le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Résheoid………….céadchló………………..2011
le
Doireann Ní Ghríofa……………………….€7.50
Peadar Bairéad
Geasa na Gealaí
I mbliana a seoladh, Résheoid, díolaim filíochta ó pheann aclaí, cliste, an fhile seo, Doireann Ní Ghríofa. As Contae an Chláir do Dhoireann ó dhúchas agus Céim Máistreachta sa Nua-Ghaeilge bainte amach aici, le déanaí. Tá an file óg seo i mbun pinn le scathamh anois, agus dánta lei foilsithe go rialta in irisí éagsúla. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparántacht uirthi i mbliana. Deir Alan Titley linn, i nóta ar chlúdach cúil an leabhair seo:-
“Tá teanga shnoite shaorlíofa cothaithe ag an údar a iompraíonn dánta a bhfuil idir iontas agus dhraíocht agus sceimhle iontu”
Seacht ndán is trí scór atá le fáil againn idir chlúdaigh mhaisiúla, dea-dheartha, an díolaim dána seo, agus is mór an chreidiúint do Choiscéim cur i láthair an tsaothair bhláfair, so-léite, seo.
Céard faoin ndán “Résheoid” as ar ainmníodh an leabhar,? Seo chugaibh ina iomláine é, nó tuigeadh dom, go raibh an chumadóireacht anseo ró-dhlúth, ró-shnoite, le giotaí a phiocadh as….
RÉSHEOID
Táim faoi gheasa ag an ngealach
Lonraíonn sí trím’ bhrionglóid
Seolann si inspioráid
Ar thonnta dorcha na hoíche
Le lapadaíl cuilithíní.
Dúisíonn sí mé
De phreab,
Leathbháite
M’anáil sciobtha aici.
Brúnn sí mo pheann luaidhe
Chun scríobadh ’s scrábáil
Ar pháipéar leathstróicthe
Mo shúile dúnta, dallta.
Táim faoi gheasa ag an ngealach
Caithfear í a shásamh.
Cuireann an ghealach an file faoi gheasa, agus trína hinspioráid spreagtar féith na filíochta ina croí, agus tugann sí faoi dhán a scríobh ar pháipéar leathstróicthe, a súile dallta ag solas na gealaí, ach níl éaló óna geasa, agus caithfidh sí an dán a chur ar phár. Feiceann tú chomh cliste is a cumtar an dán seo ina aonad críochnaithe amháin.
Féach freisin, mar a úsáideann sí an teanga go samhlaíoch sa chéad dán ina gcuireann sí síos ar ‘An Stáitse’ agus an Fhoireann réidh le teacht i láthair a lucht éisteachta…..
Cuilithíní comhrá…
Clingeann an ceolán.
“Íslíonn
cleití beaga bána
an chiúnais”
.
Ardaíonn an brat trom
Go mall, sa dorchadas.
.
Sampla amháin eile, le scil agus ealaíon an fhile seo a leagan os do chomhair amach. ‘An Loch’ a bhaist sí ar an ndán seo..
Péire eala
Ar snámh mall
Oíche fhuar cois locha,
Muiníl lúbtha
Ag síorcheistiú
Ciúnas domhain an uisce.
Scaipeann neart
A gcosa scamallacha
Na néalta
Ó scáilí preabarnacha
Na réaltaí.
Aonad deas iomlán samhlaíoch arís anseo againn. Agus féach mar a chuireann sí críoch lena dán “BEAN NÍOCHÁIN”…
Fáisceadh éadaí fliucha in uisce fiuchta
Feadaíl fhíochmhar fuipe na focail
Gol géar goirt.
.
Deora galaithe.
.
Ní gá tuilleadh samplaí a thabhairt anseo, nó níl le déanamh ag duine ach an leabhar seo a léamh le taitneamh a bhaint as a bhfuil leagtha os a chomhair amach ag an bhfile.
Tá mé ag súil go mbainfidh tú taitneamh as na seacht ndán is trí scór atá le léamh idir chlúdaigh bhláfara an díolaim thaitneamhaigh seo.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
S c é a l C r á i t e .
************************
.
Nach iomaí sin scéal a léann muid, agus a chloiseann muid, na laethe seo, a bhaineann stanagadh asainn. Tá sin fíor i gcás chuile dhuine againn, nó tá an saol seo ’gainne ag eirí níos cruálaí, níos fuarchúisí, agus níos scoite, ó lá go lá. Bíodh sin mar atá, ach ag an am gcéanna, tharlaíonn, anois is arís, go mbuaileann scéal áirithe linn, a bhaineann deoir asainn, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, a dhéanann a shlí isteach go smior na gcnámh ionainn. Admhaím anois, go mbíonn na nuachtáin lomlán de scéalta cráite, céasta, chuile lá dá dtagann, scéalta nach gcuireann fiacail i mídhaonnacht an duine daonna i leith a chomhdhaonnaí. Nach minic a léann muid faoi dhúnmharuithe, agus faoi dhúnorgana, faoi bhrúidúileacht, agus faoi bhatráil, agus nach dtéann na scéalta céanna sin i bhfeidhm go mór orainn, nó nuair a théann tú go cnámh na huillinne leis an scéal, is é atá dár scanrú, nó an baol atá ann go dtarlódh an rud céanna dúinne, nó nach féidir linn sinn fhéin a shamhlú sa chás céanna sin Ach tháinig mé ar scéal, ar na mallaibh, a chuaigh i bhfeidhm go mór ar fad orm, sea agus ba bheag nár bhain sé deoir asam.
Cen scéal é fhéin, an ea?
Scéal a léigh mé ar “Irish Independent” an 10 Samhain, 2001, scéal le David Sapsted i Londain, fear a scríobhann don Daily Telegraph. Anois ba é an chéad rud a rith liom, nó a mhinicí a thuigtear dúinne anseo in Éirinn, nach bhfuil cine ar bith ar dhroim talún chomh cruálach, cruachroíoch, lenár muintir fhein, go háirithe nuair a smaoiníonn tú ar an íde, nó an drochíde, a thugtar ar ainmhithe sa tír seo ‘gainne. Ach nuair a léigh mé an scéal úd le David Sapsted, tuigeadh dom, nach bhfuil aon mhonoplacht againne ar na duáilcí céanna sin.
Ach le filleadh ar an scéal úd a dteastaíonn uaim a chur i mbéal an phobail, an tseachtain seo, ba é an ceannteideal a bhain stangadh asam i dtosach. Féach ar seo mar cheannteideal….
“Boys guilty of burning tramp to death ‘for a laugh’.”
Níorbh aon chur i gcéill, nó mugadh magadh a bhí i gceist ag údar an scéil sin, ach oiread, níorbh ea muis, ach lomchlár na fírinne. B’in é díreach a dheineadar. Loisceadar an créatúr bocht ina bheatha. Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa, dá bhfeadfaí sin a dheanamh, b’fhear siúil é, a bhí ag déanamh codladh na hoíche ar bhinse faiche, ag an am. Anois, níor sheanfhear in aon chor é an fear siúil céanna sin, nó ní raibh sé ach bliain is daichead d’aois, ag an am, agus dá ndéarfainn é, níor ghasúir ró-óg a bhí sna gasúir chéanna sin, ach oiread, nó bhí duine acu trí bliana déag, agus bhí a leathbhádóir sé bliana déag d’aois. Déagóirí ba ea an bheirt acu, mar sin, agus ón nóiméad a rinne siad an gníomh barbartha sin, go dtí an nóimead a ghearr an breitheamh sé bliana go leith príosúntachta orthu, diabhal doilíos, nó aithreachas, nó tada dá leithéid, a bhí le léamh orthu, ach iad ar nós cuma liom, an t-am ar fad.
Ach conas a tharla gur dheineadar an gníomh barbartha sin?
Casadh an bheirt ghasúr sin ar a chéile i ndiaidh scoile, agus adhantaithe fulachta, nó Barbecue lighters, acu. Thugadar aghaidh ar fhaiche an bhaile, i Dartford, Kent. Chonaic siad fear siúil ólta, ina chodladh, ar bhinse faiche. Chraitheadar cuid de phúdar adhantaí fulachta ar a fhéasóg, agus chuir trí thine é. Ba mhór an sport acu an fear siúil bocht ag dúisiú as a mheisce, agus é ag iarraidh an tine sin a mhúchadh. D’éirigh leis, ach má sea, ní raibh an bheirt áilteoir críochnaithe leis fós. Nuair a fuaireadar ina chodladh arís é, d’fhilleadar, agus dheineadar a bhróga agus a chóta a phacáil le hadhanthaithe fulachta lasta. Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa, tharla go raibh nuachtán taobh istigh dá chóta ag an bhfear siúil bocht le cúl a chur ar an bhfuacht, agus dhein sin an donas ar fad air, agus ba é deireadh an scéil é nó gur dódh ina bheatha an fear bocht sin, dárbh ainm George Johnstone. N’fheadar arbh Éireannach é? Cuireadh an dlí ar an mbeirt, agus fuarthas amach nach raibh ag Brookes, an duine ba shine den bheirt ghasúr, ach aois intinne d’aon bhliain déag, cé go raibh na sé bliana déag bailithe aige, ag an am. Níor aontaigh an bheirt acu agus iad os comhair na cúirte, ach chuile dhuine acu ag iarraidh an milleán a chur ar an bhfear eile, agus gan bhuairt, nó doilíos, ar dhuine acu thar an duine eile. Ní gá a rá, gur baineadh stangadh as idir bhreitheamh agus phóilíní, nuair a leagadh an cás cruálach, éigiallda seo, os a gcomhair amach sa chúirt. I gcás dhearthár an té a dódh, bhí seisean sásta go maith leis an téarma príosúntachta a gearradh ar na gasúir, ach ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn air, nó nuair a d’admhaigh siad, gur dhein siad an beart gránna sin, ar mhaithe le píosa spóirt a bheith acu…
“We did it for a laugh…”
adúirt siad.
Anois, ná ceapadh éinne, nach bhféadfadh a leithéid a tharlú anseo, i dTír seo na Naomh is na nOllamh, nó d’fhéadfadh, agus níl le déanamh againn ach súil a choinneáil ar ár nuachtáin fhéin, le scéalta dá leithéid a fhail iontu, go rialta. Uaireanta, is iad ár gcairde, na hainmhithe, a bhíonn thíos leis an ndroch-íde i imrítear orthu, agus uaireanta eile, is iad ár gcomhdhaonnaithe bochta, a fhulaingíonn pianta sin an fhuatha, an leithliseachais agus an aineolais.
Céard is cúis leis an gcruáltacht seo uilig atá fréamhaithe i gcroí an duine, go háirithe i gcroí na n-óg?
Nach deacair an cheist sin a fhreagairt, ach tá an chuma ar an scéal, gur toisc go bhfuil dearmad déanta againn uilig, idir óg is aosta, ar bhráithreachas an chine s’againne. Má thuigtear gur duine daonna atá os ár gcomhair amach, duine cosúil linn fhéin, ansin tá sé i bhfad níos deacra íde na muc is na madraí a imirt air, agus má smaoinítear gur chóir dúinn deighleáil le daoine eile, faoi mar ba mhaith linn go ndéanfadh siadsan linne, is féidir a bheith cinnte ansin, nach ndéanfadh muid mórán dochair dóibh.
Tá rud eile i gceist freisin, agus caithfear tagairt a dhéanamh dó anseo, agus sin go bhfuil ár sochaí, sochaí an Iarthair, frí cheile, sásta glacadh le hiompar dá leithéid. Breathnaigh ar chúrsaí, agus cás dá leithéid os comhair cúirte. Éist leis na dlíodoirí ag pléadáil os comhair an bhreithimh. Leagann siad leithscéal i ndiaidh leithscéil os comhair an bhreithimh, ag iarraidh ciontacht an chúisí a mhaolú, nó a laghdú, sa chaoi go gceapfá gur ar dhuine eile, nó ar an sochaí frí chéile, a bhí an locht. Sea, agus ar deireadh thiar, breathnaigh ar bhreith an bhreithimh, agus tuigfidh tú go ndéanann seisean freisin, chuile iarracht ar shochar an amhrais a bhronnadh ar an gcúisí, agus arís feicfidh tú go bhfuil meá an dlí lúbtha i bhfábhar an chúisí chéanna sin. Caithfear an leagan amach sin a athrú, má theastaíonn uainn, deireadh a chur leis an gcruáltacht seo uilig in ár measc. Níor chóir go mbeadh a leitheid de iompar inghlactha feasta. Céard faoin “Zero Tolerance” úd, a raibh an chaint sin uilig faoi roimh an Olltoghchán deiridh? Bhuel, tá Olltoghchán eile os ár gcomhair amach arís, agus nach bhfuil sé thar am againn an Zero Tolerance sin a éileamh ónár bpolaiteoirí anois, agus sa tslí sin, b’fhéidir go n’éireodh linn druidim beagáinín níos cóngaraí don Útóipe sin, a mbíonn chuile dhuine againn ag brionglóideach faoi. Nó, faoi mar atá cúrsaí, faoi láthair, tá muid uilig ag druidim le luas lasrach i dtreo na barbarthachta, agus an anoird, sna laethe atá romhainn amach.
Sea, agus muidinne ag ceapadh go raibh cúrsaí ag dul i bhfeabhas! Ach nach é sin scéal na sibhialtachta i gcónaí riamh? trí chéim chun tosaigh, agus dhá chéim ar gcúl, ach mar sin fhéin, má leanann muid den dul chun cinn sin, éireoidh linn, ar deireadh thiar, críoch a chur le marú is le batráil, le héigniú agus le slad, le goid is le fuadach.
Ach fan ort nóiméad anois, an é ata a rá agam ansin, nó go nglacfadh chuile dhuine leis na Deich nAithne,amach anseo?
Bhuel, nach bhféadfadh siad beart níos measa a dhéanamh na glacadh leis na rialacha céanna sin, a scríobhadh go doscriosta, ó thús ama, ar choinsias an daonnaí. Má éiríonn linn riamh an bhuaic sin a shroichint ar an saol seo, ní gá a rá, go mbeidh cónaí orainn feasta sa Útóipe. Ní gá a rá go mbeadh muid uilig sásta le feabhas ar bith a bhaint amach, lenár linn fhéin, ar ár mbealach i dtreo na hÚtóipe céanna sin.
Nára fada uainn an lá céanna sin!
.
******************
Peadar Bairéad.
******************
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Scéal Éanna
(This week we consider, again, our Taoiseach’s achievements and difficulties)
An Dara Breith
Seo thíos píossa a scríobh mé anseo cupla bliain ó shoin.)
Tá’s ag fia is ag fiolar go bhfuil sé beagnach do-dhéanta breith chóir a thabhairt ar pholaiteoir ar bith go dtí mbíonn a ré sa diallait thart, agus ansin, tá sé ró-dhéanach, nó nach ndeirtear go gcríochnaíonn réim chuile pholaiteora sa láib! Tráthúil go leor, ní bheidh orainn breith dá leithéid a thabhairt sa chás áirithe seo go ceann tamaill eile, nó tá Éanna s’againne ag treabhadh leis go rábach i ngort na polaitíochta fós, agus, de réir dealraimh, tá sé suite go daingean sa diallait, agus a lucht tacaíochta sásta tacú leis fós, agus gan ina choinne ach a shean naimhde agus rubailín místuama neamhspleáigh. Sea, ag breathnú go fuarchúiseach ar chúrsaí, déarfadh duine gur mar sin a bhí, nó breathnaigh ar shaol polaitíochta Éanna, go nuige seo. Roinnt bheag blianta ó shoin, ba bheag duine sa tír a thiúrfadh seans fata i mbéal muice don Éanna céanna sin cathaoir an Taoisigh a bhaint amach lena ré? Ní raibh ann ag lucht na meán ach súgán so-lúbtha nár bhac scríobhaithe nó vótóirí i bpobalbhreitheanna leis. B’in mar a bhí go dtí gur tugadh bualadh trom dá Pháirtí i dtoghchán, agus ní raibh aon ráchairt ró-mhór ar chinnearacht Fhine Gael dá bharr sin. Ach nuair a osclaítear an bhearna tagann fear a líonta ar an bhfód.
Dán Éanna
B’in é dán Éanna s’againne. Ghlac sé le cinnireacht a Pháirtí agus tar éis dó dhá cheann choinneal an mheánoíche a dhó, d’éirigh leis léimt i ndiallait na cumhachta, agus dul i bhfeidhm ar mhóramh a Pháirtí, agus na Dála, len é a ainmniú mar Thaoiseach. B’in mar a tharla, tamall gearr ó shoin anois, agus san idirlinn, d’éirigh leis an dTaoiseach nua-thofa a dhúthracht a chaitheamh ag streachailt leis na fadhbanna do–scaoilte, a fuair sé le huacht óna réamhtheachta san oifig sin, agus chomh maith le sin, tá ag éirí leis, fanacht i ndiallait na cumhachta abhus, agus greim scóige á bhreith aige ar scrogall na bpobalbhreitheanna, sa chaoi gur tuigeadh go raibh seans maith ann go n-éireodh leis a Pháirtí a sheoladh isteach i nDáil Éireann do thréimhse eile cinnireachta, ar ball. Tá sin uilig go breá, ach b’fhéidir go bhfuil Éanna s’againne ag cur síolta a threascartha i dtalamh méith an todhchaí cheana sin.
“Ag magadh fúm atá tú? Dheamhan polaiteoir eile sa tír atá inchurtha leis an Éanna céanna sin.”
Ar an dtaobh eile den scéal….
“Ach cé hiad na daoine seo nach bhfuil sásta le gníomhartha, agus le héachtaí Éanna, ó deineadh Taoiseach de?”
“Céard faoin óráid úd, inar thug sé sciolladh teanga ar lucht na Vatacáine féin? Nár chuir an óráid chéanna sin fearg ar dhaoine áirithe? agus ansin, céard faoi dhúnadh Ionad Taidhleoireachta na tíre seo sa Vatacáin, tamall ina dhiaidh sin? Ceapadh ag an am, go raibh an leithscéal a tugadh, ar leathchois, ar a laghad. Breathnaigh freisin ar a pholasaí i leith na Gaeilge, agus feicfidh tú lear mór eile daoine, a bhfuil cloch á cur sa mhainchille acu dó, cheana féin. Sea, mh’anam, agus ansin, tá fadhb an ghinmhillte, fadhb atá ag aibiú lei ansin i gcoinsias a lán, agus a fhillfidh, ar ball, bfhéidir, le sclamh a bhaint as Éanna. Sea, agus cá bhfágfá an t-aighneas a tógadh faoi ‘phósadh aerach’, ceist a bhí faoi chaibidil i ré na Dála sin, sea, agus Éanna fós sa diallait! agus céard faoi leasú le fáil réidh leis an tSeanad? agus an toradh a bhí ar an bhfiontar sin?
**********************************************************
Súil siar, agus dhá shúil romhainn
B’in mar a scríobh mé sa cholún seo, roinnt bheag blianta ó shoin, agus dhealródh sé, de réir a lán, nár chuir Éanna lena cháil mar pholaiteoir san idirlinn. Níl le déanamh againn ach breathnú ar an gcogadh idirpháirtíoch atá á fhearadh ar bhinsí na Dála faoi láthair, agus feicfidh tú sceana á bhfaobhrú, searús á ghéarú, agus polasaithe a n-ullmhú, don olltoghchán atá á thuar. Sna laethe atá romhainn amach, feicfear stuaim agus clisteacht Éanna, sé sin má éiríonn leis seasamh in aghaidh na raice atá á thógáil, agus a bhéas á ghéarú, sna laethe atá romhainn amach, idir seo agus an chéad Cháinaisnéis eile, sé sin, má éiríonn leis éaló as an mbogach ina bhfuiltear sa toir air faoi láthair!
Céard é do thuairim fhéin faoi na cúrsaí sin?
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
SEO SLÁINTE NA BÓ 1
Peadar Bairéad.
(This week, we take a look at the place of the cow, in Erris society, in the last century.)
Seo píosa a chuir mé isteach ar chomórtas, blianta fada ó shoin. Níor bhuaigh sé an chéad duais, ach tháinig sé sa dara háit, agus bhí mé lán-tsásta le sin. B’fhéidir nár ró-olc an smaoineamh é, deis a thabhairt duit fhéin é a léamh anois, ar do chaothúlacht, tar éis na blianta fada sin uilig. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as. Tógfaidh sé roinnt seachtainí leis an tsraith aistí ar fad a fhoilsiú –
Mór idir inné is inniu!
Nach iomaí sin athrú atá tagtha ar stíl bheatha na ndaoine le breis is ceithre scór blianta anuas. Nach iomaí sin athrú a tháinig ar a nósanna, ar a gcreideamh, ar a dtalmhaíocht, ar a n-iascaireacht, agus ar a gcaitheamh aimsire, ó bhíos-sa óg.
Do thuras na huaire seo, áfach, tógfaidh mé an bhó mar shlat tomhais ar na hathruithe atá tagtha ar an saol sin, le mo linn. I mo thuairimse, tá níos mó athruithe feicthe agamsa ná mar atá feicthe ag a lán eile in Éirinn, i rith an ama sin. Tógadh mise i mbaile na Druime, baile beag, seascair, iargúlta, i bParáiste na Cille Móire, i mbarúntacht Iorrais, i gContae ollmhór Mhaigh Eo, agus d’fhás mé suas sa dúthaigh sin, i bhfichidí, agus i dtriochaidí an ocrais agus an ghorta. Nuair a dhúnaim mo shúile feicim anois é, mo bhaile dhúchais fhéin. Na tithe seascaire, aoldaite, ceann tuí. Feicim freisin, na péintéirí a tháinig chugainn ón iasacht, agus feicim na pictiúir a dhathaigh siad dár mbaile-ne, iad ansin ar sheastáin i lár an bhaile, agus b’in é ár mbaile, mar a chonacthas do choimhthigh é.
Bhíodarsan cairdiúil, cneasta…
Dúradarsan go raibh sé go hálainn. Ní mar sin a chonacthas domsa é áfach. Ní fhaca mise aon áilleacht sna tithe sean-nósacha, ceann-tuí úd. Níorbh é an baile fhéin a bhí go hálainn, dár liomsa, ach na daoine a bhí ina gcónaí ann. Bhíodarsan cairdiúil, cineálta, cneasta. Ollchlann shóisialta amháin a bhí ionainn. Ní fhágfaí éinne ocrach inár measc. Roinnfí gach nuaíocht. Bhí comhar na gcomharsan, agus an mheitheal, mar dhúshraith dár saol eacnamaíoch, agus nuair a smaoiním anois air, bhí an saol eacnamaíoch sin bunaithe, cuid mhaith, ar an mbó. B’in mar a bhíodh imeasc na gCeilteach, riamh anall. Nach iomaí sin seanfhocal in ár dteanga atá bunaithe ar an mbó chéanna?
Bíonn adharca fada ar na buaibh thar lear.
Is glas iad na cnoic i bhfad uainn, ach ní bhíonn siad féarmhar….(do na ba)…
Is fearr an tsláinte ná na táinte.
Is cara gach comharsa go dté do bhó ina gharraí. – agus tuilleadh.
Smaoiním freisin ar thábhacht na bó im óige fhéin mar bhí meas thar chuimse agamsa orthu, meas a mhaireann liom go dtí an lá atá inniu fhéin ann.
Mór idir inné agus inniu
Samhlaítear dom, mar sin, nárbh olc an smaoineamh é cuntas a scríobh anseo thíos ar áit na bó i saol mo mhuintire, nuair a bhí mise ag fás aníos.
Mar adúirt mé anois beag, ba dhoiligh áit ní b’iargúlta na Iorras d’fháil nuair a bhí mise ag fás suas ann, i bhfichidí agus i dtriochaidí ocracha na haoise seo caite. Ó! a dhiabhail!, nach mór idir inné agus inniu? Sin an smaoineamh a bhuail mé tráthnóna, agus mé amuigh ag binn an tí s’againne, ag éisteacht le hinneall crúite ag crónán leis go sásta, gan stró, gan sine a fháisceadh, gan mhealladh, gan shniugadh, gan chrónán, na tada, gan lámh dhaonna a leagan orthu.
Nach é an saol atá athraithe, arsa mise liom fhéin, agus m’aigne ag sleamhnú siar thar dhroichead stuach na mblianta, siar, síos, Bóithrín na Smaointe, agus isteach i ngort grianmhar, taitneamhach, na hóige, agus os ar bha agus ar chrú, a tharraing mé an scéal seo, tosóidh mé ag tochrais ar an gceirtlín sin an chéad bhabhta eile.
………….Ar leanúint, an tseachtain seo chugainn………….
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
.
Smaointe Athbhliana
.
Im Naomh ar thalamh!
Tá mé ag ceapadh anois, go bhfuil sé thar am agamsa éirí as na rúin athbhliana, nó le fírinne, dá mbeadh maitheas ar bith iontu domsa, bheinn im naomh ar thalamh, faoin am seo! Tá sé soiléir, mar sin, gur bheag tionchar a bhí ag na rúin athbhliana chéanna sin ormsa, i rith mo shaoil. Ach, bíodh sin mar atá, níl dabht ar domhan, ach go mbuaileann fonn chuile dhuine, an tráth seo bliana, seal a chaitheamh ag dul siar bóithrín na smaointe. N’fheadar cén fáth? Ach is dócha go bhfeictear dúinn, go bhfuil muid ag tús bliana nua, agus nach bhfuil sé nádúrtha go maith, breathnú siar ar na blianta atá caite againn cheana, féachaint an bhfuil ceacht ar bith le foghlaim againn, ón chaoi ar éirigh linn, i rith na mblianta céanna sin?
Saol Athraithe
Ceann de na rudaí is mó a chuireann ionadh orm fhéin, nó na hathruithe ar fad atá tagtha ar an saol, ón tráth ar saolaíodh mé fhéin. Athruithe, adeir tú! Nach bhfuil an saol ar fad iompaithe bun os cionn ón tráth úd. Breathnaigh ar chleachtadh an Chreidimh i measc an phobail. Nuair a bhí mise i mo ghasúr, théadh chuile dhuine ar an mbaile ar Aifreann, chuile Dhomhnach, ach amháin an té a d’fhanadh sa bhaile i mbun na rudaí beaga, nó ní thógtaí an daoine beaga chun an tséipéil, an tráth úd, go dtí go mbeadh siad fadcheannach go leor le fanacht breá ciúin, le linn an tsearmanais.
Síocháin
B’annamh freisin a tharlaíodh troid nó scliúchas i measc comharsan, an tráth úd. Níl dabht ar bith ach go dtarlaíodh easaontas, corruair, nó níor naoimh ar thalamh iad na daoine a mhair an t-am sin, ach fiú, nuair a tharlaíodh a leithéid, troid a bhíodh i gceist acu de ghnáth, agus ní leadradh nó mugáil, nó ionsaí gan chúis, a bhíodh i gceist acu, níorbh ea muis, drochfhuil, díoltas, nó mioscais de chineál eicínt a bhíodh taobh thiar de na troideanna céanna sin, bunús an ama. Ní bhíonn cúis ar bith ag teastáil na laethe seo, le tabhairt faoi dhuine eile agus é a leadradh agus a leonadh! Sea, agus b’annamh a d’fheicfeá buille fill á bhualadh ag duine, an t-am sin.
Na Meáin Chumarsáide
Rud eile atá athraithe go mór isea na nuachtáin a leagtar os comhair daoine, sa lá atá inniu ann! Anois, ar an gcéad dul síos, ba bheag nuachtán a bhí á fhoilsiú sa tír s’againne, an tráth sin, agus bíodh nach raibh orthu ach pingin, nó leathphingin fiú, ag an am gcéanna, bhíodh ganntanas airgid ag cur as don chosmhuintir, ach go háirithe, agus ní chaitheadh daoine pingneacha uathu go fánach, an t-am sin.
Ach ní chuige sin atá mé. Na nuachtáin a bhíodh ar díol, ba bheag rud i bhfoirm scanaill a bhíodh le léamh iontu, agus cúrsaí pictiúr, bhuel! ní raibh seans dá laghad go mbeadh stuaire ina peilt le feiceáil agat ar leathanach a trí! murab ionann is an lá atá inniu ann! Diabhal pictiúr dá leithéid a d’fheicfeá ar nuachtán an tráth úd, dá dtitfeadh an dá shúil as do cheann amach, mura bhfaighfeá spléachadh ar phictiúr dá leithéid, áit a mbeidís ag fógairt fo-éadaí ban! sin, nó mura bhfaighfeá ceann de nuachtáin bhuí Shasana ar iasacht ó dhuine eicínt a mhair sna bailte móra! Annamh, amach is amuigh, a bhíodh cur síos ar dhúnmharú nó a leithéid, mar b’annamh a tharlaíodh a leithéid, na laethe sin.
Inimirce
Ní call dom a rá, nach mbíodh trácht ar bith ar eachtrannaigh ag teacht chun na tíre seo, ar thóir oibre nó a leithéid. A mhalairt glan a bhíodh ag tarlú anseo, an tráth úd. Daoine ina mílte, agus ina mílte, ag fágáil na tíre seo, chuile bhliain, nó ní bhíodh saothrú ar bith le fáil acu anseo. D’imigh sin is tháinig seo áfach, agus sa lá atá inniu ann, is minic a bhíonn trácht ar na mílte, agus na mílte, a tháinig thar theorainn isteach chugainn, ar thóir oibre, nó dídine, sea, agus trácht freisin ar na milliúin a chaithear, in aghaidh na bliana, ag freastal orthu. Agus nach maith an scéal é sin, ag tír a bhí chomh bocht is a bhí an tír s’againne, scór bliain ó shoin, nó níos lú.
Seachain an Gabhar sin!
Ach ó tharla go bhfuil muid ag trácht ar smaointe athbhliana, an tseachtain seo, céard faoin ngabhar sa phárlús, adéarfá, b’fhéidir?
Cén gabhar, arsa tusa?
An Lucht Taistil s’againne! cé eile a bheadh i gceist agam? Nach bhfuil a fhios ag chuile mhadra sa bhaile, go bhfuil na milliúin á gcaitheamh againn, ag cabhrú leo siúd atá ar an ngannchuid, cuma cén cúinne den chruinne ina gcónaíonn siad, ach céard faoin Lucht Taistil s’againne? Nach bhfuil a fhios ag chuile dhuine againn, go bhfuil ár gcúnamh ag teastáil uathusan, agus ní hé sin amháin é, ach go bhfuil an cúnamh sin dlite dóibh, nó nach cuid den chine s’againne iad?
Anois an tAm!
Anois, agus muid ag bualadh bóthar isteach i ngort na bliana úire seo, nach bhfuil se thar am againn uilig, brú eicínt a chur ar an Rialtas s’againne, an cúnamh cuí a chur ar fáil dóibh, i rith na bliana reatha seo. Sea, agus in ionad na milliúin a gealladh do chiníocha i bhfad i gcéin, bíodh gur maith an beart é sin freisin, ach cuirimis mám airgid ar fáil dár Lucht Taistil fhéin, nó is náire shaolta dúinn uilig, sea, do chuile dhuine againn, go mbeadh ar bhaill dár gcine fhéin, cónaí a dhéanamh amuigh ar thaobh na mbóithre nuair atá ciste an Stáit ag cur thar maoil le hairgead! Sea, agus chuile dhuine ag iarraidh iad a chur píosa eile óna ndoras fhéin.
Nach bhfuil sé thar am againn, mar phobal, agus mar Stát, bliain faoi leith a chur in áirithe don Lucht Taistil. Sea, agus céard faoi sin a dhéanamh i mbliana?
Sin cuid de na smaointe athbhliana atá ag eitilt leo thart sa chroí istigh ionnam, ó thosaigh an bhliain úr seo, ’08. B’fhéidir go bhfuil na smaointe athbhliana céanna do do chrá fhéin, freisin? Tá súil agam go bhfuil !!!
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Straitéis fiche bliain don Gaeilge
Peadar Bairéad
Dea-scéal ó Dhia chugainn, faoi mar adeireadh an tseandream fadó. B’in iad na focail a rith liom, tráth chuala mé faoi Straitéis nua seo an Rialtais s’againne. Is fearr go deireanach ná go deo, adéarfadh duine b’fhéidir, nó bíodh go bhfuil na Rialtais s’againne ag útamáil le cúrsaí na haithbheochana le tarraingt ar cheithre scór bliain anois, ní fhéadfadh duine ar bith a mhaíomh, gur éirigh le hiarracht ar bith acu deireadh a chur le cúlú na teanga i rith an achair chéanna sin. Is fíor freisin, gur tuigeadh, blianta fada roimhe sin, go raibh an Ghaeilge i mbaol a báis, agus go raibh gá le holliarracht an náisiúin leis an mbaol sin a mhaolú. Nach iomaí iarracht a deineadh, nach iomaí coimisiún a cuireadh i mbun taighde, agus nach iomaí páipéar bán agus páipéar glas a foilsíodh, d’fhonn an gnó sin a chur i gcrích, ach bheadh sé deacair ag duine ar bith a mhaíomh, gur éirigh le hiarracht ar bith dár deineadh, talamh slán a dhéanamh de shlánú na teanga s’againne.
Nach mithid?
Tuigeadh dúinn áfach, go raibh an Rialtas meáite, le tamall anuas, ar iarracht amháin eile a dhéanamh leis an dteanga a shlánú, agus uimhir na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú ó thart ar 83,000, faoi mar atá i láthair na huaire seo, go 250,000, ag deireadh thréimhse fiche bliain. Is fearr déanach ná go deo, adéarfadh duine b’fhéidir, agus más maith fhéin, nach míle mithid? Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin, an bláthú as cuimse a tháinig, ar litríocht na Gaeilge, agus ar chineálacha eile ealaíon trí mheán na Gaeilge, le tamall de bhlianta anuas,
B’fhéidir go bhfuil corrdhuine inár measc adéarfadh gur trua nár shocraigh siad ar an Straitéis chéanna sin blianta ó shoin, nuair a bheadh deis eicínt acu an straitéis sin a chur i gcrích go hoifigiúil, in ionad é a dhéanamh anois, nuair nach bhfuil fágtha acu sa diallait ach thart ar mhí amháin? Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, nuair atá príomhailtirí an Rialtais nua meáite, ar ábhar deonach a dhéanamh den Ghaeilge san Ard Teistiméireacht, feasta! Cuir le sin ar fad, an scéal a chuala mé, ar na mallaibh, go raibh socruithe déanta ag an Rialtas gearradh siar ar an méid airgid a chuirfí ar fáil d’obair na Gaeilge feasta, agus tuigfidh tú an fáth a bhfuil lagmhisneach orm i dtaobh na Straitéise nua seo.
A thóin leis!
D’fhágfadh cinnidh dá leithéid an Plean Fiche Bliain sin agus a thóin leis. Ach sin uilig ráite, admhaithe, caithfear a rá, gur fearr ann ná as é, agus má thugtar aird air, bhuel, déarfainn go mbeidh toradh céatach air.
Níl le déanamh agat ach stracfhéachaint a thabhairt ar an doiciméad fhéin le sin a thabhairt faoi deara. Tosaíonn sá le cur síos ar an bhfís atá taobh thiar den bplean seo. “An Fhís” a bhaistear ar an gcaibidil seo, agus déantar cur síos ann, ar an straitéis fhéin agus an gá atá lei. Dearbhaíonn sé i dtús báire, go maireann ár dteanga beo mar theanga phobail, agus mar theanga teaghlaigh, agus chomh maith le sin, go bhfuil eolas na teanga chéanna sin ag céatadán ard dár ndaonra, cé go bhfuil a lán talamh caillte aice leis na céadta bliain. Is é polasaí an Rialtais, mar sin, nó a chinntiú go mbeadh an oiread agus is féidir dár ndaoine dhátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla, ach, chomh maith le sin, tuigtear an gá atá le slánú, le forbairt, agus le leathnú, na Gaeltachta, nó ní bheadh an dátheangachas inshroichte, nó inmharthana, go fadtéarmach, mura mbeadh Gaeltacht bheo ar an bhfód, mar nach droichead é an dátheangachas idir dhá theanga éagsúla?
Teanga labhartha
Chomh maith le sin, is é polasaí an Rialtais nó cur le méid na dteaghlach a bhaineann úsáid as an nGaeilge mar theanga chumarsáide laethúil, agus mar thaca do na polasaithe sin, féachfar chuige, chomh fada agus is féidir, go mbeidh deis ag chuile shaoránach úsáid a bhaint as a rogha den dá theanga, ina theangmháil leis an bpobal, agus le seirbhísí an Stáit freisin. Tá caint freisin ar an dteanga a dhéanamh níos infheicthe sa tsochaí, mar theanga labhartha ag ár gcuid saoránach, mar aon le bheith le feiceáil ar chomharthaí, agus i litríocht. Dearbhaítear freisin, go gcoinneofar súil ghéar ar dhán na teanga i dTuaisceart Éireann, nó is toradh nádúrtha é sin ar na socruithe idirnáisiúnta a ceangladh idir an dá chuid dár dtír, ar na mallaibh.
“An dá arm aigne”
Tá líofacht sa Bhéarla tábhachtach freisin i saol an náisiúin seo, agus chuige sin, agus dá bharr sin, leanfar ar bhéim a leagan ar an dátheangachas, ach amháin a thuiscint, nach i gcónaí a d’oirfeadh polasaí dá leithéid do na ceantracha Gaeltachta. Ach sin uilig ráite, admhaítear go mbraitheann todhchaí na teanga ar dhaoine a roghnóidh, go cinnte, ar leas a bhaint as na deiseanna a chuirfidh an Rialtas ar fáil dóibh, tríd an Straitéis seo.
Ní gá a dhearbhú anseo, go mbunaítear an straitéis uilig seo ar an méid a dlitear i mBunreaht Éireann, in Airteagal 8…”Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í”. Níor chóir dearmad a dhéanamh de sin, nó is cinnte go seasann stádas dlithiúil na teanga náisiúnta, go huile is go hiomlán, ar a bhfuil reachtaithe ansin i mBunreacht Éireann.
Spriocanna cinnte
Tá mé cinnte, go mbeidh an-toradh ar an Straitéis Fiche Bliain seo, ach ag an am gcéanna, bheadh duine ag súil go leagfaí síos an dátheangachas mar sprioc do Dháil Éireann freisin, sa chaoi is go mbeifí ag súil go sroichfeadh obair an Oireachtais spriocanna cinnte, chomh maith le duine. Rud eile a mbeifí ag súil leis, nó go leagfaí síos spriocanna áirithe do thréimhsí áirithe i rith an scór bliain sin. Ní leor go ndéarfadh an Rialtas go ngríosfaí an pobal le seo, siúd, agus eile, a dhéanamh, agus gan am faoi leith a lua, le seo, siúd, nó eile, a thabhairt chun críche. Féach mar a leagann an IMF spriocanna áirithe síos i gcás aisíoc na n-iasachtaí a thug siad don Rialtas s’againne, ní hé sin amháin é, ach tá socraithe acu teacht chugainn chuile mhí, le féachaint chuige, go mbeadh na spriocanna sin sroichte againn. Sin an cineál ruda atá i gceist agam sa chomhthéacs seo freisin. Ach sin uilig ráite, caithfear an t-ath a mholadh mar a fhaightear. Leor nod don eolach!
.
.
.
.