Contúirt Dhúbailte!

Contúirt Dhúbailte!

Aon uair a bhíonn tú ag déanamh trua duit féin agus don ár dtír, bog siar nóiméad agus smaoinigh ar an bpictiúr mór.  Go minic, d’fhéadfaí cúrsaí a bheith i bhfad níos measa. Inniu tá scéal agam faoi thír bheag a bhfuil an dearg-mhí-ádh uirthi.  Tar éis an scéil seo a léamh, is dócha go mbeidh tú in ann rudaí a fheiceáil go difriúil agus a bheith buíoch as an saol iontach atá againn sa tír álainn seo.  Ach beidh rabhadh dúinn sa scéal freisin.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, ghabh na Stáit Aontaithe seilbh ar an gcuid is mó den Mhicrinéis i lár an Aigéin Chiúin, lonnaithe idir Havaí agus an Astráil.  Tá níos mó ná dhá mhíle oileán sa Mhicrinéis agus tá an tír i gceist (Poblacht na hOileáin Marshall) sa ghrúpa seo. Tá na tíortha seo saor anois.

An Chéad Chontúirt – Radaíocht

Tá fiche naoi n-atall coiréil agus cúig oileán coiréil sa tír, scaipeadh amach tríd leathmhilliún ciliméadar cearnach san aigéan, le timpeall is seasca céad daoine ina gcónaí ann.  Is í ceann de na tíortha is iargúlta ar an domhan. Is chuige sin go díreach gur roghnaigh na Stáit Aontaithe í chun tástáil núicléach a dhéanamh tar éis an chogaidh. Idir 1946 agus 1958, pléascadh seasca seacht mbuama adamhacha sa tástáil seo, buamaí hidrigine san áireamh.  Cé go n-aslonnaítear muintir na háite ó láthair thástála go dtí oileán eile, ina ainneoin sin fuair a lán daoine tinneas radaíochta agus ailse. Rinneadh damáiste géiniteach dóibh freisin, ionas go raibh neamhghnácha galair ag go leor naíonáin nuabheirthe. Ní fhéadfaí cónaí ar chuid de na hoileáin sin anois agus le tamall fada sa todhchaí, de bharr truailliú radaighníomhach ó phlútóiniam-239 agus caeisiam-137. 

Tá sé dochreidte go raibh a fhios ag Rialtas na Stáit Aontaithe go mbeadh na hoileánaigh ina gcónaí in áiteanna a bhí éillithe ag radaighníomhaíocht.  Rinne muca guine dóibh chun taighde a dhéanamh ar an dochar a dhéanann radaíocht núicléach mar sin do dhaoine. Ba é sin Tionscadal 4.1 a bhí leagtha amach ag Rialtas na Stáit Aontaithe, agus tionscadal uafásach ba ea é a lean ar aghaidh ar feadh tríocha bliana.  Deirtear go bhfuil áiteanna sa réigiún ina bhfuil an leibhéal radaíochta chomh hard le Searnóbail nó Fukishima fós. 

Nuair a bhí na Stáit Aontaithe críochnaithe leis an tástáil núicléach seo, chuir siad an smionagar núicléach (ochtó míle méadar ciúbach) isteach i gcruinneachán clúdaithe le díon coincréite ar oileán Runit agus d’imigh siad abhaile, ag fágáil léirscrios na timpeallachta ina ndiaidh.

Tá na hOileáin Marshall fós ag lorg níos mó cabhrach ó na Stáit Aontaithe, ach deir na Stáit Aontaithe go bhfuil siad cothrom leo cheana féin ó thaobh tacaíocht de. 

Séanann na Stáit Aontaithe go ndearna siad aon rud mícheart, agus gur leis na hOileáin Marshall aon fhadhbanna atá acu a réiteach, maidir le cúrsaí radaíochta agus an cruinneachán Runit (nó an ‘Tuama’ mar a thugtar air) san áireamh.

An Dara Contúirt – Uisce

D’fhógair rialtas na nOileán Marshall géarchéim aeráide náisiúnta le déanaí, ag iarraidh ar an bpobal idirnáisiúnta fhreagairt don ghéarchéim seo agus iad ba chúis leis sa chéad áit.

Níl na hOileáin Marshall ach cúpla méadar in airde os cionn leibhéal na farraige ar an meán, agus toisc go bhfuil an leibhéal uisce ag ardú, tá damáiste ag tarlú ann anois, agus ag éirí níos measa gach bliain.  Tá seans mór, mura ndéantar aon rud, nach bhféadfaí daoine maireachtáil sa tír tar éis 2050.

Tarlaíonn triomaigh fada agus neamhshéasúrach níos minice anois ann, agus tá sáile ag meascadh isteach le fíoruisce.  Is é a dúirt Michael Gerrard, ó Ollscoil Columbia ná: “Traein earraí is í an t-athrú aeráide ag réabadh díreach i dtreo na hOileáin Marshall.  Níl cúis chomh láidir ag aon tír eile géarchéim a fhógairt!”

Contúirt Dhúbailte – Rabhadh

Sna hoileáin mhí-ámharacha seo, tá an riosca núicléach agus an riosca athrú aeráide ceangailte le chéile i dtaispeántas marfach a léiríonn na contúirtí mar gheall ar easpa gníomhaíochta tíortha an domhain – go háirithe na Stáit Aontaithe.  Má thógtar neamhaird do na rioscaí sin, beidh orainn aghaidh a thabhairt ar an scéal sin luath nó mall. 

Ar an drochuair, níl an dara rogha ag muintir na hOileáin Marshall – caithfidh siad rud éigin a dhéanamh anois roimh thubaiste núicléach nó roimh bhá a dtír.

.

.

  .

Contúirt Dhúbailte!

Athruithe Móra!

meachán fianaise doshéanta ann gur tír iarchaitliceach atá againn sa lá atá inniu ann! Nach bhfuil sé sin dochreidte don tír a thugtar Oileán na Naomh agus na n-Ollúna uirthi le fada. Tá sé dochreidte freisin nuair is cuimhne dúinn go raibh timpeall dhá mhilliún go leith ag freastal ar na hócáidí a bhí ar siúl ar fud na tíre nuair a tháinig an Pápa Jean-Paul II ar chuairt anseo sa bhliain 1979!  I mbealach, ba é cuairt an Phápa ansin deireadh órga agus tús fíor-mheatha na hEaglaise in Éirinn.

Nuair a tháinig an Pápa Francis ar chuairt go hÉirinn an bhliain seo caite, tháinig sé ar thír athraithe, mar bhí meath mór tagtha ar an Eaglais in Éirinn. Mar shampla, bhí beagnach a deich n-oiread ag freastal ar Aifreann an Phápa sa bhliain 1979 ná mar a bhí sa bhliain 2018!

Cad a tharla?

Toradh é ar go leor rudaí éagsúla a bheith ag teacht le chéile, ní amháin in Éirinn, ach ar fud an domhain freisin. cúiseanna domhandú cultúrtha, geopholaitíochta, eacnamaíochta, déimeagrafaigh agus uirbiú tábhachtach ann, gan dabht. Ach cibé dóigh a n-amharclann tú air, níl mórán dabht ach go ndearna na scannail eaglaisí an drochscéal níos measa, agus bhí sé mar bhuille maraithe na muice. Níl aon ghanntanas anailíse ar an ábhar sin, agus níl mé chun dul siar ar chúiseanna an mheatha eaglaise anseo. Tá an bhéim anseo ar an meath féin agus a thionchar ar ár gcultúr agus ár dteanga.

Cá bhfuil muid anois?

Sna seachtóidí, d’fhreastal níos mó ná nócha faoin gcéad daoine ar an Aifreann, ach anois freastalaíonn timpeall tríocha trí faoin gcéad, agus in Ard-deoise bhaile Átha Cliath, titeann an uimhir sin go níos lú ná fiche faoin gcéad.  

Bhí níos mó ná sé míle gnáthchléir i 1979, ach anois níl ach timpeall trí míle, le meánaois os cionn seachtó bliain d’aois acu!  Toisc go bhfuil easpa mhór sagairt ann, ní mór don Eaglais ciorraithe géara a dhéanamh gach bliain.  

Samplaí Léiriúcháin

cúpla sampla agam a thaispeánann cé chomh tromchúiseach is atá an meath seo do Ghaeilgeoirí in Éirinn.

Dún Laoghaire: Bhí pobal Aifreann Gaeilge Dhún Laoghaire i ndeisceart Bhaile Átha Cliath míshásta, a deir siad, go bhfuil an Eaglais Chaitliceach ag tabhairt neamhaird ar a n-iarratas Aifreann Gaeilge a chur ar fáil arís sa pharóiste.  Bhíodh Aifreann Gaeilge ar siúl gach Domhnach i Séipéal Naomh Micheál ar an mbaile ar feadh leathchéad bliain go dtí arú anuraidh.  

Oileáin Árann: Ní raibh ach beirt shagart ag freastal ar na trí oileáin i 2013, ach ag deireadh na bliana fuair sagart amháin bás, agus tar éis sin ní raibh ach sagart amháin fágtha leis an obair sin a dhéanamh. Tar éis sin, bhí air an tAifreann a léamh ar Inis Mór gach Satharn sa tráthnóna agus gach Domhnach ar maidin. Tar éis Aifreann an Domhnaigh, bhí air dul ar bhád go dtí Inis Meán seachtain amháin nó Inis Oírr an tseachtain eile, chun Aifreann eile a léamh.

An Rinn: Bhí alt ag Katherine Foley ón Rinn le déanaí (Tuairisc.ie) ina ndúirt sí: Deireadh ré a dúirt cuid mhaith daoine nuair a tháinig siad amach ó Aifreann an Domhnaigh i Séipéil San Nioclás i nGaeltacht na Rinne an Domhnach seo caite. Agus: ‘Ní léifear an tAifreann anseo gach maidin Domhnaigh feasta.Dúirt sí freisin: ‘Beidh sé aisteach dul thar theach an tsagairt i mBaile na nGall sa Rinn agus a fhios againn go bhfuil an teach folamh agus an fear é féin imithe chun cónaí sa bhaile mór in éineacht le meitheal sagart, de réir orduithe na deoise. Mura bhfuil Gaeilge ag gach duine acu, ciallaíonn an t-athrú seo go bhfuil seans ann nach i nGaeilge i gcónaí a léifear an tAifreann sa Rinn amach anseo.  

Conclúidí

Insíonn na fíricí an scéal, agus níl an Eaglais Chaitliceach chun méadú in Éirinn go ceann i bhfad, agus b’fhéidir riamh.  Ach maireann ár gcultúr agus ár dteanga, in ainneoin na hathruithe móra a thagann orthu ó am go ham. Chun críoch a chur ar an sceál seo, nach nath é seo a fheileann go maith do na cúinsí mar a dúirt Tomás Ó’Criomhthain: Ní bheidh ár leithéidí arís ann!’

.

.

.

Contúirt Dhúbailte!

Greta Thunberg !

Nuair a bhí ár dtír níos boichte i bhfad, roimh ré an fhóin cliste, ní saol gan locht a bhí againn. Ag an am sin, cheapamar dá mbeadh an tír níos saibhre, go réiteofaí ár gcuid fadhbanna. Ach ní mar a shíltear a bhítear, agus i mbun flúirse an Tíogair Cheiltigh agus arís sa lá atá inniu ann, cuireadh an mhíthuiscint sin ina ceart, agus fuaireamar amach nach raibh chomh simplí is a cheaptar.

Is é céard a tharla ná gur mhalartaíomar sraith amháin fadhbanna ar shraith eile! Sa domhan thiar, déanann gach tír iarracht a eacnamaíocht a neartú, mar is tuairim é a bhfuil glacadh forleathan leis. Ach tá fadhb mhór le fás eacnamaíoch gan srian! De ghnáth, is é an rud is tábhachtaí do chomhlachtaí uasmhéadú brabúis. Agus má thagann cuid den bhrabús sin le dochar a dhéanamh do leas an phobaildon phláiad, bíodh sé mar sin!  Nuair nach bhfuil an córas rialála láidir go leor, bíonn borradh eacnamaíoch ar feadh tamaill. Ach chomh cinnte is atá grian sa spéir, bíonn géarchéim eacnamaíochta ina dhiaidh. Ar an lámh eile, má bhíonn an córas rialála róláidir, bhíonn na comhlachtaí náisiúnta in ann dul in iomaíocht le comhlachtaí i dtíortha eile nach bhfuil faoi shrianta chomh láidir.

Inniu, díreoidh mé an spotsolas ar an dochar millteanach a dhéanann a lán comhlachtaí don timpeallacht. Cuireann an dochar sin go mór isteach ar dhaoine, go minic ar fud an domhain!  Fadhb mhór is ea ár rósplchas ar bhreoslaí iontaise. Aithníodh tamaill ó shin gurbh é ba chúis le go leor den truailliú aeir agus den téamh domhanda freisin.

Sna tíortha saibhre, go háirithe, de chúram morálta orainn an chine dhaonna agus an timpeallacht a chaomhnú, cé gur athchiontóirí go leor againn!

Ní mór dúinn go léir bealach a fháil chun na cleachtaí éillithigh mar sin a laghdú roimh dhíothú an phláinéid agus an chine dhaonna féin. Tá sé an-tábhachtach a bheith gníomhach i gcúrsaí polaitíochta, ionas go mbeimid in ann brú a chur ar gach Rialtas na hathruithe molta a dhéanamh. Tá sé an-tábhachtach, freisin, ár n-airgead a chaitheamh go freagrach chun drochchleachtaí a laghdú agus dea-chleachtaí a mhéadú ó thaobh an mhaitheas de.

Faraor, cuireann tíortha saibhre, Éire san áireamh, leis na fadhbanna sin, in ionad iad a réiteach. B’fhéidir gur thosaigh casadh na taoide mar sin féin, i gcás daoine óige, go háirithe. Féach ar an difríocht atá á dhéanamh ag an Suallanach Greta Thunberg. Níl sí ach sé bliana déag d’aois, ach tá aithne ag beagnach gach duine uirthi, agus tá go leor lucht leanúna aici ar fud an domhain. Tá sí an-ghníomhach i gcúrsaí polaitíochta domhanda, agus spreagann sí a lán daoine eile agus go háirithe daoine óga, seasamh docht a ghlacadh ar chaomhnú na timpeallachta. Thosaigh sí gluaiseacht gnáthdhaoine óga atá cumhachtach ar an stáitse domhanda. Dá bhrí sin, bíonn daoine óga an-ghnóthach. Mar shampla, eagraíonn siad léirsithe sráide idirnáisiúnta go minic, ag iarraidh tuilleadh brú a chur ar rialtais ar fud an domhain na fadhbanna timpeallachta a réiteach cé chomh tapa agus is féidir leo, sula mbeidh sé ródhéanach.  Tá an ceart acu, mar níl sé ceart todhchaí an phláinéid a chur i ngeall, chun pócaí daoine saibhre a líonadh le hairgead anois. Is drochmhargadh é sin don phláinéad agus do gach duine a mhaireann air, agus go háirithe do na daoine óga, mar tá an téamh domhanda ag éirí níos measa gach nóiméad!

Íomhá íocónach an ré seo ná Greta Thunberg ag stánadh ar Trump agus an bheirt acu ag freastal ar chruinniú na Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac le déanaí. Dúirt sí ag an gcruinniú, ag caint dhíreach go dtí na ceannairí:

“Ghoid sibh ár naislingí agus ár n-óige dúinn leis na focail fholmha atá le rá agaibh! súile na nglún atá ag teacht ag féachaint oraibh anois, agus má roghnaíonn sibh theip orainn, ní mhaithfidh muid go deo é! Ní ligfimid é sin libh! Anois díreach, anseo díreach tá na sceana géaraithe!

Is mór an t-ugach é go bhfuil an-ghean ag daoine óga ar an timpeallacht dhomhanda, agus go bhfuil siad ar iarraidh rud éigin a dhéanamh faoi!

Is comhartha dóchais é sin, go deimhin!

.

Contúirt Dhúbailte!

Na Cúramóirí Ciúin Cróga sa Bhaile!

Sa lá atá inniu ann, níl mórán dea-scéala faoin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) in Éirinn.  Chualamar go léir faoi chonspóid smearaidh as an gceirbheacs le déanaí. Ach thosaigh an chonspóid seo i mí na Bealtaine 2011, agus ní thuigim ó thalamh an domhain cén fáth nach bhfuil sé ceartaithe fós.  Níl an mhoill mhór sin inleithscéil, i mo thuairim. Beagnach gach lá, léimid faoi chiorruithe géara ag teacht maidir le seirbhísí sláinte phoiblí, nó faoi róchaiteachas ar Ospidéal na Leanaí. Téann an FSS thar a mbuiséad gach bliain, agus mar sin gearrann siad siar ar na seirbhísí sláinte phoiblí agus go háirithe ar na seirbhísí do phinsinéirí agus daoine eile a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu.  I mbliana, tá buiséad timpeall 450 milliún euro do chabhair sa bhaile (‘Home Care Package’) agus 1 billiún euro don Scéim Cothrom na Féinne (‘Fair Deal’), scéim a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do chúram fadtéarmach i dteach altranais. Cé go bhfuil dualgas reachtúil ar an Rialtas seasamh le gealltanas na Scéime, ní bhaineann an dualgas céanna le cabhair sa bhaile. Mar sin, nuair atá buiséad caite ag an Rialtas do chabhair sa bhaile, stadann siad an cabhair ansin don chuid eile den bhliain fhioscach.  Ach leanann an Scéim Cothrom na Féinne ar aghaidh tar éis a buiséad a bheith caite.

Chuala mé faoi chásanna agus diúltaíodh do dhaoine cabhair sa bhaile, ach ceadaítear dóibh don Scéim.  Níl ciall ar bith i gcinneadh mar sin, mar tá sé i bhfad níos saoire tacaíocht a thabhairt sa bhaile ná i dteach altranais.  Tá sé thar am neamhéifeachtúlacht bunaithe ar ghnásanna maorlathacha mar seo a shocrú. 

Tá a lán daoine an-lách ag obair san FSS, agus déanann siad a ndícheall cuidiú le daoine eile.  Ach admhaíonn fiú amháin na daoine sin go bhfuil an FSS briste agus tuigeann siad go han-mhaith na fadhbanna atá ag baint leis.  Tá sé thar am don bhord bainistíochta éisteacht leis na daoine ar an talamh, mar a déarfá.

Tá cúramóirí ar fheabhas ag obair don FSS, in ainneoin na bhfadhbanna eagraíochta.  Ar an drochuair, níl siad in ann a lán tascanna tábhachtacha a dhéanamh, agus sin rud eile ba cheart a athrú.

In ainneoin FSS mífheidhmiúil, leanann an tír ar aghaidh ar bhealach éigin.  Cén chaoi é sin?

Cúramóirí Sa Bhaile

Go minic, bíonn duine den teaghlach ag tabhairt aire sa bhaile do ghaol atá leochaileach.  Go minic, freisin, bíonn na daoine seo ag gabháil d’obair dheonach gan íocaíocht. Tá sé níos measa fós go bhfuil dhá thrian dóibh ag déanamh an obair sin ar feadh níos mó ná céad uair an chloig sa tseachtain.  Is daor a dhíolann siad as an ról seo, mar bíonn dúlagar ar roinnt mhaith acu, agus déanann sé imní do roinnt eile, agus níl an ról seo go maith don tsláinte fisiciúil ach oiread. 

Cuireann na cúramóirí seo riachtanais daoine eile roimh a riachtanais féin, agus táimid go léir sa tír seo faoi chomaoin acu ar fad. 

Go minic, ní thugtar an saghas nó an méid cúram ón FSS atá ag teastáil.  Mar sin, ní rud neamhghnách é go mbíonn cúramóir lánaimseartha sa bhaile, agus cúramóir FSS ag teacht isteach freisin.  Níl cúramóirí FSS in ann a lán rudaí a dhéanamh, seachas cúnamh le gléasadh agus sláinteachas pearsanta. Níl siad ceadaithe obair tí a dhéanamh, béilí a réiteach nó aon siopadóireacht a dhéanamh.  Níl ach fiúntas teoranta ann do dhaoine soghluaiste, agus níl siad in ann maireachtáil ar na seirbhísí sin as féin.

Focail Dheireanacha

Tá go leor le foghlaim as na meastacháin atá le fáil maidir le cúramóirí.  Seo achoimre thapa. Meastar go bhfuil 360,000 cúramóirí ag obair sa bhaile gan phá.  Chomh maith leis sin, tá 110,000 cúramóirí lánaimseartha sa bhaile a bhfaigheann liúntas ón rialtas.  Cosnaíonn sé seo níos mó ná 800 milliún euro in íocaíochtaí – an séú cuid níos saoire ná a bheadh sé leis an FSS. 

Sábhálann na cúramóirí sa bhaile b’fhéidir deich mbilliún euro don Rialtas gach bliain. 

Léiríonn sé seo go soiléir go bhfuil gnaíúlacht neamhleithleach beo fós inár gcultúr agus inár dtír.  Rud maith é sin, mar ní oibreodh ár gcóras sláinte in easpa na ndaoine iontacha seo, mar is cnámh droma na tíre iad, gan dabht.

Ach caithfidh an Rialtas leanúint den iarracht le teacht ar réiteach, go háirithe mar beidh a dhá oiread pinsinéirí i gceann fiche bliain eile.  In ainneoin dhícheall na gcúramóirí, níl sé réalaíoch bheith ag súil le míorúiltí mar sin.

.

Contúirt Dhúbailte!

Sacar na mBan!

Ar an bpáirc!

Ní raibh a fhios agam ar an lá breá gréine sin i mí Iúil sa bhliain 1999 gur lá stairiúil a bheadh ann, ar thaobh sport na mban de. Bhí mé ag tiomáint ó San Diego go dtí an Rose Bowl i bPasadena, chun cluiche ceannais Chorn Domhanda na mBan a fheiceáil. Bhí na Stáit Aontaithe ag imirt in aghaidh na Síne, agus bhí cluiche iontach eatarthu.

Bhí nócha mile i láthair, agus bhí coimhlint ghéar sa chluiche go dtí an deireadh. Tar éis an chluiche choithroim agus am breise gan aon scór, chuaigh sé go ciceanna pionóis. Nuair a chuir Liu Ying as an tSín cic pionóis ar seachrán, thug sé buntáiste do na Stáit Aontaithe. Sa deireadh, ní raibh ach cic amháin fágtha, agus an scór 4-4. Chiceáil Brandi Chastain leis an gcos chlé, cé gur imreoir deasach í. Scóráil sí ceann iontach, agus lig an slua gáir áthais astu! Chaith sí í féin ar a glúine, agus bhain sí di a geansaí agus í ag céiliúradh an bua mór seo sa bhaile. Bhí na grianghraif den radharc sin ar chlúdaigh irisí cáiliúla cosúil le ‘Newsweek’, ‘Sports Illustrated’, agus ‘Time Magazine’. Agus leis sin, bhain an spórt leibhéal nua amach, go háirithe sna Stáit Aontaithe.

Fiche bliain ina dhiaidh sin, agus an iomaíocht i bhfad níos géire, bhuaigh na Stáit Aontaithe an Corn Domhanda in aghaidh na hOllaine i gcluiche thar barr. Rugadh laochra nua sa Chorn Domhanda seo, cosúil le Megan Rapinoe, Alex Morgan, Tobin Heath agus Rose Lavelle (Stáit Aontaithe), Sam Kerr (an Astráil), Wendie Renard (an Fhrainc), Lieke Martens agus Vivianne Miedema (an Ollainn), Marta (an Bhrasaíl) agus Fran Kirby (Sasana), gan ach roinnt bheag a lua!

Agus, cosúil le fiche bliain ó shin, bhain an spórt leibhéal nua amach arís, an t-am seo mar spórt mór ar an stáitse domhanda. Meastar go raibh níos mó ná billiún lucht féachana i mbliana agus iad ar bís.

Cé gur éirigh thar cionn leo ar an bpáirc, níor éirigh chomh maith céanna leo as an bpáirc!

.

As an bpáirc!

Cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar coinníolacha do mná sa sport seo, tá bóthar fada rompu fós!

Cé go bhfuil sé deacair a chreidiúint gur chuir na Cumainn Sacair in alán tíortha cosc ar mná a bpáirceanna shacair a úsáid le thart ar caoga bliain go dtí 1971, tá sé dochreidte cé chomh fada agus a tháinig socar na mban sna beagnach caoga bliain eile ó shin.

Ach níl said críochnaithe fós. Tá sé an-suimiúil gurb é an gártha lucht sacar tar éis an cluiche ceannais i mbliana ná: “pá comhionann, pá comhionann.”  Is cinnte go bhfuil argóint láidir ag na mná, go háirithe ag foireann na Stáit Aontaithe (USWNT) ina dtír féin. Tá an argóint níos láidre fós dóibh tar éis an Corn Domhanda a bhuachan gan dua den cheathrú huair.

Ar na saolta seo féin tá níos mó á shaothrú ag na fir. Mar shampla, bhí duachiste $30 milliún le Corn Domhanda na mBan i mbliana. Is mór idir é seo agus an duachiste Corn Domhanda na bhFear an bhliain seo caite – $400 milliún. Déantar argóint nach bhfuil sé sin éagórach, mar rátaí lucht féachana teilifíse i bhfad níos mó i gcás sacar na bhfear. Cuireann FIFA an airgead seo ar fáil, agus dúirt siad, i gcás duachiste sacair na mban, go gcuirfidh siad $60 milliún ar fail don chéad Corn Domhanda eile.

Agus fiú má ghlacaimid leis go bhfuil an argóint sin fíor i gcás sacar idirnáisiúnta, tá sé i bhfad níos deacra an argóint sin a chosaint sna Stáit Aontaithe, go háirithe le tamall de bhlianta. Idir 2016 agus 2018, ghin sacar na mban (USWNT) $50.8 milliún, agus ghin sacar na bhfear (USMNT) $40.9 milliún. Sa bhlian 2015, shaothraigh Carli Lloyd $240K, an bliain a bhuaigh USWNT an Corn Domhanda. Ach sa bhliain 2014, fuair Clint Dempsey $428K agus díbríodh an USMNT roimh na babhtaí ceathrú ceannais.

I mbliana, thóg an USWNT cás in aghaidh Cónaidhm an tSacair sna Stáit Aontaithe, ag maíomh go raibh siad ag úsáid cleachtas idir dhealaitheacha de réir pá.  Feicfimid cad a tharlóidh, ach ceapaim go bhfuil cás láidir acu.  Tar éis foireann na mban a fheiceáil ar an bpáirc, ní chuirfinn geall ina n-aghaidh as an bpáirc!

.

.

.

.

.

.

   .

Contúirt Dhúbailte!

Imircigh- na firicí loma!

Sa lá atá inniu ann, príomhábhar díospóireachta is ea an imirce.  Ar an drochuair, tá a lán míthuairimí á scaipeadh. Tá sé an-éasca iad a ghlacadh gan smaoineamh, ach tá sé i bhfad níos fearr a bheith eolach roimh iad a chreidiúint.  Is é an cuspóir atá agam anseo ná na bunfhiricí den ábhar tábhachtach seo a chur i láthair. Ansin, beidh tú in ann cinntí a dhéanamh atá bunaithe ar an réasún agus ní hamháin do chuid mhothúchán.

Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha éagsúla inimircigh agus eisimircigh, mar níl siad go léir mar an gcéanna.  Tar éis sin, tá sé úsáideach na meastachán a scrúdu, ar an dá thaobh de (inimirce agus eisimirce). Geallaimse duit go mbeidh ionadh an domhan ort!

 

Cineálacha imircigh!

Imircigh dleathach:

Fuair na daoine seo cead ó tír eile a bheith mar cónaitheoirí ann.  Tá cead dleathach acu jabanna a fháil agus líontais sóisialta a bheith acu freisin.  De ghnáth, nuair a bhíonn easpa oibrithe cáilithe ag tír amháin, faigheann siad na hoibrithe ó tíortha eile.  Tá an lucht oibre seo an-tábhachtach do eacnamaíocht na tíre nua, agus taispeánann taighde daoneolas gur tairbhe iad don tír nua freisin.

Imircigh mídhleathach:

Téann an lucht seo isteach i dtíortha eile gan cead, ag lorg deiseanna fostaíochta an chuid is mó den am.  Níl siad i mbaol báis ina máthairtír.   

Dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn:

Catagóirí specialta iad seo, faoi  Airteagal a haon sa Coinbhinsiún na Ginéive (1951) agus Prótacal na Ginéive (1967).  De réir an airteagail seo, tá cosaint dleathach ag dídeanaithe mar atá sonraithe, agus níl cead ag aon tír dídeanaí a dhíbirt ar ais go dtí a mháthairtír.  Ar an drochuair, níl aon comhaontú idirnáisiúnta maidir le cá mbeidh cónaí orthu fadtéarmach. Níos measa fós, caithfidh rialtas na tíre nua cinneadh a dhéanamh ar daoine atá ag iarraidh tearmann maidir leis a stádas dídeanaithe, agus nuair atá siad ag fanacht le cinneadh (ar an meán tógann sé beagnach dhá bhliain), caithfidh an rialtas bia agus dídean a chur ar fail dóibh.  Dúshlán nach beag é sin féin, gan trácht ar cad a dhéanfar tar éis an próiceas faofa!

 

Peirspictíocht an Réasúnachais!

Tá sé an-úsáideach imircigh a roinnt idir dhá saghas, inimircigh (daoine ag teach isteach) agus eisimircigh (daoine ag dul amach). 

Imircigh dleathach:

Tá thart ar 600K inimircigh in Éirinn – dhá thrian as an AE, agus trian as tíortha eile.

Gan daoine sa Tuaisceart agus sa Bhreatain Mhóra a chur san áireamh, tá thart ar 1.5 milliún saoránaigh Éireannaigh thar lear, a rugadh iad féin nó a thuismitheoirí in Éireann.

Imircigh mídhleathach:

Meastar go bhfuil idir 20K agus 30K inimircigh mídhleathacha in Éirinn.  Meastar go bhfuil idir 30K agus 50K Éireannaigh mídhleathacha fiú amháin sna Stáit Aontaithe!

Dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn:

Tá thart ar 6,000 lucht iarrtha tearmainn ina gcónaí i sólathar díreach in Éireann, agus rinneadh thart ar 1,000 dídeanaithe a athlonnú in Éirinn.

Cé nach raibh téarmaí oifigiúl in úsáid idir 1845 agus 1855, chuaigh thart ar 1.5 milliún Éireannaigh thar lear le linn na blianta sin, go príomhá go Meiriceá Thuaidh, de thoradh an Gorta Mór.  Ó shin i leith, tá an t-ádh dearg orainn go n-éirí go maith leis ár dtír, agus nach raibh aon gá dúinn éalú ó géarleanúint.

 

Clabhsúr

Seachas an catagóir specialta dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn, tá rud mór a sheasann amach, agus is é sin an neamhchoithroime idir imircigh anseo in Éirinn agus eisimircigh Éireannaigh thar lear.  Níl aon argóint ach go bhfuil idir dhá agus a thrí oiread Éireannaigh thar lear ná eachtrannaigh in Éireann, is cuma dleathach nó mídhleathach. Mar sin, ar an iomlán, caithfidh tú glacadh go dtógann Éireannaigh níos mó jabanna agus ar ndóigh, liúntas sa domhan ná mar a dtugann siad. 

Maidir le dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn, tá dualgas orainn a chomhlíonadh anseo, agus ag an am seo, déanta na fírinne, níl muid ag déanamh an oiread a gheallamar.  Níl an dara rogha ag na créatúir sa chatagóir seo, agus tá orainn ár ndualgas a dhéanamh. Is trua mór é go bhfuil olc ar daoine áirithe leis na dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn, agus insíonn an dóigh a gcaithimid le daoine mar seo atá ar lagchuidiú, cén sort sochaí atá againn.

Is í seo an tír a chuireann fáilte chroíúil roimh gach turasóir a thagann anseo.  Nach bhfuil sé thar am fiú amháin fáilte bheag a chur roimh na himircigh a tháinig anseo agus iad i gátar!

.

.

.

.

.

gaGaeilge