Caife, an ea??
“Caife? An bhfuil tú cinnte, a Mhichíl?”
“Tá mé éirithe as an ól, a Shéimí!” arsa mise, agus mé ag lúbarnaíl i mo chathaoir. D’fhéach Séimí orm agus ionadh an domhain air. “Tinn, an ea? An bhfuil tú tinn?”
“D’fhéadfá é sin a rá, a chara,” arsa mise. Cheapfá gur coir dhanartha a bhí ann. Bhí mé buartha go raibh orm mé féin a chosaint gach uair ar dhiúltaigh mé deoch alcóil.
“Tá cuma mhaith ort, a Mhichíl, tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil fadhb shláinte i gceist.” D’ardaigh sé a mhala go ceisteach, agus stán sé orm.
“Ná bac leis sin anois, a Shéimí, nach bhfuil rudaí eile níos tábhachtaí againn a phlé agus fadhbanna móra an domhain le réiteach againn! Chuir mé mo lámh in airde, agus ghlaoigh mé ar Thóin Mhór: “Táimid réidh, a Thomáis!” Thosaigh Tóin Mhór ag rith inár dtreo.
“Pionta pórtair agus cupán caife, le do thoil,” arsa mise, ag iarraidh teacht roimh aon fhadhb eile.
“An gceapann tú gur amadán mé? Bhí tú ag seiceáil an raibh mé i mo dhúiseacht, an ea?” Chaoch sé a shúil orainn, agus sheas sé ansin ag fanacht le mo fhreagra.
“A Thomáis, tá caife ag teastáil uaim. An dtuigeann tú – caife?” Bhí fearg orm anois.
“Ná bí buartha a Mhichíl, ní raibh mé ach ag magadh!” arsa Tóin Mhór agus ionadh an domhain air faoin gcaoi ar chorraigh sé mé. “Caife agus pionta ag teacht!”
“A Mhichíl, ná téigh thar fóir ansin – ní raibh mise ach ag magadh freisin! Brón orm faoi sin!” Baineadh siar as Séimí freisin.
Tráthnóna Dé Sathairn a bhí ann i mí Feabhra, agus cé go raibh sé fuar go leor taobh amuigh, bhí an ghrian ag taitneamh agus daoine ag spaisteoireacht thart ar an gcathair. Bhíomar inár suí taobh istigh ag an bhfuinneog sa Smugairle Róin i lár na cathrach, ag ‘duinebhreathnú’ agus muid ar forbhás ar ár suíocháin. Nuair a bhí mé ag féachaint amach ar an domhan mór mar seo, thug sé léargas nua dom, agus thuig mé gur bhraith mé go raibh mé faoi shaghas ionsaí agus dá bhrí sin, ag dul thar fóir. Cé nach raibh mé díreach faoi ionsaí, ag an am céanna, bhí oiriúnú cultúir i gceist agus bhí mé ag snámh in aghaidh na noirm sóisialta sheanbhunaithe. Níl sé éasca rud mar seo a dhéanamh, ach ní fiú a bheith ag insint bréag nó ag éirí feargach. B’fhearr dom a bheith ionraic, agus b’fhearr guaim a choinneáil orm féin.
Tharraing mé anáil dhomhain, agus chuir mé mo chuid smaointe i gceann a chéile. “A Shéimí, leithscéal a bhí i gceist níos luaithe, nuair a dúirt mé gurb í fadhb shláinte an chúis nach raibh mé ag ól alcóil. Cheap mé go mbeadh sé níos éasca deoch a shéanadh sa tslí sin.” Stad mé agus tharraing mé anáil dhomhain eile.
“Caife agus pionta, a fheara!” a d’fhógair Tóin Mhór agus é ar ais arís! Bain sult astu!” D’imigh sé leis ar luas lasrach agus daoine eile ag sméideadh anall air.
“Tá rud beag náire orm an chúis cheart a roinnt leat, a Shéimí. Ach tá mé róthrom agus ba mhaith liom roinnt meáchain a chailleadh – cé gur riosca sláinte é seo, níl mé tinn, ann féin! Stad mé go hiomlán den ól ag tús na bliana, agus braithim níos fearr agus tá mé ag éadromú freisin le tamall. Cén fáth nach leanfainn ar aghaidh leis an straitéis seo atá ag obair go maith dom, a Shéimí?” Bhí mé neirbhíseach go dtabharfadh Séimí cúl láimhe liom.
“A Mhichíl – gabh dom a ndúirt mé leat, a chara. Ní raibh sé ar intinn agam brú a chur ort. Ar dtús, bhí mé ag magadh, ach nuair a dúirt tú go raibh fadhb shláinte agat, tháinig imní orm fút. Cheistigh mé díot faoi do shláinte, ní chun brú a chur ort ach toisc go raibh mé buartha fút, a Mhichíl. Is mór an faoiseamh dom go bhfuil tú ceart go leor, a mhac! Is é mo mholadh duit craiceann tiubh a bheith agat agus ná bac leis an magadh! Anois – sláinte!” arsa Séimí agus é ag diurnú a ghloine.
“Sláinte, a chara!” a d’fhreagair mé, agus bhí mé i bhfad níos compordaí anois. Bhí áthas orm go raibh an comhrá deacair sin againn, agus d’fhoghlaim mé a lán rudaí dá bhrí sin. Ba é an rud ba thábhachtaí a d’fhoghlaim mé ná: Déan an rud ab fhearr duit féin, d’ainneoin aon rud atá le rá ag éinne ina éadan!
Roimh dó imeacht, bhí rud amháin eile le rá ag Séimí. “Tá tú ag tabhairt dea-shampla dom, a Mhichíl! B’fhéidir go mbeidh cupán caife agam féin an chéad uair eile!” Ní raibh sé ag magadh an t-am seo!