An gá Leibhéal 5 i ndáiríre?

An gá Leibhéal 5 i ndáiríre?

Le déanaí, bhí ar an rialtas srianta dianghlasála leibhéal 5 a chur i bhfeidhm, in aghaidh an ardaithe shuntasaigh atá tagtha ar líon na gcásanna den COVID-19 sa tír. An gá é seo i ndáiríre?  

Tá i bhfad níos mó ar eolas againn anois faoin víreas ná mar a bhí fiú cúpla mí ó shin. Tá tuiscint níos fearr ag na heipidéimeolaithe faoi scaipeadh an víris anois freisin. Ar an drochuair ní dhéanann an taighde sin eolas do na polasaithe rialtais in a lán tíortha.  Ach cúpla tír ag úsáid thuiscint na heipidéimeolaithe ina bpolasaithe an Chóiré Theas, Vítneam agus an tSeapáin san áireamh. Ach cé chomh héifeachtach agus atá polasaithe na Seapáine mar shampla, chun líon na ndaoine ag fáil bás ó COVID-19 a laghdú? Bhuel, agus é seo á scríobh, fuair 1,650 duine bás ón ngalar sa tSeapáin go dtí seo, i gcomparáid le 1,849 in Éirinn. Ach tá daonra 126 milliún duine sa tSeapáin, i gcomparáid le daonra 5 milliún duine in Éirinn. Mar sin tá ráta mortlaíochta ón ngalar fiche cúig huaire níos airde in Éirinn ná sa tSeapáin. Nach dochreidte é sin, go háirithe nuair a fhaigheann tú amach nach mbíonn srianta chomh géar orthu agus a mbíonn orainn?  Cad atá ar siúl? Gan dabht, leanann saoránaigh na tíortha thuasluaite sin treorú a rialtais agus tá níos mó cleachtadh acu ag déileáil le géarchéim víris (SARS, MERS). Ach tugann a rialtais cur chuige eolach i leith na géarchéime COVID-19 freisin, ag cur na béime ar an mbealach a scaipeann an víreas ó dhuine go duine.

.

In iarthar an domhain, cuirimid béim ar an ráta tarchurtha an víris (R). In Éirinn, mar shampla, úsáidtear an uimhir sin mar chritéir mheastóireachta nuair atá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) ag iarraidh cinneadh a dhéanamh mar gheall ar cén leibhéal srianta a mholadh don rialtas. Ar an meán, scaipeann duine ionfhabhtaithe an víreas do R daoine eile, agus má tá R níos lú ná a haon, bíonn laghdú ar líon na ndaoine ag tolgadh an galar COVID-19.  Rinneadh taighde ar an ábhar sin, agus fuarthas amach nach bhfuil R roinnte go cothrom. Ní scaipeann timpeall 70 faoin gcéad den daonra ionfhadhbtaithe an víreas ar chor ar bith. Ach scaipeann timpeall 10 faoin gcéad den daonra ionfhadhbtaithe suas le 80% cásanna nua, agus tugtar ollscaiptheoirí (superspreaders’ as Béarla) ar na daoine sin.  Mar a tharlaíonn, sin eolas an-tábhachtach ar fad.  

Rinneadh a lán taighde eile ar na coinníollacha atá fabhrach do scaipeadh an víris, agus fuarthas amach cúpla rud suntasach. Tá sé i bhfad níos éasca an víreas a scaipeadh taobh istigh ná mar atá sé taobh amuigh b’fhéidir fiche uaire níos éasca!   Laistigh, tá sé níos éasca an víreas a scaipeadh in áiteanna cúnga nach bhfuil aeráil mhaith ann, agus ina bhfuil go leor daoine gar le chéile le tamall fada, agus go háirithe nuair atá siad ag caint nó ag canadh. Smaoinigh ar thoit thánaisteach tobac, agus bíonn an víreas san aer i slí cosúil leis sin.

Moltaí:

Tá cuardach teagmhálaithe an-tábhachtach i straitéis na tíortha thuasluaite, ach cuardach teagmhála ar gcúl atá i gceist nach bhfuil mar an gcéanna leis an gcuardach a dhéantar in Éirinn anois. Is é aidhm an chuardaigh sin ná an ollscaiptheoir a aithint. Déantar cuardach teagmhálaithe ar dtús ar an duine a bhfuil an galar aige ach déantar iarracht a fháil amach n teagmháil a thug an galar dó. Seans maith gur ollscaiptheoir an duine sin, agus más ea (tá slite ann chun é sin a dhearbhú), déanann tú cuardach teagmhálaithe ar an ollscaiptheoir agus ansin cuireann tú srianta ar an ollscaiptheoir agus a theagmhálaithe. Tá an straitéis seo i bhfad níos fearr, mar tá tú in ann braislí a bhriseadh suas níos éifeachtaí.

Chomh maith leis sin, caithfidh tú cosc a chur ar aon bhailithe neamhriachtanaigh a bheadh laistigh in áiteanna cúnga le go leor daoine, gan aeráil mhaith a bheith ann. Cuirtear rialacha i bhfeidhm lasmuigh den teach mar gheall ar chaitheamh mascanna agus ar scoitheadh sóisialta go hiondúil freisin.

Agus sin an méid! Tá an tSeapáin, an Chóiré Theas agus tíortha eile ag éirí thar cionn leis an gcur chuige sin, agus níl sé dheacair ar an bpobal cloí le spriocanna mar sin ach an oiread. Is fiú do NPHET agus an rialtas an cur chuige seo a staidéar ar a laghad – tá sé amuigh ag an bpobal orthu!

.

.

.

.

.

An gá Leibhéal 5 i ndáiríre?

Fealsúnacht urchóideach agus forchiníoch i Meiriceá!

Bhí sé deacair dom a chreidiúint an bhrúfhógra a phreab aníos ar m’fhón le déanaí. Ar dtús, cheap mé gur bhréagnuacht a bhí ann. Ach ba ghearr gur léir dom nach raibh aon dabht ach go raibh sé fíor. Gabhadh tuairim is dáréag fear a raibh plean fuadaithe agus dúnmharaithe Gobharnóir Michigan acu.  Chomhoibrigh an Oifig Fheidearálach an Imscrúdaithe leis na póilíní stáit ar feadh na míonna roimh na gabhálacha.  seachtar nasctha le mílíste forchiníoch geal darb ainm ‘Wolverine Watchmen’.  Creideann a chuid ball go bhfuil sé in am ionsaithe fhoréignigh a dhéanamh ar pholaiteoirí liobrálacha agus ar fhórsaí póilíneachta.

Ar an drochuair, ní haon timpiste é go bhfuil aintoiscigh mar sin faoi bhláth. Dar leis Roinn Slándáil Dúiche (DHS), is í an bhagairt is mó sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2020 ná sceimhlitheoireacht intíre, agus go háirithe ó ghrúpaí ciníocha agus ag forchiníochaithe geala. Níl fiú amháin na bagairtí ó sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta chomh dainséarach!

I mí Aibreán, chuir Gobharnóir Whitmer dianghlasáil i bhfeidhm i Michigan, chun dul i ngleic le COVID-19. Ansin, chuaigh agóideoirí feargacha isteach i bhfoirgneamh an rialtais, agus bhí cuid acu armáilte. An lá ina dhiaidh sin, sheol Trump an giolc seo:Caithfidh Gobharnóir Michigan beagán a ghéilleadh, agus an tine a mhúchadh. Daoine maithe is ea iad (na hagóideoirí), ach tá fearg orthu. Ba mhaith leo a saol ar ais arís, slán sábháilte. Bí leo, bí ag caint leo, déan margadh leo!” Níos luaithe sa mhí sheol sé “SAORAIGÍ MICHIGAN!  Agus cad faoin tubaiste sin, an díospóireacht pholaitiúil idir Trump agus Biden, agus iad ina seasamh don uachtaránacht? Agus í ag caint faoin iarracht í a fhuadach, dúirt Whitmer nár cháin Trump forchiníochaithe geala, fiú nuair a d’iarr an cathaoirleach air iad a cháineadh. Ina ionad sin, chuir sé ar fuireachas iad, nuair a dúirt sé: “Stand down, and stand by!” Gairm chun gnímh atá sna focail sin, gan dabht.

Ag caint ar an ábhar seo, dúirt leasuachtarán Joe Biden: “Tá focail an Uachtaráin thar a bheith tábhachtach!  Tá tionchar mór acu ar threo na margaí agus ar chúrsaí domhanda. D’fhéadfadh focail an Uachtaráin cogadh a thosú, nó síocháin a chur i réim. Ach tá a fhocail in ann drochdhaoine a spreagadh, daoine atá lán d’fhuath agus d’fhoréigean! Agus ceapaim go gcaithfidh an tUachtarán stop a chur le focail ghríosaitheacha mar seo. Ní foláir don Uachtarán tuiscint a bheith aige ar chumhacht a fhocal.

Cad sa diabhal atá á dhéanamh ag Uachtarán na Stáit Aontaithe?  Ar an drochuair, ní hé seo an chéad uair ar fhiafraíodh an cheist chéanna.  I gcás an Uachtaráin agus a pháirtí, chuirfeadh na gníomhartha loitiméireachta atá á cleachtadh acu déistin orainn go léir a bhfuil prionsabail daonlathais againn. Tá an córas daonlathach i Meiriceá faoi ionsaí ón taobh istigh, agus is rud an-dainséarach é sin dúinn go léir, is cuma cén tír a bhfuil cónaí ort inti.

Ach chun an cheist thuasluaite a fhreagairt – bhí an tUachtarán ag iarraidh geilleagar na tíre a oscailt, cé go mbeadh iarmhairtí tubaisteacha ann agus go gcaillfí a lán duine gan ghá. Cé gur ghlac a lán Gobharnóirí Poblachtaigh lena chomhairle, níor ghlac Gobharnóirí Daonlathaithe leis. Dá bhrí an difríocht sin, tharraing sé coimhlint idir an tUachtarán agus na Gobharnóirí Daonlathaithe. Bhí easaontas domhain idir Trump agus Whitmer, mar labhair Whitmer amach gan scáth gan náire, agus ní raibh eagla uirthi an tUachtarán a cháineadh mar gheall ar a chur chuige maidir le COVID-19.  Creideann Whitmer go bhfuil sláinte agus sábháilteacht muintir Michigan níos tábhachtaí ná fiú amháin an geilleagar. Mar sin, chuir sí dianghlasáil i bhfeidhm nuair a bhí Trump ag cur brú uirthi an geilleagar a oscailt. Lean sí ar aghaidh in ainneoin agóid an Uachtaráin.

Bhí na grúpaí antoisceach cosúil leis na ‘Proud Boys” agus na “Wolverine Watchmen’’ i gcoinne srianta an Ghobharnóra, agus ní raibh sé deacair don Uachtarán iad a ghríosú chun foréigin. I mo thuairim, braitheann Trump ar na grúpaí antoiscigh sin mar a fhórsaí pearsanta a bhfuil sé in ann úsáid a bhaint astu chun a chéilí comhraic scanrú a chur i bhfeidhm.

Gníomhartha neamhdhaonlathach atá á gcleachtadh ag an Uachtarán agus a pháirtí, agus mar sin níl an dara rogha ag aon saoránach Mheiriceá ach vóta a chaitheamh sa toghchán uachtaránachta ar an tríú lá de mhí na Samhna ar son Bunreacht na Stáit Aontaithe, ar son daonlathas i Meiriceá agus ar fud an domhain, agus mar sin ar son Joe Biden!

.

.

.

.

.

An gá Leibhéal 5 i ndáiríre?

Meabhalscáil sa Ghaineamhlach!

Bhí mé bodhraithe le síorthorann an tráchta, agus is ar éigean a d’fhéadfaí an Garda a chloistil agus muid ag iarraidh labhairt le chéile ar an bhfón.  “Tá tú gar don mharcóir míle 62”, arsa an Garda arís. “Go raibh maith agat,arsa mise.

Trí huaire a chloig níos luaithe, theip ar inneall ár veain gan rabhadh ar bith in iargúil Ghaineamhlaigh Mojave in Arizona.  Chuir mé glaoch ar an uimhir ar mo chárta ballraíochta AAA (Cumann Gluaisteán Meiriceá). Ar dtús, fuarthas mo gheoshuíomh go huathoibríoch, agus ansin d’fhreagair an gníomhaire go béasach. Dhearbhaigh sí rabhamar agus sonraí ábhartha eile, agus dúirt sí go raibh gach rud i gceart, agus go mbeadh trucail tarraingthe ag teacht laistigh d’uair go leith. D’inis mé an scéal do mo bhean chéile, agus bhíomar sásta go leor leis. Fuaireamar áit faoi scáth ar thaobh an tsaorbhealaigh, agus d’fhanamar ansin ag ól uisce agus ag caint.

Tar éis breis is uair, fuair mé glao gutháin, agus cheap mé go raibh tiománaí na trucaile ag iarraidh teagmháil a dhéanamh liom. D’ainneoin mo ghlicis, bhí mé saonta go leor!

Gníomhaire eile ón gCumann a bhí ann, ón mbrainse in Arizona. Nuair a thosaigh sí ag fiafraí díom faoin áit ina rabhamar, faoin veain agus a leithéid, bhí mé trína chéile. D’fhreagair mé na ceisteanna sin cheana féin, agus fuarthas mo gheoshuíomh go huathoibríoch”, a dúirt mé. “Ar an drochuair, seo oifig eile, in Arizona, agus caithfimid tosú arís, a d’fhreagair an gníomhaire go trodach. “Ach cheap muid go mbeadh an trucail ag teacht anois – táimid ar thaobh an bhóthair dhainséaraigh seo ar feadh tamaill fhada cheana féin.” Ní raibh mé róchairdiúil anois. “Táim ag iarraidh cúnamh a thabhairt duit,” ar sise, agus lean sí ar aghaidh leis a ceisteanna. “Uair nó mar sin,” a dúirt sí ag an deireadh. Ní raibh an dara rogha againn ach fanacht gan chorraí.

Tar éis leathuair eile, chuir an gníomhaí céanna glao eile orm. “Níl a fhios againn cá bhfuil tú,” ar sise. “Ní foláir go mbeadh a fhios againn cén marcóir míle is gaire duit, an bhfuil tú in ann é a fháil?” a d’fhiafraigh sí. “Níl a fhios agam”, arsa mise. Chuaigh mé á lorg, ach ní fhaca mé aon mharcóir. “Níl aon mharcóir le feiceáil”, arsa mise.

“Caithfidh tú glaoch éigeandála a dhéanamh ar 911, agus an t-eolas a fháil uathu,” ar sise. Cuirfidh mé glao ort i gceann cúig nóiméad, agus chroch sí suas an fón. Tar éis an eolais a fháil ó na gardaí, níor tháinig aon ghlao eile, agus tar éis fiche nóiméad chuir mé glao gutháin ar an gCumann.

Gníomhaire eile a bhí ann. “Maith go leor,” ar sise. “Agus cén sórt veain í arís – veain champála, nach ea? a d’fhiafraigh sí díom. “Veain champála, sea, mar a dúirt mé cúpla uair cheana, a d’fhreagair mé go grod.

“Drochscéal mar sin,” a dúirt sí, níl an veain sin clúdaithe i do chlúdach árachais”. Ba bheag nár phléasc mé leis an racht feirge a tháinig orm. “Agus cén fáth gur thóg sé trí huaire go leith é sin a insint dom?” d’iarr mé uirthi go feargach. “Níl a fhios agam céard a tharla duit cheana, ach níl mé in ann aon chúnamh a thabhairt duit,” ar sise.

Ní féidir liom glacadh leis seo,” arsa mise. “Cuir do mhaoirseoir ar an líne, le do thoil.”

Tar éis cúpla nóiméad, tháinig an maoirseoir ar an líne. Bhí an-aiféala uirthi faoi cad a tharla dúinn, ach ag an am céanna, mhínigh domcé go bhfuil veain champála clúdaithe i gCalifornia, níl sé clúdaithe in Arizona”.

“Cén fáth ar thug sé trí huaire go leith é sin a insint dúinn, nuair a gheall an chéad ghníomhaire go mbeadh trucail tarraingthe ag teacht gan mhoil!. Táim chun trucail tarraingthe a fháil anois, agus tá súil agam go n-aisíocfaidh sibh as.”

“Bhí mé ar tí an rud céanna a thairiscint duit!” ar sise. “Beidh tú in ann an admháil a sheoladh chugam”.

Tháinig an trucail tarraingthe go tapa agus bhíomar in Kingman, Arizona gan mhoill, ach ceithre huaire an chloig tar éis ár mbriseadh síos – gan aon bhuíochas don AAA!

Agus an ceacht atá ag baint as an scéal seo: Bí cúramach faoin suaimhneas intinne a fhaigheann tú ó do pholasaithe árachais – seans maith gur meabhalscáil sa Ghaineamhlach atá i gceist!

.

An gá Leibhéal 5 i ndáiríre?

Tromluí Meiriceánach!

Leanfaidh mé ar aghaidh leis an dara scéal mar gheall ar mhuintir Petrocelli as Staten Island i Nua-Eabhrac. Sa chéad scéal tubaisteach, chualamar faoi chúlra na clainne, agus ansin go háirithe faoi cad a tharla do Mark Petrocelli ar an lá sin na cinniúna, 11 Meán Fómhair, 2001.

Cailliúint ollmhór ba ea bás Mark don chlann, ach lean siad ar aghaidh chomh maith agus a thiocfadh leo. Chuidigh a gcreideamh go mór leo déileáil leis an tragóid uafásach, ach ní raibh lá éasca acu riamh. Bhí sé an-tábhachtach dóibh iad féin a choimeád gnóthach, agus d’oibrigh Ginger agus Al (tuismitheoirí Mark) mar Mhinistrí Eocairiste ag an eaglais áitiúil – eaglais na Maighdine Muire, Réalt na Mara. Bhí Al ar bord iontaobhaithe na heaglaise agus bhí sé ina léitheoir san eaglais freisin. Bhí Ginger ar fhoireann babhlála na heaglaise.

Sa bhaile, b’aoibhinn le hAl aire a thabhairt dona gharraí glasraí, agus bhíodh sé an-ghnóthach leis an obair sin, go háirithe san earrach. Go minic, rinne Ginger agus Al sealaíocht ar a chéile ag tiomáint a ngariníonacha Emily agus Lily, go dtí a scoil agus imeachtaí éagsúla.

Lá amháin sa bhliain 2015, gan coinne ar bith, fuair siad scairt gutháin ó Michael Coppotelli, alumnas na meánscoile céanna ar fhreastal Mark uirthi. Stiúrthóir cúnta scoileanna Ard-deoise Nua-Eabhrac ba ea Michael anois, agus thug sé cuireadh don chlann freastal ar dheasghnátha ilchreidmheach a bheadh ar siúl ag an Ionad Cuimhneacháin san Ionad Trádála Domhanda.  Bhí an Pápa ar cheann de na ceannairí reiligiúnacha a bheadh i bhfeighil ag an gcomóradh. Ghlac an chlann go fonnmhar leis an gcuireadh.

Gan mhoill ina dhiaidh sin, oíche amháin, bhí brionglóid ag Albert. Sa bhrionglóid, dúradh leis a phaidrín agus cártaí urnaí ar son a mhac Mark a thabhairt leis go dtí an comóradh, agus go mbeannódh an Pápa iad.

“Ní raibh a fhios agam an dtarlódh a leithéid, nó cén chaoi a dtarlódh sé,” arsa Al. “Bhí mé ag únfairt an oíche ar fad, ag smaoineamh dá mbeinn in ann na rudaí a thabhairt do Chairdinéal Ó Dóláin, b’fhéidir go mbeadh sé in ann iad a thabhairt don Phápa.

Ag an searmanas, bhí an t-ádh dearg ar Ginger agus Al, mar bhí siad suite gar don tosach. Nuair a bhí an Pápa ag fágáil, d’fhéach sé ar Al, agus thapaigh Al an deis sin.

“Athair Ró-Naofa,” a dúirt Al, “ar mhiste leat na paidríní agus cártaí urnaí seo a bheannú ar son ár mac Mark?” Agus bheannaigh an Pápa iad, rinne sé comhartha na Croise, agus leag sé a lámh orthu.

“Tarlaíonn míorúiltí,” arsa Al. “Uaireanta, is gá dúinn a bheith oscailte do na féidearthachtaí!”

.

.

Ar Lá Fhéile Pádraig seo caite (2020), thug Al cuairt ar a dhochtúir mar d’airigh sé tinn. Ar 24 Márta, diagnóisíodh go raibh an galar COVID-19 air. Thug Ginger aire dó ar feadh cúpla lá, agus bhí sé an-lag, agus ina chodladh formhór an ama. Ach nuair a d’éirigh sé deacair dó a anáil a tharraingt, tugadh go dtí an t-ospidéal é. Fuair sé bás ar an chéad lá d’Aibreán, nuair nach raibh ach 73 bliana slánaithe aige.

Ag labhairt faoi thionchar na dtragóidí, dúirt Al Óg:   

“I gcás Mark, bhí sochraid againn san eaglais gan a chorp. Agus i gcás m’athair, bhí a chorp againn ach ní raibh sochraid ceadaithe de dheasca an víris.  Saghas Amharclann na hÉigéille atá i gceist, I ndáiríre.”

D’admhaigh Al Óg gur fágadh ina staic é nuair a chuala sé drochscéala a athair!

Ar 11 Meán Fómhair, 2001, bhí a fhios ag Al Óg agus a athair go maith go raibh an t-aer lán le truailleán nimhiúil, ach ní raibh aon rud ar domhan a d’fhéadfadh stop a chur leis a gcuardach tábhachtach.

Cé nach bhfuil fianaise dhoshéanta ar fáil fós, tá sé soiléir go léir go bhfuil na freagróirí éigeandála 11 Meán Fómhair i níos mó contúirte an galar COVID-19 a tholg ná an gnáthphobal.

Mar sin, is é an rud is aistí faoi scéalta mhuintir Petrocelli, ná seans maith go raibh an t-ionsaí sceimhlitheoireachta freagrach as ní hamháin bás Mark, ach bás a athair freisin.  Fiú fiche bliain ina dhiaidh ionsaithe uafásaigh 11 Meán Fómhair, tá an Tromluí Meiriceánach sin ag marú daoine fós – dochreidte!   

.

.

An gá Leibhéal 5 i ndáiríre?

Aisling Mheiriceánach!

Tugtar ‘eachtra eala duibhe’ nó ‘Black Swan event’ as Béarla ar eachtra neamhghnách a bhfuil tionchar mór ag baint leis, ach go bhfuil ach seans an-bheag a tharlóidh sé. Tá sé deacair go leor a shamhlú eachtra amháin mar sin ag tarlú, ach céard faoi dhá eachtra mar sin agus iad araon ag dul i bhfeidhm go mór ar theaghlach amháin. Lig dom scéal dochreidte a insint duit anois.

Aisling Mheiriceánach

Bhí aithne mhaith ar Albert Petrocelli le fada ina cheantar in Staten Island, i Nua-Eabhrac sna Stáit Aontaithe.  Dá mba thiománaí é Albert, ní bheadh an clú céanna ag baint leis. Ach b’fhearr le hAlbert siúl gach seans ar féidir leis. Bheadh sé feicthe agat beagnach gach maidin agus é ag dul ar Aifreann. Bheadh a fhios agat gur fear diaganta a bhí ann, mar bhíodh an choróin Mhuire ar a mhéara aige agus é ag siúl. Bhí na clocha paidrín déanta as marmar Chonamara. Cheapfá gur rud ait é sin, go dtí go bhfuair tú amach go raibh sé pósta le Gael-Mheiriceánach.

Chas Albert le Ginger Walsh ag siopa uachtair reoite nuair a bhí an bheirt acu fós ag freastal ar an meánscoil. Go luath ina dhiaidh sin thosaigh siad ag siúl amach le chéile agus laistigh de bhliain bhí siad geallta. Ansin, coinscríobhadh Albert san arm, agus sula i bhfad roghnaíodh é le dualgas gníomhach i Vítneam. Phósadh iad faoi dheifir ansin sular imlonnaíodh é, ar an 18 Márta, 1967, idir Lá Fhéile Pádraig agus Lá Fhéile Iósaf – féile thábhachtach san Iodáil.
Tháinig Albert slán abhaile ó Vítneam tar éis bliana ann, agus sula i bhfad bhí beirt mhac acu, Albert agus Mark. Thairg an Rannóg Dóiteáin Chathair Nua-Eabhrac post dó mar chomhraiceoir tine, agus ghlac sé é. Rinne sé staidéar agus bhain sé amach cáilíocht ghairmiúil, íoctha as ag an Arm faoin ‘GI Bill’.  D’éirigh sé a bhealach aníos trí na céimeanna go dtí go raibh sé ina cheannaire cathláin. Tógadh na mic i dteaghlach grámhar. Lean Albert Óg a athair agus d’oibrigh sé don Rannóg Dóiteáin Nua-Eabhrac.  Tar éis tamall, ceapadh ina cheannaire cathláin é. Lean Mark slí eile agus fuair sé post mar chléireach ag obair do bhróicéirí tráchtearraí, ag seachadadh orduithe dóibh san ionad trádála. Tar éis dóibh pósadh, cheannaigh na mic tithe sa cheantar, gar don áit inár rugadh agus tógadh iad. Bhí iníon ag Albert agus a bhean, agus ceapadh Mark mar bhróicéir tráchtearraí ar an 9 Meán Fómhar, 2001.

Mhaithfí duit dá smaoineofá gur fíoraíodh an aisling Mheiriceánach dóibh, agus bheadh an ceart agat go pointe áirithe. Ar an drochuair, ní mar an gcéanna fíorú na haislinge agus í a choinneáil beo –  go háirithe nuair a tharlaíonn eachtra eala duibhe duit!

.

Tromluí Meiriceánach

Sular fhág Mark a theach ar maidin an 9 Meán Fómhar, dúirt sé lena bhean chéile go mbeadh a chéad chruinne bróicéirí ar siúl ‘thuas staighre’. Ní raibh a fhios ag Nicole gur chiallaigh sé sin an dara hurlár is nócha sa Túr Thuaidh san Ionad Trádála Domhanda Trádála. Cheap sí gurb é an foirgneamh inar oibrigh sé de ghnáth a bhí i gceist. Faraor, bhí an-dearmad uirthi! Bhí an chruinne ar siúl nuair a bhuail an chéad eitleán, agus níor mhair fiú duine amháin ar an urlár sin.

Sa tráthnóna, chuaigh Albert Mór agus Albert Óg go dtí láthair na tubaiste, ag lorg Mark. Tar éis dóibh dhá lá ag cuardach taisí Mark, thit an lug ar an lag orthu ar an tríú lá, agus ar a thríochadú lá breithe.

De réir a chéile, fuarthas baill choirp Mark. Nuair a fuair siad a ghiall, dea-scéala dóite a bhí ann. Thug sé saghas clabhsúr dóibh agus ag an am céanna thug sé sólás dóibh, mar meabhraítear dóibh a mheangadh mór nádúrtha – saintréith an fhir mhacánta seo.

Ar an 10 Lúnasa, 2002, créamadh a thaisí, i Reilig an Aiséirí, gar don áit ar chaith sé a shaol go léir.

Thóg athair Mark leacht cuimhneacháin dó ina ghairdín cúil, le bratacha chun urraim a thabhairt do na daoine a cailleadh ar 9/11. Bhí dealbha aingeal timpeall croise bige déanta as cruach ón Ionad Trádála Domhanda, agus bhí portráid Mark ar lá a phósta i measc na n-aingeal.

Ar bhealach éigin, fuair an teaghlach an misneach le leanúint ar aghaidh, agus chuimhnigh siad ar Mark gach aon uile lá.

Inseoidh mé scéal faoin dara heala dhubh duit an tseachtain seo chugainn.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge