Faigh réidh leis an dianghlasáil,” a scread na luchtanna agóide i gcathracha fud fad na Síne.  I Shanghai agus Béising, d’ardaigh daoine leathanaigh bhána san aer. Mhínigh Xiao Qiang, taighdeoir ar shaoirse idirlín in Ollscoil California, Berkeley, cad is brí leis sin: Tá a fhios ag daoine cad ba mhaith leo a chur in iúl, agus tá a fhios ag na húdaráis freisin, agus mar sin ní gá do dhaoine aon rud a rá. Má tá leathanach bán agat, beidh a fhios ag gach duine cad atá i gceist agat.”

 

D’iarr roinnt léirsitheoirí ar an bPáirtí Cumannach agus a cheannaire, Xi Jinpeng, éirí as! Tá sé soiléir go bhfuil daoine tuirseach leis a cur chuige brúidiúil maidir le COVID-19, agus an dianghlasáil á úsáid aige fós in aon áit a bhfaigheann daoine COVID.

 

Lasmuigh den tSín, tá an chuid eile den domhan tar éis bogadh ar aghaidh go céim nua, ina bhfuil gach rud ar oscailt agus níl aon bhac ar dhaoine bogadh ó áit go háit. Braitheann an cur chuige sin ar vacsaíní éifeachtúla, cosúil leis na cinn á dtairiscint ag Pfizer agus Moderna, a bheith ar fáil do dhaoine.na mílte duine as na ceithre hairde tar éis teacht le chéile i Catar agus iad ag tabhairt tacaíocht dá bhfoirne náisiúnta sacair, i staideanna lána – gan masc ar bith agus gan aon fhadhb!  

 

Fuair ​​​​cur chuige na Síne moladh ag tús na paindéime, agus níl aon amhras ach gur shábháil sé daoine. Ach beagnach trí bliana níos déanaí, leaganacha COVID níos tógálaí ann, a scaipeann i bhfad níos éasca ná riamh. Tá an cur chuige a bhí éifeachtach uair amháin as dáta agus neamhéifeachtach anois.  daoine ag éileamh níos mó saoirse arís, ach níl an Páirtí Cumannach ag éisteacht leo. De ghnáth, bíonn drogall ar mhuintir na Síne aon rud a rá nó a dhéanamh, mar tá faitíos orthu cad a tharlódh dóibh ansin. Ach anois, tá léirsithe ag tarlú go minic. Cad atá ar siúl sa tSín?

 

Dianghlasáil i ndiaidh dianghlasála.

 

Tá an polasaí dianghlasála maidir leis an víreas i bhfeidhm ó thús na pandéime. Níl polasaí chomh deacair sin i bhfeidhm ag aon tír eile níos mó, agus is soiléir nach fiú an tairbhe an trioblóid. Go minic, bíonn ar dhaoine fanacht sa bhaile ar feadh trí nó ceithre mhíosa, agus nuair a tharlaíonn dianghlasáil i gcathair mhór, bíonn go leor fadhbanna. Chonaiceamar é sin nuair a chuir an rialtas 25 milliún duine faoi ordú dianghlasála i Shanghai le linn an tsamhraidh seo caite. Scriosadh an geilleagar áitiúil go dona, agus bhí ganntanas bia agus seirbhísí sa chathair. Dá bharr sin, bhí achrann idir na cónaitheoirí agus na húdaráis – rud a tharlaíonn ach go hannamh sa tSín.

 

Geilleagar i dtrioblóid

 

Tá geilleagar na Síne ag fulaingt go dona de dheasca polasaí an rialtais maidir le COVID. Cuireann sé sin isteach go mór ar ghnólachtaí, idir bheag agus mhór, ó na siopaí agus bialanna áitiúla suas go dtí comhlachtaí déantúsaíochta an iPhone, cosúil le Foxconn.  Bhí laghdú ar tháirgeadh an iPhone, nuair a bhí ar roinnt mhaith fostaithe Foxconn fanacht sa bhaile. Dá bhrí sin, bhí ar Apple rabhadh a thabhairt go dtitfeadh díolachán an iPhone.

 

De réir na sonraí is déanaí, d’fhás geilleagar na Síne 3.9 faoin gcéad le déanaí agus tá roinnt eacnamaithe ag tuar go dtitfidh an ráta sin níos mó fós roimh dheireadh na bliana. Bhíothas ag siúl le fás timpeall 5.5 faoin gcéad i mbliana sa tSín!

 

Buille Marfach!

 

Ar an 24 Samhain, loisceadh deichniúr ina mbeatha sa bhaile i mbloc árasán in Urumqi i gcúige Xinjiang sa tSín. Réigiún de 25 milliún duine atá i gceist a bhí faoi dhianghlasáil ar feadh níos mó ná trí mhí. (Bhí an réigiún sa nuacht roimhe seo faoin gcaoi ghránna a gcaitear leis na Moslamaigh Uighur a bhfuil cónaí orthu ann.)

 

Ceapann go leor Sínigh go bhfuair an deichniúr bás de dheasca an dianghlasála atá i bhfeidhm in Urumqi. Ag tús an dianghlasála, cuireadh bacáin in airde chun daoine a choimeád sa bhaile. Le linn na tine, ní raibh daoine in ann éalú ón mbloc árasán, agus cuireadh moill mhór ar na fórsaí éigeandála, de bharr na mbacán céanna a bheith sa tslí.

 

Ba é sin an buille marfach, agus thosaigh na hagóidí i ndáiríre ansin, agus scaip siad ar fud fad na tíre go tapa. Tá siúl agam go n-éistfidh lucht an rialtais leis na léirsitheoirí, agus go n-athróidh siad a gcur chuige maidir leis an víreas.

 

Ar an drochuair, más aon chomhartha í an stair, níl mórán dóchas ann go ndéanfar an rud ceart!

 

.

 

gaGaeilge