháin atá i gceist anseo, ach scaoth fáinleog.”
“An bhféadfá clár eile a ainmniú, a thumann i dtreo an ghrinnill, ar thóir brocamais.”
Candid Camera
“Céard faoin gclár úd ina ghlacann fear an nuachtáin agus na feadaíle páirt ann? Anois tá bunús an chláir chéanna sin greannmhar go maith, ach tá mír amháin de, a théann thar fóir ar fad.”
“Agus cén mhír í fhéin?”
“Mír na caillí, gan amhras, nó bheadh sé deacair an tseanchailleach úd a shárú ar chaint bhrocach, ghnéasach, gháirsiúil, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, deirtear liom nach cailleach atá inti in aon chor, ach seanlead!”
“B’fhéidir go dtéann sí, nó sé, thar fóir anseo is ansiúd, ach táid ann, a cheapann, gur mór an spórt í, nó é.”
“Bhuel, nach beag an tuiscint ar spórt a bhíonn ag daoine áirithe, má cheapann siad gur spórt é sin. “
“Agus céard faoin Raidió? An mbíonn aon rud scanallach ar siúl ar an meán sin, ar na mallaibh?”
“Bí cinnte go mbíonn, agus roinnt mhaith freisin, ach caithfidh tú a bheith sásta le sampla amháin, an babhta seo.”
“Scaoil chugainn é, mar sin.”
“Bhuel, is cuimhin liom bheith amuigh, ag tiomáint liom, ar bhóithre bána na Banban, maidin álainn, roinnt míonna ó shoin anois, agus bhí mé ag eisteacht le clár raidió. Duine de mhór-láithreoirí an raidió a bhí i mbun oibre, agus gasúr, thart ar dhá bhliain déag d’aois, á chur faoi agallamh aige. Tar éis dóibh seal a chaitheamh i mbun an ghnó sin, chuir an láithreoir ceist aisteach, amach is amuigh, ar an ngasúr bocht. ‘Ar chuir tú do bhroim trí thine riamh?’ ar seisean. Baineadh stangadh as an ngasúr, agus ansin lean an láithreoir air gur inis scéal faoin éacht neamhghnách sin, agus faoi chara leis, a raibh an éacht céanna mar “Party Piece” aige. Mhúch mé an raidió ag an bpointe sin, nó chuir an scéal, agus an ócáid, masmas orm, geall leis.
There’s more, but……
Sea, agus d’fhéadfainn ualach asail de scéalta nár chóir riamh iad a scaoileadh chugainn ar thonnta an raidió, nó ar an teilifís, ach oiread, ach, bí cinnte, go bhfillfidh mé ar an ábhar seo, amach anseo, arís. Ach, tá sé thar am agamsa bheith ag bogadh.”
Chuir mé mo shlán abhaile, amach an doras ina dhiaidh, ach is dócha nár chuala sé puinn de, nó is dócha go raibh a aigne ró-thógtha suas leis an scéal úd, a bhí idir chamáin aige, an tráthnóna álainn úd. Caithfidh mé a admháil, gur chuir mo Shéimí cóir ag smaoineamh mé ar an saol sona, neamhurchóideadh, as ar fáisceadh roinnt mhaith againn. Sea, “mór idir inné agus inniu,” arsa mise liom fhéin, agus an deoir deiridh a dhiúgadh as mo ghloine agam.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Binn Béal….
Ní gá dhom an seanfhocal sin a chríochnú, nó bhí sé de nós ag Gaeil, chuile lá riamh, gan ach tús seanfhocail a lua, nó tuigeadh dóibh, go mbainfeadh an lucht éisteachta, nó an lucht léite, scil agus ciall as an méid a tugadh. Sea, agus gan dabht ar domhan, ní bheadh mórán measa ag pobail na haoise seo ar chine nach mbeadh sásta chuile shórt, gan chur leis, nó baint uaidh, a chur i mbéal an phobail, bíodh sé olc, maith, nó dona. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa áfach, caithfidh mé a admháil, go dtuigtear dom, go mbíonn ócáidí ann, nuair is fearr go mór fada an tost ná an bhéalscaoilteacht. Ach, fillfidh mé ar an ndearcadh sin arís, ar baillín beag.
“Agin the Govermint!”
Bhuel! Nuair a bhí mé fhéin im mhac léinn, blianta fada ó shoin! bhí múinteoir againn, arbh é an leasainm a bhí againn air nó “an Tíogar”, agus d’insíodh seisean scéilín dúinn go rialta, scéilín a cheap seisean a bheith greannmhar, scéilín faoin Éireannach a shnámh i dtír, tar éis dá long a dhul go tóin poill. Caitheadh isteach ar an trá iasachta é, áit a dtangthas air, ar ball, agus é gan aithne gan urlabhra. Rinne na dúchasaigh iarracht ar é a chur ar a chosa arís. Tháinig sé chuige fhéin, tar éis tamaill, agus tar éis dó breathnú timpeall ar an slua a bhí bailithe thart air, chuir sé ceist orthu..
“An bhfuil ‘Govermint’ agaibh anseo,” ar seisean.
Chuir na dúchasaigh i dtuiscint dó, go raibh.
Bhuel! Ar seisean, “má tá, táimse ‘agin it’.”
Sea, léirigh a raibh le rá ag mo dhuine, léirigh sé dearcadh a bhí coitianta go maith inár measc, blianta ó shoin. Má tá ‘Govermint’ anseo, táimse ‘agin it’.
Cuid d’ar nOidhreacht?
N’fheadar an bhfuil an dearcadh sin coitianta inár measc sa lá atá inniu fhéin ann?
Táid ann adéarfadh nach bhfuil, nó déarfaidís go bhfuil an dearcadh sin fágtha inár ndiaidh againn, le blianta fada anois, agus i ndáiríre, dhéanfaidís iarracht ar é a chur ar do shúile dhuit, go raibh baint ag an ndearcadh sin le laethe ár ndaoirse, nuair a tuigeadh don Éireannach, go raibh dualgas air a dhícheall a dhéanamh fáil réidh leis an ‘nGovermint’ eachtrannach, a choinnigh ár ndaoine faoi smacht, thar ocht gcéad bliain. Ach, ar an dtaobh eile den scéal, tá daoine ann adéarfadh, go bhfuil an dearcadh frith’ghovermint’ sin neadaithe i smior na gcnámh ionainn fós, agus go bhfuil sé éasca go maith é sin a fheiceáil i ndearcadh an phobail s’againne, ar ócáidí speisialta.
Cláracha don Ghearánaí !
An bhféadfá cupla ceann de na hócáidí sin a liostáil dúinn anseo?
Cinnte, d’fhéadfainn. I ndáiríre, déarfainn nach bhfuil le déanamh ag duine ar bith ach éisteacht le cupla clár raidio, nó teilifíse, cláracha atá oscailte don phobal, atá i gceist agam anseo, cláracha ar nós Liveline, no Clár an Mheánlae.
Ach, ní fhéadfá a mhaíomh, go bhfuil Joe Duffy ‘agin the Govermint.’
Cinnte, ní fhéadfainn, agus níl fonn ar bith orm a leithéid a dhéanamh. Ach céard faoi na héisteoirí a ghlaonn isteach ar Joe, lena dtuairimí a nochtú? ‘Agin the Govermint’, adeir tú! ‘Agin the Govermint’! an ea? D’fheicfheadh an té is dúire amuigh gur mar sin atá. Luaitear ábhar áirithe, i dtosach báire. Abraimis ‘ardú cáineacha’ nó ‘ísliú pá’, agus ansin tá cead ag éisteoir ar bith glaoch isteach, le luach a dháphingne a fháil. Ní bheadh am agat comhartha na croise a ghearradh ort fhéin, sára mbíonn slua bailithe ansin le dul ar an gclár, le stiallacha a bhaint as an ‘nGovermint’ agus as na bainc, as na Státsheirbhísigh, as an gcléir, agus as dream ar bith eile, a bhfuil cumhacht nó údaras ag baint leo. D’fhéadfadh duine ar bith a fheiceáil, go bhfuil an mhuintir s’againne ‘Agin the Govermint’ ó thus deireadh.
‘Sé an Rialtas s’againne é
Anois, nílimse ag maíomh go bhfuil an Rialtas s’againne thar mholadh beirte, ach sin raite agam, ag an am gcéanna, nach é an Rialtas a thoigh an pobal s’againne é? Agus nár thugamar cumhacht dóibh, an tír seo a rialú go ceann roinnt áirithe blianta? Tuige, mar sin, a raghadh muid isteach anois leis an gcumhacht sin a bhaint díobh? Nach bhfuil ár ndílseacht, ár dtacaíocht, agus ár gcúnamh, dlite dóibh, i rith a dtréimhse cumhachta? Agus nach annamh a chloisfeá duine ar bith, ar chláracha dá leithéid, ag cosaint nó ag moladh na húdaráis a thoigh muid?
Caithfidh mé a admháil freisin, go gcuireann na tuairimí a nochtar ar chláracha áirithe dá leithéid, ionadh orm, nó tuigtear dom, go bhfuil siad i gcoinne chuile shórt a bhaineann leis an bhfís náisiúnta. Ní bheinn ag súil go mbeadh an oireadh sin daoine, sa tír s’againne, sásta a náisiúntacht, a gcreideamh, agus a n-oidhreacht, a shéanadh, agus bheadh sin dona go leor, ach is é an bealach ina ndéantar é a chuireann an t-ionadh go léir orm, nó séanann siad é, faoi mar ba amadánta, amach is amuigh, lámh nó páirt a bheith ag duine ciallmhar ar bith le ‘mumbo jumbo’ -(faoi mar adeir siad)- dá leithéid.
Ár gCosmhuintir fhéin
Minic, agus mé ag éisteacht le, nó ag breathnú ar, chlár dá leithéid, a ritheann focail úd an tseanfhocail thuasluaite liom, nó nárbh fhearr go minic snaidhm a chur ar an dteanga, ná tuairimí dá leithéid a nochtadh os comhair an phobail. Annamh a smaoiníonn na ‘saineolaithe’ sin ar a n-éisteoirí, nó den chuid is mó, nach gnáthchosmhuintir na tíre seo iad na héisteoirí céanna sin, daoine a ghoilfeadh searbhas dá leitheid go smior na gcnámh orthu. Sea, Binn béal ina thost, mar nach fearr an tost, ar ócáidí dá leithéid, ná an bhéalscaoilteacht!
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Cóisir san Ionad Paróiste nua
Nach againn a bhí an spraoi anseo in Ionad Paróiste Phádraig, ar an gCéadaoin, an 25ú Márta na bliana seo, nó ar an maidin chéanna sin, fuair pobal Aifrinn 10.30 a.m. in Eaglais Fhiachra cuireadh chuig cóisir speisialta, a d’eagraigh Rang Idirbhliana Chlochar Loreto, le hobair is le spiorad aostaigh an Pharóiste seo, a cheiliúradh.
Anois, ní haon rud nua é, do phobal an Aifrinn chéanna sin, a theacht le chéile san Ionad Paróiste nua, le cupán tae agus brioscaí a chaitheamh i bhfochair a chéile, rud a thugann deis dóibh a gcomhrá agus a seanchas a dhéanamh ansin, ar a suaimhneas, ach go hiondúil, tharlaíonn sin chuile mhaidin Mháirt. Ní gá a rá, gur nós nua é seo, a d’fhás as féidireachtaí an Ionaid bhreá nua atá againn anois sa Pharóiste seo. Rud speisialta a bhí sa chóisir seo a d’eagraigh Teaghlach Loreto dúinn áfach, agus ní call dom a rá, go raibh slua breá mór ar an bhfód don ócáid, nó bíonn pobal líonmhar ar an láthair don Aifreann sin ag a 10.30 a.m., chuile mhaidin.
San Ionad Nua
I ndiaidh an Aifrinn, bhuaileamar isteach san Ionad nua, agus isteach linn sa Halla breá fairsing atá acu ansin. Bhí boird agus cathaoireacha leagtha amach ansin romhainn, sea, agus bhí brioscaí, agus sólaistí de chuile shaghas ansin freisin, deasa deasa a rinne na cailíní as an Rang Idirbhlianach a ullmhú don ócáid. Bhí cailíní an Ranga sin ar an bhfód, agus potaí tae, agus potaí caifé, á láimhseáil acu, go cliste, ealaíonta, agus geallaimse dhuit e, gur ghearr an mhoill orthu freastal ar an slua a bhí sa láthair.
Ach ní hé amháin go raibh na sólaistí sin uilig curtha ar fáil acu dúinn, nó chomh maith le sin, bhí féasta ceoil agus amhránaíochta ullamh acu dúinn freisin. Ó! Mo dhearmad! Ba bheag nár dhein mé dearmad ar na daimhseoirí, nó bhí rinceoirí den scoth ansin acu freisin.
Ceathairéad a chuir tús leis na himeachtaí, agus nárbh iad a chuir fonn damhsa ar a lucht éisteachta, le binneas agus le rithim a gceoil. Ba ghearr go raibh, bosa á mbualadh, bróga á mbogadh, agus coirp á luascadh, le gile agus le rithim an cheoil. Ina ndiaidh siúd, tháinig beirt amhránaí os ár gcomhair lena nAllelúia, agus arís, rinne an bheirt seo comhcheol le chéile, go binn, corraitheach, leochaileach. Bhain an lucht éisteachta an-taitneamh as a scil, agus as a gceol, agus ba ghearr go raibh siad ag comhcheol in éindigh leis na hamhránaithe.
Buailigi cos air !
Rinceoirí a tháinig os ár gcomhair ansin, agus geallaimse dhuit é, gur bhain na cailíní seo ceol agus fuaim as an urlár, le rithim, agus le haclaíocht cos. Sea, agus nárbh iad a bhí gléasta go glé-geal, ildathach, ina bhfeisteas speisialta rince? Fuair siad an-bhualadh-bos ón lucht éisteachta.
Caithfear a rá, go raibh an chóisir chomh spreagúil, suimiúil, corraitheach, go bhfuil chuile sheans ann, go ndearna roinnt mhaith againn dearmad ar an gCarghas, agus bíodh go raibh cuid mhaith againn éirithe as sólaistí áirithe, feadh an Charghais, thug mé fhéin faoi deara, gur bheag de na deasa deasa a bhí fanta ar na boird i ndiaidh na cóisire! Ó bhail! Nach annamh a bhíonn cóisir dá leithéid againn, tráth ar bith den bhliain, gan caint in aon chor ar Shéasúr an Carghais?
Tuilleadh !
Lean na cailíní lena gcoirm cheoil, le tuilleadh ceoil, amhráin, agus rince, ach más fada an lá tagann an tráthnóna, agus ba é an dála céanna é leis an gcóisir s’againne, agus ar deireadh thiar, bhí an spórt thart, ach ba mhór a bhí an pobal s’againne faoi chomaoin ag Teaghlach Loreto, agus ag cailíní an Ranga Idirmheánaigh, agus ba é guí gach éinne a bhí ar an bhfód, an mhaidin sin, nó go m’bhféidir go dtiocfadh na cailíní céanna ar athchuairt chugainn, am eicínt, roimh dheireadh na bliana.
Nár laga an Rí iad, agus gura seacht fearr a bheidh siad bliain ó inniu.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
An Ród seo romhainn
Tharla inniu, go bhfuair mé ríomhphost ó Phádraig Mac Fhearghusa, Eagarthóir Feasta, agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus tuigeadh dom ar an toirt, dá mba mhaith fhéin, go mba mhithid, nó ba é an t-ábhar ar dhírigh Pádraig ár n-aire air, nó……………
Ach b’fhéidir go mba chóir dom díriú láithreach ar ócáid, agus ar ábhar, an ríomhphoist chéanna sin. Is í an ócáid atá i gceist againn, nó ócáid na dtoghchán éagsúil atá ag spreagadh agus ag aclú aigne agus consias an Stáit s’againne, le scathamh anuas, agus i dtaobh an ábhair de, bhuel, faoi mar a bheifeá ag súil, baineann an t-ábhar sin le ceist agus le todhchaí na Gaeilge, go háirithe todhchai na Gaeilge inár gcóras oideachais, sna blianta atá romhainn amach. Leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích, díríonn údar a ríomhphoist ar roinnt ceisteanna tábhachtacha.
Dírionn an chéad cheist ar pholasaí an luath-thumoideachais, faoi mar a theastaigh ónár nGaelscoileanna é a chur i gcrích, sna bunranganna atá faoina gcúram. Bhuel! Chuir an Rialtas s’againne críoch leis an bpolasaí céanna sin trí chiorclán a d’eisigh an Roinn Oideachais sa bhliain 2007, – Ciorclán 44/’07, a baisteadh air – Anois, scríobh mé fhéin píosa anseo i mBéal an Phobail, faoi na cúrsaí céanna sin i nDeireadh Fómhair na bliana 2007, agus seo mar a chuir mé tús leis an bpíosa sin…..
.
“Ciorclán 44/07”
Nach beag Gaeilgeoir sa tír nár chuala trácht eicínt, faoin am seo, ar an gCiorclán cinniúnach úd, 44/07, agus murar chuala, chuile sheans go gcloisfidh siad faoi, sna laethe atá romhainn amach.
Céard é fhéin, an ea?
Ciorclán a sheol an tAire Oideachais agus Eolaíochta chuig na Scoileanna lán-Ghaeilge, tamall ó shin, ag cur ar a súile dóibh, nach mbeadh sé ceadmhach feasta, luath-thumoideachas iomlán sa Ghaeilge a úsáid i ranganna naíonán sna Scoileanna Gaeltachta agus sna Scoileanna lán-Ghaeilge. Ní call dom a rá, go gcuireann údaráis na Scoileanna céanna sin go tréan i gcoinne chinneadh úd an Aire.
Ag deireadh na haiste sin, mhol mé go ndéanfaí an Ciorclán úd a aistharraingt, nó ba é dearcadh Údarás na nGaelscoileanna nó go mba fheiliúnach, agus go mba éifeachtach, an modh múinte é an luath-thumoideachas do dhaltaí na mbunranganna i scoileanna dá leithéid.
Níor tharla tada!
Ní gá dhom a rá, nár deineadh tada dá leithéid, agus go bhfuil an Ciorclán céanna sin i réim fós. Bhuel! is é tuairim Uachtarán an Chonartha anois, go bhfuil an t-am feiliúnach le glaoch ar an Aire an Ciorclán a aistharraingt, agus ó tharla go bhfuil toghcháin an doras isteach chugainn, i dtús na míosa seo chugainn, nár chóir dúinn an scéal a leagan os comhair na n-Iarrthóirí a bheidh ag teacht chugainn, lá ar bith feasta, ag iarraidh orainn vótáil ar a son?
Déarfaidh na hIarrthóirí, b’fhéidir, gur cheist í sin don Dáil, agus nach bhfuil cumhacht ar bith ag na hÚdaráis Áitiúla sna cúrsaí sin. An ceart ar fad acu sa mhéid sin, ach ag an am gcéanna, is ceist pholaitíochta í, a bhfuil suim ag chuile phobal sa tír inti, agus chomh maith le sin, nach bhfuil ceist na nGaelscoileanna ina chloch, ar phaidrín chuile phobal sa tír? Agus más féidir suim na n-Iarrthóirí Áitiúla a mhúscailt sa scéal seo, chuile sheans, go mbeidh ar a gcumas-san tábhacht na ceiste seo, a chur ar a súile dóibh siúd, a bhfuil cónaí orthu fan lánaí na cumhachta.
Anois an t-am
Níl aon am le cailleadh againn, nó ta muid ag druidim, faoi dheifir, le críoch an chluiche. Anois an t-am le cibé mámh atá sa lámh againn a imirt, ag súil go n-éireoidh linn.
Ní gá a rá, go raibh tuilleadh maith mór sa ríomhphost céanna sin, ach nach leor an méid sin do thuras na huaire seo? B’fhéidir go ndéanfása freisin do mharana ar an scéal, sna laethe atá romhainn amach, agus gur mhaith leat bleid a bhualadh ar na cuairteoirí polaitíochta a thiocfaidh ar chuairt chugatsa?
.
.