Binn Béal….

Binn Béal….

Binn Béal….

Peadar Bairéad

Ní gá dhom an seanfhocal sin a chríochnú, nó bhí sé de nós ag Gaeil, chuile lá riamh, gan ach tús seanfhocail a lua, nó tuigeadh dóibh, go mbainfeadh an lucht éisteachta, nó an lucht léite, scil agus ciall as an méid a tugadh. Sea, agus gan dabht ar domhan, ní bheadh mórán measa ag pobail na haoise seo ar chine nach mbeadh sásta chuile shórt, gan chur leis, nó baint uaidh, a chur i mbéal an phobail, bíodh sé olc, maith, nó dona. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa áfach, caithfidh mé a admháil, go dtuigtear dom, go mbíonn ócáidí ann, nuair is fearr go mór fada an tost ná an bhéalscaoilteacht. Ach, fillfidh mé ar an ndearcadh sin arís, ar baillín beag.

“Agin the Govermint!”

Bhuel! Nuair a bhí mé fhéin im mhac léinn, blianta fada ó shoin! bhí múinteoir againn, arbh é an leasainm a bhí againn air nó “an Tíogar”, agus d’insíodh seisean scéilín dúinn go rialta, scéilín a cheap seisean a bheith greannmhar, scéilín faoin Éireannach a shnámh i dtír, tar éis dá long a dhul go tóin poill. Caitheadh isteach ar an trá iasachta é, áit a dtangthas air, ar ball, agus é gan aithne gan urlabhra. Rinne na dúchasaigh iarracht ar é a chur ar a chosa arís. Tháinig sé chuige fhéin, tar éis tamaill, agus tar éis dó breathnú timpeall ar an slua a bhí bailithe thart air, chuir sé ceist orthu..

“An bhfuil ‘Govermint’ agaibh anseo,” ar seisean.

Chuir na dúchasaigh i dtuiscint dó, go raibh.

Bhuel! Ar seisean, “má tá, táimse ‘agin it’.”

Sea, léirigh a raibh le rá ag mo dhuine, léirigh sé dearcadh a bhí coitianta go maith inár measc, blianta ó shoin. Má tá ‘Govermint’ anseo, táimse ‘agin it’.

Cuid d’ar nOidhreacht?

N’fheadar an bhfuil an dearcadh sin coitianta inár measc sa lá atá inniu fhéin ann?

Táid ann adéarfadh nach bhfuil, nó déarfaidís go bhfuil an dearcadh sin fágtha inár ndiaidh againn, le blianta fada anois, agus i ndáiríre, dhéanfaidís iarracht ar é a chur ar do shúile dhuit, go raibh baint ag an ndearcadh sin le laethe ár ndaoirse, nuair a tuigeadh don Éireannach, go raibh dualgas air a dhícheall a dhéanamh fáil réidh leis an ‘nGovermint’ eachtrannach, a choinnigh ár ndaoine faoi smacht, thar ocht gcéad bliain. Ach, ar an dtaobh eile den scéal, tá daoine ann adéarfadh, go bhfuil an dearcadh frith’ghovermint’ sin neadaithe i smior na gcnámh ionainn fós, agus go bhfuil sé éasca go maith é sin a fheiceáil i ndearcadh an phobail s’againne, ar ócáidí speisialta.

Cláracha don Ghearánaí !

An bhféadfá cupla ceann de na hócáidí sin a liostáil dúinn anseo?

Cinnte, d’fhéadfainn. I ndáiríre, déarfainn nach bhfuil le déanamh ag duine ar bith ach éisteacht le cupla clár raidio, nó teilifíse, cláracha atá oscailte don phobal, atá i gceist agam anseo, cláracha ar nós Liveline, no Clár an Mheánlae.

Ach, ní fhéadfá a mhaíomh, go bhfuil Joe Duffy ‘agin the Govermint.’

Cinnte, ní fhéadfainn, agus níl fonn ar bith orm a leithéid a dhéanamh. Ach céard faoi na héisteoirí a ghlaonn isteach ar Joe, lena dtuairimí a nochtú? ‘Agin the Govermint’, adeir tú! ‘Agin the Govermint’! an ea? D’fheicfheadh an té is dúire amuigh gur mar sin atá. Luaitear ábhar áirithe, i dtosach báire. Abraimis ‘ardú cáineacha’ nó ‘ísliú pá’, agus ansin tá cead ag éisteoir ar bith glaoch isteach, le luach a dháphingne a fháil. Ní bheadh am agat comhartha na croise a ghearradh ort fhéin, sára mbíonn slua bailithe ansin le dul ar an gclár, le stiallacha a bhaint as an ‘nGovermint’ agus as na bainc, as na Státsheirbhísigh, as an gcléir, agus as dream ar bith eile, a bhfuil cumhacht nó údaras ag baint leo. Cheapfadh duine ar bith go bhfuil an mhuintir s’againne ‘Agin the Govermint’ ó thus deireadh.

‘Sé an Rialtas s’againne é

Anois, nílimse ag maíomh go bhfuil an Rialtas s’againne thar mholadh beirte, ach sin raite agam, ag an am gcéanna, nach é an Rialtas a thoigh an pobal s’againne é? Agus nár thugamar cumhacht dóibh, an tír seo a rialú go ceann roinnt áirithe blianta? Tuige, mar sin, a raghadh muid isteach anois leis an gcumhacht sin a bhaint díobh? Nach bhfuil ár ndílseacht, ár dtacaíocht, agus ár gcúnamh, dlite dóibh, i rith a dtréimhse cumhachta? Agus nach annamh a chloisfeá duine ar bith, ar chláracha dá leithéid, ag cosaint nó ag moladh na húdaráis a thoigh muid?

Caithfidh mé a admháil freisin, go gcuireann na tuairimí a nochtar ar chláracha áirithe dá leithéid, ionadh orm, nó tuigtear dom, go bhfuil siad i gcoinne chuile shórt a bhaineann leis an bhfís náisiúnta. Ní bheinn ag súil go mbeadh an oireadh sin daoine, sa tír s’againne, sásta a náisiúntacht, a gcreideamh, agus a n-oidhreacht, a shéanadh, agus bheadh sin dona go leor, ach is é an bealach ina ndéantar é a chuireann an t-ionadh go léir orm, nó séanann siad é, faoi mar ba amadánta, amach is amuigh, lámh nó páirt a bheith ag duine ciallmhar ar bith le ‘mumbo jumbo’ -(faoi mar adeir siad)- dá leithéid.

Ár gCosmhuintir fhéin

Minic, agus mé ag éisteacht le, nó ag breathnú ar, chlár dá leithéid, a ritheann focail úd an tseanfhocail thuasluaite liom, nó nárbh fhearr go minic snaidhm a chur ar an dteanga, ná tuairimí dá leithéid a nochtadh os comhair an phobail. Annamh a smaoiníonn na ‘saineolaithe’ sin ar a n-éisteoirí, nó den chuid is mó, nach gnáthchosmhuintir na tíre seo iad na héisteoirí céanna sin, daoine a ghoilfeadh searbhas dá leitheid go smior na gcnámh orthu. Sea, Binn béal ina thost, mar nach fearr an tost, ar ócáidí dá leithéid, ná an bhéalscaoilteacht!

.

.

Binn Béal….

Cáil a bronnadh

GRADAM TUILLTE

Peadar Bairéad

(This week we consider some heroes who became famous, even though that fame was granted rather than sought!)

Cáil a bronnadh

Nach ait mar a théann an corrdhuine fánach i bhfeidhm ar dhuine? agus nach aite fós, chomh beag duine dá leithéid a bhuaileann umat feadh do shaoil? Smaoiníonn duine ar an Mháthair Treasa, An Pápa Eoin Pól a Dó, Seán Gearaltach Ó Cinnéide, Gandhi, agus roinnt eile ar an dtéad chéanna sin. Tá roinnt bheag dá leithéid ann, gan dabht. Bhí Nelson Mandela ar cheann de na laochra a sheas amach thar chách ina aois fhéin, agus ansin tá laochra freisin, a sheas amach mar fhathaigh ina bpobal fhéin, daoine ar nós Napoleon, Dónal Ó Conaill, agus daoine dá leithéid ó cheann ceann na cruinne. Ach im thuairimse, fear eile a sheasann amach thar dhaoine eile, san aois seo ‘gainne, agus sin fear a shíolraigh ó phór Éireannach, agus fear ar ghlacamar go fonnmhar leis mar dhuine dínn fhéin, tráth raibh sé ina Uachtarán ar Stáit Aontathe Mheiriceá, fear a d’oibrigh go dúthrachtach ar son phobail a thíre, bíodh go mba Uachtarán go bhfreasúra é, agus sin an tUasal Barack Obama, fear a bhí ina Uachtarán ar na Stáit go dtí an fichiú la dEanair 2017. Tháinig an laoch seo isteach ar ardán an tsaoil mhóir, i ndáiríre, thart ar ocht mbliana ó shoin, nuair a toghadh ina Uachtarán é, tar éis bliana a chaitheamh ag toghchánaíocht ó cheann ceann Aontas ollmhór Mheiriceá. D’éirigh leis a chur ina luí ar Dhaonlathaigh Mheiriceá go mba iarrthóir intofa é, ar chóir dóibh a roghnú mar iarrthóir don phost ardchéimneach sin. I rith an fheachtais sin, léirigh sé dá Pháirtí, go mba óráidí éifeachtach, inchreidte, é agus d’éirigh leis pobail ilchineálach an Aontais chéanna sin a chur faoi gheasa, lena mhana…’Yes! We can’. Sea, agus chruthaigh ségo bhféadfaidís, bíodh go mba láidir, do-bhogtha, é an freasúra a bhí le sárú aige. Ba dhuine é, a thuig teorainneacha a phoist, airde a ghradaim, agus a fhreagracht as an gcumhacht a bronnadh air, agus d’fheidhmigh sé go dílis, taobh istigh de na teorainneacha céanna sin.

Céard fúinn fhéin?

Ach céard faoi Oileán seo na Naomh is na nOllamh? An raibh saoránach ar bith dár gcuid, ar bronnadh cáil dá leithéid air, nó uirthi? Táid ann adéarfadh nach raibh, ach nuair a shuíonn duine síos agus nuair a dhéanann sé a mharana, tuigtear dó go bhfuil roinnt áirithe den aicme céanna sin againne chomh maith le náisiúin eile an tsaoil mhóir.

Ach cé hiad na saoránaigh seo, a bhfuil cáil dá leithéid tuillte acu?

Bhuel! céard faoi na saoránaigh éagsúla a chuaigh ar deoraíocht uainn, ar mhaithe le síocháin, nó creideamh, daonnacht, a bhronnadh ar thír, nó ar phobal, nó ar chine, fiú, ar theastaigh a leithéidí sin go géar uathu? Sea, agus céard faoi na polaiteoirí díograiseacha, dáiríreacha, macánta, a chaitheann a laethe ag obair go cruaidh ar mhaithe leo siúd a thogh mar Theachtaí iad. Agus nach bhfuil cáil dá leithéid tuillte freisin ag na Státseirhisigh úd a chaitheann a ndúthtacht agus a laethe ag iarraidh gnó an Stáit s’againne a chur chun cinn.

Beirt ar chomhchéim

Cinnte tá, ach ba é an rud a chuir ag tochrais ar an gceirtlín seo , nó an cháil agus an clú a bronnadh le déanaí ar Ken Whittaker’, an Státseirbhíseach úd a chaith a dhúthracht, agus a laethe, ag cur gnó an Stáit seo chun cinn, ar mhaithe le saol níos fearr, agus níos compórdaí, a chur ar fáil dá shaoránaigh, agus ar deireadh thiar thall, agus é tar éis céad bliain a chaitheamh inár measc, bhronn an náisiún s’againne clú agus cáil, -nár lorg sé,- air. Dá mbeadh onóir faoi leith ag ár Stát le bronnadh ar a leithéid, bheadh sin tuillte ag Ken Whittaker’, sár-shaoránach Éireannach. Má bhreathnaíonn muid go fuarchúiseach ar chúrsaí, mar sin, feicfear dúinn go bhfuil an bheirt úd, Barack Obama, agus Ken Whittaker ar chomhchéim mar shaoránaigh a chaith a ndúthracht ar mhaithe lena bpobail. Agus sé ár nguí, mar sin, go seolfaidh Dia tuilleadh den aicme sin chugainn sna blianta atá romhainn amach, agus go gcúití Sé a saothar dóibh.  

Binn Béal….

Car imigh an Sioc

Cár imigh an Sioc?

Peadar Bairéad

.

(This week we consider life, as it is lived, in our Republic)

.

Sea! agus cá bhfuil an sneachta a bhí ann anuraidh? nó cár imigh an sioc? Sin iad na ceisteanna a chuireadh an tseandream orthu fhéin fadó, nuair a thugaidís faoi deara, go raibh an saol athraithe ó bhonn, agus nuair a thuigfidís gur tháinig an t-athrú sin aniar aduaidh orthu. Ar bhealach, nach é an dála céanna againne é? Bhain an tír s’againne a saoirse amach i dtús fhichidí na haoise seo caite, agus ansin, tar éis blianta fada a chaitheamh ag iarraidh ár mbealach fhéin a dhéanamh i dtreo phoblacht ár bhfíse, tháinig muid chuig ionad, ina raibh saol an mhadaidh bháin ag bunús ár ndaonra, agus muid ag druidim i dtreo ré órga ina mbeadh ganntan agus anro, bochtaineacht agus gorta, díbeartha go deo as Oileán seo na Naomh is na nOllamh. Ní gá dhom a rá, nach mar sin a tharla, nó faoi mar a dhúiseodh duine as támhnéal codlata, chonacthas dúinn nach raibh faoi dhúshraith ár bhfíse ach gaineamh séidte, agus go mba chosúil le tigh cartaí an teach seo a thóg Seáinín. Dhúisíomar maidin, agus chonacamar go raibh deireadh leis an mustar go léir, agus go raibh leá chúr na habhann tagtha ar an saibhreas a bhí in ainm a bheith carntha againn. Arbh aon ionadh gur chuireamar an cheist sin orainn fhéin?…Cár imigh an sioc? Cár imigh an saibhreas uilig a bhí carntha suas againn ar pháipéar? Sea, chuaigh leá chúr na habhann air, gan aon agó.

Neamhbhuaine an tsaoil

Bhail, thóg mé eagrán den nuachtán cáiliúil sin, an Kilkenny People, chugam, ar an Aoine, an 28ú Bealtaine, na bliana 2010, féachaint ar chabhair ar bith dom i bhfuascailt na faidhbe sin é, spléachadh a fháil ar chinnlínte chéad leathanaigh an eagráin sin. Ní call dom a insint duit, gur chuir ar léigh mé ansin ionadh agus alltacht orm, nó ba ghearr gur cuireadh ar mo shúile dhom é, go raibh sneachta na bliana anuraidh imithe gan filleadh. In alt le Mary Cody agus le Laura Keys, tugadh le fios dúinn, gur thug deichniúr faoi lámh a chur ina mbás fhéin, an deireadh seachtaine roimhe sin, agus ba dhrugaí a liostáileadh mar phríomhchúis dá ngníomh i mbunús na gcás sin. Ba é tuairim na saineolaithe freisin, go raibh baint ag na staitisticí sin uilig leis an gcúlú eacnamaíochta, agus moladh do na hÚdaráis Sláinte aird faoi leith a dhíriú ar na tarlúintí sin.

Sceanadh

Ar an gcéad leathanach sin den eagrán céanna, bhí scéal le Seán Keane, le léamh, faoi bheirt a thuirling de charr i lár Chathair Chill Chainnigh, agus a thug fogha faoi fhear óg, a sháigh é, agus a d’fhág ansin i mbéala báis é. Tuigtear go raibh drugaí taobh thiar den scliúchas sin freisin. Thugadar beirt an carr orthu fhéin ansin, agus as go brách leo, ach, is cosúil áfach, gur tharla easaontas éigin eatarthu, ar ball, agus gur éirigh siad chun a chéile, rud a d’fhág gur gabhadh iad, agus gur cuireadh comhad fúthu ar aghaidh chun an DPP.

Scéal eile le Seán Keane ar an gcéad leathanach sin freisin, faoi throideanna báis nó beatha, idir ainmhithe fiáine agus madraí. Eagraítear na troidenna céanna sin, anseo i gContae Chill Chainnigh, agus tagann slua daoine chun an láthair, le spórt a bhaint as an ndrochíde seo a thugtar ar na créatúir fhiáine sin. Sea, agus seans go mbíonn corr-gheall á chur freisin ar thoradh na dtroideanna sin. Deirtear go bhfuil sé deacair go maith, deireadh a chur leis an mí-iompar seo, bíodh go bhfuil dlithe reachtaithe ina choinne.

A Methadone Clinic

Tá scéal amháin eile ar chéad leathanach an eagráin sin, den People, agus is dócha gur deascéal é seo, murab ionann is na scéalta eile. Píosa le Laura Keys atá i gceist anseo, agus scéal faoi bhunú “Methadone Clinic” atá idir chamáin ag Laura.

Bhuel, sin agat pictiúr den saol a léirítear dúinn, ar chéad leathanach an Kilkenny People, dár dáta, an 28ú Bealtaine, 2010.

Cár imigh an Fhís ?

An bhfuil cúrsaí imithe ó smacht orainn? An bhfuil sé ró-dhéanach leis an dtaoide seo a chur ó dhoras? Nó, an féidir linn dul i mbun oibre anois, le dul ar thóir na físe úd, a spreag lucht an Éirí Amach, tarraingt ar chéad bliain ó shoin? Fúibhse atá sé, agus níor chaill fear an mhisnigh riamh é!

Binn Béal….

Cloch ar a Charn….Monsignor Tommy ar lár – Copy

Cloch ar a Charn

Peadar Bairéad

Mothóimid uainn é

Tháinig mé fhéin go Cill Chainnigh a chéaduair tar éis dom a bheith ceaptha mar mhúinteoir i gColáiste Chiaráin, sa bhliain 1966, agus b’in mar a tharla gur chuir mé aithne i dtosach ar an Athair Tommy Maher, faoi mar a bhí sé an tráth sin, agus bíodh gur chuir mé suim agus dhá shuim, sna cluichí náisiúnta roimhe sin, b’fhada ó chamáin agus ó shliotair a rugadh agus a tógadh mé fhéin in Iorras thiar, ach ba ghearr i gColáiste Chiaráin mé go raibh mé faoi gheasa ag scil agus ag luas na hiománaíochta, agus bíodh go raibh orm tosú arís i mbun mo cheirde, agus cé go raibh orm aithne a chur ar idir mhúinteoirí agus dhaltaí, ní fhéadfainn éaló ó dhraíocht, nó ó gheasa an chamáin, a bhí le mothú chuile áit thart orm, ag an am.

Ceapadh an tAthair Tommy mar mhúinteoir sa Choláiste, sa bhliain 1953, tar éis dó seal a chaitheamh ag obair in Ard-deoise Átha Cliath tar éis a oirnithe, sa bhliain 1948, ach chomh maith le sin, ba é a d’adhain tine an ghrá don iomáint imeasc daonra an Choláiste ag an am gcéanna. chomhartha sin, d’éirigh le foireann iomána an Choláiste Corn an Chrócaigh a bhuachan, sa bhliain 1957, agus arís sa bhliain 1959. D’éirigh leo freisin é a bhuachan roinnt blianta eile idir sin agus an bhliain 1983, nuair a d’fhág draoi an chamáin fhéin an Coláiste le post nua mar shagart paráiste a ghlacadh i Muileann a’ Bhata. Ní gá a lua anseo, an bhaint a bhí aige le Foireann Sinsir Chill Chainnigh, mar ar fheidhmigh sé mar thraenálaí foirne ar feadh bliain is fiche, nó tá fhios ag madraí an bhaile fhéin, – gan cait an bhaile a lua in aon chor,- faoina éachtaí sa ghort céanna sin.

Dualgas Ghiolla na mBróg

Bhí ard-mheas ar an Athair Tommy mar mhúinteoir matamaitice, mar déan, agus mar uachtarán i gColáiste Chiaráin, ach dá éagmais sin ar fad, níor dhuine ardnósach é in aon chor, agus le linn a shaorama, chuile sheans go bhfeicfeá é i mbun poistíneachta eicínt. Is cuimhin liom ócáid amháin, tar éis dom a bheith ceaptha mar Leasardmháistir, gur chuir mé ceist air faoi dhualgaisí a phoist. Ba é adúirt sé nó rud ar bith a fhágfai gan déanamh, a dhéanamh. Ba ansin a thuig mé meon agus cleachtadh an uachtaráin fhéin, sé sin, gnó ar bith a fágadh gan déanamh, a dhéanamh. B’in é dualgas an ‘Boots’ i dTeach Aíochta! raibh éirí in airde ar bith ag baint le Tommy, faoi mar a thugtaí air coitianta, nó ba dhuine umhal, cráifeach, comharsanúil é chuile lá riamh. Mothóimid uilig uainn é sna bólaí seo, mar dhuine, mar chríostaí umhal, mar iománaí oilte, cliste, agus mar Chill-Chainneach dílis, agus ar deireadh thiar, mar shagart cráifeach, ar bronnadh an teideal measa úd, Monsignor, air. Mairfidh a chuimhne lá is fuide anonn; a mhiongháire ciúin, cuthaileach; a ghaelachas; a thuiscint ar scileanna agus ar ealaíona na hiománaíochta; agus níos iontaí fós, a fhlaithiúlacht i múineadh, agus i roinnt, na scileanna céanna sin orthu siúd ar suim leo forbairt agus saothrú na slite ab fhearr le caighdeán na himeartha a chur chun tosaigh.

Chomh fada is a bhain sé liom fhéin, ba dhuine cairdiúil, carthannach, comharsanúil, é an tAthair Tommy, fear a raibh meas agus omós tuillte go maith aige, i gcéin is i gcóngar, trína dhúthracht, trína dháiríreacht, agus trína dhílseacht.

Áit ag bord an Tiarna go raibh agat a Mhonsignor, anois agus feasta.    

****************************

Caoineadh an Mhonsignor

.

An Monsignor uasal ‘nois sínte,

Is ní fheicfear a leithéid go luath,

Nó thuig sé cluiche Chúchulainn,

Is mhúin sé a chleasa dá ghlúin.

.

Súil seabhaic a shúil ar an sliotar

Ag eitilt ó chamáin go cúl,

An t-imreoir lán scil’ agus glicis

Ag fáil bua ar a chéile, gan dua.

.

B’eisean a lúbfadh a chamáin,

Le sliotar a sheoladh go cruinn,

Ach rinneadh sagart den imreoir,

is fágadh Páirc a’ Bháire gan Laoch.

.

Ár slán leat a Athair na míne,

Nár laga an Rí thú go deo.

Solas na soilse dod’ anam,

Anois agus choíche faoi shó.

  

.

.

Binn Béal….

Craobh na hÉireann sa Pheil 2013

Craobh na hÉireann sa Pheil 2013

Peadar Bairéad

Iomarbhá lucht leanúna…….

Thíos i dTeach Ósta an Smugairle Róin ‘sea bhíomar, anche faoi dheireadh, mé fhéin, Séimí a’ Droichid, agus Mártan Shéamais, agus tar éis dúinn tamall a chaitheamh ag moladh na haimsire, rud nach dtarlaíonn go ró-mhinic! rinne mo bheirt leath-bhádóir comhbhrón liom fhéin as díomua Mhaigh Eo i gCraobh na hÉireann sa Pheil, rud a tharlaíonn go ró-mhinic, faraoir géar! r liomsa.

“Tharlaíonn níos measa ná sin ar toinn”, arsa mé fhéin, ag gabháil buíochais leo, agus ”go maire na thcliathaigh a nuacht, nó ba iad a bhuaigh Craobh na hÉireann sa Pheil, don bhliain reatha seo 2013.”

“Céard a tharla in aon chor d’fhoireann Mhaigh Eo, foireann a chruthaigh chomh sciliúil, cleachtaithe, sin sa pheil, le cupla bliain anuas anois?” arsa Mártan Shéamais. Nár bhuaigh siad rompu agus ina ndiaidh go dtí sin i mbliana?

“Bhail”, arsa Séimí a’ Droichid, or deineadh iad a robáil sa Chraobhchluiche sin, cé go gceapfainn fhéin go raibh moltóir an lae úd, ag taobhú leo.

Sa Chéad Leath

“Fan ort nóiméad anois” arsa Mártan Shéamais, “Nach bhfaca chuile dhuine an chaoi ar imir foireann Mhaigh Eo sa chéad leath den chluiche sin. B’iad a sciob an chraobh imeartha leo, sa leath sin, agus léirigh Clár na Scór sin freisin, ach ba scéal eile ar fad é sa dara leath. D’athraigh na hÁthcliathaigh a stíl imeartha, agus d’éirigh leo stop a chur le rás Mhaigh Eo, trí mhódhanna imeartha Rugbaí a úsáid le stop a chur le himreoirí Mhaigh Eo teacht i raon scórála dá mbáire.”

Caithfidh gur ar chluiche eile ar fad ar a bhí tusa ag faire a Mhártain, arsa Séimí a’ Droichid, nó nár léir don dall fhéin go raibh an moltóir ar thaobh Mhaigh Eo, sa dara leath sin, agus é ar a dhícheall le deiseanna scórála a chur ar fáil dóibh, chuile bhabhta. Modhanna Rugbaí! adeir tú! Ní féidir gur i ndáiríre atá tú? Chaill Maigh Eo an cluiche sin toisc nach raibh ar a gcumas coinneáil suas le gaiscigh Átha Cliath.r thug chuile dhuine faoi deara, go raibh cic saor i ndiaidh chic saor á thabhairt ag an moltóir d’fhoireann Mhaigh Eo, le deiseanna scórála a thabhairt dóibh.

Deiseanna Scórála

“Go dtuga Dia ciall dhuit, a Shéimí na mbréag! déarfainn gur chóir dhuit smaoineamh ar chuairt a thabhairt, gan aon ró-mhoill, ar na Specsavers’ úd a mbíonn chuile dhuine ag caint fúthu, na laethe seo! Aontaím leat áfach, gur thug an moltóir cic saor i ndiaidh chic saor dfhoireann Mhaigh Eo, ach thug sé na ciceanna saora sin dóibh, toisc go raibh na hÁthchliathaigh ag déanamh calaois i ndiaidh calaoise orthu, le stop a chur lena s, lena scileanna, agus lena ndúthracht imeartha. Theip orthu scóráil toisc gur deineadh bunús na gcalaoisí sin ró-fhada amach ón gcúl len iad a iompó ina scóranna.

“Fan oraibh anois nóiméad amháin” arsa mise, agus mé ag cur isteach orthu beirt agus a gcuid argóna.”Tá an cluiche sin thart, níor maraíodh éinne sa chluiche sin, agus, chomh luath is a bhí an cluiche thart, bhí sé thart, agus bíodh gur Maigh Eoach mise, glacaim go huile le breitheanna an mholtóra. Fair Play’ do na hÁthcliathaigh. Rinneadar an beart ar an lá spriocailte, agus go maire siad a mbua, ach, faoi mar adúirt leantóirí na Mí liomsa, dhá bhliain is seasca ó shoin, ar an Long Stand i bPáirc an Chrócaigh, tá mé ag súil go dtabharfaidh siad aire na haire don Chorn, idir seo agus Meán Fómhair na bliana seo chugainn, nó beidh foireann eicínt eile chucu ansin, leis an gCorn sin a thabhairt abhaile leosan.”

Bhail, chuir sin an gobán im bheirt chara. agus b’in críoch leis an argóint agus d’fhág mo bheirt leathbhadóir slán agam go gairid ina dhiaidh sin……….

gaGaeilge