Leaindeálamar in Éirinn cúpla seachtain ó shin chun freastal ar bhainis ár nia i Neidín i gContae Chiarraí. De ghnáth, filleann mo bhean chéile agus mé féin ar ais abhaile ó Mheiriceá gach bliain i mí Iúil agus caithimid cúpla mí in Éirinn ar a laghad. Tá sé an-suimiúil a bheith anseo beagáinín níos luaithe an bhliain seo. Níl an samhradh faoi lán seoil go fóill, mar tá an t-earrach ag fanacht thar fhad na fáilte. Níl sráideanna Chill Chainnigh tiubh le turasóirí fós, seachas cúpla mochóirí, ach beidh siad ag teacht ina sluaite roimh i bhfad. Ach tá sluaite na n-eachtrannach ag méadú i gContae Chiarraí cheana féin, agus Mórchuaird Chiarraí ag cur thar maoil le busanna móra turasóireachta de ló is d’oíche. Chaitheamar trí lá i Neidín, mar sa lá atá inniu ann, sin an méid ama a thógann bainis agus na himeachtaí ag baint leis a cheiliúradh.

An Lá Roimhe

Bhí AirBnb curtha in áirithe do sheisear dúinn don ócáid. Teach ceithre sheomra leapa a bhí againn, le cistin, seomra suí agus cúpla seomra folctha. Bhí sé foirfe dúinn ó thaobh spás de, agus ní raibh na láithreacha ag baint leis an mbainis i bhfad uainn sa charr. Chasamar le chéile ar dtús agus d’itheamar béile i Davitt’s i lár Neidín. Ansin, chuamar go dtí ár dteach chun díphacáil agus ár scíth a ligean. Tar éis tamaillín, fuaireamar cuireadh chun dinnéir ón lánúin a bhí geallta dá chéile mar ní raibh roinnt daoine in ann teacht de dheasca éigeandála. De ghnáth, bíonn béile ag grúpa beag -an lánúin agus a dtuismitheoirí san áireamh- an oíche roimh an mbainis, agus ní rabhamar ag súil leis an gcuireadh sin ar chor ar bith. D’fhreastail beirt ar an mbéile, ach bhí an chuid eile dúinn lán go béal agus tuirseach, agus d’fhanamar sa bhaile.

Lá na Bainise

Tar éis maidin a bheith againn ar ár sáimhín agus lón deas ite againn, bhí turas álainn againn sa charr ó Neidín go dtí Eaglais Naomh Phádraig i dTathuile, in aice le Snaidhm ar leithinis Uíbh Ráthaigh, an leithinis is mó in iardheisceart na hÉireann. Bhíomar ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin in aice na farraige agus an-fheiceáil againn ar an bhfarraige agus ar na sléibhte. Bhí ceangail ag teaghlach na mná a bhí le pósadh leis an gceantar agus leis an eaglais féin (bhí ceiliúradh bainis a máthar agus a deirféar ann), agus bhí an lánúin sásta cloí leis an nós teaghlaigh sin. Suíomh álainn tuaithe a bhí ann, agus bhí an eaglais lán go béal le linn shearmanas an phósta. Bhí sagart iontach againn le hacmhainn ghrinn aige, a chothaigh atmaisféar réchúiseach ionainn go léir. D’fhéach an lánúin nuaphósta agus a dteaghlaigh go hiontach agus iad go léir gléasta go hálainn don ócáid, agus tógadh an t-uafás grianghraif le linn agus tar éis an tsearmanais.

Bhí sos beag againn roimh an mbainis, a thosaigh ag a ceathair a chlog ag Mainéar Dromquinna i Neidín. Bhí an ghrian ag lonrú ar an ionad fáiltithe taobh amuigh agus taobh thiar den mhainéar, agus bhí deochanna agus méaróga bia ar fáilcaibhéar ar chraicir san áireamh. Bhí faiche pioctha néata a raibh fána ann ón mainéar síos go dtí an chladaigh, agus radharc álainn ó dheas againn ar leithinis Bhéara. Chuamar (b’fhéidir 120 duine) isteach sa phroinnseomra timpeall a chúig a chlog le haghaidh an dinnéir. Cuireadh trinsiúr greadóg ar gach bord, agus gach saghas bia le fáil ann rogha iontach cáiseanna agus glasraí, prosciutto, ológa agus tapenade, san áireamh. Tugadh na hóráidí ag an am sin, roimh an bpríomhchúírsa, agus bhí siad greannmhar agus dáiríre ag an am céanna. Go háirithe, thug an bhrídeog agus an grúm ardmholadh ó chroí dá dtuismitheoirí, agus chuireadar in iúl an grá a bhí acu dá chéile.

Bhí dhá rogha againn maidir leis an bpríomhchúrsa: haileabó nó stéig. Is aoibhinn liom iasc, agus bhí an haileabó thar barr. Bhí stéig ag mo bhean chéile, agus thug sí beagáinín dom. Leáigh sé i mo bhéal agus bhí sé chomh blasta le haon stéig a bhí agam riamh! Bhí fíon idir dhearg agus gheal ar fáil le linn an bhéile freisin.

Ansin bhí milseoga sómasacha againn – babhla mór ar gach tábla agus milseoga difriúla iad go léir. Bhíomar ag dul ó bhord go bord chun blas dóibh go léir a fháil agus chun dreas cainte a dhéanamh leis na daoine a bhí suite ag na boird eile sa phroinnseomra.

Thosaigh an ceol timpeall a naoi a chlog agus chuir an banna féasta ceoil ar fáil. Sheinneadar gach saghas snra ceoil agus bhíomar ag damhsa gan srian go dtí go rabhamar spíonta – rud a tharla dúinn a bhí beagáinín níos sine níos luaithe. Mar sin féin, bhí sé tar éis a dó a chlog ar maidin nuair a chuamar a chodladh. Maidir leis an lánúin nuaphósta agus daoine eile ar chomhaois leo, bhí sé ag druidim ar a chúig a chlog ar maidin nuair a d’éirigh siad as!

An Tríú Lá

Bhí gairdín beorach curtha in áirithe dúinn ar an tríú lá, ag tosú ag a ceathair a chlog agus ag críochnú ag a naoi. Bhí beárbaiciú iontach eagraithe dúinn le béilí beaga, burgair, sicín agus sceallóga ar fáil.

Bhí amhránaí den chéad scoth ag canadh amhrán tar éis dúinn cluiche ceannais iomána na Mumhan idir Luimneach agus An Clár a fheiceáil ar an teilifís. Cluiche iontach a bhí ann – sa chéad leath ar aon nós, agus bhí na foirne ar comhscór ag tús na dara leithe. Ach mar is gnách i gcás Luimnigh, chuaigh siad chun cinn sa dara leath agus ní raibh mórán seans ag An gClár teacht suas leo arís.

Bhíomar go léir tuirseach traochta faoi 9 pm. Biontach an t-eispéireas dúinn a bheith mar aíonna ag freastal ar an ócáid chinniúnach seo leis na daoine tábhachtacha inár saolta.

.

gaGaeilge