Creat Windsor!

Creat Windsor!

Tá go leor contúirte ag baint le cur chuige an DUP maidir leis an mBreatimeacht. Gan dabht, tá an crú ag teacht ar an tairne agus é seo á scríobh agam. Tá sé fógartha ag lucht an DUP le fada nach bhfillfidh siad ar Thionól Stormont, beag beann ar an bhFeidhmeannas, mura n-athrófar an prótacal iarBhreatimeachta chun a gcuid éileamh a shásamh. Is í a bpríomhfhadhb ná nach mbeadh na rialacha céanna i bhfeidhm sa Tuaisceart agus a bheadh sa Bhreatain Mhór féin, dá bharr na teorann boige idir an Tuaisceart agus Éire. Tá teorainn bhog cumhdaithe i gComhaontú Aoine an Chéasta agus ní féidir seicphointí custaim a lonnú ar an teorainn. Mar sin, tagann an Breatimeacht salach ar an gComhaontú, gan socrú speisialta a bheith ann.

Prótacal Thuaisceart Éireann

D’aontaigh an t-iar-Phríomh-Aire Boris Johnson Prótacal Thuaisceart Éireann leis an Aontas Eorpach agus chuaigh sé i bhfeidhm ar Eanáir 1, 2021. De réir an tsocraithe sin, seicphointí custaim lonnaithe ag calafoirt Thuaisceart Éireann agus aerfort idirnáisiúnta Béal Feirste, agus seiceáil déanta ar na hearraí go léir ag teacht isteach sa Tuaisceart – earraí ón mBreatain Mhór san áireamh, fiú má tá siad chun fanacht i dTuaisceart Éireann. Roimh ré, gheall Johnson don DUP nach ligfeadh sé teorainn i Muir Éireann – agus ansin bhris sé a ghealltanas dóibh. Ní haon ionadh é gur bhraith an DUP gur imríodh feall orthu agus ansin gur dhiúltaigh siad ról a ghlacadh sa Tionól ó shin i leith.

Creat Windsor

Chuir baghcat DUP ar Stormont brú ar rialtas na Ríochta Aontaithe (RA) i gcúpla slí. Ar an gcéad dul síos, i bhfad níos deacra an Tuaisceart a rialú, gan rialtas cineachta an Tuaiscirt i bhfeidhm. Ar an dara dul síos, ar aon bhall den DUP a ina f(h)eisire i bParlaimint na RA éirí as an ról sin dá nglacfadh sé/sí ról sa Tionól. Mar fheisirí sa Pharlaimint, siad in ann níos mó brú a chur ar rialtas na RA maidir leis an bprótacal iarBhreatimeachta.

Ar an taobh eile den scéal sin, áfach, tá cúpla míbhuntáiste ag baint leis an gcur chuige sin. Sa chéad áit, ardaíonn an baghcat neamhsheasmhacht pholaitiúil agus an riosca foréigin. Sa dara háit, baghcat Stormont in éadan thoil na ndaoine agus ní rud maith é sin. Fiú i measc a lucht leanúna féin, níl ach leath i bhfabhar an bhaghcait, agus is riosca polaitiúil é sin dá bpáirtí féin! Gan dabht, tá geallta arda á n-imirt ag baill an DUP, ní hamháin dóibh féin, ach don Tuaisceart freisin.

Ghéill rialtas na RA don bhrú a cuireadh orthu, agus chuir Príomh-Aire Rishi Sunak agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen socruithe trádála nua le chéile Creat Windsor – a laghdóidh seiceanna custaim ar earraí ag teacht isteach sa Tuaisceart ón mBreatain Mhór. Comhréiteach atá i gceist idir an dá pháirtí agus gan dabht ghéill an tAontas Eorpach don RA maidir le roinnt pointí.  Ach is maith an margadh don Tuaisceart é, gach rud san áireamh.  

Dul chun cinn suntasach ach…

Dúirt ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson gur dul chun cinn suntasach é Creat Windsor, ach go bhfuil príomhábhair imní acu fós faoin gCreat, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm dlíthe an AE ar bhonn leanúnach. Tá go leor obair le déanamh fós, dar le Donaldson. Ach dúirt Rishi Sunak nach bhfuil aon phlean ag rialtas na RA ath-idirbheartaíocht a dhéanamh faoin gCreat.  

Sa chéad vóta sa pharlaimint ar an ‘gCoscán Stormont’, píosa lárnach den Chreat, bhí 515 feisire ar son agus 29 (8 mball an DUP san áireamh) in aghaidh an Choscáin, agus mar sin glacadh leis.

Is dócha go mbeidh coimhlint idir an DUP agus Sunak dosheachanta, ach tá an lámh in uachtar ag Sunak faoi láthair maidir leis an gCreat. Ach cad a dhéanfaidh Jeffrey Donaldson anois?

Roghanna?

Tá Jeffrey Donaldson agus an DUP idir dhá thine Bealtaine anois faoi cad ba cheart dóibh a dhéanamh. Braitheann sé gur beag seans ar fad anois go n-éireoidh leis an DUP a dtoil a bhrú ar rialtas na RA níos mó maidir leis an gCreat. Ag an am céanna, tá muintir an Tuaiscirt ag éirí mífhoighneach toisc nach bhfuil a rialtas féin i bhfeidhm fós, agus seans maith go laghdóidh tacaíocht don DUP má leanann a bhaghcat ar Stormont ar aghaidh. Gan dabht, tá an DUP i sáinn maith anois.   

I mo thuairim, tá sé in am don DUP anois dul ar an umhlaíocht agus an rud ceart a dhéanamh agus glacadh lena suíocháin i Stormont. I ndeireadh na dála, fuair siad socrú nua maidir leis an bPrótacal, agus is mór an trua é nach bhfuil siad sásta leis sin. Ní bheadh a fhios ag aon duine cad é an deireadh a bheadh ar an scéal seo, ach caithfidh mé a admháil nach bhfuil dhósasach faoi.

.

.

.

.

.

.

.

Na hOscars – Thuas seal Thíos seal!

Na hOscars – Thuas seal Thíos seal!

Is ar éigean a d’fhéadfadh na hOscars a bheith níos measa i mbliana ná mar a bhí siad an bhliain seo caite. Sin a cheap mé cúpla lá rompu, ar aon nós. Ar an drochuair, bhí siad i bhfad níos measa i mo thuairim, ó thaobh ár dtíre de. Cén fáth? Bhuel, níor bhuamar ach dhá Oscar as na 14 ainmniúchán a fuaireamar! Ansin cuireadh an tarcaisne i gceann na héagóra nuair a fuaireamar drochíde intinne roimh agus ag searmanas na nOscar.

Cé go bhfuair ‘The Banshees of Inisherin’ 9 n-ainmniúchán, níor bhuaigh an scannán Oscar ar bith. Níor bhuaigh ‘An Cailín Ciúin’ an Oscar don fhadscannán idirnáisiúnta is fearr ach an oiread, mar bhuaigh an scannán ‘All Quiet on the Western Front’ ón Ghearmáin an Oscar sin.   Agus níor bhuaigh Paul Mescal an Oscar don aisteoir is fearr sa scannán ‘Aftersun, mar bhuaigh Brendan Fraser (sa scannán ‘The Whale’) an Oscar sin.

Ach, ní bhíonn néal gan ghealán

Is comhartha é ar an dul chun cinn suntasach sa tionscal scannánaíochta in Éirinn go raibh an dá Oscar a bhuamar mar ábhar díomá do roinnt dúinn!   Léirigh an 14 ainmniúchán an raon iomlán de thallann sa tír san aisteoireacht, stiúrthóireacht, eagarthóireacht, cumadóireacht agus scannánaíocht – ní hamháin as Béarla, ach as Gaeilge freisin!

Léiríonn an dara Oscar buaite ag Richard Baneham sa chatagóir éifeachtaí speisialta as a chuid oibre ar Avatar: The Way of Water’, go bhfuil scileanna teicniúla na hÉireann ar an leibhéal is airde. Thaispeáin ‘An Irish Goodbye’ doimhneacht agus leithead na tallainne atá ar fáil in Éirinn, chomh maith le bua na húrnuachta. Nuair a chan lucht féachana na nOscar ‘Happy Birthday’ don aisteoir James Martin, ceiliúradh speisialta a bhí ann! Is é James an chéad duine a bhfuil siondróm Down air, a bhuaigh gradam Oscar riamh!

Dúirt Ivan Martin (athair James): Is cuimhin liom an duine a dúirt liom fadó: ‘Féach an tUasal Martin, caithfidh tú a thuiscint nach labhróidh Séamas go deo’ Agus seo muid anois! Ní hamháin go labhraíonn James ach ón am a thosaigh sé ag caint, níor stop sé ó shin i leith,” a dúirt Ivan le BBC Raidió Uladh.

Ní mór tagairt ar leith a dhéanamh don scannán iontach sin ‘An Cailín Ciúin, an chéad scannán Gaeilge riamh a shroich an searmanas seo.  Leis sin, tá sprioc thábhachtach bainte amach ag scannánaíocht as Gaeilge. Bhí ról lárnach ag CINE4 (comhpháirtíocht le TG4, Bord Scannán na hÉireann (BSE) agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI)) mar phríomhmhaoinitheoir san fhorbairt shuntasach seo.  Is deimhniú láidir é cé chomh tábhachtach is atá maoiniú chun dul chun cinn mar sin a dhéanamhseachas sin, ní tharlódh sé.        

Drochíde intinne!

Ar an Satharn roimh na gradaim Oscar, bhí ‘sceitse grinn’ ar an gclár ‘Saturday Night Live’, le Molly Kearny agus Mikey Day mar Farrell agus Gleeson. Postáladh an ghearrthóg dóibh ar líne, a thaispeáin an bheirt ag labhairt Béarla dothuigthe thar a chéile go dtí gur shiúil siad amach, agus ansin dúirt duine de na láithreoirí: “Wow! Níor thosaigh siad fiú ag ól fós.”

Cáineadh an sceitse as a bheith maslach agus suarach sa tslí ina léirigh sé   steiréitíopaí Éireannacha.  Scríobh an t-aisteoir Alan Mehdizadeh ar Twitter: “Maith thú SNL! D’éirigh leat magadh a dhéanamh ar náisiún iomlán, agus ar dhuine a bhí i mbun cath an-phoiblí le halcól, agus d’éirigh leat é a dhéanamh gan a bheith fiú greannmhar.  

.. ghlaoigh na 1980í agus tá siad ag iarraidh a gcuid scéalta grinn steiréitíopa Éireannacha ar ais,” a dúirt tráchtaire eile.  Roinn cruthaitheoir Derry Girls Lisa McGee an ghearrthóg ar Twitter leis na focail: “Sea, tá sé maith go leor” agus emoji ag taispeáint a míshásaimh ag an deireadh.

Fiú ag searmanas na nOscar féin, bhí an láithreoir, Jimmy Kimmel, ag magadh. D’oscail an searmanas ag rá: “Tá daoine ainmnithe againn ó gach cearn de Bhaile Átha Cliath. Tá cúigear aisteoirí Éireannacha ainmnithe anocht, rud a mhéadaíonn go mór an seans go mbeidh troid eile ar an stáitse.”

Níos déanaí, léigh Kimmel ‘ceist lucht leanúna’ ó bhreathnóir a dúirt go raibh grá aige do léiriú Farrell, ach nár thuig sé cad a bhí á rá aige. D’fhreagair Farrell: “Féach ar SNL aréir agus beidh cliú maith agat.”  Cáineadh Kimmel ar na meán sóisialta agus na nuachtáin as na rudaí diúltacha sin a bhí á rá aige.

Conclúid

Cé go raibh maslaithe frith-Éireannacha á gcaitheamh ag ‘Saturday Night Live’ agus ag Jimmy Kimmel, ba cheart dúinn a bheith dearfach faoi chúrsaí. Is cúis mórtais náisiúnta dúinn go bhfuaireamar 14 ainmniúchán agus dhá ghradam Oscar, an chéad ceann do dhuine a bhfuil siondróm Down air, san áireamh. Is rud iontach scannán Gaeilge a fheiceáil san iomaíocht ag leibhéal idirnáisiúnta freisin is dea-chomhartha dóchais don teanga é sin.  Beidh lá eile ag an bPaorach ag na hOscars!.

Athrú ollmhór i nDearcadh Phobal na Ríochta Aontaithe

Athrú ollmhór i nDearcadh Phobal na Ríochta Aontaithe

Le déanaí, rinne triúr taighdeoirí ag an Institiúid Ollscoile Eorpach anailís shuimiúil ar threochtaí sna sonraí phobalbhreitheanna Breatimeachta a bhí déanta thar thréimhse sé bliana. Thugadar treocht láidir faoi deara – le himeacht ama ceapann níos mó daoine gur bhotún tubaisteach ba ea an Breatimeacht.  Thángthas ar threochtaí suimiúla eile freisin nuair a bhris siad síos na torthaí de réir aoisghrúpa.

Torthaí Reifreann an Bhreatimeachta sa Ríocht Aontaithe

Sa reifreann féin i 2016, bhí 52% i bhfabhar an tAontas Eorpach (AE) a fhágáil agus 48% i gcoinne.  Ach roghnaigh 64% de na vótálaithe os cionn 65 ‘Fág’, i gcomparáid le 29% de na vótálaithe is óige – iad idir 18 agus 24 bliana d’aois. Níl aon argóint ach go raibh, go bhfuil agus go mbeidh difríocht mhór idir óg agus aosta ó thaobh an Bhreatimeachta de.     

Torthaí pobalbhreitheanna

Rinne YouGov pobalbhreitheanna an Bhreatimeachta i 2016, 2018, 2020 agus 2022. Bhí an cheist seo i ngach pobalbhreith: “An dóigh leat go raibh ceart nó mícheart don Ríocht Aontaithe an tAE a fhágáil?”  

I measc na bhfreagróirí go léir, tá méadú tagtha le himeacht ama ar an meánchéatadán a dúirt go raibh sé mícheart an tAE a fhágáil, rud a thugann le tuiscint go bhfuil athrú croí tagtha ag muintir na Ríochta Aontaithe.

Ríomh na taighdeoirí Joris Frese, Juho Härkönen agus Simon Hix do gach aoisghrúpa cén céatadán a d’fhreagair “mícheart”, agus iad ag iarraidh léargais níos doimhne a fháil.

Anailís na dtaighdeoirí

Níor athraigh ach dream beag den ghrúpa vótálaithe is sine (65+) a thuairim ón reifreann i leith. Sa phobalbhreith is déanaí, síleann 28% dóibh go raibh sé mícheart an tAE a fhágáil.  Más dada é tá siad, mar ghrúpa, níos compordaí anois ná riamh go raibh an ceart ag an Ríocht Aontaithe an tAE a fhágáil.

Mar an gcéanna, níor athraigh formhór na daoine a rugadh idir 1945 agus 1954 – na “baby boomers” mar a thugtar orthua dtuairim, ach an oiread. Sa phobalbhreith is déanaí, síleann 32% dóibh go raibh sé mícheart an tAE a fhágáil.

Murab ionann is na grúpaí eile, d’athraigh go leor daoine a dtuairimí sa ghrúpa a rugadh idir 1985 agus 1994 na ‘millenials’.  Dúirt 57% dóibh i 2016 go raibh sé mícheart an tAE a fhágáil, ach sa phobalbhreith is déanaí, deir 70% go raibh sé mícheart.

Sa ghrúpa a rugadh idir 1995 agus 2004 (‘Gen Z’), dúirt 61% dóibh i 2016 go raibh sé mícheart an tAE a fhágáil i gcomparáid le 64% sa phobalbhreith is déanaí. Ach – agus is pointe ríthábhachtach é seo – go leor sa ghrúpa seo (iad siúd a rugadh i ndiaidh 1998) a bhí ró-óg le vótáil in 2016.  

Conclúidí

Ach cad is brí le príomhthorthaí an taighde?  D’eascair dhá phríomh-chonclúid as staidéar na dtaighdeoirí.

1.Níor athraigh an chuid is mó a dtuairim faoin mBreatimeacht, le heisceacht amháin – na ‘millenials’.  Ceapann 70% anois gur bhotún é dóibh an tAE a fhágáil.  haon chomhtharlú é gurb é seo an grúpa is mó atá ag íoc as droch-chinneadh an Bhreatimeachta anois.
2.Sa reifreann i 2016, bhí 69% daoine óga i bhfabhar fanacht san AE, i gcomparáid le 36% de dhaoine os cionn 65. Ach le himeacht ama bíonn daoine ag fáil bháis – seandaoine go príomha, agus bíonn vótálaithe nua ag teacht isteach tar éis dóibh 18 mbliana a bhaint amach.  Tá timpeall trian den athrú thuairim faoin mBreatimeacht sna pobalbhreitheanna ag baint leis an athrú déimeagrafach seo.

Ní féidir linn a thuar go beacht cén tuairim a bheidh ag daoine sa Ríocht Aontaithe sa todhchaí ach táimid in ann tuairim mheáite a nochtadh, ar aon nós. Dúirt duine de na taighdeoi Juho Härkönen gurb é “an príomhscéal” ó staidéar a fhoirne go bhfuil tionchar mór ag an athsholáthar vótálaithe ar na torthaí suas go dtí seo, agus is amhlaidh amach anseo freisin.  Toisc go bhfuil an ghlúin óg i bhfad níos dearfaí faoin AE ná an grúpa vótálaithe is sine, is léir go leanfaidh an treo i bhfabhar an AE ag méadú sa Ríocht Aontaithe. Mar sin, tar éis tamaill beidh an Ríocht Aontaithe idir dhá thine Bhealtaine, maidir lena ballraíocht san AE. Ag breathnú siar anois, tá sé soiléir d fhormhór na dtoghthóirí gur chuir na Tóraithe agus an preas dallamullóg orthu, maidir leis an mBreatimeacht. Agus cé nach mbeadh sé éasca don Ríocht Aontaithe, b’fhearr di athiarratas a dhéanamh ar bhallraíocht san AE dá luaithe is ea is fearr!  Chun é sin a dhéanamh, beidh orthu smaoineamh ar dhóigh lena n-oineach féin a chosaint – rud deacair do thír a bhí chomh láidir uair amháin!  

.

Tuairisc Bháis: An tEaspag Dave O’Connell

Tuairisc Bháis: An tEaspag Dave O’Connell

Le déanaí bhí Caitlicigh timpeall Dheisceart California agus ar fud an domhain faoi bhrat dobróin faoi bhás an Easpaig David O’Connell i Los Angeles.  Bhí aithne ar an easpag mar ‘The Peacemaker’ agus cáil air as a chuid oibre le pobail bhochta imirceacha. Scaoileadh marbh é nuair a bhí sé ina chodladh sa bhaile in Oirthear Los Angeles. Tá an conraitheoir deisiúcháin tí Carlos Medina (65), a rinne rudaí beaga don Easpag thart faoin teach, agus a raibh a bhean chéile ag obair mar choimeádaí tí don Easpag, cúisithe i ndúnmharú an Easpaig Uí Chonaill. Ghearán comharsana an Easpaig leis na húdaráis go raibh Carlos Medina, a raibh ciontú drugaí aige roimhe seo, ag iompar go hearráideach le cúpla lá anuas. Tar éis do na póilíní obair bhleachtaire thar barr a dhéanamh bunaithe ar an leid sin, gabhadh Medina ar amhras gur dhúnmharaigh sé an tEaspag.

Rugadh agus tógadh an tEaspag i nGleann Maghair i gContae Chorcaí. Rinne sé staidéar don tsagartacht i gColáiste Naomh Uile i mBaile Átha Cliath agus oirníodh ina shagart é in Ard-Deoise Los Angeles i 1979.

Rinne Ardeaspag Los Angeles José H. Gómez cur síos ar an Easpag ag preasagallamh mothúchánach. B ag iarraidh na deora a choinneáil siar agus é ag labhairt faoi O’Connell. “Gach lá bhíodh an tEaspag O’Connell ag iarraidh comhbhá a léiriú do na boicht, do dhaoine gan dídean, do na hinimircigh agus dóibh siúd go léir a chónaíonn ar imeall na sochaí. Sagart maith, easpag maith agus fear síochána a bhí ann,” arsa an tArdeaspag.

Thosaigh glór an Ardeaspaig ag crith agus é ag caint faoi bhás a chara agus cé chomh buíoch is atá sé don fhórsa póilíneachta agus don fhoireann imscrúdaithe “as a gcuid oibre crua ag tabhairt an amhrastaigh dúnmharaithe faoi choimeád”.

I rith a ghairmréime ar fud Chontae Los Angeles, sheas O’Connell an fód in aghaidh oifigigh feidearálacha agus áitiúla, agus fiú a cheannairí féin, nuair ba chúis leis, ar son a thréad ar fhreastal sé air. Fiú i ndiaidh don Phápa Proinsias é a cheapadh ina easpag i 2015, níor chaill O’Connell a bhealach leis na gnáthdhaoine.

Chuimhnigh Peter Dreier, ollamh le polaitíocht uirbeach ag Occidental College’ i Los Angeles agus údar The Next Los Angeles: The Struggle for a Livable City, ar O’Connell mar eagraí pobail a chuir a dhraíocht phearsanta ag obair do na boicht agus do dhaoine atá díchumhachtaithe.

“Bhí mé i gcónaí an-tógtha leis an Easpag Dave agus cé chomh hoilte a bhí sé i gcúrsaí an tsaoil. Bhí mé tógtha freisin lena chomhbhá, agus a thoilteanas dúshlán a thabhairt do dhaoine i gcumhacht maidir le saincheisteanna éagsúla, agus go háirithe cearta inimirceach, ceartas tithíochta, ciníochas agus sábháilteacht an phobail,” a scríobh Dreier i bpostáil Facebook. “Chonaic sé an eaglais mar fheithicil do cheartas sóisialta.”

Bhí an tEaspag Dave mar shagart paróiste ag Séipéal Naomh Frances Xavier Cabrini i nDeisceart Los Angeles ar feadh breis agus deich mbliana agus is cuimhin le lucht an pharóiste go raibh Dave ag obair i gcónaí ar a son gan stad gan staonadh. Bhain nuacht a bháis geit astu agus bhí iad ag streachailt le ciall a bhaint as an mbás le foréigean a fuair sé – foréigean i lomchodarsnacht le dearcadh agus saol an Easpaig féin.

Bhuail Jarlath Cunnane, sagart ag Eaglais Chaitliceach Naomh Cornelius ar an Trá Fhada (Long Beach) i gCalifornia, le O’Connell breis is 50 bliain ó shin ag Coláiste Naomh Uile i mBaile Átha Cliath, agus iad ag staidéar le bheith ina sagairt. Bhí go leor i gcoiteann acu – rinne an bheirt acu staidéar ar an mBéarla agus iad ag freastal ar an ollscoil — agus thuig Cunnane go tapa gur fear greannmhar, géarchúiseach ba ea O’Connell.

Bhog an bheirt fhear go California sna nóchaidí, agus d’fhás a gcairdeas níos doimhne leis na blianta. I 2020, nuair a bhí Cunnane san ospidéal ar feadh roinnt seachtainí le hionfhabhtú fola, thugadh O’Connell cuairt air beagnach gach lá. Bhí Cunnane ar mheaisín ocsaigine ag an am agus blas uafásach ina bhéal an t-am go léir. Thugadh O’Connell deoch kombucha dó beagnach gach cuairt chun an blas sin a laghdú.

“Bhí cumas iontach cairdis aige,” a dúirt Cunnane faoi O’Connell.

Tháinig an bheirt chara le chéile le haghaidh dinnéir le déanaí, a dúirt Cunnane, agus phléigh siad pleananna chun cuairt a thabhairt ar pharóistí áirithe in ard-deoise O’Connell go luath amach anseo. Ní raibh imní ar a chara fadtréimhseach faoina shábháilteacht, a dúirt Cunnane, agus mar sin tháinig sé aniar aduaidh air, nuair a fuair sé amach gur lámhachadh chun báis é.  “Cé ar domhan a chuimhneodh riamh ar rud mar seo a dhéanamh?” d’fhiafraigh sé. Tá an ceart aige agus beatha an Easpaig Dave caillte go fánach -suaimhneas síoraí dá anam.

.

Léirmheas Scannáin: Hallelujah: Leonard Cohen.  A Journey, A Song

Léirmheas Scannáin: Hallelujah: Leonard Cohen. A Journey, A Song

Léirmheas Scannáin: Hallelujah: Leonard Cohen. A Journey, A Song

Dúirt Bono gurb é Hallelujah an t-amhrán ab fhearr riamh. B’fhéidir go bhfuil an ceart aige!

Scríobh an t-amhránaí is scríbhneoir Leonard Cohen ‘Hallelujah’ thar thréimhse cúig bliana.  Ach níor ghnóthaigh an t-amhrán aitheantas mór ar dtús, cosúil le Cohen féin – ní tharlódh sé sin dóibh go ceann tamall fada. Tá scéal an amhráin agus a chumadóra fite fuaite le chéile, agus úsáideann na comhstiúrthóirí Daniel Geller agus Dayna Goldfine an nasc láidir sin chun scannán faisnéise a chruthú.  

Late Starter

Réalta rac neamhghnách ba ea Leonard Cohen. Bhí an file agus an t-úrscéalaí Ceanadach seo 40 bliain d’aois nuair a chuir Judy Collins (a raibh an-tóir aici ar an amhrán ‘Suzanne a scríobh Cohen) comhairle air, ag rá: “Ní féidir leat fanacht i bhfolach a thuilleadh; caithfidh tú canadh go poiblí.” Ní raibh Cohen in ann ceol a chanadh nó a sheinm ag an am. Ach tar éis tamaillín, d’éirigh thar barr leis mar cheoltóir.

Rejection

Bhí Cohen timpeall leathchéad bliain d’aois sa bhliain 1984, nuair a chríochnaigh sé a amhrán ‘Hallelujah’.  Chomhoibrigh sé leis an léiritheoir John Lissauer agus an t-amhránaí tionlacain Jennifer Warnes chun albam nua a ullmhú, dar teideal ‘Various Positions’. Sheol sé é chuig Columbia Records, agus d’iarr uachtarán Columbia, Walter Yetnikoff, ar Cohen bualadh leis. Dúirt Yetnikoff leis: “ Féach, a Leonard, tá a fhios againn go bhfuil tú ar fheabhas, ach níl a fhios againn an bhfuil maith ar bith ionat!” Dhiúltaigh Yetnikoff an t-albam a chur amach. Is díol suntais é go mbeadh trí sáramhrán ar an albam sin – ‘Hallelujah’, ‘Dance Me to the End of Love’ agus ‘Be Your Will!  

John Cale, Glen Hansart agus Jeff Buckley

Amhrán fada ba ea ‘Hallelujah’ ar dtús. Ach nuair a bhí sé ag obair ar albam ómóis do Cohen dar teideal ‘I’m your Fan’, rinne an ceoltóir cáiliúil John Cale eagarthóireacht chuimsitheach ar an amhrán roimh é a chanadh ar an albam.  Ach bhí comhábhar ar iarraidh fós in ainm Jeff Buckley!

Gael-Mheiriceánach ba ea Jeff Buckley (mac leis an sárcheoltóir Tim Buckley, cara le Cohen), agus thosaigh sé amach ag obair mar ródaí do Glen Hansart agus ‘The Commitments’, nuair a bhíodar ar camchuairt sna Stáit Aontaithe i 1991. Spreag Hansart é chun a cheol féin a sheinm agus a chanadh sa chaife Sin-é i Manhattan. Dála an scéil, d’oscail Éireannach darb ainm Shane Doyle caife Sin-É i 1989.   

Cé gur eisigh an sárcheoltóir Jeff Buckley leagan de ‘Hallelujah‘ (bunaithe ar leagan amach John Cale) sa bhliain 1994 ar a albam ‘’Grace’, níor bhain ‘Hallelujah’ barr na gcairteacha amach go dtí 1998. Gan dabht, tharraing bás tionóisceach Buckley sa bhliain 1997 aird an phobail ar an amhrán. Nuair a chuala siad é, thuig siad ansin cé chomh hálainn agus a bhí ‘Hallelujah’, agus go háirithe leagan amach Buckley.  

Comeback

Chaith Cohen 5 bliana, ó 1994 go dtí 1999, i mainistir Zen i Los Angeles. Bhíodh Cohen á chiapadh ag dúlagar go rialta, agus bhí sé ag lorg tearmainn.  Faoi dheireadh, thuig sé nach raibh a leigheas ar fáil sa mhainistir agus d’fhág sé é. D’eisigh sé cúpla albam ansin nár éirigh rómhaith leo – ceann amháin i 2001 (Ten New Songs) agus ceann eile i 2004 (Dear Heather).

Ach nuair a ghoid a bhainisteoir, Kelley Lynch, formhór a airgid, chinn sé teacht aniar a dhéanamh agus é 73 bliain d’aois. Chuir sé banna le chéile, agus chuaigh siad ar camchuairt sa bhliain 2007.  Bhíodh na ticéid dá gceolchoirm díolta amach gan mhoill, agus bhíodh orthu dátaí eile a chur leis a sceideal acu.  Lean Cohen ar aghaidh ag obair mar sin go dtí 2013, agus d’éirigh leis ní b’fhearr ná riamh.  

Ó Neart go Neart

Bhí dhá leagan amach de ‘Hallelujah’ a raibh an-tóir orthu, ag baint leis an scannán iontach ‘Shrek’ (2001): leagan amach John Cale sa scannán, agus leagan amach Rufus Wainwright ar fhuaimrian an scannáin.    

Sa bhliain 2004, d’eisigh KD Lang leagan de Hallelujah ar a halbam Hymns of the 49th Parallel agus chan sí sé é ag searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha sa Gheimhreadh 2010.

Chuaigh leagan amach Alexandra Burke, buaiteoir an chúigiú sraith de The X Factor, go barr na gcairteacha um Nollaig 2008. Ansin, thosaigh beagnach gach amhránaí i ngach seó tallainne ar fud an domhain ag canadh ‘Hallelujah’.

“Labhraíomar leis an buscálaí a fheiceann tú inár scannán lasmuigh den stáisiún traenach faoi thalamh i Manhattan,” a dúirt stiúrthóir Goldfine. “Agus dúirt sí linn má bhíonn am deacair aici lucht féachana a mhealladh agus mura bhfuil aon airgead ag teacht isteach, tosaíonn sí ag seinm Hallelujah. Deir sí go n-oibríonn sé gach uair.”

Cad a déarfá anois, Walter Yetnikoff?

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge