Seanchara arís!

Seanchara arís!

 

Bhí áthas an domhain orm gur chas mé le mo sheanchara, Dónal, an tseachtain seo caite. D’aontaíomar bualadh le chéile arís, agus mar sin bhí ar ais sa Smugairle Róin ag ól pionta beorach agus ag fanacht le Dónal. Bhí siúlóid scafánta agam ó mo theachsa ar Bhóthar Phort Lairge go dtí an Smugairle i lár na cathrach.  Lá breá a bhí ann gan ach cúpla scamall sa spéir agus leoithne bheag fhionnuar ag séideadh. Briseadh snáithe mo smaointe go tobann nuair a bhraith mé lámh ar mo ghualainn.

Gabh mo leithscéal as moill a chur ort, a Mhichíl!” arsa Dónal agus é ag baint a sheaicéad de.

“Ní faic é, tá tú go díreach in am. Tháinig mise go luath, mar bhí pionta ag teastáil uaim roimh an lón. Suí síos, in ainm Dé! Agus b’fhéidir gur mhaith leat greadóg freisin?”

Nuair a bhí bolgam breá beorach ólta againn agus an lón ordaithe, thosaigh an dreas cainte.

Léigh mé go leor scéalta uafáis faoi na deacrachtaí a bhíonn ag daoine a thagann chun cónaí in Éirinn, fiú má Éireannaigh iad. An raibh aon deacrachtaí mar sin agatsa?” arsa mise, ag iarraidh níos mó eolais a fháil.

“Is maith liom an lón seo – iasc agus sceallóga!” arsa Dónal. “B’fhéidir go bhfaighidh mé cúpla cupán caife dúinn anois?”

“Aontaím leat go hiomlán! Gairfidh mé freastalaí chugainn i gcúpla nóiméad – feicim Tóin Mhór ag siúl timpeall lán mustair!” a d’fhreagair mise.

“Deacrachtaí, an ea?” arsa Dónal. “Bhuel, ní gearán dom, i ndáiríre!” a Mhichíl. Ní raibh orm seiceáil isteach leis an Ionad Soláthair Dhírigh, murab ionann leis na teifigh bochta a tháinig anseo. seacht míle duine i soláthar díreach, agus bíonn siad ansin ar feadh cúpla bliain, ar an meán, agus iad i ngalar na gcás an t-am go léir. Uafásach sin! Ach tá brú mór ar an rialtas deireadh a chur leis an scéim sin faoi 2024! Cé nach raibh deacrachtaí mar sin agam, ní hé sin a rá nach raibh aon deacrachtaí agam, mar bhí.  Mar is eol duit, is síorthroid in éadan an mhaorlathais atá i ndán d’Éireannach ag iarraidh teacht ar ais go hÉirinn.

Tháinig Tóin Mhór le cúpla caife díreach ansin, agus leag sé ar an mbord iad. Bhí sé ar tí rud a rá linn ach bhí duine eile ag iarraidh rud éigin uaidh agus d’imigh sé go tapa.

“Céard iad na rudaí ba mheasa a raibh ort déileáil leo?” arsa mise.

Ritheann cúpla rud liom,” arsa Dónal.  Ba é an chéad rud a bhí orm a dhéanamh ná árasán a fháil ar cíos. A dhiabhail, ach tá cíosanna an-ard sa tír seo, fiú do dhuine ag teacht ó Nua Eabhrac!  

Ansin bhí orm uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (UPSP) a fháil, ionas go mbeinn in ann iarratais éagsúla eile a dhéanamh. Ní duine ró-eagraithe mé, mar is eol duit, agus mar sin ní raibh sé éasca dom teacht ar na doiciméid ar ghá dom iad a uaslódáil ar líne. Nuair a bhí an UPSP agam, bhí mé in ann cuntas a oscailt i mbanc.

Creid é nó ná creid ach bhí an frustrachas ba mhó ag baint le mo charr! Bhí orm freastal ar cheachtanna tiomána – mise, agus mé ag tiomáint le níos mó ná daichead bliain – dochreidte! Ar an dea-uair, d’éirigh liom sa scrúdú tiomána, nó ní ligfear dom dearmad a dhéanamh ar sin go brách!

Agus m’árachas gluaisteáin cosnaíonn sé 2,400 i mbliana, mar ní raibh mé in ann mo bhónas cheal éilimh a úsáid in Éirinn.  

I mo thuairimse, ní gá é a bheith chomh deacair d’Éireannaigh teacht ar ais chun cónaí in Éirinn. Níl mé in ann a shamhlú na deacrachtaí a bheadh ag clanna ag teacht ar ais, gan trácht ar dhaoine nach as Éirinn iad ó dhúchas. Nach gceapfá go ndéanfadh an rialtas rud éigin ionas go mbeadh sé níos éasca dúinn teacht ar ais? Ach é sin ráite, dhéanfainn an cinneadh céanna arís, in ainneoin na ndeacrachtaí sin. Is fiú an tairbhe an trioblóid agus anois táim in ann taitneamh mór a bhaint as an saol iontach atá agam anseo.  

“Bhuel, tuigim cad atá á rá agat, a chara!” arsa mise. “Tá teach agam in Éirinn cheana féin, agus UPSP agus cuntas bainc. Bheadh orm déileáil leis an gcarr agus sin é.”

“Sa chás sin, a Mhichíl, níl aon chinneadh le déanamh agat! Cén uair a bheidh tú ag fágáil na Stáit Easaontaithe sin chun teacht ar ais go Cill Chainnigh?”

Leis sin, phléascamar amach ag gáire, agus d’aontaíomar casadh le chéile arís i gceann cúpla seachtain.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Seanchara arís!

Seanchara!

 

Baineadh stangadh asam le déanaí nuair a chonaic mé mo sheanchara Dónal i gCill Chainnigh.  Ní fhaca mé le fada é mar tar éis dó a chéim a bhaint amach, chuaigh sé thar lear chun post a fháil i Meiriceá.  De réir gach tuairisce, bhí an-rath air thall ansin.  Fuair mo shrón an ceann is fearr orm agus rith mé suas agus bhuail mé buille beag sa droim air.  Chas sé, agus d’aithin sé mé a luaithe a chonaic sé mé. 

“A Mhichíl, a chara, is fada nach bhfaca mé thú!” ar seisean.  “Cá raibh tú?” 

“Ó, anseo is ansiúd,” arsa mise.  Tá cónaí orm i gCalifornia le fada, agus anois bíonn an t-am agam a bheith anseo cúpla mí gach bliain, agus taitníonn an socrú sin go maith liom, caithfidh mé a rá.  Agus céard fútsa – nach bhfuil cónaí ort i Meiriceá freisin?”

“Bhí mé i mo chónaí i Nua Eabhrac go dtí cúpla bliain ó shin, nuair a bhog mé abhaile go Cill Chainnigh.  Chuaigh mé trí cholscaradh deacair achrannach agus ansin chaill mé mo phost.  Chomh maith leis sin, toghadh amadán mar Uachtarán na tíre.  Mar sin, ní raibh aon chúis fanacht i Nua Eabhrac, agus chinn mé go raibh sé in am dom dul ar scor agus ansin teacht abhaile.  mé thar a bheith sásta leis an gcinneadh sin.”

“Tuigim go díreach cad atá á rá agat, a Dhónal.  Bhuel, an bhfuil an t-am agat cupán caife a fháil?  Bheadh sé níos compordaí dreas comhrá a dhéanamh agus muid inár suí!”  arsa mise, ag iarraidh é a mhealladh.  Déanta na fírinne, níor ghá é a mhealladh ar chor ar bith.

Bheadh sé sin go deas!  Cén áit ab fhearr leat?”  arsa Dónal.

“An Smugairle Róin, b’fhéidir?” arsa mise, “tá sé in aice láimhe!”

“Go hiontach!” arsa Dónal, agus laistigh de chúpla nóiméad, bhíomar suite go compordach ag ól bolgam caife latte.

“Nach aisteach an rud é, a Mhichíl, go bhfuil an bheirt againn ag casadh i gCill Chainnigh arís, tar éis tamall fada ag obair i Meiriceá.  Nach colúir frithinge muid?” 

“Tá an ceart agat, a Dhónal.  Nuair a d’fhágamar an tír seo, ní raibh an dara rogha againn ach dul ar imirce chun obair a fháil.  Anois, is a cheart mhalairt atá ann, agus tá daoine ag teacht go hÉirinn chun obair a fháil.  Nach ait an mac an saol?”

Sea, rinneamar céard ba ghá dúinn a dhéanamh!”  arsa mise.  Tá go leor tar éis athrú sa tír seo ón am a d’fhágamar.  Is maith liom go bhfuil dearcadh an-nua-aimseartha agus forásach anseo anois freisin.  Bhí sé mar sin i Meiriceá nuair a chuamar ann ar dtús, ach anois tá sé tar éis éirí i bhfad níos coimeádaí thall ansin, i mo thuairim – gan trácht ar an bPáirtí Poblachtánach agus go háirithe an t-amadán místuama sin – an Trumpadóir Trump!”

“Aontaím leat go hiomlán, a Mhichíl, agus bhí tionchar mór ag an bpolaitíocht sin i Meiriceá ar mo chinneadh teacht abhaile go hÉirinn.  Ach céard fútsa?  An mbeidh tú ag teacht ar ais go buan?

“Ní cheapaim é, mar tá ár mac socraithe síos gar dúinn i Meiriceá, agus níl fonn air féin dul ar imirce,” arsa mise.

“Ach an bhfuil sibh in ann cuir suas leis an bpolaitíocht thall ansin?”  a d’fhiafraigh Dónal díom.

“Ní thaitníonn cúrsaí polaitíochta i Meiriceá linn faoi láthair, gan dabht,” a d’fhreagair mé.  Déanta na fírinne, dúirt ár mac dtoghfaí an Trumpach arís mar uachtarán, bheadh sé réidh dul go hÉirinn.”

Chroith Dónal a chloiginn go tréan ansin. Bhuel, beidh sibh ag bogadh anseo i 2024 mar sin!”

Phléasc an bheirt againn amach ag gáire ansin, nach rud greannmhar a bhí i gceist!  Ach is fearr gáire ná caoineadh!

Faoin am seo, bhí an caife ólta againn agus bhí sé in am dul abhaile. 

Ná fágaimis chomh fada é an chéad uair eile – seans mór nach mbeimid beo!” arsa Dónal, agus é ag gáire.

“Tá an ceart agat céard faoin tseachtain seo chugainn, ag an am céanna anseo arís?  arsa mise.

“Ceart go leor!” arsa Dónal, agus d’imíomar ar ár mbealach féin abhaile. 

Bhí áthas an domhain orm a bheith i dteagmháil le mo sheanchara arís, agus ag tnúth le bualadh leis go luath arís, chun leanúint leis an dreas cainte seo leis!

 

.

Seanchara arís!

Ar ais sa Smugairle Róin – cuid a cúig!

Bhí gaoth fhuar fheanntach ag feadaíl agus ag síobadh na báistí díreach isteach san aghaidh orm. Bhí an geimhreadh sa mhullach orainn, gan dabht ar bith. Rith mé isteach doras an óstáin agus mé ar mo líob. Tar éis m’ainm agus m’uimhir fhóin a fháil, treoraíodh mé go dtí bord beag sa chúinne.

Tháinig Séimí an Droichid isteach díreach ansin agus é fliuch báite go craiceann.

“Nach bhfuil an aimsir go hainnis, a Mhíchíl?” arsa Séimí.

“Agus tá sé ag dul in olcas, de réir cosúlachta,” a d’fhreagair mé, mar baineadh stangadh asam nuair a chonaic mé an bhail a bhí ar Shéimí bocht. Bhain sé de a chóta báistí, agus chaith sé a scáth fearthainne i leataobh. Chuimil sé a chuid bos dá chéile agus é ag séideadh tríothu chun iad a théamh suas. Ansin, bhreathnaigh sé ar an mbiachlár.

“Aon mholadh agat?” a d’iarr sé díom.

“Is maith liomsa curaí, agus mar sin roghnaigh mé an curaí uaineoil,” a d’fhreagair mé.

“Beidh iasc agus sceallóga agam, ceapaim,” arsa Séimí.

Ghair mé an freastalaí chugainn, agus d’ordaíomar ár lón.

“A Shéimí,” arsa mise de ghuth beagnach mífhoighneach, “an leanfaimid ar aghaidh leis ár gcomhrá ón uair dheireanach?”

Bhí fonn mór orm comhairle Shéimí a chloisteáil, mar gheall ar réiteach fadhbanna móra an domhain. Dúirt sé cheana go raibh an réiteach aige, agus caithfidh mé admháil go raibh mé in amhras faoi sin.

Bhaineamar ár maisc dínn, agus thosaíomar ag ithe go cíocrach.

“Béile an-bhlasta é seo!” arsa Séimí agus a bheola á lí aige.

“Tá mo churaí an-bhlasta freisin. Tá an bia níos fearr ná sa Smugairle, nach bhfuil?”

“I bhfad níos fearr!” arsa Séimí. Ghlanamar ár bplátaí gan mhoill, agus ansin tháinig an freastalaí ar ais le cúpla caife latte dúinn agus thóg sé leis na plátaí folmha.

“Leanfaimid ar aghaidh, cinnte a Mhíchíl! Agus an réiteach d’fhadhbanna móra an domhain? I bhfocal amháin – Oideachas! Go bunúsach, ba cheart dár gcóras oideachais a bheith ar fáil do chách agus ag múineadh dúinn conas is féidir linn smaoineamh dúinn féin go soiléir. Ach níl deis oideachais ag gach duine agus ullmhaítear na scoláirí atá ann don am atá caite, agus ní don todhchaí ina mbeidh siad ag maireachtáil. Nach luíonn sé sin go mór le réasún, a Mhíchíl?”

“Gan dabht, luíonn!” a d’fhreagair mé. “Ach cad is féidir a dhéanamh faoi na fadhbanna sin, a Shéimí?”

“Sin í an cheist mhór!” arsa Séimí. “Tá tuairim agam faoi sin, ach is í an fhadhb níos deacra ná conas mo chomhairle a chur i bhfeidhm, agus níl freagra agam don cheist sin fós– sin an píosa nach bhfuil éasca! Agus i dtíortha nach bhfuil córas daonlathais acu, tá sé níos deacra fós!”

“Tuigim é sin, ach cad é do chomhairle, a Shéimí?” arsa mise, ag éirí beagnach mífhoighneach anois.

“Bhuel is é dualgas gach rialtas deis oideachais a thabhairt do gach duine sa tír – sin an chéad rud. Ansin, caithfidh an córas oideachais múineadh dúinn teicnicí réitithe fadhbanna, scileanna anailíseacha agus acmhainní criticiúla. Caithfidh sé múineadh dúinn freisin conas is féidir linn a bheith mar shaoránaigh fhreagracha agus táirgiúla inár sochaí. Agus ná déan dearmad ar na healaíona, oideachas cultúrtha, teangacha, eolaíocht agus teicneolaíocht freisin. Oideachas leathan, cuimsitheach agus ábhartha atá i gceist.”

“Aontaím leis sin, ach ní fheicim cá bhfuil an réiteach!” arsa mise, ag iarraidh tuiscint a fháil.

“Mura bhfuil cuid mhór dúinn in ann smaoineamh go soiléir agus in ann an fhírinne a dhealú ón mbréag, is furasta do na meáin, do pholaiteoirí agus do chomhlachtaí bob a bhualadh orainn ar mhaithe leo féin. Agus sin fréamh na bpríomhfhadhbanna ar luaigh mé iad níos luaithe!

Ar an drochuair, sin an méid atá le rá agam inniu ar an ábhar sin a Mhíchíl mar, ar an drochuair, tá sé in am dom imeacht anois. Íocfaidh mé as ár mbéilí ar mo shlí amach, agus bhí am iontach agam arís!”

Bhí ionadh orm go raibh ar Shéimí imeacht go tobann mar sin. Ós rud é gur íoc mé as ár mbéile seachtain ó shin, ní dúirt mé aon rud faoi sin!

“Slán go fóillín, agus beidh mé i dteagmháil leat i gceann tamaill!” a scread mé ina dhiaidh, ach ceapaim nár chuala sé faic!

Chomh maith le lón bia, bhí lón machnaimh agam freisin gan dabht! Bhí cúpla ceist agam fós ar an ábhar casta seo! Ar an dea-uair, d’fheabhsaigh an aimsir le linn ár lóin, agus ní raibh orm rith go dtí mo charr!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Seanchara arís!

Ar ais sa Smugairle Róin – cuid a ceathair!

“Céard faoin téamh domhanda – ábhar atá sna ceannlínte anois ar fud an domhain?” arsa mise agus spéis mhór agam san ábhar sin.

Tar éis tráthnóna iontach agus béile blasta sa Smugairle Róin, chuamar go dtí mo theachsa i gcomhair cupán tae. Phioc mé an t-ábhar sin – téamh domhanda – as cúpla fadhb mhór a thug Séimí dom níos luaithe.

“Rogha iontach agus tráthúil é sin! Tá tuarascáil nua foilsithe ag an bPainéal Idir-rialtasach ar Athrú Aeráide. Deir na saineolaithe go léir a rinne an taighde, nach bhfuil aon dabht ar domhan gurb é tionchar an chine dhaonna an cúis is mó leis an athrú aeráide. Thug siad rabhadh láidir faoi thodhchaí an phláinéid freisin, ag rá go bhfuil athruithe ar siúl i ngach áit – go bhfuil an teas ag ardú, an t-oighear ag leá agus an fharraige ag ardú. Dúirt siad nach foláir dúinn astaíocht carbóin a laghdú gan mhoill, sula rachaidh an t-athrú aeráide i bhfad níos measa. An gceapann tú go mbeadh duine ar bith in aghaidh na bhfíricí dobhréagnaithe sin?

Bhí mé i bhfad níos cúramaí le mo fhreagraí anois. “Bhuel, a Shéimí, tá sé cruthaithe le fada an lá gur sféar é ár bpláinéid ach táthar ann nach nglacann leis an bhfíric dhobhréagnaithe sin! Mar sin, caithfidh mé a rá go bhfuiltear ann nach gcreideann na saineolaithe anois faoin téamh domhanda ach an oiread!”

“Tá an ceart agat. Ach tá an scéal níos measa ná sin. Cén fáth nach gcreideann daoine na fíricí sa chéad áit? An bhfuil a fhios agat?” D’ardaigh Séimí a mhala go ceisteach agus é ag déanamh mionscrúdaithe orm.

“Níl barúil ar bith agam!” arsa mise.

“Caithfidh tú lorg an airgid a leanúint! Feicfidh tú ansin faoi na daoine nach gcreideann fíricí doshéanta nach bhfuil iontu ach fichillíní ar chlár lucht éilitheach an airgid. Scaipeann an lucht sin bréaga go toilteanach fad is a fhreastalaíonn sé ar a riachtanais. Déanann siad aon rud a ghineann ioncam dóibh, fiú má dhéanann sé dochar do dhaoine eile nó don phláinéad. Nach cuma leo sin sa sioc faoin gcosmhuintir! Nach cuma leo sin sa sioc faoin bhfírinne! Ní spéis leo ach iad féin a chur chun cinn! Tá sé chomh simplí sin!” Leis sin, tharraing Séimí anáil dhomhain. “Tae?” ar seisean, agus é ag doirteadh amach cupán tae dom cheana féin.

“Go raibh maith agat,” arsa mise. “Ceapaim go dtuigim cad atá á rá agat, agus tá sé thar a bheith suimiúil. Maidir leis an téamh domhanda, cén lucht éilitheach atá i gceist?”

“Comhlachtaí fuinnimh agus go háirithe comhlachtaí ola, mar is iadsan a chaillfidh a lán brabús an lá a thosaíonn an domhan ag úsáid fuinnimh mhalartaigh,” a d’fhreagair Séimí.

“Tuigim é sin, a Shéimí. Agus conas is féidir leo bob a bhualadh ar go leor daoine?”

“Caitheann siad méid mór airgid chun é sin a dhéanamh. Déanann siad stocaireacht ar pholaiteoirí, ag tabhairt tacaíocht airgid dóibh mar chúiteamh ar a dtacaíocht polaitiúla. Cuireann siad feachtas meán measctha i gcrích, ar an raidió, an teilifís, na nuachtáin, agus ar líne, go háirithe ar na meáin sóisialta (Facebook, Twitter, Instagram, srl.). Is mar sin a scaipeann siad a mbolscaireacht mhioscaiseach, agus bíonn an-tionchar acu ar go leor daoine. Déanann siad é sin fad is a n-oibríonn sé ar mhaithe leo.” Chroith Séimí a cheann agus olc air.

“Is uafásach an rud é!” a dúirt mé. “Ach nach dtagann an fhírinne amach sa deireadh?”

“Is ea, ar ndóigh, tagann uair na cinniúna. Ní athraíonn siad go dtí go ndéanann an brabach an costas a dhlisteanú. Chomh maith le costas a bhfeachtais bholscaireachta, tagann na cásanna cúirte, agus go minic déanann gníomhaithe timpeallachta agus gníomhaithe ar son chearta an duine agóidí i gcoinne na gcomhlachtaí éilithigh agus a dtáirgí. Diaidh ar ndiaidh bíonn orthu an fhírinne a admháil. Uaireanta, bíonn ar chomhlacht iarratas ar fhéimheacht a dhéanamh. Ach, ná bí buartha, coimeádann na daoine saibhre a n-airgead pé scéal é! Sin an tslí a n-oibríonn ár gcóras caipitlíoch!” Leis sin, d’ól Séimí gach uile dheoir a bhí fágtha ina chupán. “Ach tá sé thar am agamsa dul a chodladh! Leanfaimid lenár gcomhrá an chéad uair eile, agus ansin leagfaidh mé amach réiteach na bhfadhbanna!”

“Ba mhaith liom do réiteach a chloisteáil, agus b’fhéidir go mbuailfimid le chéile ag an am céanna an tseachtain seo chugainn?” arsa mise go díograiseach.

“Go hiontach!” arsa Séimí, agus amach an doras leis ansin gan mhoill!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

   .

.

Seanchara arís!

Ar ais sa Smugairle Róin – cuid a trí!

Bhí na lampaí teasa á lasadh ag Tóin Mhór thíos sa Smugairle Róin, in iarracht muid a bhí ann a chur ar ár gcompord agus chun custaiméirí nua a mhealladh isteach mar a bheadh leamhan ar choinneal. Bhí Séimí agus mé féin i mbun comhrá faoi na rudaí a chreideann cuid mhaith den phobal ach nach bhfuil fíor ar chor ar bith. Bhí Séimí ag iarraidh an lámh uachtar a fháil orm sa díospóireacht sin agus déanta na fírinne, bhí mo phort beagnach seinnte.

“Nach mbainfeadh an radharc an anáil díot, a Mhichíl?” arsa Séimí agus é ag breathnú i dtreo an chaisleáin, a bhí i bhfráma na habhann agus Droichead Sheáin.

“Tá an ceart agat, agus ní éirím tuirseach den radharc sin riamh, a Shéimí. Ach tá radhairc áille eile ar fáil sa chontae atá chomh hálainn, i mo thuairim!” Thapaigh mé an deis sin gan mhoill. Cheap mé go dtarraingeoinn a aird i dtreo mionchainte.

“Braitheann sé ar cad atá á lorg agat,” arsa Séimí. “Is maith liomsa an meascán sa radharc seo. Tá eilimintí nádúrtha agus saorga ag teacht go foirfe le chéile. Agus níl mórán rudaí de dhéantús an duine níos áille ná ár gcaisleán ársa anseo.”

“Caithfidh mé aontú leat faoi sin, a Shéimí. Bhí mise ag smaoineamh faoi Inis Tíog, agus cé go bhfuil na radhairc áille atá ar fáil ann thar a bheith iontach, caithfidh mé a admháil nach bhfuil aon radharc ansin chomh maorga leis an radharc seo os ár gcomhar anois.” Bhí mé an-sásta mar ní raibh mé faoi ionsaí agus b’fhéidir gur éirigh liom an t-ábhar a athrú. Ach ní fhaca mé an piléar ag teacht.

“Nach éasca duit aontú liom ar chomhdhéanamh radharc, a Mhichíl! Ach níl tú in ann aontú liom ar chor ar bith faoi cé chomh neamhréasúnta is atá go leor daoine faoi chúrsaí eolaíochta. Nach cuma sa Diabhal, a dúirt tú, nach ea?” Chaoch sé a shúil orm ansin amhail is a bhí a fhios aige cad a bhí ar intinn agam a dhéanamh.

Toisc nár éirigh liom le m’iarracht an t-ábhar a athrú, bhí sé ar tí agam ar dtús leanúint ar aghaidh ag cosaint an dearcaidh ar sheas mé ar a shon, ach stad mé roimh aon fhreagra a thabhairt, agus smaoinigh mé ar feadh nóiméid. Ag deireadh an lae nach raibh an ceart ag Séimí? Bhí mé ag iarraidh m’oineach a chosaint, ach arbh fhiú an tairbhe an trioblóid? Bhí sé soiléir dom nárbh fhiú agus mar sin bhí sé in am dul ar an umhlaíocht agus an fhírinne a insint ar an toirt.

“A Shéimí, tuigim cad atá á rá agat, agus tá sé ríshoiléir go ndearna tú machnamh domhain ar an ábhar seo. Ní dhearna mise an méid machnaimh sin, gan dabht ar bith. Tá an-chiall le do thuairim, agus glacaim leis go hiomlán. Ag brionglóideach a bhí mé agus tá sé thar a bheith soiléir dom anois go bhfuil an domhan níos casta ná mar a cheap mé.” Lig mé osna fhaoisimh asam ansin, agus dhiurnaigh mé mo ghloine. Luigh mé siar sa chathaoir, ar bís ag fanacht le cad a bheadh le rá ag Séimí.

“Tá intinn oscailte agat, a chara, agus is rud maith é sin, gan dabht. Níl an freagra ceart ag aon duine an t-am go léir, mise san áireamh”, arsa Séimí. D’imigh an teannas a bhí san aer ar an toirt.

“Ar aon nós, a Mhichíl, is é a bhí ar intinn agam a rá ná gurb iad na hamadáin céanna sin a shéanann na fíricí atá cionsiocair le go leor fadhbanna sochaí atá againn faoi láthair.”

“Hipitéis shuimiúil é sin, gan dabht, a Shéimí. An bhfuil aon samplaí agat?” Bhí mé sásta anois mar bhí comhrá neamh bhagrach ar siúl againn, agus bhí dearcadh suimiúil ag Séimí ar gach ábhar. Agus an rud ba thábhachtaí – ní raibh mé faoi ionsaí ní ba mhó! Lean Séimí ar aghaidh gan srian anois.

“Níl aon easpa samplaí, a Mhichíl. I ngach cás, feictear dom go bhfuil bréag mhór mar phríomhchúis na faidhbe móire atá i gceist. Seo cúpla sampla: téamh domhanda, toghchán na hUachtaránachta sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2020, an ciníochas, cath na hIaráice, an lucht frith-vacsaínithe, QAnon agus go leor eile. Pioc ceann dom!”

“Maith go leor, a Shéimí, ach b’fhéidir go bhfuil sé in am dúinn imeacht. Ar mhaith leat cupán tae ag mo theachsa?” arsa mise.

Ba ghearr go rabhamar suite go daingean i mo theach agus tae úrdhéanta á n-ól againn.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Seanchara arís!

Ar ais sa Smugairle Róin – cuid a dó!

Bhíomar ar ár sáimhín só sa Smugairle Róin, mé féin agus mo chara dílis, Séimí an Droichid.  Bhí cúpla pionta ag sruthlú thart inár mboilg, agus bhí an fear mór féin, Tóin Mhór, ag freastal orainn. 

“Sea – beidh trosc úr agaibh agus tá ocras ag teacht orm féin anois ag féachaint ar bhur mbéilí blasta!” arsa Tóin Mhór, agus ár bplátaí á leagan ar an mbord aige.  “Bain súp astu!  Nó ‘Enjoy’ mar a déarfá as Béarla!”  Agus d’imigh Tóin Mhór ansin ar luas lasrach, chun béilí eile a fháil do dhaoine ocracha eile.  Bhí an Smugairle Róin ina thine bhruite, díreach cosúil leis na laethanta a bhí, roimh ré an ghalair uafásaigh sin, COVID-19.

Thosaíomar ag ithe, agus bhí an t-iasc go han-bhlasta ar fad, agus ní raibh na sceallóga ródhona, ach an oiread.  Roimh i bhfad, bhí ár bplátaí glanta againn!

“Cá rabhamar?” arsa Séimí, agus a smig á thochas aige.  “Is cuimhin liom anois,” ar seisean.  “Bhí mé chun sampla níos fearr a thabhairt duit a thaispeánfadh an neamhréiteach a tharlaíonn idir an eolaíocht agus an reiligiún.  Nach ea, a Mhíchíl?”

“Sin é díreach!” a d’fhreagair mé.  Ní raibh mé ag baint sásamh as ár gcomhrá ar an ábhar seo, i ndáiríre.  Ach bhí Séimí ar mhuin na muice anois, gan dabht!

“Bhuel a Mhíchíl, an cuimhin leat Edwin Poots, iar-cheannaire an DUP i dTuaisceart na hÉireann?”

“Is cuimhin liom, cé nár mhair sé i bhfad mar cheannaire!”

“Tá an ceart agat faoi sin.  Ach an bhfuil a fhios agat cad a chreideann an fear sin?”  D’fhéach Séimí go géar orm anois.

“Creideann sé na rudaí céanna agus a chreideann baill eile an DUP!” arsa mise.

“An gcreideann tú i dteoiric éabhlóide Darwin?” a d’iarr Séimí díom.

“Is eolaíocht atá i gceist.  Ní ábhar creidimh é sin, agus is fíric é an teoiric sin!” arsa mise.  Thóg mé slog mór beorach ansin.  Bhí béal tirim agam arís, mar bhí Séimí ag seilg a chreiche anois.

“Caithfidh tú a mhíniú dom faoi Poots mar sin, a mhac!”  Leis sin, d’ól Séimí leath a dhí in aon slog amháin.  Lig sé osna mhór ansin agus é an-sásta leis féin anois.  Bhí sé ródhéanach dom éalú anois, agus chonaic mé cad a bhí ag teacht.

“Ní chreideann Poots sa teoiric sin, a chara, ar chor ar bith.  Ní hé sin amháin ach creideann sé gur chruthaigh Dia an domhan timpeall sé míle bliain ó shin.  Tá go leor daoine eile, ní amháin sa DUP, a chreideann na rudaí céanna.  Cad atá le rá agat faoi sin, a Mhíchíl?”  Bhris meangadh ar aghaidh Shéimí agus é ag stánadh orm.

Bhí sé in am dom mo náire a sheachaint anois agus cúlú chomh tapa agus is féidir.

“Bhuel, b’fhéidir go bhfuil an ceart agat, a Shéimí, agus go bhfuil a lán daoine ann a chreideann raiméis mar sin.  Ach nach cuma sa Diabhal?  Nach bhfuil a lán ceisteanna níos tábhachtaí agus níos suimiúla atá ar siúl ar fud an domhain le plé againn?”  Cheap mé go gcríochnóinn an comhrá sa tslí sin, agus go mbeadh deis againn cúrsaí eile a phlé ansin.  Ach ní raibh Séimí críochnaithe liom fós.

“Níos tábhachtaí, an ea?”  Chríochnaigh sé a deoch agus sméid sé Tóin Mhór anall.

“Cúpla pionta agus piseanna talún rósta le do thoil!”

“Gheobhaidh mé iad láithreach bonn,” a d’fhreagair Tóin Mhór go cairdiúil.  “Nach bhfuil dlúthchomhrá ar bun agaibh le chéile anseo.  An bhfuil réiteach fós agaibh ar fhadhbanna an domhan?”

“Ara níl réiteach éifeachtach faighte fós againn, ar an drochuair!” arsa Séimí.  “Ach táimid ag obair go dian á lorg!” 

“Cúpla pionta agus piseanna talún rósta, maith go leor!” arsa Tóin Mhór agus na gloiní folmha ina ghlac aige.

I bpreab na súl bhí Tóin Mhór ar ais le gloiní beorach a bhí lán go barr agus cúpla paicéad piseanna talún rósta.  Bhí custaiméir eile ag geáitsíocht air, agus thug sé do na boinn é láithreach.

“Seo an ceann deireanach domsa!” arsa mise. “Sláinte!”  “Sláinte agus fad saoil duit!” arsa Séimí agus é ag sméideadh a chinn ag aontú liom.  D’aithin mé an leathcheann a bhí air, agus ba léir dom go raibh sé go te sa tóir orm!

.

.

gaGaeilge