Athbhliain faoi mhaise daoibh!

Athbhliain faoi mhaise daoibh!

Nach bhfuil sé deacair a chreidiúint go bhfuil bliain ár dTiarna 2022 ar an dé deiridh, ach sin mar atá!  Is tráth machnaimh agus cuimhnimh é agus muid ag breathnú siar ar an mbliain atá ag imeacht, agus ag an am céanna ag tnúth leis an mbliain úr atá ag síneadh romhainn amach anois.  Saghas tairsí atá i gceist agus muid idir an dá linn.  Is tráth comóraidh agus ceiliúrtha é freisin, agus muid ag fágáil slán ag an bhliain caite agus ag fáiltiú roimh an mbliain úr.

Bliain eachtrach ba ea 2022, inar tharla go leor rudaí tábhachta ar fud an domhain.  Níl an spás agam go leor a scríobh sa spás atá agam, agus mar sin liúfaidh mé cúpla ceann a chuaigh i bhfeidhm go mór orm, agus go háirithe cinn nár scríobh mé mórán fúthu i rith na bliana.  Cé go raibh go leor rudaí a tharla i 2022 ar an taobh diúltach den scéal, tharla go leor rudaí dearfacha freisin.  Rinne mé cinneadh m’aird a dhíriú go heisiach inniu ar chúrsaí ealaíne agus spóirt, mar nach rudaí dearfacha iad sin den chuid is mó?  Ní hé seo an t-am le bheith dhiúltach – mar sin, níl aon tagairt do chúrsaí polaitíochta, do chogaí, do bhoilsciú, do théamh domhanda agus araile!   Gan a thuilleadh moille, seo cúpla buaicphointe sna healaíona agus i spóirt a chuaigh go mór i bhfeidhm orm féin i 2022.

Scannáin iontacha

Tháinig roinnt mhaith scannán amach le stiúrthóirí agus aisteoirí as Éirinn – ‘An Cailín Ciúin’ (as Gaeilge) agus ‘The Banshees of Inisherin’ (as Béarla) san áireamh.  Scríobh mé léirmheasanna fúthu i rith na bliana sa cholún seo.  Is aoibhinn liom ‘An Cailín Ciúin’, bunaithe ar an leabhar iontach ‘Foster’ le Claire Keegan.   

Leabhair

Foilsíodh roinnt mhaith leabhar iontach le húdair Éireannacha sa bhliain 2022, idir Ghaeilge agus Bhéarla.  Níl mé in ann iad go léir a lua anseo, ach thosaigh mé ag léamh cúpla ceann dóibh agus tá siad thar bharr go dtí seo.  Níl dabht ar bith ach go mbainfidh mé sult astu.  Cén leabhair?  Leabhair Béarla: ‘We Don’t Know Ourselves: A Personal History of Modern Ireland’, le Fintan O’Toole agus ‘Surrender: 40 Songs, One Story’, le Bono.  Leabhair Gaeilge: ‘Madame Lazarre’, le Tadhg Mac Dhonnagáin.  Scríobhfaidh mé léirmheasanna faoi na leabhair seo tar éis dom féin iad a chríochnú.

Cúrsaí Spóirt

Bliain iontach a bhí ann ó thaobh spórt de.  Faoi dheireadh, bhí tionchar na paindéime laghdaithe go mór, ionas go rabhamar in ann freastal ar imeachtaí spóirt arís.  Sa cholún seo, níl spás agam na buaicphointí go léir a lua, agus roghnaigh mé píosa nuachta náisiúnta agus píosa nuachta idirnáisiúnta a raibh tionchar mór acu orm.

Cúrsaí spóirt Náisiúnta – Iománaíocht

D’éirigh Brian Cody as mar bhainisteoir ar iománaithe Chill Chainnigh. 24 bliain a thug sé don chúram agus 11 craobh uile-Éireann á bhuaigh a chuid foirne.  Ar an drochuair, sháraigh Luimneach Cill Chainnigh i gcluiche ceannais 2022, an cluiche ceannais deireanach do Bhrian.  Rinne foireann na gCat a seacht ndícheall sa chluiche sin, agus cé gur throid siad le díocas agus le croí, bhí Luimneach níos fearr ar an lá! 

In ainneoin sin, níl aon dabht faoi ach gurb é Brian Cody an bainisteoir is rathúla agus is fearr i stair na hiomána.  Caithfimid a oidhreacht a cheiliúradh agus is rud dearfach é sin.  Go maire tú an céad, a Bhrian Cody!

Cúrsaí spóirt Idirnáisiúnta – Sacar

Tharraing Corn Sacair an Domhain 2022 i gCatar go leor conspóide ó thaobh cearta daonna de ar dtús, ach chomh luath is a thosaigh na cluichí, rinne daoine dearmad ar na cúrsaí sin, agus bhí siad dírithe go hiomlán ar an sacar.  Ní aon ionadh é sin – Corn iontach a bhí ann – b’fhéidir an ceann is fearr riamh.  Cé gur chuir go leor torthaí ionadh orainn, ba é an cluiche ceannais sméar mhullaigh an lae, agus an Airgintín in aghaidh na Fraince.  Bhí an cluiche beagnach críochnaithe agus an Airgintín chun tosaigh 2 in aghaidh 0, nuair a ghéill an Airgintín cic pionóis gan ach beagnach 20 nóiméad fágtha ar an gclog.  Lasc Kylian Mbappé an liathróid isteach i gcúl an líontáin, agus thosaigh an cluiche i ndáiríre ansin!  Bhí coimhlint ghéar sa chluiche as sin amach, le Messi ón Airgintín in aghaidh Mbappé ón Fhrainc, ó thaobh scóráil de.  Chuaigh an cluiche go ciceanna pionóis, agus scóráil Messi agus Mbappé ar dtús ar son a bhfoirne.  Ach ansin rinne cúl báire na hAirgintíne Emiliano Martinez sábháil iontach, agus ní raibh an Fhrainc in ann teacht suas leis an Airgintín arís.  Bhuaigh an Airgintín agus a laoch náisiúnta, Lionel Messi.

Athbhliain faoi mhaise dár léitheoirí go léir!

.

Nollaig Shona Daoibh Uilig

Nollaig Shona Daoibh Uilig

Seo alt Nollag a scríobh m’athair roinnt blianta ó shin.   D’imigh Peadar ar shlí na fírinne díreach roimh Nollaig 2019 – go ndéana Dia grásta air.

.

Sea, tá an t-am sin den bhliain tagtha chugainn arís, an t-am sin a thugann deis dúinn uilig síocháin, agus dea-thoil, a léiriú don saol mór sin uilig, atá taobh amuigh dínn fhéin. Sea, agus an t-am sin freisin, a thugann deis dúinn dul siar bóithrín na smaointe, go dtí na laethe úd fadó, nuair a sheasamar ag breathnú le hionadh ar an mBeithilín álainn, a bhí socraithe go deas síochánta, i dTeach an Phobail, agus siar níos faide fós, go dtí an chéad Mháinséar i mBeithil Ríoga, sa Tír Naofa fhéin, i dtús ré na Críostaíochta, nuair a rugadh Íosa sa Stábla, toisc nach raibh áit ar bith le fáil ag a mháthair, Muire, nó ag Iosaf, i dTeach Aíochta an bhaile, an oíche bheannaithe sin.

Christmas Night

Féach mar a chuir an file, Máire Mhac an tSaoi, é, ina dán “Oíche Nollag”, agus í ag rá go raibh dídean le fáil ag lucht an airgid sa Teach Aíochta céanna sin, an oíche úd, ach gur fágadh an Mhaighdean is a céile, gan bheith istigh le fáil acu, ach amháin i seanstáblán na mbeithíoch….

                    Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta,

                    Cóiriú gan chaoile, bia agus deoch,

                    Do cheannaithe olla do cheannaithe síoda,

                    Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

an file ag tagairt don nós a bhí beo, i measc Gael, an tráth úd, go mbíodh an Teaghlach Naofa ag fánaíocht timpeall an oíche sin, agus iad ag iarraidh bheith istigh a fháil i dteach eicínt, agus b’in an fáth a d’fhágtaí an doras ar leathadh, coinneal na Nollag ar lasadh, agus áit socraithe réidh dóibh ag an mbord, ag súil go dtiocfaidís ar chuairt chucu, an oíche bheannaithe sin. Féach arís mar a chuireann Máire Mhac an tSaoi é, i véarsa eile, sa dán céanna sin…..

                    Fágaidh an doras ar leathadh ina coinne,

                    An Mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,

                    Deonaigh do shuaimhneas a ligint a Mhuire,

                    Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Níl dabht ar domhan, ach gur éirigh leis an bhfile, dearcadh agus creideamh na cosmhuintire a thuiscint, agus a léiriú, i véarsaí an dáin álainn sin, “Oíche Nollag”.

A Vigil kept

Ní raibh sé de nós ag an muintir thiar dul thar fóir, an oíche sin, le bia nó le deoch, nó bhí siad ag feitheamh ar theacht an Teaghlaigh Naofa ar chuairt chucu. Gnáth-shuipéar a bhíodh acu, fataí agus iasc, b’fhéidir, nó rud eicínt dá leithéid, mar nach mbeadh dinnéar mór na Nollag le hullmhú acu, an mhaidin dár gcionn, sé sin, i ndiaidh an Aifrinn, nó an mhaidin sin, bhí de nós ag chuile shagart trí Aifreann a rá, agus dá bharr sin, thosaídís go breá luath ar maidin, ag a leath i ndiaidh a hocht, b’fhéidir, agus bhíodh na daoine sin sa bhaile arís, thart ar a deich, agus ansin, thosaídís ar an dinnéar a ullmhú. Sea, mh’anam, agus smaoinigh nach mbíodh gléasanna nua-aimseartha cócaireachta acu, an tráth sin, ní bhíodh, muis! Nó ní bhíodh acu ach oigheann na dtrí chos agus pota, agus bhíodh orthu na gléasanna sin a oibriú ar an tine oscailte. Mór idir inné agus inniu!

How about toys then?

Céard faoi na gasúir, agus na girseacha, mar sin?  Cuirfidh mé geall, nach dtógfadh sé i bhfad orthu a gcuid féiríní Nollag a oscailt, nó ní thógfadh sé beirt, len iad a luchtú ar chairt! Tá mé ag caint faoi mo dhúiche fhéin, thiar in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, dár ndóigh, agus ní bhíodh le fáil ag na gasúir ach guinnín, b’fhéidir, agus gluaisteáinín, nó a leithéid, sea, agus glac milseán agus torthaí, leis an stoca a líonadh. Agus céard faoi na girseacha? Bhuel, de ghnáth bhíodh bábóga le fáil acusan, agus milseáin agus torthaí freisin, b’fhéidir. Chaithimis seal ag súgradh leis na féiríní Nollag sin, agus ansin, théadh cuid againn amach ar thóir an dreoilín, nó bhímis ag fáil réidh do Lá an Dreoilín, nó b’in an lá i ndiaidh Lae Nollag. Mura n-éireodh linn teacht ar dhreoilín an lá sin, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh a fhios ag na dreoilíní céanna sin go raibh muidne ar a dtóir an lá áirithe sin, nó ghlanaidís leo as ár mbealach go breá luath an mhaidin sin. Bhuel, mura n-éireodh linn teacht ar dhuine acu, séard a dhéanfaimis ansin, nó fanacht go titim na hoíche, agus ansin, ní bhíodh sé ródheacair teacht ar ghealbhan codlatach sa bhundlaoi, agus dhéanfadh seisean chúis dúinn, an lá dár gcionn, ach gan ligint d’éinne teacht róchóngarach don éinín a bhí clúdaithe go maith i gcás againn!

Memories

Níl dabht ar domhan, ach go bhfilleann scaoth cuimhní orm, an tráth seo bliana, agus mé ag dul siar bóithrín anacair, casta, spéisiúil, úd, na smaointe. Seo mar a labhair mé faoi chuid de na smaointe sin, i ndáinín a chum mé fhéin anuraidh……

.

Mámanna cuimhní carntha suas

I gcófra na gcuimhní cuachta,

Dul le Dreoilín, Aifreann luath,

Aingil is Aoirí ag cuartú,

.

Deasa deasa á roinnt go fial,

Bianna blasta á róstadh,

Féiríní Nollag á mbronnadh le croí,

Is breithlá Íosa á chomóradh.

.

They Chose a Goose.

Ní turcaí a bhíodh á róstadh acu don ócáid, an tráth úd, níorbh ea mh’anam, ach gé. Sea, Gé bhreá, phlucach, Gaelach, don Nollaig, agus nach muid a bhaineadh súlach agus toit as an ngé bhocht chéanna sin, agus ar deireadh thiar, nuair a bhíodh a cnámha creimthe go cliste, cúramach, againne, ní chaithimis na cnámha céanna uainn go fánach, ach oiread, ní chaitheadh muis! Mar is amhlaidh a bhíodh tóir an domhain againn ar chnámha móra na sciathán, nó trína ngearradh go cúramach, d’fhéadfaimis guinníní gé a dhéanamh astu, agus ansin, ní bhíodh uainn ach móilín beag adhmaid a rachadh trí chroí na cnáimhe sin, agus fata, le tosú ag scaoileadh urchair le chuile dhuine thart ar fud an tí. Nach againn a bhíodh an spórt! Cuirfidh mé geall, go mbainfimis an oiread spóirt as na guinníní gé céanna sin, is a bhaineann gasúir an lae inniu as a gcuid Play Stations agus eile! Sea, mór idir inné agus inniu.

Ach le críoch oiriúnach a chur le píosa na seachtaine seo, b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é, Nollaig faoi shéan is faoi mhaise a ghuí ar chuile dhuine de mo léitheoirí, agus gura seacht fearr a bheas chuile dhuine agaibh, bliain ó anocht. Agus sea, go mbeirimid beo ag an am seo arís.

.

Breith sa Stábla

Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,

Is calóga bána anuas

Mar bhrat geal, naofa, gléigeal,

Ag folach dúinn bruscar is smúit.

.

Ach istigh im chroíse, le díograis,

Ullmhóidh mé máinséar, le dua,

is glanfaidh mé bruscar na mblianta

As seanstáblán m’anama chrua.

.

Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,

Is an Naí naofa, neamhdha, anuas,

Ag ní, is ag slánú Chlann Éabha,

Is ag folach dúinn peaca is buairt.

.

.

Géarchéim Feantanil!

Géarchéim Feantanil!

Scéal Alexander Neville

Ní raibh Alexander Neville ach 14 bliana d’aois, nuair a shuigh sé a thuismitheoirí síos ag bord na cistine sa bhaile in Aliso Viejo i gCalifornia.  D’inis sé dóibh go raibh sé ag caitheamh siar piollaí Oxycontin a cheannaigh sé ar Snapchat.  Anailgéiseach ópóideach is ea Oxycontin, cógas chun pian ghéar a mhaolú.  D’fhorbair Purdue Pharmaceutical an pianmhúchán sin le linn na nóchaidí.  Mhaígh siad gur druga neamh-andúile é, cé go raibh a fhios acu nach raibh sé sin fíor ar chor ar bith.  Chuir go leor daoine andúil ann, agus is mar sin a thosaigh an ghéarchéim ópóideach sna Stáit Aontaithe.  Chuaigh an ghéarchéim in olcas bliain i ndiaidh bliana, agus sa bhliain 2016, fuair 42,000 duine bás de dheasca ródháileog ópóideach, agus as sin meastar gur oideas leighis a bhí i gceist 40% den am.

“Tá greim ag an druga orm, agus níl a fhios agam cén fáth,” a dúirt Alexander lena thuismitheoirí.

Rinne máthair Alexander teagmháil le clár athshlánúcháin ó dhrugaí láithreach bonn agus bhí sí ag fanacht le glaoch ar ais uathu.  An mhaidin dár gcionn, nuair a chuaigh a mháthair go seomra leapa Alexander chun é a mhúscailt, ní raibh sé ag análú agus bhí dath corcra ar a chraiceann.  Chuir a thuismitheoirí glaoch ar na seirbhísí éigeandála leighis agus tógadh go dtí an t-ospidéal é.  Ag a deich a chlog ar 23 Meitheamh, 2020, fógraíodh go raibh sé marbh. 

Ní ba dhéanaí sa lá, tháinig tascfhórsa drugaí go dtí an teach, agus dúirt siad nach Oxycontin ba chúis bás Alexander, ach druga sintéiseach darb ainm Feantanil.  Bhí tuismitheoirí Alexander go hiomlán trína chéile ansin, mar thóg Alexander piollaire Oxycontin, agus níl aon Feantanil sa phiollaire sin.  Cad a bhí ar siúl?

Piollairí bréige

Fuair a thuismitheoirí amach go bhfuil go leor piollaí bréige ar díol, a bhfuil Feantanil iontu.  Cuireann na mangairí drugaí Feantanil sna piollairí, druga a bhfuil an-láidir, agus nach bhfuil costasach.  Ach minic go leor, cuireann siad dáileog Feantanil rómhór isteach agus ní rud maith é sin.  Tá Feantanil a chéad oiread níos láidre ná moirfín agus ní thógann sé ach 2 mg Feantanil chun duine a mharú.  Meastar go bhfuil an méid sin Feantanil ar a laghad sna piollaí atá ar díol go mídhleathach.  Fuair 107 míle duine bás de dheasca ródháileog drugaí sa bhliain 2021 sna Stáit Aontaithe, agus fuair 70 míle dóibh bás de dheasca ródháileog Feantanil.  Sin uimhir dochreidte – mar bhonn comparáide fuair 43 míle duine bás ar na bóithre, agus 47 míle duine bás de dheasca féinmharaithe an bhliain céanna. 

Nimh

Ní amháin i bpiollairí a bhfaightear é, ach an oiread – faightear Feantanil in ionad cócaon, hearóin, methamfataimín, agus drugaí mídhleathacha eile freisin.  Mar sin, tá an ghéarchéim Fentanyl i bhfad níos measa ná aon ghéarchéim drugaí eile riamh.  Seo mar a dúirt John Tavolacci, leasuachtarán feidhmiúcháin in ionad athshlánúcháin ó dhrugaí i Nua-Eabhrac: “Ní drugaí sráide iad seo a thuilleadh.  Is nimh é seo.”

Níl aon dabht faoi sin, ach cárb as an tsubstaint uafásach seo?

Cárb as é?

Déantar Feantanil i saotharlanna.  Seoltar na comhábhair (agus go háirithe NPP, 4-ANPP) ón tSín go dtí na cartéil drugaí i Meicsiceo, rud atá éasca go leor a dhéanamh.  Ansin, réitíonn na cairtéil Feantanil as na comhábhair, agus úsáideann siad a gcóras dáileacháin chun an druga a smugláil agus a scaipeadh ar fud na Stáit Aontaithe.  Tá sé beagnach dodhéanta é a choinneáil amach as na Stáit Aontaithe, mar tá go leor taithí maidir le smugláil ag na cairtéil de chuid Mheicsiceo cheana féin.  Níl sé deacair dóibh an druga a scaipeadh, ach an oiread – is maith leis na mangairí drugaí Feantanil, mar is druga an-láidir é agus níl sé daor i gcomparáid le drugaí mídhleathacha eile.  Is fadhb an-chasta é an Fentanyl, ar na cúiseanna sin.

Réiteach na faidhbe?

Níl aon réiteach éasca ar fáil don ghéarchéim Fentanyl.  Is gá an cogadh a throid ar chúpla fronta ag an am céanna.  Seo cúpla moladh: 

  1. Tá frithnimh (Nalocsón) ar fáil in aghaidh ópóidí, Feantanil san áireamh. Déan cinnte go bhfuil a dhóthain frithnimh ag na húdaráis i ngach réigiún, agus go bhfuil sé ar fáil do ghnáthdhaoine go héasca freisin.
  2. Cuir feachtas ar siúl chun aird a tharraingt ar dhrugaí ópóideacha, agus go háirithe Feantanil, agus chun oideachas a thabhairt do dhaoine conas Nalocsón a úsáid nuair a thógann duine ródháileog.
  3. Tá tástáil á dhéanamh ar vacsaín in aghaidh drugaí ópóideacha, agus is dóigh go mbeidh sé ar fáil roimh i bhfad. Ba cheart don rialtas pleananna a chumadh  chun feidhm a bhaint as an vacsaín, a chosnódh daoine sna seirbhísí éigeandála ó dhochar, agus a chuirfeadh cóir leighis ar fáil do na handúiligh is measa.

 

 

Buille Marfach sa tSín!

Buille Marfach sa tSín!

Faigh réidh leis an dianghlasáil,” a scread na luchtanna agóide i gcathracha fud fad na Síne.  I Shanghai agus Béising, d’ardaigh daoine leathanaigh bhána san aer. Mhínigh Xiao Qiang, taighdeoir ar shaoirse idirlín in Ollscoil California, Berkeley, cad is brí leis sin: Tá a fhios ag daoine cad ba mhaith leo a chur in iúl, agus tá a fhios ag na húdaráis freisin, agus mar sin ní gá do dhaoine aon rud a rá. Má tá leathanach bán agat, beidh a fhios ag gach duine cad atá i gceist agat.”

 

D’iarr roinnt léirsitheoirí ar an bPáirtí Cumannach agus a cheannaire, Xi Jinpeng, éirí as! Tá sé soiléir go bhfuil daoine tuirseach leis a cur chuige brúidiúil maidir le COVID-19, agus an dianghlasáil á úsáid aige fós in aon áit a bhfaigheann daoine COVID.

 

Lasmuigh den tSín, tá an chuid eile den domhan tar éis bogadh ar aghaidh go céim nua, ina bhfuil gach rud ar oscailt agus níl aon bhac ar dhaoine bogadh ó áit go háit. Braitheann an cur chuige sin ar vacsaíní éifeachtúla, cosúil leis na cinn á dtairiscint ag Pfizer agus Moderna, a bheith ar fáil do dhaoine.na mílte duine as na ceithre hairde tar éis teacht le chéile i Catar agus iad ag tabhairt tacaíocht dá bhfoirne náisiúnta sacair, i staideanna lána – gan masc ar bith agus gan aon fhadhb!  

 

Fuair ​​​​cur chuige na Síne moladh ag tús na paindéime, agus níl aon amhras ach gur shábháil sé daoine. Ach beagnach trí bliana níos déanaí, leaganacha COVID níos tógálaí ann, a scaipeann i bhfad níos éasca ná riamh. Tá an cur chuige a bhí éifeachtach uair amháin as dáta agus neamhéifeachtach anois.  daoine ag éileamh níos mó saoirse arís, ach níl an Páirtí Cumannach ag éisteacht leo. De ghnáth, bíonn drogall ar mhuintir na Síne aon rud a rá nó a dhéanamh, mar tá faitíos orthu cad a tharlódh dóibh ansin. Ach anois, tá léirsithe ag tarlú go minic. Cad atá ar siúl sa tSín?

 

Dianghlasáil i ndiaidh dianghlasála.

 

Tá an polasaí dianghlasála maidir leis an víreas i bhfeidhm ó thús na pandéime. Níl polasaí chomh deacair sin i bhfeidhm ag aon tír eile níos mó, agus is soiléir nach fiú an tairbhe an trioblóid. Go minic, bíonn ar dhaoine fanacht sa bhaile ar feadh trí nó ceithre mhíosa, agus nuair a tharlaíonn dianghlasáil i gcathair mhór, bíonn go leor fadhbanna. Chonaiceamar é sin nuair a chuir an rialtas 25 milliún duine faoi ordú dianghlasála i Shanghai le linn an tsamhraidh seo caite. Scriosadh an geilleagar áitiúil go dona, agus bhí ganntanas bia agus seirbhísí sa chathair. Dá bharr sin, bhí achrann idir na cónaitheoirí agus na húdaráis – rud a tharlaíonn ach go hannamh sa tSín.

 

Geilleagar i dtrioblóid

 

Tá geilleagar na Síne ag fulaingt go dona de dheasca polasaí an rialtais maidir le COVID. Cuireann sé sin isteach go mór ar ghnólachtaí, idir bheag agus mhór, ó na siopaí agus bialanna áitiúla suas go dtí comhlachtaí déantúsaíochta an iPhone, cosúil le Foxconn.  Bhí laghdú ar tháirgeadh an iPhone, nuair a bhí ar roinnt mhaith fostaithe Foxconn fanacht sa bhaile. Dá bhrí sin, bhí ar Apple rabhadh a thabhairt go dtitfeadh díolachán an iPhone.

 

De réir na sonraí is déanaí, d’fhás geilleagar na Síne 3.9 faoin gcéad le déanaí agus tá roinnt eacnamaithe ag tuar go dtitfidh an ráta sin níos mó fós roimh dheireadh na bliana. Bhíothas ag siúl le fás timpeall 5.5 faoin gcéad i mbliana sa tSín!

 

Buille Marfach!

 

Ar an 24 Samhain, loisceadh deichniúr ina mbeatha sa bhaile i mbloc árasán in Urumqi i gcúige Xinjiang sa tSín. Réigiún de 25 milliún duine atá i gceist a bhí faoi dhianghlasáil ar feadh níos mó ná trí mhí. (Bhí an réigiún sa nuacht roimhe seo faoin gcaoi ghránna a gcaitear leis na Moslamaigh Uighur a bhfuil cónaí orthu ann.)

 

Ceapann go leor Sínigh go bhfuair an deichniúr bás de dheasca an dianghlasála atá i bhfeidhm in Urumqi. Ag tús an dianghlasála, cuireadh bacáin in airde chun daoine a choimeád sa bhaile. Le linn na tine, ní raibh daoine in ann éalú ón mbloc árasán, agus cuireadh moill mhór ar na fórsaí éigeandála, de bharr na mbacán céanna a bheith sa tslí.

 

Ba é sin an buille marfach, agus thosaigh na hagóidí i ndáiríre ansin, agus scaip siad ar fud fad na tíre go tapa. Tá siúl agam go n-éistfidh lucht an rialtais leis na léirsitheoirí, agus go n-athróidh siad a gcur chuige maidir leis an víreas.

 

Ar an drochuair, más aon chomhartha í an stair, níl mórán dóchas ann go ndéanfar an rud ceart!

 

.

 

Tuairisc ó Mheiriceá:An tIlbhilliúnaí Cantalach!

Tuairisc ó Mheiriceá:An tIlbhilliúnaí Cantalach!

Ní haon ionadh é go bhfuil an daonlathas i dtrioblóid i Meiriceá agus sa domhan thiar.  D’fhreastail roinnt mhaith dár gceannairí ar Ollscoil na Deachtóireachta!  fíor-Ollscoil é, ach saghas timpeallachta lofa atá le feiceáil in áiteanna áirithe – ní hamháin i ndorchlaí na cumhachta polaitiúla, ach in aon áit ina bhfuil cliarlathas i bhfeidhm, i saol an ghnó agus na tráchtála san áireamh.  Is é Donald Trump an céimí is cáiliúla ón Ollscoil sin, duine a rinne damáiste as cuimse dár gcóras polaitiúla, ach tá an fhadhb i bhfad níos leithne ná duine amháin. Tá céimí eile sa nuacht le déanaí, a cheannaigh an comhlacht ‘Twitter’, agus tá sé dochreidte an phraiseach atá déanta aige go dtí seo agus é ag feidhmiú mar dheachtóir!   

An tIlbhilliúnaí Cantalach

Cé go bhfuil Elon Musk níos saibhre ná aon duine eile faoin spéir, is follasach nach duine róshásta é.  Níos tábhachtaí ná sin, gan fiacail a chur ann, is bulaí uafásach agus duine sotalach é, nach bhfuil meas madra aige ar dhaoine eile, go háirithe a fhostaithe féin. Ní gá breathnú níos faide ná Twitter chun é sin a dheimhniú. Seo ceithre phrionsabal nár chloí leo tar éis Twitter a cheannach. Is máistir rang é seo, a léiríonn cad nár chóir do cheannaire tionsclaíochta a dhéanamh.  

1.Is fearr féachaint romhat ná dhá fhéachaint i do dhiaidh!  

Is é an chéad rud a rinne Musk ná leath a fhórsa saothair a scaoileadh trí r-phoist ar an 4 Samhain! Ansin, ar an 16 Samhain, thug foláireamh deiridh do na fostaithe a bhí fágtha. Amach anseo, chun Twitter 2.0 a thógáil agus chun go n-éireoidh linn i ndomhan atá ag éirí níos iomaíche, beidh orainn a bheith trodach. Ciallóidh sé seo uaireanta fada ag obair go dian. ghlacfaidh mé le haon rud níos lú ná feidhmíocht eisceachtúil,” a scríobh Musk.  D’iarr an teachtaireacht ar an bhfoireann cliceáil ar nasc más mian leo a bheith “mar chuid den Twitter nua” faoi 5pm am Nua-Eabhrac (10pm GMT) Déardaoin.

Aon duine nár dhearbhaigh a dtiomantas faoin spriocdháta sin, a dúirt Musk, gheobhaidh sé nó sí trí mhí de phá scoir.  Níor shínigh formhór na bhfostaithe suas leis sin, agus bhí an ceart acu! Ansin, ghair Musk ar na códóirí teacht i láthair go dtí ceanncheathrú an chomhlachta i San Francisco ag 2PM Dé hAoine. Ach rinne sé dearmad ar na daoine nach raibh gar do San Francisco, agus ansin bhí air socruithe eile a dhéanamh.  Bhí cuma an amadáin ar Musk agus é ag tuairteáil ó ghéarchéim go géarchéim.  

2.Ba chóir duit mealladh a úsáidná húsáid bagairtí!

Nuair a úsáideann ceannaire bagairtí chun smacht a chur ar fhostaithe, tá sé nó sí ag feidhmiú mar dheachtóir, agus ag déanamh imeaglú orthu. Fiú má oibríonn an straitéis sin sa ghearrthéarma, déanann sí dochar fadtéarmach, mar ní bealach maith é le caitheamh le daoine. oibríonn na fostaithe as a bhfonn féin, agus mar sin ní chuireann siad a gcroíthe agus a n-anamacha san obair.

3.Bí cúramach faoi adracht feidhmíochta treallacha.

Cé go bhfuil méadracht feidhmíochta áisiúil i gcás meaisíní, feidhm teoranta atá ann i gcás fostaithe.  D’éiligh Musk óna hinnealtóirí a bheith ag obair 12 uair gach lá sa tseachtain agus méid áirithe cód a scríobh gach lá. Ach ní bhfaigheann tú cód níos fearr mar sin (ach a cheartmhalairt), agus beidh innealtóirí spíonta, dóite agat roimh i bhfad. Gheobhaidh siad poist i gcomhlacht eile chomh luath agus is féidir leo!

4.Ná déan neamhshuim de d’fhostaithe.

cuimse eolas ag d’fhostaithe faoin ngnó éist leo agus foghlaimeoidh tú rud nó dhó! Ach ceapann Musk go bhfuil níos mó ar eolas aige faoi Twitter ná fostaithe an chomhlachta féin, agus cuid acu ann le blianta anuas! Mar shampla, sheol foireann iontaobhais agus sábháilteachta Twitter meamram mionsonraithe chuige ag cur síos ar na rioscaí tromchúiseacha iomadúla a bhain lena phlean chun tús a chur le ticmharcanna gorma “fíoraithe” a dhíol. Ar an drochuair, rinne Musk neamhaird dóibh go hardnósach, agus thit cúrsaí amach díreach mar a thuar siad.

Conclúid

na pointí thuasluaite ar eolas ag go leor ceannairí eisceachtúla. Sin an fáth a bhfuil riail ag an gúrú ghnó Steven Covey do cheannairí: Seek First To Understand, Then To Be Understood.” Is é atá i gceist anseo ná tuiscint a fháil ar dtús, agus chun é a fháil, caithfidh ‘éisteacht thuisceanach’ a chleachtadh. Ansin, beidh sibh in ann réiteach a fhorbairt ag obair as lámha a chéile.  Mura bhfoghlaimíonn Elon Musk conas éisteacht thuisceanach’ a chleachtadh gan mhoill, gheobhaidh Twitter bás anabaí!

.

.

.

.

gaGaeilge