Scéal Spreagúil: Naima Chaudhry
Tá scéal spreagúil agam duit inar léirigh duine misneach iontach i láthair an mhí-áidh, agus inar sháraigh sí dúshlán i ndiaidh dúshláin a tháinig roimpi.
Bhí deacrachtaí ina saol i bhfad sular tháinig Naima Chaudhry go hÉirinn. Nuair a diagnóisíodh go raibh galar néarón luadrach ar a máthair, a bhí ina tuismitheoir aonair, bhí ar Naima a bheith ina cúramóir lánaimseartha. Mar sin, ní raibh Naima ach seacht mbliana déag d’aois nuair a bhí uirthi an scoil a fhágáil. Fuair a máthair bás trí bliana ina dhiaidh sin agus ní raibh a fhios ag Naima cad ba cheart di a dhéanamh ansin. Bhí a gaolta ag cur brú uirthi cleamhnas a dhéanamh, ach ní raibh aon suim aici ann. Nuair a mhol a haintín i Manchester go mbeadh sé níos fearr di staidéar a dhéanamh i Manchester, d’aontaigh sí agus chuaigh sí go Manchester láithreach bonn.
D’fhan Naima i Manchester go dtí gur bhain sí céim amach san ollscoil, ach thit sí amach lena haintín tar éis sin. Arís eile, ní raibh a fhios ag Naima cad a dhéanfadh sí. Bhí fonn uirthi dul ar ais go dtí an Phacastáin ach ní raibh sé éasca é sin a dhéanamh, agus ní raibh seans ag bean léi féin a bheith beo ar an mbeagán! Bhí cara maith aici in Éirinn a mhol di teacht ann agus go socródh sí post di ina comhlacht. Ar an drochuair, níor oibrigh an plean sin amach, agus tar éis cúpla mí in Éirinn, i mí Aibreán, 2015, d’iarr Naima tearmann ar an Rialtas. Chuala sí go mbeadh a próiseas iarratais críochnaithe laistigh de sé mhí, ach ní mar sin a bhí an scéal!
Cuireadh chuig ionad soláthair dhírigh i gCluain Dolcáin í, agus sula i bhfad d’aithin sí nach mbeadh rudaí socraithe laistigh de sé mhí. Nuair a d’fhreastail sí ar chruinniú chumann cónaitheoirí i mí na Samhna 2015, ghlac sí ballraíocht ann. Tar éis tamaill ceapadh ina cathaoirleach í.
Thosaigh sí ag eagrú gníomhaíochtaí do na páistí ag an ionad, agus oifig eolais do dhaoine fásta mar gheall ar cheisteanna tearmainn.
“Thosaigh mé an obair sin, mar níor theastaigh uaim smaoineamh ar mo chás féin. Ach ansin, thuig mé gur thaitin sé go mór liom a bheith in ann cabhair a thabhairt do dhaoine eile.” Chomh maith leis sin, chabhraigh sí an craobh áitiúil den chlub reathaithe ‘Sanctuary Runners’ a eagrú. Agus d’fhreastail sí ar chúrsa polaitíochta i gColáiste na Tríonóide freisin!
Sa bhliain 2018, d’éirigh léi scoláireacht ollscoile a bhaint amach ag staidéar le haghaidh máistreacht i mBiteiripic i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sí fós ina cónaí in ionad soláthair dhírigh – rún nár roinn sí le haon duine eile! Rinne sí staidéar i leabharlann an Choláiste san oíche, mar bhí sí ag roinnt seomra leapa le beirt eile san ionad. Nuair a bhí uirthi a tráchtas a scríobh, thug bainistíocht an ionaid seomra stórais di le hobair a dhéanamh.
Gan mhoill i ndiaidh a staidéar i gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath a thosú, tharla géarchéim ag an ionad, mar bhí sé socraithe é a dhúnadh síos. D’eagair Naima feachtas bríomhar chun dul i ngleic leis an gcinneadh sin, agus d’éirigh léi an rialú sin a fhreaschur!
Lean an maorlathas spadánta ar aghaidh maidir lena hiarratas tearmainn, agus faoi dheireadh i mí Iúil 2020, d’fhoghlaim sí gur cuireadh a cás ar ais faoi bhráid na hArd-Chúirte in Éirinn. I mí an Mhárta 2021, iarradh uirthi a hiarratas a chur isteach arís, agus é seo á scríobh tá sí ag fanacht le hagallamh leis an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta. Tá cead oibre aici faoi dheireadh, mar fuair sí post san ionad soláthair dhírigh i gCluain Dolcáin ag eagrú gníomhaíochtaí na bpáistí ann. Cé gur rud maith e sin, tá Naima ag súil go bhfaighidh sí obair sa réimse leighis ina bhfuil cáilíocht ghairmiúil aici ann.
Is Críostaí athbheirthe í Naima, agus bhuail sí le Cian agus an bheirt acu ag freastal ag seirbhís reiligiúnach ag an ‘All Nations Church’ ar an gCuarbhóthar Theas i mBaile Átha Cliath. Tá lámh is focal eatarthu anois!
Tar éis di sé bliana ina cónaí in ionad soláthair dhírigh, tá cúrsaí ag feabhsú di faoi dheireadh. Seo mar a dúirt Naima le déanaí:
“Bhí mé ag iarraidh gnáthshaol a bheith agam le chomh fada, le cead agam a bheith in ann post a fháil agus a bheith in ann taisteal! Bhí tráth ann nach raibh mé in ann aon rud deas a fheiceáil dom féin agus ní raibh mé in ann aon saghas plean a dhéanamh; bhí sé an-deacair. Ach anois, tá cúrsaí ag athrú!”
Guímid gach rath ar Naima, agus bímis go léir buíoch as a bhfuil againn féin!