Memories

Is dócha gur dual don tseanduine bheith ag dul siar de shíor ar bhóithrín anacair casta na smaointe, agus ní taise dom fhéin é.  Ach faoi mar adeir an seanfhocal, bíonn dhá thaobh ar chuile scéal, mar is féidir le duine breathnú ar thaobh amháin den scéal, áit a mbeadh chuile cheo chomh glégeal leis an gcriostal, agus d’fhéadfhadh sé breathnú ar an taobh eile, mar a mbeadh chuile shórt chomh dubh dorcha le pic. Nach féidir linn cruatan agus anró an tsaoil fadó a chur i gcomparáid le faoiseach agus le sáimhe an tsaoil faoi mar atá anois. Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil saol feicthe againne, seandaoine, nach bhfuil fáil, nó teacht, air a thuilleadh. Nach féidir linn uilig scéal an tsaoil sin a fháil ó na daoine a bhí suas, an tráth úd? Sea, mh’anam, agus déarfainn go raibh an saol as ar fáisceadh mé fhéin, chomh bocht, crua, anróiteach, is a bhí le fáil áit ar bith sa tír seo, ag an am.

Small Farms

Ar mhaith leat blas eigínt den saol céanna sin a fháil?

Go breá ar fad! Déanfaidh mé mo dhícheall ar dheoch as tobar na gcuimhní a chur ar fáil duit i bpíosa na seachtaine seo, agus ó tharla gur ar fheirm a tógadh mé fhéin, déanfaidh mé iarracht ar léiriú eigínt den shaol ar fheirm bheag, i mBarúntacht Iorrais, i gContae Mhaigh Eo, a leagan os do chomhair amach anois.  Ní rainsí a bhíodh ag an muintir thiar ag an am, níorbh ea muis, nó tada dá leithéid! Thart ar scór acra a bhíodh ag bunús na bhfeirmeoirí beaga thiar, ag an am, agus fiú, ní bhíodh cuid áirithe den bhfeirmín céanna sin thar mholadh beirte, nó b’fhéidir nach mbeadh ann ach bogach, nó portach fhéin, ach ansin, nuair a smaoiníonn tú air, ní bheadh ar a gcumas feirm níos mó ná sin a láimhseáil, nó ní bhíodh innealra ar bith acu, le cabhrú leo an talamh sin a shaothrú, faoi mar a dheintear sa lá atá inniu ann. Ní bhíodh de ghléasanna nó d’acraí talmhaíochta ag a mbunús, an tráth úd, ach spáid, sluasaid, speal, forc, píce, sleán, corrán, ráca, castóir, agus bráca is céachta ag an gcorrdhuine anseo is ansiúd..  

Horse Power

Ach céard faoi fhuirse is treabhadh, agus tarraingt earraí, ar nós féar, móin, arbhar, plúr agus min, abhaile? Conas a dhéanaidís a leithéid?

Bhuel, bhíodh capall ag corrfheirmeoir anseo is ansiúd, agus thagadh seisean i gcabhair ar an té a bheadh ina ghátar. Ní gá a rá, go mbíodh asal ag bunús chuile fheirmeoir, agus bhaintí an-úsáid as an mbeithíoch bocht céanna sin, ar na feirmeacha beaga, ar dhein mé tagairt dóibh thuas. I gcás tarraingt na móna abhaile áfach, b’in gnó nach bhféadfaí a dhéanamh in aon lá amháin, nó thógfadh sé thart ar scór nó scór go leith de chairteacha móna, le cruach réasúnta mór a dhéanamh, agus ba é a dhéantaí sa chás sin nó leoraí, nó tarracóir, a fháil ar chíos do lá eigínt, agus thagadh meitheal de na comharsanna lena gcúnamh a thabhairt don té a raibh an mhóin á tarlú abhaile aige, agus dár ndóigh, dhéantaí an comhar sin a íoc leo siúd, ar ball, nuair a bheadh an mhóin á tarlú abhaile acu fhéin. 

Bhaintí an féar le speal, agus ba é an feirmeoir fhéin a dhéanadh an gnó sin. Ní gá a rá go mba obair throm, mhaslaitheach, í an spealadóireacht chéanna sin, agus go dtógadh baint an fhéir roinnt mhaith laethe, agus bheadh gá le cúnamh ón gclann, chuige sin, nó fad is a bheadh sé fhéin ag baint an fhéir, bhíodh a bhean is a chlann ag teacht ina dhiaidh á sábháil. Ba é an scéal céanna é i gcás bhaint an arbhair. Thagadh an feirmeoir fhéin i dtosach, leis an speal, agus bhíodh beirt nó triúr ag teacht ina dhiaidh, duine ag tógáil, duine ag ceangal, agus duine eile fós ag stucadh.  Sea, mh’anam, ní gá a rá, go mbíodh droim tinn ar na créatúir bhochta sin i ndeireadh an lae, sea, agus a fhios ag chuile dhuine acu, go mbeadh tuilleadh den obair chéanna sin le déanamh acu an lá dár gcionn, agus an lá ina dhiaidh sin arís. Sea, mh’anam! agus níor dhada é sin taobh leis na laethe nuair a bhaintí gort arbhair leis an gcorrán, geallaimse dhuit é!

(ar leanúint sa chéad cholún eile)

gaGaeilge