Teachtairí  Dé

Teachtairí Dé

Teachtairí Dé

Peadar Bairéad

(This week we consider “The Other Side” as seen, or as imagined, by humans)

.

Ar Sciatin na nAingeal

Ar thug tú faoi deara, go bhfuil spéis, agus dhá spéis, á chur ag daoine sa saol eile, le tamall de bhlianta anuas? Tá roinnt mhaith leabhar ar fáil anois ina gcuirtear síos, go háirithe, ar Theachtairí úd Dé, a dhéanann teangmháil le daoine daonna, anois is arís, i ré na staire daonna. roinnt leabhar ó pheann an údair cháiliúil Éireannach sin, Lorna Byrne, ina ndéanann sí cur síos ar áit, agus ar thionchar, na nAingeal, i gcúrsaí a saoil fhéin. Ba chuid dá saol laethúil iad na hAingil chéanna sin, ó laethe a hóige anonn, agus ba é a thuig daoine thart uirthi nó go raibh sí mallintinneach, ach ba é fírinne an scéil é nó gur mhair Lorna i saol an spioraid, bunús an ama, nó ba chuid de ghnáth-throscán a tuisceana iad na hAingil sin, a raibh sár-aithne aice orthu. I ndáiríre, scríobh mé píosa nó dhó anseo, i mBéal an Phobail, faoi Lorna fhéin, agus faoina cuid leabhar freisin. B’fhéidir gur cuimhin libh leabhar eile ar scríobh mé píosa faoi sa cholún seo, tamall maith ó shoin anois, inar deineadh cur síos ar chúigear a chasfadh ort sna Flaithis. Chomh maith leo siúd, tá sruth leanúnach leabhar á gcur ar fáil dúinn, na laethe seo, faoin saol thall, agus go háirithe faoi na hAingil, faoi na teachtairi úd a thagann ó Dhia chuig daoine speisialta, le scéal mór eicínt, scéal a chuirfeadh cor i gcinniúint, agus i saol, an duine daonna áirithe sin, nó i saol an chine s’againne ar fad.

Scéal ata i mbéal gach éinne

Ach, ní chucu sin uilig atá mé, an babhta seo, ach chuige seo. Nó is scéal é atá imbéal gach éinne, le tamall gearr anuas.

Cén scéal é fhéin, an ea?

Tá. Scéal faoin ngasúr úd, Colton Burpo, mac le Todd Burpo, Ministir in Eaglais Veislíoch, i Nebraska, Mheiriceá. Tharla anois, nuair nach raibh an gasúr sin ach thart ar thrí bliana d’aois, gur phléasc a aipindic agus go raibh sé i mbéal an bháis dá bharr sin. Anois, agus é crochta ansin idir an dá shaol, deir an gasúr, gur thug sé cuairt ar na Flaithis, agus gur casadh a lán daoine air ansin, agus gur casadh Íosa fhéin air i rith na tréimhse sin. Anois, is rud é atá coitianta go maith le blianta fada anuas, go ndeir daoine, a tharlaíonn gafa tamall idir an dá shaol, go ndeir siad sin, go bhfuair siad spléachadh ar an saol eile, tráth raibh siad crochta sa riocht sin, gar don bhás. Sea, agus deir a mbunús, go mbeadh siad breá sásta fanacht ansin, ach gur cuireadh ar ais ar an saol seo aris iad, le dualgaisí a mbeatha a chríochnú. Ach, le fileadh ar Colton Burpo. Admhaíonn a athair áfach, go raibh athrú ollmhór tagtha ar Cholton, tar éis na físe a léiríodh dó, athrú bisigh, dár leis-sean.

Thart ar an am gcéanna seo, bhí fís freisin ag Akaine Kramorik agus í thart ar cheithre bliana d’aois, agus deir sise, go bhfaca sí Íosa freisin, agus tharraing sí pictiúr de, faoi mar a chonaic sí é an t-am sin. Anois, agus Colton thart ar cheithre bliana déag d’aois anois, aontaíonn sé lei go raibh an pictiúr sin an-chosúil leis an Íosa a chonaic seisean agus é crochta ansin idir an dá shaol. Ach is suimiúil an rud é, nár casadh an bheirt sin ar a chéile riamh roimhe sin, agus sílim nár Chríostaí in aon chor í, Akaine.

Heaven is for real”

Faoin mbliain 2010, chuir Todd an leabhar “Heaven is for Real” i gcló, agus ní call dom a rá, go raibh ráchairt mhór air, ó cheann ceann na cruinne. Sa leabhar sin, deir Todd linn, gur inis a mhac scéalta iomadúla dó faoina thuras ar an saol eile. Ar ball ansin, bunaíodh scannán ar an leabhar céanna sin. Sna scéalta a d’inis sé dá athair, deir sé gur casadh Íosa air, agus go raibh capall álainn ildathach aige, agus chomh maith le sin, deir sé gur shuigh sé ar ghlúin Íosa.

Caithfear an cheist a chur ag an bpointe seo, an fírinne nó fiannaíocht atá le fáil sa leabhar agus sa scannán seo? Faraoir! níl freagra na ceiste sin agamsa, agus caithfidh mé é a fhágáil fút fhéin a shocrú an fíor bréagach an scéal a insíonn Colton Burpo dúinn ina leabharHeaven is for Real”, ach, caithfidh mé a admháil, go bhfuil fonn orm cuid áirithe den scéal a chreidiúint     

Teachtairí  Dé

The Man from Beijing.

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

The Man from Beijing

By

Henning Mankell

.

A Mankell Creation

Anuraidh a foilsíodh an leabhar seo, a chéaduair. Ní hé seo an chéad leabhar ó pheann líofa an údair Sualannaigh seo, Henning Mankell, nó tá sraith leabhar againn uaidh cheana féin, leabhair lorgaireachta, ina bhfeidhmíonn Kurt Wallander mar laoch iontu, isea a mbunús. Ach, mór eatarthu sin agus seo, nó sa leabhar seo, bíodh go bhfuil páirt ghairmiúil ag póilíní na háite ann, ní hiad, i ndáiríre, a scaoileann fadhbanna iomadula an scéil, ach breitheamh meánaosta ó Dheisceart na Sualainne.

Judge Birgitta

Ach b’fhéidir gur chóir dom an breitheamh céanna sin a chur in aithne dhaoibh, i dtosach. Birgitta Roslin a bhí uirthi, agus ba bhreitheamh í i gcóras dlí agus cirt na Sualainne. Bhí cónaí uirthi i Helsingborg, sa tír sin, agus tharla gur chuir sí suim, agus dhá shuim, i gcoir uafásch a tharla i mbaile beag iargúlta Hesjovallen, um mheán oíche, ar an 12ú Eanair na bliana 2006. I lár na hoíche sin, rinne an Síneach, Liu Xan, sléacht ar mhuintir an bhaile bhig tuaithe sin, nuair a mharaigh sé, gan trua gan taise, muintir an bhaile sin uilig, cé is moite de thriúr seanduine, a tháinig slán ón mbúistéireacht dothuigthe sin. Níor fágadh fiú fear, nó bean, inste scéil, taobh amuigh den triúr thuasluaite, i ndiaidh an áir a deineadh orthu le Liu Xan, agus níorbh é sin amháin é, nó maraíodh chuile ainmhí, idir chait agus mhadraí, freisin.

Speak of Horror !

Roinnt laethe ina dhiaidh sin, tharla go raibh Karsten Hoglin ag taisteal tríd an dúthaigh iargúlta sin, agus ó tharla go mba dhuine é a chuir an-spéis i ngrianghrafanna, tuigeadh dó, go bhfeilfeadh sé dá ghnó, pictiúr nó dhó a thógáil de thithe an bhaile chéanna sin, Hesjovallen. Agus é i mbun an ghnó sin, tháinig sé ar radharc a bhain dá chosa é, beagnach, nó ba ghearr gur tuigeadh dó, go raibh muintir an bhaile sin uilig, chomh fada is a chonaic seisean é, sínte i gcosair cró, tar éis do dhuine éigin búistéireacht a dhéanamh orthu.

Amach leis as an mbaile sin le luas lasrach, agus tharla píosa ar shiúl ó Hesjovallen é, nuair a chuaigh a charr ó smacht, agus ba é deireadh an scéil é, nó gur tharla imbhualadh idir a charr agus feithicil eile a bhí ag teacht ina threo, ag an am. Ach sula bhfuair sé bás de thaom croí, d’éirigh leis cupla focal a rá, agus bhí, Hesjovallen, ar cheann de na focail sin.

Who did it?

Bhí go maith. Ba ghearr go raibh na póilíní i mbun oibre sa bhaile iargúlta sin, agus ba ghearr freisin, go ndeachaigh sé i gcionn orthu, nach mbeadh sé éasca in an chor, bonn an dúnmharfóra seo a chur. Ach, má sea fhéin, tuigeadh dóibh, go raibh an cás scaoilte acu nuair a d’admhaigh fear buile eicínt, go mba eisean a rinne an sléacht uilig ar áitreoirí an bhaile sin, Hesjovallen, Ba ghearr freisin gur chuir an Breitheamh Birgitta Roslin spéis sa scéal, nó ba ghaolta dá cuid fhéin iad, cuid de na daoine a maraíodh. Fuair sí Dialann i measc na marbh, dialann a scríobh Jan Andren, gaol dá cuid fhéin, a chuaigh ar imirce go Meiriceá, tarraingt ar chéad go leith bliain roimhe sin, agus a chaith blianta fada i mbun oibre ag tógáil bhóithre iarainn tras-mhór-Roinneacha, sa tír ollmhór sin. Ba leor sin leis an mBreitheamh Birgitta a chur i mbun oibre, agus í ag iarraidh teacht ar fhuascailt na faidhbe ollmhóire a d’fhág ‘fadhb Hesjovallen’ le scaoileadh ag póilíní na Sualainne.

The Man from Beijing

Tá scéal eile le léamh againn sa leabhar seo, faoi thriúr Síneach, a gabhadh, agus a seoladh, ina sclábhaithe, geall leis, go Meiriceá, thart ar an am gcéanna sin, agus níl léamh ná insint scéil ar an gcruatan, nó ar an anró, a d’fhulaing na créatúir sin agus iad i mbun an ghnó sin. Tháinig deartháir amháin acu sin slán, agus chuaigh ar ais chun na Síne, agus a chuntas, nó a Dhialainn fhéin, aigesean, faoin éagóir a rinne saoiste Sualannach orthu, le linn dóibh bheith faoina smacht thall. Ní call a rá, gur theastaigh díoltas ón Síneach cráite céanna sin. Bhuel, ar na táirní sin, éiríonn leis an údar ildánach Sualannach seo úrscéal ar dóigh a chrochadh. Tá mé ag ceapadh, go mbainfeá taitneamh agus toit as an úrscéal neamhghnách seo, nó le linn don údar bheith ag tabhairt an léitheoir leis ar thurasanna iomadúla ar fud an domhain mhóir, tugann sé léargus leathan-intinneach dúinn faoi pholaitíocht agus faoi shocheolaíocht domhanda an lae inniu.

An-scéal, an-láimhseáil. An-aistriúchán le Laurie Thompson.                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                 

Teachtairí  Dé

We_ll all be rooned, said Hanrahan

.

Millfear sinn uilig !

.

De thimpiste a tháinig mé ar chóip den seanleabhar úd a foilsíodh i dtús fhicidí na haoise seo caite, “Around the Boree Log,” agus rinne mé caol díreach ar an ndán sin, a gcuirimis uilig spéis ann, blianta fada ó shoin. Léigh mé ó thús deireadh é, agus ní fhéadfainn gan ceangal eicínt a fheiceáil idir an dán sin, “Said Hanrahan,” agus cás na tíre seo, i láthair na huaire seo. Níl le déanamh agat ach éisteacht le clabaireacht saineolaithe áirithe, ar an raidió, nó ar an teilifís, nó déan scribleáil na saoithe eile sin ar ár nuachtáin a léamh, agus iad ar a gcliatha fis, ag cur a ndán crua in iúl don chosmhuintir bhocht s’againne, agus tuigfidh tú céard chuige a bhfuilim. Dár leo, tá an tír bhocht seo imithe tigh an diabhail le roinnt bheag blianta anuas. Tá muid millte, briste, creachta, báite go dtí na cluasa i bhfiacha, agus gan ar ár gcumas na fiacha sin a ghlanadh. Sea, tá an sean-náisiún s’againne bancbhriste, bánaithe, dár leosan. Nach gcuirfeadh sin an dán “Said Hanrahan” leis an sagart úd, Patrick Joseph Hartigan, a scríobh faoin ainm cleite úd, John O’Brien, i gcuimhne do dhuine. Nach é an deilín céanna a bhíonn ag chuile shaineolaí acu…

“We’ll all be rooned”

Millfear sinn uilig, nó níl slánú i ndán dúinn, thíos nó thuas, ar dheis nó ar chlé. Féach mar a chuir an file é :-

“We’ll all be rooned”, said Hanrahan,

In accents most forlorn,

Outside the church, ere Mass began,

One frosty Sunday morn.”

Ba é cúis a bhí lena thuar éadóchais nó go raibh triomach mór ag cur in iúl do dhaoine, go raibh baol ann, go millfí féar agus barraí orthu, mura bhfaighidís braon fearthainne gan aon ró-mhoill…

“The crops are done; ye’ll have your work

To save one bag of grain;

From here way out to Back-o’-Bourke

They’re singin’ out for rain.

.

“If rain dont come this month,” said Dan,

And cleared his throat to speak-

“We’ll all be rooned,” said Hanrahan,

“If rain don’t come this week.”

Sea, an-chosúil leis na saoithe a thuarann bascadh, creachadh, is milleadh, orainn ó lá go lá, na laethe seo. Cheapfá go raibh na saoithe agus na saineolaithe seo ag baint na sál dá chéile ag iarraidh dán níos measa ná dán an fhir eile a thuar dúinn mar chine. Tiocfaidh an ECB. nó an IMF, isteach sa mhullach orainn, agus geallaimse dhuit é, go múinfidh na boicíní sin fios ár mbéas dúinn i ngearraimsir!

Nach cuma céard a tharlóidh?

Ach le filleadh ar Hanrahan…In am tráth, tháinig an fhearthainn, agus d’fhás agus d’fhorbair na barraí agus an féar, agus nuair a bhí a ndóthain fearthainne faighte ag na daoine uaisle seo, thosaigh siad ag clamhsán arís…

And every creek a banker ran,

And dams filled overtop;

“We’ll all be rooned,” said Hanrahan,

If this rain doesn’t stop.”

Agus in am tráth, stop an bháisteach, agus lean chuile shórt ag fás leis go buacach. Sea, agus bhí fear go glún “on Caseys place” arís, agus chuile dhuine breá, sásta le cúrsaí. Ach céard a tharlódh dá dtiocfadh triomach agus go mbeadh an féar sin i mbaol a dhóite? Seo mar a chuirtear sa dán sin é…

“There’ll be bush-fires for sure, me man,

There will, without a doubt;

We,ll all be rooned,” said Hanrahan,

Before the year is out.”

Is cuma céard a tharlódh sa todhchaí, tá ár gcaiscín meilte sea, agus ar gcosa nite freisin, nó creachfar sin uilig gan dabht ar domhan. Nach é sin an scéal a scaoiltear chugainn ó shaoithe úd na meán, agus ó roinnt áirithe Gaiscígh Dála. Nach cuma cén leigheas a moltar dár ngalar, déantar é a chaitheamh i dtraipisí gan aon ró-mhoill, mar nach n-oirfeadh sé dár gcás, dár leis na saineolaithe seo.

Teacht aniar agus spreacadh

Ach, nach bhfuiltear ag déanamh dearmad ar neart, ar theacht aniar, agus ar spreacadh an chine s’againne. Cine a mhair agus a tháinig slán ó ionradh na nDanar, agus na Normannach. Cine a tháinig slán ó ár agus ó shléacht an Ghorta Mhóir, agus cine a tháinig trí chogadh na saoirse agus trí chogadh na gcarad. Cine ar éirigh leo teacht i dtír tar éis chruatain agus chéasta chúlu eacnamaíochta thriochaidí an ocrais, agus ochtóidí an ghanntain. Cine a bhfuil scileanna, clisteacht, agus teacht aniar, gan teorainn iontu. Caithfear glacadh leis, go bhfuil sliabh ard le dreapadh againn, an babhta seo, ach más féidir linn cur le chéile, éireoidh linn. In am an ghátair a aithnítear na cairde!

Am an ghátair

Bhuel, seo am an ghátair. Seo an t-am le tírghrá, aontacht, agus comhar na gcomharsan, a athmhúscailt sa chine s’againne. Diúltaímis feasta do dhearcadh Hanrahan. Ní éirí amach a theastaíonn uainn faoin am seo, ní hea, in aon chor, nó is é atá uainn anois nó, éirí as easaontas agus sceanadh, agus ár ndúthracht uilig a dhíriú ar an ród seo romhainn. Sea, agus tá sé chomh maith dhúinn dearmad a dhéanamh ar an mbladar a scaoileadh chugainn laethe Chonradh Lisboa, faoi na cairde móra a bhí againn i gcroí na hEorpa. Cinnte beidh na cairde sin againn, chomh fada is nach dteastaíonn cúnamh airgid uainn! Cairde móra, how are yeh! Tiocfaimid slán, ach caithfimid cur chuige mar phobal aontaithe.

Sea, agus fear na bó faoin ruball, feasta!

.

.

.

Teachtairí  Dé

!EACHTRA.IG2a

I mBéal an Phobail

.

(In “I mBéal an Phobail” this week, we revisit the Rambling House tradition.)

.

Peadar Bairéad

Seanchas Iorrais….

Nach iomaí oíche fhada Gheimhridh a chaith mé fhéin, sa teach s’againne, i mbaile na Druime, ag éisteacht leis na daoine fásta ag seanchas dóibh fhéin go sona sásta, ar bhruach thine móire móna. Ba iad na hábhair a bhíodh idir chamáin acu, de ghnáth, nó na laethe a chaitheadar ag sclábhaiocht, is ag nábhaíocht, in Albain, agus ar bhain dóibh, agus iad ina ndeoraithe i bhfad ó bhaile, sa tír eachtrannach sin. Scaití eile, bhíodh a n-aird acu ar sheanchas a ndúiche fhéin, agus ba bheag áit i bparáiste na Cille Móire nach raibh a scéal agus a stair ar eolas go paiteanta acu. Is maith is cuimhin liom fhéin iad ag cur síos ar “Shaen’s Cut” agus ar Dhroichead Bhéal an Mhuirthead, agus ba dá bharr sin, a scríobh mé fhéin an píosa seo leanas, in eireaball na bliana 1993, inar éirigh liom scéal úd na seanfhondúirí a thabhairt suas chun dáta, agus sin an scéal a bheidh idir chamáin agam, an babhta seo.

In aimsir an Dara Chathal, sa bhliain 1676, fuair Sir James Shaen seilbh ar dhá dtrian de thailte Iorrais, i gContae Mhaigh Eo, ach dhealródh sé, gur bheag spéis a chuir an Sir James céanna sna tailte sin. Nuair a d’éag an fear saibhir sin áfach, sa bhliain 1695, thit na tailte uile sin, mar oidhreacht, ar a aonmhac, Sir Arthur Shaen, fear a chuir suim, sea, agus dhá shuim, i bhforbairt na n-eastát úd thiar.

Rinne sé na heastáit sin a choilíniú, agus bhunaigh sé coilíneacht sa Mhuirthead, áit ar shocraigh sé buíon Sasanach, gona Ministir, an tUrramach John Tollet. Thug sé a shealúchas fhéin do gach uile choilíneach acu, agus d’fhéach sé chuige, gur éirigh thar barr lena thionscadal thiar.

“Shaen’s Cut”

Faoin mbliain 1715, chuir Sir Arthur roimhe, baile beag a thógáil, san áit a bhfuil Béal an Mhuirthead suite anois. Ní raibh san áit an t-am sin ach riasc, nó bhí leithinis an Mhuirthead ceangailte den tír mhór an t-am sin, le cuing chaol talaimh. Chuir Sir Arthur daoine i mbun oibre, le canáil a ghearradh idir Inbhear Mór agus Cuan an Fhóid Duibh. Ba é an t-ainm a baisteadh ar an ngearradh sin nó “Shaen’s Cut”. Bhí an gearradh sin leathan go leor le báid bheaga a ligean ón Inbhear Mór isteach i gCuan an Fhóid Duibh.

D’fhág Shaen’s Cut go mba oileán é an Muirthead feasta. Ar ball, tógadh droichead trasna na canálach sin, agus lean cúrsai ar aghaidh go seoigh, ar feadh tamaill. Faoin mbliain 1752 áfach, bhí drochbhail ar an gcanáil, ach bhí Sir Arthur fhein ag tabhairt an fhéir, faoin am sin, nó fuair sé bás, ar an 24 Meitheamh, sa bhliain 1724

Ní raibh de shliocht ar Arthur Shaen ach beirt iníon, agus ar ball, nuair a phós siad, thit eastáit Shaen le John Bingham, agus le Henry Boyle Carter. Ba dhuine de shliocht Henry Boyle Carter a thóg baile Bhéal an Mhuirthead, nuair a d’iarr sé ar Patrick Knight, innealtóir, pleananna do bhaile mór Bhéal an Mhuirthead, a dhréachtadh, sa bhlain 1824. Faoin mbliain 1829, bhí baile mór tógtha ar an ionad. B’fhéidir nár leanadh pleananna Knight sa tionscadal sin, ach istigh i lár an bhaile, bhí, agus tá, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, Cearnóg Chartair, “Carter Square”, le cuimhne an bhunaitheora a choinneáil glas.

Ach le filleadh ar scéal na ndroichead…

I nDeireadh Fómhair na bliana 1845, chuir an rialtas £5,000.00 ar fáil, mar dheontas, le canáil cheart a thochailt, idir Cuan an Fhóid Duibh agus an Inbhear Mór, ar choinníoll go gcuirfeadh muintir na háite £4,000.00 dá gcuid airgid fhéin, leis an deontas sin. Chuathas i mbun oibre láithreach, ach níor críochnaíodh an obair go dtí an bhliain 1851, nó chuir an Gorta Mór isteach go tubaisteach ar thionscadal na canálach. Tógadh an chanáil nua in áit “Shaen’s Cut”, a gearradh breis agus céad triocha bliain roimhe sin. Tógadh sclóindroichead nua thar an chanáil , mar nasc idir an Leithinis agus an tír mhór. Bhí an chanáil nua, thart ar chaoga troigh ar leithead, agus cúig throigh déag ar doimhneas. Ba bhrea an ais i an chanail cheanna sin d’iascairi agus do bhadoiri na duiche, agus chuir an droichead ar chumas daoine trasnu on Mhuirthead fhein go dti an tir mhor am ar bith a thogroidis e. Ach fagfaidh me ruball an sceail sin go dti an chead bhabhta eile nuair a chuirfidh me sios ar Dhroichead Dhoire, agus Droichead Trakas. Bi liom ar an ocaid sin.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(This week “I mBéal an Phobail” again revisits our Rambling House)

Droichead Dhoire

Ní bhíonn in aon rud ach seal, agus ba é an dála céanna é ag sclóindroichead Bhéal an Mhuirthead, agus faoin mbliain 1900, tuigeadh go raibh a rás rite, agus shocraigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus Bord na gCeantar Cúng ar dhroichead nua a chur ina ionad. Rinneadh an droichead sin a chur i dtoll a chéile i gCathair Dhoire, agus seoladh, ar bhád, as sin go Sligeach é, i Meitheamh na bliana 1903. Thóg sé trí mhí an droichead a thógáil as sin go Béal an Mhuirthead, nó bhí orthu, droichid, caidhséir, agus ceiseanna, a neartú, le meáchan an droichid nua a iompar. Droichead cruach, a bhí thart ar ocht dtroigh is daichead ar a fhad, a bhí ann. Socraíodh ina ionad é, i dtús na bliana, 1904. Ba bhreá láidir an droichead é, agus nach iomaí sin duine a thrasnaigh é, idir sin, agus an bhliain 1988, nuair a osclaíodh an droichead atá ann faoi láthair, thar an gcanáil, ag bun Shráid Mheiriceá. Bhíothas den tuairim, le scathamh maith roimhe sin, go raibh seandroichead Dhoire ag éirí contúirteach. Bíodh sin fíor, nó ná bíodh, ach thóg sé roinnt mhaith ama orthu, an seandroichead céanna sin a leagan, i ndeireadh na feide. Ba bheag nach raibh ar lucht na Comhairle Contae é a phléascadh, i ndeireadh na dála! Ba bheag Iorrasach nár shil deoir ina dhiaidh. mar nach iomaí sin deoraí a mhothaigh an seandroichead uaidh, agus é ar chuairt ar a dhúchas, agus nárbh iomaí sin deoraí a d’imigh thar an ndroichead sin, agus nach bhfillfeadh go deo leis an ndroichead céanna sin a thrasnú arís.

Nach orm fhéin a bhí an t-áthas, mar sin, agus mé ar saoire in Iorras, i dtús Mhí Lúnasa, 1993, nuair a chonaic mé go raibh droichead nua, do choisithe, á thógáil thar an gcanáil, san áit ar leagadh Droichead Dhoire, sa bhlain 1988. Tuigeadh dom láithreach, go raibh scéal éigin taobh thiar den tionscadal nua seo, agus chuaigh mé sa tóir air.

Lorg na nDealbh

Lorg na nDealbh, is cúis leis an ndroichead coisithe seo, agus mar is eol do chách faoin am seo, is cuid de chomóradh an chúigiú mílaois de chultúr Mhaigh Eo é, an Lorg céanna seo. Socraíodh ar roinnt áirithe dealbha a shuíomh in ionaid éagsúla, i dTuaisceart Mhaigh Eo. Thart ar cheithre cinn déag díobh a bheadh ann, agus é d’aidhm acu, cuairteoirí a mhealladh isteach ar an iargúil, le háilleacht na dúiche a bhlaiseadh ina iomláine. Taobh thiar de thionscadal seo an “Droichid” i mBéal an Mhuirthead, tá Comhar Iorrais, Clár “Leader”, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, agus Údarás na Gaeltachta. George Trakas atá i mbun an tionscadail seo. Dealbhóir as Manhattan, Mheiriceá, is ea George. B’eisean a dhear agus a rinne an droichead nua coisithe, i Saotharlann Chomhar Iorrais, agus b’eisean freisin, a chuir an droichead galánta seo i gceann a chéile, ar an ionad céanna ar ar suíodh Droichead Dhoire, sa bhlain 1904. Duine lách, geanúil, is ea George Trakas, a bhfuil aithne curtha ag muintir Iorrais air, cheana féin, agus fear a bhfuil gach uile eolas curtha aigesean ar dhroichid Bhéal an Mhuirthead freisin. Chonaic mé fhéin i mbun oibre é, agus mé ag gabháil thar bráid, agus mé ar saoire thiar, roimh Lá Mór an Logha.

Bhíodh George i mbun oibre, moch, déanach, na laethanta úd, nó bhí beartaithe aige an tionscadal a chríochnú ar an Luan, an 16 Lúnasa, agus bhí socraithe aige go n-osclófaí; an droichead, go hoifigiúil, tráthnóna an lae sin, ag a seacht. Bhíothas ag súil go mbeadh an domhan mór agus a mháthair ar an bhfód, don ócáid sin. Ní mar a shíltear a bhítear, go minic áfach, agus chuala mé ó shin, gur cuireadh moill ar chúrsaí, agus ar chúis amháin, nó ar chúis eile, níor críochnaíodh an tionscadal faoi mar a bhí socraithe ag George, ach gach uile sheans go mbeidh an chuid sin de Lorg na anDealbh críochnaithe, faoin am a mbeidh an píosa seo i gcló.

Droichead Trakas

Ar aon nós, tá beartaithe agamsa siúl trasna Dhroichead Trakas, nuair a thabharfaidh mé mo chéad chuairt eile ar Iorras na n-iontas, sa bhlain seo chugainn. Idir an dá linn, má bhuaileann an fonn taistil thú, téigh siar, agus cuartaigh an ceithre dhealbh déag atá folaithe ar Lorg na nDealbh, i dTuaisceart Mhaigh Eo.

Súil agam go n-éireoidh leat teacht orthu go léir! Amach anseo, déanfaidh mé tagairt do chupla ceann acu, le críoch a chur leis an tsraith aistí seo, faoi Iorras na nIontas.

Ní gá dhom a rá gur thrasnaigh mé an droichead álainn céanna sin go mion agus go minic ó shoin i leith, agus ní call a rá, ach oiread, gur chríochnaigh George Trakas a chruid oibre, go deas, bláfar, cumasach, agus go mbeidh a ainm luaite feasta i seanchas Iorrais, le Sir Arthur Shaen, le Henry Boyle Carter, agus le Patrick Knight. A chonách sin air!

.

.

Teachtairí  Dé

A i l l e a c h t a n t S a o i l s e o 9.

sraith, series; teoiric, theory; a chur ar a shúile dó, to make him aware of; inchurtha, comparable; ar chamchuairt, on a tour of; buíon gairmiúil, a professional troupe; glóir-réimeanna, pageants; faoi anáil, under the influence of.

.

.

I mBéal an Phobail

Áilleacht an tSaoil seo 9

Peadar Bairéad

.

Pearse the Dramatist

Mar chríoch leis an tsraith seo faoin bPiarsach, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do chumas an Phiarsaigh mar dhrámadoir. Labhair muid cheana faoina scileanna san óráidíocht, sa bhfilíocht, agus sa ghearrscéalaíocht, agus anois, b’fhéidir nár mhiste tamall gearr a chaitheamh ag breathnú ar a chumas mar dhrámadóir. Anois, cé gur thosaigh an Piarsach ar sceitseanna gearra a scríobh don chlann, sa bhaile, le linn a óige, bíodh go gcoinníodh sé na páirteanna ab fhearr, i gcónaí dó fhéin! ag an am gcéanna, níor luigh sé isteach ar an ndrámaíocht, i ndáiríre, go dtí go raibh Scoil Éanna bunaithe aige, agus go dtí go raibh cáil bainte amach aige, cheana féin, mar fhile agus mar ghearrscéalaí. Ceann de na cúiseanna a bhí le sin, is dócha, nó gur tuigeadh dó, go raibh ceird na Drámaíochta saothraithe go maith, cheana féin, ag scríbhneoirí, cosúil le W.B. Yeats, J.M. Synge, agus Lady Gregory. Is dócha freisin, gur chuir an fear litríochta sin, Tomás Mac Donncha, ar a shúile dó, gurbh í an Drámaíocht i mBéarla, a bhí saothraithe ag na scríbhneoirí thuasluaite, agus dá bhrí sin, chuir an Piarsach roimhe, tabhairt faoi cheird na drámaíochta a shaothrú freisin, i dteanga na nGael. B’fhéidir gur dhein sé chuile iarracht ar Mhac Donncha fhéin a chur i mbun an tsaothair sin, ach bhí teoiric ag an bhfear céanna sin, adúirt….One language only shall a writer master…….Agus bhí a rogha theanga, an Béarla, pioctha amach cheana ag Mac Donncha. Dá thoradh sin, b’éigean don bPiarsach an gnó a dhéanamh é fhéin. Rud eile a chuir ar a shúile dó iompú ar an ndrámaíocht, nó gur tuigeadh dó, mar mhúinteoir, nach raibh an dara meán múinte, ar an saol seo, inchurtha leis an ndrámaíocht, le dul i gcionn ar chroí na hóige. B’fhéidir freisin, go ndeachaigh Dráma Mhic Dhonncha fhéin, “When Dawn is Come”, i gcionn go mór air, agus gur spreag sin chun gnímh é freisin.

Plays for Classes

Ar aon chuma, thosaigh sé ar dhrámaí gearra a chumadh dá dhaltaí i Scoil Éanna. Scríobh sé leagan d’Íosagán, i bhfoirm Dráma, agus chomh maith le sin, chuir sé dráma beag eile, “An Rí,” i láthair a phobail, dráma a cumadh le dul i gcionn ar anam an linbh. Ba bheag scríbhneoir i nGaeilge, nó i mBéarla, ag an am, a chaith an oireadh sin dá dhúthracht ag saothrú don aos-óg. Diaidh ar ndiaidh, chuaigh sé i gcionn air, mar mhúinteoir, gur chóir go ndéanfaí an aisteoireacht, agus léiriú drámaí, ina chuid riachtanach de Chlár Scoil Éanna feasta. Ó bhunú na Scoile céanna sin, sa bhliain 1908, léiríodh dráma inti, chuile Earrach, ach amháin in Earrach na bliana 1914, nuair a bhí an Piarsach ar chamchuairt sna Stáit. Scríobh sé cuid díobh sin i nGaeilge, agus roinnt áirithe freisin i mBéarla. Ba é tuairim Mháire Nic Shiúlaigh, aisteoir cáiliúil, go raibh caighdeán na haisteoireachta sna drámaí céanna, ar aon leibhéal le caighdeán bhuíon gairmiúil aisteoirí, agus ní beag nó suarach an focal é sin. Idir 1909, agus 1916, scríobh sé ocht gcinn de dhrámaí, agus ba i nGaeilge a scríobhadh sé cinn acusan, agus péire acu i mBéarla. Scríobhadh sé na Drámaí céanna sin dá dheartháir Willie, agus do bhaill áirithe d’fhoireann na Scoile freisin, agus do dhaltaí áirithe chomh maith. Deireadh sé, i gcás na ndrámaí sin, go scríobhadh sé “Masterpieces to order” Ní call dom a rá, nárbh aon Shakespeare é an Piarsach, ach ag an am gcéanna, ní féidir a shéanadh, ach oiread, gur tháinig feabhas ar a chumas drámata, le himeacht aimsire. Cuirtear an-tsuim sna drámaí sin, sa lá atá inniu ann, toisc gurbh é an Piarsach a scríobh, agus toisc go dtugann siad léargus eicínt dúinn ar smaointe agus ar dhearcadh an Phiarsaigh, i rith na mblianta cinniúnacha sin, idir 1908 agus 1916.

The Heroic and the Religious

Sna drámaí tosaigh sin, tugaimid faoi deara, an bhéim a leag sé ar théamaí áirithe.

Ar an gcéad dul síos, ba mhór aige glóir-réimeanna laochais, ag léiriú eachtraí gaile agus gaisce Chúchulainn, Laochra Eamhain Mhacha, agus Gaiscigh na Tána.

Ar an dara dul síos, scríobh sé freisin faoin mhoráltacht Críostaí. Smaoinigh ar Íosagán, ar chineál dráma míorúilte é, bunaithe ar chreideamh na ndaoine a chastaí air, thíos i gConamara, agus é scríofa freisin, ina dteanga siúd. Is dócha go bhféadfá a rá, gur tháinig an Piarsach faoi anáil Synge, sna drámaí sin, cé gur bhásaigh Synge an bhliain sular scríobhadh Íosagán, ag an am gcéanna, d’fhéadfadh an Piarsach a rá, faoi Íosagán…

“In Íosagán I have religiously followed the phraseology of the children and old men of Iarchonnacht from whom I have learned the Irish I speak. I have given their daily conversation, anglicisms, vulgarisms and all”

agus féach mar a chuir Synge é, agus é ag cur síos ar an mBéarla a d’úsáid seisean ina shaothar drámaíochta fhéin….Béarla a bhí….

as an exact copy of the English spoken by ordinary people in rural Irealand …As for the ideas – compared with the fancies one may hear in any little hillside cabin in Gesala or Carraroe or Dingle, the Playboy ideas are tame indeed.

Sa mhéid sin, is dócha go bhfuil muid ar ais arís ag an seanargóint faoi “chaint na ndaoine” versus “Gaeilge chlasaiceach an Chéitinnigh”.

In Íosagán, d’éirigh leis an bPiarsach rud a dhéanamh a theip ar dhrámadóirí eile na ré sin a dhéanamh, sé sin, chuir sé gnáthdhaoine tuaithe ar an ardán, carachtair a chasfaí ort, chuile lá, in áiteacha cosúil le Conamara.

An Innovator

An bhliain dár gcionn, i 1911, scríobh an Piarsach Dráma Páise, i dtrí ghníomh, dráma inar bhain sé úsáid as na Soiscéil mar fhoinse, ach chuir sé aguisín leis i bhfoirm sean-iomann Gaelach, “Caoineadh Mhuire”, a d’úsáid sé sa Ghníomh deiridh, agus chomh maith le sin, bhain sé úsáid freisin as “mná caointe” le Páis Chríost, ar a bhealach anróiteach go Golgotha, a chaoineadh. Léirigh an Piarsach sa mhéid sin, go raibh scileanna neamhghnácha aige, mar dhrámadóir. Léiríodh an Dráma Páise sin in Amharclann na Mainistreach, agus ba iad Ollúna agus Daltaí Scoil Éanna, agus Scoil Íde, a rinne an aisteoireacht. Féach mar a scríobh Máire Nic Shiúlaigh faoi…..

“It was the most outstanding Gaelic production seen in Dublin before 1916 and probably the first serious piece of Gaelic dramatic writing produced..”

Labhair an Irish Times faoina áilleacht sollúnta, agus d’admhaigh…….

“….It had not been prepared for so touching a performance.”

Ba léirmheastóir drámaí ag an Irish Review é Pádraic Colum, ag an am, agus dár leis-sean

“In a sense it is the first serious thearte piece in Irish..It has root power.”

Mhol an tIndependent go hard na spéire é freisin. Feiceann muid, mar sin, gur éirigh leis an bPiarsach clú agus cáil a bhaint amach dó fhéin mar dhrámadóir, taobh istigh de chupla bliain, éacht nár bheag, ag an am. Ach, b’fhéidir gur chóir dom críoch a chur le píosa na seachtaine seo, ach bí liom arís an tseachtain seo chugainn, nuair a chuirfidh mé crioch leis an tsraith seo, a bhunaigh mé ar léacht a thug mé, anseo i gCill Chainnigh, cúig bliana fichead ó shoin, nuair a bhí cuimhne chéad an Phiarsaigh á comóradh againn.

.

Teachtairí  Dé

A r A i s g o C a p e B r e t o n

A r A i s g o C a p e B r e t o n .

**********************************

.

C a p e B r e t o n R o a d ……………………….Vintage Edition……………….2001.

le………………………………………………………………………………………………………………….

D. R. M a c D o n a l d …………………………………………………………………………€8.88.

.

***********************************

.

Scríobh mé píosa anseo, tamall ó shoin, faoin leabhar “No Great Mischief”, le Alistair MacLeod, leabhar a suíodh sa dúthaigh chéanna sin thart ar Cape Breton. Ní haon sicín lae é an Alistair céanna sin, nó rugadh é i gCape Breton, Nova Scotia, sa bhliain 1936, agus ba é “No Great Mischief” an chéad úrscéal uaidh, bíodh go raibh clú agus cáil tuillte aige roimhe sin, lena chuid gearrscéalta. I gcás MhicLeoid áfach, ba leabhar cosúil le “Roots” a chuir seisean i dtoll a chéile dúinn, leabhar inar rianaigh an t-údar scéal chineál Chaluim Ruaidh, ón am ar fhág siad Garbhchríocha na hAlban, sa bhliain 1779, le cur fúthu i Nova Scotia, áit ar bhunaigh siad treabh nua Albanach dá gcuid fhéin thall ansin, treabh a d’fhan rua, dúshúileach, Gaelach, agus treabh freiein a d’fhan dílis dá bhfréamhacha Albanacha, uaidh sin amach. Leanann sé a scéal siúd, anuas trí na blianta, anuas go dtí ochtóidí na haoise seo caite, nuair a chuir fear dá sliocht, Alexander McDonald, roimhe, scéal a chienáil a ríomh, agus sin atá curtha ar fáil dúinn sa leabhar corraitheach sin “No Great Mischief”.

Scéal eile ar fad atá againn san úrscéal nua seo, le D.R. MacDonald, ach sul má thosaím ar sin, b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é, rud eicínt a rá faoin údar fhéin. Cosúil le Alistair McLeod, rugadh D.R. i mBoularderie Island, Cape Breton, Nova Scotia, áit a raibh a mhuintir lonnaithe le blianta fada. Tógadh é in Ohio, sna Stáit Aontaithe, áit ar mhair a athair, nó ba mháta ar long iompar iarainn, ar na Locha Móra an t-athair céanna sin. D’éirigh leis an údar íoc as a chuid scolaíochta, trí phost a fháil mar mhairnéalach, freisin. Tar éis dó seal a chaitheamh mar mhúinteoir, d’fhill sé ar Ohio, le céim MA a bhaint amach dó fhéin. Fuair sé post ansin mar Ollamh, in Ollscoil Stanford, mar a bhfuil sé ag saothrú mar Ollamh, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Ní call a rá, go bhfágann sé California, chuile Shamhradh, le filleadh ar fhód a dhúchais, i gCape Breton.

Cosúil le Alistair McLeod, tá de nós ag an údar seo abairtí Gaeilge a chraitheadh isteach ina scéal, faoi mar a chraiteadh duine rísíní i gcíste, lena shaibhriú, agus le hatmosféar speisialta a chruthú ann. Féach ar an abairt a chuireann an t-údar seo isteach i dtús an leabhair seo….

“An cuir tobar a mach as an aon tsúil

uisge milis is searbh.”

Anois, cé go bhfuil an abairt sin i nGaeilge na hAlban, ní call dom tada a rá faoi, nó thuigfeadh Gaeilgeoir ar bith a bhfuil á rá inti. Is dócha go bhféadfá a rá, go mbeadh gaol ag an tsean nath Albanach sin leis an seanfhocal Gaelach….”Cad a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú?” Sé sin, go bhfanann chuile neach dílis dá dhúchas fhéin. Níor chóir go mbeifeá ag súil le huisce mhilis a fháil as tobar searbh. Ní thagann athrú bunúsach ar iompar an duine, ó fhás go haois, agus is dócha gurb é sin atá i gceist ag an údar, agus é ag ríomh scéal a phríomhcharachtair, Innis Corbett, san úrscéal suimiúil, corraitheach, seo. Níl san Innis seo ach glas-stócach, thart ar naoi mbliana déag d’aois, nuair a chuirtear in aithne dhúinn é, agus é leis fhéin, lena shábh agus a mhaide siúil, i measc na gcrann, áit ar chaith sé seal ag tanú crann, i gcoill a uncail, i gCape Breton. Tuige a’ raibh sé ansin, an ea? Bhuel, b’amhlaidh a rugadh é i gCape Breton, a cheaduair, ach ansin, chuaigh a mhuintir ar imirce leo, síos go Boston, sna Stáit Aontaithe, áit ar fhás Innis suas, ach faraoir, níor coinníodh aon smacht ceart air ansin, agus é ag fás suas. Tugadh cead a chinn dó, d’fhéadfá a rá, agus tugadh cead dó freisin, bheith ag dul timpeall le gasúir fhiáine, ar bheag é a meas ar dhlí, nó ar chuid na gcomharsan. Ghoididís gluaisteáin, agus théidís ag tiomáint leo, nós an diabhail, timpeall na sráideanna. Mar bharr ar an chlampair áfach, cailleadh an t-athair i dtimpiste tráchta. Ní i gcónaí a fhilleann an crúiscín slán abhaile ón tobar áfach, agus ba é an dála céanna le hInnis é, no i ndeireadh na dála, d’éirigh cúirteanna Mheiriceá tinn, tuirseach, de, agus ba é a tharla nó gur chinneadar ar é a dhíbirt as na Stáit amach, agus cuireadh ar ais abhaile é go Cape Breton, agus níorbh é sin amháin é áfach, ach tugadh foláireamh dó, gan filleadh ar na Stáit Aontaithe, lena bheo arís. Chuaigh sé chun cónaithe arís i gCape Breton lena uncal, Starr Corbett, agus sin an áit a bhfuil sé, i dtús an scéil seo. Ní call dom a rá, go dtugann an t-údar siar muid, go rialta, i rith an scéil, go Boston, agus chuig an áit inar tógadh “Innis”, i Watertown.

Bhuel, an lá áirithe seo, a raibh sé thuas ansin sna coillte, lena shábh agus lena mhaide siúil, chonaic sé crann álainn giúise, agus smaoinigh sé ar a mháthair agua ar an Nollaig, agus samhlaíodh dó, go dtaitneodh an crann álainn sin lena mháthair, mar chrann Nollag, agus sul ar thuig sé cad a bhí ar siúl aige, bhí an crann álainn sin leagtha aige….

Innis’s mother had always wanted Scotch pine for Christmas. So how about this fifteen-footer, Mom? I’ll ship it to you, you can save it for next year, I won’t be there to haul it up the stairs but your boyfriend can do the honours. He ducked under its branches, snow trembling down his neck as the saw ripped into bark, the blade pungent with resin, sawdust dribbling into the wooly snow like cornmeal, and when the tree fell away from him with a hiss, he drew back and inhaled the turpentine smell, Resin. It jacked him up, like the other resin he loved to smoke.”

B’in an gnó déanta aige, gnó gan chiall, gan mhachtnamh, nó bheadh fhios aige go dianmhaith, nach mbeadh sé indéanta, an crann breá sin a sheoladh chuig a mháthair, thíos i mBoston, Mass.

Ba ghearr gur dúisíodh as a mharana é áfach, nó bhí fear óg ina sheasamh taobh thiar de, agus é ag fiafraí de, tuige ar leag sé an crann sin, nó ba lena athair seisean é, agus mharódh sé Innis, dá mbeadh fhios aige, go raibh an crann sin leagtha aige. Dúirt sé le hInnis freisin, go raibh a fhios ag a athair, go raibh duine eicínt sa choill, agus gurbh ‘in an fáth ar tháinig seisean, go bhfeicfeadh sé, céard a bhí ar siúl. Chuaigh an bheirt ar ais chuig teach an fhir óig sin, Finlay. Ní raibh sa teach ach a athair, Dan Rory, mar a thugtaí air, sa chomharasanacht sin. Bhí “fios” ag Dan, gan dabht ar domhan, ach ar deireadh thiar, rinne sé margadh le hInnis, agus gheall Innis go ndéanfadh sé seo agus siúd do Dan, agus dá mhac, Finlay, mar aisíoc i leagan an chrainn, nó ba chrann é sin, a chuir Dan, i gcuimhne a mhic, a cailleadh, tamall roimhe sin.

Finlay said “He has the taibhsearachd, you know, the Second Sight. He’s seen you before. But you don’t need to know about that now.”

D’éirigh go réasúnta maith le hInnis, agus é ag iarraidh teacht i dtír in atmosféar Chape Breton, nó b’éan cuideáin é sa dúthaigh sin freisin, bíodh gurbh é dúthaigh a mhuintire fhéin é.. Ní raibh a uncal sásta, nó ábalta b’fhéidir, mórán cúnaimh a thabhairt dó, agus é ag iarraidh a bhealach a dhéanamh isteach i ngort guaireach na bhfear. Bhí socraithe ag Innis go gcuirfeadh sé plandaí canabis ag fás, ar an gcúlráid, sna coillte, agus go n-éireodh leis roinnt mhaith airgid a shaothrú, sa tsli sin, agus ansin, i bhFómhar na bliana a bhí chuige, d’fhéadfadh sé an canabis a dhíol, airgead a fháil as an ndíol sin, a bhealach a dhéanamh amach as Cape Breton, agus thabharfadh sé a aghaidh ansin ar Cheanada, áit ina bh’fhéadfadh sé cur faoi, i gceann de chathracha móra na tíre móire sin. Nach raibh na plandai canabis ag fas aige cheana fein, i ngan fhios, i lochta theach a uncail. Choinneodh se ansin iad go mbeadh siad sach laidir, agus an aimsir sach cinealta len iad a chur ar an gculraid amuigh sna coillte.

B’fhear sach ait e a uncal Starr Corbett. Ni raibh se posta, ach ag an am gceanna bhi toir ar mhna aige, agus thogadh se corrcheann acu abhaile leis, ach mar sin fhein ni fhanfadh si ro-fhada ansin, agus ni bhiodh leannan buan riamh ag Starr, se sin gur thog se Claire abhaile leis. Is amhlaidh gur eirigh idir Claire agus a leannan, agus gur thainig Starr i gcabhair uirthi tri dhidean agus dion a cur ar fail de ar feadh scathairm.

“Listen, Claire’s staying here for a while.”

B’in mar a chuir Starr e, agus Claire a chur in aithne aige do Innis .

Sin an culra ar a chrochann an t-udar a cnamharlach a sceil. Chuaigh chuile short ar aghaidh go brea ar feadh scathaimh, agus ansin, faoi mar a chuirfeadh Dan Rory e,

Not much work around here anyway…..Work that pays money always been short in this place.

B’fhior do, ach d’eirigh leis postanna beaga a fhain anseo is ansiud, agus sa tsli sin bhi ar a chumas pingneacha beaga a shaothru, rud a thug dochas do go mbeadh ar a chumas, ar ball, Cape Breton a fhagail taobh thiar de, no is docha go ndeacha atmosfear an bhaile mhoir i bhfeidhm air, agus nach sasodh fod a dhuchais feasta e.

O cheadleag se suil ar Claire, is docha go raibhs e splanctha ina diaidh, ar bhealach amhain no ar bhealach eile, agus ba e crioch a abhi ar an sceal sin no gur tharla ina ghra-thriantan idir Innis, Claire, agus Starr. Ni fheadfadh ach crioch amhain a bheith ar sceal da leitheid, agus b’in mar a tharla sa chas seo freisin. Threig Claire iad, agus d’eirigh idir Starr agus Innis, agus ba e crioch a bhi le sin go gur fagadh Innis bocht tinn bruite go maith tar eis an choimheascaiar sin.

Starr hit him three times – yes, it was three, later he could count each one – fast, in the face. Innis shouted, blood in his nose, flailing, overwhelming Starr but not hurting him, and athey bounced off tables, the wall, crazy with anger, they clawed their shirts, ripped them, scratching, digging, buty Innis knew he’d already lost whatever it was, the fitht, the chance to push Starr back and get wsome room with Claire, to save something he needed to save. They hit the floor in a desperate and raaging hug, and then Starr released him suddenly and rolled away, Innis flopped on his back, tasting blood, gagging it up.

Bhi an t-uncal ro-laidir don stocach og, agus b’in sin. Ni raibh fagtha anois aige ach an t-aon rogha amhain, se sin Cape Breton a threigint. Conas a dheanfadh se a leitheid, afach, agus gan a dhothain airgid cnuasaithe aige don bhfiontar sin fos? Ba shearbh an toradh a bhi ar chrann an ghra idir Innis agus leannan a uncail, agus ba scriosuil an toradh e freisin. Mhill Starr na plandai a bhi curtha ar an iarguil ag Innis, agus mar dhioltas, chuir Innis nimh, dar leis, i dtobar Starr, agus ansin, d’eirigh leis gluaistean galanta a ghoid, agus sa tsli sin thuigfea go n-eireodh leis ealo o Chape Breton go deo. Ach ni mar a shiltear a bhitear go minic, agus nior thaise don chas seo e ach oiread. Ach nil fum an sceal ar fad a leagan os do chomhair amach. Caithfidh me a ra gur bhain me fhein taitneamh nar bheag as an sceal, agus chaithfea a admhail go bhfuil stil an udair seo thar barr.

B’fhiu do dhuine an leabhar seo a leamh, agus ta me cinnte go mhainfeadh an leitheoir taitneamh as.

An-leamh, an-leabhar.

.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

gaGaeilge