Go dté tú slán, a Pheadair

Go dté tú slán, a Pheadair

Chuaigh Peadar Bairéad ar shlí na fírinne breis agus mí ó shin, agus méala mór a bhás, ní hamháin dá theaghlach agus cairde, ach do Ghaeilgeoirí i gCill Chainnigh agus ar fud na tíre. D’fhág sé oidhreacht shaibhir dúinn go léir. Cé nach bhfuil an fear iontach seo linn níos mó, tá a thionchar beo slán.  Bhí tionchar mór aige ar na daoine go léir ar chas sé leo agus freisin ar na daoine ar léigh a chuid scríbhinní.

Toisc gur rugadh Peadar timpeall an ama céanna agus a rugadh ár dtír, bhí cosúlachtaí láidre eatarthu ar dtús. Bhí siad bocht nuair a bhí siad óg, ach bhí misneach acu. D’éirigh siad níos saibhre de bharr a eitic oibre. Bhí grá acu dá dteanga, cultúr agus creideamh. Bhí a bhféiniúlacht an-tábhachtach dóibh.  Le himeacht ama, áfach, d’fhás difríochtaí eatarthu. Tháinig maolú sa tír seo ar ghnéithe áirithe den teanga, cultúr agus faoi dheoidh, creideamh freisin, ach d’fhág Peadar dílis dóibh i gcónaí.  Sa tslí sin, is féidir saol Pheadair a fheiceáil mar thaisceadán todhchaí, cosúil le saolta Peig Sayers agus Tomás Ó’Criomhthain a chuaigh roimhe.  Agus cosúil le Pheig, Tomás agus údair eile, d’fhág Peadar taifead scríofa dona shaol, i ngach rud a scríobh sé, ach go háirithe ina dhírbheathaisnéis.   

Sárscríbhneoir ilchumasach agus bisiúil ba ea Peadar, le bailiúcháin leathan liteartha chun é sin a chruthú.  D’fhág Peadar seoid náisiúnta dúinn agus don tír, gan dabht ar bith.

D’fhág sé oidhreacht thábhachtach i gCill Chainnigh freisin, is mó mar mhúinteoir i gColáiste Chiaráin agus mar cholúnaí nuachtáin sa Kilkenny People. Thosaigh sé ag múineadh i gColáiste Chiaráin sa bhliain 1966, nuair a bhí an ceantar in ísle brí, ní hionann is sna laethanta seo. Ní raibh mórán tionscail ann, seachas monarcha bróga, ina ndéanadh ‘Mocassins’ ó 1967 go dtí 1987, agus grúdlann Smithwick’s, ceannaithe ag Guinness i 1965.   Ní raibh earnáil na turasóireachta ann ar chor ar bith, gan trácht ar bhialanna!  

Duine forásach agus macánta ba ea Peadar, agus cé mar gnáthrud é pionós corpartha sna scoileanna ag an am sin, níor leag sé a lámh ar dhalta riamh. Agus aon uair a bheadh argóint idir daltaí nó fiú idir múinteoirí, glaodh ar Pheadar, mar bhí an cháil sin air a bheith in ann réiteach síochánta a fháil. Ba mhar a chéile aige gach duine, agus mar sin, bhí meas mór idir dhaltaí agus mhúinteoirí air. Mar mhúinteoir, mhúscail Peadar dúil sa léann i mbeagnach gach dalta, ionas gur mhaith leis aithris a dhéanamh air. Dúirt a lán iarscoláirí liom gur spreag Peadar go mór iad, agus ní haon timpiste é go bhfuil go leor acu ina múinteoirí agus sagairt anois, fiú amháin leas-phríomhoidí nó príomhoidí! Tá roinnt mhaith daoine cáiliúla ann freisin ar mhúin Peadar iad, san áireamh iománaithe, bainisteoirí iománaíochta, polaiteoirí, Ardeaspag agus máinlia croí! Agus tá a lán daoine eile ann a bhí tionchar dearfach ag Peadar orthu freisin.

.

Ach b’fhéidir gurb é an tionchar is láidre a bhí ag Peadar ar mhuintir na háite go hiondúil ná a cholún sa Kilkenny People. Scríobh Peadar as Gaeilge, agus ní raibh mórán le léamh as Gaeilge sna nuachtáin áitiúla ag an am sin. Lasadh tine bheag agus thosaigh daoine ag léamh a cholún gach seachtain. Scríobh sé faoi gach ábhar, ó chúrsaí reatha go spórt, ó chreideamh go polaitíocht, ó scéalta agus dánta go léirmheasanna leabhar agus scannán. Bhí an lucht léitheoireachta chomh dílis sin, gur chuir siad go tréan i gcoinne an cholúin a stadadh nuair a bhí sé sin ar tí ag an bpáipéar. Nuair a d’aithin an páipéar an méid suim a bhí ag daoine sa cholún sin, d’athraigh siad a intinn, agus lean an colún ar aghaidh.  Spreag an colún daoine eile freisin agus thug sé misneach dóibh an Ghaeilge a úsáid agus mar sin, diaidh ar ndiaidh, méadaigh an ghluaiseacht. Anois, tá Gaelscoileanna, ciorcail comhrá agus popup Gaeltachta ar fáil, agus tá eachtraí Gaeilge eile ar siúl i gCill Chainnigh freisin. Bhí ról beag ach tábhachtach ag an gcolún seo sa mhéadú sin. Sin tionchar mór a bhí ag Peadar ar staid na Gaeilge i gCill Chainnigh. Agus sin fáth iontach leanúint ar aghaidh leis an gcolún, cé nach bhfuil Peadar inár measc níos mó!

.

.

Go dté tú slán, a Pheadair

Athbhliain faoi shéan daoibh go léir

Peadar Bairéad

Bíodh go bhfuil muid ag guí athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dá chéile, le fada an lá anois, is beag difir a dhéanann sin i saol laethúil an ghnáthdhuine. Ní chuireann sé stop leis an “mugáil”, leis an robáil, leis an ngoid, nó leis an ndúnmharú, a réabann leo ina dtuile do-stoptha, beag beann ar ár nguíonna, nó ar ár mianta. Is dócha, i ndáiríre, gur chuid dílis dár ndaonnacht é, cuid den olc a bheirtear sa chnámh linn uilig, ach má sea fhéin, ní tharlódh a leithéid gan chúnamh ón daonnaí fhéin, nó caithfidh sé toiliú chuige, sula bhféadfadh sé tarlú. Is dócha freisin, gur thugamar uilig faoi deara, nár laghdaíodh puinn ar an gclaonadh sin chun oilc, de réir mar d’éirigh linn cur leis an méid puint a bhí taiscithe sa bhanc, nó fiú faoin bpluid, againn! Níor laghdaíodh, mh’anam! Nó nach dtuigtear do mhadraí an bhaile fhéin, gurb é a mhalairt díreach a tharlaíonn, nó de réir mar a éiríonn an sparán teann, is ea is mó a éiríonn an consias so-shínte.

Ná tuigtear anois, go bhfuilimse ag rá gur in olcas atá an saol ar fad dulta, i gcomórtas leis an gcineál saoil a bhí ann, leathchéad bliain ó shoin, nó níl nó baol air, mar nach soiléir don dall fhéin go bhfuil feabhas as cuimse tagtha ar stíl bheatha daoine, san idirlinn. Níl le déanamh againn ach breathnú ar an innealra a fritheadh le tamall de bhlianta anuas. Breathnaigh ar na gléasanna uilig a chuirtear i mbun oibre ar an bhfeirm. Nár mhór an gar don bhfeirmeoir é an tarracóir,  agus na cineálacha oibre uilig a d’fhéadfaí a chur i gcrích, de dheasca an chumahchta a chuireann an beithíoch céanna sin ar fáil dó? Sea, agus smaoinigh ar na meaisíní bainte, na tochaltóirí, na meaisíní crúite, agus fiú na meaisíní bainte buailte, le gan ach cupla ceann acu a ainmniú. Agus arís, breathnaigh ar na hacraí uilig a úsáidtear sa teach fhéin, le hobair bhean an tí a shimpliú, agus a éascú? Cá bhfágfá an meaisín níocháin, an cuisneoir, an follúsghlantóir, an sorn leitreach, agus tuilleadh ar an dtéad chéanna sin. Breathnaigh arís ar an gcaoi a feabhsaíodh, agus a forbraíodh, na modhanna taistil uilig, agus feicfidh tú an chaoi ar thángthas i gcabhair ar na sclábhaithe bochta, a chaitheadh bunús a gcuid ama, ag saothrú leo go dian, crúógach, ar bheagán toraidh, agus má chuaigh cúrsaí chun cinn go hiontach, sna réimsí sin go léir, níor dhada é i gcomórtas leis an dul chun cinn ollmhór a deineadh i gcúrsaí cumarsáide. Nach dochreidte, amach is amuigh, an dul chun cinn atá déanta sa ghort sin, le céad bliain anuas? Smaoinigh ar an raidió, ar an teilifís, ar an bhfón, ar an ríomhaire, ar an ríomhphost, agus nuair a smaoiníonn duine, nach é amháin go bhfuil dul chun cinn ollmhór déanta againn le céad bliain anuas, ach caithfidh muid a chur san áireamh freisin, nach bhfuil deireadh fós leis an dul chun cinn céanna sin, nó leanann an fás, agus an forbairt, sa ghort sin in aghaidh an lae, sa chaoi nach bhfuil a fhios againn cá bhfuil ár dtriall, in aon chor, sna cúrsaí sin, ach tá a fhios againn, nach bhfuil feicthe againn fós ach an tús, tús tuile, agus go bhfuil an t-uafás le fionnadh ag ár gcine, sa réimse seo, fós.

Breathnaigh ar an dtaobh eile den scéal !

Ar an drochuair áfach, níl feicthe againn thuas ach taobh amháin den bhonn, agus sin an taobh is fearr, nó ar an dtaobh eile den scéal, is beag atá le maíomh againn, as iompar, as moráltacaht, as daonnacht, nó as comharsanúlacht ár gcine, san aonú haois fichead seo, ina mairimid, faoi láthair. 

Céard tá i gceist agam anseo, an ea?

Bhuel, má thógann tú nuachtán chugat, lá ar bith de na laethe seo, feicfidh tú fhéin céard tá i gceist agam, nó is féidir leat a bheith cinnte, go mbeidh scéalta le léamh agat sa nuachtán sin, faoi “mhugáil” daoine macánta, faoi robáil, agus ní hé amháin go ndéantar daoine a robáil, ach déantar é sin ar bhealach cruálach, mídhaonna, frithshóisialta. Seans go mbeidh cuntas ansin faoi dhúnmharú duine eicínt, nó bíodh go mairimid uilig i bPoblacht daonlathach, a thugann geallúint don saoránach, go ndéanfar é a chosaint ar ionsaí, ar robáil, ar éigean, agus ar mharú. An gcoimhlíonann an Stát s’againne an gheallúint sin? Ag magadh fúm atá tú! Níl ar chumas an Stáit é fhéin a chosaint ar na murdróirí, ar na robálaithe, ar na drongairí, nó ar na coirpigh uilig, a mhaireann go compórdach ar shaothar na gcomharsan, tráth nach bhfuil siad fhéin toilteanach “turn dá láimh” a dhéanamh ar mhaithe le beatha a shaothrú dóibh fhéin. B’fhéidir, i mbliain seo an Olltoghcháin, go ndéanfaidh Páirtí Poilitíochta eicínt rún athbhliana, go bhfuil siadsan sásta dúshlán na ndrongairí sin a thabhairt, agus deireadh a chur le rás an dreama seo, ar ais, nó ar éigean.

D’fhéadfainn leanúint liom, ag cur síos ar oilc iomadúla eile ár sochaí, faoin am seo, oilc cosúil le héigniú, le mímhoráltacht, le mí-úsáid daoine, agus le sclábhaíocht de chuile chineál. Nach maith is cuimhin liom na seanmhná fadó ag caint leo faoi “Fhómhar na mBan gan Náire,” cibé cineál ruda a bhíodh i gceist acu le sin! ach, dár mh’anam, ní i bhfad a bheifeá ag breathnú ar ár gcláracha teilifíse go dtuigfeá go hálainn céard é go díreach a bhíodh i gceist acu…….Ach, ceal misnigh, caithfidh mé an t-ábhar sin a chur ar an méar fhada, go dtí tráth eicínt eile, amach anseo! 

.

Go dté tú slán, a Pheadair

Leabhar suimiúil, spreagúil, eile chugainn.

An Fheoir

Abhainn Osraí………………………………………Céadchló 2019

le

Séamas ÓMaoileáin…………..Clódóirí CL, Casla, Conamara

                                       

*****************

 

.

B’fhéidir gur chuala tú go raibh mé tar éis tamall a chaitheamh in ospidéil agus i dteach altranais, agus dá bharr sin ba bheag am a bhí agam le leabhair a léamh nó tada dá leithéid, ach, tamall gearr ó shoin tharla gur sheol Séamas Ó’Maoileáin cóip dá leabhar nua chugam le go léifinn é. De thimpiste a tharla sin, ach faoi mar a tharla, shroich an leabhar nua seo mé ag an am ceart, nó bhí fonn léite tagtha ar ais chugam ag an am, agus ba gheall le bronntanas ó Santa fhéin an leabhar sin ag an am. Ba ghearr go raibh mé sáite go dtí an dá chluais san Fheoir. Ní hí an abhainn atá i gceist agam anseo, dar ndóigh, ach an leabhar nua seo. Ní call dom a rá go ndeachaigh ábhar an leabhair go smior na gcnámh i bhfeidhm orm, agus ba ghearr go raibh mé ag iompú na leathanach spéisiúil go cíocrach, fiosrach, nó theastaigh uaim tuilleadh agus tuilleadh a fhoghlaim faoi thír seo mo dhídine agus bhí sin le fáil go flúirseach ins ‘An Fheoir’. Ní call a rá nár ró-fhada go raibh an slogtha léite agam, ach dár ndóigh i gcás dá leithéid bíonn gá leis an dara léamh, ach nach bhfuilim ag dul ró-thapaidh ar fad! Caithfidh mé laincis a chur ar an gcleite anseo le deis a thabhairt dom m’anáil a tharraingt agus sos beag a thabhairt don gcleite bocht seo. Mar sin éist le gíosc na gcoscán, le críoch a chur leis an gcaibidil seo.

.

Nach iontach go deo na hainmneacha a baisteadh ar an abhainn seo ‘gainne, ag tosú leis an ainm eoir a baisteadh uirthi i dtosach, ainm a chiallaíonn sruthán, agus oireann an t-ainm sin don Fheoir i dtús a laethe. Níl an oiread sin den abhainn inti go gceanglaíonn sí leis an Eircne cóngarach do Dharmha i gContae Laoise, agus féach mar adeir Ó’Ciobháin…”Ní casta cúrsaí abhann Éireann ná a gcuid ainmneacha. Agus deir an t-údar linn go ndúirt fear eile go raibh na hainmneacha an-sheanda, ach deir an t-údar arís, deir sé …”Níor mhínigh Ollamh ar bith fós dúinn cad is bun leo.”

——————————————————————————————–

Ar an drochuair ní raibh Peadar in ann an t-alt seo a chríochnú. Ach tá sé dochreidte go raibh sé ag léamh agus ag scríobh suas ar fad go dtí deireadh a shaoil. Nach raibh Gaeilge iontach aige, agus léiriú ealaíonta speisialta agus pearsanta aige! Braithimid uainn go mór é. Nár thug sé bronntanais iontacha dúinn go léir leis a phrós cumasach agus a fhilíocht draíochtúil! Athair den scoth ba é Peadar domsa, agus le déanaí, chomhbhádóir agus muid ag scríobh na Gaeilge le chéile, go háirithe ag scríobh na n-alt seo. Le himeacht aimsire, bhí orm níos mó obair a dhéanamh agus le linn an ama sin bhí Peadar mar mhúinteoir agus eagarthóir dom. D’fhoghlaim mé a lán rúin na ceirde uaidh, agus anois beidh mé ag eitilt i m’aonar mar údar an cholúin seachtainiúla seo. Tá súil agam go dtiocfaidh sibh go léir liom ar an turas agus leanfaimid go leis an traidisiún seo, in ainm m’athar, agus ar mhaithe na Gaeilge i gCill Chainnigh agus ar fud na tíre. Tá mé cinnte go gcuirfeadh sé sin gliondar croí ar Pheadar!

.

.

.

.

Go dté tú slán, a Pheadair

Anseo!

Nuair a chonaic mé a teideal ‘Anseo, ní fhéadfainn gan an leabhar seo a léamh, cé go raibh sé as Béarla!  Phrioc sé mo spéis, mar téann sé i ngleic leis an mbuncheist cad is Éireannachas ann. Tá an t-údar fíorcháilithe chun solas a chaitheamh ar an ábhar sin, mar is Gaeilgeoir agus Éireannach í go smior, chomh maith le duine neamhgheal.

Uchtaíodh Úna-Minh Caomhánach sa bhliain 1991 i Vítneam cúpla lá tar éis teacht ar an saol. Ní raibh a máthair fola in ann aire a thabhairt di, mar bhí sí an-bhocht. Éireannach is í Noreen Caomhánach a bhí ina cónaí i gCeanada ag an am, a bhí ag iarraidh páiste a uchtú. Chuaigh sí go Vítneam agus mar a tharla thug sí cuairt ar ospidéal i Hanoi. Is ansin a chonaic sí Una-Minh, agus bhí a fhios aici díreach gurb í a hiníon nua í. Tar éis próiseas deacair agus fada, le cabhair óna teangaire Nguyet, críochnaigh siad an páipéarachas. Nuair a bhain siad amach a gceann scríbe faoi dheireadh – Trá Lí, Contae Chiarraí, chuir athair Noreen, Pádraig, fáilte mhór roimh an bheirt acu. Rugadh Úna-Minh sa chlann bheag seo, agus bhí Paddy tiomanta go huile agus go hiomlán dona ról mar dhaideo.

Cainteoir dúchais ba ea an t-iargharda agus an scéalaí cáiliúil seo, a bhí grá aige don teanga. Labhair sé as Gaeilge le Úna-Minh de ghnáth. Nuair a bhíodh sé ag siúl sa bhaile le Úna, is go minic a d’iarrtar air ‘Does she speak English?’ Ba é a fhreagra ná ‘Ní hamháin Béarla, ach Gaelainn, ambaiste!’

Bhí Gaeilge iontach ag Noreen freisin, agus croí-ábhar ba ea í sa chéim a bhain sí amach ó UCD. Múinteoir bunscoile is ea í, agus Gaeilge an t-ábhar is fearr léi. Ní haon iontas é gur fhreastal Úna-Minh ar Ghaelscoil, agus bhí an-sásta ann agus níor mhothaigh sí aon difríocht idir í féin agus na daltaí eile. Cé nach raibh athair aici, ní raibh aon fhadhb ann, mar bhí a daideo mar ionadaí athar di.  

Tar éis bás a daideo, bhí Úna-Minh cinnte gur theastaigh uaithi slí bheatha le Gaeilge mar a príomhtheanga. Tar éis na hArdteistiméireachta, d’fhreastal sí ar ollscoil DCU, agus bhain sí amach céim sa Ghaeilge agus Iriseoireacht.  Tháinig sí ar na meáin sóisialta san ollscoil agus go háirithe ar Youtube agus Twitter, agus thosaigh sí ag déanamh físeáin agus ag tvuiteáil go flúirseach.  Ba mhaith le Úna-Minh físchluichí freisin, Pokémon agus Final Fantasy san áireamh. Tar éis a céim a bhaint amach, d’oibrigh sí mar fhostaí i gcúpla comhlacht, ach níor thaitin obair mar sin léi. Thosaigh sí ag obair léi féin sna meáin sóisialta, agus i 2017, thosaigh sí ag déanamh sruthú beo ar Twitch, ag imirt agus ag tráchtaireacht ar fhíschluichí. Is as glúin a tógadh le cluichí ríomhaireachta í, agus bhí sí in ann cairdeas a dhéanamh le daoine óga eile. Ar dtús, bhí sí ag tráchtaireacht as Béarla, ach ansin thosaigh sí ag déanamh sruthú beo as Gaeilge freisin. Mar a dúirt Úna-Minh: ‘Cuireann sé gliondar ar mo chroí nuair a chraolaim ar Twitch!leaganacha as Gaeilge do chúpla físchluiche (PUBG, Minecraft) agus pleananna do roinnt eile freisin.

Tá caibidil sa leabhar leis an teideal ‘Where are you really from?’ agus taispeánann sé bolg aineolach an chiníochais in Éirinn. Nuair a freagraíonn Úna-Minh gurb as Contae Chiarraí di, ní glactar leis an fhreagra sin, agus tagann ceisteanna eile, cosúil le ‘Yeah, but where are you really from?’ Tá a lán scéalta faoin ábhar sin, agus ní bhainfidh mé an solas dá leabhar! Ach ghlac sí seasamh docht agus labhair sí suas faoi ar na meáin náisiúnta agus sóisialta. Chuir sí le heolas an phobail faoin gciníochas sa tslí sin. Thosaigh sí an haischlib #IsÉireannaighMuid ar Twitter agus d’oscail sé sin díospóireacht náisiúnta ar éagsúlacht agus ar an gceist cad is Éireannachas ann.

Tá caibidil ar na buntáistí ag baint le Gaeilge, agus ag déileáil leis na leithscéalta a bhíonn ag daoine faoin teanga. Thosaigh sí ag úsáid an haischlib #FrásaAnLae chun píosaí beaga Gaeilge a scaipeadh sa Twittersphere agus d’éirí léi go maith leis an iarracht sin.  Tá caibidil eile ag déanamh plé ar staid na Gaeilge (Tír gan Teanga Tír gan Anam), agus déanann sí cás láidir gur teanga bheo bhríomhar í.

Leabhar tarraingteach is é ‘Anseo (New Island Books, treoirphraghas 12.95), a bhfuil ábhar machnamh ann agus scéalta iontacha a léiríonn cad is Éireannachas ann sa lá atá inniu ann.  

.

.

.

.

.

.

Go dté tú slán, a Pheadair

Fírinne nó Finscéal!

 

Baineadh siar asam le déanaí agus mé ag geabaireacht le mo dhlúthchara, fear a thugtar ‘Saineolaí Steve’ air. Fear iontach ábalta atá ann gan cheist. Ollamh is ea é atá mar chathaoirleach sa Roinn Eolaíocht Pholaitiúil in Ollscoil cháiliúil. Ag an am céanna, sárcheoltóir is ea é, a sheinneann giotár leictreach i mbanna ceoil atá aithne mhaith ag muintir na háite air. Chomh maith leis sin, is lúthchleasaí amaitéarach é, a ghlacann páirt i maratóin agus rásaí seasmhachta. Múineann sé rang rothair aclaíochta sa spórtlann áitiúil freisin, agus freastalaím ar a rang cúpla uair gach seachtain.  Chuir mé aithne air sa rang sin, agus sula i bhfad d’fhás dlúthchairdeas eadrainn, mar bhí suim againn sna rudaí céanna. Tá meas mór agam ar an bhfear seo, go háirithe mar is duine umhal é, in ainneoin cé chomh cumasach is atá sé. Agus nuair a chuireann sé a thuairim in iúl, éisteann daoine. Ar aon nós, agus muid ag déanamh dreas comhrá tar éis a rang, chuir mé ceist air.

‘Cad a cheapann tú faoi na éisteachtaí táinsimh a bhí ar súil ar an teilifís?a d’fhiafraigh mé de. Go tobann, tháinig féachaint dháiríre ina ghnúis.  Tháinig sé níos cóngaraí dom ansin agus labhair sé iontach íseal.

I ndáiríre, ní raibh sé ach b’fhéidir coicís ó shin nuair a cheap mé go raibh tábhacht ag baint leis an fhírinne sa pholaitíocht, go háirithe sna Stáit Aontaithe. Agus mar sin, cheap mé go seasfadh fíricí na héisteachtaí leo féin, agus go dtabharfaidís an chúbláil a bhí ar siúl chun solais, ionas go mbeadh comhaontú idir na Poblachtaí agus na Daonlathaithe go raibh sé ceart an tUachtarán Trump a tháinsimh agus é a chur as post. Bhí mé ag brionglóideach!Stad sé ag caint, lig sé osna mhór agus tharraing sé anáil dhomhain sular lean sé ar aghaidh.

Agus ansin, chonaic mé an solas.’ Stad sé le dul i gcion orm, is dócha.  B’éigean dom rud a rá.

Lean ar aghaidh anois, tá cluas le héisteacht orm!’ a dúirt mé, go mífhoighneach.

‘Bhuel, mar a dúirt mé, chonaic mé an solas. Tá an finscéal tar éis éirí níos tábhachtaí ná an fíorscéal. Agus scríobhann iad i gcumhacht an finscéal, agus creideann a lán daoine é. Ach nuair a tharlaíonn sé sin sa réimse polaitíochta, tá sé an-dainséarach ar fad. Agus sin é mo thuairimse!’ D’fháisc sé a lámh ar mo ghualainn ansin, agus bhí sé ar tí imeacht. Ach ní raibh mé sásta fós.

A Steve, tuigim céard atá á rá agat, agus aontaím leat go hiomlán. Cén fáth nár tharla an teip pholaitiúil uafásach níos luaithe – bhí an córas polaitiúil céanna ann le fada?

‘Ceist mhaith é sin, a chara. Cé go bhfuil an córas céanna ann, níl an timpeallacht pholaitiúil chéanna ann anois. Mar shampla, tá athruithe móra tagtha ar an déimeagrafach sa daonáireamh. Agus ná déan dearmad ar an idirlíon áit ina bhfuil an fíorscéal fite fuaite leis an bhfinscéal.  De bharr na timpeallachta nua atá againn anois, tá brú nua ar an gcóras freisin.Bhí sé ag éirí beagán mífhoighneach, is dócha, agus chuir sé gothaí imeachta air féin.

‘Gabh mo leithscéal, ach tá ceist amháin eile agam, má tá an t-am agat?’ agus d’fhéach mé air go himpíoch.

‘Caithfidh mé imeacht laistigh de cúig nóiméad – lean ar aghaidh mar sin!’ ar sé go grod.

An bhfuil na Stáit Aontaithe críochnaithe, mar sin, an gceapann tú?’ arsa mise.

An gceapann tú gur fáidh mé anois? Níl liathróid chriostail agam. Ach é sin ráite, tá tuairim agam.  Dá fhad an lá tagann an tráthnóna, mar a deir an seanfhocal, agus ceapaim go bhfuil sé mar sin do na Stáit Aontaithe freisin. sórt cothrom míshuaimhneach anois idir an eite dheas agus an eite chlé, ach tá an eite chlé ag méadú.  Tá na Poblachtaigh ag streachailt leis an mbás anois, agus déanfaidh siad aon rud chun a gcumhacht a choimeád sula mbeidh sé ródhéanach. Ach teipfidh orthu, i mo thuairim. Agus mar sin, níl na Stáit Aontaithe críochnaithe, ach tá na Poblachtaigh críochnaithe, mura nathróidh siad a gcóras creidimh. Agus sin é mo thuairim.’

Agus leis sin, chas sé timpeall agus bhí sé imithe!  Thug an plé sin ábhar machnaimh dom, gan dabht!

.

.

.

gaGaeilge