Bata agus Bóthar!
Is gníomh thar a bheith neamhfhreagrach é an cinneadh is déanaí chun Erika L. McEntarfer, Coimisinéir Bhiúró Staidreamh Saothair (Bureau of Labor Statistics – BLS), a chur as a post, agus gníomh a chuireann geilleagar Mheiriceá i mbaol. Is cúis imní é aon uair a chuireann rialtas a ordóg ar an scála ar mhaithe le cúinsí polaitiúla. Tuairiscíonn an BLS na staitisticí mar atá siad, bunaithe ar na sonraí a bhailíonn sé. Thuig uachtaráin Mheiriceá é sin san am atá thart, agus níor leag siad lámh ar na fíricí sin. Mar a dúirt Janet Yellen, iar-Rúnaí Státchiste agus iar-chathaoirleach an Chúlchiste Fheidearálaigh, is é seo “an cineál rud a bheifí ag súil leis i dtír lofa.”
An Obair Dhian Taobh Thiar de na Sonraí
Ní duine aonair atá i gceannas ar an BLS agus í ag obair ar scarbhileog phríobháideach. Tá thart ar 40 saineolaí lánaimseartha ag obair go dian sa Bhiúró chun tuairiscí míosúla fostaíochta, boilscithe agus táscairí ríthábhachtacha eile a eisiúint. Nuair a thugann uachtarán bata agus bóthar do Choimisinéir an Bhiúró, níl cuma mhaith ar sin, agus ní athraíonn sé an fhírinne ach an oiread. Is féidir le gníomh den sórt sin géarchéim muiníne a chothú, rud a bhfuil fadhbanna móra eile ag baint leis.
Ar an drochuair, tá cruinneas na sonraí faoi bhagairt cheana féin. Tá buiséad an BLS laghdaithe faoi thart ar 19% i ndáiríre ó 2009, de réir Axios (cumann staidrimh i Meiriceá). Chomh maith leis sin, tá laghdú tagtha ar rannpháirtíocht sna suirbhéanna a dhéanann an Biúró. Ach tá réiteach ar fáil leis na fadhbanna sin: méadú ar infheistíocht sa Bhiúró agus tuiscint níos fearr a fháil ar chúiseanna an laghdaithe sa rannpháirtíocht, chun dul i ngleic leis go héifeachtach. Deir roinnt cáinteoirí go bhfuil modheolaíocht an BLS as dáta. Ach teastaíonn infheistíocht bhreise, ní cur isteach polaitiúil, chun é sin a réiteach.
Chonaiceamar É Seo Cheana
D’admhaigh Kevin Hassett, Stiúrthóir Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíochta, le déanaí gurb é an aidhm ná “duine dár gcuid féin a chur isteach.” Ba chóir go n‑ardódh sin gach aláram. Is cur isteach polaitiúil atá ann. Tá ceist thábhachtach le freagairt: An gcuirfidh oifigigh shinsearacha an rialtais – Bessent, Hassett agus eile – an fhírinne i leataobh ar mhaithe lena ngairmeacha féin?
Cheil rialtas na Gréige sonraí boilscithe agus easnaimh bhuiséid chun critéir an AE a chomhlíonadh. Mar thoradh ar sin, tháinig géarchéim fiachais, tarrtháil idirnáisiúnta agus blianta fada de ghéarchéim eacnamaíoch. San Airgintín, rinne an rialtas figiúirí boilscithe agus olltáirgeachta intíre (OTI) a bhréagnú chun géarchéim eacnamaíochta a cheilt. Dá bhrí sin, chuaigh infheistíocht eachtrach i léig, tháinig ardú géar ar rátaí úis, agus thit an peso. Tá siad fós ag íoc as.
Má tá taraifí, caiteachas agus suaitheadh soláthair ag brú boilscithe, ní chuirfidh bréag‑thuairiscí stad leis na praghsanna a bheith ag ardú ag an siopa, ag an stáisiún peitril ná sa mhargadh bannaí.
Tá an margadh bannaí, go háirithe, gan trócaire. Mura bhfuil muinín ag an margadh sin as na figiúirí a fhoilsíonn an BLS, éileoidh iasachtóirí rátaí úis níos airde dá bharr. Mar a scríobh Bill Blain, trádálaí bannaí i Londain, ina nuachtlitir ‘Blain’s Morning Porridge’: B’fhéidir go gcuimhneofar 1 Lúnasa, 2025 mar an lá a fuair margadh bannaí na Stát Aontaithe bás. Bhí ealaín ag baint le sonraí SAM a léamh. Bhí sé bunaithe ar mhuinín. Anois tá sin briste – mura féidir muinín a bheith agat as na sonraí, cad eile is féidir leat a chreidiúint?”
Jerome Powell
Tá na hionsaithe ar Jerome Powell, Cathaoirleach an Chúlchiste Fheidearálaigh, contúirteach freisin. Tá banc ceannais neamhspleách á stiúradh aige, agus is ar na sonraí, ní ar áiseanna polaitiúla, ba chóir dó a chinntí a bhunú. Ní féidir é a bhriseadh as a phost go héasca, ach níor stop sin an t-uachtarán ó bhrú leanúnach a chur air chun rátaí úis a ísliú.
Ní rud nua é seo. Rinne Erdogan na Tuirce an rud céanna, agus chruthaigh sé boilscithe forleathan, briseadh airgeadra agus éagobhsaíocht gheilleagrach. Nuair a chuirtear dílseacht os cionn saineolais, tagann tubaiste i gcónaí.
An Bhunfhadhb
In ainneoin a theachtaireachtaí, tá bille caiteachais nua an uachtaráin (ar a dtugann sé féin an Big Beautiful Bill) chun $3.5 trilliún eile a chur leis an bhfiachas náisiúnta. Tá rioscaí móra ag baint le taraifí freisin, lena n‑áirítear ardú ar ráta an bhoilscithe, agus níl sé soiléir cén tairbhe fhíor atá le baint astu.
Uathlathas ag an doras?
Ní bhaineann sé seo leis an BLS amháin. Tá léargas níos leithne le breithniú: tá easaontas á phionósú, tá cearta daonna á gcealú gan próiseas cuí, agus tá ceantair thoghcháin á gcur as riocht. Má chuirtear tost ar cháinteoirí agus má chuirtear cosc ar fhaisnéis neamhspleách, cad a stopfaidh an chéad chéim eile?
Féach ar Ortega i Nicearagua: cáinteoirí curtha ar deoraíocht, saoránacht bainte, iriseoirí maraithe. Tosaíonn sé le céimeanna beaga. Críochnaíonn sé le tubaiste. Shamhlaigh Blain todhchaí ina mbeadh “Aireacht na Fírinne Eacnamaíochta” ag eisiúint preasráitis: “Faoi cheannaireacht an Uachtaráin, leanann geilleagar na Stát Aontaithe ag fás ar luas nach bhfacthas riamh roimhe. Léiríonn sonraí párolla ón Aireacht Fírinne fostaíocht iomlán ar fud Mheiriceá.” Mura ndéanfar aon rud chun dul i ngleic leis, tarlóidh a leithéid i Meiriceá. Tosaíonn sé nuair a shaobhtar an t‑eolas chun freastal ar an uachtarán.
Gairm chun Gnímh do Meiriceánaigh
Ní fios an mbeidh daonlathas nó uathlathas sna Stáit Aontaithe sa todhchaí. Is córas leochaileach é an daonlathas, agus is gá don phobal a bheith eolach faoi agus páirteach ann. Tá súil agam go mbeidh gach Meiriceánach ullamh chun a gcóras a chosaint. Scríobh chuig do ionadaithe tofa, glac páirt i bhfeachtais fheasachta, agus tacaigh le heagraíochtaí a chosnaíonn trédhearcacht rialtais. Eagraíochtaí cosúil le Project On Government Oversight (POGO) agus Open The Government – is iadsan eagraíochtaí atá ag obair go dícheallach chun trédhearcacht rialtais a chosaint agus chun sonraí cruinne a chinntiú do shaoránaigh. Beidh deis ag gach saoránach a vóta a chaitheamh sa toghchán lár téarma an bhliain seo chugainn, agus ionadaithe a chur isteach a bheidh ag obair ar a son, agus ní ar son an uathlathais.
Tá comhairle mhaith le fáil ó phaidir na gCadets ag West Point (ionad oiliúna): “Tóg an rogha cheart ach deacair in ionad na rogha míchirte ach éasca.” Níl an prionsabal seo i bhfeidhm ar chor ar bith ag rialtas Mheiriceá faoi láthair. Má leanann iompar an riaracháin ar aghaidh sa tslí seo, ní fada uainn Meiriceá nach bhfuil aithne againn uirthi.
Má chailltear an deis an amaidí seo a stopadh, caillfear an fhírinne. Má chailltear an fhírinne, caillfear an daonlathas.




