Faigheann  Foighne  Fortacht

Faigheann Foighne Fortacht

.

Faigheann Foighne Fortacht !

.

Deachú na Sláinte

Caithfidh mé a admháil dhuit anseo, gur beag é mo thaithí fhéin ar chúrsaí sláinte nó ospidéil, sa tír seo, nó is fada an t-achar anois ó bhí orm seal a chaitheamh, im othar, in ospidéal ar bith. Blianta fada ó shoin, chaith mé seal in Ospidéal an Mhater, i mBéal Feirste. Ó sea, agus tarraingt ar chupla scór bliain ó shoin, chaith mé seal in Ospidéal an Mhater i mBaile Átha Cliath. Taobh amuigh de sin, chaith mé cupla lá in Ospidéal Lúcáis, anseo sa Chathair Álainn, agus b’in an méid, ach nach cuimhin leat an seanfhocal….Caithfidh gach éinne deachú na sláinte a íoc….. agus nach deacair an seanfhocal céanna sin a shárú, nó tharla le sé bliana anois go bhfuil mo dhochtúir ag coinneáil súil an tseabhaic ar fhadhb bheag sláinte a bhí ag cur as dom, i rith an achair sin.

Níor fál go haer é!

Anois, ní féidir liom a rá, gur chuir sé sin isteach go ró-mhór ar chúrsaí mo bheatha, ach ag an am gcéanna, bhí sé ansin, feadh an achair, agus d’fhéadfadh sé raic a thógáil am ar bith a thogródh sé. Bhuel, ní i bhfeabhas a bhí sé ag dul san idirlinn, níorbh ea, muis! A mhalairt a bhí fíor, agus tháinig an t-am, thart ar ráithe ó shoin, nuair a facthas dom lia, go raibh an t-am tagtha le beart a dhéanamh, agus cúrsaí a leigheas.

Bhuel, tuigeadh dom fhéin, dár ndóigh, nach mbeadh deacracht dá laghad ag baint leis an scéal, agus nach mbeadh le déanamh agam ach glaoch ar an Ospidéal áirithe a roghnaigh seisean, agus go mbeadh leaba curtha in áirithe dom, ar an dá luathas, nó nár dhúirt an lia liom gur mar sin a bheadh?

“Agus an bhfuil tú á rá liom nach mar sin a tharla?”

Sin é díreach atá á rá agam.

“Agus ar ghlaoigh tú ar an Ospidéal sin, ar an lá spriocáilte?”

Rinne, cinnte.

“Agus cén freragra a thug siad ort?”

Cé’n Leaba ?

Bhuel, dúirt siad liom, nach raibh leaba ar bith fanta, gan othar a bheith sínte cheana féin uirthi, agus chomh maith le sin, go raibh scaoth othar ag marcaíocht ar thralaithe acu, agus iad ag fanacht leo go foighneach ar leapacha freisin. Ach, arsa mise, tuigeadh dom go raibh leaba curtha in áirithe dom ag an lia, nó dúirt sé liom glaoch oraibh maidin inniu.

Tá faitíos orm, ar siadsan, nach mbeadh leaba anseo don lia fhéin fiú, dá dteastódh a leithéid uaidh, i láthair na huaire seo.

Dona go leor! arsa mé fhéin, ach céard is féidir liomsa a dhéanamh anois?

Bhuel, ar siadsan liom, is féidir leat glaoch orainn arís maidin amárach, agus d’fhéadfadh go mbeadh leaba againn duit ansin.

Déanfaidh mé sin, arsa mise, agus é tuigthe go maith agam nach raibh an dara rogha agam ach rud a dhéanamh orthu.

“Agus ar ghlaiogh tú orthu an mhaidin dár gcionn?”

Bí cinnte gur ghlaoigh, agus an mhaidin dár gcionn sin arís, sea, agus an mhaidin ina dhiaidh sin freisin, ach ba é an scéal céanna acu i gcónai é. Diabhal leaba, nó cuid de leaba fhén a bhí saor acu le bronnadh ormsa, nó ar énne eile, ach oiread, taobh amuigh dóibh siúd a bhí sínte ar thralaithe acu. Sea, agus cé déarfadh nach raibh leabacha tuillte, agus tuillte go maith, acu siúd, ach níorbh aon chabhair é sin domsa.

Tuilleadh moille !

Bhuel, lean an scéal amhlaidh go dtí an Luain, an 6ú Feabhra, nuair a chuir an lia in iúl dom, go mbeadh seisean ag dul ar saoire, ar feadh seachtaine, agus ar an ábhar sin, go raibh sé chomh maith domsa ceirín den dearmad a chuimilt leis an scéal go dtí an Aoine, an 17ú Feabhra, agus ansin, go bhféadfainn an fónáil a thosú arís, agus b’fhéidir go mbeadh sciorta den ádh orm, faoin am sin.

Bhí go maith, ach taobh istigh de chúig nóiméad ina dhiaidh sin, fuair mé glaoch telefóin ón Ospidéal, á dhearbhú dom, go raibh leaba acu dom, agus an bhféadfainn teacht isteach chucu an tráthnóna sin. Ó a Thiarcais! ach nach ait an mac an saol! B’in mise anois, agus leaba gan lia agam, nuair a bhí lia gan leaba agam le cúig lá roimhe sin! Mhínigh mé mo chás don ospidéal agus dúradarsan liom, glaoch arais orthu ar an Déardaoin, an 16ú Feabhra, agus go bhfeicfeadh siad an mbeadh seans ann go mbeadh leaba ar fáil dom an lá sin. Sea! Mair a chapaill agus gheobhair féar, arsa mise liom fhéin, ach ag an am gcéanna, bhí orm smaoineamh, nach raibh mé fhéin in aon ró-chontúirt, agus dá bhrí sin, bhí ar mo chumas-sa tamall eile a chaitheamh ag fanacht ar leaba. Sea, agus nár dhúirt mo lia liom, go gcuirfeadh sé isteach ar cheann de na tralaithe céanna úd mé, dá gceapfadh sé go raibh práinn ghéar i gceist, agus sa tslí sin, go dtabharfaí leaba dhom, taobh istigh de chupla lá.

D’fhill mé ar an mbaile, agus nach ar na comharsana a bhí an t-ionadh, go raibh mé fhéin tagtha chugam fhéin chomh tapaidh sin, tar éis mo sheal a chaitheamh san ospidéal!

Ar an Déardaoin, an 16ú Feabhra, chuir mé glaoch ar an ospidéal, go breá luath ar maidin, ach má chuir fhéin, ba é scéal a bhí acusan dom, nó nach raibh tada i bhfoirm leapan acu dom an lá sin, ach b’fhéidir go nglaofainn arís orthu, an mhaidin dár gcionn. Sea, mh’anam, arsa mise liom fhéin….Here we go round the mulberry bush again….

Leaba faoi dheireadh !

Ach uair a chloig ina dhiaidh sin, fuair mé an dara scéal ón Ospidéal, á dhearbhú, go raibh leaba acu dom, agus gur chóir dom buaileadh isteach chucu, ar an dá luathas…………..

Ach fillfidh mé oraibh, le críoch an scéil sin, amach anseo, nuair a bheidh mé fillte abhaile ón ospidéal, tar éis don lia a cheird leighis a chleachtadh orm, agus tá chuile shúil agam, nach é “an luibh nach bhfaightear” a bheidh uaidh, le mise a chur ar mo sheanléim arís!

Sa bhaile arís

Bhuel, faoi mar adúirt mé libh thuas, tá mé thar nais sa bhaile arís, faoin am seo. agus cé nach ndéarfainn go bhfuil mé ar mo sheanléim fós, nó ar chineál ar bith eile léime, ach oiread, tá chuile shúil agam, gur i bhfeabhas a bheidh mé ag dul, ó ló go ló, feasta, sea, agus nach mbeidh an aimsir ag dul i bhfeabhas feasta freisin, agus na laethe ag dul chun síneadh, tar éis na Féile Bríde? Sea! ach geallaimse dhuit é, a léitheoir, nach cathair mar a tuairisc í an tOspidéal céanna sin, nó caithfhid mé a admháil, go raibh mé chomh lag le tráithnín, agus mé gan neart, gan misneach, gan spionnadh, tar éis na hobráide céanna sin a luaigh mé, ach mar adúirt mé, is i bhfeabhas a bheidh mé ag dul chuile lá feasta, agus ó tharla nach dteastaíonn uaim scéal mhada na gcúig cos a dhéanamh de, cuirfidh mé críoch le scéal seo Chailleach an Anró, agus guífidh mé, go mbeidh leaba agus chuile shórt eile ar fáil dár n-othair uilig, feasta, tráth ar bith a mbeidh siad ina ngátar.

.

Peadar Bairéad

.

.

.

Faigheann  Foighne  Fortacht

Fuerteventura – 1.

Fuerteventura 1

.

Peadar Bairéad

Gaineamh ón Sahára.

.

D’inis mé dhaoibh, tamall ó shoin, faoin saoire iontach a chaith mé i bhfad ó bhaile, amuigh i Fuerteventura, ceann de na hOileáin Chanáireacha. Sin an fear de na hOileáin sin is cóngaraí do chósta na hAfraice. Tá a shliocht sin air, nó bíodh go bhfuil sé suite roinnt mhaith mílte amach ón gcósta sin, ag an am gcéanna, éiríonn leis na stoirmeacha geimhriúla gaineamh geal ón Sahára a shéideadh trasna na farraige chuige, sa chaoi go bhfuil limistéar fairsing den oileán sin clúdaithe le dumhchanna geala gainimhe, dumhchanna atá chomh geal, d’fhéadfa a rá, leis na dumhchanna a gheofá fan chósta an Mhuirthead, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo. Sea, agus féach ar an ainm a baisteadh ar an bhfoirgneamh ina raibh muid lonnaithe fad a bhíomar ag cur fúinn ansin, “Oasis Dunas”, sea, tugann sin le fios do dhuine go raibh na dumhchanna gainimhe sa chuid sin den oileán, agus tá na hÁrasáin sin suite ar imeall an Ionaid Saoire sin Corralejo. Agus tuigeadh dom, nárbh olc an tseift í, scéal na Saoire sin a ath-insint anseo anois, fad is atá aimsir gheimhriúil ag éaló ó Bhánchnoic Éireann Ó.

Iascairí gan snáithe orthu !

Ar ár mbealach, ar bhus, ón Aerfort go Corralejo, bhí deis ag ár dTreoraí ualach asail de scéalta faoin oileán a insint dúinn, agus chomh maith le sin, bhí deis aice ár n-aire a dhíriú ar fhear eile de na hOileáin Chanáireacha, ar Lanzarote, a bhí le feiceáil go taibhsiúil ar thaobh na láimhe deise, agus cuma draíochta air faoi ghrian scaltach róstach an mheánlae. Chuamar thar roinnt bhailte poirt, agus míníodh dúinn, go mba thogha ionaid iascaigh iad na bailte céanna sin, ach chuir sí fainic na bhfainic orainn ag rá go raibh de nós ag na dúchasaigh, i gcuid acu, an iascaireacht sin a dhéanamh gan snáithe éadaigh orthu, taobh amuigh de hata agus stocaí, b’fhéidir!

Chonaiceamar freisin sléibhte agus cnoic den uile dhéanamh, cuid acu maol, cuid acu beannach, agus cuid eile fós nach raibh maol nó beannach, ach iad ait, iontach, dodhearmadtha.

Áras Phosh agus Becks ?

Ar ár mbealach freisin, chuamar thar áras nua a bhí á thógáil ar thaobh an bhóthair, é ollmhór, míofar, neamhghnách, ach míníodh dúinn go raibh sé fágtha sa tslí sin le tamall anois.

Cé a mba leis é, an ea?

Luadh Posh agus Becks leis.

Agus tuige nár críochnaíodh é?

Ní raibh freagra na ceiste sin ag éinne, a dúradh linn, ach go raibh an chuma ar an scéal nach bhféadfadh an bheirt sin teacht ar aon fhocal, faoin chaoi ab fhearr le críoch oiriúnach a chur ar a “gCasa Grande” i bhFuerteventura. Minic a chualamar faoi chaisleáin sa Spáinn a bheith á thógáil ag duine! bhuel, is dócha go bhfuil ceann de na caisleáin sin á thógáil ag an lánú seo i gcúige iargúlta de Ríocht sin na Spáinne, agus má éiríonn leo riamh é a chríochnú, tá mé cinnte go mbeidh “Casa” ar dóigh acu amuigh ansin, é suite in áit chomh hálainn is a d’fhéadfá a fháil, agus é feistithe ansin, ag breathnú amach ar an bhfarraige agus ar Oileán álainn Lanzarote.

Moill gan choinne!

Ar deireadh thiar, shroicheamar ár gceann scríbe, agus muid tuirseach, traochta. lag leis an ocras. Thugamar aghaidh ar an gcúntar, áit a raibh orainn dul trí na gnáthchúrsaí cláraithe. Ach bhí ceataí sa scéal inár gcásna, áfach. Ní dóigh liom gur mhínigh mé, i dtosach báire, go raibh dhá ghrúpa dínn ann, mé fhéin is mo bhean i dtosach báire,, agus in éineacht linn, bhí ár n-iníon, a céile, agus a mbeirt páistí siúd. Bhuel, ní raibh tásc nó tuairisc fúinne le fáil sna leabhair s’acusan. Bhí orainn fanacht ansin, fad is bhí siad ag cuartú anseo, is ag ransú ansiúd. Chuireadar fios ar an mbainisteoir, agus ba é an scéal céanna aigesan é, ní raibh ar a chumas faisnéis ar bith a fháil go raibh muid cláraithe acusan don tsaoire sin, olc, maith, nó dona. Lean an scéal mar sin ar feadh uair a chloig, ar a laghad, agus ansin, tháinig duine eicínt ar chuntas, i leabhar eicínt, go raibh árasáin curtha in áirithe don dhá ghrúpa dínn.

.

Tuilleadh le teacht, an tseachtain seo chugainn………

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Faigheann  Foighne  Fortacht

Geasa Droma Draiochta

ag ransú, searching; éadáil, a find; tuirse na leisce, boredom; déanfaidh sé cúis, it will do; geasa droma draíochta, inviolable magic spells; mám, a handful; loiscneach, burning; bunaosta, on in years; fíonghort, vineyard; dufair, jungle; cnámharlach, skeleton.

.

I m B é a l a n P h o b a i l

.

Forest of the Pygmies”

by

Isabel Allende

Peadar Bairéad

.

In Loughboy Library

Istigh i Leabharlann an Locha Bhuí a bhí mé, an lá cheana, agus mé ag ransú trí leabhair iomadúla na leabharlainne céanna sin, ag súil le héadáil eicínt, a choinneodh tuirse na leisce uaim, ar feadh scathaimh fhéin. Níor theastaigh leabhair mhóra, throma, léannta, uaim ar an ócáid. Ba é a bhí uaim, i ndáiríre, nó leabhar eicínt a chuirfeadh faoi gheasa mé le teannas agus le spreagthacht a scéil. Bhreathnaigh mé ar an leabhar seo, agus scrúdaigh mé an leabhar úd eile, ach níor shásaigh ceachtar acu mé. Ar deireadh thiar, tháinig mé ar an leabhar beag seo, dár teideal. Forest of the Pygmies le Isabel Allende, agus tar éis dom an “blurb ar chlúdach an leabhair sin a léamh, bheartaigh mé ar thriail a bhaint as, nó caithfidh mé a admháil dhuit anseo, gur chuir mé suim, agus dhá shuim, chuile lá riamh, sna Pigmithe céanna sin.

It will do !

Sea, arsa mise liom fhéin, déanfaidh an leabhar seo cúis do thuras na huaire seo, agus mura dtaitníonn sé liom, nach féidir liom é a thabhairt ar ais don Leabharlann, gan mórán achair, agus cuir le sin, nach gcosnódh sé faic, taobh amuigh de tháille na bliana, agus nach n-aontófá liomsa anois go mba shladmhargadh, i dteanga ar bith, a bhí á fháil agam.

Ach, céard faoi na geasa droma draíochta úd, ar dhein mé tagairt dóibh thuas?

Bhuel, bí ag caint ar gheasa! A leithéid de dhraíocht ní fhaca éinne riamh. Ach b’fhéidir nárbh aon dochar anois é, tagairt a dhéanamh d’údar an scéil seo.

Isabel Allende

Mar adúirt mé, is í Isabel Allende údar an leabhair seo. Bean í a rugadh i bPeiriú agus a tógadh sa tSile. údar clúiteach, a bhfuil mám d’úrscéalta mór-ráchairte curtha di aice, cheana féin, agus ina measc-san tá “The House of the Spirits”, “The Infinite Plan”, agus “Forest of the Pygmies”, a scríobh sí mar ruball ar an scéal eile úd, “Kingdom of the Golden Dragon”. Ba í Margaret Sayers Peden, a d’aistrigh an scéal go Béarla, agus nár dheacair locht a fháil ar scil an aistritheora chéanna sin?

An Elephant Safari

Féach mar a chruthaíonn an t-údar atmosféar an scéil sa chéad chaibidil.

“At an order from the guide, Michael Mushaha, the elephant caravan came to a stop. The suffocating heat of midday was beginning, when the creatures of the vast nature preserve rested. Life paused for a few hours as the African earth became an inferno of burning lava, and even hyenas and vultures sought the shade.”

Cén fáth a bhfuil an “Caravan” sin amuigh faoi theas loiscneach úd na gréine, ar an ócáid áirithe sin? Bhuel, bíodh go raibh Kate Cold bunaosta go maith faoin am seo, tugadh post speisialta di, dul chun na nAifrice, le tasc áirithe a dhéanamh don Iris cháiliúil úd, “International Geographic”. Ba é údar na hIrise sin a thug an tasc speisialta sin di, dul chun na hAifrice agus scéal faoi leith, maraon le pictiúir, a chur ar fáil don Iris, ar an dá luathas. Thóg Kate a garmhac Alexander Cold, agus a chara siúd, Nadia Santos, lei, ar an aistear fada, casta, achrannach, contúirteach sin. Thóg sí freisin, grianghrafadóirí, agus cúntóirí, a chuirfeadh chuile chúnamh riachtanach ar fáil di. D’fhostaigh sí Mushaha, len iad a sheoladh, ar Safari eilifintí, go dúiche rua, róstach, na Céinia.

Brother Fernando

Ar a mbealach suimiúil, corraitheach, casadh misinéir, Brother Fernando, orthu, agus d’iarr seisean orthu, teacht i gcabhair air, le roinnt dá bhráithre a cailleadh sa dufair, tamall roimhe sin, a chuartú agus a fháil. D’fhostaigh lucht an Safari eitleán Angie Ninderera, cara leo, le dul ag cuardach na misinéirí, agus thuirling siad sa dufair, cóngarach do bhaile Ngoubé, nó tuigeadh don mhisinéir, do Brother Fernando, gur sa dúiche sin a bhí siad ag saothrú i bhFíonghort an Tiarna.

Bhí go maith is ní raibh go holc, ach ar an drochuair, deineadh damáiste doleigheasta don eitleán sa tuirlingt chéanna sin, agus fágadh an bhuíon ansin, gan a dtreoraí, Mushaha, le cinnireacht a dhéanamh orthu. Tharla anois, go raibh an dream sin ar fad caillte i lár na dufaire, iad fhéin, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, bhí siad gan chóir iompair, len iad a tharlú ar ais go dtí a Safari. Tar éis dóibh tamall fada a chaitheamh ar a marana, tuigeadh dóibh, gur chóir dóibh an t-eitleán a fhágáil ansin, agus dul ag taisteal tríd an dufair. Fuair siad síob i mbád ó bheirt dhúchasach, agus thóg siadsan cóngarach do bhaile Ngoubé iad, áit ar cuireadh i dtír iad, agus trí mheascán de theangacha éagsúla, agus trú chomharthaí, d’éirigh leo a gcás a mhíniú do na hiascairí dúchasacha, agus mar, quid pro quo, mhínigh na hiascairí dóibhsean faoi leagan amach na dúiche ina raibh siad, faoin Rí Kosongo, a bhí i gceannas na tíre sin, agus faoin chaoi a raibh an dúiche sin, agus a muintir, faoina smacht aige. Bhí cónaí ar Phigmithe sa dúiche sin freisin, agus bhí siadsan mar sclábhaithe faoi bhois an Rí úd Kosongo.

“The men explained that no one ventured into the area without the authorization of King Kosongo, who had no great love for foreigners.”

A Despot ?

Le scéal gairid a dhéanamh den alt seo, rinne an Rí úd príosúnaigh de na taistealaithe eachtrannacha seo, agus ba ansin a fuair siad amach, i ndáiríre, faoi chumhacht agus faoi mhodhanna oibre an Rí. Bhí na dúchasaigh uilig scannraithe ag an Rí, agus ag a lucht leanúna, ach thar éinne eile, ag a dhraoi.

Ar an gcnámharlach sin a chrochann an t-údar mná seo a scéal, agus caithfidh tú a admháil go bhfuil deacrachtaí iomadúla le sárú ag an údar, le críoch sásúil, inghlactha, a chur leis an scéal seo. Ar tháinig siad slán? Ar cailleadh sa dhufair iad? An raibh ar a gcumas draíocht agus geasa na Rí agus a Dhraoi a chlaoi?

Níl ar intinn agamsa na fadhbanna sin a scaoileadh dhuit anseo. Caithfidh tú fhéin an leabhar a léamh, le fios fátha gach scéil acu seo a fháil, ach caithfidh mé a admháil, gur bhain mé fhéin taitneamh agus sásamh as, bíodh nach é seo an cineál scéil a mheallann chun léitheoireachta mé, de ghnáth.

Ach, más spéis leat draíocht, geasa, agus an tsíorchogaíocht a fheartar idir an mhaith is an t-olc, tá mé cinnte go mbainfidh tú adhmad agus toit as an scéal neamhghnách seo.

Faigheann  Foighne  Fortacht

I mBéal an Phobail Ar do Rothar leat

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Ar do Rothar leat!

Scríobh mé sa cholún seo, píosa ó shin, faoi chúrsaí taistil, faoi theorainn luais, faoi thimpealláin, agus mar fho-nóta leis an alt sin, faoi lánaí rothar, atá ag fás mar fhás aon oíche ar fud na tíre, ag an am seo, agus má tharlaíonn gur chuimhin leat ar scríobh mé faoi na lánaí rothar céanna sin, cheana, tuigfidh tú, nach raibh mórán measa agam ar an dtionscnamh céanna sin.

’Tuige?

’Tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir.

Bhuel, chuile thuige. Ach ar an gcéad dul síos, déarfadh bunús na ndaoine nach bhfuil dóthain spáis ar ár mbóithre lena leithéid a dhéanamh, agus caithfidh mé a admháil go bhfaca mé fhéin lánaí rothar leagtha amach ar bhóithre cúnga, thuas i gContae Chill Dara, agus ba é mo bhreithiúnas fhéin nó go mb’amhlaidh a chuir siad le baol ar na bóithre sin. Bheadh cinneadh dá leithéid ceart go leor, dá mbeadh bóithre breátha leathana againn, agus ualach asail de spás againn le bheith ag bronnadh roinnt luachmhar de ar ár rothaithe.

Ach, mura bhfuil tú sásta lána a chur in áirithe don rothaí, céard tá ar intinn agat, leis an gcréatúr céanna sin a thabhairt slán, agus é ag iarraidh a bhealach a dhéanamh trí thranglam tráchta ár mbóithre?

Níl tada ar intinn agam le sin a thabhairt i gcrích, nó táimse den tuairim, gur feithicil é an rothar, ar chomhchéim leis an ngluaisteán, nó leis an leoraí, nó leis an mbus fiú, agus tá na cearta céanna aige ar ár mbóithre, agus é de dhualgas ar chuile thiománaí eile, bíodh sé i mbun rothair, nó gluaisteáin, nó feithicle ar bith eile, tá de dhualgas air, féachaint chuige, nach sáraíonn sé cearta an rothaí, agus é amuigh ar ár mbóithre.

Dofheicthe!

Tá rud eile i gceist freisin, má bhreathnaíonn tú ar bhóthar marcáilte, agus áit faoi leith curtha in áirithe ann don rothaí, istigh ina lána cúng fhéin. Tá go breá, ach céard a tharlaíonn, nuair a thagann an lána sin chomh fada le timpeallán, nó crosaire? Éiríonn sé do-fheicthe! Cá bhfuil spás an rothaí sa chás sin? Nach bhfuil orainn uilig dul ar ais go dtí an tsean-ré, nuair a bhí an ceart céanna ag an rothaí, is a bhí ag chuile dhuine eile, ag baint úsáide as an mbóthar. I ndáiríre, nach gcaithfear an cheist a chur. An sábháiltede an rothaí an lána rothar nua seo, in aon chor? Caithfidh mé a rá, nach bhfuilimse fhéin cinnte go bhfuil, nó bheinn in amhras faoi, ar a laghad.

Anois, nílimse ag maíomh, in aon chor, go bhfuil breall orthu siúd a mholann an tionscnamh seo, nó tá mé cinnte go bhfuil a ndearcadh fhéin acusan, sea, agus tá mé cinnte, go bhfuil a n-obair baile déanta acu freisin, agus “fair play” dhóibh, nó d’éirigh leo a bhfís a réaladh, rud nach éasca a dheanamh, na laethe. Ach sin uilig ráite agam, ní hionann sin is a rá, go mbeinn cos ar chois leo, sa chás seo.

Críoch

Agus le críoch a chur leis an bpíosa seo, b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é, tagairt a dhéanamh do bhóthar faoi leith, agus sin Bóthar Phort Láirge, anseo sa Chathair Álainn, nó is é is gaire dom fhéin, agus caithfidh mé a admháil, go gcuireann na lánaí rothar, atá marcáilte ar an mBóthar seo, go gcuireann siad go mór le cuma, agus le crot, an Bhóthair sin, agus le cur lena ailleacht, nach bhfuil dath breá, feiceálach, rua, curtha ar an lána céanna le déanaí, ach ag an am gcéanna, ón lá ar marcáileadh chomh deas néata sin é, ní dóigh liom go bhfaca mé thar péire rothar ag baint úsáide as ceachtar den dá lána rothar, ar an mbóthar sin. Anois, má leanann cúrsaí faoi mar atá siad faoi láthair, chuile sheans, go mbeidh roinnt mhaith dínn ar ár rothair, taobh istigh d’achar eicínt, ach mura dtarlaíonn a leithéid, b’fhéidir nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid……….

Aon tuairim agat fhéin faoi na cúrsaí seo?

Faigheann  Foighne  Fortacht

I mBeal an Phobail Aer Lingus agus an Ghaeilge

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Changed Times !

.

Caithfidh mé a admháil dhuit anois, gur mion, agus gur minic, a bhainim fhéin úsáid, na laethe seo, as an nath cainte úd, ”D’imigh sin, is tháinig seo”, nó nuair a théann duine anonn sna blianta, feictear dó, go bhfuil chuile ghné den saol athraithe bun os cionn, geall leis, ó bhí seisean ag fás aníos. Ní rud a shamhlaítear dó, atá i gceist agam anseo, ach rud a tharlaíonn. B’in iad na smaointe a rith liom, an lá cheana, nuair a léigh mé sna nuachtáin faoi pholasaí nua sin Aer Lingus, gan cead a thabhairt dá n-aeróstaigh úsáid a bhaint feasta as an nGaeilge agus eitleáin an Chomhlachta sin ag fágáil Aerfort Bhéal Feirste, nó ar a mbealach isteach dóibh chun an aerfoirt chéanna sin.

Tuige an ndéanfadh siad a leithéid, an ea?

Sensitive

Is é adeir siad fhéin, de réir na scéalta sna nuachtáin, nó nár mhaith leo daoine goilliúnacha áirithe sa Tuaisceart a ghortú, trí theanga nár thuig siad, agus teanga nár thaitin leo a úsáid, ar a mbealach isteach, nó ar a slí amach as a nAerfort i mBhéal Feirste.

Ach nach é Aer Lingus iompróir náisiúnta an Stáit seo?

Sin mar a mhaíonn siad, ar aon nós, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, níor chuir siad lena bhfocal, nó nach éasca go deo a chaith siad i dtraipisí ceann de theangacha náisiúnta an Stáit seo, más fíor an scéal, sea, agus tar éis ar dhein siad le hAerfort Bhéal Feirste a chur ar an léarscáil, trí hAerfort na Sionnaine a thréigint, tuige nár dhúirt siad leis an mbuíon leochailleacht sin dul ag feadaíl?!

What next?

Ach, i ndáiríre, nach bhfuil sé de cheart ag Feidhmeannaigh an Chomhlachta sin a rogha rud a dhéanamh, fad is atá siad i gceannas, le brabús suntasach a dhéanamh dá scarshealbhóirí. Sin atá á dhéanamh acu, ar aon nós, cuma faoi cheart a bheith acu chuige sin, nó nach bhfuil.

Ach, nach bhfuil sé deacair iad a thuiscint, má thograíonn siad a leithéid a dhéanamh, agus ag an am gcéanna a mhaíomh, gurb iad Iompróir Náisiúnta an Stáit seo iad?

Ach nach bhfuil an ceart acu an Comhlacht a bhainistiú faoi mar ba ghnáthghnó é a dhéanann chuile iarracht, an sochar is mó a dhéanamh as seirbhísí an Chomhlachta?

Ní dóigh liom go bhféadfainn teacht leat sa mhéid sin, nó ar an gcéad dul síos, ba é an Stát s’againne a bhunaigh an Comhlacht sin le hairgead ár gcáiníocóirí, mar chuid dár n-iarrachtaí ar ainm na tíre seo a fhógairt os ard i measc na náisiún, agus lena chois sin, theastaigh ón Stát s’againne, bród na tíre seo as a dteanga náisiúnta a chur ar a súile do phobail an domhain mhóir, trí ainm Ghaeilge a bhaisteadh ar an gComhlacht Náisiúnta sin. Sea, agus dá chomhartha sin, bhaist siad “Aer Lingus” air. Agus le breis mhaith agus trí scór bliain anois, bhí de nós acu, úsáid a bhaint as roinnt áirithe Gaeilge, ag tús, agus ag deireadh eitiltí dá gcuid. Céard a tharlóidh feasta, má chuireann an dream leochaileach úd in iúl, go gcuireann ainm Ghaeilge dá leithéid isteach orthu, agus gur chóir ainm i mBéarla na Bainríona a bhaisteadh ar an gComhlacht sin feasta? Sea, agus céard faoi na hainmneacha a baisteadh ar na heitleéin fhéin fiú, an mbeadh a leithéid inghlactha ó thuaidh, feasta?

Government Action!

Agus céard tá le dhéanamh ag an Rialtas s’againne, i gcás na n-athruithe seo? An mbeidh siadsan sásta a maidí a ligint le sruth, agus ligint don Chomhlacht sin a rogha rud a dhéanamh, le goilliúnacht an mhionlaigh úd a shásamh? Céard faoi ghoilliúnacht an phobail s’againne? Nach bhfuil breis is ceathrú cuid den gComhlacht sin ina seilbhsan? Nach bhfuil sé thar am acu bíogadh as a gcodladh agus seasamh lena n-oidhreacht, sea, agus nár chóir smaoineamh freisin, ar na laethe úd, fadó, nuair a tháinig cáiníocóirí an Stáit s’againne i gcabhair ar an gComhlacht sin lena ndeontaisí, le sciatháin, agus rotha fiú, a choinneáil faoi na gcuid eilteán.

No Big Deal!

Agus nuair a bhreathnaíonn tú air go fuarchúiseach, ní haon “Big Deal” é an cupla focal Gaeilge sin a úsáid ag tús, agus ag deireadh, gach eitilte de chuid Aer Lingus. Níl ann ach comhartha dea-mhéine don Bhunreacht s’againne adeir, gurb í an Ghaeilge Príomhtheanga Oifigiúil an Stáit seo. Sea, agus tá an tábhacht chéanna ag baint lei is atá ag baint leis an mBratach Náisiúnta, le hAmhrán na bhFiann, nó le haon ceann eile de shainchomharthaí an Stáit seo.

Níl ach bealach amháin as an sáinn seo ina bhfuil muid greamaithe i láthair na huaire seo, agus sin lánchead a thabhairt arís d’aeróstaigh Aer Lingus an Ghaeilge a úsáid, faoi mar a dhéantaí, go nuige seo, ar chuile eitilt de chuid an Chomhlachta sin, cuma cá dtosaíonn siad, nó cá gcríochnaíonn siad a dturas.

Faigheann  Foighne  Fortacht

I mBéal an Phobail Fis le Fiorú

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

Fís le fíorú

Anois, agus muid ag druidim i dtreo Chuimhneamh Céad an Éirí Amach, táthar ag smaoineamh ar bhealaí áirithe leis an mbeart sin a chomóradh mar ba chuí agus mar ba chóir. Deir dream amháin gur chóir seo a dhéanamh, deir dream eile gur chóir siúd a dhéanamh, agus dár leis an bhfear thall, gurbh fhearr ócáid mhór chomórtha amháin a eagrú a mbeadh cuimhneamh uirthi lá is faide anonn, agus ceapann an fear abhus, gur chóir ócáid cheiliúrtha áitiúil a eagrú i ngach paráiste sa tír. Sea, faoi mar a chuireadh na Rómhánaigh é fadó – quot homines tot sententiae nó faoi mar a chuirtear sa chéad teanga náisiúnta é, -Ní lia duine ná tuairim – Ach nach ndéarfadh an leathshaoi fhéin, gur mar a chéile ab fhearr iad. Ar an gcéad dul síos, tá muid ag iarraidh ár mbród as ár náisiúntacht, agus as iarrachtaí ár ndaoine sin a bhaint amach, agus ar an dara dul síos, nach bhfuil ár bpobail fhéin ansin freisin, agus nach é ár ndualgas é an dearcadh céanna sin a chur ar a súile dóibhsean freisin.

Ach céard tá le ceiliúradh againn gur fiú é a chur i mbéal an phobail, um an dtaca seo? Deir daoine áirithe, gur éirigh le lucht an Éirí Amach a bhfís a fhíorú le neart a lámh. Ceart go leor, táid ann adeir, gur éirigh leo saoirse a bhaint amach, ní don tír uilig, ach do sé chontae fichead di, agus faoi mar a bhí cúrsaí ag an am, bheadh sé do-dhéanta an tsaoirse sin a bhronnadh ar Sé Chontae an Tuaiscirt, nó bheadh an pobal ó thuaidh réidh le cur i gcoinne a leithéid de shocrú, mar bhí siadsan meáite ar fanacht sa Ríocht Aontaithe. B’in an chaoi ar fágadh an scéal i ndiaidh na troda go léir, ach nach raibh na clocha corra faighte againn sa Chonradh ar ghlac an pobal leis i ndiaidh an iomláin? Fiú má ghlacaimid le fírinne an raitis sin chaithfeadh duine a admháil nach raibh sa mhéid sin ach leath na físe, nó nárbh é a theastaigh uathusan nó Éire Saor Gaelach a bhaint amach. Má ghlactar leis anois go raibh an tSaoirse bainte amach acu, céard faoin gcuid eile den bhfís? Bhuel, caithfimid glacadh leis, nárbh fhéidir an chuid sin den bhfís a bhronnadh ar an náisiún, d’aon iarracht agus láithreach bonn, ach bhí an deis acu anois tabhairt faoin chuid sin den bhfís a réaladh le himeacht aimsire.

Caithfear a admháil gur dhein an Saorstát iarracht inmholta le cuid den bhfís a thabhairt i gcrích trí bhéim a leagan ar mhúineadh na teanga sna scoileanna, agus is dóigh gur tuigeadh, ag an am, go leathfadh polasaí oideachais leithéid, go leathfadh sé, le himeacht aimsire, labhairt na Gaeilge i measc daoine. ach ní dóigh liom gur tuigeadh ag an am chomh deacair is a bhí sé teanga a bhí i mbéal an bháis a athbhunú i bpobal, agus feictear anois freisin, chomh gann is atá samplaí de thír ar bith ag tabhairt go dáiríreah faoin bhfiontar céanna sin, taobh amuigh dIosrael, b’fhéidir . Ní gá a lua anseo, go bhfuil samplaí eile den Ghaelachas beo beathach inár measc go dtí an lá atá inniu ann, mar atá, rinncí, ceol, amhránaíocht ar an sean-nós, cluichí, agus rud ar bith eile, a shil anuas chugainn, mar chuid dár n-oidhreacht. B’in iad na rudaí a bhí i gceist ag laochra na Cásca nuair a léadh Forógra ár bPoblachta ar Shráid Chonaill, sa bhliain 1916, beagnach céad bliain ó shoin anois. Ghlac an pobal lena bhfís, agus dá chomhartha sin, tá an fhís sin beo inár measc go dtí an lá atá inniu ann, ach anois, nach bhfuil sé thar am againn breathnú ar an bhfís chéanna sin arís. An é nach raibh inti i ndáiríre ach leagan gaelach de Útóipe? agus an é atá le déanamh againn anois, mar chine, nó ár leagan fhéin den bhfís chéanna sin a fhógairt don aonú haois fichead, leagan a chuirfeadh san áireamh na hathruithe atá tagtha ar ár bpobal san idirlinn,agus áit sa bhfís sin a chur in áirithe do na mílte agus na mílte “thar toinn do ránaig chugainn”. Sea, agus caithfimid sainmhíniú a thabhairt ar shaoirse agus ar ghaelachas’ dóibh siúd atá suas anois, sa chaoi go mbeidh fís nua, suas chun dáta, againn, a bheidh mar mhéar an eolais dÉireannaigh na haoise seo, agus iad ar a dturas chuig an Éirinn idéalach sin, atá folaithe i gceartlár chroí na muintire a áitíonn cúig cúigi Éireann, i láthair na huaire seo. Faoi mar adúirt an té adúirt...breathnaigh isteach i do chroí fhéin, más uait spléachadh a fil ar fhís an dara céad.

.

gaGaeilge