Streachailt an Sínidh Fada!

Streachailt an Sínidh Fada!

Tá mé go hiomlán trí chéile!  Nuair a bhreathnaigh mé ar an suíomh www.dataprotection.ie ar an idirlíon, chonaic mé an t-ainm ‘An Coimisiún um Chosaint Sonraí’.  Thug mé faoi deara láithreach go raibh gach rud litrithe ceart agus na sínte fada san áireamh. Nuair a bhrúnn tú ar an táb Gaeilge ar an suíomh, tagann téacs suas as Gaeilge ina bhfuil na sínte fada ar taispeáint go bródúil!

Tamall ó shin, rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisinéir den Choimisiún sin faoin a ainm a bheith litrithe go mícheart ag an HSE agus Bank of Ireland- d’fhág siad na sínte fada ar lár.  Thosaigh an Coimisiún fiosrúchán ansin, a chríochnaigh le déanaí.

Dúirt tuarascáil an Coimisiúin céanna nach bhfuil fíorchearta ag daoine a gcuid ainmneacha a bheith litrithe go cruinn agus sínte fada san áireamh ann.  Is dochreidte é sin i mo thuairim agus níl aon leithscéal a ghlacfainn, mar tá a fhios agam go ndearna an HSE agus Bank of Ireland neamhaird de na sínte fada in ainmneacha a gcustaiméirí – agus mar sin ní raibh siad in ann iad a phróiseáil.  In ionad iad a dhíriú chun é seo a shocrú, ghlac an Coimisiún le dúnmharú ár dteanga trí neamhinniúlacht.

Cén sórt cosaint sonraí é sin?  Go háirithe nuair a scríobhtar ar shuíomh an Coimisiúin féin faoi cearta daoine ná:

“Is ceart bunúsach cosaint sonraí atá leagtha amach in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an AE, a deir:

Ní mór sonraí den sórt sin a phróiseáil go cothrom chun críocha sonraithe agus ar bhonn toiliú an duine lena mbaineann nó ar bhonn dlisteanach eile atá leagtha síos sa dlí. Tá ceart ag gach duine rochtain ar shonraí a bailíodh a bhaineann leis nó léi, agus an ceart chun é a cheartú.”

Deir Airteagal 16 den EU GDPR go bhfuil dualgas ag an páirte a chuir isteach an eolas phearsanta é a cheartú tar éis iad a chuireadh ar eolas ar aon mhíchruinne.  Mura réitíonn siad an fhadhb go tapa, gearrfar pionós orthu.

In ainneoin an ráitis soiléir sin, d’eisigh an Coimisiún rialú a bhfuil ag easaontú leis na nAirteagal thuasluaite.  Agus ní hé Ciarán an t-aon duine a bhfuil a ainm litrithe go mícheart i gcóras éigin comhlachtaí poiblí nó príobháideacha, agus mar sin baineann rialú uafásach an Coimisiúin leis a lán daoine sa tír, cé nach bhfuil siad go léir chomh glórach le Ciarán.

Iontas na n-iontas, níorbh é an chéad uair a tharla deacrachtaí le láimhseáil an síneadh fada ach an oiread.

B’fhéidir gur cuimhin leat go rinneadh cáineadh géar anuraidh ar an bPríomh-Oifig Staidrimh mar nach n-áiríonn a gcóras chun eolas a chur ar fáil faoi na hainmneacha is coitianta a thugtar ar leanaí, ainmneacha a bhfuil sínte fada iontu. Deacrachtaí teicneolaíochta an míniú a bhí ag an CSO ar an gcóras acu a bheith lochtach.

Níorbh aon ionadh é mar sin, gur dúirt an HSE agus Bank of Ireland araon gur cúrsaí teicneolaíochta ba cúis le hainmneacha a bheith litrithe go mícheart acu freisin.

Ní aontaím leis an leithscéal gan dealramh sin – níl ann ach bleadar.

Tá teicneolaíocht sheanbhunaithe ann le déileáil ní amháin le carachtair san aibítir Rómhánach, a bhfuil aiceann orthu, ach le haibítre agus siombail an-difriúil, mar shampla leis an tSínis, an tSeapáinis agus an Ghréigis.  Níl aon deacrachtaí teicneolaíochta ag baint leis úsáid na teangacha sin ar córais ríomhaireachta.

I mo thuairim, ní chuirtear tacaíocht don teanga Gaeilge mar riachtanas bogearraí, nuair a dhearadh na córais sin atá i gceist.  Tá an Ghaeilge mar theanga oifigiúil na hÉirinn agus is mór dár gcórais digiteacha í a thacaíocht. Tá daoine ann cosúil le mo bhean chéile, nach bhfuil ach ainm Gaeilge acu, ina bhfuil sínte fada iontu.  Is rud do-ghlactha é in Éirinn thar áit ar bith eile, gan a bheith in ann ainm Gaelach mar seo a litriú go cruinne.

Dála an scéil, tar éis rialú an Coimisiúin, tá Ciarán ag smaoineamh ar achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh.  Is cath mór é seo ar mhaithe le cúis fhiúntach, agus tá súil agam go mbuafaidh sé sa deiridh.

Measaim go bhfuil sé íorónta go mb’fhéidir go dtiocfaidh an EU i gcabhair orainn chun litriú ár dteanga féin a chaomhnú, gan smid as ár Rialtas féin ach mífhaisnéis!

.

Streachailt an Sínidh Fada!

Tír gan teanga, tír gan anam!

Bhí mé ar an idirlíon le déanaí, agus de thimpiste tháinig mé ar alt an-spéisiúil.  Cheap mé go díreach go roinnfinn libh céard a fuair mé amach. Tá náire orm a rá go raibh mé aineolach go huile is go hiomlán ar an ábhar seo. Gaeilge Mhanann, nó Maininnis, atá i gceist agam anseo.

Cé go raibh cleachtadh agam ar Ghaeilge na hAlban, an Bhreatnais, agus fiú amháin an Bhriotáinis, níor chuala mé riamh faic faoi Ghaeilge Mhanann.   Baineadh stangadh asam nuair a bhreathnaigh mé ar thaifead ar YouTube agus bhí mé in ann roinnt mhaith den teanga labhartha a thuiscint.

Thosaigh an t-alt thuasluaite le tagairt don ‘Atlas theangacha an Domhain atá i mbaol i 2009’.  Sa tuarascáil sin, dúirt siad gur theanga mharbh í an Mhanainnis ón mbliain 1974, an bhliain a fuair an cainteoir dúchais deireanach, Ned Maddrell, bás.  Chuir an dearbhú sin fearg ar lucht scoile ‘Bunscoil Ghaelgach’ ar Oileáin Mhanann. Scríobh na daltaí litir as Gaeilge Mhanann go UNESCO, ag cur an cheist seo orthu: Má tá ár dteanga marbh, cén teanga ina bhfuil sé seo scríofa?   Tar éis sin, d’athraigh UNESCO stádas na teanga sin go -‘i mbaol criticiúil -’. Tá an stádas mar a bhí i 2019, ach tá stádas ‘Athnuaite’ ag an teanga freisin, mar tá feabhas tagtha uirthi le déanaí. Tá níos mó daoine ag labhairt Gaeilge Mhanann, agus tá níos mó eachtraí teanga agus cultúrtha ar siúl freisin ná mar a bhí le blianta.  B’fhéidir go bhfuair an cainteoir dúchais deireanach bás – ach ní bhfuair an teanga féin bás. Bhí cúpla duine ag obair go dian ó na seascaidí i leith chun a dteanga a chaomhnú – mar shampla, Douglas Faragher agus Brian Stowell. Gúgláil iad, má tá suim agat.

Thóg manaigh agus trádálaithe an Ghaeilge as Éirinn go dtí Oileán Mhanann sa cheathrú agus sa chúigiú haois.  Bhí na hÉireannaigh an-láidir sna laethanta sin, agus ceaptar gur thóg siad an Ghaeilge go hAlbain timpeall an ama sin freisin, agus faoi mar a tharla in Albain, d’athraigh an Ghaeilge in Oileán Mhanann agus d’éirigh sí ina teanga indibhiúil fhéin, faoi dheoidh.

Sa naoú haois déag, thosaigh an teanga ag dul i léig.  Ag an am sin, bhí an-tóir ag turasóirí ar an gcuid seo den mBreatain Mhór, agus ba mhór an bua é a bheith in ann an Béarla a labhairt.  Bhain daoine tairbhe eacnamaíoch as an turasóireacht agus dá bhrí sin d’fhás drochmheas ina measc ar a dteanga féin. Chomh maith le sin, d’aistrigh oibrithe ó áiteanna iargúlta, áiteanna ina raibh a dteanga bheo láidir fós go dtí na cathracha chun obair a fháil. Tharla rudaí mar sin in Éirinn freisin, agus tá siad ag tarlú fós. Tá sé deacair teanga a chaomhnú nuair nach bhfuil obair ar fáil sa bhaile.

Bunaíodh ‘Yn Cheshaght Ghailckagh’ (cosúil le Conradh na Gaeilge) sa bhliain 1899, chun an teanga a chaomhnú agus chun taifeadtaí fuaime a dhéanamh.  Chuaigh an tUachtarán De Valera ar cuairt go hOileán Mhanann i 1948 agus sheol sé gléas taifeadta chucu chun cúnamh a thabhairt dóibh.

Sna nóchaidí, nuair a chonaic daoine cé chomh maith is a d’éirígh le naíonraí Gaeilge na hAlban in Albain, bunaigh carthanacht oideachais darb ainm Mooinjer Veggey (Muintir Beaga) a naíonra féin in Oileán Mhanann.  D’éirigh leis go maith, agus in éineacht le ‘Sheshaght ny Parentyn’ (grúpa tuismitheoirí) agus an Roinn Oideachais, thosaigh siad ranganna as Gaeilge Mhanann, agus ansin thosaigh siad Gaelscoil bheag darb ainm ‘Bunscoill Ghaelgagh’.  Sa bhliain 2006 deineadh scoil neamhspleách di lena hardmháistir féin.  Tá níos mó ná seachtó dalta sa scoil sin anois, agus tá a lán tuismitheoirí agus daoine fásta eile ag foghlaim na teanga freisin.  Tá athbheochan an cheoil thraidisiúnta ag tarlú chomh maith, agus bannaí cosúil le ‘Barrule’ ag seinm cheoil ar fud an domhain. Agus tá na meáin shóisialta ag cabhrú le teanga agus cultúr a scaipeadh freisin.

Cé go bhfuil Gaeilge Mhanann i mbaol níos measa ná an Ghaeilge s’againne, nach suimiúil na cosúlachtaí atá idir an dá chur chuige chun na dteangacha a chaomhnú.  Ag deireadh an lae, is í an phoiblíocht an t-inneall caomhnaithe, le tacaíocht an Rialtais, agus is é lántumadh luath an eochair a chinntíonn na torthaí.

.

Streachailt an Sínidh Fada!

Coláiste  na Rinne

Gan amhras ar bith, ceapann a lán daoine go bhfuil na Gaeltachtaí go léir in Iarthar na hÉireann.  Agus cé go bhfuil an chuid is mó de na Gaeltachtaí san Iarthar, tá dhá Ghaeltacht bheaga in oirthear na tíre!  Tá ceann amháin i gContae na Mí agus an ceann eile i gContae Phort Láirge. Is Gaeltacht neamhghnách í Gaeltacht na Mí, mar sna tríochaidí sa chéad seo chaite,  shocraigh Rialtas na hÉireann ar chúpla baile i gContae na Mí a úsáid le teaghlaigh fheirmeoireachta ó Ghaeltacht Chonamara a shocrú iontu. Gaeltacht an-speisialta is ea Gaeltacht na nDéise agus tá canúint Gaeilge na Mumhan, Gaoluinn na nDéise, labhartha ann.  Is iascaireacht tráchtála an príomhthionscal sa cheantar máguaird. Is cuid de stair coitianta na nGaeltachtaí é sin.

Tá oideachas trí mheán na Gaeilge le fáil iontu, ó Bhunscoil go Meánscoil, agus tá sé sin an-tábhachtach do chaomhnú na teanga!

Ghlac Coláiste na Rinne ról lárnach sa chaomhnú sin, le fada.  Bunaíodh an Coláiste sin i 1905, agus is cuid thábhachtach é sa ról sin.  Seachas Coláiste na Rinne, is dócha nach mbeadh Gaeltacht ann ar chor ar bith!

Ach tá Gaeltacht na nDéise faoi bhláth, ní hamháin sa teanga, ach sa chultúr go léir – litríocht, ceol, agus damhsa san áireamh!  Tá Gaelchultúr beo slán sna Déise!

Agus tá an Ghaeltacht seo in aici le Cill Chainnigh, sa lá atá inniu ann, leis na bótharbhealaigh iontacha atá againn.  Ní thógann sé i bhfad tiomáint ó Chill Chainnigh go dtí an Ghaeltacht seo! Tá siopaí agus bialanna agus beáranna sa Ghaeltacht sin agus tá ar do chumas a bheith ag caint as Gaeilge sna gnólachtaí sin!  Is mór an spórt triail a bhaint as sin, caithfidh mé a rá! Is iontach an lá faoin tír é!

Tá an Ghaeltacht in aice le Dún Garbhán, agus tá an-tóir ag turasóirí ar an áit seo.

Tá a lán cúrsaí Gaeilge ar siúl i gColáiste na Rinne, chomh maith le himeachtaí cultúrtha!  Tá naisc úsáideacha le fáil ar an leathanach gréasáin: www.anrinn.com.

D’fhreastail mé féin ar thumchúrsa sa Choláiste le dhá bhliain anuas, ar feadh coicíse gach uair.  Tá trí leibhéil oideachais ar fáil – do thosaitheoirí, d’fheabhsaitheoirí, agus do dhaoine ar chaighdeán ard.  Tá meascán de ranganna, imeachtaí cultúrtha, agus turais, sna cúrsaí seo. Tá físeán iontach ar líne a thaispeánann blas an chúrsa, agus a chuireann tú in aithne do na daoine a d’fhreastail ar chúrsa na bliana seo.  Is iontach go deo éagsúlacht na scoláirí, mar i dteannta na nÉireannach, tagann daoine as tíortha eile, ar nós Sasana, Meiriceá, an Astráil, an Rúis, an Ghearmáin agus an tSeapáin. Tá tú in ann lóistín a fháil más mian leat fanacht sa Ghaeltacht le linn an chúrsa.  Gach maidin, bíonn ranganna ar siúl, agus caithfidh mé a rá go bhfuil na múinteoirí ar fheabhas! Gach tráthnóna, bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl. Lá amháin, bíonn tú ag rothaíocht ar Rian Glas na nDéise, agus lá eile téann tú ar thuras go hInis Pic! Lá eile, bíonn tú ar thuras an ‘Dungarvan Brewing Company’, agus lá eile fós, itheann tú arán úrbhacáilte ag ‘Barron’s Bakery and Coffee House’.  Níl deireadh riamh leis an éagsúlacht!!

Bhuail mé le daoine an-suimiúla ag an dá chúrsa ar fhreastail mé orthu, agus d’fhás nasc speisialta eadrainn mar bhí an sprioc chéanna againn, de bharr ár spéis i dteanga agus i gcultúr na hÉireann.  Tá mé fós i dteagmháil le roinnt mhaith de na scoláirí sin.

I ndeireadh na dála, má tá grá agat don Ghaeilge agus má dhéanann tú beagán taighde maidir le cúrsaí agus imeachtaí atá ar siúl sa Choláiste, ní bheadh a fhios agat beo cad a gheofá!  Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil institiúid oideachais agus cultúir den scoth mar sin i mbéal an dorais againn!

.

Streachailt an Sínidh Fada!

Pop Up Gaeltacht!

I bhfad ó Bhaile!

An chuid is den bliain, bím i mo chónaí i San Diego, i gCalifornia, sna Stáit Aontaithe.  Bím ar ais i gCill Chainnigh an cuid eile den bhliain. deacair go leor an Ghaeilge a labhairt in Éirinn, mar úsáidtear ár dteanga go minic lasmuigh de na Gaeltachtaí, agus fiú amháin ansin,  cloistear a lán Béarla. Nach mór an trua é sin? ach dea-scéal ann freisin. Níl a fhios agam ar chuala riamh faoi na Gaeltachtaí“Pop Up”!. B’fhéidir nár chuala, mar na cruinnithe seo réasúnta nua.

Cúpla bliain ó shin, thosaigh beirt fhearPeadar Ó Caomhánaigh and Osgur Ó Ciardha na himeachtaí cultúrtha seo.  Cén fáth? Bhí siad mí-shásta leis na meáin, a bhí á nach raibh a leithéidí ann ar chor ar bith daoine uirbeacha a úsáideann an Ghaeilge ar bhonn laethúil.  Bhain siad trial as imeachtaí Gaeilge a chur ar siúl ag úsáid an idirlíon. Ar dtús, roghnaigh siad beáir i mBaile Átha Cliath féin mar shuíomh n-imeachtaí. Bhí a sáith iontais orthu nuair a d’éirígh thar barr leo, mar tháinig  alán daoine chun Gaeilge a labhairt le chéile agus chun an craic a bheith acu. “Pop Up Gaeltachtaí” an t-ainm a chuir siad ar na cruinnithe seo, agus d’fhás siad h-amháin in Éirinn, ach ar fud an domhain freisin.

Gaeilge anseo?

Céard a cheapfá dúirt leat go raibh mo bhean chéile agus féin ag labhairt Gaeilge le grúpa daoine i dteach tábhairne anseo i San Diego, California, an tseachtain seo caite?  Nach gceapfá go bhfuil as mo mheabhair? go bhfuil samhlaíocht iontach agam? Ach fíor! Bhí Gaeltacht Pop Up ar siúl i San Diego an Satharn seo caiteagus bhí ar fheabhas!  Fear óg darb ainm Jeffrey a chuir an ócáid seo le chéile. Chaith an samhradh seo caite in Éirinn, agus rinne ag staidéar ar an nGaeilge ansin ar chúrsa Chonradh na Gaeilge. ag déanamh  staidéar ar an nGaeilge le breis agus bliain anois, agus in ann Gaeilge a labhairt go líofa! Is Calafóirneach an fear seo!

gur rud iontach é sin, sin an rud is iontaí a tharla an oíche sin ag an nGaeltacht Pop Up.  Go deimhin, bhuaileamar le hÉireannaigh agus iad ina gcónaí i Meiriceá le blianta agus ar mhaith leo an craic a bheith acu as Gaeilge.  Ach bhuaileamar freisin le daoine as California nach raibh in Éirinn riamh – ach gcloisfeadh sibh iad ag caint go líofa as Gaeilge, cheapfá gurbh Éireannaigh iad, blas Gaeilge chomh maith ag an mbeirt acu.  Fear agus a bhean chéile atá i gceist. Padraicín an t-ainm atá ar an bhean. Bhí a hathair as Éirinn agus bhí Gaeilge líofa aige. Nuair a bhí beo do mhúin Gaeilge san ionad Gaelach darb ainm “House of Ireland” i San Diego.  Ach níor thosaigh Pádraicín féin ag foghlaim Gaeilge go dtí go raibh fásta. Ach seo é an rud is iontaí: nuair a phós Padraícín fear Seapánach-Meiriceánach, mhúin Gaeilge – Brian is ainm don bhfear atá i gceist agam anseo. Tar éis tamaill, nuair a bhí Brian in ann an Ghaeilge a labhairt maith go leor,  thosaigh an beirt acu ag labhairt Gaeilge agus ag maireachtáil as Gaeilge gach sa bhaile. D’éist siad le Radio na Gaeltachta le chéile agus bhraith siad ar TG4, ar chláracha éagsúla, cosúil le Ros na Rún. Bhí an-ghrá acu donn teanga agus do chultúr na hÉireann, agus caithfidh a , go bhfuil Gaeilge álainn ag an mbeirt acu anois.  I mo thuairim, taispeánann sin gan dabht go bhfuil an Ghaeilge beo fós agus in úsáid in áiteanna éagsúla ar fud an domhain ag daoine éagsúla, fiú amháin uaireanta daoine nach bhfuil deoir fola Gaelaí ag rith trína gcuisleanna!

Laethanta saoire in Éirinn?

Tar éis tamall ag déanamh comhrá, chuir ceist ar Phádraicín agus Brian ar mhaith leo riamh, dul go hÉirinn, ar a laethanta saoire.  Thosaigh Brian ag gáire láithreach bonn. raibh a fhios agam cén fáth!

“Ag magadh atá – an ea?  Seo an rud rachaimís go hÉirinn, fhillfiimís!  Sin cinnte!” a dúirt Brian, agus é ag gáire. Chlaon Pádraicín a ceann, í ag aontú leis.

Thuig díreach cad a bhí á aige.  Is áit an-spéisiúil Éire. cultúr forásach, nua-aimseartha agus liobrálach ann ach, ag an am céanna sean-chultúr fíorluachmhar ann, lena teanga, ceol agus scéalta féin!

A chairde, nach bhfuil íorónta go dtógann strainséir, uaireanta, le h-aird a tharraingt ar chomh hiontach is atá an t-oileán seo, a daoine agus a cultúr !

.

gaGaeilge