Cúig cheist a fhreagairt!

Cúig cheist a fhreagairt!

1. Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2020?

Bás mo mháthar, Patricia, i mí Iúil na bliana.  Fuair sí bás i ndiaidh di cath fíochmhar agus pianmhar a throid in éadan na hailse.  Bhí na hadhlacóirí ag caitheamh trealamh cosanta pearsanta nuair a d’iompair siad a cónra amach ón teach altranais go dtí an t-eileatram

Eispéireas ait ba ea é sin agus an tsochraid ina dhiaidh sin.  Ní raibh ach garghaolta in ann dul chuig an tsochraid.  Ar an tslí go dtí an reilig chuamar thar an teach s’againne agus stad ár gcomharsana taobh amuigh dá dtithe chun ómós a thabhairt do mo mháthair.  Bhog an beart flaithiúil sin mo chroí!  Bheadh lúcháir an domhan ar mo mháthair faoi sin, gan dabht.  Braithim go mór uaim an bhean iontach seo.  Mhúin sí dom aislingí móra a bheith agam agus iad a bhaint amach go diongbháilte.  Síocháin lena hanam uasal!

2. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2020?

B’fhéidir go bhfuil sé róluath a bheith ag ceiliúradh ach bhí ríméad orm nuair a chuala mé an scéal go mbeadh vacsaíniú ar fáil in aghaidh Covid-19.   D’fhógair Pfizer agus Moderna torthaí dearfacha tar éis dóibh trialacha cliniciúla a dhéanamh, agus mhaígh siad go raibh éifeachtacht timpeall 95 faoin gcéad léirithe ag na vacsaíní nua in aghaidh an Covid-19.  Tá vacsaín traidisiúnta ar fáil freisin ó Astrazeneca a níos saoire ná an péire eile agus níos fusa a stóráil.

Úsáideann vacsaíní Pfizer agus Moderna teicneolaíocht nua – instealltar píosa mRNA (ábhar géiniteach) isteach sa cholainn, agus ansin gintear próitéiní spící sna cealla agus caitear amach iad.   Spreagann na próitéiní spící an córas imdhíonachta ionas go bhfuil sé in ann iad a neodrú.  

Tá na próitéiní sin díreach cosúil leis na próitéiní spící a bhfuil an coróinvíreas clúdaithe leo.  Úsáideann an víreas na próitéiní spící mar eochair chun dul isteach sna cealla chun coróinvíreas nua a athchruthú agus a chaitheamh amach, agus ansin tosaíonn an timthriall sin as an nua.   Tar éis duine a bheith vacsaínithe, neodraíonn a chóras imdhíonachta na próitéiní spící agus níl an coróinvíreas in ann dul isteach sna cealla.  D’fhéadfá an cur chuige seo a úsáid chun cóir leighis a chruthú go tapa i gcoinne go leor víris eile.

B’fhéidir go bhfuil an spéir dorcha ach tá údar dóchais fós againn go bhfillfidh ár saol ar ais mar a bhí sa bhliain 2021. Mholfainn do gach duine vacsaín a fháil – déanfaidh tú gar ní hamháin duit féin ach dúinn go léir ar scáth a chéile a mhairfimid!

3. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2020?

Gabhadh agus maraíodh George Floyd i nDeisceart Minneapolis ar an 25 Bealtaine, 2020. Is dócha go bhfacamar an taifeadadh ina raibh duine de na póilíní darb ainm Derek Chauvin agus a ghlúin chlé ag cur brú millteanach ar mhuineál Floyd. Coimeádann sé a ghlúin air ar feadh ocht nóiméad agus 46 soicind, in ainneoin impí na daoine a bhí in aice láimhe agus in ainneoin impí Floyd féin agus é ag scairteadh amach lena mháthair.

Chonaiceamar go léir an t-uafás doshamhlaithe sa taifeadadh agus leis sin, gránnacht an chiníochais i Meiriceá. Sa bhliain 2020, is soiléir go bhfuil a lán obair le déanamh i Meiriceá agus ar fud an domhain chun deireadh a chur leis an gciníochas. Tá dualgas againn go léir seasamh prionsabálta a ghlacadh in aghaidh an chiníochais!

4. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2020?

D’fhoghlaim mé go bhfuil bolscaireacht mhioscaiseach an-dainséarach! Bhí ionadh mór orm faoin méid daoine a chreideann gach saghas raiméis. Ar an drochuair, bíonn sé éasca do bhithiúnaigh dúshaothrú a dhéanamh ar na daoine saonta sin agus iad a ionramháil chun a leasa féin. Tuigim níos fearr anois an tslí ar tháinig deachtóirí cosúil le Hitler i gcumhacht! Go deimhin, níl mé ag iarraidh go dtarlóidh an rud céanna arís go deo!

5. Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana 2020?

D’éirigh, ar an mórgóir! Ach ní raibh mé in ann a lán taisteal a dhéanamh, de dheasca an víris. Bhí sé deacair casadh le mo chairde freisin, agus dianghlasáil i bhfeidhm! Bhí níos mó ama agam le rudaí eile a dhéanamh, áfach, cosúil le cócaireacht, aclaíocht, itheoireacht agus scríbhneoireacht. Cé gur bliain dheacair a bhí ann, ní gearán dom!

Seol do fhreagraí féin chugam (mickgb@gmail.com), agus b’fhéidir go bhfoilseofar sa cholún seo iad!

.

.

.

Cúig cheist a fhreagairt!

Fán Fada Ort 2020 na Pandéime!

Tá an tseanbhliain feoite ag dul i léig

A saol caite aici agus í ar tí imeacht

Tá bliain úr láidir anois ag fáil réidh

Chun brionglóidí nua a thabhairt isteach!

.

An tSeanbhliain Feoite

ag ceapadh nach n-aireoidh aon duine uathu bliain na pandéime! Ní aireoidh mise uaim í, mar chomh maith le huafás na tragóide sin, cailleadh mo mháthair i mí Iúil, seacht mí tar éis bháis m’athair! Cuimhnímid orthu go léir a ndeachaigh ar shlí na fírinne i rith na bliana 2020 go ndéana Dia a mhaith orthu.

Bhí bliain dheacair againn go léir de dheasca pandéime COVID-19. Cailleadh 2,200 duine as na 82,000 a tholg an galar uafásach go dtí seo. Bhíomar go léir ag tuairteáil ó dhianghlasáil amháin go dtí an chéad cheann eile agus muid ag éirí tinn tuirseach den rud ar fad – ach níl na cosa tugtha linn fós againn!  Nach gcuireann an bhliain 2020 lionn dubh ort?  

Is rud ait é, ach d’eascair iarmhairtí dearfacha le linn na pandéime. Thuigeamar go léir cé chomh tábhachtach is atá ár dteaghlaigh agus ár gcairde, mar uaireanta ní rabhamar in ann cuid dóibh a fheiceáil nó bhí orainn scaradh sóisialta a chleachtadh leo agus bhí sé an-deacair orainn.  Seans maith go bhfuil tú go léir breá cleachta le ‘Zoom’, le siopadóireacht ar líne agus le béilí le tabhairt leat. B’fhéidir gur ansa leat a bheith in ann obair ón mbaile, mar tá níos mó ama agat gan tiaráil laethúil na comaitéireachta, agus tá an stíl maireachtála seo níos neamhdhíobhálaí don timpeallacht freisin!  B’fhéidir go bhfuil caitheamh aimsire nua agat sa bhaile, cosúil le cócaireacht, nó grianghrafadóireacht, nó léitheoireacht. B’fhéidir go bhfuil tú ag cur feabhas ar do chuid Gaeilge, nó ag staidéar ábhar eile a bhfuil suim agat ann! Nó b’fhéidir gur thosaigh ag siúlóireacht, ag rothaíocht, mar is fearr leat a bheith amuigh faoin aer!  Níl aon easpa deiseanna duit dúshláin nua a thabhairt faoi, má tá an suim agat!  Go gcoimeádaimid ach amháin na dea-rudaí sa bhliain úr agus go ndéanaimid dearmad ar COVID-19 go deo!

.

Bliain Úr Láidir

.

Ach anois tá sé in am dúinn a bheith ag amharc go dóchasach ar an mbliain úr atá le teacht! Tá údar dóchais againn arís don todhchaí anois, buíochas le Dia! Beidh an vacsaín ar fáil do chách sula i bhfad, agus beidh ré an víris ag druidim chun clabhsúir, le cúnamh Dé, agus cúrsaí in ann teacht ar ais mar a bhí siad roimh an ngalar. Táimid ag tnúth go mór leis an lá nach mbeidh aon ghá le dianghlasáil scaradh sóisialta a bheith i bhfeidhm, agus gach rud ar oscailt arís. Tiocfaidh ár lá gan dabht ach ní mór dúinn a bheith foighneach tamaillín eile ar dtús.

Samhlaím lá mar seo roimh i bhfad: Tar éis mo bhricfeasta, rachaidh mé ar shiúlóid i lár na cathrach, agus beidh mé ag féachaint thart sna siopaí ar mo shuaimhneas, agus ag comhrá leis na daoine a gcasfaidh leo. Ansin, buailfidh mé le mo chara Séimí an Droichid ag an Smugairle Róin le haghaidh lóin agus chun dreas comhrá a dhéanamh.  Sa tráthnóna, rachaidh chuig cluiche iomána i bPáirc Uí Nualláin i dteannta slua mhóir lucht leanúna Cill Chainnigh!  Beidh an bua againn, le cúnamh Dé, agus tabharfaimid ár n-aghaidh ar theach tábhairne chun deoch a fháil agus anailís a dhéanamh ar an gcluiche.  Tar éis fliuchadh béil, beidh ocras orainn agus rachaimid go dtí bialann in aice láimhe chun béile blasta a bheith againn. Gan dabht, beidh lá galánta againn nuair a thagann an saol ar ais arís mar a bhí!

Idir an dá linn, ba mhaith liom mé féin a choinneáil beo, agus caithfidh mé mo mhasc, nífidh mé mo lámha agus fanfaidh mé dhá mhéadar amach ó dhaoine eile sa chás gur féidir!  Geallaim go bhfaighidhan vacsaín in aghaidh COVID-19 chomh luath riamh i 2021 agus is féidir liom! Ansin, beidh mé in ann bliain an víris a chur taobh thiar díom i gceart agus an bhliain úr a cheiliúradh go croíúil! Mholfainn do chách an vacsaín a fháil agus leis sin saol nua a fháil.

Faoi dheireadh – teachtaireacht do mo léitheoirí dílse – Athbhliain faoi mhaise dhaoibh go léir!

.

.

Cúig cheist a fhreagairt!

Christmas Greetings

Seo píosa oiriúnach le séasúr na Nollag, a scríobh m’athair blianta ó shin agus é ag cuimhneamh ar an saghas Nollag a bhí aige mar gasúr. Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise daoibh go léir!

Christmas Greetings

Tá an tráth sin den bhliain linn arís, an tráth sin, nuair a thugaimid uilig, geall leis, aghaidh, uair amháin eile, ar bhóithrín geal, mealltach, na smaointe, le spléachadh amháin eile a fháil ar an gcineál saoil a bhí ann, nuair a bhíodh muidinne ag fanacht go foighdeach ar chuairt oíche ó Dhaidí na Nollag fhéin, sea, agus muid freisin ag súil le féirín eicínt, nó bronntanas, uaidh. Thuigeamar ag an am, go raibh neart spáis i mála an fhir mhóir chéanna sin, agus nach mothódh sé uaidh, an méidín beag suarach a líonfadh an stoca sin a d’fhág muid crochta ag cois na leapa thíos! Agus bíodh nach mbriseadh an fear mór groí sin a chroí leis an méid a bhronnadh sé ormsa, ach go háirithe, ag an am gcéanna, tuigeadh domsa, nach raibh éinne riamh a bhí leath chomh fial flaithiúil leis. Murab ionann is gasúir an lae inniu, bhíodh muidinne cleachtach ar an mbeagán, agus dá bhrí sin, shásódh an beagán sinn. Dá bhfaighinnse fhéin glac milseán, cupla úll, oráiste, agus gluaisteáinín, nó guinnín fhéin, ó Dhaidí na Nollag, cheapfainn go raibh bó bronnta aige orm. Ní bheinnse ag súil le mórán, agus dá bhrí sin, shásódh an beagán mé. 

Other things to do!

Sea, agus nach raibh rudaí eile ar ár n-aire againn freisin. Nach raibh orainn bheith sa séipéal, maidin Lae Nollag, le hAifreann na Nollag a éisteacht?  Sea, agus nach raibh tamall le caitheamh againn, roimh an dinnéar, ar thóir an dreoilín, nó bhíodh pleananna déanta againn na bailte timpeall a shiúl, lenár bhfortún a dhéanamh, agus muid amuigh leis an nDreoilín, Lá ‘le Stiofáin. Sea mh’anam! bhíodh rudaí le déanamh againn agus áiteacha le taisteal againn Lá Nollag, agus muid ag ullmhú do Lá úd an Dreoilín. 

That Christmas Carol!

Ag an bpointe seo áfach, ba mhaith liom nós eile dem’ chuid a leanúint, agus sin nós atá agam le blianta fada anois, sé sin, dáinín beag Nollag a chumadh don ócáid, mar bhronntanas beag uaimse don Naí sa Mháinséar, agus dá Mham, ach sul má leagain an dáinín sin os bhur gcomhair, ba mhaith liom Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise a ghuí ar chuile dhuine a léifidh an aiste seo, sea, agus guím Beannachtaí na Féile Beannaithe seo ar chuile dhuine dár muintir, is dár gcine, thall nó abhus dóibh, agus gura seacht fearr a bheas chuile dhuine acu, bliain ó anocht…………..

Cuimhní na Nollag

Cuimhní na Nollag  ’na rás chugainn,

Is coinneall mhór dhearg ina chaor,

Gaineamh geal leata ar urláir

In onóir do Mhac Dé an Naí.

.

Cácaí na Nollag á mbácáil

Is a mboladh mar thúis gan locht.

Agus gé ramhar pioctha is bearrtha,

Feistithe san oigheann ina nocht.

.

Páistí ar rotha le gliondar

is a súile ag drithliú mar réalt’ 

Ag smaoineamh ar “Santy” is a fhianna

 Chucu thar Bhealach na Néall

.

Tá ár gcistin ghlan maisithe go glégeal,

Eidhean is cuileann go fras,

Is croíthe ‘na lasair mar choinnle

Ag fáiltiú roimh Íosa is a Mham.  

.

Maidin amárach, más beo sinn,

Éireoimid le solas an Réalt’,

Is raghaimid go hAifreann na Gine

Ag comóradh breithlá ár nDé.

            

.

Cúig cheist a fhreagairt!

An Fhírinne faoin tSualainn!

Siar i lár mhí Iúil 2020, tharraing alt ar an suíomh www.fee.org (Fondúireacht Oideachas Eacnamaíochta) m’aird. Suíomh liobraíoch é sin, agus níl ann ach bolscaireacht na heite deise faoi scáth an oideachais. Ach mar fhondúireacht oideachais tá siad in ann lamháltas cánach a fháil ó Rialtas sna Stáit Aontaithe. Ní gá dom a rá nach n-aontaím le dearcadh na heagraíochta seo, mar níl ar an suíomh sin ach bréaga ar fad! Mar shampla, tá gach saghas raiméis ann faoin athrú aeráide.  Faigheann an eagraíocht sin maoiniú ón eite dheis – fondúireachtaí Charles Koch mar shampla.  Míchaoithiúlacht mhór dóibh is é an daonlathas, agus ba mhaith leo é a tharraingt anuas agus rialtas forlámhach a chur ina áit.

Ar aon nós, baineadh geit asam leis an alt sin, a chríochnaigh mar seo: “Ar an dea-uair, níl sé ródhéanach dúinn a fhoghlaim ó na botúin a rinneamar. Ar dtús, áfach, caithfimid glacadh leo.”

Cad faoi a bhfuil mé ag caint, an ea?

Bhuel, bhí an t-údar Jon Miltimore ag maíomh go raibh an ceart ag an tSualainn agus a eipidéimeolaí Anders Tegnell leis a bpolasaí liobrálaí a chuir siad i bhfeidhm i mí an Mhárta chun dul i ngleic leis an víreas agus ba chóir dóibh an rud céanna a dhéanamh sna Stáit Aontaithe agus i ngach tír. Dar le Anders Tegnell, ní raibh ach dhá rud le déanamh. Ní mór daoine leochaileacha a chosaint, agus ní foláir do dhaoine a bhfuil siomptóim fliú orthu fanacht sa bhaile. “Má leanann tú an dá riail seo, ní gá bearta breise a dhéanamh,” ar seisean. Chreid sé go mbeadh imdhíonacht tréada ag daonra na tíre roimh i bhfad, agus mar sin bheadh an tír buailte leis an dara maidhm de COVID-19.  Chreid sé freisin go leanfadh an saol sóisialta agus cúrsaí eacnamaíochta sa tír ag an ngnáthleibhéal.  

Is fiú a lua gur ar a chomhairle féin amháin a bhí Tegnell. Bhí beagnach gach tír eile ag éisteacht le cad a bhí le rá ag formhór na saineolaithe eipidéimeolaíochta. Mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) go láidir ordaithe dianghlasála a úsáid mar uirlis chun smacht a fháil ar scaipeadh an víris; scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm agus maisc a chaitheamh nuair nach féidir fanacht amach ó dhaoine eile; do lámha a ní go minic; agus áiteanna plódaithe a sheachaint ar fad, go háirithe taobh istigh.  

Cé acu a bhfuil an ceart?  Ceapaim go bhfuil an freagra an-soiléir anois!  Bhí an cheannlíne seo ar an ‘Wall Street Journal’ le déanaí: “Go láidir in aghaidh srianta láidre le fada, an turgnamh COVID-19 críochnaithe ag an tSualainn anois.”

Bhuail an dara maidhm san fhómhar agus bhí sé go huafásach! I mí Deireadh Fómhair bhí ar Tegnell a admháil nach raibh aon chomhartha den imdhíonacht tréada ann a raibh sé ag súil leis. Ansin, ar an 22 Deireadh Fómhair, labhair Príomh-Aire na Sualainne, Stefan Löfven go mothúchánach ar an teilifís, agus d’impigh sé ar mhuintir na tíre cruinnithe neamhriachtanacha a chur ar ceal. D’fhógair sé go mbeadh cosc ar níos mó ná ochtar a chruinniú le chéile, agus go mbeadh meánscoileanna ag dúnadh.  

Fuair a lán daoine bás ón víreas sa tSualainn go dtí seo níos mó ná 7,000 duine, i gcomparáid le níos lú ná 2,000 duine go hiomlán idir an Danmhairg, an Fhionlainn agus an Iorua. Níorbh aon timpiste é sin, mar níl dabht ar bith ach go raibh na polasaithe a bhí molta ag Tegnell go huafásach agus is é sin an fáth go bhfuair a lán daoine bás gan ghá.

Mar gheall ar gheilleagar na Sualainne, ní raibh aon tairbhe le baint as straitéis Tegnell, ach an oiread. an Danmhairg, an Fhionlainn agus an Iorua ag déanamh chomh maith nó níos fearr ná an tSualainn ó thaobh an gheilleagair de.  Ní haon ionadh, mar sin, go bhfuil muintir na Sualainne ag cailleadh muinín in údaráis agus rialtas na tíre, agus ag iarraidh orthu cén fáth nár ghlac siad leis an gcur chuige a bhí ag an chuid eile den domhan sa chéad áit.

Sin í an cheist ar theastaigh ón Wall Street Journal a chur ar Tegnell freisin, ach iontas na n-iontas, dhiúltaigh sé glan caint leo.

Agus céard faoi Jon Miltimore, an t-údar mícháiliúil ar www.fee.com ?  Tá sé ciúin le déanaí, rud nach gnách leis ar chor ar bith!

.

.

  

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Cúig cheist a fhreagairt!

I Ndilchuimhne ar Pheadar Bairéad!

 

I ndilchuimhne ar Pheadar Bairéad

Cloisimid do ghuth séimh treorach sa lá

Feicimid inár mbrionglóidí thú san oíche

Braithimid uainn go mór thú a ghrá

Ceangal grá go raibh eadrainn choíche

 

In loving memory of Peadar Bairéad

We hear your guiding voice by day  

And see you in our dreams at night

We miss you more than words can say

May our love burn forever bright

.

Bhí briseadh croí mór orm an lá a d’imigh m’athair Peadar Bairéad ar shlí na fírinne.   gur tharla sé bliain ó shin, braitheann sé amhail is gur inné a tharla sé.  Sa deireadh thiar thall, tá mé ag teacht chugam féin ón suaitheadh a bhain a bhás asam.  Bhí orm dul i dtaithí ar chúrsaí de réir a chéile, agus seachas an réaltacht a shéanadh, é a ghlacadh.  Tá mé in ann saol m’athair a cheiliúradh anois, agus taitneamh a bhaint as an oidhreacht shaibhir filíochta agus próis a d’fhág sé ina dhiaidh. D’fhág Peadar oidhreacht cultúrtha eile dúinn freisin, mar tá na céadta scoláirí ar mhúin sé Gaeilge dóibh, a bhfuil tuiscint mhaith acu ar an nGaeilge agus ar chomh tábhachtach is atá sí mar dhlúthchuid ár bhféiniúlacht náisiúnta.  Dúirt na hiarscoláirí go léir ar chas mé leo gur chuir Peadar beocht sa teanga dóibh agus gur spreag sé dúil sa teanga iontu.

Bhí Peadar iontach díograiseach faoina gcuid oibre, agus cé gur éirigh sé as a phost mar leas-phríomhoide i gColáiste Chiaráin sa bhliain 1988, níor stad sé an obair riamh. Bhí sé an-sásta nuair a cheapadh é mar riarthóir ar an gcoláistean chéad riarthóir neamheaglaiseach riamh sa ról sin!

I ndáiríre, ní gá domsa a thuilleadh a scríobh faoi m’athair – nach ndearna Peadar jab iontach ag déanamh cur síos ar a shaol féin ina dhírbheathaisnéis darb ainm ‘Doirse Dé’! Molaim duit é a cheannach agus a léamh, agus geallaimse duit nach mbeidh díomá ort! Tá sé ar fáil ar líne ag: http://www.siopaleabhar.com ar chostas €7.50. (Seol r-phost chugam mura bhfuil tú in acmhainn é a cheannach, agus cabhróidh mé leat más féidir liom.) A fhad is atá tú ag fanacht le do chóip, seo sliocht beag as an leabhar, ag déanamh cur síos ar a shaol i ndiaidh dó éirí as an múinteoireacht.

Ar thaitin liom a bheith ar scor? Thaitin thar cionn, nó ní raibh orm feasta a bheith ag faire ar an gclog, agus d’fhéadfainn m’aird a dhíriú ar pé ábhar a thaitneodh liom. Ní raibh mé faoi bhois ag máistir ar bith feasta, agus nár mhór an gar go deo é sin do dhaonnaí ar bith?

Ach focal i gcluas an té atá ag smaoineamh ar dhul ar scor. Caithfidh tú glacadh leis mar bhunphrionsabal go n-éireoidh tú dofheicthe de réir a chéile, agus tar éis duit a bheith ar scor roinnt blianta ní bheidh suim nó spéis ag éinne taobh amuigh ded’ chlann fhéin ionat, nó nach cuimhin leat an sean-nath a deir:

Fiche bliain ag fás,

Fiche bliain faoi bhláth,

Fiche bliain ag meath,

Agus fiche bliain gur cuma é ann nó as!

Agus nuair a rachfá ar scor, bheifeá sa cheathrú ré sin feasta!

Bhí an t-ádh ormsa, nó bhí an deis agam alt seachtainiúil a scríobh don nuachtán áitiúil, an Kilkenny People, agus sa tslí sin bhí ar mo chumas fanacht i gcuimhne an phobail, agus mo thuairimí a nochtadh don phobal le Gaeilge seachtain i ndiaidh seachtaine, pobal ar chaith mé fhéin mo shaol ag freastal orthu ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.

.

Chuir Peadar trí chnuasach filíochta i gcnó, Duilleoga Fómhair (1988), Cleití na hAislinge (1993) agus Fataí Rómhair (2000), agus d’fhoilsíodh a dhírbheathaisnéis anuraidh nuair a bhí breis agus 94 bliain d’aois!  Thug sé óráid iontach ag a sheoladh leabhair, agus d’aithris sé cúpla ceann dá dhánta, freisin! Cé a cheapfadh go mbeadh sé ar shlí na fírinne laistigh de sé seachtaine níos deireanaí!

Nuair a d’imigh Peadar uainn anuraidh, is cúis sóláis dom a fhios a bheith agam gur bhain sé oiread sásaimh agus ab fhéidir as a shaol agus ar deireadh go raibh sé in ann imeacht as an saol seo go síochánta in éindí leo siúd ab ansa leis. Go ndéana Dia grásta air!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge