An Toirtís agus an Giorria – arís!

An Toirtís agus an Giorria – arís!

An Toirtís agus an Giorria – arís!

.

.

An tseachtain seo chaite, d’inis mé finscéal cáiliúil de chuid Aesop duit darb ainm ‘An Toirtís agus an Giorria’. B’fhéidir gur thug tú faoi deara nár chloígh mé go dílis leis an mbunleagan, agus go ndearna mé oiriúnú air. B’fhéidir freisin gur oibrigh tú amach cheana féin cad a bhí i gceist agam, agus go raibh mé ag caint faoin toghchán Uachtaránachta a tharla le gairid sna Stáit Aontaithe agus go háirithe faoi na hiarrthóirí, Joe Biden (Toirtís) agus Donal Trump (Giorria). Díreach cosúil le Toirtís san fhinscéal, bhuaigh Joe Biden an rás. Agus díreach cosúil le Giorria, chaill Donald Trump an rás ach níor admhaigh sé an fhírinne shearbh sin!

Tá Trump ag maíomh calaoise sa toghchán, agus é ag tabhairt cásanna chun na cúirte in Arizona, Pennsylvania, Nevada, Georgia agus Michigan, ag iarraidh na torthaí a athrú. Ach níl fianaise ar bith ag dlíodóirí Trump a thabharfadh le fios go raibh caimiléireacht ar bun go forleathan sa toghchán.  Tá a fhios ag na dlíodóirí céanna nach bhfuil aon chás acu, agus tá dhá chomhlacht dlíodóirí tar éis tarraingt amach as a n-obair ar son an Uachtaráin dá bhrí sin. Tá cúrsaí chomh dona sin gur ainmnigh Trump Rudy Giuliani mar cheannasaí na n-iarrachtaí dlíthiúla sin. B’fhéidir go mbeidh preasócáid eile ag Giuliani ag ‘Four Seasons Total Landscaping’! Dia ár sábháil – sin tairne mór i gcónra an tionscnaimh sin!

Le déanaí, d’eisigh Roinn Slándála Dúiche SAM ráiteas, ag rá faoin toghchán Uachtaránachta seo gurb é an toghchán is sábháilte a tharla riamh i Meiriceá.  D’éirigh Trump an-fheargach leis sin, agus thug sé an bóthar don duine ar eisigh an ráiteas sin, Chris Krebs, stiúrthóir cibearshlándála sa Roinn Slándála Dúiche. Rinne Trump an beart gránna sin ar Twitter – nach péisteánach meata é!

Bhí scéim mhímhacánta eile in aigne ag cúpla Poblachtach agus iad ag impí ar an Reachtas Stáit in Arizona, Michigan, Pennsylvania agus Wisconsin toscairí nua a chuir in áit sa Choláiste Toghcháin a gcaithfeadh a vótaí ar son Trump. Ach dúirt na reachtóirí sna Stáit sin nach ndéanfaidís aon idirghabháil mar sin, mar bhrisfeadh sé sin dlíthe Stáit, agus bheadh sé in aghaidh thoil an phobail freisin.  Tá dualgas ar thoscairí Stáit ionadaíocht a dhéanamh do phobal an Stáit mar gheall ar bhuaiteoir an toghcháin Uachtaránachta agus ní féidir é sin a athrú. Is iad na toscairí a roghnaíonn an tUachtarán sna Stáit Aontaithe, i bpróiseas indíreach casta atá ann le fada. Tá sé soiléir go bhfuil Trump ag iarraidh an próiseas sin a threascairt.    

Is trua mhór í nach dtugann Trump aitheantas do Biden mar Uachtarán tofa. Seachas sin, cruthaíonn sé deacrachtaí do Bhiden, agus don tír. Éiríonn cúrsaí níos casta fós mar tá Trump ina Uachtarán go dtí 20 Eanáir, 2021, nuair a dhéanfar an tUachtarán nua a insealbhú.  

De ghnáth, chomh luath is atá torthaí an toghcháin ar fáil, tosaíonn an próiseas aistrithe chun ullmhúcháin a dhéanamh don aistriú cumhachta a tharlóidh ar 20 Eanáir.

Ach ós rud é nach nglacann Trump le torthaí an toghcháin, cuireann sé sin moille ar mhaoiniú agus ar fhaisnéis rúnaicmithe a chur ar fáil don Uachtarán tofa, Joe Biden, mar tá Trump ag diúltú glan comhoibriú leis.

Pé scéal é, caithfidh toscairí an Choláiste Uachtaráin a vótaí ar 14 Nollaig agus beidh stádas oifigiúil ag na torthaí ansin, agus níl aon amhras ach go mbeidh a lá insealbhaithe ag Biden ar 20 Eanáir, 2021.

Ach go dtí sin, d’fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith ann, agus seo cúpla sampla dóibh siúd.

 Déanann gearáin Trump agus a ghiollaí gualainne dochar do sheasamh an daonlathais sna Stáit Aontaithe. Lean siad drochshampla na deachtóirí agus tá siad ag iarraidh fanacht i gcumhacht cosúil leo, in éadan mhianta an phobail.  Iompar fíorchontúirteach is ea é sin, gan dabht, a chuireann go mór leis an mbaol neamhsheasmhachta polaitiúla agus a lagaíonn fondúireachtaí an daonlathais i Meiriceá agus dar ndóigh, ar fud an domhain.
 Níl Biden in ann dul i ngleic i gceart leis an gcoróinvíreas gan comhoibriú leis an Rialtas reatha, agus feictear domsa nach bhfuil Trump ag déanamh rud ar bith mar gheall ar an víreas, mar is cuma leis faoi – is fearr leis galf a imirt!   
 Ar deireadh, nuair nach bhfuil aon phróiseas aistrithe ag tarlú, tá riosca níos mó ann go mbeadh naimhde na tíre in ann an deis seo a thapú agus damáiste a dhéanamh do SAM.

Tá sé shoiléir go bhfuil sé thar am do Thrump agus a chomrádaithe Poblachtacha aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne agus cailleadh Trump sa toghchán a admháil gan mhoill. Ní rogha é sin, ach dualgas!

.

  

.

.

.

.

.

.

.

.

An Toirtís agus an Giorria – arís!

An Toirtís agus an Giorria!

“Is mise is fearr,” arsa Giorria go gaisciúil. “Níl duine ar bith in ann mé a shárú – go háirithe toirtís mhall cosúil leatsa!  

Maith go leor, beidh rás mór againn agus feicfimid ansin an bhfuil an ceart agat!” arsa an toirtís. D’eagraíodh rás eatarthu, agus bhí an domhan agus a mháthair ag caint faoi. Ag deireadh thiar thall, tháinig lá an rása agus tháinig slua mór le fianacht a thabhairt ar an ócáid mhór seo. D’ullmhaigh na hiomaitheoirí agus sheas siad taobh thiar den líne thosaithe. “Ar bhur marcanna, faoi réir, imígí! a scread an maor tosaigh agus ansin scaoil sé an gunna tosaithe.

Thosaigh an rás agus rith an Giorria go han-tapa ar fad agus tar éis tamaillín stad sé agus d’fhéach sé siar ar Thoirtís ag siúl go mall.

“Há!” arsa Giorria, “nach ndúirt mé leat nach raibh seans agat?” Ansin thosaigh ag pocléimneach agus ag screadadh go caithréimeach. “Tá an rás caillte agat cheana féin, a Thoirtís, agus is mise an buaiteoir!”

Tar éis a bheith ag rith agus ag léim timpeall, bhí tuirseach ar Ghiorria, agus thug sé néal beag leis.  Thug Toirtís neamhaird do Ghiorria agus lean sé ar aghaidh. Cinnte más go mall féin é, tháinig sé suas leis an ngiorria dímhúinte. Ach níor stad Toirtís ann ar chor ar bith ach lean sé ar aghaidh céim ar chéim.  Nuair a bhí Toirtís ag druidim ar an gcríochlíne, dhúisigh Giorria. Bhuail uafás é nuair a thuig sé nach raibh sé in ann an rás a bhuachan, agus tháinig cochall air.Níl ionat ach séitéir!” a scread Giorria in ard a chinn agus a ghutha. “Bhí an rás thart nuair a stad mise ag rith!”

“Níl an rás thart fós, a Ghiorria,” arsa Toirtís, “beidh an rás críochnaithe nuair a thrasnaítear an chríochlíne!  Brostaigh ort anois agus ná bí ag gearán!”

Tá tú ag goid an rása anois, agus iarrfaidh mé ó na hoifigigh go rithfí an rás arís – níl ionat ach rógaire na bhfocal cam!” a bhúir Giorria go stuacach.

Ach ní raibh Toirtís ag éisteacht, mar bhí sé róghnóthach ag siúl trasna na líne. Nuair a bhí gach páirt dá chorp ar an taobh eile den líne, lig an lucht féachana na gártha molta astu. Bhí a lán daoine an-sásta gur bhuaigh Toirtís an rás. Ach ní raibh Giorria sásta ar chor ar bith.

“Bhuaigh mise an rás – tá an chríochlíne taobh thiar dom – féach! Cá bhfuil na hoifigigh? Tar anseo agus taispeáin do gach duine an líne anseo, taobh thiar dom.” Bhí Giorria ag scréachach agus é ar deargbhuile. Ach ní raibh aon duine ag éisteacht le Giorria níos mó, mar bhí siad go léir róthógtha leis an mbua gan choinne a bhí ag Toirtís.

“Tá seaimpín nua againn,” arsa an tráchtaire go sceitimíneach ar an gcóras fógartha poiblí.  

Agus cé go raibh an rás críochnaithe agus seaimpín nua ann, níor ghlac Giorria leis an bhfírinne, mar chreid sé go diongbháilte nárbh fhéidir leis cailleadh riamh! Ach níor aontaigh na hoifigigh leis, agus mar sin bhronn siad an Corn ar Thoirtís.

“Tá an-áthas orm an bua sin a bhaint amach, agus an Corn iontach seo a ghlacadh”, a thosaigh Toirtís. “Is linn go léir an Corn seo!” D’ardaigh Toirtís an Corn san aer agus bhuail a lucht féachana a mbosa le chéile le gliondar. Lean sé ar aghaidh. “Níos tábhachtaí ná sin, léiríonn an bua nach bhfuil rud ar bith nach féidir linn a dhéanamh nuair atá muid meáite air. Táim cinnte nach raibh aon duine ag súil go mbuafainn an rás sin – ach amháin mé féin, b’fhéidir! Smaoinígí ar na féidearthachtaí iontacha atá againn go léirmar má tá toirtís in ann rás a bhuachan in aghaidh giorria, níl aon tasc dodhéanta sa domhan! Ach ní de thimpiste a bhuaigh mé agus roinnfidh mé rún mo ratha libh anois. Bíodh aidhm agaibh a gcreideann sibh ann go huile agus go hiomlán. Bíodh plean agaibh ar conas an aidhm sin a bhaint amach. Ar deireadh agus an rud is tábhachtaí ar fad cuirigí bhur bplean i bhfeidhm céim ar chéim, agus ná géill go deo go dtí go sroicheann sibh bhur gceann scríbe! Sin an méid!” Sheas an slua agus thug bualadh bos mhór do Thoirtís. Bhí an slua ríméadach, gach duine ach amháin Giorria! Agus céard faoi? Bhuel, tá foireann iomlán dlíodóirí ina thimpeall, agus níor admhaigh sé fós gur chaill sé an rás!

.

.

.

.

An Toirtís agus an Giorria – arís!

Tromluí Bhreanndáin!

Bhí mé ag éisteacht leis an bpodchraoladh ‘An Saol Ó Dheas ó RRaidió na Gaeltachta le déanaí, agus chuala mé Pádraig Óag cur agallaimh ar an gceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich.  Ach ní raibh fiú is focal le cloisteáil faoin gceol – ábhar iomlán difriúil a bhí i gceist.  

Cé go raibh a fhios agam gur tromluí ceart is ea an próiseas iarratais ag baint le cead pleanála i gContae Chiarraí, níor thuig mé a dhonacht is atá an scéal go dtí gur chuala scéal Bhreanndáin féin.  Ar chloisteáil dom faoi cad a tharla do Bhreanndán, rinne taighde faoi ar an idirlíon. Is míorúilt é go bhfuair sé an cead pleanála sin, agus is soiléir go bhfuil an-mhisneach ag Breanndán, mar níor ghéill sé riamh. Seo anois achoimre a scéal.

Thosaigh Breanndán an próiseas casta seo 15 bliain ó shin nuair a bhí sé ar tí aige teach a thógáil ar a shuíomh féin san áit inar rugadh agus tógadh é, i mBaile na bPoc i bParóiste Mórdhach, i nGaeltacht Corca Dhuibhne i gContae Chiarraí.  Diúltaíodh don iarratas sin, ach níor ghlac Breanndán le cinneadh Chomhairle Contae Chiarraí, agus sin mar a thosaigh cogadh fada eatarthu. Le linn an chogaidh sin, scríobh Breanndán na mílte litir, chaill sé a lán oícheanta codlata, agus chaith sé ar a laghad 20,000 nó €25,000 nach bhfeicfidh sé go deo arís. Ar an mbonn amháin sin, cheapfá go bhfuil rud mór mícheart amach is amach. Ach nuair a fhaigheann tú amach gur cheadaíodh tithe eile sa cheantar, tithe saoire ilstóraigh san áireamh, is deacair gan géilleadh don tuairim go bhfuil an próiseas cinnteoireachta thar a bheith míchothrom.

Níl mé in aghaidh rialacháin dhiana,” a dúirt Breanndán, “ach chonacthas dom gur thugadar tús áite don turasóireacht ar gach rud eile.  Ach mura bhfuil aon duine ina chónaí anseo níos mó, an dtiocfaidh aon turasóir ar chor ar bith?

Sa bhliain 2015, tar éis 10 mbliana á chaitheamh ag Breanndán go fánach leis na hiarratais agus na hachomhairc ag dul anonn agus anall, cheap sé ar chur chuige eile ar fad. Chaith sé 50,000 agus thóg sé teachín soghluaiste dó féin, agus ansin chuir sé ar a shuíomh é. Níorbh fhada go bhfuair Breanndán fógra forfheidhmiúcháin ón gcomhairle contae, ag rá go raibh an teachín neamhdhleathach agus é a n-aistriú amach as an suíomh nó go gcuirfear i bpríosún é agus go ngearrfar fíneáil 12.5 milliún air! Dúirt polaiteoir áitiúil le Breanndán a cheann a choinneáil thíos, a chlab a choinneáil dúnta agus b’fhéidir ansin go gcaithfeadh siad an tsúil chaoch ar an rud ar fad. Chuir sé sin an-díomá ar Breanndán mar caithfear aghaidh a thabhairt go díreach ar an gceist mhór sin, a bhaineann ní hamháin le Breanndán féin, ach le gach duine atá sa chruachás céanna.

Tá ceathrar clainne agam, ”a dúirt Breanndán, “ agus is cosúil nach mbeidh duine ar bith acu in ann maireachtáil sa sráidbhaile inar rugadh agus tógadh mé. Tá mo dheartháir agus a cheathrar clainne sa chás céanna, agus tá céad acra acu. Fiú amháin nuair a bhíomar faoi riar na Breataine, bhíomar in ann maireachtáil inár sráidbhailte!”

Thug Breanndán neamhaird ar an litir ón gcomhairle agus chuir sé dlús leis a fheachtas! Chuir sé 235 cros bhán in airde i ngort i mBaile na bPoc chun aird a tharraingt ar céard a bhí ar siúl. Sheas na crosa don líon daoine a bhí ina gcónaí ann in 1841. Chuir sé 12 cros dhearg in airde freisin, a sheas don líon daoine atá ag maireachtáil ann sa lá atá inniu ann, agus bánú mór tuaithe ar siúl sa tír. Ansin d’eagraigh Breanndán agóid lasmuigh de chruinniú na comhairle contae i dTrá Lí, chun tuilleadh brú a chur orthu.

Ghéill siad don bhrú sa deireadh agus fuair Breanndán cead pleanála chun teach aon stóir a thógáil ar a shuíomh agus an teachín soghluaiste a bhaint amach as an suíomh.

Cé go bhfuil an chaibidil seo críochnaithe, deir Breanndán go leanfaidh sé dá fheachtas ar mhaithe muintir na háite.

“Caithfimid gluaiseacht ar aghaidh anois agus caithfimid an cath seo a throid níos mó, go háirithe ar son na glúine óige atá ag iarraidh maireachtáil anseo,” a dúirt sé. “Tá deis againn seans a thabhairt don Ghaeltacht, seans a thabhairt don tuath, na rialacha a athrú ar ár son.”

Nach bhfuil an ceart ag Breanndán agus nach mór dúinn gach rud a dhéanamh chun ár dtacaíocht a léiriú dá fheachtas agus chun ár dteanga agus ár gcultúr a chaomhnú?

.

.

.

.

An Toirtís agus an Giorria – arís!

Rocal – Rabharta Conspóide!

Rocal

.

Bhí an impireacht marbh leis na cianta,

Gan aon náisiún fágtha di dul ar a tóir.

Na súile rite uirthi ag faire le blianta,

Ach chíor go haireach an fharraige mhór.

.

I bhfad amach ó chósta Dhún na nGall,

Shínigha lámha amach go dtí

Oileáinín creagach darb ainm Rocal,

Is gan mhoill Jeaic an Aonaigh nár ardaigh sí!

.

I miotaseolaíocht na gCeilteach, nuair a chaith Fionn Mac Cumhaill píosa talún lena namhaid in Albain, thit an chuid is mó den chré i Muir Éireann, agus chum sé Oileán Mhanann. Ach thit píosa beag bídeach san Atlantach, agus chum sé an t-oileáinín creagach sin – Rocal!

Sa 6ú haois, agus iad ar a shlí ar ais go hÉirinn, thug Naomh Breandán agus a chriú cuairt ar oileáinín a raibh an díthreabhach Naomh Pól ina chónaí air. Sin ceann de na scéalta i lámhscríbhinn de chuid an 9ú haois (Navigatio Sancti Brendani Abbatis), ina ndearnadh cur síos ar odaisé Naomh Breandán. Tá Rocal ag teacht leis an gcur síos a tugadh sa lámhscríbhinn sin!

Tá Rocal le feiceáil i léarscáileanna loingseoireachta don chéad uair sa 17ú haois, ach níor tháinig aon duine i dtír air go dtí an bhliain1811, nuair a dhreap Lieutenant Basil Hall agus cúpla duine eile go barr an oileáinín.

thabharfar cuairt arís air go dtí an bhliain 1971, nuair a tháinig an Cabhlach Ríoga ar ais, chun leacht a chrochadh agus solas rabhaidh a chur ann, agus iad ag glacadh teideal ar Rocal mar chríoch náisiúnta na Breataine! An bhliain ina dhiaidh sin, ritheadh Acht Rocal i Westminster, ag tabhairt aitheantas oifigiúil dó mar chuid do Chontae na Hearadh in Albain.

Sa bhliain 1975, is beag nach bhfuair Willie Dick as Baile Átha Cliath bás ag iarraidh bratach na hÉireann a ardú ar Rocal – ar an drochuair, theip air!

Sa bhliain 1985, bhain an taiscéalaí Sasanach Tom McClean curiarracht amach nuair a chaith sé 40 lá ar an oileáinín. Agus sa bhliain 1997, chaith triúr gníomhaí Greenpeace 42 lá ar an oileáinín, mar agóid in aghaidh taiscéalaíocht ola! Ansin, sa bhliain 2014, ar an dara iarracht, bhain an taiscéalaí Albanach Nick Hancock curiarracht nua amach de 43 lá ar an oileáinín.

an t-oileáinín beag seo ar ais anois, ach le cúis eile ar fad cearta iascaireachta! Más cuimhin leat, bhí díospóireacht ann an bhliain seo caite, agus Alban ag tabhairt rabhadh dúinn gur leosan Rocal agus ag rá nach bhfuil cead againn a bheith ina uiscí teorainn (12 muirmhíle timpeall ar an oileáinín).

Cé nach dtugann aon tír eile aitheantas do Rocal mar chríoch na Breataine, seasann an Bhreatain an fód go stuacánta. Roimh an Bhreachtimeachta, ní raibh aon fhadhb de dheasca Rocail, mar cuireadh meánna ballstát an AE i dtoll a chéile, agus bhí cead ag gach ballstát iascaireacht ann. Is é atá i gceist le meá ceantar cósta ag baint le tír a bhfuil cearta áirithe eisiach aici faoi, cearta iascaireachta san áireamh. Is ionann meá sa chomhthéacs seo agus ‘Exclusive Economic Zone’ nó ‘EEZ’ as Béarla.

Le Breatimeacht crua, áfach, bheadh meá amháin ag an mBreatain, agus meá eile (roinnte) ag an AE. Ní bheadh cead ag aon bhallstát an AE iascaireacht i meá na Breataine níos mó, nó ag an mBreatain iascaireacht i meá an AE ach an oiread.

Sa bhliain 2013, nuair a shínigh an Tánaiste Éamonn Gilmore agus an Bhreatain comhaontú faoin teorainn idir meá na hÉireann agus meá na Breataine, ní dheachaigh i gcomhairle le hionadaithe ár dtionscal iascaireachta roimh . Is dócha nár thuig sé cé chomh tábhachtach is atá Rocal dúinn agus dá bhrí sin thug sé uainn é i scríbhinn, ó thaobh na hiascaireachta de. Mar sin, bheadh ár gcearta iascaireachta i meá na Breataine caillte le Breatimeacht crua agus bheadh Rocal ionann is caillte dúinn freisin. Bheadh sé deacair idirbheartaíocht a dhéanamh ansin leis an mBreatain Mhór chun na cearta iascaireachta sin a fháil ar ais, gan aon trácht ar na huiscí teorainn a bhfuil easaontas ann fúthu!

Tá súil agam nach dtarlóidh Breatimeacht crua ar a lán údar, ní ba laghad ina measc an tionchar diúltach agus na héiginnteachtaí a bheadh ag baint leis an tionscadal iascaireachta in Éirinn. Níl aon dabht ach go bhfuil lánaird ár Rialtas dírithe ar Rocal anois tá súil agam nach bhfuil sé ródhéanach!

An Toirtís agus an Giorria – arís!

An gá Leibhéal 5 i ndáiríre?

Le déanaí, bhí ar an rialtas srianta dianghlasála leibhéal 5 a chur i bhfeidhm, in aghaidh an ardaithe shuntasaigh atá tagtha ar líon na gcásanna den COVID-19 sa tír. An gá é seo i ndáiríre?  

Tá i bhfad níos mó ar eolas againn anois faoin víreas ná mar a bhí fiú cúpla mí ó shin. Tá tuiscint níos fearr ag na heipidéimeolaithe faoi scaipeadh an víris anois freisin. Ar an drochuair ní dhéanann an taighde sin eolas do na polasaithe rialtais in a lán tíortha.  Ach cúpla tír ag úsáid thuiscint na heipidéimeolaithe ina bpolasaithe an Chóiré Theas, Vítneam agus an tSeapáin san áireamh. Ach cé chomh héifeachtach agus atá polasaithe na Seapáine mar shampla, chun líon na ndaoine ag fáil bás ó COVID-19 a laghdú? Bhuel, agus é seo á scríobh, fuair 1,650 duine bás ón ngalar sa tSeapáin go dtí seo, i gcomparáid le 1,849 in Éirinn. Ach tá daonra 126 milliún duine sa tSeapáin, i gcomparáid le daonra 5 milliún duine in Éirinn. Mar sin tá ráta mortlaíochta ón ngalar fiche cúig huaire níos airde in Éirinn ná sa tSeapáin. Nach dochreidte é sin, go háirithe nuair a fhaigheann tú amach nach mbíonn srianta chomh géar orthu agus a mbíonn orainn?  Cad atá ar siúl? Gan dabht, leanann saoránaigh na tíortha thuasluaite sin treorú a rialtais agus tá níos mó cleachtadh acu ag déileáil le géarchéim víris (SARS, MERS). Ach tugann a rialtais cur chuige eolach i leith na géarchéime COVID-19 freisin, ag cur na béime ar an mbealach a scaipeann an víreas ó dhuine go duine.

.

In iarthar an domhain, cuirimid béim ar an ráta tarchurtha an víris (R). In Éirinn, mar shampla, úsáidtear an uimhir sin mar chritéir mheastóireachta nuair atá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) ag iarraidh cinneadh a dhéanamh mar gheall ar cén leibhéal srianta a mholadh don rialtas. Ar an meán, scaipeann duine ionfhabhtaithe an víreas do R daoine eile, agus má tá R níos lú ná a haon, bíonn laghdú ar líon na ndaoine ag tolgadh an galar COVID-19.  Rinneadh taighde ar an ábhar sin, agus fuarthas amach nach bhfuil R roinnte go cothrom. Ní scaipeann timpeall 70 faoin gcéad den daonra ionfhadhbtaithe an víreas ar chor ar bith. Ach scaipeann timpeall 10 faoin gcéad den daonra ionfhadhbtaithe suas le 80% cásanna nua, agus tugtar ollscaiptheoirí (superspreaders’ as Béarla) ar na daoine sin.  Mar a tharlaíonn, sin eolas an-tábhachtach ar fad.  

Rinneadh a lán taighde eile ar na coinníollacha atá fabhrach do scaipeadh an víris, agus fuarthas amach cúpla rud suntasach. Tá sé i bhfad níos éasca an víreas a scaipeadh taobh istigh ná mar atá sé taobh amuigh b’fhéidir fiche uaire níos éasca!   Laistigh, tá sé níos éasca an víreas a scaipeadh in áiteanna cúnga nach bhfuil aeráil mhaith ann, agus ina bhfuil go leor daoine gar le chéile le tamall fada, agus go háirithe nuair atá siad ag caint nó ag canadh. Smaoinigh ar thoit thánaisteach tobac, agus bíonn an víreas san aer i slí cosúil leis sin.

Moltaí:

Tá cuardach teagmhálaithe an-tábhachtach i straitéis na tíortha thuasluaite, ach cuardach teagmhála ar gcúl atá i gceist nach bhfuil mar an gcéanna leis an gcuardach a dhéantar in Éirinn anois. Is é aidhm an chuardaigh sin ná an ollscaiptheoir a aithint. Déantar cuardach teagmhálaithe ar dtús ar an duine a bhfuil an galar aige ach déantar iarracht a fháil amach n teagmháil a thug an galar dó. Seans maith gur ollscaiptheoir an duine sin, agus más ea (tá slite ann chun é sin a dhearbhú), déanann tú cuardach teagmhálaithe ar an ollscaiptheoir agus ansin cuireann tú srianta ar an ollscaiptheoir agus a theagmhálaithe. Tá an straitéis seo i bhfad níos fearr, mar tá tú in ann braislí a bhriseadh suas níos éifeachtaí.

Chomh maith leis sin, caithfidh tú cosc a chur ar aon bhailithe neamhriachtanaigh a bheadh laistigh in áiteanna cúnga le go leor daoine, gan aeráil mhaith a bheith ann. Cuirtear rialacha i bhfeidhm lasmuigh den teach mar gheall ar chaitheamh mascanna agus ar scoitheadh sóisialta go hiondúil freisin.

Agus sin an méid! Tá an tSeapáin, an Chóiré Theas agus tíortha eile ag éirí thar cionn leis an gcur chuige sin, agus níl sé dheacair ar an bpobal cloí le spriocanna mar sin ach an oiread. Is fiú do NPHET agus an rialtas an cur chuige seo a staidéar ar a laghad – tá sé amuigh ag an bpobal orthu!

.

.

.

.

.

gaGaeilge