Litir ó Mheiriceá – Oscailt Súl don Pháirtí Daonlathach!

Litir ó Mheiriceá – Oscailt Súl don Pháirtí Daonlathach!

Thug Donald Trump an lá go rábach leis. Ghabh na Poblachtánaigh ceannas ar an Seanad. Coimeádfaidh na Poblachtánaigh Teach na nIonadaithe faona smacht freisin. Sin fírinne na polaitíochta ar an talamh i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) i ndiaidh an toghcháin is déanaí. Ní de thimpiste a tharla a leithéid, ach an oiread. Gan dabht, is oscailt súl é sin don Pháirtí Daonlathach.

Slat Chollóireachta

Cén fáth ar chaill Kamala Harris an toghchán? Bhuel, bhí amhras ar go leor daoine nach mbeadh ach an riarachán céanna ag leanúint ar aghaidh leis a bpolasaithe céanna, agus ní raibh siad sásta leis an riarachán ná a bpolasaithe. Bhí ráta sástachta Uachtaráin Biden ag 36% sular tharraing sé amach as an rás uachtaránachta, agus is ráta uafásach é sin. Ar an gclár teilifíse ‘The View’, cuireadh ceist ar Kamala Harris an athródh sí aon chinneadh a rinne Biden mar uachtarán le linn a théarma. Smaoinigh sí ar feadh nóiméad, agus d’fhreagair sí: “Ní ritheann aon rud liom, agus bhí mé páirteach sna cinntí ba thábhachtaí.” Leis an bhfreagra sin, cheangail sí í féin go díreach le hUachtarán Biden agus a bpolasaithe. Tháinig daoine ar an tuairim nach mbeadh aon athrú suntasach le Harris mar uachtarán. Ach bhí formhór pobal na tíre míshásta le Biden, agus bhí athruithe ag teastáil go géar uathu. Mar sin, chonacthas dóibh nach raibh an dara rogha acu ach Trump a chur in oifig, is cuma ar thaitin an fear sin leo ná nár thaitin. Ach cén fáth a raibh an méid sin daoine míshásta le Biden agus a riarachán? Bhuel, mar a tharla, tá slat collóireachta ag Trump, agus tá sé in ann na grúpaí daoine is mó atá thíos le fadhbanna móra a aithint. Ansin, labhraíonn sé go díreach leo, ag rá go réiteoidh sé a bhfadhbanna mar uachtarán. Cad iad na fadhbanna agus cé hiad atá buailte fúthu?

Uibheacha, Caife, Bainne…

Bhí straitéisí darb ainm James Carville a bhí ag obair do Bill Clinton mar pháirt dá bhfeachtas uachtaránachta. Cuireadh ceist air faoi na teachtaireachtaí ba thábhachtaí don fheachtas an bhéim a chuir orthu. Bhí trí theachtaireacht aige, ach scaip ceann amháin go rábach, agus tá an teachtaireacht sin in úsáid fós. “It’s the economy, stupid!” a dúirt Carville. Ní raibh daoine sásta leis an ngeilleagar ag an am, agus mar sin, ba cheart d’fheachtas Clinton an bhéim a chur ar an ngeilleagar, agus a bplean chun é a fheabhsú. D’éirigh go barr leis an bplean sin ag an am sin agus bhuaigh Clinton an uachtaránacht.

Bhí Trump in ann an bhéim a chur ar an gheilleagar freisin, agus a theachtaireacht a rá ar bhealach simplí, dírithe ag na daoine a bhí ag streachailt ó thaobh airgid de. Roinn sé grafaic eolais ar a mheán sóisialta (‘Truth Social’), ag maíomh go raibh go leor earraí i bhfad níos costasaí faoi láthair le Kamala Harris ina leas-Uachtarán, ná nuair a bhí Trump ina uachtarán. Luaigh sé bradán, caife, prátaí, cáis, bainne, liamhás agus uibheacha, agus an t-ardú praghais ag baint leo ón uair a tháinig Biden isteach mar uachtarán. Cé gur féidir argóint a dhéanamh faoi na sonraí, bhí a theachtaireacht an-soiléir – tá sé níos deacra bia a chur ar an mbord anois de dheasca Biden agus Harris a bheith i gceannas. Chuaigh an teachtaireacht sin go mór i bhfeidhm ar dhaoine sa tír a bhí ag streachailt agus nach raibh acu féin ach ón lámh go dtí an béal.

An Lucht Oibre/Gen Z

Roimh 1992 agus uachtaránacht Bill Clinton, ba pháirtí an lucht oibre é an Páirtí Daonlathach. Ach bhog Clinton a pháirtí i dtreo na heite deise agus na ngnólachtaí ollmhóra, agus lean cúrsaí sa bhealach sin ó shin i leith. Leis sin, chaill siad baill an lucht oibre, diaidh ar ndiaidh. Go minic, bhí na daoine sin idir dhá chomhairle agus ba vótálaithe comhlúlacha iad. D’éirigh cúrsaí níos measa dóibh le linn tréimhse Biden, nuair a mhéadaigh praghsanna go suntasach, ionas is ar éigean a bhí siad in ann maireachtáil. Chuir siad an locht ar Biden agus a pháirtí, agus chaitheadar a vótaí ar son na bPoblachtánach.

Bhí an fhadhb chéanna ag daoine óga Gen Z (18-27 bliain d’aois), beag beann ar a n-aicme, a bhí ag iarraidh a neamhspleáchas a bhaint amach, ach nár éirigh leo é a dhéanamh, de dheasca costais mhaireachtála. Bhí roinnt mhaith dóibhsean ag vótáil den chéad uair.

Chuir na Poblachtánaigh an cheist ar dhaoine: “An bhfuil cúrsaí níos fearr duit anois ná mar a bhí ceithre bliana ó shin?” Do sciar mór den lucht oibre agus de Gen Z, níl cúrsaí níos fearr, agus tá siad ag fulaingt dá bhrí sin. Dar leo, in ionad a bheith ag cabhrú leo, bhí na Daonlathaithe ag tabhairt neamhaird dóibh. Ní raibh na Daonlathaithe fiú ag caint nó ag éisteacht leo. Cén fáth a gcaithfidís vótaí ar son na nDaonlathaithe, mar sin? Agus níor chaith.

Labhair Trump le Joe Rogan ar a phodchraoladh “The Joe Rogan Experience”ar feadh trí uair a chloig. Sin an podchraoladh is mó a bhfuil tóir air sna Stáit Aontaithe leis an lucht éisteachta atá os cionn trí bliana déag d’aois. Bhí Trump in ann a theachtaireacht a scaipeadh i measc na ndaoine a bhí ag streachailt, ag cur an milleán ar Biden agus Harris, agus ag rá go gcabhródh sé leo mar uachtarán. Tá go leor samplaí eile de na Poblachtánaigh ag déanamh teagmhála leis an lucht oibre agus Gen Z (mar shampla ar sheó Hasan Piker ar YouTube), agus ag rá go raibh a fhios acu go raibh na Daonlathaithe ag tabhairt neamhaird dóibh, ach go gcabhródh na Poblachtánaigh leo ionas go mbeadh cúrsaí níos fearr dóibh as seo amach.

Ceacht

Gan dabht, lig na Daonlathaithe na maidí le sruth. Bhí siad ag déanamh anailísíochta sonraí in ionad a mbéim a bheith ar phobal na tíre. Ní raibh siad i dteagmháil le gnáthdhaoine na tíre agus mar sin níor thuigeadar cad a bhí ag teastáil go géar uathu. Tá sé in am don Pháirtí Daonlathach domhainmhachnamh a dhéanamh, chun cur chuige ionchuimsitheach nua a chruthú a rachaidh i ngleic ar bhonn práinne agus ar bhonn phraiticiúil leis na fadhbanna reatha is mó atá ag muintir na tíre. Chun tuiscint a fháil ar na rudaí atá ag déanamh buartha dóibh, is gá don Pháirtí teagmháil a dhéanamh leo agus ansin éisteacht leis atá á rá acu. Beidh sé deacair a muinín a thuilleamh, agus tógfaidh sé tamaill, ach níl aon slí eile do na Daonlathaithe iad féin a athbheochan.  

.

.

.

.

.

.

Litir ó Mheiriceá – Toghchán Mór i Meiriceá!

Litir ó Mheiriceá – Toghchán Mór i Meiriceá!

Litir ó Mheiriceá - Toghchán Mór i Meiriceá!

Agus an colún seo á scríobh agam, tá toghchán na hUachtaránachta ar siúl i Meiriceá. Rinne mé staidéar domhain ar an gcóras rialtais atá anseo sna Stáit Aontaithe, sular chaith mé mo vóta féin. Roinnfidh mé achoimre de anseo, chomh maith le cúpla impleacht ag baint leis, a d’fhéadfadh a bheith an-tábhachtach, go háirithe má bhuann Trump an Uachtaránacht.

Montesquieu

Cé nár mhaith le go leor Meiriceánaigh é a admháil, ba é fealsamh ón Fhrainc darbh ainm Charles-Louis de Secondat, Baron de Montesquieu, a raibh an tionchar is mó aige ar bhunreacht na Stát Aontaithe. Smaoinigh Montesquieu ar struchtúr rialtais nua, a mhol sé mar ‘trias politica’nó scaradh cumhachtaí ina leabhar cáiliúil “De l’Esprit des lois” (Maidir le Brí Dlíthe) foilsithe sa bhliain 1748. Sa leabhar sin, mhínigh sé go mbeadh sé níos fearr cumhachtaí rialtais a scaradh amach i dtrí pháirt: cumhacht reachtach, cumhacht bhreithiúnach agus cumhacht feidhmiúcháin. Leis an struchtúr sin, bheadh idir shrianta agus cheartúcháin sa chóras, ionas nach mbeadh aon pháirt amháin in ann an ceann is fearr a fháil ar aon pháirt eile. Chuir bunaitheoirí bhunreacht Mheiriceá an prionsabal sin i bhfeidhm nuair a dhear siad an rialtas feidearálach, ina bhfuil brainse reachtach (Comhdháil na Stáit Aontaithe idir Theach na nIonadaithe agus Seanad), brainse breithiúnach (An Chúirt Uachtarach agus Cúirteanna Feidearálacha na Stáit Aontaithe) agus brainse feidhmiúcháin (Uachtarán na Stáit Aontaithe agus a riarachán).

Na Toghcháin Fheidearálacha eile

Fuair mé mo bhallóid cúpla seachtain ó shin, agus caithfidh mé a rá go raibh obair le déanamh agam chun mo roghanna a shocrú. Chomh maith le toghchán na hUachtaránachta a bhfuil clú agus cáil air, tá go leor toghcháin eile ar siúl ag an am céanna. Tá córas céimlathach sna Stáit Aontaithe, agus leibhéil iomadúla ann (Feidearálach, Stáit, Contae, Cathair). Ach fiú maidir leis na toghcháin fheidearálacha, tá gach suíochán i dTeach na nIonadaithe (435) agus 33 (as 100) suíochán sa Seanad ar an mballóid ar bhonn náisiúnta. Chomh maith le vóta ar son an Uachtaráin, beidh mé in ann mo vóta a chaitheamh ar son Seanadóra i gCalifornia agus ar son Ionadaí (i dTeach na nIonadaithe) i mo cheantar Comhdhála.

Córas Dhá Pháirtí

Is córas d pháirtí (an Páirtí Daonlathach agus an Páirtí Poblachtánach) é an córas rialtais sna Stáit Aontaithe, rud a tharla de thaisme agus ní d’aon ghnó. Sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe araon, bíonn níos mó cumhachta ag an bPáirtí leis an tromlach. Rud tábhachtach é sin, mar ní ritear aon reachtaíocht gan faomhadh an dá Theach (idir Theach na nIonadaithe agus an Seanad), agus faoi dheireadh faomhadh an Uachtaráin. Sin an fáth go bhfuil sé deacair reachtaíocht a rith sna Stáit Aontaithe. Cheapfá dá mbeadh an Uachtaránacht agus an tromlach sa dá Theach ag Páirtí amháin (mar a tharlaíonn ó am go ham agus a d’fhéadfadh tarlú sa toghchán seo), go mbeadh sé éasca ansin reachtaíocht a rith. Ach fiú sa chás sin, níl sé ró-éasca. nach bhfuil ach tromlach simplí (níos mó ná leathchuid) ag teastáil i dTeach na nIonadaithe, de ghnáth is gá ollthromlach (60 Seanadóir as 100) a bheith i bhfabhar reachtaíocht sa Seanad roimh a shéala formheasa a chur uirthi. Ní minic a bhíonn, ar a laghad, 60 Seanadóir as Páirtí amháin suite sa Seanad. Mar sin, bíonn na Seanadóirí as Páirtí an mhionlaigh sa Seanad in ann athruithe suntasacha a éileamh i reachtaíocht roimh a mbeannacht a thabhairt di. Tá próiseas foirmiúil ann chun athruithe mar sin a phlé, in iarracht comhaontú a fháil sa Chomhdháil ar an reachtaíocht a bhí molta. Má shroicheann an Comhdháíl comhaontú ar reachtaíocht athraithe, is gá an reachtaíocht nua sin a chur tríd an bpróiseas faofa arís ón tús. Má ghlactar leis an reachtaíocht nua sin sa dá Theach, deis fós ag an Uachtarán í a chrosadh. Cé gur féidir leis an Chomhdháil cros Uachtaránachta a shárú, tá sé sin an-deacair a dhéanamh, agus is annamh a tharlaíonn sé.

Impleachtaí?

De réir na bpobalbhreitheanna, na trí rás fheidearálacha gob ar ghob, idir an dá Theach sa Chomhdháil agus an Uachtaránacht. Is toghchán ait é an toghchán Uachtaránachta, mar is féidir le hiarrthóir amháin an bua a fháil fiú má fhaigheann an t-iarrthóir eile tromlach na vótaí. Is féidir é sin a tharlú, mar úsáidtear próiseas roghnaithe darb ainm coláiste toghcháin. Próiseas casta atá i gceist nach bhfuil go hiomlán ionadaíoch, ar an drochuair. Níl spás agam an próiseas casta seo a phlé anseo, ach tá an próiseas seo luaite i mbunreacht na tíre, agus dá bhrí sin tá sé an-deacair é a athrú (rinneadh timpeall 700 iarracht é a athrú suas go dtí seo). Mar iarmhairt an phróisis sin, fiú uisce na gcos mo vóta Uachtaránachta anseo i gCalifornia agus beidh na daoine sna Stáit chinniúnacha ag roghnú an Uachtaráin don tír ar fad. Sin iad na Stáit i gceist: Arizona, Georgia, Michigan, Pennsylvania, Wisconsin, North Carolina agus Nevada. Ach caithfidh mé mo vóta ar son Kamala Harris, beag beann ar thionchar mo vóta ar an toradh.

Ach, agus is é seo mo phointe lárnach, tá mé in ann mo vóta a chaitheamh ar son Seanadóra sa Seanad agus ar son Ionadaí i dTeach na nIonadaithe. Agus déanfaidh mo vóta difríocht maidir leo siúd. Tá Adam Schiff (Daonlathach) ag seasamh in aghaidh Steve Garvey (Poblachtánach) sa toghchán Seanadóireachta i gCalifornia, agus de réir na bpobalbhreitheanna seans maith go mbeidh an bua ag Schiff. Cabhróidh mé leis sin ar aon nós agus caithfidh mé mo vóta ar a shon. Dála an scéil, is fuath le Trump Schiff (‘shifty Schiff’ a dtugann sé air) agus leis sin, tá mo dhóthain údair agam vótáil ar son Schiff!

Maidir le Teach na nIonadaithe, tá mé sa 49iú ceantar Comhdhála, ina bhfuil an tIonadaí in oifig faoi láthair, Mike Levin (Daonlathach), in iomaíocht le Matt Gunderson (Poblachtánach). Cé go bhfuil Mike Levin chun cinn sna pobalbhreitheanna, tá Matt Gunderson ag feabhsú a rátáil. Caithfidh mé mo vóta ar son Levin, agus gan dabht vóta tábhachtach é seo. Cén fáth? Bhuel, mbeadh na Daonlathaithe in ann formhór a bhaint amach i dTeach na nIonadaithe, bheidís in ann bac a chur ar reachtaíocht nach n-aontaíonn an Páirtí Daonlathach leis – is cuma an bhfuil Trump in oifig mar Uachtarán nó an bhfuil formhór sa Seanad ag na Poblachtánaigh. móide go mbeidh 60 Seanadóir Poblachtánaigh sa Seanad, agus mar sin, beidh na Daonlathaithe in ann bac a chur ar reachtaíocht sa Seanad freisin, más gá.

Conclúid

Cé nach bhfuil guth agam sa toghchán Uachtaránachta, tá guth agam maidir le Seanadóir sa Seanad agus le hIonadaí i dTeach na nIonadaithe, agus déanann sé difríocht mhór cén líon Daonlathaithe atá sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe. Mar sin, tá guth indíreach agam faoin méid cumhachta a bheadh at Trump, dá mbeadh an bua aige. Bainfidh mé lántairbhe as mo vóta mar sin, in iarracht an daonlathas a chaomhnú sa tír seo. Agus do dhaoine in Éirinn, déarfaidh mé é seo: dá dtoghfaí Trump mar Uachtarán Mheiriceá, ní hé sin le rá go mbeidh cumhacht neamhshrianta aige – ní bheidh! Cé gur rud frustrachas go minic dúinn i Meiriceá athruithe a bhrú ar aghaidh sa rialtas feidearálach, dá mbeadh Trump in oifig agus é ag iarraidh a bheith ina dheachtóir, ba rud maith é sin. Bheadh sé deacair, fiú do Trump, athruithe a chur i bhfeidhm, beag beann ar cén Páirtí atá i gcumhacht sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe! Ach bímis ag súil nach mbeidh an deis sin aige sa chéad áit, cé go mbeadh fadhbanna eile le réiteach ansin!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Litir ó Mheiriceá – Dearcadh Hanrahan agus na Poblachtánaigh!

Litir ó Mheiriceá – Dearcadh Hanrahan agus na Poblachtánaigh!

Níl dabht ar domhan ach go bhfuil Dearcadh Hanrahan imithe go smior na gcnámh ionainn anseo i Stáit Aontaithe Mheiriceá, nó nach cuma cén ghné de na meáin chumarsáide a thagann faoi do shúil, is féidir leat a bheith cinnte, nach fada go gcloisfidh tú an gháir chatha seo nó a mhacasamhail á chanadh ag duine éigean ón bPáirtí Poblachtánach, ag eisiúint rabhadh dian faoi cad a tharlóidh mura mbeidh an bua sa toghchán uachtaránachta ag Trump/Vance...

 “We’ll all be ruined (said Hanrahan),

Before the year is out.”

Bí ag caint ar dhearcadh diúltach!

Mar is eol do mhadraí na sráide, tá Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) sáite go dtí na cluasa i mbréageolas i láthair na huaire seo agus má theastaíonn uainn teacht slán as an mbogach sin de shlogaide ina bhfuil muid gafa, níl an dara rogha againn ach teacht ar ár gciall, nó ní neart go cur le chéile. Nachdár bpolaiteoirí an fhírinne a rá amach go neamhbhalbh, agus a bpleananna a nochtadh chun cúrsaí a fheabhsú sa tír? Ach, in ionad sin, baill an Pháirtí Poblachtánach ag obair go dian, chun miotais agus bréageolas diúltacha a bhréagnú agus a shárú, ach chun iad a chumadh agus a scaipeadh! Chuile sheans a fhaigheann Donald Trump agus a chomhghleacaithe, bíonn siad ag roinnt dearcaidh dhiúltaigh faoi Reachtas Joe Biden agus faoin bPáirtí Daonlathach in ard a gcinn is a ngotha.

“Millfear sinn uilig má vótáiltear ar son Kamala Harris sa toghchán uachtaránachta atá le teacht. B’fhearr dúinn dul slí eile ar fad, más uainn teacht slán as an bpoll slogaide seo ina bhfuil muid sáinnithe ag Joe Biden agus Kamala Harris faoi láthair.”

Anois, tuigtear dúinn uilig gur gá do Donald Trump, JD Vance agus baill a bPáirtí iad féin a chur chun cinn, agus an taobh eile a lochtaigh. Ach bíonn siad ag caitheamh maslaí gránna pearsanta le Harris agus Walz an t-am go léir. Bíonn siad ag rá rudaí nach bhfuil fíor ina n-aghaidh freisin. Agus ní admhaíonn Trump nó Vance gur chaill Trump an toghchán uachtaránachta deireanach. Agus níl plean dá laghad acu, ach an oiread.

Seo sampla de chúpla rud atá á rá ag Donald Trump le déanaí agus é i mbun feachtais:

Madraí agus Géanna

Sa díospóireacht uachtaránachta idir Trump agus Harris, dúirt Trump, agus 67 milliún duine ag féachaint: “I Springfield tá siad ag ithe madraí,” ag tagairt do chathair Ohio ina bhfuil go leor inimirceach dleatheach as Háítí ina gcónaí. “Tá siad ag ithe na gcat. Tá siad ag ithe … peataí na ndaoine atá ina gcónaí ann. Agus seo a bhfuil ag tarlú inár dtír, agus is mór an náire é.” Tamall ina dhiaidh sin, cuireadh ceist air le linn agallaimh ar Fox TV ag iarraidh cén fáth nach n-admhódh sé nach raibh a leithéid ar siúl. “Níl a fhios agam an bhfuil sé sin fíor ná nach bhfuil. Cad faoi na géanna? Cad a tharla ansin? Tá siad go léir ar iarraidh.”

FEMA

Bíonn dualgas ar an nGníomhaireacht fheidearálach um bhainistíocht éigeandála (FEMA) fóirithint anachaine a sholáthar do phobail buailte le tubaistí uafásacha (tuillte, hairicíní, creathanna talún agus a leithéid). Tar éis Hairicín Helene, bhí lucht oibre FEMA ar an láthair go tapa, ag déanamh gach ruda arbh fhéidir leo chun cabhair a thabhairt dóibhsean a bhí buailte go dona ag an hairicín. Ach dúirt Trump arís is arís eile nach raibh aon airgead ag FEMA chun cabhair a thabhairt do na híospartaigh.“Chaith siad go leor airgid ag tabhairt isteach inimircigh mhídhleathacha…Níl aon airgead acu do dhaoine a bhfuil cónaí orthu anseo,” arsa Trump. “Tá an t-airgead caite acu ar na hinimircigh mhídhleathacha.”

Gadaithe siopa

Ag labhairt ag slógadh i Pennsylvania le déanaí, dúirt an t-iar-uachtarán Trump gurb é an eochair chun coireanna cosúil le gadaíocht siopa a chosc ná cead a thabhairt do na póilíní na gadaithe a bhualadh. “Dá mbeadh lá fíor-fhoréigneach amháin agat…uair an chloig garbh, agus is é atá i gceist agam ná fíor-gharbh, scaipfeadh an nuacht agus chríochnódh sé láithreach.”

An namhaid laistigh

Is údar mór imní é an méid atá le rá ag Trump faoi shaoránaigh a dtíre féin. Seo a dúirt sé ar ‘Fox News’ le déanaí. “Tá roinnt drochdhaoine againn. Tá roinnt gealt radacach na heite clé againn. Is dóigh liom go mbeadh sé an-éasca é sin a láimhseáil leis an nGarda Náisiúnta, nó más gá, leis an arm.” Agus dúirt sé in agallamh eile “Tá go leor drochdhaoine againn, ach nuair a fhéachann tú ar Shifty Schiff agus ar chuid de na cinn eile, sea, is iad, dar liomsa, na naimhde laistigh. Ceapaim gur namhaid laistigh í Nancy Pelosi.

Conclúid

Tar éis na rudaí thuas a léamh (agus níl iontu ach cúpla sampla!), nach bhfuil sé deacair a chreidiúint go bhfuil aon seans ag Trump an toghchán uachtaránachta a bhua? Ach más cruinn na pobalbhreitheanna, tá Trump agus Harris gob ar ghob agus mar sin ní féidir an toradh a thuar. Dochreidte!

Dúirt iar-cheann foirne Trump, John F. Kelly, gur faisistí é Trump, dar le sainmhíniú an fhocail, agus go rialódh sé mar dheachtóir dá gceadófaí é, agus nach raibh aon tuiscint aige ar an mBunreacht ná ar choincheap smacht an dlí.

I mo thuairim féin, aontaím le Trump ar an namhaid laistigh – ach níl mé ag caint faoi Adam Schiff ná Nancy Pelosi, ach faoi Trump féin. Is é Trump an namhaid laistigh. Ach ní gá feidhm a bhaint as an nGarda Náisiúnta ná as an Arm chun é a chloí. Ar an dea-uair, tá sé ar ár gcumas é a chloí go síochánta agus go dleathach ag an mbosca ballóide. Tá dualgas faoi leith ag na vótálaithe sna stáit chinniúnacha – Pennsylvania, Michigan, Nevada, Wisconsin agus North Carolina. Impím ar phobail na stát sin machnamh domhain a dhéanamh roimh a vótaí a chaitheamh – ní hamháin ar a son féin, ach ar son gach duine sa tír, agus faoina bhfuil i ndán don tír. Thaispeáin Trump a lámh cheana féin, agus dúirt sé cad a dhéanfadh sé mar uachtarán as seo amach. Le Trump mar uachtarán, seans maith nach mbeidh tír dhaonlathach againn níos mó. Is athrú dochúlaithe é Trump a chur in oifig – ná déan é!

.

.

.

    

.

Tuairisc ó Mheiriceá -An Deighilt Mhór

Tuairisc ó Mheiriceá -An Deighilt Mhór

D’fhéach mé ar an díospóireacht leas-uachtaránachta idir J.D. Vance (Poblachtánach) agus Tim Walz (Daonlathach) ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2024. Bhí codarsnacht iomlán idir an díospóireacht seo agus an dá dhíospóireacht uachtaránachta a tharla rompu, ceann amháin idir Trump agus Biden agus ceann eile idir Trump agus Harris. Mar is eol don saol mór, bhí drochlá ag Biden sa chéad díospóireacht uachtaránachta agus ní raibh cosaint ar bith aige in aghaidh an Trumpach, a d’inis bréag i ndiaidh bréige. Sa dara díospóireacht uachtaránachta, bhí an bua ag Harris gan dabht, ach bhí siad ar an ionsaí nóiméad amháin agus ansin ar a gcosaint an chéad nóiméad eile, agus níor chuala muintir na tíre mórán faoi na topaicí is tábhachtaí dóibh. Ba mhó a n-aird ar a íomhá phoiblí, agus ar a bheag a dhéanamh dá gcéile comhraic. Ach sa díospóireacht leas-uachtaránachta, phléigh na hiarrthóirí ceisteanna tábhachtacha ginmhilleadh, inimirce agus mhaigh ar láthair scoile san áireamh. Bhí meas ag Vance agus Walz ar a chéile, cé gur ionsaigh an bheirt acu an tiarrthóir uachtaránachta ar an taobh eile. Seo leanas na buaicphointí ag baint leis an díospóireacht, i mo thuairim.

Cúram Sláinte

Cuireadh ceist ar Vance ag iarraidh cén fáth nach raibh ach coincheap ag Trump maidir le plean nua cúram sláinte. An mbeadh Vance in ann a dhearbhú nach n-íocfadh Meiriceánaigh níos mó dá mbeadh aon riocht sláinte acu a bhí ann cheana. Go deimhin, bheadh clúdach árachais sláinte acu dá mbeadh aon riocht sláinte acu a bhí ann cheana!” a d’fhreagair Vance. Ach ní dúirt Trump amach riamh cad a dhéanfadh sé sa chás sin. Chomh maith leis sin, dhiúltaigh Vance sonraí phlean Trump a phlé, ag rá go mbeadh sé leadránach bille de 900 leathanach a phlé ar an stáitse díospóireachta. Dúirt sé freisin gur thacaigh Trump le plean Obama, an ‘Affordable Care Act (ACA). Dúirt Walz gur gheall Trump i 2016 plean Obama a aisghairm, agus gur bheag nár éirigh leis ach amháin gur sheas Seanadóir John McCain ina haghaidh.

Inimirce

Chuaigh Vance ar an ionsaí, agus chuir sé an locht ar leas-uachtarán Kamala Harris maidir leis na fadhbanna ag baint le hinimirce neamhdhleathach ag an teorainn idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Meicsiceo. Thagair sé di mar ‘Border czar’. Ansin cháin Walz iar-uachtarán Trump, ag rá gur chuir sé cosc ar bhille dépháirteach a rachadh i ngleic leis na fadhbanna céanna, agus go ndearna sé é chun buntáiste a fháil ina fheachtas uachtaránachta.

Ginmhilleadh

Bhí Vance ag snámh in aghaidh an easa ar an ábhar seo agus thóg sé cur chuige cúramach anseo. Dúirt Vance go mbeadh sé oiriúnach dá mbeadh gach Stáit in ann a dlíthe féin a chur in áit maidir le ginmhilleadh. Dúirt Walz gur bhuncheart daonna atá i gceist, agus mar sin is dualgas feidearálach an ceart sin a chosaint do gach duine sa tír, beag beann ar leagan amach na tíre. D’admhaigh Vance gur gá don Pháirtí Poblachtánach jab níos fearr a dhéanamh maidir le cóir leighis torthúlachta agus maidir le tithíocht inacmhainne a sholáthar. Fear cliste is é Vance agus bhí sé ag iarraidh vótaí a mhealladh ó na daoine atá idir dhá chomhairle faoi láthair.

Foréigean le gunnaí

Bhí Vance agus Walz ar aon aigne go raibh cúrsaí go dona agus ag dul in olcas maidir le foréigean le gunnaí, go háirithe sna scoileanna. D’aontaigh siad gur gá dul i ngleic leis an bhfadhb. Ach níor aontaigh siad ar chur chuige chun an fhadhb a réiteach. D’admhaigh Vance go raibh go leor cúiseanna taobh thiar den fhadhbagus go háirithe fadhbanna meabhairshláinte agus mí-úsáid drugaí. Níor réitigh Walz leis sin. “Uaireanta is iad na gunnaí atá i gceist, na gunnaí amháin!” a dúirt sé. Agus Ní chiallaíonn fadhb mheabhairshláinte gur duine foréigneach thú.”

Eanáir 6

Bhí sé soiléir go raibh deighilt mhór idir Vance agus Walz maidir le cad a tharla ar Eanáir 6, 2021. Nuair a bhí siad i mbun díospóireachta faoin éirí amach agus faoi na héilimh bhréagacha inar mhaígh Trump gur bhuaigh sé an toghchán uachtaránachta, chuir Walz ceist dhíreach ar Vance. “Ar chaill sé (Trump) toghchán 2020?” “A Thadhg, táim dírithe ar an todhchaí”, a d’fhreagair Vance. “Neamhfhreagra cáinteach é sin!” arsa Walz. Níos déanaí, dúirt Walz: “Táimid anseo 4 bliana níos déanaí, sa chás céanna. Is gá go mbeidh an buaiteoir mar bhuaiteoir. Caithfidh sé seo stopadh. Tá sé ag réabadh as a chéile muid.”

Athrú meoin Vance

Cuireadh ceist ar Vance cén fáth a raibh athrú meoin aige faoi Trump. CháinTrump go géar sa bhliain 2020 ach tá sé go mór ar a shon anois. Chuir Vance an locht ar na meáin, ag rá gur chuir siad ar míthreoir é le bréagnuacht faoi Trump. Dúirt sé gur chuir Trump lena gealltanais do mhuintir na tíre freisin mar uachtarán.

Cearnóg Tiananmen

Sa bhliain 2009, dúirt Walz go raibh sé i Hong Kong nuair a bhí agóidí Chearnóg Tiananmen ar siúl. Ach bhí sé i Nebraska ag an am. Nuair a cuireadh ceist air faoi sin, bhí sé anonn is anall leis ar feadh a bhfad. Nuair a cuireadh an cheist air arís, d’admhaigh sé faoi dheireadh go ndearna sé botún.

Conclúid

Máistir na cainte síodúla is é J.D. Vance, gan dabht ar bith. Bhí na deiseanna ag J.D. Vance nach raibh ag Tim Walz. Mar a dúirt Walz: “D’fhás mé aníos i mbaile beag – Butte, Nebraska, daonra 400 – agus bhí 24 dalta i mo rang sa mheánscoil. Agus níor fhreastail ceann acu ar ‘Yale’.” Bhí Walz ag iarraidh a rá gur ghnáthdhuine é féin, difriúil le Vance. B’fhéidir gur saghas leithscéil a bhí i gceist freisin, mar bhí Vance níos fearr ar ardán na díospóireachta. Ach nach cuma? Is í an cheist is lárnaí ná cén t-iarrthóir uachtaránachta ba cheart a roghnú. Agus maidir leis an gceist sin, tá sé soiléir gur contúirt do Mheiriceá agus don domhan é Trump, agus go mbeadh sé go hiomlán mícheart é a thoghadh mar uachtarán arís.

Cé go bhfuil J.D. Vance in ann dallamullóg a chur ar dhaoine lena chaint mhín, ní bheathaíonn na briathra na bráithre. In ainneoin plámás Vance, níl bealach ar bith go mbeadh sé ceart an coirpeach ciontach, Donal Trump, a chuir in oifig arís. Bhí sé sin an-soiléir, nuair a dhiúltaigh Vance freagra a thabhairt don cheist a chur Walz air: “Tá Trump fós ag rá nár chaill sé an toghchán. Ar chaill sé toghchán 2020?”

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Tuairisc ó Mheiriceá – an Dara hIarracht Donald Trump a fheallmharú!

Tuairisc ó Mheiriceá – an Dara hIarracht Donald Trump a fheallmharú!

Baineadh agus bainfear triail as go leor cineálacha Rialtais sa saol peacach agus brónach seo. Ní ligeann aon duine air go bhfuil an daonlathas foirfe nó críonna go hiomlán. Go deimhin, tá sé ráite gurb é an daonlathas an cineál Rialtais is measa ach amháin na cineálacha eile go léir a dtriailtear iad ó am go chéile.”

Winston Churchill

.

Córas Leochaileach

Bíonn an Daonlathas faoi bhagairt i gcónaí. Ó am go ham, tuigeadh do bhunús na ndaoine go raibh teipthe ar an gcóras leochaileach sin agus nach raibh an dara rogha acu ach iompú ar chóras éifeachtach éigin eile, a d’fhéadfadh cinneadh cinnte a dhéanamh, agus ansin go bhféadfaí an cinneadh sin a chur i bhfeidhm, beag beann ar aon duine, agus gan cur isteach ó aon duine. Tharla a leithéid, is dócha, idir an dá Chogadh Dhomhanda, nuair a thaobhaigh tíortha áirithe le córas deachtóireachta, toisc go bhfacthas do dhaoine áirithe agus do ghrúpaí áirithe sna tíortha sin go raibh gá lena leithéid, le dul i ngleic le deacrachtaí sóisialta agus polaitíochta a linne.

L’Etat c’est Moi !

Ní gá a rá go raibh córas dá leithéid i bhfeidhm i Ré na Ríthe Lánchumhachta freisin, tráth a d’fhéadfadh Rí na Fraince a dhearbhú, gurbh eisean an Stát …l’Etat c’est moi. I gcás dá leithéid, ní bhíodh de chead ag aon duine cur isteach ar chinneadh an Rí, nó bhí a chumhacht bunaithe ar an bprionsabal, gurbh ó Dhia na Glóire féin a fuair na Ríthe céanna sin a gcumhacht, agus dá bhrí sin, bhí de dhualgas ar an saoránach glacadh le reacht an Rí, ar an tuiscint gurbh ‘in toil Dé. D’imigh sin áfach, is tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, deamhan mórán ríthe lánchumhachtacha fágtha ar an saol seo, agus is é an Daonlathas an córas rialaithe atá i mbéal gach aon duine. Ní fhágann sin go bhfuil an córas gan locht, nó thar mholadh beirte mar, nuair a thagann an crú ar an tairne, bíonn air srianadh a dhéanamh ar shaoirse na saoránach, agus dlíthe smachtúil a reachtú, le smacht iomlán a fháil ar an daonra ar mhaithe lena bpobal. Laige eile sa daonlathas is ea go dtugann sé chuile dheis do choirpigh, agus d’antoiscigh de chuile chineál, a gceirdeanna frithshóisialta a chleachtadh faoi shúile an Stáit féin. Tagann sé dian go maith ar an gcóras déileáil leo, nó caithfidh an córas feidhmiú de réir dlí, fad is atá chuile chead ag na dreamanna eile úd, feidhmiú gan aird dá laghad a thabhairt ar na dlíthe sin. na struis sin le feiceáil go soiléir i Meiriceá faoi láthair.

Iarracht Trump a fheallmharú

Chualamar go léir an nuacht faoin iarracht Donald Trump a fheallmharú, a tharla le déanaí. Tá sé dochreidte gurb é sin an dara hiarracht é a mharú taobh istigh de dhá mhí. Ar an drochuair, ní rud nua é sin, agus bhí go leor iarrachtaí uachtaráin agus iar-uachtaráin Stát Aontaithe Mheiriceá a fheallmharú in imeacht na mblianta. Ach cén fáth a dtarlaíonn a leithéid? Níl cúis amháin i gceist. Uaireanta, ní bhíonn an feallmharfóir sásta leis a rialtas agus go háirithe leis an uachtarán. Uaireanta eile, bíonn meabhairghalar agus seachrán ar an bhfeallmharfóir. Pé scéal é, ní ceart aon pholaiteoir a mharú, is cuma cén fáth. Ní bheadh aon chóras in ann feidhmiú le fada nglacfaí le cliseadh den saghas sin, an Daonlathas san áireamh.

Dangerous Times!

Córas leochaileach is é an córas daonlathais agus tá dualgas ar an bpobal é a chosaint i gcónaí. Bíonn orthu a bheith páirteach agus gníomhach. Is gá don phobal agus dá bpolaiteoirí a gcuid easaontais a réiteach go síochánta, trí idirbheartaíocht agus trí na boscaí ballóide, in ionad trí fhoréigean. Mar is eol dúinn go léir in Éirinn, theip ar an bhforéigean aon fhadhb a réiteach i dTuaisceart na hÉireann ar feadh 30 bliain (1968-1998). Ach tar éis idirbheartaíocht dheacair idir an dá thaobh (dílseoirí agus poblachtánaigh), bheartaíodar fáil réidh leis na gunnaí, agus an bosca ballóide a úsáid ina ionad sin. D’éirigh leis an bpróiseas síochána sin agus an comhaontú ag baint leis –Comhaontú Aoine an Chéasta. Tá an tsíocháin i réim sa Tuaisceart le 26 bliain anuas agus níl deireadh déanta fós. Níl sé éasca aistriú mar sin a dhéanamh, agus ní tharlaíonn sé go minic. Sin an fáth go bhfuil cúrsaí i Meiriceá chomh dainséarach faoi láthair méadaíonn foréigean in aghaidh polaiteoirí na rioscaí go n-imeofar cúrsaí as smacht.

Solutions?

Cad is féidir a dhéanamh chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin i Meiriceá? Gan dabht, is gá an tseirbhís rúnda a fheabhsú, agus tá an rialtas ag obair ar sin faoi láthair. Cé gur rud maith é sin, tá an rialtas ag tabhairt faoi na muilte gaoithe mura dtéann siad i ngleic leis an mbunfhadhb – airm ionsaithe. Meastar go bhfuil suas go 40 milliún dóibh i Meiriceá faoi láthair, agus níl aon rud dearfach faoi sin. Bhí cosc ar airm ionsaithe (AR-15 mar shampla) ó 1994 go 2004, ach dhiúltaigh an Chomhdháil an cosc a athnuachan ansin. go bhfuil formhór an phobail ar son an choisc, rithfeadh an reachtaíocht sa Seanad faoi láthair de dheasca nach mbeadh a dhóthain (60) seanadóirí ar a shon. B’fhéidir go bhfuil sé in am do gach seanadóir tús áite a thabhairt do leas na tíre ar a leas féin agus an rud ceart a dhéanamh. Agus ba cheart do gach polaiteoir ráitis a mhúsclódh fuath a sheachaint freisin agus dea-shampla a thabhairt dá bpobal.

.

Gaelú nó Galldú!

Gaelú nó Galldú!

Rich countries’ problems!

Bíonn na meáin go léir plódaithe le nuacht agus bréagnuacht na laethanta seo faoi na heachtrannaigh atá anseo cheana féin, gan trácht ar na heachtrannaigh a bheidh ag iarraidh teacht isteach sa tír go luath. Mar sin féin, is gá dúinn an grán a scaradh ón lóchán, smaoineamh dúinn féin agus an rud ceart a dhéanamh maidir leis na heachtrannaigh inár measc.

Ní gá a rá, go mbíonn a chúis féin ag chuile dhuine acu leis an turas sin go hÉirinn a dhéanamh. I gcás duine amháin, is ag iarraidh tearmainn a bhíonn sé. I gcás duine eile, is ag lorg oibre a bhíonn sé, agus i gcás daoine eile fós, is ar thóir oideachais agus traenála a bhíonn siad.

Cé go bhfuil ‘céad míle fáilte’ againn roimh na turasóirí a thagann ar cuairt go hÉirinn, níl an scéal céanna le hinsint i gcónaí maidir leis na heachtrannaigh a bhfuil cónaí orthu sa tír. Nuair a thosaigh siad ag teacht go hÉirinn timpeall 30 bliain ó shin, ní raibh rófhonn orainn ar dtús an t-oileáinín s’againne a roinnt le daoine ón taobh amuigh. Ag an am céanna, fáiltíodh romhainn féin thar lear le sinsearacht, agus dá bhrí sin, nuair a thuigeamar céard é go díreach a bhí ag titim amach, tuigeadh dúinn, go raibh dualgas orainn ár ndícheall a dhéanamh freastal ar an riachtanas sin. Rinne Éire comhaontaithe le hOifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, agus leis an Aontas Eorpach, freastal ar sciar daoine ó thíortha eile a bhfuil tearmann ag teastáil uathu. Chomh maith leo siúd, shocraíomar ar lucht an oideachais agus na traenála a ligean isteach agus ar líon áirithe oibrithe a ghlacadh isteach freisin in aghaidh na bliana.

Demographic change

Lean na himircigh ag sníomh isteach chugainn bliain i ndiaidh bliana go dtí go bhfuil, faoi láthair, olluimhir imirceach socraithe inár measc (timpeall 12%). Ní haon mhaith feasta bheith ag fiafraí ar chóir dúinn na daoine sin a ligean isteach sa tír seo, nó tá siad linn cheana féin, agus níl le déanamh anois ach chuile bhuntáiste a bhaint as cúrsaí faoi mar atá.

Ní féidir a shéanadh go bhfuil buntáistí do-áirithe ag gabháil leis an inimirce seo uilig. Cuireann sé oibrithe riachtanacha ar fáil dár gcóras eacnamaíochta, nuair nach bhféadfaimis féin freastal ar an trá sin. Sea, agus coinníonn sin rothaí an gheilleagair ag meilt leo ar luas, rud a chabhraíonn linn saol níos fearr a chur ar fáil dár ndaonra uilig, idir Éireannaigh agus Eachtrannaigh.

I gcás na scoláirí de, chuirtí fáilte i gcónaí roimh a leithéid inár measc, nó bhí meas agus cion ag ár sinsear ar an léann, le sinsearacht. I gcás na ndaoine a bhí ag lorg tearmainn, ar an drochuair, níor tugadh aire na huibhe circe dóibh i gcónaí, scaipeadh (agus scaiptear fós) bréagaisnéis diúltach fúthu go minic agus bhí leithcheal á dhéanamh uaireanta ar chuid acu freisin. Chun an tarcaisne a chur i gceann na héagóra, ní raibh córas shásúil againn ar dtús chun iad a phróiseáil agus dídean fónta a sholáthar dóibh.

The Right thing to do

Is amhlaidh a chaithfidh muid breathnú romhainn, agus socruithe a dhéanamh le fáiltiú roimh na strainséirí seo uilig, a roghnaigh an tírín s’againne, mar bhaile nua dóibh féin, agus dá sliocht. Gan dabht ar domhan, rachaidh cuid de na himircigh seo ar ais abhaile arís dá dtíortha féin, ach fanfaidh roinnt mhaith acu freisin, agus má tá muidne ciallmhar agus cliste, déanfaidh muid chuile iarracht ar na daoine sin a mhealladh isteach sa phobal s’againne. Ní hé anois, toisc nach bhfuil an dara rogha againn ach sin a dhéanamh, ní hea muise, ach toisc gurb é ár leas é sin a dhéanamh.

More Irish than the Irish themselves!

Conas is féidir é sin a dhéanamh, an ea?

Bhuel, is féidir é a dhéanamh trínár saol iomlán a roinnt leo, agus bheith istigh a thabhairt dóibh, i ngach gné den saol céanna sin. Is féidir linn ár gcóras don lucht iarrtha tearmainn a fheabhsú. go bhfuil cur chun cinn á dhéanamh ag an rialtas, tá go leor feabhsuithe eile a d’fhéadfaí a dhéanamh. Bíodh fáilte roimh eachtrannaigh san Arm, sa Gharda Síochána, agus sna Fórsaí Cosanta, trí chéile. Chomh maith leis sin, ba chóir iad a spreagadh le páirt a ghlacadh sa Chóras Oideachais, sa Chóras Dlí agus Cirt, i gCúrsaí Cultúir agus Teanga, agus i gCúrsaí Spóirt, san áireamh. Ná bíodh gné ar bith den saol náisiúnta dúnta ina gcoinne. Má tá siadsan sásta glacadh linne mar phobal, ansin, nár chóir dúinne glacadh leosan mar Éireannaigh? Má tá muid sásta sin a dhéanamh, seans go néireoidh siadsan níos Gaelaí ná na Gaeil féin, faoi mar a tharla le dreamanna eile a tháinig chugainn, anallód. Nára fada uainn an lá sin.

.

.

gaGaeilge