A i l l e a c h t    a n     t S a o i l     s e o   9.

A i l l e a c h t a n t S a o i l s e o 9.

sraith, series; teoiric, theory; a chur ar a shúile dó, to make him aware of; inchurtha, comparable; ar chamchuairt, on a tour of; buíon gairmiúil, a professional troupe; glóir-réimeanna, pageants; faoi anáil, under the influence of.

.

.

I mBéal an Phobail

Áilleacht an tSaoil seo 9

Peadar Bairéad

.

Pearse the Dramatist

Mar chríoch leis an tsraith seo faoin bPiarsach, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do chumas an Phiarsaigh mar dhrámadoir. Labhair muid cheana faoina scileanna san óráidíocht, sa bhfilíocht, agus sa ghearrscéalaíocht, agus anois, b’fhéidir nár mhiste tamall gearr a chaitheamh ag breathnú ar a chumas mar dhrámadóir. Anois, cé gur thosaigh an Piarsach ar sceitseanna gearra a scríobh don chlann, sa bhaile, le linn a óige, bíodh go gcoinníodh sé na páirteanna ab fhearr, i gcónaí dó fhéin! ag an am gcéanna, níor luigh sé isteach ar an ndrámaíocht, i ndáiríre, go dtí go raibh Scoil Éanna bunaithe aige, agus go dtí go raibh cáil bainte amach aige, cheana féin, mar fhile agus mar ghearrscéalaí. Ceann de na cúiseanna a bhí le sin, is dócha, nó gur tuigeadh dó, go raibh ceird na Drámaíochta saothraithe go maith, cheana féin, ag scríbhneoirí, cosúil le W.B. Yeats, J.M. Synge, agus Lady Gregory. Is dócha freisin, gur chuir an fear litríochta sin, Tomás Mac Donncha, ar a shúile dó, gurbh í an Drámaíocht i mBéarla, a bhí saothraithe ag na scríbhneoirí thuasluaite, agus dá bhrí sin, chuir an Piarsach roimhe, tabhairt faoi cheird na drámaíochta a shaothrú freisin, i dteanga na nGael. B’fhéidir gur dhein sé chuile iarracht ar Mhac Donncha fhéin a chur i mbun an tsaothair sin, ach bhí teoiric ag an bhfear céanna sin, adúirt….One language only shall a writer master…….Agus bhí a rogha theanga, an Béarla, pioctha amach cheana ag Mac Donncha. Dá thoradh sin, b’éigean don bPiarsach an gnó a dhéanamh é fhéin. Rud eile a chuir ar a shúile dó iompú ar an ndrámaíocht, nó gur tuigeadh dó, mar mhúinteoir, nach raibh an dara meán múinte, ar an saol seo, inchurtha leis an ndrámaíocht, le dul i gcionn ar chroí na hóige. B’fhéidir freisin, go ndeachaigh Dráma Mhic Dhonncha fhéin, “When Dawn is Come”, i gcionn go mór air, agus gur spreag sin chun gnímh é freisin.

Plays for Classes

Ar aon chuma, thosaigh sé ar dhrámaí gearra a chumadh dá dhaltaí i Scoil Éanna. Scríobh sé leagan d’Íosagán, i bhfoirm Dráma, agus chomh maith le sin, chuir sé dráma beag eile, “An Rí,” i láthair a phobail, dráma a cumadh le dul i gcionn ar anam an linbh. Ba bheag scríbhneoir i nGaeilge, nó i mBéarla, ag an am, a chaith an oireadh sin dá dhúthracht ag saothrú don aos-óg. Diaidh ar ndiaidh, chuaigh sé i gcionn air, mar mhúinteoir, gur chóir go ndéanfaí an aisteoireacht, agus léiriú drámaí, ina chuid riachtanach de Chlár Scoil Éanna feasta. Ó bhunú na Scoile céanna sin, sa bhliain 1908, léiríodh dráma inti, chuile Earrach, ach amháin in Earrach na bliana 1914, nuair a bhí an Piarsach ar chamchuairt sna Stáit. Scríobh sé cuid díobh sin i nGaeilge, agus roinnt áirithe freisin i mBéarla. Ba é tuairim Mháire Nic Shiúlaigh, aisteoir cáiliúil, go raibh caighdeán na haisteoireachta sna drámaí céanna, ar aon leibhéal le caighdeán bhuíon gairmiúil aisteoirí, agus ní beag nó suarach an focal é sin. Idir 1909, agus 1916, scríobh sé ocht gcinn de dhrámaí, agus ba i nGaeilge a scríobhadh sé cinn acusan, agus péire acu i mBéarla. Scríobhadh sé na Drámaí céanna sin dá dheartháir Willie, agus do bhaill áirithe d’fhoireann na Scoile freisin, agus do dhaltaí áirithe chomh maith. Deireadh sé, i gcás na ndrámaí sin, go scríobhadh sé “Masterpieces to order” Ní call dom a rá, nárbh aon Shakespeare é an Piarsach, ach ag an am gcéanna, ní féidir a shéanadh, ach oiread, gur tháinig feabhas ar a chumas drámata, le himeacht aimsire. Cuirtear an-tsuim sna drámaí sin, sa lá atá inniu ann, toisc gurbh é an Piarsach a scríobh, agus toisc go dtugann siad léargus eicínt dúinn ar smaointe agus ar dhearcadh an Phiarsaigh, i rith na mblianta cinniúnacha sin, idir 1908 agus 1916.

The Heroic and the Religious

Sna drámaí tosaigh sin, tugaimid faoi deara, an bhéim a leag sé ar théamaí áirithe.

Ar an gcéad dul síos, ba mhór aige glóir-réimeanna laochais, ag léiriú eachtraí gaile agus gaisce Chúchulainn, Laochra Eamhain Mhacha, agus Gaiscigh na Tána.

Ar an dara dul síos, scríobh sé freisin faoin mhoráltacht Críostaí. Smaoinigh ar Íosagán, ar chineál dráma míorúilte é, bunaithe ar chreideamh na ndaoine a chastaí air, thíos i gConamara, agus é scríofa freisin, ina dteanga siúd. Is dócha go bhféadfá a rá, gur tháinig an Piarsach faoi anáil Synge, sna drámaí sin, cé gur bhásaigh Synge an bhliain sular scríobhadh Íosagán, ag an am gcéanna, d’fhéadfadh an Piarsach a rá, faoi Íosagán…

“In Íosagán I have religiously followed the phraseology of the children and old men of Iarchonnacht from whom I have learned the Irish I speak. I have given their daily conversation, anglicisms, vulgarisms and all”

agus féach mar a chuir Synge é, agus é ag cur síos ar an mBéarla a d’úsáid seisean ina shaothar drámaíochta fhéin….Béarla a bhí….

as an exact copy of the English spoken by ordinary people in rural Irealand …As for the ideas – compared with the fancies one may hear in any little hillside cabin in Gesala or Carraroe or Dingle, the Playboy ideas are tame indeed.

Sa mhéid sin, is dócha go bhfuil muid ar ais arís ag an seanargóint faoi “chaint na ndaoine” versus “Gaeilge chlasaiceach an Chéitinnigh”.

In Íosagán, d’éirigh leis an bPiarsach rud a dhéanamh a theip ar dhrámadóirí eile na ré sin a dhéanamh, sé sin, chuir sé gnáthdhaoine tuaithe ar an ardán, carachtair a chasfaí ort, chuile lá, in áiteacha cosúil le Conamara.

An Innovator

An bhliain dár gcionn, i 1911, scríobh an Piarsach Dráma Páise, i dtrí ghníomh, dráma inar bhain sé úsáid as na Soiscéil mar fhoinse, ach chuir sé aguisín leis i bhfoirm sean-iomann Gaelach, “Caoineadh Mhuire”, a d’úsáid sé sa Ghníomh deiridh, agus chomh maith le sin, bhain sé úsáid freisin as “mná caointe” le Páis Chríost, ar a bhealach anróiteach go Golgotha, a chaoineadh. Léirigh an Piarsach sa mhéid sin, go raibh scileanna neamhghnácha aige, mar dhrámadóir. Léiríodh an Dráma Páise sin in Amharclann na Mainistreach, agus ba iad Ollúna agus Daltaí Scoil Éanna, agus Scoil Íde, a rinne an aisteoireacht. Féach mar a scríobh Máire Nic Shiúlaigh faoi…..

“It was the most outstanding Gaelic production seen in Dublin before 1916 and probably the first serious piece of Gaelic dramatic writing produced..”

Labhair an Irish Times faoina áilleacht sollúnta, agus d’admhaigh…….

“….It had not been prepared for so touching a performance.”

Ba léirmheastóir drámaí ag an Irish Review é Pádraic Colum, ag an am, agus dár leis-sean

“In a sense it is the first serious thearte piece in Irish..It has root power.”

Mhol an tIndependent go hard na spéire é freisin. Feiceann muid, mar sin, gur éirigh leis an bPiarsach clú agus cáil a bhaint amach dó fhéin mar dhrámadóir, taobh istigh de chupla bliain, éacht nár bheag, ag an am. Ach, b’fhéidir gur chóir dom críoch a chur le píosa na seachtaine seo, ach bí liom arís an tseachtain seo chugainn, nuair a chuirfidh mé crioch leis an tsraith seo, a bhunaigh mé ar léacht a thug mé, anseo i gCill Chainnigh, cúig bliana fichead ó shoin, nuair a bhí cuimhne chéad an Phiarsaigh á comóradh againn.

.

A i l l e a c h t    a n     t S a o i l     s e o   9.

A r A i s g o C a p e B r e t o n

A r A i s g o C a p e B r e t o n .

**********************************

.

C a p e B r e t o n R o a d ……………………….Vintage Edition……………….2001.

le………………………………………………………………………………………………………………….

D. R. M a c D o n a l d …………………………………………………………………………€8.88.

.

***********************************

.

Scríobh mé píosa anseo, tamall ó shoin, faoin leabhar “No Great Mischief”, le Alistair MacLeod, leabhar a suíodh sa dúthaigh chéanna sin thart ar Cape Breton. Ní haon sicín lae é an Alistair céanna sin, nó rugadh é i gCape Breton, Nova Scotia, sa bhliain 1936, agus ba é “No Great Mischief” an chéad úrscéal uaidh, bíodh go raibh clú agus cáil tuillte aige roimhe sin, lena chuid gearrscéalta. I gcás MhicLeoid áfach, ba leabhar cosúil le “Roots” a chuir seisean i dtoll a chéile dúinn, leabhar inar rianaigh an t-údar scéal chineál Chaluim Ruaidh, ón am ar fhág siad Garbhchríocha na hAlban, sa bhliain 1779, le cur fúthu i Nova Scotia, áit ar bhunaigh siad treabh nua Albanach dá gcuid fhéin thall ansin, treabh a d’fhan rua, dúshúileach, Gaelach, agus treabh freiein a d’fhan dílis dá bhfréamhacha Albanacha, uaidh sin amach. Leanann sé a scéal siúd, anuas trí na blianta, anuas go dtí ochtóidí na haoise seo caite, nuair a chuir fear dá sliocht, Alexander McDonald, roimhe, scéal a chienáil a ríomh, agus sin atá curtha ar fáil dúinn sa leabhar corraitheach sin “No Great Mischief”.

Scéal eile ar fad atá againn san úrscéal nua seo, le D.R. MacDonald, ach sul má thosaím ar sin, b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é, rud eicínt a rá faoin údar fhéin. Cosúil le Alistair McLeod, rugadh D.R. i mBoularderie Island, Cape Breton, Nova Scotia, áit a raibh a mhuintir lonnaithe le blianta fada. Tógadh é in Ohio, sna Stáit Aontaithe, áit ar mhair a athair, nó ba mháta ar long iompar iarainn, ar na Locha Móra an t-athair céanna sin. D’éirigh leis an údar íoc as a chuid scolaíochta, trí phost a fháil mar mhairnéalach, freisin. Tar éis dó seal a chaitheamh mar mhúinteoir, d’fhill sé ar Ohio, le céim MA a bhaint amach dó fhéin. Fuair sé post ansin mar Ollamh, in Ollscoil Stanford, mar a bhfuil sé ag saothrú mar Ollamh, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Ní call a rá, go bhfágann sé California, chuile Shamhradh, le filleadh ar fhód a dhúchais, i gCape Breton.

Cosúil le Alistair McLeod, tá de nós ag an údar seo abairtí Gaeilge a chraitheadh isteach ina scéal, faoi mar a chraiteadh duine rísíní i gcíste, lena shaibhriú, agus le hatmosféar speisialta a chruthú ann. Féach ar an abairt a chuireann an t-údar seo isteach i dtús an leabhair seo….

“An cuir tobar a mach as an aon tsúil

uisge milis is searbh.”

Anois, cé go bhfuil an abairt sin i nGaeilge na hAlban, ní call dom tada a rá faoi, nó thuigfeadh Gaeilgeoir ar bith a bhfuil á rá inti. Is dócha go bhféadfá a rá, go mbeadh gaol ag an tsean nath Albanach sin leis an seanfhocal Gaelach….”Cad a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú?” Sé sin, go bhfanann chuile neach dílis dá dhúchas fhéin. Níor chóir go mbeifeá ag súil le huisce mhilis a fháil as tobar searbh. Ní thagann athrú bunúsach ar iompar an duine, ó fhás go haois, agus is dócha gurb é sin atá i gceist ag an údar, agus é ag ríomh scéal a phríomhcharachtair, Innis Corbett, san úrscéal suimiúil, corraitheach, seo. Níl san Innis seo ach glas-stócach, thart ar naoi mbliana déag d’aois, nuair a chuirtear in aithne dhúinn é, agus é leis fhéin, lena shábh agus a mhaide siúil, i measc na gcrann, áit ar chaith sé seal ag tanú crann, i gcoill a uncail, i gCape Breton. Tuige a’ raibh sé ansin, an ea? Bhuel, b’amhlaidh a rugadh é i gCape Breton, a cheaduair, ach ansin, chuaigh a mhuintir ar imirce leo, síos go Boston, sna Stáit Aontaithe, áit ar fhás Innis suas, ach faraoir, níor coinníodh aon smacht ceart air ansin, agus é ag fás suas. Tugadh cead a chinn dó, d’fhéadfá a rá, agus tugadh cead dó freisin, bheith ag dul timpeall le gasúir fhiáine, ar bheag é a meas ar dhlí, nó ar chuid na gcomharsan. Ghoididís gluaisteáin, agus théidís ag tiomáint leo, nós an diabhail, timpeall na sráideanna. Mar bharr ar an chlampair áfach, cailleadh an t-athair i dtimpiste tráchta. Ní i gcónaí a fhilleann an crúiscín slán abhaile ón tobar áfach, agus ba é an dála céanna le hInnis é, no i ndeireadh na dála, d’éirigh cúirteanna Mheiriceá tinn, tuirseach, de, agus ba é a tharla nó gur chinneadar ar é a dhíbirt as na Stáit amach, agus cuireadh ar ais abhaile é go Cape Breton, agus níorbh é sin amháin é áfach, ach tugadh foláireamh dó, gan filleadh ar na Stáit Aontaithe, lena bheo arís. Chuaigh sé chun cónaithe arís i gCape Breton lena uncal, Starr Corbett, agus sin an áit a bhfuil sé, i dtús an scéil seo. Ní call dom a rá, go dtugann an t-údar siar muid, go rialta, i rith an scéil, go Boston, agus chuig an áit inar tógadh “Innis”, i Watertown.

Bhuel, an lá áirithe seo, a raibh sé thuas ansin sna coillte, lena shábh agus lena mhaide siúil, chonaic sé crann álainn giúise, agus smaoinigh sé ar a mháthair agua ar an Nollaig, agus samhlaíodh dó, go dtaitneodh an crann álainn sin lena mháthair, mar chrann Nollag, agus sul ar thuig sé cad a bhí ar siúl aige, bhí an crann álainn sin leagtha aige….

Innis’s mother had always wanted Scotch pine for Christmas. So how about this fifteen-footer, Mom? I’ll ship it to you, you can save it for next year, I won’t be there to haul it up the stairs but your boyfriend can do the honours. He ducked under its branches, snow trembling down his neck as the saw ripped into bark, the blade pungent with resin, sawdust dribbling into the wooly snow like cornmeal, and when the tree fell away from him with a hiss, he drew back and inhaled the turpentine smell, Resin. It jacked him up, like the other resin he loved to smoke.”

B’in an gnó déanta aige, gnó gan chiall, gan mhachtnamh, nó bheadh fhios aige go dianmhaith, nach mbeadh sé indéanta, an crann breá sin a sheoladh chuig a mháthair, thíos i mBoston, Mass.

Ba ghearr gur dúisíodh as a mharana é áfach, nó bhí fear óg ina sheasamh taobh thiar de, agus é ag fiafraí de, tuige ar leag sé an crann sin, nó ba lena athair seisean é, agus mharódh sé Innis, dá mbeadh fhios aige, go raibh an crann sin leagtha aige. Dúirt sé le hInnis freisin, go raibh a fhios ag a athair, go raibh duine eicínt sa choill, agus gurbh ‘in an fáth ar tháinig seisean, go bhfeicfeadh sé, céard a bhí ar siúl. Chuaigh an bheirt ar ais chuig teach an fhir óig sin, Finlay. Ní raibh sa teach ach a athair, Dan Rory, mar a thugtaí air, sa chomharasanacht sin. Bhí “fios” ag Dan, gan dabht ar domhan, ach ar deireadh thiar, rinne sé margadh le hInnis, agus gheall Innis go ndéanfadh sé seo agus siúd do Dan, agus dá mhac, Finlay, mar aisíoc i leagan an chrainn, nó ba chrann é sin, a chuir Dan, i gcuimhne a mhic, a cailleadh, tamall roimhe sin.

Finlay said “He has the taibhsearachd, you know, the Second Sight. He’s seen you before. But you don’t need to know about that now.”

D’éirigh go réasúnta maith le hInnis, agus é ag iarraidh teacht i dtír in atmosféar Chape Breton, nó b’éan cuideáin é sa dúthaigh sin freisin, bíodh gurbh é dúthaigh a mhuintire fhéin é.. Ní raibh a uncal sásta, nó ábalta b’fhéidir, mórán cúnaimh a thabhairt dó, agus é ag iarraidh a bhealach a dhéanamh isteach i ngort guaireach na bhfear. Bhí socraithe ag Innis go gcuirfeadh sé plandaí canabis ag fás, ar an gcúlráid, sna coillte, agus go n-éireodh leis roinnt mhaith airgid a shaothrú, sa tsli sin, agus ansin, i bhFómhar na bliana a bhí chuige, d’fhéadfadh sé an canabis a dhíol, airgead a fháil as an ndíol sin, a bhealach a dhéanamh amach as Cape Breton, agus thabharfadh sé a aghaidh ansin ar Cheanada, áit ina bh’fhéadfadh sé cur faoi, i gceann de chathracha móra na tíre móire sin. Nach raibh na plandai canabis ag fas aige cheana fein, i ngan fhios, i lochta theach a uncail. Choinneodh se ansin iad go mbeadh siad sach laidir, agus an aimsir sach cinealta len iad a chur ar an gculraid amuigh sna coillte.

B’fhear sach ait e a uncal Starr Corbett. Ni raibh se posta, ach ag an am gceanna bhi toir ar mhna aige, agus thogadh se corrcheann acu abhaile leis, ach mar sin fhein ni fhanfadh si ro-fhada ansin, agus ni bhiodh leannan buan riamh ag Starr, se sin gur thog se Claire abhaile leis. Is amhlaidh gur eirigh idir Claire agus a leannan, agus gur thainig Starr i gcabhair uirthi tri dhidean agus dion a cur ar fail de ar feadh scathairm.

“Listen, Claire’s staying here for a while.”

B’in mar a chuir Starr e, agus Claire a chur in aithne aige do Innis .

Sin an culra ar a chrochann an t-udar a cnamharlach a sceil. Chuaigh chuile short ar aghaidh go brea ar feadh scathaimh, agus ansin, faoi mar a chuirfeadh Dan Rory e,

Not much work around here anyway…..Work that pays money always been short in this place.

B’fhior do, ach d’eirigh leis postanna beaga a fhain anseo is ansiud, agus sa tsli sin bhi ar a chumas pingneacha beaga a shaothru, rud a thug dochas do go mbeadh ar a chumas, ar ball, Cape Breton a fhagail taobh thiar de, no is docha go ndeacha atmosfear an bhaile mhoir i bhfeidhm air, agus nach sasodh fod a dhuchais feasta e.

O cheadleag se suil ar Claire, is docha go raibhs e splanctha ina diaidh, ar bhealach amhain no ar bhealach eile, agus ba e crioch a abhi ar an sceal sin no gur tharla ina ghra-thriantan idir Innis, Claire, agus Starr. Ni fheadfadh ach crioch amhain a bheith ar sceal da leitheid, agus b’in mar a tharla sa chas seo freisin. Threig Claire iad, agus d’eirigh idir Starr agus Innis, agus ba e crioch a bhi le sin go gur fagadh Innis bocht tinn bruite go maith tar eis an choimheascaiar sin.

Starr hit him three times – yes, it was three, later he could count each one – fast, in the face. Innis shouted, blood in his nose, flailing, overwhelming Starr but not hurting him, and athey bounced off tables, the wall, crazy with anger, they clawed their shirts, ripped them, scratching, digging, buty Innis knew he’d already lost whatever it was, the fitht, the chance to push Starr back and get wsome room with Claire, to save something he needed to save. They hit the floor in a desperate and raaging hug, and then Starr released him suddenly and rolled away, Innis flopped on his back, tasting blood, gagging it up.

Bhi an t-uncal ro-laidir don stocach og, agus b’in sin. Ni raibh fagtha anois aige ach an t-aon rogha amhain, se sin Cape Breton a threigint. Conas a dheanfadh se a leitheid, afach, agus gan a dhothain airgid cnuasaithe aige don bhfiontar sin fos? Ba shearbh an toradh a bhi ar chrann an ghra idir Innis agus leannan a uncail, agus ba scriosuil an toradh e freisin. Mhill Starr na plandai a bhi curtha ar an iarguil ag Innis, agus mar dhioltas, chuir Innis nimh, dar leis, i dtobar Starr, agus ansin, d’eirigh leis gluaistean galanta a ghoid, agus sa tsli sin thuigfea go n-eireodh leis ealo o Chape Breton go deo. Ach ni mar a shiltear a bhitear go minic, agus nior thaise don chas seo e ach oiread. Ach nil fum an sceal ar fad a leagan os do chomhair amach. Caithfidh me a ra gur bhain me fhein taitneamh nar bheag as an sceal, agus chaithfea a admhail go bhfuil stil an udair seo thar barr.

B’fhiu do dhuine an leabhar seo a leamh, agus ta me cinnte go mhainfeadh an leitheoir taitneamh as.

An-leamh, an-leabhar.

.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

A i l l e a c h t    a n     t S a o i l     s e o   9.

A r n a M i s i n. 6.

.

A r n a M i s i n . 6 .

************************

.

Stopamar, an tseachtain seo caite, agus muid ar bord an bhus speisialta sin, a bhí le sinn a thabhairt ar thruas timpeall na cathrach áille sin Santa Barbara. Mar sin, le filleadh ar an scéal……..

Bus speisialta a bhí dár n-iompar, bus ar déanamh tram a bhí ann, agus tráchtaireacht á thabhairt dúinn, feadh an aistir, ag an tiománaí groí, lách, scéaltach. Thug an tiománaí céanna sin stair an bhaile dúinn, ach ó tharla go bhfuil roinnt mhaith den stair tugtha cheana agam, ní dhéanfaidh mé athinsint ar an gcuid sin den scéal. Labhair sé linn, faoi na sráideanna, agus faoi na foirgnimh, faoi na maithe agus na móruaisle a dhear agus a thóg an baile álainn seo, ach ní mar seo a bhí an baile seo chuile lá riamh, nó i dtús ama, ní raibh cuma nó dóigh air, ach chuile dhuine ag tógáil leis, de réir mar a bhuail an fonn é.

Ní raibh ann, ar feadh i bhfad, ach baile beag scoite, iargúlta, gan spéis ró-mhór ag éinne ann, ach trí tharlúintí domhínithe na staire, d’fhás agus d’fhorbair Santa Barbara, go dtí go bhféachtar air, sa lá atá inniu ann, mar “Venice” Dheisceart Chalafóirnia. Caithfear a rá, nach raibh aon chóras ar fónamh acu le cuairteoirí, nó lucht gnó a mhealladh chomh fada leo, ach bhí cuan réasúnta maith ansin, taobh leo, agus marach sin, bheadh siad ar an ngannchuid, bunús an ama. Ach déanta na fírinne, ba í a iargúltacht an bua ba mhó a bhí aige, i ndeireadh na dála. Bhí Sléibhte Santa Ynez mar bhalla cosanta, ar an dtaobh thoir de, bhí an fharraige ar an dtaobh thoir, agus ní raibh bóithre ar fónamh, ó thuaidh, nó ó dheas uaithi, agus sa tslí sin, coinníodh lucht na hórthóraiochta, tríd is tríd, amach uaithi. Choinnigh sí na himircigh, a thug a n-aghaidh siar, i ndiaidh Chogadh na Stát, amach uaidh freisin, sa tslí, nuair a bhí bailte móra eile ar chósta thiar Chalafóirnia ag fás as cuimse mór, agus ag bailiú saibhris chucu, faoi mar a bheadh Dia á rá leo, d’fhan Santa Barbara, beag, scoite, iargúlta, agus gan mórán airde ag éinne air.

Mar sin fhéin, bhí a bhuanna fhéin ag Santa Barbara. Bhí suíomh den scoth aige, bhí pobal deas, séimh, sibhialta, aige, agus bhí aeráid neamhaí ag roinnt leis freisin. Fritheadh ola go flúirseach sa dúiche sin freisin, agus roinnt áirithe de, faoin bhfarraige, agus, ar bhealach do-thuigthe anois, ceapadh ag an am, nach bhféadfá aer na háite sin a bhualadh, ar a shláintiúla is a bhí sé, agus tuigeadh go mba í cúis a bhí le sin, nó boladh an ola úd measctha ar aer sláintiúil na háite. Chomh maith leis na buanna sin, bhí flúirse ruibhthoibreacha sa dúiche sin freisin. Sa tslí sin, thosaigh daoine ag teacht chucu, ina nduine is ina nduine, ar dtús, agus ansin ina miondreamanna, agus ar ball, ina gcaise do-stoptha, agus ní ó na Stáit Aontaithe amháin a tháinig siad, ach ó cheithre hairde an domhain mhóir, agus iad uilig ar thóir na sláinte, na háilleachta nó na haeráide, nó ar thóir cibé bua a shanntaigh siad, agus a tuigeadh dóibh a bheith ar fáil go fial, i gcathair Santa Barbara.

Thug Charles Nordhoff cuairt ar Santa Barbara sa bhliain 1872. B’amhlaidh a chuir an “Southern Pacific Railway” timpeall Chalafóirnia é, le cuntas a scríobh faoina raibh le feiceáil, agus le tabhairt faoi deara, le linn a chuairte. Féach mar a chuir seisean é….

“Santa Barbara is on many accounts the pleasantest of all the places I have named……Santa Barbara has the advantage of a pleasant society and an exeellent school. It is in fact a cozy nest of New England and Western New York people, many of whom originally came here for their health, and remain because they are charmed by the climate.”

Sea, níor chuir a hiargúltacht isteach ar Charles. Ach cosúil le bailte eile, ag an am, ní raibh aige, ach thíos seal agus thuas seal.

Ach, tar éis dó blianta fada a chaitheamh ar thóir an dul chun cinn, agus tar éis dó an lámh in uachtar a fháil ar smugléirí, ar robálaithe, agus ar ghadaithe bóthair, d’éirigh leis teacht slán, agus diaidh ar ndiaidh, shleamhnaigh sé chun tosaigh, dá míle ainneoin. Agus bíodh go raibh baile álainn cultúrtha, seanaimseartha, ansin, ó aimsir na Spáinneach i leith, níor cuireadh aon bhéim ró-mhór ar an dul chun cinn, go dtí gur ghealaigh ré na Stát Aontaithe, fiú amháin i leagan amach na sráideanna, ní raibh bun nó barr leo, go dtí ré sin na Stát. Féach mar a cuireadh é……

Santa Barbara’s first neighbourhood was comprised of adobes scattered haphazardly around the Presidio. By 1850, the number of adobes had increased, but they were still built on sites with no apparent organisation. Americans brought with them a passion for organisation and knew that a logical street system was an essential first step. In 1851 the Common Council authorised Captain Salisbury Haley to survey and plat streets in square, uniform blocks 150 feet wide.

Bhuel, bhí an gnó sin déanta, agus déanta go maith, agus bíodh nár cuireadh an plean sin i gcrích láithreach bonn, ag an am gcéanna, bhí an plean ansin, agus diaidh ar ndiaidh, bhíothas ábalta tarraingt ar an bplean cumasach sin.

Ba bheag tionchar a bhí ag Cogadh na Stát ar Santa Barbara, no bhí an áit ró-iargúlta, agus is dócha freisin, nár breathnaíodh fós, i ndáiríre, ar Chalafóirnia, mar chuid dílis de na Stáit Aontaithe, sea, agus cuir le sin, go raibh Santa Barbara i bhfad amach ó láthair an chogaidh chéanna sin, a bhí ag réabadh leis na mílte míle soir uaidh, agus chomh maith le sin, thógadh sé, idir 20 agus 30 lá, do nuacht faoin gcogadh céanna sin iad a shroichint, nó ba mhinic cathanna an chogaidh sin á dtroid, thart ar thrí mhíle míle ar shiúl uathu.

Níor shroich an bóthar iarainn fhéin Santa Barbara go dtí tús an fichiú haois, ach uaidh sin amach, níor mhothaigh muintir Shanta Barbara scoite amach feasta. Bhí uisce reatha, leictreachas, ospidéil den scoth, ar fáil sa chathair sin feasta, agus nuair a tharla, sa bhliain 1922, gur éirigh leis an nDochtúir William Sansum insulin fad-oibríoch a fhorbairt, bhí tarriangt ag diabaetigh an tsaoil mhóir ar Santa Barbara, feasta.

Ach, i ndeireadh na dála, tuigeadh do na dúchasaigh, gurbh í an turasóireacaht an tionscal ba mhó a d’oirfeadh dóibh, sna blianta a bhí amach rompu, agus chuige sin, chuireadar chun oibre le fonn, le háiseanna oiriúnacha a chur ar fáil, leis an dtionscal sin a chothú agus a fhorbairt. Tuigeadh freisin, go mba bhreá ar fad an láthair é, d’fhilí, do phéintéirí, agus d’ealaíontóirí de chuile shórt.

Faoin am seo, áfach, tuigeadh go raibh sráideanna áirithe gránna go maith fós, ach thug crith talún na bliana 1925 deis dóibh, roinnt mhaith de na seansráideanna sin a chartadh amach, agus a atógáil, de réir Phlean Haley. Bhí daonra na cathrach nua seo ag dul i méad an t-am ar fad áfach, nó d’fhan roinnt mhaith de na turasóirí, agus chuireadar fúthu sa bhaile álainn sin Santa Barbara. Faoin mbliain 1950 tógadh ár seanchara, Saorbhealach 101, a bhí mar cheangal idir San Francisco, ó thuaidh, agus San Diego, ó dheas.

Bhí a sheal freisin ag Santa Barbara ar na scannáin, nó sa bhliain 1910, bhí an Saotharlann Scannán ba mhó ar domhan, suite sa chathair sin, agus faoin mbliain 1911, bhí trí chomhlucht scannán lonnaithe ann. Ar feadh scathaimh, mar sin, baineadh úsáid as sléibhte Santa Ynez, agus as tránna Santa Barbara, mar chúlra do na céadta scannán. Ní bhíonn in aon rud ach seal, áfach, agus faoin mbliain 1918, ocht mbliana gairide i ndiaidh bhunú an tionscail sa chathair álainn sin, faoi mar a bheadh sneachta na bliana anuraidh ann, bhí na comhluchtaí móra sin uilig scuabtha leo ó dheas, ar thóir na bhfoirgneamh ard, faoi mar a bhí le fáil acu i Los Angeles, nó theastaigh foirgnimh mhóra arda uathu, leis an saol uirbeach, a bhí mar chúlra anois do bhunús na scannán a bheadh á ndéanamh feasta, a léiriú.

D’éirigh lenár dtreoraí an t-eolas sin uilig faoi Santa Barbara a roinnt linn, agus muid ar ár mbealach timpeall na cathrach sin, ar ár sáimhín só. Thuirlingíomar fhéin den tram sin, seal, thíos ag an gcéibh, agus d’éirigh linn teacht ar bhialann oiriúnach, le lón a chaitheamh ansin, agus muid ag breathnú ar dhealbh cháiliúil úd na muc mara, atá suite taobh leis an gcéibh. I ndiaidh an lóin sin, chaitheamar seal ag breathnú thart ar an gcuid sin den chathair. Bhí áilleacht de chuile shórt leata amach ansin, os ár gcomhair amach, agus baill de chiníocha an tsaoil mhóir ag baint taitnimh as. Ar ball, d’éirigh linn suíochán a fháil ar ar dtram, a raibh cúrsa na cathraach tugtha aige, agus é ar a bhealach ar ais chuig Misean Santa Barbara arís. Chuamar ar bord. D’fháiltigh an tiománaí romhainn, agus lean air ag ríomh stair agus scéal na cathrach áille sin Santa Barbara. Thóg sé sinn suas chun dáta le scéal na cathrach, agus mhínigh an fhadhb ba mhó a bhí ag an gcathair, sa lá atá inniu ann.

Cén fhadhb, an ea?

Fadhb na tithíochta, d’eile!

Tá an fharraige ar thaobh amháin den chathair, agus na sléibhte timpeall uirthi, agus sa tslí sin, níl mórán áite acu le tuilleadh tithe a thógáil, agus dár ndóigh, is ar thaobh na sléibhte atá na boic mhóra ag lonnú, agus is beag deis atá ag oibrithe, cosúil leis an tiománaí fhéin, teacht ar theach, rud a chuirfeadh Baile Átha Cliath, agus cathracha eile na tíre seo, i gcuimhne do dhuine. Ach nach comhartha saibhris é sin? Sea, agus tiocfar ar a leigheas, amach anseo.

Bhuel, faoin am sin, bhíomar tagtha ar ais arís go dtí Misean Santa Barbara. Thuirlingíomar den bhus. Chaitheaamar seal ag guairdeall timpeall, agus ag tabhairt chuile shórt faoi deara, agus nuair a bhí lán ár súl bainte againn as an Misean, agus as a thimpeallacht, thugamar aghaidh ar ár dTeach Ósta, i Sráid Bath. Ní call dom a rá, go raibh an lá sin i ngar do bheith caite, agus d’ullmhaíomar sinn fhéin do dhinnéar na hoíche sin sa Teach Ósta, san Encina Lodge and Suites, agus ní call dom, ach oiread, a rá, gur dhein siadsan freastal fial, flaithiúil orainn, agus gur roinn siad nua gach bia agus sean gacha dí orainn, gan dochma gan gorta.

Ar ball, chaitheamar seal ag breathnú ar an teilifís, agus seal eile ag comhrá agus ag ullmhú don lá dár gcionn, nuair a bheadh muid ag tabhairt ár n-aghaidh ar Phismo Beach, cathair eile cois cuain, a bhí tamall ó thuaidh ó Santa Barbara, agus é cóngarach do San Luis Obispo

Ach b’fhéidir gur leor sin de chuntas ar Mhisean Santa Barbara, agus ar an gCathair a d’fhás aníos as dúshraith an Mhisin Spáinnigh chéanna sin.

Go dtí an chéad bhabhta eile, mar sin….

Slán………..

.

***************

Peadar Bairéad.

***************

.

.

A i l l e a c h t    a n     t S a o i l     s e o   9.

An Chaisc ar an Aoine

.

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

Wearing the Palm and the Shamrock

Seo thíos píosa a scríobh mé, sa cholún seo, tamall ó shoin, faoin mbliain 1940, nuair a thit Domhnach na Pailme ar Lá ‘le Pádraig agus gur caitheadh an phailm agus an tseamróg i bhfochair a chéile an lá sin. Anois, ó tharla gur bheag nár tharla an rud céanna arís i mbliana, tuigeadh dom, nárbh olc an tseift í, an píosa sin a leagan os bhur gcomhair arís an tseachtain seo.

.

Nach minic a chualamar go léir na nathanna éagsúla, a chuireann ar ár súile dúinn, nach bhfuil de nós ag an gCáisc titim ar aon lá eile den tseachtain, taobh amuigh den Domhnach, nathanna ar nós, “Níorbh iontaí liom an Cháisc ar an Aoine” ná a leithéid a fheiceáil, nó arís, “Chomh siúráilte is atá an Cháisc ar an nDomhnach”, agus a leithéid. N’fheadar anois ar mar sin a bhí, ó thús? Ach fillfidh mé ar an scéal sin ar ball, ach le tús a chur leis an bpíosa seo, ba mhaith liom sibh a thabhairt siar liom, thar dhroichead na mblianta, go dtí an bhliain 1940, nó tharla rud ait go leor an bhliain chinniúnach chéanna sin.

Palm and Shamrock worn on same day!

Céard a tharla an bhliain áirithe sin, in ainm an Áidh?

Bhuel, an bhliain áirithe sin, chaitheamar an tseamróg agus an phailm, i bhfochair a chéile, nó thit Domhnach Pailme ar Lá ‘le Pádraig, an bhliain sin. Bhí mé fhéin óg ag an am, agus ní dhearna mé aon nath den tarlúint chéanna sin, ag an am. Anois, is cuimhin liom go raibh an scéal i mbéal gach éinne, ag an am, agus é ina scéal eatarthu, go mbeadh Éire saor, an chéad uair eile a tharlódh a leithéid arís.

When would it happen again?

Agus an raibh a fhios acu cathain a tharlódh a leithéid arís?

Tuigeadh domsa, ag an am, go raibh an t-eolas sin le fáil sna nuachtáin, ach ó tharla nach raibh mé fhéin ró-thugtha do léamh na nuachtán céanna sin, ag an am, ní fhaca mé fhéin tada faoi iontu, ach bhí sé ina scéal mór i measc daoine, go dtarlódh sé arís sa bhliain 2000! Is cuimhin liom freisin, go raibh duine de na comharsana, Micheál Shéamais Mhóir, istigh ar chuairt againn, oíche an lae úd, agus go raibh sé fhéin is m’athair ag cur na gcúrsaí sin trí chéile, agus ba é a fhaid ar a leithead go raibh siad beirt den tuairim nach mbeidís sa timpeall, um an dtaca sin, ach bhíodar beirt den tuairim, go raibh chuile sheans ann, go mbeinnse ar an bhfód fós faoin mbliain 2000, agus d’iarradar ormsa dul síos go dtí Séipéal na Cille Móire, an tráthnóna sin, agus paidir a chur lena n-anam. Is dócha gur thoiligh mé fhéin chuige sin. Anois, san idirlinn, ba mhinic mé ag iarraidh fios fátha an scéil sin a fháil amach, ach i gcónaí, gcónaí, theip glan orm aon eolas a fháil faoi na cúrsaí céanna sin.

Bhuel, tháinig an bhliain 2000, agus mar is eol do chách anois, níor thit Lá ‘le Pádraig ar Dhomhnach Pailme, an bhliain áirithe sin, nó nior thit sé ar an nDomhnach sin bliain ar bith ó shoin i leith, ach oiread. Sea, agus fágadh mé fhéin im bhambairne, agus mé ag súil chuile bhliain, go mbeadh deis agam an tseamróg agus an phailm, a chaitheamh i bhfochair a chéile, uair amháin eile im shaolsa, agus go mbeadh deis agam cuairt a thabhairt ar Shéipéal na Cille Móire, le paidir a chur le hanamnacha na marbh, ach go háirithe le hanamnacha na beirte úd, a d’iarr orm a leithéid a dhéanamh, nuair a chaithfí an tseamróg agus an phailm ar an lá céanna, arís.

The Council of Nicea

Ar na mallaibh áfach, thosaigh mé ag iarraidh scil eicínt a bhaint as cúrsaí na Cásca, agus mar a shocraítear dáta na Féile úd, sea, agus chomh fada is a d’fhéadfainn a dhéanamh amach, d’fhéadfadh an Cháisc titim ar lá ar bith den tseachtain, ar feadh cupla céad bliain, le linn óige na hEaglaise, mar, anuas go dtí an bhliain 325, dheintí an Cháisc a cheiliúradh ar an gcéad lá de Cháisc na nGiúdach, nó ar an lá díreach ina dhiaidh sin, cuma cén lá den tseachtain a bhí i gceist, ach, in áiteacha eile, dheintí í a cheiliúradh ar Dhomhnach, gar do Cháisc na nGiúdach. Ag chéad Chomhdháil Nicea, áfach, tar éis roinnt mhaith cur trí chéile, socraíodh ar an gCáisc a cheiliúradh feasta ar Dhomhnach, agus uaidh sin amach, ba scéal cinnte é, go dtitfeadh an Cháisc ar an nDomhnach, agus uaidh sin a d’fhás an nath cainte úd sa Ghaeilge…Chomh siúráilte is atá an Cháisc ar an nDomhnach…

Gregorian Calendar changes

Tharla athruithe áirithe eile sa bhFéilire le linn do Ghreagóir a Trí Déag a bheith i gCathaoir Pheadair sa Róimh, agus deineadh na socruithe a chinntiú tuilleadh, nuair a leagadh síos an riail, go dtitfeadh an Cháisc feasta, ar an gcéad Domhnach, i ndiaidh na gealaí úire, a leanann eacaineacht an Earraigh. Agus ní gá a rá, gur socraíodh, go nglacfaí leis an 21ú Márta mar dháta na heacaineachta sin. Glacadh leis na socruithe sin, nó tuigeadh gur mar sin a tharla, sa bhliain 30 AD, nuair a d’aiséirigh ár dTiarna ón mbás.

Ach, le filleadh ar oíche úd an 17ú Márta na bliana sin 1940, nuair a tharla go raibh Micheál Shéamais Mhóir, ceoltóir, ag bothántaíocht sa teach s’againne, agus an tseamróg agus an phailm á gcaitheamh fós againn inár ngeansaithe, agus nuair a hiarradh ormsa, paidir a chur lena n-anamnacha, thíos i Séipéal na Cille Móire, sa bhliain 2000, tuigeadh dúinn uilig, an oíche sin, go dtarlódh sin arís sa bhliain 2000, ach, mar is eol do chách anois, níor tharla aon rud dá leithéid an bhliain sin, nó aon bhliain eile ó shoin i leith, ach oiread. B’in an fáth mar sin, a ndeachaigh mé fhéin ag tóraíocht fios fátha an scéil sin, i mbliana.

Agus bhfuil fhios agat toradh mo chuid taighde?

Níl!

1799, and 2391

Bhuel, tar éis roinnt mhaith ama a chaitheamh i mbun an tionscnaimh sin, ba é a fuair mé fhéin amach, nó gur tharla a leithéid cheana ag deireadh an ochtú haois déag, sa bhliain 1799. Mar sin, ní gnáth tarlúint in aon chor é caitheamh na seamróige agus na pailme ar an lá céanna, sé sin le rá, nach dtiteann Domhnach na Pailme ar Lá ‘le Pádraig ach go fíor annamh, amach is amuigh.

Agus cathain a tharlóidh a leithéid arís, adeir tú?

Bhuel, sin scéal eile ar fad anois, nó chomh fada is a d’fhéadfainn fhéin a dhéanamh amach, ní tharlóidh sé go luath, ar aon chaoi, nó ní raibh ar mo chumas-sa teacht ar dháta ar bith roimh an bhliain 2391, nuair a thitfeadh Domhnach na Pailme ar Lá ‘le Pádraig arís, agus sin tarraingt ar cheithre chéad bliain eile. Bhuel, tá mé ag ceapadh, nach mbeidh mé fhéin ar an bhfód, teacht na bliana sin, agus má tá orainn fanacht le saoirse na tíre seo a bhaint amach, go dtí an bhliain áirithe sin, bhuel, nach mbeadh sé chomh maith dúinn dul ag feadaíl!

Say that prayer now!

Ach céard faoin mbeirt úd a bhí ag súil le paidir uaimse, faoin mbliain 2000, nuair a chaifí,- mar a thuig siad ag an am,- an tseamróg agus an phailm i bhfochair a chéile arís? Bhuel, féach, nach mbeadh sé chomh maith dom dul síos go dtí an Seipéal amárach, agus an dualgas úd a chomhlíonadh, fad is atá ar mo chumas sin a dhéanamh! Agus b’fhéidir go ndéanfása Solas na Soilse, agus Leaba i measc na Naomh, a ghuí orthu freisin, agus ar anamnacha na marbh uilig, anocht agus i dtólamh.

A i l l e a c h t    a n     t S a o i l     s e o   9.

An Mianadóir le Jackie Mac Donncha. – Copy

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

An Mianadóir………….céadchló....…..2015

le

Jackie Mac Donncha...…………………..€10.00

.

Deoraí ag filleadh ar a dhúchas

Is suimiúil an scéal a leagann an t-údar seo os ár gcomhair sa leabhar dea-scríofa seo, agus leabhar is ea é freisin, a chuirfidh léitheoirí áirithe faoi gheasa, lena chuid Gaeilge tharraingteach, lena phlota teannasach, suimiúil, agus lena stíl fhorbartha. Seo leabhar a thaitneodh go mór leis an aos óg, go háirithe le déagóirí. Ní hionann sin is a rá, nach mbainfeadh éinne eile toit nó taitneamh as, mar caithfidh mé a rá, gur bhain mé fhéin an-taitneamh as, agus geallaimse dhuit é, nach aon bhunóc bliana mé, faoin am seo!

Is dócha go bhféadfá a rá, gurb é an gasúr, Darach Ó Fualáin, príomhcharactar an scéil seo, nó téann a chuid eachtraí siúd, mar shnáithe, tríd an scéal seo ar fad, ó thús deireadh. Ní gá a rá, go n-imríonn a mhuintir an-pháirt sa scéal freisin.

Fear faoi leith is ea an t-athair, Aindriú Ó Fualáin, agus é, de shíor, sáite go dtí na cluasa ina fhón póca. Bean ghnóthach, dhiograiseach, is ea a mháthair, Siobhán, agus cailín cliste, cúramach is ea, Siún, a dheirfiúr. Caithfear a rá gur bheag aird a thug Aindriú ar a mhac, Darach, go dtí an pointe sin, nó bhí sé ró-ghnóthach lena fn póca agus lena nuachtáin, le Darach a thabhairt leis ag iascaieacht, nó ag fiach, nó a leithéid, ach, d’fhoghlaim sé a cheacht go dóite nuair a tharla nach raibh siad ábalta teacht ar Dharach, an lá sin a chuaigh sé i bhfostu sna píopaí uisce.

Ach díríonn an scéal a thóirse freisin, ar an bhfear úd a tháinig abhaile óna dheoraíocht sna mianaigh chopair, i mButte, Montana, fear arbh ainm dó, Antaine de Búrca. D’fhill Antaine ar theach folamh a mhuintire ó tharla nach raibh éinne dá mhuintir ina sheilbh, agus ghlac seisean seilbh air, ach má dhein, ní i ngan fhios do na comharsain é, nó bhí súil seabhaic acu air, agus gan aon ró-iontaoibh acu as, ach oiread, nó ní raibh aithne ar bith acu air. Casadh Darach air, ar a bhealach abhaile ón scoil agus d’éirigh leo caradas a shnaidhmeadh eatarthuithreach bonn. Ar ball, nuair a chuaigh Darach i bhfostú sna píopaí uisce, a bhí ag síneadh trasna faoin mbóthar, agus nuair a bhí sé beagnach múchta, tachtaithe, iontu, agus gan ar a chumas éaló astu aris, ba é an strainséir, Antaine de Búrca, a chuala fón póca Dharach ag bualadh, agus a thuig ón bhfuaim sin gur faoi thalamh, sna píopaí, a bhí an fón céanna sin. Chuir Antaine é fhéin i mbaol a bhasctha ag iarraidh Darach a shábháil nuair a chuala sé scréachaíl sna píopaí céanna sin.

Nuair a tuigeadh do na comharsain gur mar sin a bhí, bhí siad lán-tsásta ansin glacadh lena gcomharsa nua mar dhuine díobh fhéin. Ní gá a rá, go gcuirtear síos ar mhuintir an bhaile, agus go háirithe ar mhuintir Dharach fhéin, Clann Ui Fhualain, sa scéal suimiúil, lánteannais, seo faoi’n mhianadóir a d’fhill ar a dhúchas.

.

.

.

.

.

.

.

Leabhar de chineál eile

Litríochtaí ………….le ………… Daithí Ó Muirí

.

Céadchló…………………..2015………………….€8.00

Peadar Bairéad

Aistí nó Scéalta?

Ní gá dhom an scríbhneoir seo a chur in aithne dár léitheoirí, nó chuile sheans go bhfuil aithne acu air, cheana féin, óna shaothar, nó óna bhaint le cláracha Raidió agus Teilifíse. Rugadh Daithí i gContae Muineacháin, agus faoi láthair tá cónaí air i gCois Fharraige, i gConamara. Roinnt duaiseanna bainte amach ag a shaothar cheana féin. Ach le filleadh ar ‘Litríochtaí.’……………

Leabhar de chineál eile ar fad is ea Litríochtaí, agus ag an am gcéanna, is deacair a dhearbhú cé air a bhfuil sé dírithe. Mo chuidse de, caithfidh mé a rá, go raibh orm é a léamh cupla babhta le hadhmad ar bith a bhaint as. Ach, is féidir liom, ar deireadh, a rá, gur thaitin an leabhar frí chéile liom. Cheapfadh duine gur aistí níos mó ná gearrscéalta atá sa díolaim seo. Sea, aistí ag cur síos ar iarrachtaí údar eile ar litríocht a chumadh. Cruthaíonn an t-údar sciliúil seo saol atá éagsúil, amach is amuigh, leis an saol a bhfuil cleachtadh faighte againn air i saothar litríochta údair eile, saol ina bhfuil a bhunús bun os cionn, iompaithe droim ar ais, agus do-fheicthe, do-chloiste, do-thuigthe, ach, tríd is tríd, éiríonn leis, an léitheoir a chur faoi gheasa, le draíocht a chumadóireacht, agus le dánacht a ionsaí ar ‘ghurúnna na leabhar, gan trácht in aonchor ar a chur chuige leithleach.

Anois, tá mé ag ceapadh, go bhfuil daoine amuigh ansin adéarfadh nach é an t-údar amháin a bhfuil an saol iompaithe bun os cionn aige, agus bíodh acu, ach bhain mise taitneamh as ar chruthaigh an t-údar sciliúil seo. Breatnaigh ar chuid de haistí a chum sé sa díolaim Aistí seo. Breathnaigh ar an gcéad phíosa, ar a bhaisteann sé, Folús Úrnua, agus an chaoi a gcuireann sé tús leis….

“Céard atá ann? Faraor níl tada ann, tada ach báisteach agus gaoth,la bruscair thall ansin freisin, rudaí, na rudaí lena raibh tú ag rudáil riamh anall ach ní ligfear isteach sa scéal seo iad, scéal de shaghas úrnua a bheas anseo, bréan den bháisteach atá tú ar aon nós, den mhála dubh plaisteach ….bréan de na rudaí uile atá feicthe agat go dtí seo, gach seans.….

Ní gnáth scéal a bhéas sa scéal seo, agus caithfear amach as, gnáththroscán agus gnáth fheisteas na scéalta a léigh tú, go nuige seo.

“Ní bheidh aon rud sa scéal seo, ná duine ach oiread, Aisling, Seán, Criostóir ná Luisne, duine ar bith ná rud de shaghas ar bith………..Ní bheidh ann ach tusa, aghaidh ar aghaidh leis an bhfolús”

Sea, agus féach mar a chuireann sé críoch leis an gcéad scéal sin……

“Seo, scéal nár thúisce léite é ná é imithe uait san fholús.”

B’fhéidir gur leor sin le faobhar a chur ar do ghoile chun an scéil seo a léamh?

B’fhéidir go mbainfeá triail as. Tá mé ag ceapadh go mbainfidh tú idir adhmad

agus taitneamh as.   

.

.

.

.

.

A i l l e a c h t    a n     t S a o i l     s e o   9.

Angels in my Hair..

Ar Lorg na nAingeal

“Angels in my Hair”

by

Lorna Byrne

.

Tugadh an leabhar seo dhom tamall ó shoin, agus moladh dhom é a léamh, toisc go mba leabhar ar dóigh é, agus caithfidh mé a admháil anois, go raibh cuid mhaith den cheart ag an té úd a thug an leabhar dom a chéaduair, nó is leabhar an-neamhghnách é, agus leabhar a d’ardódh do mhisneach is do mheanma é freisin, leabhar a chuirfeadh duine ag smaoineamh arís ar an dá shaol, an saol thall, agus an saol abhus.

Cruatan agus anró

Caithfear a admháil, go raibh a dóthain mhór de chruatan is d’anró an tsaoil seo, curtha in áirithe do Lorna bhocht, nó ní raibh sí ach dhá bhliain d’aois nuair a d’inis an dochtúir dá máthair go raibh sí mallintinneach, breith a bhí mar mheáchan timpeall a muiníl ar feadh an chuid eile dá saol. Fiú ar scoil di, dhealródh sé, gur thug múinteoirí áirithe aird faoi leith ar fháithmheas an dochtúra úd. Agus, fiú, nár thug a máthair fhéin faoi deara ‘nach mbíodh éinne sa bhaile aice’, ina hintinn, búnús an ama, ach, chomh fada is a bhain sé leis an gcailín óg fhéin, bhí graithí eile ar a haire aice, go minic.

Idir an dá shaol

Cad iad na graithí iad sin, an ea?

Tá! Go raibh cónaí aice ar an gclaí idir an dá shaol, agus sa tslí sin, go raibh radharc aice, ní hamháin, ar chúrsaí an tsaoil seo, ach, ag an am gcéanna, bhí radharc aice ar roinnt áirithe den tsaol thall. Sea, bhí radharc aice ar na hAingil, ar chupla Naomh, agus ar an Maighdean, agus fiú ar ár dTiarna fhéin, corruair. Mar sin, nuair a bhíothas ag iarraidh dul i dteangmháil leis an ngirseach óg seo, bhí ceataí sa scéal, nó bhí a haird, cheana féin, dírithe ar Aingil na Sciathán clúmhach, glórmhar, neamhaí. I gcás dá leithéid, cé thógfadh uirthi é, dá mbeadh a haire iomlán, geall leis, dírithe ar na cuairteoirí úd ón tsaol thall, agus b’in an fáth is dócha gur ceapadh go raibh dí-chumas, de chineál eicínt, ag baint lei, nó faoi mar a chuir an dochtúir úd é, go raibh sí mallintinneach. Ach, nár chuma lei, nó bhí radharc aicesi ar shluaite neimhe, agus deis aice comhairle agus eolas a fháil uathusan.

Bocht ó thús

I mBaile Átha Cliath a rugadh Lorna Byrne ceithre bliana is caoga ó shoin, agus ba ann a tógadh í freisin. Ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil seo ag a muintir, ach iad ón lámh go dtí an béal, bunús an ama. Chabhraigh sí lena hathair, ina shiopa rothar, i dtosach, agus fad is a bhí si ag obair sa tsiopa sin, thit sí i ngrá le Joe, fear óg a bhí ag obair ansin freisin. agus ar ball, fuair Lorna post san Ardchathair, Anois, ní gá a rá, go mbíodh Lorna i dteangmháil leis na haingil, chuile lá riamh, agus tharla gur inis na haingil di go bpósfadh sí an fear óg sin, agus thug siad an t-eolas sin di, i bhfad sular thosaigh an péire sin ag siúl amach le chéile in aon chor. Sea, agus ag pointe áirithe eile, thug siad le fios di, nach mbeadh Joe fadsaolach agus go mbeadh sé imithe ón saol seo i bhfad roimpisi. Tar éis roinnt áirithe deacrachtaí a shárú, phós siad, agus le cabhair ó athair Lorna, d’éirigh leo teach beag a cheannacht i Magh Nuad. Chuireadar fúthu ansin, agus arís ní raibh sparán teann riamh acu, ach iad ón lámh go dtí an béal, cosúil leis an nglún a chuaigh rompusan. Bhí a ndóthain mhór de chruatan agus d’anró an tsaoil seo le fulaingt acu, ach ag an am gcéanna, bhí saol saibhir spioradálta á chaitheamh ag Lorna fhéin, agus í i dteangmháil, an t-am uilig, leis an saol eile. Fiú amháin, nach raibh babhta coimhlinte aici leis an bhfear dubh fhéin, ach le cabhair óna cairde ón saol eile, tháinig sí slán ón gcoimhlint chéanna sin. Ceathrar clainne a bhí orthu.

Anáil an dóchais

Anois, níl fúmsa an scéal ar fad a insint daoibh anseo, ach ba mhaith liom a rá gur bhain mé fhéin taitneamh agus tairbhe as an leabhar neamhghnách seo. Sea, agus b’fhéidir gur shéid sé arís anáil an dóchais ar aithinní fanna, fánacha, mo chreidimh, ionas go ndeachaigh mé ar chuairt ar thír neamhaí úd na hóige, mar a bhfuil creideamh i ndomhan úd na n-aingeal is na naomh chomh hinchreidte le fírinne ár mbeatha fhéin. Mar sin, mholfainn do dhuine ar bith, a bhfuil súil seabhaic aige ar shléibhte glórmhara na síoraíochta, mholfainn dó, nó di, an leabhar neamhghnách seo a léamh, nó ní chuile lá a chasfadh leabhar dá leithéid ar dhuine.

.

Peadar Bairéad

.

gaGaeilge