Tuairisc Bháis: An tEaspag Dave O’Connell

Tuairisc Bháis: An tEaspag Dave O’Connell

Le déanaí bhí Caitlicigh timpeall Dheisceart California agus ar fud an domhain faoi bhrat dobróin faoi bhás an Easpaig David O’Connell i Los Angeles.  Bhí aithne ar an easpag mar ‘The Peacemaker’ agus cáil air as a chuid oibre le pobail bhochta imirceacha. Scaoileadh marbh é nuair a bhí sé ina chodladh sa bhaile in Oirthear Los Angeles. Tá an conraitheoir deisiúcháin tí Carlos Medina (65), a rinne rudaí beaga don Easpag thart faoin teach, agus a raibh a bhean chéile ag obair mar choimeádaí tí don Easpag, cúisithe i ndúnmharú an Easpaig Uí Chonaill. Ghearán comharsana an Easpaig leis na húdaráis go raibh Carlos Medina, a raibh ciontú drugaí aige roimhe seo, ag iompar go hearráideach le cúpla lá anuas. Tar éis do na póilíní obair bhleachtaire thar barr a dhéanamh bunaithe ar an leid sin, gabhadh Medina ar amhras gur dhúnmharaigh sé an tEaspag.

Rugadh agus tógadh an tEaspag i nGleann Maghair i gContae Chorcaí. Rinne sé staidéar don tsagartacht i gColáiste Naomh Uile i mBaile Átha Cliath agus oirníodh ina shagart é in Ard-Deoise Los Angeles i 1979.

Rinne Ardeaspag Los Angeles José H. Gómez cur síos ar an Easpag ag preasagallamh mothúchánach. B ag iarraidh na deora a choinneáil siar agus é ag labhairt faoi O’Connell. “Gach lá bhíodh an tEaspag O’Connell ag iarraidh comhbhá a léiriú do na boicht, do dhaoine gan dídean, do na hinimircigh agus dóibh siúd go léir a chónaíonn ar imeall na sochaí. Sagart maith, easpag maith agus fear síochána a bhí ann,” arsa an tArdeaspag.

Thosaigh glór an Ardeaspaig ag crith agus é ag caint faoi bhás a chara agus cé chomh buíoch is atá sé don fhórsa póilíneachta agus don fhoireann imscrúdaithe “as a gcuid oibre crua ag tabhairt an amhrastaigh dúnmharaithe faoi choimeád”.

I rith a ghairmréime ar fud Chontae Los Angeles, sheas O’Connell an fód in aghaidh oifigigh feidearálacha agus áitiúla, agus fiú a cheannairí féin, nuair ba chúis leis, ar son a thréad ar fhreastal sé air. Fiú i ndiaidh don Phápa Proinsias é a cheapadh ina easpag i 2015, níor chaill O’Connell a bhealach leis na gnáthdhaoine.

Chuimhnigh Peter Dreier, ollamh le polaitíocht uirbeach ag Occidental College’ i Los Angeles agus údar The Next Los Angeles: The Struggle for a Livable City, ar O’Connell mar eagraí pobail a chuir a dhraíocht phearsanta ag obair do na boicht agus do dhaoine atá díchumhachtaithe.

“Bhí mé i gcónaí an-tógtha leis an Easpag Dave agus cé chomh hoilte a bhí sé i gcúrsaí an tsaoil. Bhí mé tógtha freisin lena chomhbhá, agus a thoilteanas dúshlán a thabhairt do dhaoine i gcumhacht maidir le saincheisteanna éagsúla, agus go háirithe cearta inimirceach, ceartas tithíochta, ciníochas agus sábháilteacht an phobail,” a scríobh Dreier i bpostáil Facebook. “Chonaic sé an eaglais mar fheithicil do cheartas sóisialta.”

Bhí an tEaspag Dave mar shagart paróiste ag Séipéal Naomh Frances Xavier Cabrini i nDeisceart Los Angeles ar feadh breis agus deich mbliana agus is cuimhin le lucht an pharóiste go raibh Dave ag obair i gcónaí ar a son gan stad gan staonadh. Bhain nuacht a bháis geit astu agus bhí iad ag streachailt le ciall a bhaint as an mbás le foréigean a fuair sé – foréigean i lomchodarsnacht le dearcadh agus saol an Easpaig féin.

Bhuail Jarlath Cunnane, sagart ag Eaglais Chaitliceach Naomh Cornelius ar an Trá Fhada (Long Beach) i gCalifornia, le O’Connell breis is 50 bliain ó shin ag Coláiste Naomh Uile i mBaile Átha Cliath, agus iad ag staidéar le bheith ina sagairt. Bhí go leor i gcoiteann acu – rinne an bheirt acu staidéar ar an mBéarla agus iad ag freastal ar an ollscoil — agus thuig Cunnane go tapa gur fear greannmhar, géarchúiseach ba ea O’Connell.

Bhog an bheirt fhear go California sna nóchaidí, agus d’fhás a gcairdeas níos doimhne leis na blianta. I 2020, nuair a bhí Cunnane san ospidéal ar feadh roinnt seachtainí le hionfhabhtú fola, thugadh O’Connell cuairt air beagnach gach lá. Bhí Cunnane ar mheaisín ocsaigine ag an am agus blas uafásach ina bhéal an t-am go léir. Thugadh O’Connell deoch kombucha dó beagnach gach cuairt chun an blas sin a laghdú.

“Bhí cumas iontach cairdis aige,” a dúirt Cunnane faoi O’Connell.

Tháinig an bheirt chara le chéile le haghaidh dinnéir le déanaí, a dúirt Cunnane, agus phléigh siad pleananna chun cuairt a thabhairt ar pharóistí áirithe in ard-deoise O’Connell go luath amach anseo. Ní raibh imní ar a chara fadtréimhseach faoina shábháilteacht, a dúirt Cunnane, agus mar sin tháinig sé aniar aduaidh air, nuair a fuair sé amach gur lámhachadh chun báis é.  “Cé ar domhan a chuimhneodh riamh ar rud mar seo a dhéanamh?” d’fhiafraigh sé. Tá an ceart aige agus beatha an Easpaig Dave caillte go fánach -suaimhneas síoraí dá anam.

.

Léirmheas Scannáin: Hallelujah: Leonard Cohen.  A Journey, A Song

Léirmheas Scannáin: Hallelujah: Leonard Cohen. A Journey, A Song

Léirmheas Scannáin: Hallelujah: Leonard Cohen. A Journey, A Song

Dúirt Bono gurb é Hallelujah an t-amhrán ab fhearr riamh. B’fhéidir go bhfuil an ceart aige!

Scríobh an t-amhránaí is scríbhneoir Leonard Cohen ‘Hallelujah’ thar thréimhse cúig bliana.  Ach níor ghnóthaigh an t-amhrán aitheantas mór ar dtús, cosúil le Cohen féin – ní tharlódh sé sin dóibh go ceann tamall fada. Tá scéal an amhráin agus a chumadóra fite fuaite le chéile, agus úsáideann na comhstiúrthóirí Daniel Geller agus Dayna Goldfine an nasc láidir sin chun scannán faisnéise a chruthú.  

Late Starter

Réalta rac neamhghnách ba ea Leonard Cohen. Bhí an file agus an t-úrscéalaí Ceanadach seo 40 bliain d’aois nuair a chuir Judy Collins (a raibh an-tóir aici ar an amhrán ‘Suzanne a scríobh Cohen) comhairle air, ag rá: “Ní féidir leat fanacht i bhfolach a thuilleadh; caithfidh tú canadh go poiblí.” Ní raibh Cohen in ann ceol a chanadh nó a sheinm ag an am. Ach tar éis tamaillín, d’éirigh thar barr leis mar cheoltóir.

Rejection

Bhí Cohen timpeall leathchéad bliain d’aois sa bhliain 1984, nuair a chríochnaigh sé a amhrán ‘Hallelujah’.  Chomhoibrigh sé leis an léiritheoir John Lissauer agus an t-amhránaí tionlacain Jennifer Warnes chun albam nua a ullmhú, dar teideal ‘Various Positions’. Sheol sé é chuig Columbia Records, agus d’iarr uachtarán Columbia, Walter Yetnikoff, ar Cohen bualadh leis. Dúirt Yetnikoff leis: “ Féach, a Leonard, tá a fhios againn go bhfuil tú ar fheabhas, ach níl a fhios againn an bhfuil maith ar bith ionat!” Dhiúltaigh Yetnikoff an t-albam a chur amach. Is díol suntais é go mbeadh trí sáramhrán ar an albam sin – ‘Hallelujah’, ‘Dance Me to the End of Love’ agus ‘Be Your Will!  

John Cale, Glen Hansart agus Jeff Buckley

Amhrán fada ba ea ‘Hallelujah’ ar dtús. Ach nuair a bhí sé ag obair ar albam ómóis do Cohen dar teideal ‘I’m your Fan’, rinne an ceoltóir cáiliúil John Cale eagarthóireacht chuimsitheach ar an amhrán roimh é a chanadh ar an albam.  Ach bhí comhábhar ar iarraidh fós in ainm Jeff Buckley!

Gael-Mheiriceánach ba ea Jeff Buckley (mac leis an sárcheoltóir Tim Buckley, cara le Cohen), agus thosaigh sé amach ag obair mar ródaí do Glen Hansart agus ‘The Commitments’, nuair a bhíodar ar camchuairt sna Stáit Aontaithe i 1991. Spreag Hansart é chun a cheol féin a sheinm agus a chanadh sa chaife Sin-é i Manhattan. Dála an scéil, d’oscail Éireannach darb ainm Shane Doyle caife Sin-É i 1989.   

Cé gur eisigh an sárcheoltóir Jeff Buckley leagan de ‘Hallelujah‘ (bunaithe ar leagan amach John Cale) sa bhliain 1994 ar a albam ‘’Grace’, níor bhain ‘Hallelujah’ barr na gcairteacha amach go dtí 1998. Gan dabht, tharraing bás tionóisceach Buckley sa bhliain 1997 aird an phobail ar an amhrán. Nuair a chuala siad é, thuig siad ansin cé chomh hálainn agus a bhí ‘Hallelujah’, agus go háirithe leagan amach Buckley.  

Comeback

Chaith Cohen 5 bliana, ó 1994 go dtí 1999, i mainistir Zen i Los Angeles. Bhíodh Cohen á chiapadh ag dúlagar go rialta, agus bhí sé ag lorg tearmainn.  Faoi dheireadh, thuig sé nach raibh a leigheas ar fáil sa mhainistir agus d’fhág sé é. D’eisigh sé cúpla albam ansin nár éirigh rómhaith leo – ceann amháin i 2001 (Ten New Songs) agus ceann eile i 2004 (Dear Heather).

Ach nuair a ghoid a bhainisteoir, Kelley Lynch, formhór a airgid, chinn sé teacht aniar a dhéanamh agus é 73 bliain d’aois. Chuir sé banna le chéile, agus chuaigh siad ar camchuairt sa bhliain 2007.  Bhíodh na ticéid dá gceolchoirm díolta amach gan mhoill, agus bhíodh orthu dátaí eile a chur leis a sceideal acu.  Lean Cohen ar aghaidh ag obair mar sin go dtí 2013, agus d’éirigh leis ní b’fhearr ná riamh.  

Ó Neart go Neart

Bhí dhá leagan amach de ‘Hallelujah’ a raibh an-tóir orthu, ag baint leis an scannán iontach ‘Shrek’ (2001): leagan amach John Cale sa scannán, agus leagan amach Rufus Wainwright ar fhuaimrian an scannáin.    

Sa bhliain 2004, d’eisigh KD Lang leagan de Hallelujah ar a halbam Hymns of the 49th Parallel agus chan sí sé é ag searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha sa Gheimhreadh 2010.

Chuaigh leagan amach Alexandra Burke, buaiteoir an chúigiú sraith de The X Factor, go barr na gcairteacha um Nollaig 2008. Ansin, thosaigh beagnach gach amhránaí i ngach seó tallainne ar fud an domhain ag canadh ‘Hallelujah’.

“Labhraíomar leis an buscálaí a fheiceann tú inár scannán lasmuigh den stáisiún traenach faoi thalamh i Manhattan,” a dúirt stiúrthóir Goldfine. “Agus dúirt sí linn má bhíonn am deacair aici lucht féachana a mhealladh agus mura bhfuil aon airgead ag teacht isteach, tosaíonn sí ag seinm Hallelujah. Deir sí go n-oibríonn sé gach uair.”

Cad a déarfá anois, Walter Yetnikoff?

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Rudaí sa spéir!

Rudaí sa spéir!

Cad atá ar bun ag an tSín?  Sin an cheist atá ar intinn gach duine tar éis na heachtra móire idirnáisiúnta a tharla le déanaí idir an tSín agus na Stáit Aontaithe.  Dúirt oifigeach míleata sinsearach go bhfacthas balún ar 28 Eanáir, ar an taobh thuaidh den Oileáin Ailiúit in Alasca. Bhí an balún timpeall 18 ciliméadar in airde.  Thug sé conair eitilte os cionn Cheanada agus ansin os cionn Idaho sna Stáit Aontaithe. Shroich sé Montana ar 1 Feabhra agus nuair a cuireadh cosc ar eitiltí ag aerfort Billings, d’fhéach daoine suas sa spéir agus fuaireadar radharc ar an mbalún.

 

Chuala an tUachtarán Biden faoin mbalún den chéad uair ar 31 Eanáir agus d’iarr sé ar ard-Ghinearáil athbhreithniú a dhéanamh ar roghanna míleata.

 

Tháinig drochthoradh taidhleoireachta náisiúnta agus idirnáisiúnta go tapa. Sna Stáit Aontaithe, bhí malairt tuairime faoi cad ba cheart a dhéanamh. Thapaigh na Poblachtaigh an deis chun Biden a cháineadh as a easpa gnímh, ag rá gur ba cheart dó an balún a scriosadh chomh luath is a d’fhoghlaim sé faoi. Ach dúirt Biden go ndearna sé é sin díreach – le coinníoll amháin – ná tóg riosca go bhfaigheadh aon duine bás dá bharr sin. Mar sin, níor scriosadh é go dtí go raibh sé os cionn na farraige – rud a tharla ar 4 Feabhra, os cionn an aigéin Atlantaigh.

 

D’fhógair Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Síne a míshástacht agus a ghearán láidir maidir le cinneadh Washington an balún a lámhach, ag maíomh gur aerárthach sibhialtach na Síne a bhí ann a chuaigh isteach sna Stáit Aontaithe trí thimpiste. “Cosnóidh an tSín cearta dlisteanacha an fhiontair atá i gceist go daingean, agus coimeádfaidh sí an ceart aici féin freagra a thabhairt níos déanaí,” a dúirt an Aireacht Eachtrach i ráiteas.  Níor chreid na Stáit Aontaithe gur aerárthach sibhialtach a bhí i gceist, ach chinn an Pentagon gur gaireas faireachais Síneach a bhí ann, agus chuir an Rúnaí Stáit Antony J. Blinken a thuras go dtí an tSín siar dá bharr sin.  Is rud ait é gur tharla a leithéid roimh turas an Rúnaí, nuair a bhí sé mar aidhm aige dea-chaidreamh a athbhunú leis an tSín.  Ní hé sin an saghas ruda a chothódh dea-chaidreamh eatarthu, agus caithfidh muid a fhiafraí an raibh a fhios ag Uachtarán na Síne, Xi Jinpeng, go mbeadh an balún sin ag sárú aerspás na Stáit Aontaithe ag an am céanna le cuairt an Rúnaí Blinken.  

 

Beidh sé deacair anois athmhuintearas a dhéanamh, nuair atá an tSín ag maíomh rud amháin agus na Stáit Aontaithe rud eile ar fad, maidir leis an mbalún.   Tá sé ríthábhachtach don dhá sárchumhachtaí guaim a choinneáil orthu féin ar feadh tamaill, roimh dóibh iarracht eile a dhéanamh chun dea-chaidreamh a athbhunú.

 

Ufónna?

 

B’fhéidir gur comhtharlú atá i gceist ach is cúis imní é gur tháinig trí aerárthach eile isteach san aerspás os cionn Mheiriceá Thuaidh ó shin i leith! Tar éis céard a bhí tarlaithe leis an mbalún, tugadh go talamh iad gan mhoill. Ní dúirt na húdaráis faic fúthu ach amháin nach raibh siad chomh sofaisticiúil leis an mbalún. Ait go leor, i gcás cúpla ceann dóibh, de réir dealramh, ní balúin a bhí i gceist ach ní raibh siad cinnte faoin gcóras tiomána ar úsáideadh. Dá bharr sin, bhí cogar mogar gur Úfónna a bhí i gceist.  Nuair a fiafraíodh de ag comhdháil nuachta an raibh bunús eachtardhomhanda as an gceist, dúirt Glen D. VanHerck, ceannasaí Cheannasaíocht Thuaidh an Aerfhórsa, “Ní mé in ann aon rud a fhágáil as an áireamh ag an bpointe seo.” Ach in agallaimh eile, dúirt oifigigh slándála náisiúnta na Stáit Aontaithe nach aeráthaigh eactardhomhanda a bhí i gceist.  Ní cheapann aon duine, a dúirt oifigeach sinsearach amháin, nach bhfuil sna rudaí seo ach táirgí a rinneadh anseo ar an Domhan.

 

Focail Scoir

 

Suas go dtí 4 Feabhra 2023, níor tugadh aon aerárthach go talamh os cionn Mheiriceá Thuaidh. Ó shin amach, tugadh ceithre aerárthach go talamh! Tarraingíonn sé seo go leor ceisteanna faoi céard atá ar siúl, agus cé atá taobh thiar den ionsaí seo?

 

Gan dabht, is leis an tSín an chéad aerárthach – an balún. Beidh níos mó eolais againn faoin mbalún roimh i bhfad, tar éis scrúdú a dhéanamh ag na Stáit Aontaithe ar na píosaí a fuair siad ón bhfarraige. Is dócha go raibh an tSín ag déanamh faireachais ar na Stáit Aontaithe leis an mbalún sin. Más ea, ní bheidh aon deifir ar ais orthu!

 

Maidir leis na aerárthaigh eile, tá rialtas na Stáit Aontaithe ag fanacht ina tost agus é seo á scríobh. Beidh brú ar an rialtas ráiteas a eisiúint luath go leor, agus beidh sé an-suimiúil é sin a fheiceáil. Tá súil agam nach spásárthaigh eachtráin atá i gceist!

 

.

 

Caife, an ea?

Caife, an ea?

“Caife? An bhfuil tú cinnte, a Mhichíl?”  

Tá mé éirithe as an ól, a Shéimí!” arsa mise, agus mé ag lúbarnaíl i mo chathaoir.  D’fhéach Séimí orm agus ionadh an domhain air. “Tinn, an ea? An bhfuil tú tinn?”  

“D’fhéadfá é sin a rá, a chara,” arsa mise. Cheapfá gur coir dhanartha a bhí ann. Bhí mé buartha go raibh orm mé féin a chosaint gach uair ar dhiúltaigh mé deoch alcóil.

“Tá cuma mhaith ort, a Mhichíl, tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil fadhb shláinte i gceist.” D’ardaigh sé a mhala go ceisteach, agus stán sé orm.  

Ná bac leis sin anois, a Shéimí, nach bhfuil rudaí eile níos tábhachtaí againn a phlé agus fadhbanna móra an domhain le réiteach againn! Chuir mé mo lámh in airde, agus ghlaoigh ar Thóin Mhór: “Táimid réidh, a Thomáis!” Thosaigh Tóin Mhór ag rith inár dtreo.

“Pionta pórtair agus cupán caife, le do thoil,” arsa mise, ag iarraidh teacht roimh aon fhadhb eile.

An gceapann tú gur amadán mé? Bhí tú ag seiceáil an raibh mé i mo dhúiseacht, an ea?Chaoch sé a shúil orainn, agus sheas sé ansin ag fanacht le mo fhreagra.

A Thomáis, tá caife ag teastáil uaim. An dtuigeann tú – caife?” Bhí fearg orm anois.

“Ná bí buartha a Mhichíl, ní raibh mé ach ag magadh!” arsa Tóin Mhór agus ionadh an domhain air faoin gcaoi ar chorraigh sé mé.Caife agus pionta ag teacht!”  

“A Mhichíl, ná téigh thar fóir ansin – ní raibh mise ach ag magadh freisin! Brón orm faoi sin!” Baineadh siar as Séimí freisin.

Tráthnóna Dé Sathairn a bhí ann i mí Feabhra, agus cé go raibh sé fuar go leor taobh amuigh, bhí an ghrian ag taitneamh agus daoine ag spaisteoireacht thart ar an gcathair. Bhíomar inár suí taobh istigh ag an bhfuinneog sa Smugairle Róin i lár na cathrach, ag ‘duinebhreathnú’ agus muid ar forbhás ar ár suíocháin. Nuair a bhí mé ag féachaint amach ar an domhan mór mar seo, thug sé léargas nua dom, agus thuig mé gur bhraith go raibh mé faoi shaghas ionsaí agus dá bhrí sin, ag dul thar fóir. Cé nach raibh mé díreach faoi ionsaí, ag an am céanna, bhí oiriúnú cultúir i gceist agus bhí mé ag snámh in aghaidh na noirm sóisialta sheanbhunaithe. Níl sé éasca rud mar seo a dhéanamh, ach ní fiú a bheith ag insint bréag nó ag éirí feargach. B’fhearr dom a bheith ionraic, agus b’fhearr guaim a choinneáil orm féin.

Tharraing mé anáil dhomhain, agus chuir mé mo chuid smaointe i gceann a chéile. “A Shéimí, leithscéal a bhí i gceist níos luaithe, nuair a dúirt mé gurb í fadhb shláinte an chúis nach raibh mé ag ól alcóil. Cheap mé go mbeadh sé níos éasca deoch a shéanadh sa tslí sin.” Stad mé agus tharraing mé anáil dhomhain eile.

“Caife agus pionta, a fheara!” a d’fhógair Tóin Mhór agus é ar ais arís! Bain sult astu!” D’imigh sé leis ar luas lasrach agus daoine eile ag sméideadh anall air.

Tá rud beag náire orm an chúis cheart a roinnt leat, a Shéimí. Ach tá mé róthrom agus ba mhaith liom roinnt meáchain a chailleadh – cé gur riosca sláinte é seo, níl mé tinn, ann féin! Stad mé go hiomlán den ól ag tús na bliana, agus braithim níos fearr agus tá mé ag éadromú freisin le tamall. Cén fáth nach leanfainn ar aghaidh leis an straitéis seo atá ag obair go maith dom, a Shéimí?” Bhí mé neirbhíseach go dtabharfadh Séimí cúl láimhe liom.

A Mhichíl – gabh dom a ndúirt mé leat, a chara. Ní raibh sé ar intinn agam brú a chur ort. Ar dtús, bhí mé ag magadh, ach nuair a dúirt tú go raibh fadhb shláinte agat, tháinig imní orm fút. Cheistigh mé díot faoi do shláinte, ní chun brú a chur ort ach toisc go raibh mé buartha fút, a Mhichíl. Is mór an faoiseamh dom go bhfuil tú ceart go leor, a mhac! Is é mo mholadh duit craiceann tiubh a bheith agat agus ná bac leis an magadh! Anois – sláinte!” arsa Séimí agus é ag diurnú a ghloine.

“Sláinte, a chara!” a d’fhreagair mé, agus bhí mé i bhfad níos compordaí anois. Bhí áthas orm go raibh an comhrá deacair sin againn, agus d’fhoghlaim mé a lán rudaí dá bhrí sin.  Ba é an rud ba thábhachtaí a d’fhoghlaim mé ná: Déan an rud ab fhearr duit féin, d’ainneoin aon rud atá le rá ag éinne ina éadan!

Roimh dó imeacht, bhí rud amháin eile le rá ag Séimí.  Tá tú ag tabhairt dea-shampla dom, a Mhichíl! B’fhéidir go mbeidh cupán caife agam féin an chéad uair eile!”  Ní raibh sé ag magadh an t-am seo!

.

.

.

.

Léirmheas: Poker Face – Macalla ó Ré Eile!

Léirmheas: Poker Face – Macalla ó Ré Eile!

Tháinig clár bleachtaireachta amach le déanaí ar an tseirbhís srutha Peacock sna Stáit Aontaithe. Léigh mé léirmheas a mhúscail mo spéis agus d’fhéach mé ar an gcéad clár den tsraith. Chuir sé i gcuimhne dom ar an toirt cláir bleachtaireachta eile a bhíodh ar siúl ar an teilifís sna seanlaethanta – uair nach raibh ach teilifís bheo ar fáil dúinn. Bhíodh an sceideal clár de ghlanmheabhair againn, agus gan dabht bhíodh sé ar eolas againn cén lá agus cén t-am a mbeadh ‘Columbo’ nó ‘The Rockford Files’ ar an teilifís. Bhímis go léir ag tnúth leis na heipeasóidí nua gach seachtain, agus na comhráite sa bhaile agus san oifig ina ndiaidh.  Cad a bhí chomh speisialta i gcás na gclár sin? I mo thuairimse, carachtair tharraingteacha ba iad na príomhcharachtair i mbealaí éagsúla. Chomh maith leis sin, bhí leagan amach ag an dá chlár nach raibh cosúil le cláir bhleachtaireachta eile a bhíodh ar siúl.

Rockford agus Columbo!

I gcás ‘The Rockford Files’, bíonnmar fhinné ar shaol príobháideach an bhleachtaire. Feiceann tú Rockford ina theachín soghluaiste míshlachtmhar ar an trá i Malibu i gCalifornia, agus cuireann tú aithne ar Rockford féin, a chlann (a athair) agus a chairde (póilín Denis Becker agus iarphríosúnach Angel) . Bíonn tús áite ag an duine féin sa chlár seo, agus tar éis sin tagann a chuid bleachtaireachta, a suimiúil go leor freisin.    

I gcás Columbo, ar an taobh eile den scéal, ní fheiceann tú é sa bhaile ar chor ar bith. Ach gnéithe eisceachtúla ag baint leis mar bhleachtaire. Feiceann dúnmharú ag tarlú ag tús gach eipeasóid, agus tar éis sin Columbo ag díriú isteach ar an dúnmharfóir. cuma dhearmadach ar Cholumbo, agus measann an coirpeach faoina chumas é. Ach nuair a bhíonn Columbo ar tí imeacht tar éis a chuid ceisteanna a chur ar an gcoirpeach, agus an coirpeach céanna ag tarraingt anáil faoisimh faoi dheireadh, casann Columbo ar ais ina t(h)reo agus cuireann sé an cheist cháinteach air nó uirthi a thosaíonn mar seo: “Ó agus rud amháin eile…”   

Ach cad faoin gclár nua ‘Poker Face’?

Chuir cruthaitheoirí an chláir, Rian Johnson agus Natasha Lyonne, eilimintí de ‘Columbo’ agus ‘The Rockford Files’ le chéile chun an clár bleachtaire nua-aimseartha seo a chumadh. Is í Natasha Lyonne an bleachtaire Charlie Cane sa tsraith nua seo freisin. Is aisteoir den chéad scoth í Natasha, a raibh páirt aici sna sraitheanna cáiliúla ‘Orange is the New Black’ agus Russian Doll.  Sa tsraith seo, bodh Charlie ag obair mar chúigleálaí i gcomórtais pócair, ach tá sí éirithe as an obair sin anois. Is seachránaí í anois ag taisteal ó áit go háit ag déanamh oibre sealadaí. Feiceann tú Charlie ag streachailt ina saol príobháideach, agus sa tslí sin tá an clár cosúil le ‘The Rockford Files’. Ní bleachtaire oifigiúil í, ach tarlaíonn dúnmharuithe pé áit a dtéann sí, agus faigheann sí amach cé a rinne iad.  Tá cumas speisialta ag Charlie a bhíodh úsáideach di nuair a bhí sí ag imirt pócair, agus a bhíonn úsáideach freisin agus í mar bhleachtaire amaitéarach. Is ‘brathadóir bréige’ í Charlie, mar bíonn a fhios aici aon uair a insíonn duine bréag di. Tagann an cumas sin i bhfeidhm sa chlár, agus cuidíonn sé léi agus í sa tóir ar dhúnmharfóir.

Tá leagan amach iontach ag an gclár, i mo thuairim. Ar dtús, murab ionann is formhór na gclár bleachtaireachta eile agus cosúil le ‘Columbo’, feiceann tú an dúnmharú féin. Ansin, téann tú ar ais níos luaithe ná sin san áit chéanna go dtí an t-am a tháinig Charlie ar an láthair. Tugann Charlie gach mionsonra faoi deara, go háirithe aon rud ait a tharlaíonn i gcomhar leis an dúnmharú.  Ansin cuireann sí na leideanna go léir le chéile chun pictiúir cruinn a chumadh faoin dúnmharú.

Beireann Charlie amuigh ar an dúnmharfóir, nuair a chuireann sí go leor cruacheisteanna air/uirthi. Faoi dheireadh, níl an dúnmharfóir in ann an fhírinne a shéanadh níos mó, agus admhaíonn sé/sí go bhfuil sé/sí ciontach.

Is cur chuige iontach é sin, agus is aoibhinn liom an chuid dheireanach sin, nuair a bhíonn Charlie – an cat, in aghaidh an dúnmharfóra – an luch!  Faigheann Charlie an lámh in uachtar gach uair gan ceist ar bith!

Molaim duit an tsraith seo a fheiceáil chomh luath agus is féidir. Ceapaim nach bhfuil sé ar fáil in Éirinn fós, ach gan dabht beidh sé ar fáil roimh i bhfad.

.

.

gaGaeilge