Sa lá atá inniu ann, níl ach cúpla téama á dtuairisciú sna meáin, Brexit, Trump, agus gníomhartha sceimhlitheoireachta, san áireamh.  Ar an drochuair, tugann siad neamhaird ar scéalta tábhachtacha eile, agus níl aon eolas againn ina dtaobhsan.

Scéal mór mar sin is ea bith-haiceáil (biohacking), agus dá mhéad a fuair mé amach faoi sin is ea ba mhó buaireamh a tháinig orm!

.

Bitheolaíocht DIY

Bitheolaíocht atá i gceist anseo, agus déanann baill an ghrúpa sin gach saghas turgnamh bitheolaíochta ar ainmhithe agus orthu féin freisin, fiú.  Is é a dhéanann roinnt de na baill sin ná slis a inchlannú ina gcorp féin. Tá sliseanna féiniúlachta inchlannaithe ag níos mó ná 4,000 duine sa tSualainn, mar shampla.  Tá sé luath fós, ach tá imní ar roinnt mhaith daoine faoina shábháilteacht sin.

Ach tá mé i bhfad níos buartha faoin saghas eile de bhith-haiceáil, eagarthóireacht na géine, ina n-athraíonn daoine cuid bhunúsach na beatha féin – an DNA.  Cumas Diaga é sin, agus tá gá le cur chuige an-chúramach anseo. Ach ní mar sin atá sé ag an am seo, agus níl glactha le mórán rialacha ar chor ar bith. Bhí iontas an domhain orm nuair a  fuair mé amach cén sórt rudaí aisteacha a tharla le déanaí, agus b’fhéidir gurb é an rud is fearr dom a dhéanamh anois nó achoimre gearr a dhéanamh ar chúpla ceann acu sin a thabhairt daoibh.

Rí na Haiceálaithe

Is é Josiah Zayden, a bhfuil cónaí air  i gCalifornia, rí neamhoifigiúil an ghluaiseacht bhith-haiceála seo.  Tá sé mar Phríomhfheidhmeannach ar chomhlacht beag darb ainm ODIN, a dhíolann fearas bith-haiceála saor ar an idirlíon.  Leis an bhfearas seo, tá tú in ann do shaotharlann ghéine féin a bheith agat sa gharáiste. Díolann siad froganna beo freisin, ionas go mbeidh tú in ann instealladh géine a thabhairt dóibh mar thurgnamh saotharlainne, chun tabhairt faoi deara éifeacht na ndrugaí orthu.  Sa chás seo beidh siad ag éirí níos mó tar éis athrú a ngéine.

Ach rud níos aistí fós é go ndéanann Josiah beart de réir a bhriathair.  Cúpla bliain ó shin, rinne sé sruthú beo ar óráid a thug sé ag comhdháil eolaíochta, agus idir é ag caitheamh mallachtaí agus ag ól uisce beatha, thug sé instealladh dó féin.  Dúirt sé go n-athrófaí a ghéinte ionas go mbeadh matáin níos mó aige. Taobh istigh de chúpla mí, rinne cúpla duine eile aithris air, ceann amháin ag rá gur leigheas heirpéas a bhí i gceist, agus ceann eile gur leigheas ar  HIV a bhí ann. Tá sin samhnasach agus mífhreagrach, agus is drochshampla é do gach duine, dár liomsa.

Ach fan!  Éiríonn sé níos measa.  Le fearais saor mar sin a chur ar fáil, tá duine ar bith in ann eagarthóireacht na géine a dhéanamh, gan aon mhaoirseacht.  Agus is féidir rudaí uafásacha a dhéanamh.

An Bholgach ar ais?

Cuireadh deireadh leis an mBolgach sa bhliain 1980, tar éis na milliúin a mharú.  Ach sintéiseadh víreas den chineál céanna cúpla bliain ó shin. Rinne foireann bheag i gCeanada an obair sin gan deacracht, ag baint úsáide as an t-idirlíon chun píosaí DNA a fháil.  Thóg an obair timpeall sé mhí agus chosain sé thart ar 80K Euro. Dúirt an vireolaí Gerd Sutter as an Ghearmáin gur léirigh an obair sin go mbeadh sé indéanta an Bholgach a dhéanamh sa bhealach céanna go furasta freisin.  Nach scanrúil é sin?

Leanaí Deartha

Ag deireadh na bliana seo caite, d’fhógair an taighdeoir Síneach He Jiankui, saolú na chéad daoine le géanóim athruithe sa domhan.  Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh cosc a chur le HIV dóibh, mar bhí an galar sin ag a n-athair. Leis an drochbheart seo, thosaigh sé ré nua an-chontúirteach ina mbeadh sé indéanta athruithe géine a dhéanamh agus a sheachadadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin.   Ní dhearna sé aon tástáil ar ainmhithe, roimh ré, le fail amach céard a tharlódh do na hainmhithe sin agus dá sliocht.

Bhí sé ag cuardach trioblóide nuair a rinne sé an gníomh uafásach sin.  Tharraing sé raic ar fud an domhain, agus in Eanáir 2019, briseadh as a phost in Ollscoil sa tSín é.  Rinne Rialtas na Síne fiosrúchán faoin scéal, agus dúirt siad gur bhris sé an dlí, cé nach raibh a fhios ag éinne cén dlí a bhris sé.

.

Is uafásach na scéalta thuas, agus go deimhin, tá sé thar am dlíthe láidre náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur ina n-áit, lena leithéid chosc.  Mura ndéantar sin, níl anseo ach tús an leabhair ‘Brave New World’, inar shamhlaigh Aldous Huxley domhan scanrúil am éigin amach anseo!

.

gaGaeilge