Ceist na nDíolúintí!

Ceist na nDíolúintí!

Istigh i ngarraí an Chaisleáin a bhí mé an lá cheana; sínte siar ó chluas go ruball, agus mé ag ól na gréine buí ar mo shástacht agus ar mo sháimhín só, nuair a chuala mé an fhead ghéar, chluasphléascach, fead a dhúisigh as mo mharana mé i dtobainne! Ach, thuig mé ar an toirt cé a bhí chugam, nó cé eile ach mo sheanchara, Séimí an Droichid, a ligfeadh fead dá leithéid, istigh i ngarraí neamhaí an Chaisleáin. D’fháiltigh mé roimhe, agus rinne áit dó taobh liom ar an mbinse garraí.

“Buail fút ansin taobh liom ar an mbinse seo” arsa mé féin leis, go béasach.

“Gura maith agat” ar seisean, “agus nach deas an áit a roghnaigh tú le do mharana a dhéanamh?

“Abair é! a chara, ach an bhfuil scéal ar bith nua agat an lá beannaithe seo?”

“Níl agam ach an scéal atá i mbéal gach Gaeilgeoir, na laethanta seo.”

“Agus cén scéal é féin?” arsa mise, agus mé ag iarraidh deis scéalaíochta a chur ar fáil do Shéimí na buile, nó b ’fhacthas dom, go raibh scéal éigin ag dó na geirbe aige.”

Ceist na Teanga

Is dócha gur thug tú faoi deara go bhfuil sraith chruinnithe Chomhchoiste na Gaeilge ar chóras na ndíolúintí ar siúl faoi láthair? arsa Séimí.

“Níor thug, muise! An bhfuil fadhb mhór leis ár gcóras atá againn anois maidir le díolúintí, a Shéimí?” Bhí mé ag iarraidh tuiscint a fháil maidir leis an ábhar seo.

“Fadhb an-mhór, agus má leanann cúrsaí ar aghaidh mar seo, ní bheidh teanga bheo againn roimh i bhfad. Táthar ann le fada nach dtacaíonn le stádas ár dteanga. Bhí gluaiseacht in aghaidh na Gaeilge darb ainm “Language Freedom Movement” sna seascaidí den chéad seo caite, mar shampla. Ba é toradh a feachtais deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bheith ag státseirbhísigh ó 1974. Dá bharr sin, ní raibh ach 16 duine á n-earcú chun déileáil le pobal na Gaeilge sa bhliain 2018 rud náireach!”

“Ach,” arsa mise, “Is é príomhsprioc Achta na dTeangacha 2021 ná 20% d’earcaithe nua don tseirbhís phoiblí a bheith inniúil sa Ghaeilge roimh dheireadh 2030. Nach rud maith é sin?” Chuir mé an cheist seo ar Shéimí agus mé ag lorg leighis ar a dhearcadh duairc ar an teanga.

Trí chéim ar chúl…

Trí chéim ar chúl, agus ansin ach céim amháin ar aghaidh!” a d’fhreagair Séimí. “Agus níl sna díolúintí seo ná céim eile ar chúl. Ar dtús, bhí na díolúintí seo ag baint le cásanna eisceachtúla – le daltaí a raibh sainriachtanais acu. Ach diaidh ar ndiaidh, scaoileadh na rialacha sin, agus anois tá roinnt mhaith tuismitheoirí ag teacht i dtír ar sholúbthacht na rialacha, chun díolúine a fháil dá bpáistí – páistí nach mbeadh fadhb acu an Ghaeilge a fhoghlaim, mar tá níos mó ná leath dóibh ag foghlaim teangacha iasachta eile gan aon cheist faoi dhíolúine.

“Ach b’fhéidir leis an mbainistíocht cheart go n-oibreodh scéim mar seo, nach ea?” arsa mise, ag cur na ceiste géire ar Shéimí.

“Cibé atá á dhéanamh ag an Roinn Oideachais, níl an scéim ag obair go maith ar chor ar bith. Agus níl mise amháin sa smaoineamh sin. Dúirt Declan Glynn, ardrúnaí cúnta, Aontas Múinteoirí Éireann (TUI), go bhfuil an córas atá i bhfeidhm faoi láthair “lochtach agus míshásúil”, agus go bhfuil sé chomh héasca sin díolúine a fháil anois go maithfí don té a mheasfadh gur próiseas uathoibríoch é den chuid is mó.  

D’aontaigh ionadaithe eile atá ag freastal ar na cruinnithe leis an tuairim gur ceart go mbeadh curaclam ann do gach dalta ag cibé leibhéal cumais atá siad agus ceistíodh an ceart ‘strus’ nó ‘sain-mhíchumas foghlama teanga’ a úsáid mar leithscéal chun díolúine a éileamh. Tá an ceart acu, i mo thuairim, a Mhichíl, agus is gá an fhadhb seo a réitigh gan mhoill.  

“Bhuel, a Shéimí, caithfidh mé aontú leat, mar tá sé soiléir go bhfuil d’obair bhaile déanta go maith agat ar an ábhar, agus ní raibh mo shúile féin ar an liathróid sin ar chor ar bith. Go raibh maith agat as a bheith foighneach liom, agus tá súil agam go ndéanfaidh ár rialtas an rud ceart agus rialacha i bhfad níos doichte a chur in áit!”

“Mise freisin! Deas bualadh leat san áit iontach seo, a Mhichíl, agus cúrsaí tábhachtacha á phlé againn le chéile as Gaeilge!   

Leis sin, d’imigh Séimí gan mhoill, agus fágadh ar mo chonlán féin mé le hábhar nua a chur faoi chaibidil!

.

.

.

.

.

.

.

An tUathlathas i gcoinne an Daonlathais!

An tUathlathas i gcoinne an Daonlathais!

Le déanaí, thug Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh, Ursula von der Leyen, a haitheasc bliantúil ar Staid an Aontais 2022. Is iontach an rud é go raibh an óráid seo le fáil i nGaeilge comhuaineach leis an mbunleagan. Tá sé ar fáil ar líne anseo: https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/speech_22_5493.

Molaim duit é a léamh! Seo mo chúig bhuaicphointe as a hóráid!

An misneach chun seasamh lenár laochra

Go luath san óráid, dúirt von der Leyen go neamhbhalbh: “Ní hamháin gur cogadh é seo atá an Rúis a fhearadh i gcoinne na hÚcráine.  Is cogadh é i gcoinne ár bhfuinnimh, i gcoinne ár ngeilleagair, i gcoinne ár luachanna agus i gcoinne ár dtodhchaí.  An t-uathlathas i gcoinne an daonlathais.  Agus mé i mo sheasamh anseo, is é mo thuairim láidir go dteipfidh ar Putin agus gur ag an Eoraip a bheidh an lá, a bhuí lenár misneach agus dlúthpháirtíocht.

Mhol sí muintir na hÚcráine ansin: Inniu tá eiseamláir uathúil den mhisneach againn, agus is í an Úcráin an eiseamláir sin.” Agus chuir sí béim ar an gcaidreamh idir an Úcráin agus an AE: “Gura fada buan an Úcráin, tír lán laochra Eorpacha. Slava Ukraini!  Is buanseasmhach an dlúthpháirtíocht a bheidh idir an Eoraip agus an Úcráin go deo.

Ní mór dúinn fáil réidh leis an spleáchas

Is é an spléachas atá i gceist anseo ná spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis.  

Dá bharr sin,” arsa von der Leyen, “tá praghsanna gáis 10 n-oiread níos airde ná mar a bhí siad roimh an bpaindéim.  Tá na milliúin gnólachtaí agus na milliúin teaghlach ag streachailt le greim a choinneáil faoin bhfiacail.  Sin an fáth a bhfuil bearta á gcur chun cinn againn chun go laghdóidh na Ballstáit a dtomhaltas leictreachais foriomlán.” Ansin, leag an tUachtarán síos pleananna chun smacht a chur ar phraghsanna leictreachais.

Ullmhú don todhchaí ó thaobh fuinnimh de

Dúirt von der Leyen go raibh a lán ar siúl san Eoraip maidir le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta (sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt), maidir le grianphainéil den dearadh nua (sa tSicil), agus go háirithe maidir le traenacha a úsáideann hidrigin ghlas mar bhreosla. Dar léi, féadfaidh an hidrigin margadh na hEorpa a athrú ó bhonn. Seo a dúirt sí: Ní mór dúinn margadh mór a dhéanamh den hidrigin seachas margadh nideoige.  Ar an ábhar sin is féidir liom a fhógairt inniu go bhfuilimid chun Banc Eorpach Hidrigine nua a chur ar bun.  Beidh an Banc in ann €3 bhilliún a infheistiú chun margadh na hidrigine a bheidh ann amach anseo a fhorbairt.  

Beidh sé an-suimiúil a fhéachaint cén chaoi a n-éireoidh leis an bhfiontar sin.

An fód a sheasamh ar son ár nDaonlathais

Gheall von der Leyen go rachadh sí i ngleic leis na bagairtí ón taobh istigh le pacáiste um Chosaint an Daonlathais. Ní ligfimid do chapaill adhmaid de chuid aon uathlathais ionsaí a dhéanamh ar ár ndaonlathais ón taobh istigh,” a dúirt an tUachtarán go teanntásach.

Mar is eol do chách, tá an tAontas tar éis a streachailt chun aghaidh a thabhairt ar chúlshleamhnú daonlathach i roinnt Ballstát, go háirithe an Pholainn agus an Ungáir.

Cé nár luaigh an tUachtarán aon bhallstát go háirithe, dúirt sí go leanfaidh íocaíochtaí faoi chomhbhuiséad an AE de bheith nasctha le neamhspleáchas breithiúnach agus an smacht reachta.

Athsmaoineamh ar ár bpolasaí eachtrach

“Is é seo an t-am chun infheistíocht a dhéanamh i gcumhacht ár ndaonlathais, arsa von der Leyen. Ba cheart go dtosódh an iarracht seo, a dúirt sí, i ngarchomharsanacht an bhloic.  “Ba mhaith liom go mbeadh a fhios ag muintir na mBalcán Thiar, na hÚcráine, na Moldóive agus na Seoirsia: is cuid dár dteaghlach tú, is tú todhchaí ár gceardchumann, agus níl ár n-aontas iomlán gan tú,” a dhearbhaigh sí.

Chaith von der Leyen a tacaíocht taobh thiar den smaoineamh Comhphobal Polaitiúil Eorpach a bhunú, tionscnamh ar mhol Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron é.

“Ós rud é go bhfuilimid dáiríre faoi aontas níos mó, ní mór dúinn a bheith dáiríre faoin athchóiriú,” a dúirt .

“Mar sin, mar a d’iarr an Pharlaimint seo, creidim go bhfuil an t-am tagtha do Choinbhinsiún Eorpach.”

Conclúid

Chuir von der Leyen go leor feola ar chnámha a bpleananna mar gheall ar thodhchaí an Aontais.  Ráiteas físe a bhí ina hóráid agus má fhíoraítear a fís, beidh an tAontas Eorpach níos neamhspleáiche, níos cumhachtaí agus níos ceannasaí ar an ardán domhanda ná riamh.  Bheadh cothromaíocht nua cumhachta i bhfeidhm san Eoraip agus sa domhan mór, agus leis sin bheadh seans b’fhearr ann go bhfanfaidh ár gcóras daonlathais faoi bhláth le fada an lá.  

Gura fada buan an AE!

.

Praiseach Déanta ag Aer Lingus

Praiseach Déanta ag Aer Lingus

Coicís roimh ár n-eitiltí ar ais go dtí na Stáit Aontaithe, sheol United Airlines r-phost chugam ag rá go raibh athrú déanta acu ar an áirithint. D’athraigh siad ár gcéad eitilt (ar Aer Lingus) ó mheán lae go 6:00 A.M., ionas go mbeadh seacht n-uaire againn i Heathrow roimh an dara heitilt. A dhiabhail – an raibh siad in ann athrú mar sin a dhéanamh gan mo chead? I ndáiríre!

Chuir mé glaoch ar United Airlines, agus tháinig gníomhaire ar an líne gan mhoill. Bhí sí cabhrach, agus rinne sí áirithint eile dúinn gan aon fhadhb – an chéad eitilt go Chicago (ar United) ag meán lae, agus uair ina dhiaidh sin an dara heitilt (ar United) go Los Angeles.  B’fhearr linn na socruithe nua, ar dhá chúis. Sa chéad áit, sheachnóimis aerfort Heathrow. Sa dara háit, bheadh seans níos fearr ag ár mbagáiste gan ach aerlíne amháin (United) i gceist.

Bhaineamar féin agus ár mbagáiste ár gceann scríbe amach gan fadhb, agus bhíomar sásta le United Airlines, mar, cé go raibh fadhb bheag againn ar dtús, chuir siad gach rud i gceart dúinn gan mhoill.

Liveline

Cúpla lá ina dhiaidh sin, bhí mé ag éisteacht le ‘Liveline’ le Joe Duffy, agus baineadh stangadh asam nuair a chuala mé faoi suas go 9,000 paisinéir ar fud na hEorpa a d’fhág Aer Lingus idir dhá thír iad!

Dúirt na glaoiteoirí nach raibh tásc ná tuairisc ar Aer Lingus chun cabhrú leo in am a n-éigin. Ní raibh RTE féin in ann urlabhraí Aer Lingus a fháil mar aoi speisialta ar an gclár. Bhí cúpla scéal uafásach le cloisteáil ar ‘Liveline’.

Scéal Emmet

Bhí Emmet agus a bhean chéile ar tí dul go Meiriceá ar mhí na meala. Bhí siad chun eitilt go Heathrow ar dtús, agus ansin ó Heathrow go Miami. Bhí aistear mara curtha in áirithe acu don lá dár gcionn.

Sheiceáladar isteach gan fadhb ar bith, chuadar tríd an ionad slándála agus ansin go dtí an geata. Ag 10 A.M, ceathrú uaire roimh am a n-eitilt amach, chuir Aer Lingus in iúl do phaisinéirí go raibh fadhb theicneolaíochta faisnéise acu. Níor chuala Emmet a thuilleadh go dtí 4 P.M. nuair a d’fhógair Aer Lingus go raibh a n-eitilt curtha ar ceal. De bharr sin, chaill siad a n-eitilt ó Heathrow go Miami, agus chaill siad an t-aistear mara freisin. Chaith an lánúin beagnach €5,000 ar a socruithe taistil, agus bhí siad as póca anois mar gheall air, gan aon eolas faoi aisíocaíocht.

Is é tuairim na lánúine go raibh Aer Lingus freagrach as an airgead sin ar a laghad, mar ba iad cúis na faidhbe sa chéad áit.

Scéal Michelle

Níor chuala Michelle faic ón aerlíne, ach nuair a chonaic Michelle ar na meáin sóisialta go raibh fadhbanna móra le heitiltí Aer Lingus, thuig sí láithreach go raibh sí i dtrioblóid. Ansin, chuaigh sí i dteagmháil lena teaghlach agus a cairde. Nuair a fuair sí amach nach raibh ach trí eitilt sa tseachtain ag imeacht ó Chorfú, an áit ina raibh sí, bhí a fhios aici go raibh sé ríthábhachtach di deifir a dhéanamh chun filleadh abhaile chomh luath agus is féidir.

Bhí uirthi eitiltí nua a chur in áirithe le hEurowings, ionas nach mbeadh uirthi fanacht i gCorfú le trí lá eile. Bhí uirthi €850 a chaitheamh ar dhá thicéad ar Eurowings. Fiú nuair a shroicheadar aerfort Baile Átha Cliath, bhí an t-aerfort ina chíor thuathail ar fad. Bhí siad ag fanacht beagnach leathuair san eitleán leis na staighrí chun teacht amach. Ansin, bhí siad ina suí thart ag fanacht lena gcuid bagáiste, mar ní raibh láimhseálaithe bagáiste ar fáil ar chor ar bith. Bhí an críochfort plódaithe le daoine agus le bagáiste. Ach bhí siad sásta go raibh siad ar ais i mBaile Átha Cliath.

Leithscéal?

Faoi dheireadh ghabh Aer Lingus leithscéal le custaiméirí a bhí buailte nuair a cuireadh 51 eitilt ar ceal ar deireadh seachtaine 10-9-2022.  Dúirt urlabhraí na haerlíne: “Gabhaimid leithscéal ó chroí le custaiméirí as an gcur isteach mór dóibh de bharr fadhbanna leis ár gcóras ríomhaireachta. Tá na fadhbanna sin réitithe agus tá ár ngnáth sceideal i bhfeidhm arís”.

Dúirt an aerlíne freisin go mbeidh na custaiméirí i gceist in ann a bpleananna taistil a athrú saor in aisce.

Tá súil agam go bhfuil ceacht foghlamtha ag Aer Lingus, agus go mbe i dteagmháil leis a gcustaiméirí chun cabhair a thabhairt dóibh aon uair a tharlódh a leithéid as seo amach. Má thugann Aer Lingus neamhaird mar sin dá gcustaiméirí arís, caillfidh siad iad go deo!

.

Todhchaí na Gaeilge

Todhchaí na Gaeilge

Deirtear go bhfuil thart ar 7,000 teanga á labhairt ag daoine, ó cheann ceann na cruinne, ach má tá féin, deir na saineolaithe linn go gcailltear ceann de na teangacha sin gach coicís. Anois, ó tharla nach gcumtar teangacha nua, ach go hannamh, tá sé soiléir go bhfuil uimhir na dteangacha ag dul i laghad ó bhliain go bliain. Cén fáth a gcailltear na teangacha sin? Bhuel, iompaíonn pobal ó theanga amháin go teanga eile ar chúiseanna áirithe.

Concas

 Uaireanta cuireann tír amháin isteach ar thír eile trína gabháil agus a chur faoi chois, agus is é an bealach is éifeachtaí le tír a smachtú nó a teanga a bhaint di, agus teanga an ghabhálaí a chur á labhairt ina háit. Nuair a chailleann tír a teanga, cailleann sí a córas smaointe agus a bealach le breathnú ar an saol mór amuigh. Cailleann sí freisin, a misneach agus a spiorad, nó faoi mar a deireadh siad fadó: Tír gan teanga, tír gan anam!

Dul chun cinn!

 Uaireanta eile, tar éis blianta fada a bheith caite ag tír faoi sháil agus faoi bhráca lucht concais, is amhlaidh a thuigtear do phobal na tíre sin, go bhféadfaidís dul chun cinn níos mó a dhéanamh trí theanga eile, teanga a máistrí, a úsáid feasta, nó tuigtear dóibh, go bhfuil a dteanga féin as dáta, agus iargúlta. “Ní líonfaidh do theanga dhúchais do bholg”, a chloisfeá ó dhaoine dá leithéid, fadó.

An Teanga nach bhfuil láidir….

 Níl dabht ar bith, ach oiread, ach go mbíonn tionchar nach beag ag na teangacha móra idirnáisiúnta ar chúlú na dteangacha laga. Níl le déanamh againn ach breathnú timpeall orainn, agus tabharfaidh muid faoi deara, go mbíonn tionchar an-mhór ag na teangacha ar nós an Bhéarla, na Fraincise, na Gearmáinise, na Spáinnise agus na hIodáilise, i gComhairle an Aontais Eorpaigh, agus cé go n-aithnítear mionteangacha áirithe freisin – an Ghaeilge, mar shampla – tugtar le fios nach bhfuil iontu ach mionteangacha. Le himeacht na mblianta, tá sé soiléir, go dtiocfaidh laghdú ar uimhir na dteangacha labhartha, má leantar den chleachtadh sin. Más uainn iad a shábháil, caithfear úsáid a bhaint as cumas nua-aoiseach cumarsáide, chun fóram poiblí a thabhairt dá bpobal a mionteanga a úsáid ar líne.

AthEarrach

Is féidir le gach duine a fheiceáil, go bhfuil neart nua le tabhairt faoi deara i gcúrsaí na Gaeilge faoi láthair, agus cuid mhaith dá bhuíochas sin ag dul do Chóras na nGaelscoileanna. Ba iad na tuismitheoirí féin a chuir tús leis an gCóras sin, nó chonacthas dóibh nach dtiocfadh an Ghaeilge slán mura ndéanfadh siadsan a ndícheall le scoileanna lánGhaeilge a bhunú, le deis a thabhairt dá bpáistí, an teanga a shealbhú agus a fhoghlaim go nádúrtha, trína labhairt. D’éirigh go seoigh leis an bhfiontar sin, agus anois, dá bharr, tá Meánscoileanna lánGhaeilge againn le hobair na nGaelscoileanna a tharraingt isteach sa Chóras Meánoideachais, agus cheana féin, tá éileamh ar oideachas iomlán Ollscoile a chur ar fáil trí Ghaeilge.  Seans maith go mbeidh a leithéid ar fáil roimh i bhfad, agus ansin beidh sprioc thábhachtach eile bainte amach againn.

Ar an dea-uair, agus b’fhéidir de bharr na nGaelscoileanna, tá go leor daoine óga go láidir ar son na Gaeilge mar theanga bheo – mar a dteanga bheo. Agus tá cuid acu ag obair go dian mar ambasadóirí na teanga. Toghadh Paula Melvin, 29 bliain d’aois, mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, agus beidh tionchar mór aici maidir le cúrsaí na teanga ar go leor daoine, ach go háirithe ar dhaoine óga agus dhaoine thar lear (bhí sí ina bainisteoir gradaim le Coimisiún Fulbright maidir leis an nGaeilge).  

Tá an Ghaeilge feiceálach go maith ar líne freisin – ar na meáin shóisialta, san áireamh. Tá gach saghas rang ar fáil ar líne (ó leibhéal oiriúnach do thosaitheoirí suas go Gaeilgeoirí inniúla).  Tá go leor ar fáil as Gaeilge ar Facebook, Twitter, Instagram agus YouTube freisin (cuir isteach #Gaeilge mar théarma cuardach in aon cheann agus tiocfaidh go leor torthaí ar ais chugat!)  Tá pop-up Gaeltachtaí agus ciorcail comhrá á n-eagrú ag daoine freisin, idir imeachtaí ar líne (ar Zoom, mar shampla) agus imeachtaí in ionaid éagsúla fisiciúla (siopa caife, bialann, teach tábhairne agus araile).

Tá cúrsaí ealaíne ag déanamh dul chun cinn seasta freisin – litríocht, ceol, scannánaíocht san áireamh. Níl spás agam inniu plé a dhéanamh ar an ábhar seo, ach mar shampla beag amháin, tá go leor gradaim buaite ag scannáin as Gaeilge ar nós “An Cailín Ciúin” agus “Arracht”.

Conclúid

Gan dabht, táimid ar an mbóthar ceart, agus má leanaimid ar aghaidh le fuinneamh agus diongbháilteacht, fíorófar ár bhfís agus ní chaillfear ár dteanga. Nára fada uainn an lá sin!

Todhchaí na Gaeilge

Scéal Spreagúil: Naima Chaudhry 

Tá scéal spreagúil agam duit inar léirigh duine misneach iontach i láthair an mhí-áidh, agus inar sháraigh sí dúshlán i ndiaidh dúshláin a tháinig roimpi.  

Bhí deacrachtaí ina saol i bhfad sular tháinig Naima Chaudhry go hÉirinn. Nuair a diagnóisíodh go raibh galar néarón luadrach ar a máthair, a bhí ina tuismitheoir aonair, bhí ar Naima a bheith ina cúramóir lánaimseartha. Mar sin, ní raibh Naima ach seacht mbliana déag d’aois nuair a bhí uirthi an scoil a fhágáil. Fuair a máthair bás trí bliana ina dhiaidh sin agus ní raibh a fhios ag Naima cad ba cheart di a dhéanamh ansin. Bhí a gaolta ag cur brú uirthi cleamhnas a dhéanamh, ach ní raibh aon suim aici ann. Nuair a mhol a haintín i Manchester go mbeadh sé níos fearr di staidéar a dhéanamh i Manchester, d’aontaigh sí agus chuaigh sí go Manchester láithreach bonn.

D’fhan Naima i Manchester go dtí gur bhain sí céim amach san ollscoil, ach thit sí amach lena haintín tar éis sin. Arís eile, ní raibh a fhios ag Naima cad a dhéanfadh sí. Bhí fonn uirthi dul ar ais go dtí an Phacastáin ach ní raibh sé éasca é sin a dhéanamh, agus ní raibh seans ag bean léi féin a bheith beo ar an mbeagán!  Bhí cara maith aici in Éirinn a mhol di teacht ann agus go socródh sí post di ina comhlacht. Ar an drochuair, níor oibrigh an plean sin amach, agus tar éis cúpla mí in Éirinn, i mí Aibreán, 2015, d’iarr Naima tearmann ar an Rialtas. Chuala sí go mbeadh a próiseas iarratais críochnaithe laistigh de sé mhí, ach ní mar sin a bhí an scéal!

Cuireadh chuig ionad soláthair dhírigh i gCluain Dolcáin í, agus sula i bhfad d’aithin sí nach mbeadh rudaí socraithe laistigh de sé mhí. Nuair a d’fhreastail sí ar chruinniú chumann cónaitheoirí i mí na Samhna 2015, ghlac sí ballraíocht ann. Tar éis tamaill ceapadh ina cathaoirleach í.

Thosaigh sí ag eagrú gníomhaíochtaí do na páistí ag an ionad, agus oifig eolais do dhaoine fásta mar gheall ar cheisteanna tearmainn.

“Thosaigh mé an obair sin, mar níor theastaigh uaim smaoineamh ar mo chás féin. Ach ansin, thuig mé gur thaitin sé go mór liom a bheith in ann cabhair a thabhairt do dhaoine eile. Chomh maith leis sin, chabhraigh sí an craobh áitiúil den chlub reathaithe ‘Sanctuary Runners’ a eagrú. Agus d’fhreastailar chúrsa polaitíochta i gColáiste na Tríonóide freisin!

Sa bhliain 2018, d’éirigh léi scoláireacht ollscoile a bhaint amach ag staidéar le haghaidh máistreacht i mBiteiripic i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bfós ina cónaí in ionad soláthair dhírigh – rún nár roinn sí le haon duine eile!  Rinne sí staidéar i leabharlann an Choláiste san oíche, mar bhí sí ag roinnt seomra leapa le beirt eile san ionad. Nuair a bhí uirthi a tráchtas a scríobh, thug bainistíocht an ionaid seomra stórais di le hobair a dhéanamh.

Gan mhoill i ndiaidh a staidéar i gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath a thosú, tharla géarchéim ag an ionad, mar bhí sé socraithe é a dhúnadh síos. D’eagair Naima feachtas bríomhar chun dul i ngleic leis an gcinneadh sin, agus d’éirigh léi an rialú sin a fhreaschur!

Lean an maorlathas spadánta ar aghaidh maidir lena hiarratas tearmainn, agus faoi dheireadh i mí Iúil 2020, d’fhoghlaim sí gur cuireadh a cás ar ais faoi bhráid na hArd-Chúirte in Éirinn. I mí an Mhárta 2021, iarradh uirthi a hiarratas a chur isteach arís, agus é seo á scríobh tá sí ag fanacht le hagallamh leis an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta. Tá cead oibre aici faoi dheireadh, mar fuair sí post san ionad soláthair dhírigh i gCluain Dolcáin ag eagrú gníomhaíochtaí na bpáistí ann. Cé gur rud maith e sin, tá Naima ag súil go bhfaighidh sí obair sa réimse leighis ina bhfuil cáilíocht ghairmiúil aici ann.

Is Críostaí athbheirthe í Naima, agus bhuail sí le Cian agus an bheirt acu ag freastal ag seirbhís reiligiúnach ag an ‘All Nations Church’ ar an gCuarbhóthar Theas i mBaile Átha Cliath. Tá lámh is focal eatarthu anois!

Tar éis di sé bliana ina cónaí in ionad soláthair dhírigh, tá cúrsaí ag feabhsú di faoi dheireadh. Seo mar a dúirt Naima le déanaí:

Bhí mé ag iarraidh gnáthshaol a bheith agam le chomh fada, le cead agam a bheith in ann post a fháil agus a bheith in ann taisteal! Bhí tráth ann nach raibh mé in ann aon rud deas a fheiceáil dom féin agus ní raibh mé in ann aon saghas plean a dhéanamh; bhí sé an-deacair. Ach anois, tá cúrsaí ag athrú!”

Guímid gach rath ar Naima, agus bímis go léir buíoch as a bhfuil againn féin!

.

Tá scéal spreagúil agam duit inar léirigh duine misneach iontach i láthair an mhí-áidh, agus inar sháraigh sí dúshlán i ndiaidh dúshláin a tháinig roimpi.  

Bhí deacrachtaí ina saol i bhfad sular tháinig Naima Chaudhry go hÉirinn. Nuair a diagnóisíodh go raibh galar néarón luadrach ar a máthair, a bhí ina tuismitheoir aonair, bhí ar Naima a bheith ina cúramóir lánaimseartha. Mar sin, ní raibh Naima ach seacht mbliana déag d’aois nuair a bhí uirthi an scoil a fhágáil. Fuair a máthair bás trí bliana ina dhiaidh sin agus ní raibh a fhios ag Naima cad ba cheart di a dhéanamh ansin. Bhí a gaolta ag cur brú uirthi cleamhnas a dhéanamh, ach ní raibh aon suim aici ann. Nuair a mhol a haintín i Manchester go mbeadh sé níos fearr di staidéar a dhéanamh i Manchester, d’aontaigh sí agus chuaigh sí go Manchester láithreach bonn.

D’fhan Naima i Manchester go dtí gur bhain sí céim amach san ollscoil, ach thit sí amach lena haintín tar éis sin. Arís eile, ní raibh a fhios ag Naima cad a dhéanfadh sí. Bhí fonn uirthi dul ar ais go dtí an Phacastáin ach ní raibh sé éasca é sin a dhéanamh, agus ní raibh seans ag bean léi féin a bheith beo ar an mbeagán!  Bhí cara maith aici in Éirinn a mhol di teacht ann agus go socródh sí post di ina comhlacht. Ar an drochuair, níor oibrigh an plean sin amach, agus tar éis cúpla mí in Éirinn, i mí Aibreán, 2015, d’iarr Naima tearmann ar an Rialtas. Chuala sí go mbeadh a próiseas iarratais críochnaithe laistigh de sé mhí, ach ní mar sin a bhí an scéal!

Cuireadh chuig ionad soláthair dhírigh i gCluain Dolcáin í, agus sula i bhfad d’aithin sí nach mbeadh rudaí socraithe laistigh de sé mhí. Nuair a d’fhreastail sí ar chruinniú chumann cónaitheoirí i mí na Samhna 2015, ghlac sí ballraíocht ann. Tar éis tamaill ceapadh ina cathaoirleach í.

Thosaigh sí ag eagrú gníomhaíochtaí do na páistí ag an ionad, agus oifig eolais do dhaoine fásta mar gheall ar cheisteanna tearmainn.

“Thosaigh mé an obair sin, mar níor theastaigh uaim smaoineamh ar mo chás féin. Ach ansin, thuig mé gur thaitin sé go mór liom a bheith in ann cabhair a thabhairt do dhaoine eile. Chomh maith leis sin, chabhraigh sí an craobh áitiúil den chlub reathaithe ‘Sanctuary Runners’ a eagrú. Agus d’fhreastailar chúrsa polaitíochta i gColáiste na Tríonóide freisin!

Sa bhliain 2018, d’éirigh léi scoláireacht ollscoile a bhaint amach ag staidéar le haghaidh máistreacht i mBiteiripic i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bfós ina cónaí in ionad soláthair dhírigh – rún nár roinn sí le haon duine eile!  Rinne sí staidéar i leabharlann an Choláiste san oíche, mar bhí sí ag roinnt seomra leapa le beirt eile san ionad. Nuair a bhí uirthi a tráchtas a scríobh, thug bainistíocht an ionaid seomra stórais di le hobair a dhéanamh.

Gan mhoill i ndiaidh a staidéar i gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath a thosú, tharla géarchéim ag an ionad, mar bhí sé socraithe é a dhúnadh síos. D’eagair Naima feachtas bríomhar chun dul i ngleic leis an gcinneadh sin, agus d’éirigh léi an rialú sin a fhreaschur!

Lean an maorlathas spadánta ar aghaidh maidir lena hiarratas tearmainn, agus faoi dheireadh i mí Iúil 2020, d’fhoghlaim sí gur cuireadh a cás ar ais faoi bhráid na hArd-Chúirte in Éirinn. I mí an Mhárta 2021, iarradh uirthi a hiarratas a chur isteach arís, agus é seo á scríobh tá sí ag fanacht le hagallamh leis an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta. Tá cead oibre aici faoi dheireadh, mar fuair sí post san ionad soláthair dhírigh i gCluain Dolcáin ag eagrú gníomhaíochtaí na bpáistí ann. Cé gur rud maith e sin, tá Naima ag súil go bhfaighidh sí obair sa réimse leighis ina bhfuil cáilíocht ghairmiúil aici ann.

Is Críostaí athbheirthe í Naima, agus bhuail sí le Cian agus an bheirt acu ag freastal ag seirbhís reiligiúnach ag an ‘All Nations Church’ ar an gCuarbhóthar Theas i mBaile Átha Cliath. Tá lámh is focal eatarthu anois!

Tar éis di sé bliana ina cónaí in ionad soláthair dhírigh, tá cúrsaí ag feabhsú di faoi dheireadh. Seo mar a dúirt Naima le déanaí:

Bhí mé ag iarraidh gnáthshaol a bheith agam le chomh fada, le cead agam a bheith in ann post a fháil agus a bheith in ann taisteal! Bhí tráth ann nach raibh mé in ann aon rud deas a fheiceáil dom féin agus ní raibh mé in ann aon saghas plean a dhéanamh; bhí sé an-deacair. Ach anois, tá cúrsaí ag athrú!”

Guímid gach rath ar Naima, agus bímis go léir buíoch as a bhfuil againn féin!

.

Todhchaí na Gaeilge

Cuairt an Phápa go Cheanada

Teip Thubaisteach!

Ar oilithreacht aithrí i gCeanada, ghabh Pápa Proinsias leithscéal as an “teip thubaisteach” agus as “mírún” na scoileanna cónaithe a raibh reiligiúin éagsúla i mbun orthu, an Eaglais Chaitliceach san áireamh. D’iarr sé maithiúnas ar na daoine a tháinig trí fhoréigean i scoileanna sa chóras uafásach sin inar tugadh drochíde coirp agus intinne dóibh agus do na deicheanna míle páiste eile freisin.

Tháinig an leithscéal, a rabhthas ag tnúth le fada leis, ag tús a chuairt seachtaine, in áit darb ainm Maskwacis, Alberta in iarthar Cheanada.

“Tá brón orm. Táim ag iarraidh maithiúnais, go háirithe, as na bealaí a thug baill na hEaglaise cabhair do na rialtais ag an am – uaireanta mar bhí siad ar nós cuma liom – a bpolasaithe mar gheall ar dhochar cultúrtha agus asamhlú éigeantach a chur i bhfeidhm,” arsa Proinsias, ag insint do shlua 2,000 a tháinig slán as an gcóras sin, faoin bhfearg agus náire a mhothaigh sé de dheasca na drochíde uafásaí a tharla do go leor páistí bundúchasacha.

Bhí Proinsias ag cásamh an mheoin choilínigh taobh thiar den chóras a raibh tionchar díobhálach aige ar na glúnta bundúchasacha. “Iarraim maithiúnas as an dochar a rinne an oiread sin Críostaithe do na bundúchasaigh,” a dúirt sé.

Bhí siad go léir bailithe ag “Powwow Arbour”, áit speisialta atá ag náisiúin na mbundúchasach a úsáidtear le haghaidh tionóil phoiblí agus ceiliúradh. Tar éis óráide an Phápa, chuir an Taoiseach Wilton Littlechild ceannbheart cleití ar cheann an Phápa agus lig an lucht féachana na gártha molta astu.

I measc na bhfreastalaithe, bhí Taoiseach Cheanada, Justin Trudeau, an t-ardghobharnóir, Mary Simon, agus Taoiseach Náisiúnta Thionól an Chéad Náisiún, RoseAnne Archibald, chomh maith le cúpla reachtóir feidearálach.

Gan dabht, ba é an rud ba thochtmhaire a tharla ná léiriú coscrach den amhrán náisiúnta Cheanada canta i dteanga na Cree ag bean dhúchasach, agus na deora go fras léi.

“Is nóiméad speisialta é seo do na daoine a tháinig slán,” arsa Phil Fontaine, iar-Thaoiseach na Chéad Náisiún agus duine a tháinig slán freisin.

Bhí an Eaglais Chaitliceach i bhfeighil níos mó ná leath na scoileanna cónaithe i gCeanada, a bhí ar níos mó ná 150,000 páistí bundúchasaigh freastal orthu, idir timpeall 1870 go dtí 1997.

Ní théann an leithscéal fada go leor

Tar éis na méide a bhí ráite ag an bPápa, chuir rialtas Cheanada in iúl go soiléir nach dtéann a leithscéal fada go leor, ag tabhairt le fios go bhfuil go leor oibre le déanamh fós ag an Eaglais ar son athmhuintearais.

Is ionann gearáin an rialtais agus gearáin na mbundúchasach – nach ndearna an Pápa tagairt don drochúsáid ghnéasach a d’fhulaing páistí bundúchasaigh sna scoileanna, agus nár ainmnigh an Pápa an Eaglais Chaitliceach mar institiúid a bhfuil freagrach as na rudaí uafásacha a tharla. Ní hamháin sin, ach ní dúirt an Pápa faic mar gheall ar chúiteamh nó infheistíocht, nó faoi fhreagracht na ndaoine a bhain mí-úsáid as leanaí sna scoileanna cónaithe, nó mar gheall ar na déantúsáin bhundúchasaigh atá fós sa Vatacáin. Bhí na bundúchasaigh ag impí ar an bPápa freisin an ‘Doctrine of Discovery’ ón 15ú haois a chur ar ceal, agus cé go ndúirt sé nach rud maith a bhí ann, níor chuir sé ar ceal é ach oiread. Sa pholasaí Eaglaise sin, thug an Eaglais Chaitliceach beannacht do na coilínigh Eorpacha talamh a ghabháil ó neamh-Chríostaithe.

Cinedhíothú

Cé nár úsáid an Pápa an focal ‘Cinedhíothú’ ar chor ar bith ar feadh na seachtaine a bhí sé ar cuairt go Cheanada, úsáid sé é ar an eitilt ar ais go dtí an Róimh. Dúirt sé gur focal oiriúnach é cinedhíothú, a dhéanann cur síos grinn ar cad a tharla sna scoileanna cónaithe i gCeanada.

“Níor úsáid mé an focal ‘cinedhíothú’ mar níor rith sé liom é a úsáid, ach is é sin a ghlaofá air,” arsa Pápa Proinsias leis na tuairisceoirí a bhí ar an eitilt leis.

Cad é le déanamh anois?

Dúirt Príomh-aire Cheanada, Justin Trudeau go raibh tionchar mór ag cuairt an Phápa ar an lucht inste scéil, ach nach raibh ann ach an chéad choiscéim. Is rud neamhchoitianta é don phríomh-aire labhairt faoin bPápa sa tslí sin, in ainneoin an ceart a bheith aige. Ar aon nós, rinne Trudeau agus a rialtas de réir a mbriathair. Mar chuid den socrú a baineadh amach i gcás cúirte, dhíol an rialtas cúiteamh sna billiúin dollar do phobal na mbundúchasach. Níor thug an Eaglais Chaitliceach fós dóibh ach 50 milliún, agus tá sé beartaithe aici 30 milliún eile a thabhairt dóibh sa todhchaí. Tá sé soiléir go bhfuil ar an Eaglais Chaitliceach lámh a chur ina póca chun a dualgas a chomhlíonadh agus chun clabhsúr cothrom a chur ar an gcaibidil náireach seo ina scéal.

.

.

gaGaeilge