Nollaig Shona Daoibh Uilig

Nollaig Shona Daoibh Uilig

Seo alt Nollag a scríobh m’athair roinnt blianta ó shin.   D’imigh Peadar ar shlí na fírinne díreach roimh Nollaig 2019 – go ndéana Dia grásta air.

.

Sea, tá an t-am sin den bhliain tagtha chugainn arís, an t-am sin a thugann deis dúinn uilig síocháin, agus dea-thoil, a léiriú don saol mór sin uilig, atá taobh amuigh dínn fhéin. Sea, agus an t-am sin freisin, a thugann deis dúinn dul siar bóithrín na smaointe, go dtí na laethe úd fadó, nuair a sheasamar ag breathnú le hionadh ar an mBeithilín álainn, a bhí socraithe go deas síochánta, i dTeach an Phobail, agus siar níos faide fós, go dtí an chéad Mháinséar i mBeithil Ríoga, sa Tír Naofa fhéin, i dtús ré na Críostaíochta, nuair a rugadh Íosa sa Stábla, toisc nach raibh áit ar bith le fáil ag a mháthair, Muire, nó ag Iosaf, i dTeach Aíochta an bhaile, an oíche bheannaithe sin.

Christmas Night

Féach mar a chuir an file, Máire Mhac an tSaoi, é, ina dán “Oíche Nollag”, agus í ag rá go raibh dídean le fáil ag lucht an airgid sa Teach Aíochta céanna sin, an oíche úd, ach gur fágadh an Mhaighdean is a céile, gan bheith istigh le fáil acu, ach amháin i seanstáblán na mbeithíoch….

                    Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta,

                    Cóiriú gan chaoile, bia agus deoch,

                    Do cheannaithe olla do cheannaithe síoda,

                    Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

an file ag tagairt don nós a bhí beo, i measc Gael, an tráth úd, go mbíodh an Teaghlach Naofa ag fánaíocht timpeall an oíche sin, agus iad ag iarraidh bheith istigh a fháil i dteach eicínt, agus b’in an fáth a d’fhágtaí an doras ar leathadh, coinneal na Nollag ar lasadh, agus áit socraithe réidh dóibh ag an mbord, ag súil go dtiocfaidís ar chuairt chucu, an oíche bheannaithe sin. Féach arís mar a chuireann Máire Mhac an tSaoi é, i véarsa eile, sa dán céanna sin…..

                    Fágaidh an doras ar leathadh ina coinne,

                    An Mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,

                    Deonaigh do shuaimhneas a ligint a Mhuire,

                    Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Níl dabht ar domhan, ach gur éirigh leis an bhfile, dearcadh agus creideamh na cosmhuintire a thuiscint, agus a léiriú, i véarsaí an dáin álainn sin, “Oíche Nollag”.

A Vigil kept

Ní raibh sé de nós ag an muintir thiar dul thar fóir, an oíche sin, le bia nó le deoch, nó bhí siad ag feitheamh ar theacht an Teaghlaigh Naofa ar chuairt chucu. Gnáth-shuipéar a bhíodh acu, fataí agus iasc, b’fhéidir, nó rud eicínt dá leithéid, mar nach mbeadh dinnéar mór na Nollag le hullmhú acu, an mhaidin dár gcionn, sé sin, i ndiaidh an Aifrinn, nó an mhaidin sin, bhí de nós ag chuile shagart trí Aifreann a rá, agus dá bharr sin, thosaídís go breá luath ar maidin, ag a leath i ndiaidh a hocht, b’fhéidir, agus bhíodh na daoine sin sa bhaile arís, thart ar a deich, agus ansin, thosaídís ar an dinnéar a ullmhú. Sea, mh’anam, agus smaoinigh nach mbíodh gléasanna nua-aimseartha cócaireachta acu, an tráth sin, ní bhíodh, muis! Nó ní bhíodh acu ach oigheann na dtrí chos agus pota, agus bhíodh orthu na gléasanna sin a oibriú ar an tine oscailte. Mór idir inné agus inniu!

How about toys then?

Céard faoi na gasúir, agus na girseacha, mar sin?  Cuirfidh mé geall, nach dtógfadh sé i bhfad orthu a gcuid féiríní Nollag a oscailt, nó ní thógfadh sé beirt, len iad a luchtú ar chairt! Tá mé ag caint faoi mo dhúiche fhéin, thiar in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, dár ndóigh, agus ní bhíodh le fáil ag na gasúir ach guinnín, b’fhéidir, agus gluaisteáinín, nó a leithéid, sea, agus glac milseán agus torthaí, leis an stoca a líonadh. Agus céard faoi na girseacha? Bhuel, de ghnáth bhíodh bábóga le fáil acusan, agus milseáin agus torthaí freisin, b’fhéidir. Chaithimis seal ag súgradh leis na féiríní Nollag sin, agus ansin, théadh cuid againn amach ar thóir an dreoilín, nó bhímis ag fáil réidh do Lá an Dreoilín, nó b’in an lá i ndiaidh Lae Nollag. Mura n-éireodh linn teacht ar dhreoilín an lá sin, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh a fhios ag na dreoilíní céanna sin go raibh muidne ar a dtóir an lá áirithe sin, nó ghlanaidís leo as ár mbealach go breá luath an mhaidin sin. Bhuel, mura n-éireodh linn teacht ar dhuine acu, séard a dhéanfaimis ansin, nó fanacht go titim na hoíche, agus ansin, ní bhíodh sé ródheacair teacht ar ghealbhan codlatach sa bhundlaoi, agus dhéanfadh seisean chúis dúinn, an lá dár gcionn, ach gan ligint d’éinne teacht róchóngarach don éinín a bhí clúdaithe go maith i gcás againn!

Memories

Níl dabht ar domhan, ach go bhfilleann scaoth cuimhní orm, an tráth seo bliana, agus mé ag dul siar bóithrín anacair, casta, spéisiúil, úd, na smaointe. Seo mar a labhair mé faoi chuid de na smaointe sin, i ndáinín a chum mé fhéin anuraidh……

.

Mámanna cuimhní carntha suas

I gcófra na gcuimhní cuachta,

Dul le Dreoilín, Aifreann luath,

Aingil is Aoirí ag cuartú,

.

Deasa deasa á roinnt go fial,

Bianna blasta á róstadh,

Féiríní Nollag á mbronnadh le croí,

Is breithlá Íosa á chomóradh.

.

They Chose a Goose.

Ní turcaí a bhíodh á róstadh acu don ócáid, an tráth úd, níorbh ea mh’anam, ach gé. Sea, Gé bhreá, phlucach, Gaelach, don Nollaig, agus nach muid a bhaineadh súlach agus toit as an ngé bhocht chéanna sin, agus ar deireadh thiar, nuair a bhíodh a cnámha creimthe go cliste, cúramach, againne, ní chaithimis na cnámha céanna uainn go fánach, ach oiread, ní chaitheadh muis! Mar is amhlaidh a bhíodh tóir an domhain againn ar chnámha móra na sciathán, nó trína ngearradh go cúramach, d’fhéadfaimis guinníní gé a dhéanamh astu, agus ansin, ní bhíodh uainn ach móilín beag adhmaid a rachadh trí chroí na cnáimhe sin, agus fata, le tosú ag scaoileadh urchair le chuile dhuine thart ar fud an tí. Nach againn a bhíodh an spórt! Cuirfidh mé geall, go mbainfimis an oiread spóirt as na guinníní gé céanna sin, is a bhaineann gasúir an lae inniu as a gcuid Play Stations agus eile! Sea, mór idir inné agus inniu.

Ach le críoch oiriúnach a chur le píosa na seachtaine seo, b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é, Nollaig faoi shéan is faoi mhaise a ghuí ar chuile dhuine de mo léitheoirí, agus gura seacht fearr a bheas chuile dhuine agaibh, bliain ó anocht. Agus sea, go mbeirimid beo ag an am seo arís.

.

Breith sa Stábla

Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,

Is calóga bána anuas

Mar bhrat geal, naofa, gléigeal,

Ag folach dúinn bruscar is smúit.

.

Ach istigh im chroíse, le díograis,

Ullmhóidh mé máinséar, le dua,

is glanfaidh mé bruscar na mblianta

As seanstáblán m’anama chrua.

.

Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,

Is an Naí naofa, neamhdha, anuas,

Ag ní, is ag slánú Chlann Éabha,

Is ag folach dúinn peaca is buairt.

.

.

Filíocht: An Cnoc a Dhreapaimid!

Filíocht: An Cnoc a Dhreapaimid!

D’aithris Amanda Gorman a dán “The hill we climb” ag searmanas oirnithe an Uachtaráin Biden le déanaí, agus chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm mar baineann sé linn go léir a bhfuil meas againn ar an daonlathas. Chuir mé Gaeilge air ionas go mbeinn in ann é a roinnt leat sa cholún seo! Gan a thuilleadh moilleadh, seo é dán Amanda:  

An cnoc a dhreapaimid

Le breacadh an lae cuirimid ceist orainn féin

Cén áit ar féidir linn solas a aimsiú sa síorscáth seo?

An cailleadh a iompraímid,

An muir is gá dúinn siúl tríd.

Thugamar dúshlán ar an t-ainscéal;

Tá sé foghlamtha againn nach ionann ciúnas agus síocháin i gcónaí.

Agus na noirm agus na nóisin faoi cad atá cóir

Ní hionann iad i gcónaí agus an Cóir féin.

Ach is dúinn fáinne an lae fiú roimh é a bheith ar eolas againn.

I slí éigin déanaimid é;

I slí éigin chuireamar tharainn

Tír nach bhfuil briste ach amháin neamhchríochnaithe.

Muidne, i gcomharbacht ar thír agus am

Inar féidir cailín óg tanaí dubh de shliocht sclábhaithe

a thóg máthair aonraic a bheith ag brionglóideach go mbeadh sí ina huachtarán,

agus gur éirigh léi a bheith ag aithris fhilíochta d’uachtarán.

Agus sea, tá muid i bhfad ó shnasta, i bhfad ó fhoirfe,

Ach ní fhágann sin nach bhfuil muid ag streachailt chun aontas foirfe a chruthú.

Tá muid ag streachailt chun aontas le haidhm a chothú,

Chun tír a chumadh tiomnaithe do na cultúir, dathanna, tréithe agus dálaí go léir ag baint leis an gcine daonna.

Agus mar sin ardaímid ár súile ní i dtreo cad a sheasann eadrainn,

Ach i dtreo cad a sheasann romhainn.

Dúnaimid an scoilt, mar tá a fhios againn ár dtodhchaí a chur i dtús áite,

Ní foláir dúinn ár ndifríochtaí a chur ar leataobh.

Cuirimid ár gcuid arm uainn

Le go mbeimid in ann ár lámha a shíneadh amach dá chéile.

Níl muid ag iarraidh éinne a ghortú ach síocháin do chách.

Lig don chruinneog a rá ach amháin go bhfuil sé seo fíor:

Faoi mar a bhíomar faoi bhrón, d’fhásamar,

Faoi mar a bhíomar cráite, bhíomar dóchasach,

Faoi mar a d’éiríomar tuirseach, rinneamar iarracht,

Go mbeimid ceangailte le chéile i gcónaí, buacach-

Ní toisc nach gcaillfimid arís go deo,

Ach toisc nach gcothóimid deighilt arís go deo.

Insíonn an scrioptúr dúinn a shamhlú

Go suífidh gach duine faoina fhéith agus a chrann figí féin,

Agus ní chuirfidh éinne eagla orthu.

Chun éirí linn san aois ina bhfuilimid,

Ní luífidh an bua sa leann ach sna droichid ar thógamar iad.

Sin é an cheapach gheallta,

An cnoc a dhreapaimid ach amháin má bhíonn sé de mhisneach againn.

Toisc mar tá an Meiriceánachas níos mó ná bród dúchais,

Is é an t-am atá thart dúinn agus an tslí a réitímid é.

Chonaiceamar fórsa a réabfadh ár dtír in ionad é a roinnt,

A scriosfadh ár dtír dá mhoilleodh sé an daonlathas.

Agus ba bheag nárbh éirí leis an iarracht seo,

Ach cé gur féidir an daonlathas a mhoilliú go tréimhsiúil

Ní féidir é a shárú go buan.

San fhírinne seo, sa chreideamh seo tá muinín againn,

Toisc cé go bhfuil ár súil againn ar an todhchaí, tá súil na staire aici orainn.

Seo é ré an tslánaithe chóir.

Níor mhothaíomar réidh le bheith mar oidhrí uaire chomh huafásach,

Ach taobh istigh de d’aimsigh muid an chumhacht

Chun caibidil nua a chumadh,

Chun dóchas agus gáire a thairiscint,

Curtha againne. Cé gur uair amháin d’iarramar:

Conas faoin spéir a d’fhéadfaimis tubaiste a shárú?

Anois maímid: Conas ar domhan a d’fhéadfadh tubaiste muidne a shárú?

Ní mháirseálfaimid ar ais go dtí cad a bhí ann,

Ach bogfaimid ar aghaidh go dtí cad a bheidh ann,

Tír atá brúite ach ina iomláine,

Dea-mhéiniúil ach misniúil,

Fíochmhar agus saor.

Ní bheimid tiontaithe thart nó stoptha de dheasca imeaglú

Mar tá a fhios againn go mbeadh ár n-easpa ghnímh agus marbhántacht fágtha le hoidhreacht ag an gcéad ghlúin eile.

Beidh ár mbotúin mar ualaigh dóibh

Ach tá rud amháin cinnte:

Má mheascaimid trócaire le cumhacht agus cumhacht le ceart,

Ansin beidh grá mar ár n-oidhreacht

A n-athróidh ceart dúchais ár gcuid páistí.

Mar sin fágaimis tír inár ndiaidh níos fearr ná an ceann a fágadh dúinn.

Le gach tarraingt anála i mo chliabhrach umhadhaite preabtha,

Iompóimid an domhan ó gortaithe go hiontach.

Éireoimid ó chnoic órga an Iarthair.

Éireoimid ón Oirthuaisceart sceirdiúil inar chothaigh ár sinsear réabhlóid den chéad uair.

Éireoimid ó na cathracha cois locha san Iarthar Láir.

Éireoimid ón Deisceart griandóite.

Atógfaimid, tiocfaimid le chéile agus chugainn féin

I ngach scáineadh is cúil sa náisiúin s’againne,

I ngach cearn a dtugtar ár dtír air,

Ár bpobal éagsúla agus áille,

Aiséireoidh siad greadta agus galánta.

Le héirí na gréine scaraimid ón scáth,

Trí thine agus gan aon eagla orainn.

Tá an chamhaoir nua ag bláthú agus í á ligean saor againn.

Mar bíonn solas ann i gcónaí ach muid cróga go leor é a fheiceáil,

Ach muid cróga go leor é a bheith ionainn.

.

.

.

.

.

Filíocht: An Cnoc a Dhreapaimid!

Machnaimh ón Nead!

Machnaimh ón Nead

.

Féiniúlacht caillte

i dtomhaltas forleathan

Buaileann an pandéim

.

Neadaithe sa bhaile

An domhan ina stad ar fad

Am é le machnamh

.

Ná bí ag deifriú

Dhá thrian moille le deifir

Bain ceol as an saol

.

.

.

.

.

Reflections from the Nest

.

Identity lost

in rampant consumerism

The pandemic hits

.

Sitting in our homes

The world is at a full stop

A time to reflect

.

Stop rushing about

Making all heat and no light

Appreciate life

.

.

.

Is aoibhinn liom an fhoirm fhileata a thugtar Haiku uirthi!  Thosaigh sé sa tSeapáin ag deireadh an

Seachtú haois déag. Ba é fear darb ainm Matsuo Basho a thosaigh é, agus lean mórfhilí eile é, cosúil le Kobayashi Issa, Masaoka Shiki, agus Yosa Buson. Le himeacht ama, scaip Haiku ar fud an domhain. Níl aon easpa na foirme seo in Éirinn, i mBéarla agus i nGaeilge araon.  Tá sé éasca go leor staidéar na foirme a dhéanamh ar an idirlíon, agus tá físeáin iontacha déanta ag Gabriel Rosenstock ar an ábhar. I mo thuairim, Haijin (sin mórfhile Haiku) is ea Gabriel, agus tá go leor leor dánta Haiku cumtha agus aistrithe aige, idir Ghaeilge agus Bhéarla.  Má tá suim agat, gúgláil ar ‘Gabriel Rosenstock’ agus gheobhaidh tú torthaí suimiúla ar ais.

Ar aon nós, agus mé neadaithe sa bhaile ar feadh míosa nó mar sin, thosaigh mé ag dul i dtaithí ar an saol nua atá agam ag an am éiginnte seo, nuair nach bhfuil a fhios againn cad atá i ndán dúinn.  Dúirt mé liom féin go bhfanfainn dearfach, mar ní bhíonn néal gan ghealán. Cheap mé go mb’fhéidir go mbeadh deis ar leith agam chun foghlama le linn na géarchéime atá ar siúl. Bhí an ceart agam go tréan. Lig dom é a sin a mhíniú!

Ag an nóiméad seo, fillfidh mé ar ais go dtí na dánta Haiku atá scríofa agam ag tús an ailt. Is as Gaeilge a scríobh mé iad agus ansin rinne mé an t-aistriúchán go Béarla. Bhí mé ag iarraidh taifead scríofa a dhéanamh ar céard a d’fhoghlaim mé agus mé sáinnithe sa bhaile le linn na géarchéime. Cheap mé gurb é an tslí is fearr cur síos achomair a chumadh ná trí dhánta. Cén sórt dánta? Haiku, dar ndóigh!  Chinn mé ar thrí chinn a scríobh, an chéad cheann ag baint leis an am atá caite, an dara ag baint leis an am i láthair, agus an tríú ag baint leis an am atá le teacht.

Sa chéad Haiku, is é atá i gceist ná cáineadh géar ar ár stíl beatha, stíl ar thosaigh i ndáiríre in Éirinn le flúirse na nóchaidí, nuair níor thuig glúin an Tíogair Cheiltigh an tíos. Stad an stíl sin le linn an chúlú eacnamaíochta a lean é, ach tháinig sé ar ais go tréan leis an téarnamh geilleagrach a thosaigh sa bhliain 2012.  Ní maith an rud barraíocht agus tháinig deireadh tobann leis, gan aon choinne. Tá impleacht sa tslí ar scríobh mé an Haiku seo, go mb’fhéidir gur díoltas brúidiúil a bhí ann.

Sa dara Haiku, táimid faoi dhianghlas sa bhaile. Fiú dá rachaimis amach, ní bheadh mórán le déanamh againn, mar tá beagnach gach rud dúnta sa tír, ach amháin seirbhísí riachtanacha. Ní deirtear é ach tuigeadh dúinn gur deis iontach atá ann, chun athbhreithniú a dhéanamh orainn féin.

Cuireann an tríú Haiku treoir ar fáil dúinn. Tá sé soiléir don chuid is mó dúinn anois nach bhfuil gá a bheith ag scinneadh anonn is anall, agus muid caifeach leis an airgead, ag úsáid acmhainní luachmhara an domhain mhóir, agus ag cur le truailliú na cruinne. Ach nach bhfuil sé soiléir dúinn freisin, go háirithe anois, go bhfuil rogha againn.  Nach mbeadh sé níos fearr dúinn agus don phláinéad luas ár saol a mhoilliú agus sláinte ár bpláinéad a chur san áireamh ag an am céanna? Gan dabht, bheimis níos sásta agus in ann ceol a bhaint as an saol. Nach réiteach é sin a bhfuil buntáiste ag gach taobh ann?     

.

Filíocht: An Cnoc a Dhreapaimid!

An Dealbh (Naomhóg Inis Géidh)

An Dealbh (Naomhóg Inis Géidh)

Dealbh donn sraoilleach

Ag síneadh a mhéarar Neamh

Ina sheasamh ar fhiarsceabha

Comharthaí nirt i bhfad siar

Dealramh dúilmhear dóchasach

Ar laoch cróga an ghainimh ghil

Ag fanacht go foighdeach

Le míorúilt a dhéanamh ar muir

Ag stánadh gan faiteadh na súl

Ar fharraige choipthe chontúirteach

Iarchuradh na ndaoine áitiúla

A chuir na tonnta chun suain

imithe i ndearmad anois

Gan láithreacht a chosantóirí

Leannán tréigthe na nglún

A chreid ina chumhacht fadó

Ach dóchas ina chroí fós

Ag súil le míorúilt féin

Nuair a nochtfadh a Chruthaitheoir Diaga

Misean tábhachtach nua

.

Micheál Bairéad

Is dócha gur dhein T.H. White, údar Sasanach, roinnt taighde ar chúrsaí Inis Géidh, tráth raibh ina chónaí in Iorras, le linn an chogaidh mhóir.  Ní raibh seisean sásta dul san arm thall, ag an am, agus is dócha nár theastaigh uaidh blianta a chaitheamh i bpríosún! Scríobh sé leabhar, ar ball, ar ar bhaist “The Blackamoor And The Godstone”.  Ba é an Blackamoor, nó Gormach a thagadh go rialta go Béal an Mhuirthead, ar laethe aonaigh, le cleasa de chuile chineál a dhéanamh, agus bhain an “Godstone” le hoileáin Inis Géidh. Ag caint ar “an Naomhóg”, a bhí , Naomhóg Inis Géidh.  Ní currach atá i gceist againn anseo, faoi mar a bheadh ag na Muimhnigh, ní hea, in aon chor, ach dealbh bheag, de chineál eicínt. Dealbh ársa, b’fhéidir, faoi mar a bhí coitianta go maith ar fud na Críostaíochta fadó, dealbh a raibh cumhachtaí áirithe aici, in am an ghátair.  B’ionann Naomhóg agus Naoimhín. B’féidir gurbh í Deirbhile fhéin, Colmcille, a d’fhág an Naoimhín céanna acu, mar chuimhneachán, fadó. De réir na scéalta, choinnítí an dealbh sin i dteach áirithe, ar feadh bliana, agus ansin, ag deireadh na bliana sin, tar éis do mhuintir an tí culaith nua flainín a chur uirthi, sheoladh siad ar aghaidh í go teach eile, agus mar sin dóibh, ó bhliain go chéile.  Bhí de bhua ag an “Naomhóg” chéanna sin, go gciúnódh sí an stoirm, nó ar ócáidí eile, go bhféadfadh sí stoirm a thógáil. Ba é a dhéanadh siad nó an dealbh a thógáil leo síos chun na farraige, agus ansin, agus na daoine timpeall uirthi i gciorcal, agus paidreacha áirithe á rá acu, agus an dealbh á thumadh san uisce acu, d’ísleodh an ghaoth, dá mba é sin a bhí á lorg ag na daoine. . Anois, b’in mar a bhaintí úsáid as “Naomhóg” Inis Géidh, ach dár le T.H. White, bhí baint eicínt ag an “Naomhóg” le torthúlacht, agus chaith sé roinnt mhaith ama, ag iarraidh cosa a chur faoin dearcadh sin.  Féach mar a chuireann an t-údar é….

“T.H. White thought that the naomhóg may have been used as a fertility symbol, and although this does not appear to have been the case, he pursued this concept throughout his research.”

Dá mbeadh an chumhacht sin uilig ag an “Naomhóg” sin Inis Géidh, tuige nár baineadh úsáid aisti, le linn na stoirme uafásaí úd, a shéid ar na farraigí thiar, i nDeireadh Fómhair na bliana sin 1927, nuair a báitheadh an deichniúr sin, ar dhein mé tagairt dóibh, anois beag?  Bhuel, tá cúis mhaith le sin, nó tharla sa dara leath den naoú haois déag, gur ghabh an sagart paráiste an “Naomhóg”, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, chuir sé cos i bpoll lei. Ba é cúis a bhí leis an ionsaí sin ar an ndealbh, nó go raibh daoine ag maíomh go raibh dia bréige á adhradh ag muintir Inis Géidh. Feach mar a scriobh The Rev T.A. Armstrong,

“Still more gross superstition was practised in the neighbouring island of Inishkea where a stone idol was invoked for the protection of the inhabitants and vengeance on their enemies.”  

Is dócha gur spreag altanna leithéid na sagairt chun gnímh, agus ba é deireadh an scéil é gur báitheadh an “Naomhóg” i ndoimhneas na Farraige Móire, gar go maith dá pobal dílis, mar a bhfanann i ndoimhneas na Farraige Móire go dtí an atá inniu fhéin ann, agus í ag fanacht go foighdeach ar an a bhfillfidh sí ar a muintir dhílis, oileánach arís, len iad a ullmhú do Lá Mór an tSléibhe…

.

gaGaeilge