Dírbheathaisnéis: 2 – Tús Ré Nua!

Dírbheathaisnéis: 2 – Tús Ré Nua!

D’fhreastail mé ar scoil náisiúnta i gCluain Tarbh ar feadh bliain nó dhó, tar éis an ‘Holy Faith Convent’. Páiste leochaileach a bhí ionam, agus thit mé tinn arís nuair a bhí mé seacht mbliana d’aois. Ní raibh orm fanacht san ospidéal an t-am seo, ach bhí mé lag go leor ar feadh cúpla bliain ina ndiaidh. Bhí gach easna le feiceáil orm, bhí mé chomh tanaí sin. Dé chúis mé a bheith chomh tinn, áfach, níor fhás mé mórán, ach an oiread. Sa mhullach air sin, bhí asma orm. Ní haon ionadh nár thaitin spóirt fhisiciúla liom.

Leabharlann

Théimis go dtí an leabharlann i mBinn Éadair gach coicís, mar léitheoir cíocrach ba í mo mháthair. Léadh sí ceithre leabhar gach coicís, agus nuair a shroich mé seacht mbliana d’aois, fuair mé cárta leabharlainne dom féin. Fuair mé cúpla leabhar gach coicís, agus léigh mé iad gan stad, bhí siad chomh suimiúil dom. Nuair a léigh mé leabhar maith, osclaíodh geataí isteach go domhan nua draíochtúil, ionas go ndearna dearmad ar gach rud eile a bhí ar siúl! B’aoibhinn liom gach saghas leabhair do dhaoine óga. Mar shampla, léighcúpla sraith ón údar iontach Enid Blyton, cosúil le ‘The Famous Five’ agus ‘The Secret Seven’. B’aoibhinn liom an tsraith ‘The Hardy Boys’ freisin. Ní haon ionadh é, mar sin, gurb í an léitheoireacht ceann de na gníomhaíochtaí is ansa liom fós!  

An timaistear laethúil go Marian College agus cuimhní ag baint leis

D’athraigh mé scoil nua sa cheathrú rang sa bhunscoil. Bhínn an-sásta léim isteach inár gcarr le mo Dhaid, chun freastal ar Marian College– mise mar dhalta, agus eisean mar mhúinteoir! Is cuimhin liom ár gcarr beag comaitéireachta, den saghas Lloyd Alexander; Daid ag feadaíl agus ag canadh “I’m late, I’m late, for a very important date” ar an tslí go dtí an scoil ar Bhóthar Lansdún.  

Ag tiomáint ó Chluain Tarbh go Bóthar Lansdún, théimis thar Philéar Nelson ar Shráid Uí Chonaill. Chuamar suas chuig barr an philéir uair amháin timpeall 1964 agus bhí radharc iontach againn den chathair agus den timpeallacht. Ní raibh a fhios againn ag an am nach mbeadh an deis sin againn arís go deo!  

Bhí an dealbh den aimiréal Briotanach cáiliúil ina sainchomhartha i mBaile Átha Cliath le 161 bliain anuas, ach séideadh é le buama beag in 1966.  Ba é Liam Sutcliffe, ball de scoiltghrúpa míleata, a rinne é. Fuaireamar cloch eibhir ón bpiléar, agus bhí sé agam mar chuimhneachán ar feadh tamaill.

Ag an am céanna agus struchtúr amháin á scriosadh, bhí struchtúr eile á thógáilan foirgneamh darb ainm Halla na Saoirse (Béarla:Liberty Hall), suite in aice leis an Life i mBaile Átha Cliath. Ba é an foirgneamh ab airde é ní hamháin sa chathair, ach sa tír, sular tógadh an tÁras Contae i gCorcaigh sa bhliain 1968. Bhíomar an-bhródúil as an bhfoirgneamh nua-aimseartha sin, mar bhí sé ar an gcéad scríobaire spéire sa tír. Tús ré nua a bhí ann, i ndáiríre.

Bhí nasc láidir idir na Stáit Aontaithe agus Éire ag an am sin, mar atá fós, mar bhí méid mhór eisimirceach a chuaigh go dtí na Stáit Aontaithe óÉirinn, ach go háirithe le linn an Ghorta Mhóir (1845-1847). Is cuimhin liom go maith nuair a feallmharaíodh Uachtarán John F. Kennedy, mar bhí an-bhrón ar mo thuismitheoi faoi. Bhí mo mháthair ag caoineadh agus ag rá cé chomh maith agus a bhí Kennedy, a raibh nasc láidir aige le hÉirinn, agus arb é an chéad uachtarán Caitliceach i Meiriceá riamh!  

Uair amháin, sa bhliain 1964, tar éis dúinn í a fheiceáil ar ár dtimaistear laethúil, thug m’athair mé ar cuairt ar bord na loinge thrádála núicléiche ó Mheiriceá, an N.S. Savannah. Cé nár thuig mé ag an am cad a bhí i gceist le hárthach núicléach, d’aithin mé gur teicneolaíocht nuálach, cumhachtach agus nua-aimseartha a bhí ann.

Ní raibh Cultúr na caoithiúlachta’ tagtha fós!

Ach in ainneoin na scríobairí spéire agus na cumhachta núicléiche, bhí píosa fada le dul againn mar thír fós, i gcomparáid leis an lá atá inniu ann. Seo cúpla rud nach gcreidfeá b’fhéidir, faoin am sin.

Ní fhaca mé soilse tráchta go dtí i bhfad ní ba dhéanaí. Rinne na gardaí an jab sin ag an am; lámhainní bána orthu agus iad ina seasamh i lár an bhóthair ag stiúradh an tráchta le baitíní.

Níor tháinig an teilifís dhaite ar an bhfód go dtí deireadh na seascaidí!

Ní raibh aon ríomhairí pearsanta, agus ní raibh fiú ach cúpla mór-ríomhairí sa tír – ag Cómhlucht Siúicre Éireann!

É sin go léir gan trácht ar an bhfón cliste, a bhfuil ceann ag nach mór gach duine sa tír anois, agus nach mbeadh ceaptha fós le deicheanna de bhlianta!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Dírbheathaisnéis: 2 – Tús Ré Nua!

Dírbheathaisnéis: 1 – Cuimhní na hÓige!

Ní cuimhin liom aon rud faoin áit inar rugadh mé, mar bhogamar go Baile Átha Cliath nuair nach raibh ionam ach páiste. D’fhág m’athair a phost mar mhúinteoir i gColáiste Naomh Muredach i mBéal an Átha i gContae Mhaigh Eo tar éis dó post nua a ghlacadh i Marian College ar Bhóthar Lansdún i mBaile Átha Cliath. Cheannaigh sé teach i gCluain Tarbh agus thosaíomar saol nua ann.

Peann luaidhe

D’fhreastail mé ar bhunscoil Holy Faith i gCluain Tarbh, a d’fhreastail an láithreoir cáiliúil Gerry Ryan uirthi freisin ag an am céanna, ach ní raibh aithne agam air. Bhí múinteoir iontach agam sa rang ‘low babies’ darb ainm Sister Paula, agus ní raibh aon fhaitíos orm a bheith ar scoil. Uair amháin, nuair a bhí sos againn, thóg mé mo bhioróir peann luaidhe agus thosaigh mé ag biorú gach peann luaidhe sa rang. Bhí poll beag san urlár, agus mise suite os a chionn, ag caitheamh na scamhacháin isteach sa pholl, agus mé an-sásta ar fad liom féin. Bhí mé chomh sásta sin nár stad mé ag biorú gach peann luaidhe go dtí nach raibh fágtha ach smut. Ní raibh aon fhios agam nár cheart dom é sin a dhéanamh. Chuir Sister Paula stad leis an obair thábhachtach seo, agus chuir sí ar ais i mo shuíochán mé – ní raibh focal garbh aici dom, ach d’fhoghlaim mé nár cheart dom é sin a dhéanamh ach an oiread.

Niúmóine

Bualadh le niúmóine go dona nuair a bhí mé sa rang ‘low babies’. Is cuimhin liom a bheith sa charr ar ucht mo mháthair cuachta i bpluid, agus muid faoi dheifir ag dul go dtí ospidéal na leanaí ar Shráid Temple. Ar Shráid Phiarais, bhí bille ar dhroichead iarnróid, agus fear le dhá cheann ag féachaint amach as an bhfógra. Nach ait na cuimhní a fhanann leat!

Is beag nach bhfuair mé bás san ospidéal, mar bhí niúmóine víreasach dúbailte orm. Níor ith mé rud ar bith ar feadh míosa, bhí mé chomh tinn sin. Timpeall na Cásca, thug mo thuismitheoirí ubh Chásca dom, agus den chéad uair dom san ospidéal d’ith mé beagáinín. Diaidh ar ndiaidh d’fheabhsaigh mé. Bhí cailín beag sa bhard in aice liom, agus thosaíomar ag imirt beagáinín le chéile. Ní raibh mé in ann siúl tar éis dom a bheith chomh tinn, agus bhí orm é a athfhoghlaim, le cabhair ó mo bhanaltra. Faoi dheireadh bhí mé réidh chun dul abhaile. Ar an tslí abhaile, ní raibh mo dheartháir sásta go raibh mé ar ais, mar bhí iomlán aird mo thuismitheoirí aige agus níor mhaith leis é a roinnt liomsa.

.

Náire

Chuaigh mé ar ais go scoil agus bhí go maith agus ní raibh go dona. An chéad rud eile is cuimhin liom ná a bheith i rang ‘high babies’ agus múinteoir nua agam nár thaitin go mór liom. Rinne mé rud mícheart sa rang (níl a fhios agam cén rud), agus bhí orm suí in ucht cailín sa chéad rang go dtí deireadh an ranga. Bhí náire mhór orm agus ar an gcailín freisin, is dócha, agus níl a fhios agam fós cén fáth a ndearnadh é sin dom. Bhí mé i gcoinne aon saghas pionóis tar éis sin. Táim in ann an náire phianmhar sin a mhothú fós!

.

Dainséar taobh amuigh

Bhí cailín níos sine ná mé ina cónaí in aice láimhe, agus shiúladh sí go dtí an scoil liom ar maidin agus ar ais abhaile liom sa tráthnóna. Bhí mé in ann dul amach i m’aonar uaireanta, áfach, ach dúirt mo thuismitheoirí liom fanacht gar don teach. In ainneoin sin, chuaigh mé síos achar maith ar mo thricycle go dtí siopa ‘Furlongs ar choirnéal an phríomhbhóthair ó am go ham i ngan fhios dóibh. Uair amháin, léim fear as a charr, agus dúirt sé liom go dtabharfadh sé síob abhaile dom. Bhí rabhadh tugtha ag mo thuismitheoirí orm faoi strainséirí, ag rá dom gan labhairt leo ar chor ar bith. Ar an dea-uair, lean mé a gcomhairle agus léim mé ar mo thricycle agus dheifrigh mé abhaile. Níl aon dabht i m’aigne ach go raibh mé i ndainséar mór agus bhí an tádh dearg orm gur éalaigh mé.

Uair eile, rith mé amach ar an mbóthar gan féachaint ar chor ar bith. De phreab, stad carr go tapa le sian ó na boinn, agus ar ámharaí an tsaoil níor bhuail sé mé. D’fhoghlaim mé ciall ar bhóithre ar an toirt, agus is míorúilt é gur tháinig mé slán.

Ba bheag nach bhfuair mé bás cúpla uair agus mé i mo leaidín beag, ach níor chuir sé isteach orm ar chor ar bith mar níor thuig mé i gceart beatha nó bás ag an am!

Dírbheathaisnéis 6: An Ghaeltacht!

Dírbheathaisnéis 6: An Ghaeltacht!

Nuair a bhí mé fós ag freastal ar an mbunscoil, agus mé ach naoi mbliana d’aois, bhí deis agam dul go dtí an Ghaeltacht ar feadh trí mhí faoi scéim a bhí ag Gael Linn ag an am sin. D’aontaigh mé, gan smaoineamh, agus thosaigh eachtra nua dom ansin. Ní raibh aon eagla orm – ceapaim go raibh dúil san eachtraíocht agam, rud nár chaill mé riamh é! Ba é seo an chéad uair ar fhág mé mo chlann agus mo bhaile. Ní haon ionadh é, mar sin, go bhfuil cuimhne mhaith agam ar an am sin, cé gur tharla sé beagnach seasca bliain ó shin.
Rosmuc
Thaistil mé go Rosmuc le buachaill eile ar an aois céanna liom, gasúr séimh, dea-mhúinte. Thógamar traein amháin go Baile Átha Cliath, agus ar an lá ina dhiaidh sin, traein eile go Gaillimh. Bhí ionadaí de chuid Gael Linn ag fanacht linn i mBaile Átha Cliath, agus threoraigh sé an bheirt againn go lóistín le haghaidh na hoíche. An mhaidin dár gcionn, tar éis an bhricfeasta, ar aghaidh linn go dtí Stáisiún Heuston leis an ionadaí. Chabhraigh sé linn ár dtraein a fháil, agus shroicheamar Gaillimh timpeall am lóin. Bhí ionadaí eile ann chun cabhrú linn bus a fháil go Rosmuc – ár gceann scríbe. Bhí carr ag fanacht linn i Rosmuc, agus ionadaí eile ann chun muid a thiomáint go dtí ár dtithe. Bhí mo theach i gCill Bhriocán, i Rosmuc.
Cill Bhriocán
Chuir bean a’ tí Máire Bean Uí Ghriallais fáilte mhór romham, agus thosaigh m’eachtra Ghaeltachta láithreach bonn. Thug Bean Uí Ghriallais babhla anraith dom ar dtús ach ar an drochuair bhí sé chomh te sin gur dhóigh mé mo charball go dona leis. Bhí sé an-phianmhar le seachtain nó dhó! Bhí sé deacair a mhíniú as Gaeilge cad a tharla dom!  

Tar éis an turais fhada, bhí orm dul go dtí an leithreas. Threoraigh Máire amach as an teach mé go dtí teach an asail, ach bhí sé chomh dubh le pic taobh amuigh. Dá bhrí sin, bhuail mé mo ghlúin in aghaidh balla agus bhí mé gortaithe arís! Cé gur drochthús a bhí agam, d’fheabhsaigh cúrsaí tar éis sin – agus níor ghortaigh mé mé féin arís ach an oiread.

Ní raibh an teach seo cosúil le mo theach sa bhaile. Bhí na háiseanna an-bhunúsach. Ní raibh aon leictreachas ann, nó téamh lárnach nó fiú guthán. Bhí an leithreas beag i mbothán in aice an tí. Ní raibh seomra folctha ar chor ar bith. Ach is beag le rá na rudaí sin i gcomparáid leis an teanga. Ní raibh mórán Gaeilge agam, agus nuair a labhair Bean Uí Ghriallais liom ar dtús, níor thuig mé fiú focal amháin a bhí á rá aici. Diaidh ar ndiaidh, tháinig feabhas ar mo chuid Gaeilge, mar ní raibh an dara rogha agam – labhraítí ach amháin Gaeilge sa cheantar sin ag an am sin. Diaidh ar ndiaidh, chuaigh mé i dtaithí ar chúrsaí agus leis an tslí maireachtála freisin, agus bhí mé sásta go leor.

Scoil agus Cairde

Ní raibh aon bhus scoile ann agus bhí orm siúl go dtí an scoil agus ar ais gach lá. Bhí an scoil trí mhíle ar shiúl ón mbaile, agus cé go raibh sé deacair ar dtús, d’éirigh an tsiúlóid sin éasca tar éis tamaillín.  Cé go raibh sé deacair an múinteoir agus na daltaí a thuiscint ar dtús, tar éis míosa nó mar sin ní raibh aon fhadhb agam, agus bhí mé chomh compordach ag úsáid na Gaeilge agus a bhí mé leis an mBéarla. Déanta na fírinne, ní cuimhin liom mórán faoi mo laethanta ar scoil, mar níor tharla aon rud suntasach ann.

Bhí cúpla teaghlach eile sa cheantar agus páistí ann ar chomhaois liom. Aon uair a bhí deis agam, fuair mé cead ó Bean Uí Ghriallais dul amach ag imirt leo. Chaith mé go leor ama ina dtithe freisin. Bhí sé ró-chiúin dom i mo theach féin, gan ach Bean Uí Ghriallais féin ann.

Ceol

Bhí uirlisí ceoil sna tithe eile, agus bhí mé gafa leo. Bhí bosca ceoil i dteach amháin, agus feadóg stáin i dteach eile. Bhíodh na fir a’tí ag seinm ceoil ó am go ham, go háirithe nuair a bhíodh comharsana ar cuairt. D’fhoghlaim mé go leor amhrán tar éis dom breathnú orthu agus éisteacht leo. Ceol traidisiúnta a bhí i gceist, agus ba chosúil le spúinse me, ag isteach teanga agus cultúr na tíre beagnach i ngan fhios dom féin!

Am dul abhaile!

Bhí mé chomh sásta sa Ghaeltacht gur bheag nach ndearna mé dearmad ar mo theaghlach féin! D’imigh mo thréimhse go tapa, agus bhí sé deacair dom filleadh abhaile ansin. Ach ní raibh fadhb ar bith liom leis an nGaeilge sa scoil tar éis sin, agus bhí grá buan agam dár dteanga agus dár gcultúr as sin amach, a bhuí le m’athair agus le Gael Linn.  

.

.

Dírbheathaisnéis 7: Coláiste Chiaráin!

Dírbheathaisnéis 7: Coláiste Chiaráin!

 

Nuair a bhí mé sa séú rang sa bhunscoil, ní raibh aon cheist ach go mbeinn ag freastal ar Choláiste Chiaráin, an scoil ina raibh m’athair ag múineadh. Bhí orm scrúdú iontrála a dhéanamh ar dtús, a raibh na céadta dalta eile á dhéanamh freisin. Bhí ionadh an domhain orm nuair a fuair mé amach gur bhain mé amach an chéad áit sa scrúdú céanna. Bhí ionadh ní ba mhó fós orm a fháil amach go bhfuair scoláireacht a bhuíochas le mo chuid torthaí.  Tairgeadh áit dom mar scoláire cónaithe le cúig bliana anuas, saor in aisce. Cad a dhéanfainn?

Uair na Cinniúna

Bhí ríméad an tsaoil ar mo thuismitheoirí agus dúirt siad go bhfágfaidh siad an cinneadh maidir leis an scoláireacht faoi mo chomhairle féin. Phléamar na buntáistí agus na míbhuntáistí go macánta le chéile. Níorbh éigean dom an tairiscint a ghlacadh, mar ní raibh mé i mo chónaí i bhfad ón scoil. Ní hamháin sin, ach bheadh síob agam gach lá ó dhoras go doras. Gan dabht, bheadh sé ní ba chompordaí agus ní béasca dom fanacht sa bhaile, in ionad na léime sa dorchadas a bheadh ag baint le saol nua mar scoláire cónaithe.  Bhí argóintí láidre ar son fanacht sa bhaile. An raibh aon fháth dul isteach sa choláiste mar scoláire cónaithe? Cheap mé féin ag an am go raibh cúpla fáth. Ar an gcéad dul síos, ‘ná lochtaigh an rud a fhaigheann tú in aisce’! Bhuaigh mé an duais luachmhar seo, agus cén fáth nach nglacfainn é? Ar an dara dul síos, eachtránaí a bhí ionam, agus or dhuine mé a dhiúltódh dúshlán riamh.  Ar aon nós, dá dtitfeadh an tóin ar fad asam, nach mbeinn in ann filleadh abhaile arís. Ba chuimhin liom mo thréimhse as baile sa Ghaeltacht, agus b’aoibhinn liom an neamhspleáchas a thug sé dom agus mé ag fáil oideachas an tsaoil. Ní raibh sé deacair dom an tairiscint a ghlacadh.  Cé go raibh mo thuismitheoirí sásta ar mo shon, is dócha ná a mhalairt go raibh brón orthu freisin ar a son féin.  Tar éis an tsaoil, bhí a gcéad mhac ag fás aníos chomh tapa cheana féin, agus anois bheadh sé ag fágáil an bhaile ina theannta sin. B’fhéidir gur chuir mo chás i gcuimhne do m’athair a chás féin, nuair a bhí sé féin timpeall cúig bliana déag agus ag fágáil an bhaile chun an chliarscoil a thabhairt air féin.  Ceapaim go raibh sé idir dhá chomhairle faoin am a chaith sé in institiúidí atá faoi stiúir na heaglaise. Ar aon nós, ghlac sé le mo chinneadh gan focal diúltach a rá faoi. Choinnigh mo mháthair guaim ar a teanga freisin, is dócha. Gan dabht, bhí sí idir dhá cheann na meá. Ar thaobh amháin, bhí brón uirthi go gcaillfeadh sí a mac ón mbaile. Ach ar an taobh eile, bhí sí an-bhródúil asam, agus ní raibh uaithi ach an rud is fearr domsa.

Scoil Nua – Féiniúlacht Nua

Ag deireadh an tsamhraidh, nuair a bhí na laethanta saoire scoile ag druidim chun clabhsúr agus an t-ullmhúchán go léir déanta againn, bhí mé thar a bheith réidh le m’eachtraí nua a thosú. Bhailíomar mo chip is mo mheanaí agus thiomáineamar go dtí an Coláiste chun clárú mar scoláire cónaithe. Chuir baill fhoirne an Choláiste fáilte romhainn go léir agus ansin d’imigh ár dtuismitheoirí. Glaodh rolla agus ansin sannadh leapacha dúinne, na scoláirí cónaithe nua. Ar dtús, ní raibh mé i suanlios sa Choláiste féin, ach taobh amuigh i Halla Desart, ar Shráid Nua Íochtarach. Ach tar éis cúpla lá, cuireadh isteach i suanlios beag sa Choláiste mé. Ní raibh ach deich leaba i suanlios Naomh Columba, i gcomparáid le céad leaba nó mar sin sna suanliosanna eile sa Choláiste.  Bhí leaba agus taisceadán beag agam a raibh báisín uisce ar a bharr. Bhí laindéal inmheánach idir na leapacha a thug an méid is lú príomháideachais dúinn.  Bhí sé fuar sa suanlios sin freisin, ach ní raibh ar mo leaba ach braillín agus pluid thanaí a bhí beagnach caite. Bheadh saol crua go leor agam anseo, in easpa an chompoird chorpartha a raibh ar fáil agam sa bhaile. Ach níorbh aon chur as dom rudaí mar sin, agus lean mé ar aghaidh pé scéal é.

Nós na Leasainmneacha

Saol eile ar fad a bhí ann dúinn i scoil chónaithe, agus muid ag foghlaim scileanna sóisialta ionas go mbeimid in ann maireachtáil i dtimpeallacht nua na scoile. Tugadh leasainm ar gach duine sa scoil, idir mhúinteoirí agus scoláirí, agus go minic ní raibh na hainmneacha céanna rómholtach. Mar shampla bhí scoláire amháin a raibh éadulaingt aige ar ghlútan. Ní raibh sé in ann arán bán a ithe agus bhí arán donn speisialta aige. Baisteadh é mar ‘Arán Donn’.  Tugtar ‘Spud’ ar aon duine leis an sloinne ‘Ó Murchú’. I mo chás, nuair a fuarthas amach go raibh m’athair ina mhúinteoir sa scoil, a raibh an leasainm Peadar air, cuireadh an leasainm céanna ormsa. Bhí mé sásta go leor leis sin, agus leis an ainm nua agus na daoine nua agus an timpeallacht nua sa Choláiste, chaill mé féiniúlacht amháin agus thug mé féiniúlacht nua orm.  Sa bhealach sin, thosaigh saol nua na scoile dom.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge